|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
64 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
|
AN CHOMHAIRLE |
|
|
2021/C 227/01 |
||
|
2021/C 227/02 |
||
|
2021/C 227/03 |
||
|
2021/C 227/04 |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 227 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
III Gníomhartha ullmhúcháin
AN CHOMHAIRLE
|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
SEASAMH (AE) Uimh. 21/2021 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 27 Bealtaine 2021
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 33, 114 agus 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is gá an trealamh cuí a bheith sna 2 140 oifig chustaim atá suite ag teorainneacha seachtracha an Aontais chun feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an aontais custaim a áirithiú. Tá géarghá ann anois, murab ionann is riamh, le rialuithe custaim leordhóthanacha lena ngabhann torthaí coibhéiseacha, ní hamháin i ngeall gurb é feidhm thraidisiúnta na n-údarás custaim, arb é ioncam a bhailiú, ach i ngeall gur gá rialú earraí atá á dtabhairt isteach agus á dtabhairt amach thar theorainneacha seachtracha an Aontais a threisiú go mór chun an tsábháilteacht agus an tslándáil araon a áirithiú. Ag am céanna, áfach, ba cheart rialuithe den sórt sin maidir le gluaiseacht earraí thar na teorainneacha seachtracha an trádáil dhlisteanach le tríú tíortha a éascú seachas í a lagú. |
|
(2) |
Tá an tAontas ar cheann de na bloic thrádála is mó ar domhain, agus is ceann de chlocha coirnéil den Aontas an t-aontas custaim. Toisc go bhfuil an t-aontas custaim fíor-riachtanach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus chun go mbainfidh gnólachtaí agus saoránaigh tairbhe as, ní mór bearta breise a dhéanamh i gcónaí chun an t-aontas custaim a threisiú. |
|
(3) |
Tá éagothroime ann faoi láthair i dtaca le feidhmíocht rialaithe custaim na mBallstát. Is iad na difríochtaí idir na Ballstáit ó thaobh na ngnéithe geografacha atá iontu, agus ó thaobh na n-acmhainneachtaí agus na n-acmhainní atá acu, is cúis leis an éagothroime sin. Ní ar an ngné dhaonna amháin atá cumas na mBallstát ag brath chun freagairt do dhúshláin a chruthaítear de thoradh samhlacha domhanda gnó agus slabhraí soláthair a bheith ag athrú de shíor, ach lena chois sin ar infhaighteacht agus dea-fheidhmiú trealaimh rialaithe custaim nua-aimseartha iontaofa. Le dúshláin, amhail borradh faoi ríomhthráchtáil, digitiú atá ag méadú agus an gá le hathléimneacht i gcoinne cibirionsaithe a fheabhsú, méadófar chomh maith an t-éileamh ar rialuithe éifeachtacha custaim. Dá bhrí sin, is cuid thábhachtach den obair chun dul i ngleic leis an éagothroime sin atá ann faoi láthair trealamh rialaithe custaim coibhéiseach a sholáthar. Cuirfidh sé feabhas ar an gcoibhéis i bhfeidhmíocht rialuithe custaim ar fud na mBallstát, agus sa tslí sin rannchuideofar le cosc a chur ar atreorú sreafaí earraí chuig na pointí is laige sa chóras rialaithe custaim, dá ngairtear “saor-roghnú an phointe allmhairithe” go minic. Dá bhrí sin, ba cheart earraí atá ag teacht isteach ar chríoch chustaim an Aontais a bheith faoi réir rialuithe rioscabhunaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (“Cód Custaim an Aontais”). |
|
(4) |
Arís agus arís eile, tá curtha in iúl ag na Ballstáit go bhfuil tacaíocht airgeadais uathu agus tá anailís chuimsitheach iarrtha acu ar an trealamh atá de dhíth. Sna conclúidí uaithi maidir le cistiú custaim an 23 Márta 2017, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht riachtanais i dtaca le trealamh teicniúil a chistiú as cláir airgeadais a bheidh ag an gCoimisiún amach anseo agus feabhas a chur ar chomhordú agus comhar idir na húdaráis chustaim agus údaráis eile forfheidhmithe dlí ar mhaithe le cistiú. |
|
(5) |
Faoi Chód Custaim an Aontais, ba cheart rialuithe custaim a thuiscint, ní hamháin mar fhorfheidhmiú reachtaíochta custaim, ach, chomh maith leis sin, mar fhorfheidhmiú reachtaíochta eile lena rialaítear tabhairt isteach earraí, tabhairt amach earraí, idirthuras earraí, gluaiseacht earraí, stóráil earraí agus úsáid deiridh earraí a ghluaistear idir críoch chustaim an Aontais agus tíortha nó críocha lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, agus láithreacht agus gluaiseacht earraí nach earraí de chuid an Aontais iad laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus earraí a chuirtear faoin nós imeachta úsáide deiridh. Leis an reachtaíocht eile sin, tugtar de chumhacht d’údaráis chustaim cúraimí sonracha rialaithe a dhéanamh agus áirítear inti forálacha maidir le cánachas, go háirithe a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil agus cáin bhreisluacha, maidir le gnéithe seachtracha an mhargaidh inmheánaigh, maidir leis an gcomhbheartas trádála agus comhbheartais eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu leis an trádáil, le slándáil an tslabhra soláthair fhoriomlán agus le cosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát. |
|
(6) |
Trí thacú le leibhéal leordhóthanach coibhéiseach torthaí rialuithe custaim a bhaint amach ag teorainneacha seachtracha an Aontais, is féidir na sochair is fearr ar fad a bhaint as an aontas custaim, rud a thabharfaidh, ar an gcaoi sin, breis tacaíochta do na húdaráis chustaim chun gníomhú mar aon údarás amháin chun leasanna an Aontais a chosaint. Le ciste tiomanta de chuid an Aontais i dtaca le trealamh rialaithe custaim chun an éagothroime atá ann faoi láthair a chur ina ceart, rannchuideofaí leis an gcomhtháthú iomlán i measc na mBallstát. Leis an gciste tiomanta sin, chuirfí san áireamh na riachtanais éagsúla atá ag na cineálacha éagsúla teorann, eadhon na teorainneacha sin ar farraige agus ar uiscebhealaí eile, san aer, agus ar an talamh, lena n-áirítear teorainneacha iarnróid agus bóthair, chomh maith le moil phoist. I bhfianaise na ndúshlán atá roimh an domhan mór, go háirithe an gá leanúnach le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, agus sreabhadh na trádála dlisteanaí á éascú ag am céanna, tá sé ríthábhachtach trealamh rialaithe nua-aimseartha iontaofa a bheith ann ag na teorainneacha seachtracha. |
|
(7) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, Ionstraim nua a bhunú le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim atá beartaithe lena húsáid ag gach cineál teorann. Leis an Ionstraim, ba cheart tacú leis an aontas custaim agus le hobair na n-údarás custaim, go háirithe cabhrú leo chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais a chosaint, chun an tslándáil agus an tsábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus chun an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach agus trádáil neamhdhleathach, amhail góchumadh earraí, agus gníomhaíocht dhlisteanach ghnó á héascú ag an am céanna. Ba cheart di rannchuidiú le torthaí leordhóthanacha coibhéiseacha rialuithe custaim. Ina theannta sin, le trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim seo, ba cheart tacú le cur chun feidhme an chreata bainistithe riosca custaim dá dtagraítear i gCód Custaim an Aontais. Ba cheart an cuspóir sin a ghnóthú trí threalamh rialaithe custaim atá ábhartha úrscothach iontaofa a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú ar bhealach trédhearcach, agus aird chuí á tabhairt ar chosaint sonraí, cibear-athléimneacht, agus ar chúrsaí sábháilteachta agus comhshaoil, lena n-áirítear an trealamh a athsholáthraíodh a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
|
(8) |
Tá údaráis chustaim na mBallstát ag glacadh líon níos mó freagrachtaí orthu féin, ar freagrachtaí iad a dhéantar ag an teorainn sheachtrach agus lena gcuimsítear, go minic, réimse na slándála. Is iomchuí, dá bhrí sin, tacaíocht airgeadais ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit ionas go mbeidh siad in ann coibhéis a áirithiú agus rialú teorann agus rialú custaim á ndéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Tá sé chomh tábhachtach céanna comhar idirghníomhaireachtaí i measc na n-údarás náisiúnta i ngach Ballstát atá freagrach as rialú teorann nó as cúraimí eile a dhéantar ag an teorainn a chur chun cinn ag teorainneacha an Aontais, a mhéid a bhaineann le rialuithe earraí agus rialuithe daoine, d’fhonn breisluach an Aontais is mó is féidir a bhaint amach i réimsí an bhainistithe teorainneacha agus na rialuithe custaim. |
|
(9) |
Is gá, dá bhrí sin, Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (“an Ciste”) a bhunú. |
|
(10) |
De bharr na saintréithe dlí de Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus na mbunús dlí éagsúil is infheidhme maidir leis na beartais i dtaca le teorainneacha seachtracha agus le rialú custaim, ní féidir, ó thaobh an dlí, an Ciste a bhunú mar ionstraim aonair. |
|
(11) |
Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh tacaíocht airgeadais ón Aontas i réimse an bhainistithe teorainneacha, arb é atá ann an Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (“an Ionstraim”) a bhunaítear leis an Rialachán seo agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí a bunaíodh le Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (1). |
|
