ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 219I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

64
9 Meitheamh 2021


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2021/C 219 I/01

Cinneadh ón g Coimisiún an 7 Meitheamh 2021 lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/17/CE

1

2021/C 219 I/02

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

3

2021/C 219 I/03

Liosta de chomhaltaí líonra na bpríomhdhéileálaithe

7

2021/C 219 I/04

Cinneadh Cur Chun Feidhmeón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2021 lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

9


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 219/1


CINNEADH ÓN g COIMISIÚN

an 7 Meitheamh 2021

lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/17/CE

(2021/C 219 I/01)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2009/17/CE ón gCoimisiún (1), bunaíodh Coiste Saineolaithe um Postú Oibrithe (“an Coiste”) chun tacú leis na Ballstáit agus chun cúnamh a thabhairt dóibh a n-oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

In 2019, bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair (“an tÚdarás”) le Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus é mar aidhm aige cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir leis an dlí de chuid an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais agus le córais na slándála sóisialta laistigh den Aontas a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear oibrithe a phostú.

(3)

De bhun Airteagal 4 den Rialachán (AE) 2019/1149, tá an tÚdarás chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún maidir leis an rochtain ar fhaisnéis a neartú, tacú le comhlíonadh agus comhar idir na Ballstáit i dtaobh chur i bhfeidhm agus fhorfheidhmiú comhsheasmhach éifeachtúil éifeachtach an dlí de chuid an Aontais a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais, córais slándála sóisialta a chomhordú laistigh den Aontas, agus idirghabháil a dhéanamh chun teacht ar réitigh agus réitigh a éascú i gcás díospóidí.

(4)

Cumhdaítear le cúraimí an Údaráis de bhun Airteagal 4 den Rialachán (AE) 2019/1149 cuid de na cúraimí a rinne an Coiste roimhe seo, lena n-áirítear malartú faisnéise maidir leis an gcomhar riaracháin agus cúnamh maidir le ceisteanna faoin gcur chun feidhme de bhun Airteagal 2 de Chinneadh 2009/17/CE ón gCoimisiún.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2009/17/CE a aisghairm,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh 2009/17/CE.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 26 Bealtaine 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Nicolas SCHMIT

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 8, 13.1.2009, lch. 26.

(2)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).


9.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 219/3


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN GCOIMISIÚN

an 3 Meitheamh 2021

lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2021/C 219 I/02)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (2) (“Ionstraim na Ginéive”), is comhaontú idirnáisiúnta é faoina gcuireann na Páirtithe Conarthacha córas chun feidhme chun ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint go frithpháirteach.

(2)

Tar éis Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle (3) maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive, rinne an tAontas an ionstraim aontachais le hIonstraim na Ginéive a thaisceadh an 26 Samhain 2019. Tháinig aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020. Ós rud é gurbh é an tAontas an cúigiú Páirtí Conarthach a d’aontaigh d’Ionstraim na Ginéive, tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm ar an dáta céanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) d’Ionstraim na Ginéive.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, a chláróidh é sa Chlár Idirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, sa deireadh féadfaidh na Páirtithe Conarthacha eile cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad chun an t-ainmniúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin a chosaint laistigh dá gcríocha féin i bhfianaise nós imeachta sonrach um scagadh.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, chun críoch an Rialacháin sin agus na ngníomhartha a glacadh dá bhun, cumhdaítear sa téarma “tásca geografacha” na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus na tásca geografacha faoi chosaint de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1753, mar Údarás Inniúil an Aontais, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh an Aontais agus tásca geografacha an Aontais leis an mBiúró Idirnáisiúnta tar éis aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive agus ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta.

(6)

Idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2020, sheol na Ballstáit 47 n-iarratas chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, maidir le clárú sa Chlár Idirnáisiúnta sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(7)

Ainmneacha atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC) agus mar thásca geografacha faoi chosaint (TGFC), ba cheart iad a chomhdú mar iarratais ar chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta mar ainmniúcháin tionscnaimh agus mar thásca geografacha faoi seach.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart liosta de shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC) agus tásca geografacha faoi chosaint (TGFC) a bhunú, é bunaithe ar na hiarrataí a sheol na Ballstáit chuig an gCoimisiún chun iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Bunaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, liosta de shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint atá cosanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta ag an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 1.

(2)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 15.

