|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 226I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
64 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2021/C 226 I/01 |
||
|
2021/C 226 I/02 |
||
|
2021/C 226 I/03 |
||
|
2021/C 226 I/04 |
||
|
2021/C 226 I/05 |
An dearbhú ón gCoimisiún maidir le hAithrisí 50, 51 agus Airteagal 8.10: |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 226/1 |
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cúnamh a deonaíodh faoi na hionstraimí maoinithe seachtracha a chur ar fionraí
(2021/C 226 I/01)
Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil tagairt ghinearálta i Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, maidir leis an bhféidearthacht cúnamh a chur ar fionraí gan an bonn nithiúil a shonrú do chinneadh den sórt sin. Ba cheart fionraí cúnaimh den sórt sin a chur chun feidhme i gcás nach n-urramaíonn tír chomhpháirtíochta prionsabail an daonlathais, an smachta reachta nó an dea-rialachais, nó urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha nó do chaighdeáin sábháilteachta núicléiche a aithnítear go hidirnáisiúnta.
Mar sin féin, tugann Parlaimint na hEorpa dá haire, murab ionann agus in limistéir gheografacha eile comhair, go bhforáiltear le forálacha sonracha don limistéar Comharsanachta, go háirithe Airteagal 20(2), do thacaíocht mhéadaithe don tsochaí shibhialta, do chosc coinbhleachtaí agus do chothú na síochána, do theagmhálacha duine le duine, lena n-áirítear comhar idir údaráis áitiúla, do thacaíocht d’fheabhsú chearta an duine nó do bhearta tacaíochta a bhaineann le géarchéimeanna, i gcás díghrádú tromchúiseach nó seasmhach ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta, nó i gcás baol coinbhleachta méadaithe. Measann Parlaimint na hEorpa gur cheart tacaíocht mhéadaithe den sórt sin do na limistéir thuasluaite a chur ar fáil má tharlaíonn an díghrádú sin i dtíortha lasmuigh den limistéar Comharsanachta chomh maith, agus meabhraíonn sí go bhforáiltear le hAirteagal 4(5) go háirithe go bhféadfar gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme trí chláir théamacha a dhéanamh freisin i gcás inar cuireadh an clár geografach ar fionraí.
Measann Parlaimint na hEorpa go modhnófaí an scéim fhoriomlán airgeadais a comhaontaíodh faoin ngnáthnós imeachta reachtach dá gcuirfí cúnamh ar fionraí faoi na hionstraimí sin. Mar chomhreachtóir agus mar chomhbhrainse den údarás buiséadach, tá Parlaimint na hEorpa i dteideal a sainchumais a fheidhmiú ina leith sin, má tá cinneadh den sórt sin le déanamh.
|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 226/2 |
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus maidir le comhordú straitéiseach
(2021/C 226 I/02)
Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil na tagairtí d’ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais in Airteagal 9 de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle imithe i léig, agus measann sí dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil, gur cheart an tAirteagal seo a thabhairt cothrom le dáta, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, d’fhonn ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais is infheidhme i dtréimhse CAI 2021-2027, eadhon an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, an Ionstraim Eorpach um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach, an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn.
Iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) struchtúr comhordaithe straitéiseach a bhunú a bheidh comhdhéanta de sheirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin agus de SEGS chun comhleanúnachas, sineirgíocht, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/947 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda.
|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 226/3 |
Ráiteas ón gComhairle maidir le rialachas i ndáil leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda
(2021/C 226 I/03)
De bhun Airteagal 16(1) CAE, feidhmíonn an Chomhairle feidhmeanna sainithe beartas agus feidhmeanna comhordaitheacha. Cuireann an Chomhairle freisin leis an gcreat beartais foriomlán maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo. Déanann NDICI – An Eoraip Dhomhanda 10 n-iar-ionstraim a shruthlíniú in aon ionstraim leathan chuimsitheach amháin. Chuige sin, tá gá le treoir straitéiseach bhreise ón gComhairle maidir le príomhchuspóirí agus príomhthosaíochtaí beartais na hionstraime,
lena n-áirítear comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht níos fearr a áirithiú le hionstraimí agus beartais ábhartha eile de chuid an Aontais chun luachanna agus leasanna an Aontais a shaothrú. Agus roinnt na n-inniúlachtaí agus na ról idir institiúidí an Aontais á hurramú, agus chun bonn eolais a chur faoina treoir straitéiseach, tá sé beartaithe ag an gComhairle tuairimí a mhalartú go rialta agus obair leantach a dhéanamh maidir leis na roghanna straitéiseacha foriomlána don chlársceidealú, lena n-áirítear leithdháileadh chistiú cholúin gheografacha agus théamacha na hionstraime, chomh maith le húsáid a bhaint as colún na mearfhreagartha agus leas a bhaint as cúlchiste na ndúshlán agus na dtosaíochtaí atá ag teacht chun cinn.
Ba cheart a chumhdach leis na malartuithe tuairimí sin an faireachán ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní i ndáil leis na spriocanna caiteachais, fionraí chúnamh seachtrach an Aontais faoin ionstraim, chomh maith le torthaí meastóireachtaí geografacha agus téamacha.