(12) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (5) a chur chun feidhme, agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe de Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh an 25 Meán Fómhair 2015, a bhaint amach, leis na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú le sprioc an Aontais 30 %, ar a laghad, de mhéid iomlán bhuiséad an Aontais a chaitheamh ar thacú le cuspóirí aeráide agus le huaillmhian an Aontais 7,5 % de bhuiséad bliantúil an Aontais a chaitheamh ar an mbithéagsúlacht in 2024 agus 10 % in 2026 agus in 2027, agus na forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á gcur san áireamh. |
|
(13) |
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán na hIonstraime, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (6), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart go bhféadfaí a chumhdach, leis an imchlúdach airgeadais sin, speansais riachtanacha a bhfuil údar cuí leo le haghaidh gníomhaíochtaí lena ndéanfar bainistiú ar an Ionstraim agus meastóireacht ar fheidhmíocht na hIonstraime, a mhéid a bhaineann na gníomhaíochtaí sin le cuspóirí ginearálta agus sonracha na hIonstraime. |
|
(14) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an Ionstraim seo. Leagtar síos leis an Rialachán Airgeadais rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha. |
|
(15) |
Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. Ba cheart cistiú faoin Ionstraim seo a bheith faoi réir na bprionsabal dá dtagraítear sa Rialachán Airgeadais agus ba cheart a áirithiú leo go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as acmhainní airgeadais agus a chuspóirí á mbaint amach. |
|
(16) |
Le Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), bunaítear an clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim (“an clár Custaim”) chun tacú leis an aontas custaim agus leis na húdaráis chustaim. Chun comhleanúnachas agus comhordú cothrománach a choinneáil idir gníomhaíochtaí comhair a bhaineann le custaim agus le trealamh rialaithe custaim, is iomchuí gníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme faoi aon ghníomh dlí, eadhon, an clár Custaim, ina bhfuil tacar rialacha aonair. Dá bhrí sin, níor cheart tacú ach le ceannach, cothabháil agus uasghrádú an trealaimh rialaithe custaim is incháilithe faoin Ionstraim seo, ach ba cheart, leis an gclár Custaim, tacú le gach gníomhaíocht ghaolmhar eile, amhail gníomhaíochtaí comhair chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais nó oiliúint i ndáil leis an trealamh lena mbaineann. |
|
(17) |
Ina theannta sin, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Ionstraim tacú freisin le ceannach nó uasghrádú trealaimh rialaithe custaim chun píosaí trealaimh nua nó feidhmiúlachtaí nua do phíosaí trealaimh atá ann cheana a thástáil faoi dhálaí oibríochtúla sula dtosóidh na Ballstáit leis an trealamh nua sin a cheannach ar an mórchóir. Ba cheart an tástáil faoi dhálaí oibríochtúla a bheith bunaithe go háirithe ar thorthaí taighde ar threalamh rialaithe custaim faoi chuimsiú Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (2). Ba cheart don Choimisiún soláthar comhpháirteach trealaimh rialaithe custaim agus tástáil chomhpháirteach ar threalamh rialaithe custaim a spreagadh idir dhá Bhallstát nó níos mó, agus úsáid á baint acu as na huirlisí comhair faoin gclár Custaim. |
|
(18) |
Féadfaidh sé go mbeidh an chuid is mó den trealamh rialaithe custaim in oiriúint go coibhéiseach nó go teagmhasach do rialuithe maidir le dlí eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh, amhail an dlí maidir le bainistiú teorainneacha, víosaí nó comhar póilíneachta. Ceapadh an Ciste, dá bhrí sin, mar dhá ionstraim chomhlántacha chun trealamh a cheannach, agus raon feidhme leithleach ach comhleanúnach ag an dá cheann. Ar thaobh amháin, leis an Ionstraim don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, ní thabharfar tacaíocht airgeadais ach do chostais an trealaimh dar príomhaidhm nó príomhéifeacht bainistiú comhtháite teorainneacha, ach mar sin féin ceadófar chomh maith go n-úsáidfear an trealamh sin chun críoch breise, amhail rialuithe custaim. Ar an taobh eile, leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim a bhunaítear leis an Rialachán seo, ní thabharfar tacaíocht airgeadais ach do chostais an trealaimh dar príomhaidhm nó príomhéifeacht rialuithe custaim, ach mar sin féin ceadófar chomh maith go n-úsáidfear an trealamh sin chun críoch breise, amhail rialuithe agus slándáil teorann. Cothóidh dáileadh sin na ról idir an dá ionstraim an comhar idirghníomhaireachta, dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), mar chomhpháirt den chur chuige um bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus, dá réir sin, beidh na húdaráis chustaim agus na húdaráis teorann in ann oibriú le chéile ionas go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag buiséad an Aontais trí chomhroinnt agus trí idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe. Níor cheart comhroinnt trealaimh idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis teorann a bheith córasach. |
|
(19) |
I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. I gcásanna den sórt sin, cé nárbh incháilithe i bprionsabal iad na costais arna dtabhú roimh an dáta faoina gcuirfí iarratas ar dheontas isteach, ba cheart sin a bheith indéanta ar bhealach eisceachtúil i bhfianaise theacht i bhfeidhm déanach an Rialacháin seo i gcomparáid le tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Chun gur féidir cur chun feidhme amhail ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus chun aon mhoill i dtacaíocht an Aontais a sheachaint, iarchur a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais go mbeadh sé feistithe mar ba cheart chun oibriú éifeachtúil agus éifeachtach an aontais custaim a áirithiú, ba cheart é a bheith indéanta sa chinneadh maoiniúcháin foráil a dhéanamh d’incháilitheacht na gcostas arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí arna dtacú faoin Rialachán seo ar cuireadh tús leo amhail ón 1 Eanáir 2021, ar feadh tréimhse teoranta ama ag tús Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, fiú más rud é gur cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas. |
|
(20) |
De mhaolú ar an Rialachán Airgeadais, ba cheart cláir nó ionstraimí áirithe de chuid an Aontais a bheith in ann gníomhaíocht a chistiú chun comhar agus idir-inoibritheacht idir réimsí éagsúla a cheadú agus a thacú, i gcás inarb iomchuí. Mar sin féin, i gcomhréir le prionsabal an toirmisc ar chistiú dúbailte a bhunaítear leis an Rialachán Airgeadais, i gcásanna den sórt sin, leis na ranníocaíochtaí, ní cheadaítear na costais chéanna a chumhdach. Más rud é gur dámhadh ranníocaíochtaí cheana féin do Bhallstát nó go bhfuil ranníocaíochtaí faighte aige ó chlár eile de chuid an Aontais nó go bhfuil tacaíocht faighte aige ó chiste eile de chuid an Aontais chun an trealamh céanna a fháil, ba cheart an rannaíocht nó an tacaíocht sin a chur in iúl don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 191 den Rialachán Airgeadais. |
|
(21) |
Níor cheart aon chistiú os cionn uasteorainn an ráta cómhaoiniúcháin a dheonú ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe, a bhfhéadfadh cásanna soláthair chomhpháirtigh agus cásanna tástála comhpháirtí trealaimh rialaithe custaim idir dhá Bhallstáit nó níos mó a bheith san áireamh leo. |
|
(22) |
I bhfianaise éabhlóid thapa na dteicneolaíochtaí, na mbagairtí agus na dtosaíochtaí custam, níor cheart do chláir oibre maireachtáil ar feadh tréimhsí níos faide. Ag am céanna, ní bheadh chláir oibre bhliantúla chun an Ionstraim a chur chun feidhme agus chuirfeadh sé leis an ualach riaracháin a bhíonn ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon, rud nach gá. I bhfianaise an chúlra sin, ba cheart, i bprionsabal, do na cláir oibre níos mó ná bliain bhuiséadach amháin a chumhdach, ach gan níos mó ná 3 bliana a chumhdach. |
|
(23) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis na cláir oibre a chur chun feidhme faoin Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(24) |
Cé go bhfuil cur chun feidhme lárnach ríthábhachtach má tá an cuspóir sonrach le gnóthú, arb é atá sa chuspóir sin torthaí coibhéiseacha rialuithe custaim a áirithiú, ciallaíonn nádúr teicniúil na hIonstraime seo, teastaíonn obair ullmhúcháin ar an leibhéal teicniúil. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis an gcur chun feidhme trí mheasúnuithe a dhéanamh ar riachtanais. Tá na measúnuithe sin ar riachtanais ag brath ar shaineolas agus taithí náisiúnta, trí bhíthin rannpháirtíocht na n-údarás custaim. Ba cheart iad a bheith bunaithe ar mhodheolaíocht shoiléir ina n-áirítear an líon is lú céimeanna chun a áirithiú go mbaileofar an fhaisnéis ábhartha. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a úsáid chun leithdháileadh na gcistí ar na Ballstáit a chinneadh, agus méid na trádála, na rioscaí ábhartha agus cumas riaracháin na n-údarás custaim a bhaineann le húsáid agus cothabháil an trealaimh á gcur san áireamh, d’fhonn an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as an trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim. Chun rannchuidiú leis an smacht buiséadach, ba cheart na coinníollacha a bhaineann le deontais a chur in ord tosaíochta a bheith sainithe go soiléir agus a bheith bunaithe ar mheasúnú den sórt sin ar riachtanais. |
|
(25) |
Chun faireachán agus tuairisciú rialta a áirithiú, ba cheart creat cuí a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a bhaintear amach de bharr na hIonstraime agus ar na gníomhaíochtaí a dhéantar fúithi. Ba cheart faireachán agus tuairisciú den sórt sin a bheith bunaithe ar tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla chun éifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoin Ionstraim a thomhas. Ba cheart a áireamh sna ceanglais tuairiscithe ceanglas faisnéis a sholáthar don Choimisiún faoi threalamh rialaithe custaim i gcás ina sáróidh costas píosa trealaimh rialaithe custaim EUR 10 000 gan cánacha a áireamh. Ba cheart an fhaisnéis sin a dhealú ón bhfaisnéis a cheanglaítear a sholáthar don phobal i gcoitinne agus do na meáin chun gníomhaíochtaí agus torthaí na hIonstraime a chur chun cinn. |
|
(26) |
De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Ionstraim ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha agus, ag an am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh, ar shlí inchomparáide iomlán, ar éifeachtaí na hIonstraime ar an talamh. Maidir leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, ar cheart iad a dhéanamh ar dháta nach déanaí ná 4 bliana tar éis thús chur chun feidhme agus thabhairt chun críche na hIonstraime, faoi seach, ba cheart go rannchuideoidís le próiseas cinnteoireachta éifeachtúil maidir leis an tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim faoi na chéad chreataí airgeadais ilbhliantúla eile. Dá bhrí sin, is den ríthábhacht é go soláthrófar faisnéis shásúil leordhóthanach leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh agus go seachadfar na meastóireachtaí sin in am trátha. Ba cheart don Choimisiún mionsonraí a áireamh sna meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh maidir le trealamh arna mhaoiniú faoin Ionstraim a chomhroinnt idir na húdaráis chustaim agus údaráis teorann eile a mhéid gur sholáthar na Ballstáit faisnéis ábhartha. Sa bhreis ar na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh ar an Ionstraim, ba cheart tuarascálacha ar an dul chun cinn a eisiúint, mar chuid den chóras tuairiscithe feidhmíochta, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIonstraime. Ba cheart achoimre a áireamh sna tuarascálacha sin, ar achoimre í ar na ceachtanna atá foghlamtha agus, i gcás inarb iomchuí, ar na constaicí a bhí ann agus na bearnaí a aimsíodh i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí na hIonstraime don bhliain i dtrácht. Ba cheart na tuarascálacha bliantúla sin ar dhul chun cinn a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. |
|
(27) |
Chun freagairt go hiomchuí don éabhlóid atá ag teacht ar thosaíochtaí beartais, bagairtí agus teicneolaíochtaí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar an liosta táscach de threalamh rialaithe custaim a d’fhéadfaí a úsáid chun na cuspóirí rialaithe custaim a bhaint amach agus an liosta táscairí chun baint amach an chuspóra shonraigh a thomhas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí agus iomlán trédhearcach le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(28) |
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (14), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (15) agus (AE) 2017/1939 (16) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, amhail dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. |
|
(29) |
Na foirmeacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóir sonrach na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamhchomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh sna foirmeacha agus modhanna sin ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. |
|
(30) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon Ionstraim a bhunú a thacaíonn leis an aontas custaim agus leis na húdaráis chustaim, trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do cheannach, do chothabháil agus d’uasghrádú trealaimh rialaithe custaim, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonair i ngeall ar éagothroime oibiachtúil atá eatarthu ar an leibhéal tíreolaíoch agus, de bharr an leibhéil choibhéisigh agus na cáilíochta coibhéisí i dtaca le torthaí na rialuithe custaim a sholáthrófar a bhuí le cur chuige comhordaithe agus cistiú láraithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
|
(31) |
Ba cheart d’fhaighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas a thabhairt d’fhoinse na gcistí sin agus ba cheart dóibh infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Ba cheart a léiriú i bhfaisnéis den sórt sin breisluach na hIonstraime maidir le tacaíocht a thabhairt don aontas custaim, agus go háirithe, an chaoi a gcuidíonn sí leis na húdaráis chustaim a misin a chomhlíonadh, chomh maith le hiarrachtaí an Choimisiúin an trédhearcacht bhuiséadach a áirithiú. Ina theannta sin, chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún faisnéis a sholáthar go rialta don phobal a bhaineann leis an Ionstraim, lena gníomhaíochtaí agus lena torthaí, agus tagairt á déanamh, inter alia, do na cláir oibre a ghlactar faoin Rialachán seo. |
|
(32) |
Chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar cur chun feidhme a thosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
I gcomhpháirt le Rialachán (AE) …/… (3), bunaítear leis an Rialachán seo Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (“an Ciste”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
Mar chuid den Chiste sin, bunaítear leis an Rialachán seo Ionstraim chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do cheannach, do chothabháil agus d’uasghrádú trealaimh rialaithe custaim (“an Ionstraim”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Déanfar ré na hIonstraime a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí na hIonstraime, an buiséad don tréimhse 2021-2027, foirmeacha an chistithe de chuid an Aontais agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “údaráis chustaim” na húdaráis chustaim mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; |
|
(2) |
ciallaíonn “rialuithe custaim” na rialuithe custaim mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; |
|
(3) |
ciallaíonn “trealamh rialaithe custaim” trealamh atá beartaithe go príomha chun rialuithe custaim a dhéanamh; |
|
(4) |
ciallaíonn “trealamh rialaithe custaim soghluaiste” aon mhodh iompair atá beartaithe, as féin, sa bhreis ar a acmhainneacht shoghluaiste, a bheith ina phíosa trealaimh rialaithe custaim nó atá iomlán feistithe le trealamh rialaithe custaim; |
|
(5) |
ciallaíonn “cothabháil” idirghabhálacha coisctheacha, ceartaitheacha agus tuarthacha, lena n-áirítear seiceálacha oibríochtúla agus feidhmiúla, seirbhísiú, deisiú agus ollchóiriú píosa trealaimh rialaithe custaim is gá chun a riocht inoibrithe sonraithe a choinneáil nó a athbhunú d’fhonn a shaolré úsáide uasta a bhaint amach, ach gan aon uasghrádú a chur san áireamh; |
|
(6) |
ciallaíonn “uasghrádú” idirghabhálacha éabhlóideacha is gá chun trealamh rialaithe custaim atá ann cheana a athrú ó riocht inoibrithe sonraithe atá as dáta go riocht úrscothach inoibrithe sonraithe. |
Airteagal 3
Cuspóirí na hIonstraime
1. Mar chuid den Chiste, agus d’fhonn an aidhm fhadtéarmach a bhaint amach, arb é atá inti go ndéanfadh na Ballstáit rialuithe custaim a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe, is é cuspóir ginearálta na hIonstraime tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus d’údaráis chustaim ina misean chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, chun an tslándáil agus an tsábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus chun an tAontas a chosaint ar thrádáil neamhdhleathach agus gníomhaíocht ghnó dhlisteanach á héascú ag an am céanna.
2. Is é cuspóir sonrach na hIonstraime rannchuidiú le torthaí leordhóthanacha agus coibhéiseacha rialuithe custaim trí threalamh rialaithe custaim úrscothach atá ábhartha, iontaofa, slán, sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú ar bhealach trédhearcach agus, ar an gcaoi sin, cabhrú leis na húdaráis chustaim gníomhú as láimh a chéile chun leasanna an Aontais a chosaint.
Airteagal 4
Buiséad
1. Is é EUR 1 006 407 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hIonstraime don tréimhse 2021-2027.
2. Leis an méid dá dtagraítear i mír 1, féadfar speansais maidir le hullmhú, le faireachán, le rialú, le hiniúchóireacht, le meastóireacht agus le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú na hIonstraime agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí na hIonstraime a chumhdach freisin. Féadfar speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cuspóirí na hIonstraime a chumhdach leis freisin, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise a dhíríonn ar phróiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leis i ndáil le bainistiú na hIonstraime.