Ina theannta sin, ba cheart a chumhdach leis na malartuithe tuairimí sin an chaoi a n-úsáidtear cistiú an Aontais chun na cuspóirí a leagtar amach san ionstraim a bhaint amach, inter alia, an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur leis an mbochtaineacht; forbairt inbhuanaithe, comhrac an athraithe aeráide; an daonlathas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine a chomhdhlúthú agus a chur chun cinn, agus tacú leo, agus úsáid an tsásra chistiúcháin sholúbtha maidir leis an imirce agus an chaoi a bhféadfaí an cistiú a athrú mar thoradh ar chur i bhfeidhm na dtorthaí giarála is gá.
Iarrtar ar an gCoimisiún faisnéis ábhartha a chur ar fáil chun malartú tuairimí leis an gComhairle a éascú agus na seasaimh ón gComhairle a chur san áireamh go hiomlán.
Cé go soláthraíonn an Chomhairle treoir straitéiseach agus go n-áirithíonn sí comhordú foriomlán, feidhmeoidh ionadaithe na mBallstát sa Choiste arna bhunú le Rialachán NDICI – An Eoraip Dhomhanda a ról i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart an Coiste a thionól i bhformáidí éagsúla dar cúram réimsí sonracha idirghabhála, amhail gníomhaíochtaí geografacha, téamacha, mearfhreagartha, chun go bhféadfaidh na Ballstáit an saineolas iomchuí a chur ar fáil. Ba cheart d’ionadaithe na mBallstát tuairimí a mhalartú go rialta leis an gCoimisiún maidir le clársceidealú ilbhliantúil NDICI – An Eoraip Dhomhanda, go háirithe maidir le colúin gheografacha agus théamacha, na hathbhreithnithe meántéarma agus maidir le hathbhreithnithe ad hoc ar chláir ilbhliantúla tháscacha. Féadfaidh ionadaithe na mBallstát a iarraidh go scrúdófaí ábhair a bhaineann le cur chun feidhme na hionstraime. Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún an méid thuas a léiriú ina thogra le haghaidh rialacha nós imeachta an Choiste.
|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 226/4 |
An dearbhú ón gCoimisiún maidir le hidirphlé geopholaitiúil le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda:
(2021/C 226 I/04)
Tá an Coimisiún Eorpach, agus aird á tabhairt aige ar fheidhmeanna rialaithe polaitiúla Pharlaimint na hEorpa a leagtar síos in Airteagal 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tiomanta d’idirphlé geopholaitiúil ardleibhéil a dhéanamh idir an dá institiúid maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda. Leis an idirphlé sin, ba cheart go mbeifí in ann malartuithe a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa, agus cuirfear san áireamh go hiomlán na seasaimh atá acu maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.
San idirphlé geopholaitiúil, pléifear treoshuímh ghinearálta maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, lena n áirítear maidir le clársceidealú sula nglacfar na doiciméid chlársceidealaithe, agus a bhaineann le hábhair shonracha amhail úsáid a bhaint as an maolán um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn nó giaráil a chur i bhfeidhm as a dtiocfaidh athruithe a d’fhéadfadh teacht ar leithdháileadh cistiúcháin atá tiomnaithe don imirce nó ar an gcúnamh a thugtar do thír chomhpháirtíochta a chur ar fionraí nuair nach n urramaíonn sí go leanúnach prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, an dea-rialachais, urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha.
Seo a leanas struchtúr an idirphlé gheopholaitiúil:
|
i) |
Idirphlé ardleibhéil idir an tArdionadaí/Leas-Uachtarán agus na Coimisinéirí i gceannas ar Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta agus ar an gComharsanacht agus ar an Méadú agus Parlaimint na hEorpa. |
|
ii) |
Idirphlé buan ar leibhéal na n oifigeach sinsearach le meithleacha AFET agus DEVE chun a áirithiú go ndéanfar ullmhúchán leordhóthanach agus go ndéanfar obair leantach ar an idirphlé ardleibhéil. |
Beidh an t idirphlé ardleibhéil ar siúl dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh ceann de na cruinnithe a bheith i gcomhthráth le tíolacadh an dréachtbhuiséid bhliantúil ag an gCoimisiún.
|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 226/5 |
An dearbhú ón gCoimisiún maidir le hAithrisí 50, 51 agus Airteagal 8.10:
(2021/C 226 I/05)
Na cláir réigiúnacha tacaíochta don imirce, tacóidh siad le comhpháirtíochtaí cuimsitheacha cothroma saincheaptha le tíortha tionscnaimh nó tíortha idirthurais agus tíortha óstacha ábhartha, ag leanúint cur chuige solúbtha spreagúil, agus le tacaíocht ón sásra comhordúcháin laistigh den Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda. Déanfar iad a chomhlánú le gníomhaíochtaí faoi na cláir tíre, i gcás inarb iomchuí.
D’fhonn a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtúla agus is éifeachtaí is féidir as na cistí sin, i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta, cuirfidh an Coimisiún Eorpach na tosaíochtaí sin chun feidhme go gníomhach trí úsáid a bhaint as na hionstraimí ábhartha uile de chuid an Aontais agus glacfaidh sé páirt i gcomhordú leis na Ballstáit ar bhealach sioncronaithe agus éifeachtúil. Áiritheoidh sé go gcuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go dlúth agus go rialta, rud a fhágfaidh go bhféadfar tuairimí a mhalartú.