Airteagal 5
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistithe de chuid an Aontais
1. Is faoin mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Ionstraim chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
2. Féadfar cistiú a sholáthar ón Ionstraim, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais agus go háirithe trí bhíthin deontas.
3. Nuair a bhaineann an ghníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht faoin Ionstraim le trealamh rialaithe custaim a cheannach nó a uasghrádú, cuirfidh an Coimisiún sásra comhordúcháin ar bun chun idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe custaim a cheannaítear le tacaíocht ó chláir agus ionstraimí an Aontais a áirithiú, agus, leis sin, a húsáid éifeachtúil a áirithiú.
CAIBIDIL II
Incháilitheacht
Airteagal 6
Gníomhaíochtaí incháilithe
1. Ionas go mbeidh na gníomhaíochtaí incháilithe do chistiú faoin Ionstraim, ní mór do na gníomhaíochtaí sin na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(a) |
na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a chur chun feidhme; agus |
|
(b) |
tacú le trealamh rialaithe custaim, lena n-áirítear trealamh nuálach na teicneolaíochta brathadóireachta, a cheannach, a chothabháil nó a uasghrádú, ar trealamh é ag a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí rialaithe custaim seo a leanas:
|
In Iarscríbhinn 1, áirítear liosta táscach de threalamh rialaithe custaim a fhéadfar a úsáid chun na cuspóirí rialaithe custaim dá dtagraítear i bpointe (1) go pointe (6) den chéad fhomhír a bhaint amach.
2. I gcásanna cuí-réasúnaithe, le gníomhaíochtaí faoin gcéad fhomhír de mhír 1, féadfar ceannach trédhearcach, cothabháil thrédhearcach agus uasghrádú trédhearcach trealaimh rialaithe custaim a chumhdach chun píosaí nua trealaimh nó feidhmiúlachtaí nua do phíosaí trealaimh atá ann cheana a thástáil i ndálaí oibríochtúla.
3. I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, á chur san áireamh teacht i bhfeidhm déanach an Rialacháin seo, agus chun aon mhoill i dtacaíocht an Aontais a sheachaint a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas an Aontais go mbeadh sé feistithe mar ba cheart chun oibriú éifeachtúil agus éifeachtach an aontais custaim a áirithiú, féadfar, ar feadh tréimhse theoranta, costais arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Rialachán seo a mheas, go heisceachtúil, mar chostais incháilithe ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a leasú trí liosta táscach an trealaimh rialaithe custaim a leagtar amach in Iarscríbhinn I a nuashonrú, i gcás inar gá.
5. Ba cheart trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim seo a úsáid go príomha chun críoch rialuithe custaim, ach féadfar é a úsáid chun críoch breise freisin, lena n-áirítear, chun tacú le húdaráis bainistithe teorainneacha náisiúnta agus le haghaidh imscrúduithe, i gcomhair rialú ar dhaoine. Ní dhéanfar trealamh rialaithe custaim den sórt sin a chomhroinnt go córasach idir údaráis chustaim agus údaráis eile teorann.
6. Déanfaidh an Coimisiún dhá Bhallstát nó níos mó a spreagadh chun trealaimh rialaithe custaim a sholáthar go comhpháirteach agus a thástáil go comhpháirteach.
Airteagal 7
Eintitis incháilithe
De mhaolú ar Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, is iad na húdaráis chustaim a bheidh ina n-eintitis incháilithe ar an gcoinníoll go soláthraíonn siad an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 11(4) den Rialachán seo.
Airteagal 8
Ráta cómhaoiniúcháin
1. Féadfar leis an Ionstraim suas le 80 % de chostais incháilithe iomlána gníomhaíochta a mhaoiniú.
2. Ní thabharfar aon chistiú os cionn na huasteorann sin ach amháin i gcúinsí eisceachtúla cuí-réasúnaithe.
Airteagal 9
Costais incháilithe
Beidh na costais a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 incháilithe le haghaidh cistiú faoin Ionstraim.
Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiú faoin Ionstraim:
|
(a) |
costais a bhaineann le ceannach talún; |
|
(b) |
costais a bhaineann le hoiliúint nó le huasghrádú scileanna, cé is moite den oiliúint tosaigh a áirítear sa chonradh ceannaigh nó uasghrádúcháin; |
|
(c) |
costais a bhaineann le bonneagar, amhail foirgnimh nó saoráidí amuigh faoin aer, mar aon le troscán; |
|
(d) |
costais a bhaineann le córais leictreonacha, cé is moite de bhogearraí agus nuashonruithe ar bhogearraí is gá go díreach chun an trealamh rialaithe custaim a úsáid agus cé is moite de na bogearraí leictreonacha agus an ríomhchlárú is gá chun bogearraí atá ann cheana a idirnascadh leis an trealamh rialaithe custaim; |
|
(e) |
costais a bhaineann le líonraí, amhail cainéil chumarsáide dhaingnithe nó neamhdhaingnithe, nó síntiúis, cé is moite de líonraí nó síntiúis is gá go heisiach chun an trealamh rialaithe custaim a úsáid; |
|
(f) |
costais a bhaineann le modhanna iompair, amhail feithiclí, aerárthaí nó longa, cé is moite de threalamh rialaithe custaim soghluaiste; |
|
(g) |
costais a bhaineann le tomhaltáin, lena n-áirítear ábhar tagartha nó calabrúcháin, le haghaidh trealamh rialaithe custaim; |
|
(h) |
costais a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta. |
CAIBIDIL III
Deontais
Airteagal 10
Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte
1. Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin Ionstraim i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.
2. I gcomhréir le pointe (f) den chéad mhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, déanfar deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí ar na heintitis atá incháilithe faoi Airteagal 7 den Rialachán seo.
3. Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin Ionstraim, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ón gclár Custaim nó ó chláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.
4. Beidh obair an choiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais bunaithe ar na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le deontais a leagtar síos in Airteagal 188 den Rialachán sin agus, go háirithe, ar phrionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den Airteagal sin, mar aon le prionsabal an neamh-idirdhealaithe.
5. Déanfaidh an coiste meastóireachta meastóireacht ar thograí ar bhonn na gcritéar dámhachtana, agus ábharthacht na gníomhaíochta atá beartaithe i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú, cáilíocht na gníomhaíochta atá beartaithe, an tionchar a bheidh aici, lena n-áirítear an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, agus a buiséad agus a cost-éifeachtúlacht á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.
CAIBIDIL IV
Clársceidealú, faireachán agus meastóireacht
Airteagal 11
Clár oibre
1. Is trí chláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Ionstraim chun feidhme.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lean ndéantar na cláir oibre sin a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).
3. Beidh sé d’aidhm ag na cláir oibre ilbhliantúla na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach trí bhíthin na ngníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 6. Leagfar amach sna cláir oibre méid iomlán an phlean maoiniúcháin le haghaidh na ngníomhaíochtaí go léir. Ina theannta sin, leagfar amach iontu:
|
(a) |
i gcás gach gníomhaíochta:
|
|
(b) |
i gcás deontas, an t-uasráta cómhaoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8. |
4. Tacófar le hullmhú na gclár oibre dá dtagraítear i mír 1 trí mheasúnú ar na riachtanais atá ag na húdaráis chustaim. Beidh an measúnú sin ar riachtanais bunaithe ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
catagóiriú coiteann ar phointí trasnaithe teorann; |
|
(b) |
tuairisc uileghabhálach ar an trealamh rialaithe custaim atá ar fáil; |
|
(c) |
liosta coiteann de threalamh rialaithe custaim ba cheart a bheith ar fáil, faoi threoir na catagóire pointí trasnaithe teorann; agus |
|
(d) |
meastachán ar riachtanais airgeadais. |
Is bunaithe ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chlár Custaim 2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) nó faoin gclár Custaim a dhéanfar an measúnú ar riachtanais agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus gach 3 bliana ar a laghad.
Airteagal 12
Faireachán agus tuairisciú
1. Liostaítear in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.
2. Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn na hIonstraime i dtreo baint amach a cuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14 chun Iarscríbhinn II a leasú i dtaca leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin, agus chomh maith leis sin chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.
3. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar, ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí na hIonstraime. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha um thuairisciú ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.
4. I gcás gur mó ná EUR 10 000 costas píosa trealaimh rialaithe custaim, gan cánacha a chur san áireamh, áireofar sna ceanglais um thuairisciú dá dtagraítear i mír 3 an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur in iúl don Choimisiún go bliantúil:
|
(a) |
liosta mionsonraithe den trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim; |
|
(b) |
faisnéis maidir le húsáid an trealaimh rialaithe custaim, lena n-áirítear aon torthaí gaolmhara, arna tacú, i gcás inarb iomchuí, le staidreamh iomchuí. |
Airteagal 13
Meastóireacht
1. Déanfar meastóireachtaí go tráthúil ionas gur féidir úsáid a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.
2. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an Ionstraim a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina cur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis thús an chur chun feidhme. Ina mheastóireacht eatramhach, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht na hIonstraime, lena n-áirítear ar ghnéithe amhail a héifeachtacht, a héifeachtúlacht, a comhleanúnachas agus a hábharthacht, mar aon leis na sineirgí laistigh den Ionstraim agus breisluach an Aontais.
3. Ag deireadh chur chun feidhme na hIonstraime, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an Ionstraim.
4. Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha agus na ceachtanna a foghlaimíodh in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.
CAIBIDIL V
An tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta coiste
Airteagal 14
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6(4) agus 12(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh an dáta sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse den sórt sin.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(4) agus 12(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(4) agus 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 15
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh Coiste an Chláir Custaim a bunaíodh le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/444 cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL VI
Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha
Airteagal 16
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1. Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
2. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Ionstraim, le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na hIonstraime agus leis na torthaí a bhaintear amach.
3. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an Ionstraim ina rannchuidiú freisin le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.
Airteagal 17
Foráil idirthréimhseach
Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i/in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
…
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
…
(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 67.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (BMVI) (IO …).
(1) Rialachán atá i ndoiciméid ST 6487/21 (2018/0249(COD)).
(5) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(6) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(7) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (IO L 87, 15.3.2021, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L …, lch. …).
(2) Rialachán atá i ndoiciméid ST 7064/20 (2018/0224(COD)).
(10) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(14) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(15) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(16) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(17) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(3) Rialachán atá i ndoiciméad ST 6487/21 (2018/0249(COD)).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 209).
IARSCRÍBHINN I
Liosta táscach de threalamh rialaithe custaim a bhféadfar úsáid a bhaint as chun na críocha rialaithe custaim a liostaítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’airteagal 6(1) a bhaint amach
|
CRÍOCH AN RIALAITHE CUSTAIM |
TREALAMH AN RIALAITHE CUSTAIM |
|||
|
CATAGÓIR |
FEIDHM |
|||
|
Scanóir x-gha - Ardfhuinneamh |
Coimeádáin, trucailí, vaigíní iarnróid agus feithiclí |
||
|
Scanóir x-gha - Ísealfhuinneamh |
Pailléid, boscaí agus beartáin |
|||
|
Bagáiste paisinéirí |
||||
|
Feithiclí |
||||
|
Cúlscaipeadh x-gha |
Coimeádáin |
|||
|
Trucailí |
||||
|
Feithiclí |
||||
|
Eile |
Uimhirphláta Uathoibríoch/Córais Aitheantais Coimeádán |
|||
|
Scálaí ualaithe feithiclí |
||||
|
Forcardaitheoirí agus trealamh rialaithe custaim soghluaiste comhchosúil |
||||
|
Tairseach cúlscaipthe bunaithe ar x-ghathanna |
Rud a úsáidtear in aerfoirt den chuid is mó chun nithe folaithe a bhrath ar dhaoine (drugaí, pléascáin, airgead) |
||
|
Scanóir coirp |
||||
|
Scanóir slándála bunaithe ar thonnta milliméadair |
||||
|
Brathadóirí Raideolaíocha agus Núicléacha |
Monatóir/brathadóir Radaíochta Pearsanta (PRM) |
||
|
Brathadóir Radaíochta Láimhe |
||||
|
Feiste Sainaitheantais Iseatóip (RIID) |
||||
|
Monatóir Tairsí Radaíochta (RPM) |
||||
|
Monatóir Tairsí Speictriméadair le haghaidh sainaitheantas iseatóip (SPM) |
||||
|
Trealamh chun na hearraí go léir a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, a chainníochtú agus a fhíorú |
Crómatagrafaíocht gháis agus leachta (GC, LC, HPLC etc.) |
||
|
Speictriméadracht agus teicnící comhcheangailte le speictriméadracht (IR, Raman, UV-VIS, Fluaraiseacht, CG-MS etc.) |
||||
|
Trealamh x-gha (XRF etc.) |
||||
|
Speictriméadracht AMN agus Anailísí iseatóip cobhsaí |
||||
|
Trealamh saotharlainne eile (AAS, Anailíseoir Driogtha, DSC, Leictreafóiréis, Micreascóp, LSC, Meaisín tobac etc.) |
||||
|
Rian a bhrath bunaithe ar Speictriméadracht Soghluaisteachta Ian (IMS) |
Trealamh iniompartha chun rianta ábhar bagartha sonrach a bhrath |
||
|
Brath rianta cainínigh |
Le haghaidh réimse rioscaí ar nithe beaga agus móra |
|||
|
Sampláil |
Uirlisí a úsáidtear chun samplaí a thógáil, cochall eastarraingthe, lámhainnbhosca |
|||
|
Saotharlanna soghluaiste |
Feithiclí lánfheistithe chun anailís allamuigh a dhéanamh ar shamplaí |
|||
|
Brathadóirí láimhe |
Anailís ar ábhair orgánacha, ar mhiotail agus ar chóimhiotail |
|||
|
Tástálacha dathmhéadracha ceimiceacha |
||||
|
Speictreascópacht Raman |
||||
|
Speictreascópacht infridheirg |
||||
|
Fluaraiseacht x-gha |
||||
|
Brathadóirí gáis i gcomhair coimeádán |
||||
|
Uirlisí láimhe pearsanta |
Uirlisí póca |
||
|
Foireann uirlisí meicnice |
||||
|
Scáthán teileascópála |
||||
|
Feistí |
Ionscóp |
|||
|
Brathadóir miotail do-aistrithe nó láimhe |
||||
|
Ceamaraí chun an taobh íochtair d’fheithiclí a sheiceáil |
||||
|
Feiste ultrasonach |
||||
|
Méadar dlúis |
||||
|
Eile |
Cuardach fo-uisce |
|||
(1) Faoi réir forálacha reachtacha is infheidhme agus moltaí eile maidir le cosaint sláinte agus meas ar phríobháideachas.
IARSCRÍBHINN II
Táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hionstraime maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in airteagal 3 a bhaint amach
Chun tuairsciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, bainfear úsáid as na táscairí seo a leanas:
Trealamh
|
(a) |
Trealamh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann talún lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh) |
|
(b) |
Trealamh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann farraige lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh) |
|
(c) |
Trealamh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann aeir lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh) |
|
(d) |
Trealaimh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann poist lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh) |
|
(e) |
Trealamh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann iarnróid lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh) |
|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
18 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 21/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim
I. RÉAMHRÁ
|
1. |
An 12 Meitheamh 2018, chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (1). |
|
2. |
Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim an 17 Deireadh Fómhair 2018 (2). |
|
3. |
An 16 Aibreán 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa a rún reachtach maidir leis an togra (3), agus leis sin chuir sí deireadh lena céad léamh. |
|
4. |
Thug Coiste na mBuanionadaithe an sainordú páirteach (4) don uachtaránacht dul i mbun caibidlíocht neamhfhoirmiúil leis an bParlaimint, agus fágadh roinnt forálacha idir lúibíní toisc iad a bheith nasctha leis an bplé foriomlán faoi CAI nó i ngeall ar a gcineál cothrománach. |
|
5. |
I ndiaidh an chéad chruinnithe thríthaobhaigh pholaitiúil, a tionóladh an 26 Samhain 2019, tháinig an Uachtaránacht ar chomhthuiscint (5) le hionadaithe Pharlaimint na hEorpa. Fágadh roinnt eilimintí lasmuigh de raon feidhme na caibidlíochta, ós rud é gur ghá bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 sula mbeidh an Chomhairle in ann a seasamh a bhunú. |
|
6. |
An 16 Nollaig 2020 (6), d'fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe an sainordú iomlán don chaibidlíocht agus na conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le CAI 2021-2027 agus an pacáiste téarnaimh a glacadh an 21 Iúil 2020 (7) á gcur san áireamh. |
|
7. |
Ag an dara cruinniú tríthaobhach polaitiúil an 16 Márta 2021, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú sealadach maidir leis an Rialachán seo. An 31 Márta 2021, d’fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe an comhréiteach deiridh a d’eascair as na cruinnithe tríthaobhacha (8). |
|
8. |
An 14 Aibreán 2021, d’fhormheas Coiste IMCO (an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra) Pharlaimint na hEorpa an téacs. Ina dhiaidh sin, an 16 Aibreán 2021, chuir Cathaoirleach Choiste IMCO litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe inar chuir sí in iúl go molfadh sí don seisiún iomlánach go nglacfaí an seasamh ón gComhairle gan leasuithe, ar an dara léamh sa Pharlaimint, faoi réir fíorú dlí agus teanga. |
II. CUSPÓIR
|
9. |
Is cuid í an togra seo de na tograí earnála lena gcomhlánaítear an pacáiste de thograí cothrománacha maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021 go 2027. |
|
10. |
Is é cuspóir na hIonstraime tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus d’údaráis chustaim chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, chun slándáil agus sábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach agus neamhdhleathach, agus gníomhaíocht ghnó dhlisteanach á héascú ag an am céanna. |
|
11. |
Is é is aidhm dó rannchuidiú le torthaí leordhóthanacha coibhéiseacha ar rialuithe custaim trí threalamh rialaithe custaim a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú. |
III. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
A. Nóta ginearálta
|
12. |
Chuaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta ar mhaithe le teacht ar chomhaontú ar an dara léamh ar bhonn seasamh ón gComhairle ar an gcead léamh a d’fhéadfadh an Pharlaimint a fhormheas sa riocht sin. Léirítear go hiomlán le téacs an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air idir na comhreachtóirí. |
B. Na príomh-shaincheisteanna
|
13. |
Leagtar amach thíos príomhghnéithe an chomhréitigh ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa:
|
IV. CONCLÚID
|
14. |
Léirítear go hiomlán sa seasamh ón gComhairle an comhréiteach ar thángthas air le linn na caibidlíochta idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus a d’éascaigh an Coimisiún. Dearbhaítear an comhréiteach sin leis an litir a chuir Cathaoirleach Choiste IMCO chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 16 Aibreán 2021. |
(1) Doiciméad ST 10325/18.
(2) IO C 62, 15.2.2019, lch. 67.
(3) Doiciméad 8057/19.
(4) Doiciméad 15513/1/18 REV 1.
(5) Doiciméad 15010/19.
(6) Doiciméad 13822/20.
(7) Doiciméad ST 10/20.
(8) Doiciméad 7266/21.
|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
20 |
SEASAMH (AE) Uimh. 22/2021 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 27 Bealtaine 2021
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (e) d'Airteagal 78(2), pointe (d) d’Airteagal 82(1), pointe (a) d'Airteagal 87(2) agus Airteagal 88(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle (3), bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le bheith ina réiteach teicneolaíoch do mhalartú sonraí víosaí idir Ballstáit. Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagadh síos cuspóir, feidhmiúlachtaí agus freagrachtaí VIS, mar aon leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le malartú sonraí faoi víosaí gearrfhanachta idir Ballstáit d’fhonn scrúdú ar iarratais ar víosaí gearrfhanachta agus na cinntí a bhaineann leo a éascú. Le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagadh amach na rialacha faoi chlárú na n-aitheantóirí bithmhéadracha in VIS. Le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (6), bunaíodh an rochtain atá ag údaráis fhorfheidhmithe dlí sna Ballstáit agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) ar VIS. Ba cheart an Cinneadh sin a lánpháirtiú i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, chun é a chur i gcomhréir le creat an Chonartha atá ann faoi láthair. |
|
(2) |
Le Rialacháin (AE) 2019/817 (7) agus 2019/818 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh idir-inoibritheacht idir córais áirithe faisnéise AE ionas go ndéanfadh na córais sin agus a gcuid sonraí forlíonadh ar a chéile d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha an Aontais a fheabhsú, d'fhonn rannchuidiú le hinimirce neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac agus d'fhonn rannchuidiú le leibhéal ard slándála laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, lena n-áirítear caomhnú na slándála poiblí agus an bheartais phoiblí agus coimirciú na slándála i gcríocha na mBallstát. |
|
(3) |
A bhuí leis an idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE, tá na córais sin in ann a bheith ag forlíonadh a chéile chun ceart-sainaithint daoine a éascú, chun rannchuidiú leis an gcalaois chéannachta a chomhrac, chun ceanglais cáilíochta sonraí na gcóras faisnéise AE ábhartha a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, chun cur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil na gcóras faisnéise AE ábhartha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a éascú do na Ballstáit, chun na coimircí i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí a rialaíonn na córais faisnéise AE ábhartha a neartú agus a shimpliú, chun rochtain údaráis forfheidhmithe dlí ar VIS, an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus Eurodac a shruthlíniú, agus chun tacú le cuspóirí VIS, Chóras Faisnéise Schengen (SIS), EES, ETIAS, Eurodac, agus an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN). |
|
(4) |
Leis na comhchodanna idir-inoibritheachta, cumhdaítear VIS, SIS, EES, ETIAS, Eurodac, agus ECRIS-TCN, mar aon le sonraí Europol chun go gcumasófar cuardach a dhéanamh ar shonraí Europol san am céanna leis na córais faisnéise AE sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na comhchodanna idir-inoibritheachta sin a úsáid chun na cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh agus, le linn VIS a cheadú, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Ba cheart an tairseach chuardaigh Eorpach (ESP) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818 a úsáid chun cur ar chumas údaráis na mBallstát rochtain thapa, rianúil, éifeachtúil, chórasach, rialaithe a bheith acu ar chórais faisnéise AE, ar shonraí Europol agus ar na bunachair sonraí Interpol a bhíonn ag teastáil chun a gcuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir lena gcearta rochtana, agus chun tacú le cuspóirí VIS. |
|
(5) |
Le ESP, beifear in ann na sonraí a stóráiltear in VIS agus na sonraí a stóráiltear sna córais faisnéise AE eile lena mbaineann a chuardach i gcomhthráth. |
|
(6) |
Ba cheart an chomparáid idir na sonraí a stóráiltear in VIS agus na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise eile agus i mbunachair sonraí eile a uathoibriú. Má léirítear le comparáid den sórt sin gurb ann do cheangal comhfhreagrach, ar a dtugtar ‘amas’, idir aon cheann de na sonraí pearsanta nó cumasc díobh in iarratas agus i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh sna córais faisnéise eile sin nó sna bunachair sonraí sin, nó le sonraí pearsanta i liosta faire ETIAS, ba cheart d’oibreoir ón údarás inniúil an t-iarratas a fhíorú de láimh. Agus an cinneadh á dhéanamh i dtaobh víosa gearrfhanachta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint nó gan é a eisiúint, ba cheart an measúnú a dhéanann an t-údarás inniúil ar amais a chur san áireamh. |
|
(7) |
Leagtar síos sa Rialachán seo an modh ar a gcuirfear chun feidhme an idir-inoibritheacht agus na coinníollacha faoina mbeidh sonraí a stóráiltear in SIS, Eurodac agus ECRIS-TCN, mar aon le sonraí Europol, á gceadú ag próiseas uathoibrithe VIS chun críche amais a shainaithint. Mar thoradh air sin, tá sé riachtanach Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013 (9), (AE) 2016/794 (10), (AE) 2018/1862 (11), (AE) 2019/816 (12) agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú chun VIS a nascadh le córais faisnéise AE eile agus le sonraí Europol. |
|
(8) |
Maidir leis na coinníollacha faoina bhfuil na húdaráis víosaí, de pháirt amháin, in ann sonraí a stóráiltear in Eurodac a cheadú, agus, faoina bhfuil údaráis ainmnithe VIS, den pháirt eile, in ann sonraí Europol, sonraí áirithe SIS agus sonraí a stóráiltear in ECRIS-TCN a cheadú chun críocha VIS, ba cheart iad a choimirciú le rialacha soiléire, beachta maidir le rochtain na n-údarás sin ar na sonraí sin, maidir le cineál na gcuardach agus na gcatagóirí sonraí, agus ba cheart an méid sin go léir a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun dualgais na n-údarás sin a chomhlíonadh. Ar an dul céanna, níor cheart na sonraí a stóráiltear i gcomhad iarratais VIS a bheith le feiceáil ach ag na Ballstáit sin a oibríonn na córais faisnéise fholuiteacha i gcomhréir leis na socruithe dá gcuid rannpháirtíochta. |
|
(9) |
Le Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) (1), déantar cúraimí nua a leithdháileadh ar Europol amhail tuairimí a chur ar fáil tar éis d'údaráis ainmnithe VIS agus d'Aonaid Náisiúnta ETIAS iarrataí ar cheadú a dhéanamh. Chun na cúraimí sin a chur chun feidhme, is gá, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/794 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Chun tacú le cuspóir VIS measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh iarratasóir ar víosa gearrfhanachta, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí, ba cheart VIS a bheith in ann a fhíorú an bhfuil ceangal comhfhreagrach ar bith ann idir sonraí sna comhaid iarratais VIS agus sonraí ECRIS-TCN sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818 maidir leis na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát i dtaca le ciontuithe i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta. |
|
(11) |
Níor cheart talamh slán a dhéanamh de, i gcás ina bhfaightear amas i gcóras ECRIS-TCN, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann sna Ballstáit a léirítear. Níor cheart ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin a dheimhniú ach amháin ar bhonn faisnéis a fhaightear as taifid choiriúla na mBallstát lena mbaineann. |
|
(12) |
Ní dochar an Rialachán seo do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). |
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. |
|
(14) |
A mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (16). Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann sé le Europol, Eurodac agus ECRIS-TCN, i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(15) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (17), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (18). |
|
(16) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (19), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (20). |
|
(17) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú le Rialachán (AE) 2018/1862, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (21), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (22). |
|
(18) |
Ionas go mbeidh an Rialachán seo ag luí leis an gcreat dlí atá ann cheana, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 603/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach: “CAIBIDIL VIa Rochtain ag údaráis víosaí Airteagal 22a Rochtain ar Eurodac ag na húdaráis inniúla víosaí Beidh rochtain ar Eurodac ag na húdaráis inniúla víosaí chun sonraí a cheadú i bhformáid inléite amháin chun fíorú de láimh a dhéanamh ar amais a spreagtar mar thoradh ar na cuardaigh uathoibrithe a dhéanann VIS de bhun Airteagal 9a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus chun iarratais víosaí a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 (*2). Airteagal 22b Idir-inoibritheacht le VIS Ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) (2), beidh Eurodac nasctha leis an tairseach chuardaigh Eorpach a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagal 9a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh. (*1) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60)." (*2) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1)." (*3) Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an .. lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L …)." (*4) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).”;" |
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 28a Taifid nó logaí a choimeád chun críocha idir-inoibritheachta le VIS Nuair atá Eurodac á cheadú, dá dtagraítear in Airteagal 22a den Rialachán seo, coimeádfar taifead nó log ar gach oibríocht phróiseála sonraí a dhéantar in Eurodac agus VIS i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo agus Airteagal 34 de Rialachán (CE) 767/2008.”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/794
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*5) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;" |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1862
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 18a Logaí a choinneáil chun críocha idir-inoibritheachta le VIS Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéantar in SIS agus VIS de bhun Airteagal 50a den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6). (*6) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;" |
|
(2) |
in Airteagal 44(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
|
(3) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 50a Idir-inoibritheacht le VIS Ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) (3), déanfar SIS Láir a cheangal le ESP chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh. (*7) Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L …).”." |
Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/816
Leasaítear Rialachán 2019/816 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*8) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;" |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Leis an Rialachán seo, tacaítear freisin le cuspóir VIS maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”; |
|
(3) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(5) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: “7. I gcás amais, cuirfidh an lárchóras nó CIR faisnéis ar fáil go huathoibríoch don údarás inniúil faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i ndáil leis an náisiúnach tríú tír, mar aon leis na huimhreacha tagartha gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis chéannachta sin ach chun críche céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú. Ní úsáidfear toradh cuardaigh sa lárchóras ach amháin chun na críche seo a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 7a ECRIS-TCN a úsáid le haghaidh fíoruithe VIS 1. Ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) (4), beidh ECRIS-TCN nasctha le ESP chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh chun ECRIS-TCN a cheadú agus chun na sonraí ábhartha in VIS a chur i gcomparáid le sonraí ábhartha ECRIS-TCN in CIR ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d'Airteagal 5(1) den Rialachán seo. 2. Chun na cúraimí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh, ní bheidh ceart rochtana ag údaráis ainmnithe VIS, dá dtagraítear in Airteagal 9d agus in Airteagal 22b(13) den Rialachán sin, ach ar shonraí ECRIS-TCN in CIR ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d'Airteagal 5(1) den Rialachán seo. (*9) Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L …).”;" |
|
(7) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
|
(8) |
in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Ní dhéanfar na sonraí a iontráiltear sa lárchóras agus in CIR a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i ndáil le náisiúnaigh tríú tír, nó chun tacú le cuspóir VIS maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Na sonraí sin a iontráiltear in CIR, déanfar iad a phróiseáil chomh maith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/818 d'fhonn ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in ECRIS-TCN a éascú agus cuidiú le ceart-sainaithint na ndaoine sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.”; |
|
(9) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 31a Logaí a choinneáil chun críche idir-inoibritheachta le VIS I dtaca leis na ceaduithe dá dtagraítear in Airteagal 7a den Rialachán seo, coinneofar loga i gcás gach oibríocht próiseála sonraí ECRIS-TCN a dhéantar in CIR agus VIS i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”. |
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4,cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 20:
|
|
(2) |
in Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “1a. Chun críoch Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, stórálfar in CIR freisin, arna scaradh go loighciúil ó na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/816. Ní bheidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/816 ach ar an mbealach dá dtagraítear in Airteagal 5(7) den Rialachán sin, agus ar an mbealach sin amháin.”; |
|
(3) |
in Airteagal 68, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “1a. Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh ESP tús le hoibríochtaí, chun críocha na huathphróiseála de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus chun na gcríoch sin amháin, ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) (5). (*10) Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L …).”." |
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a chuirfear tús le hoibriú VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/… (6).
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, …
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
…
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
…
(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 154.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(6) Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).
(7) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
(8) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(11) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56).
(12) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).
(13) Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L …).
(1) Uimhir an Rialacháin atá i ndoic ST 5950/21 (2018/0152A(COD).
(14) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(15) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(16) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(17) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(18) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(19) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(20) Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).
(21) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(22) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(2) Rialachán atá i ndoic ST 5950/21 (2018/0152A(COD)).
(3) Rialachán atá i ndoic ST 5950/21 (2018/0152A(COD)).
(4) Rialachán atá i ndoic ST 5950/21 (2018/0152A(COD)).
(5) Rialachán atá i ndoic ST 5950/21 (2018/0152A(COD)).
(6) Rialachán atá i ndoic ST 5950/21 (2018/0152A(COD)).
|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
29 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 22/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí
I. RÉAMHRÁ
|
1. |
Tar éis meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar VIS, thíolaic an Coimisiún togra reachtach an 16 Bealtaine 2018 chun Rialachán VIS a leasú (1) (dá ngairfear “an Rialachán lena leasaítear VIS” anseo feasta ). |
|
2. |
Ag an gcruinniú a bhí aige an 19 Nollaig 2018, ghlac Coiste na mBuanionadaithe sainordú chun dul i mbun caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa (2). |
|
3. |
Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim an 19 Meán Fómhair 2018 (3). |
|
4. |
Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a thuairim uaidh an 12 Nollaig 2018 (4). |
|
5. |
Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, thug Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha tuairim uaithi an 30 Lúnasa 2018 (5). |
|
6. |
An 13 Márta 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa a Seasamh ar an gcéad léamh (6). |
|
7. |
Chuaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i mbun caibidlíocht neamhfhoirmiúil i mí Dheireadh Fómhair 2019 d’fhonn teacht ar chomhaontú ag céim an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh (“comhaontú luath ar an dara léamh”). |
|
8. |
Le linn na caibidlíochta, tháinig sé chun solais go raibh forálacha áirithe in easnamh sa togra ón gCoimisiún – “leasuithe iarmhartacha VIS”, mar a thugtar orthu. Is iad sin na leasuithe atá le déanamh ar na gníomhartha dlí maidir le córais faisnéise agus bunachair sonraí an Aontais de thoradh an chuardaigh uathoibrithe a rinne VIS ar na córais eile sin. Bhí leasuithe iarmhartacha comhchosúla molta ag an gCoimisiún le haghaidh ETIAS (7). |
|
9. |
Mar gheall ar an ngeoiméadracht athraitheach i rannpháirtíocht na mBallstát i mbeartais an Aontais i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, ní rabhthas in ann, ó thaobh an dlí de, ach sraith amháin de leasuithe iarmhartacha a chur san áireamh maidir le modhnú ionstraimí dlí i réimse acquis Schengen a bhaineann le teorainneacha seachtracha sa Rialachán lena leasaítear VIS, cé gur ghá forálacha eile nach mbaineann leis an acquis sin a áireamh in ionstraim dlí ar leith, eadhon an Rialachán maidir le leasuithe iarmhartacha VIS, (ábhar an Ráitis seo ar chúiseanna na Comhairle). |
|
10. |
An 17 Meitheamh 2020, leasaigh Coiste na mBuanionadaithe sainordú na Comhairle, le go n-áireofaí “leasuithe iarmhartacha VIS” ann (8). Agus a Seasamh ar an gcéad léamh glactha aici cheana, chuir foireann chaibidlíochta Pharlaimint na hEorpa in iúl go saineodh sí a seasamh maidir leis an tacar nua sin d’fhorálacha le linn na caibidlíochta idirinstitiúidí. |
|
11. |
Tar éis sé cinn de chruinnithe tríthaobhacha polaitiúla agus go leor cruinnithe teicniúla, tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil an 8 Nollaig 2020, agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tagtha ar chomhréiteach maidir leis an téacs in dhá Rialachán:
|
|
12. |
An 22 Eanáir 2021, rinne Coiste na mBuanionadaithe anailís ar an dréacht-téacs comhréitigh deiridh chun go dtiocfaí ar chomhaontú. |
|
13. |
An 27 Eanáir 2021, dhaingnigh an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (Coiste LIBE) i bParlaimint na hEorpa an comhaontú polaitiúil agus chuir Cathaoirleach LIBE litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 1 Feabhra ina ndaingnítear, dá bhformheasfadh an Chomhairle an dá Rialachán ar an gcéad léamh, tar éis athbhreithniú dlí agus teanga, go bhformheasfadh an Pharlaimint an seasamh ón gComhairle ar an dara léamh. |
|
14. |
An 3 Feabhra 2021, dhaingnigh Coiste na mBuanionadaithe an comhaontú polaitiúil maidir le téacs comhréitigh na Rialachán. |
|
15. |
Níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin maidir leis na leasuithe iarmhartacha VIS agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, a mhéid a bhaineann a chuid forálacha le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta féin é. |
|
16. |
A mhéid a bhaineann a chuid forálacha le SIS arna rialú le Rialachán (AE) 2018/1862, tá Éire rannpháirteach sa Rialachán maidir le leasuithe iarmhartacha VIS. A mhéid a bhaineann a chuid forálacha le Europol, Eurodac agus ECRIS-TCN, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin sin agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
17. |
Maidir leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin, is forbairt ar fhorálacha acquis Schengen é an Rialachán maidir le leasuithe iarmhartacha VIS, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú le Rialachán (AE) 2018/1862. |
I. CUSPÓIR
|
18. |
Is é VIS – a bunaíodh le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle (Cinneadh VIS) agus le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 – córas faisnéise an Aontais chun an nós imeachta maidir le víosaí gearrfhanachta (“Schengen”) a éascú agus chun cabhrú le húdaráis víosaí, teorann, tearmainn agus imirce náisiúnaigh tríú tír a sheiceáil ar gá víosa a bheith acu chun taisteal chuig limistéar Schengen. Le VIS, nasctar consalachtaí na mBallstát ar fud an domhain le chéile, mar aon le gach ceann de na pointí trasnaithe teorann seachtraí atá acu. |
|
19. |
Is é is aidhm leis an Rialachán lena leasaítear VIS, VIS a fhorbairt a thuilleadh chun freagairt ar bhealach níos fearr do dhúshláin nua maidir le beartais víosaí, teorann agus slándála. |
|
20. |
Leagtar síos, sa Rialachán maidir le leasuithe iarmhartacha VIS, na coinníollacha faoina gceadaítear VIS na sonraí a stóráiltear in Eurodac, in SIS agus in ECRIS-TCN, mar aon le sonraí Europol, chun amais a shainaithint faoi na cuardaigh uathoibrithe a shonraítear sa Rialachán lena leasaítear VIS. |
|
21. |
Na coinníollacha i ndáil le rochtain ar chórais faisnéise agus bunachair sonraí eile de chuid an Aontais arna gcuardach le VIS, bhí na coinníollacha sin in easnamh sa togra ón gCoimisiún, go príomha toisc gur cuireadh i láthair é sular glacadh roinnt gníomhartha dlí maidir le córais faisnéise agus bunachair sonraí eile de chuid an Aontais agus maidir leis na Rialacháin Idir-inoibritheachta. |
|
22. |
Leis an Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, dúntar an bhearna sin agus cuirtear san áireamh an timpeallacht reachtach nua don idir-inoibritheacht, atá tagtha chun cinn ó cuireadh síos an togra. |
|
23. |
Cé go bhfuil na leasuithe teicniúla ar na Rialacháin atá ina gcuid de acquis Schengen a bhaineann le teorainneacha (VIS (9), EES (10), ETIAS (11), SIS maidir le Filleadh (12), Teorainneacha SIS (13) agus Teorainneacha Idir-inoibritheachta (14)) ar áireamh sa Rialachán lena leasaítear VIS, áirítear san ionstraim dlí ar leith sin an leasú ar na Rialacháin nach cuid de acquis Schengen iad nó ar téacsanna póilíneachta Schengen iad (Eurodac (15), Rialachán Europol (16), Póilíneacht SIS (17), ECRIS-TCN (18) agus Póilíneacht Idir-inoibritheachta (19)) mar thoradh ar gheoiméadracht athraitheach rannpháirtíocht na mBallstát i mbeartais an Aontais i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. |
|
24. |
Mar sin féin, rinneadh an dá Rialachán a chaibidliú mar phacáiste agus tá sé i gceist go n-oibreoidh siad gan stró le chéile chun go bhféadfar córas VIS a oibriú agus a úsáid go cuimsitheach. |
II. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
A. Ginearálta
|
25. |
Chuaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta agus é mar aidhm acu comhaontú a thabhairt i gcrích ar bhonn seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a d’fhéadfadh an Pharlaimint a fhormheas mar sin ar an dara léamh. Le téacs an tSeasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh i ndáil leis an Rialachán maidir le leasuithe iarmhartacha VIS, léirítear go hiomlán an comhréiteach ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir, le cúnamh ón gCoimisiún. |
B. Na príomh-shaincheisteanna
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 603/2013
|
26. |
Leis an Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, leasaítear Rialachán Eurodac d’fhonn an méid a leanas a dhéanamh:
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/794
|
27. |
Leis an Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, leasaítear Rialachán Europol d’fhonn an méid a leanas a dhéanamh:
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1862
|
28. |
Leis an Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, leasaítear Rialachán Póilíneachta SIS chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/816
|
29. |
Leis an Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, leasaítear Rialachán ECRIS-TCN d’fhonn an méid a leanas a dhéanamh:
|
|
30. |
Ar dtús, d’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfí foráil isteach i Rialachán ECRIS-TCN lena gcuirfí de chúram ar an gCoimisiún a mheas, laistigh de bhliain amháin tar éis thús oibríochtaí ECRIS-TCN, an raibh gá le cuardach ECRIS-TCN le VIS chun tacú le cuspóir VIS a mheas an mbeadh iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe ina bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí faoi Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Leis an Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, comhtháthaítear an measúnú ar cé acu a rannchuidigh nó nár rannchuidigh cuardach ECRIS-TCN le tacú leis an gcuspóir thuasluaite sa tuarascáil nach mór don Choimisiún a thíolacadh trí bliana tar éis thús oibríochtaí VIS athbhreithnithe. |
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818
|
31. |
Leis an Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, leasaítear an Rialachán maidir le hIdir-inoibritheacht (Póilíneacht) d’fhonn é a oiriúnú chun críocha VIS athbhreithnithe. |
III. CONCLÚID
|
32. |
Léirítear go hiomlán sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air le linn na caibidlíochta a rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus a d’éascaigh an Coimisiún. Creideann an Chomhairle gur pacáiste cothrom é an seasamh uaithi ar an gcéad léamh agus, a luaithe a ghlacfar é, go bhféadfar - leis an Rialachán lena leasaítear Rialacháin (AE) 603/2013, 2016/794, 2018/1862, 2019/816 agus 2019/818 maidir leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid an Aontais chun críocha VIS - VIS agus sonraí ó chórais faisnéise eile de chuid an Aontais agus ó Europol a nascadh agus, tríd an méid sin a dhéanamh, go mbeidh na córais in ann a chéile a fhorlíonadh d’fhonn bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú, lena rannchuideofar le hinimirce neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac agus leibhéal ard slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, lena n-áirítear caomhnú na slándála poiblí agus an bheartais phoiblí, agus coimirciú na slándála i gcríocha na mBallstát. |
|
33. |
Daingnítear an comhréiteach sin leis an litir a chuir Cathaoirleach Choiste LIBE chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe an 1 Feabhra 2021. Cuireann Cathaoirleach Choiste LIBE in iúl sa litir sin go molfaidh sé do chomhaltaí a Coiste, agus ina dhiaidh sin don seisiún iomlánach, an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a ghlacadh, gan leasuithe ar dhara léamh na Parlaiminte, faoi réir a fhíoraithe ag dlítheangeolaithe an dá institiúid. |
(1) 8853/18.
(2) 15726/18.
(3) EESC 2018/03954 (IO C 440, 6.12.2018, lch 154).
(4) Achoimre ar an Tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndáil leis an Togra le haghaidh Rialachán nua maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (IO C 50, 8.2.2019, lch. 4).
(5) Tuairim FRA – 2/2018. https://fra.europa.eu/en/publication/2018/revised-visa-information-system-and-its-fundamental-rights-implications
(6) T8-0174/2019, 7401/19.
(7) Féach COM(2019) 3 final agus COM(2019) 4, final.
(8) 8787/20.
(9) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(10) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnaigh tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(11) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).
(13) Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).
(14) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse teorainneacha agus víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a chuirtear in ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(17) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla, lena leasaítear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56).
(18) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS-TCN) a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019. lch. 1).
(19) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).