(3)  Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta na dtásc geografacha atá cosanta san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint) atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753

An Bhulgáir

Българско розово масло/Bulgarsko rozovo maslo (TGFC)

An Ghearmáin

Allgäuer Emmentaler (STFC)

Bayerisches Bier (TGFC)

Münchener Bier (TGFC)

An Ghréig

Φέτα/Feta (STFC)

Καλαμάτα/Kalamata (STFC)

Κολυμβάρι Χανίων Κρήτης/Kolymvari Chanion Kritis (STFC)

Σητεία Λασιθίου Κρήτης/Sitia Lasithiou Kritis (STFC)

Λακωνία/Lakonia (TGFC)

An Spáinn

Aceite de Mallorca/Aceite mallorquín/Oli de Mallorca/Oli mallorquí (STFC)

Aceite de Terra Alta/Oli de Terra Alta (STFC)

Azafrán de La Mancha (STFC)

Baena (STFC)

Cereza del Jerte (STFC)

Dehesa de Extremadura (STFC)

Guijuelo (STFC)

Idiazabal (STFC)

Jabugo (STFC)

Kaki Ribera del Xúquer (STFC)

Les Garrigues (STFC)

Mahón-Menorca (STFC)

Montes de Toledo (STFC)

Oli de l’Empordà/Aceite de L’Empordà (STFC)

Pasas de Málaga (STFC)

Pimentón de Murcia (STFC)

Pimentón de la Vera (STFC)

Priego de Córdoba (STFC)

Queso de Murcia al vino (STFC)

Queso Manchego (STFC)

Sierra de Cazorla (STFC)

Sierra Mágina (STFC)

Siurana (STFC)

Vinagre de Jerez (STFC)

Vinagre de Montilla-Moriles (STFC)

Aceite de Jaén (TGFC)

Ajo Morado de Las Pedroñeras (TGFC)

Carne de Ávila (TGFC)

Chorizo Riojano (TGFC)

Jamón de Trevélez (TGFC)

Plátano de Canarias (TGFC)

Sobrasada de Mallorca (TGFC)

Ternera Gallega (TGFC)

Turrón de Agramunt/Torró d’Agramunt (TGFC)

An Iodáil

Salame Felino (TGFC)

An Ungáir

Alföldi kamillavirágzat (STFC)

Szentesi paprika (TGFC)

An tSlóvaic

Paprika Žitava/Žitavská paprika (STFC)


9.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 219/7


Liosta de chomhaltaí líonra na bpríomhdhéileálaithe

(2021/C 219 I/03)

I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2021/625 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le bunú líonra na bpríomhdhéileálaithe agus sainiú na gcritéar incháilitheachta le haghaidh príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite chun críoch gníomhaíochtaí iasachtaíochta ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (1), foilseofar an liosta de chomhaltaí líonra na bpríomhdhéileálaithe uair sa bhliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

1.

ABN AMRO Bank N.V.

2.

Banco Bilbao Vizcaya Argentaria S.A.

3.

Banco Santander S.A.

4.

Barclays Bank Ireland Plc

5.

BNP Paribas S.A.

6.

BofA Securities Europe S.A.

7.

Bred Banque Populaire

8.

Citigroup Global Markets Europe AG

9.

Commerzbank AG

10.

Coöperatieve Rabobank U.A.

11.

Credit Agricole Corporate and Investment Bank S.A.

12.

Danske Bank A/S

13.

DekaBank Deutsche Girozentrale

14.

Deutsche Bank AG

15.

DZ Bank AG Deutsche Zentral-Genossenschaftsbank

16.

Erste Group Bank AG

17.

Goldman Sachs Bank Europe SE

18.

HSBC Continental Europe S.A.

19.

Intesa Sanpaolo S.p.A.

20.

Jefferies GmbH

21.

J.P. Morgan AG

22.

KBC Bank N.V.

23.

Landesbank Baden-Württemberg

24.

Landesbank Hessen-Thueringen Girozentrale

25.

Morgan Stanley Europe SE

26.

MPS Capital Services Banca per le Imprese S.p.A.

27.

National Bank of Greece S.A.

28.

Natixis S.A.

29.

Natwest Markets N.V.

30.

Nomura Financial Products Europe GmbH

31.

Norddeutsche Landesbank–Girozentrale

32.

Nordea Bank Abp

33.

Piraeus Bank S.A.

34.

Royal Bank of Canada Capital Markets (Europe) GmbH

35.

Skandinaviska Enskilda Banken AB (SEB)

36.

Societe Generale S.A.

37.

Swedbank AB

38.

TD Global Finance Unlimited Company

39.

UniCredit Bank AG


(1)  IO L 131, 16.4.2021, lch. 170.


9.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 219/9


CINNEADH CUR CHUN FEIDHMEÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meitheamh 2021

lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2021/C 219 I/04)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (2) (“Ionstraim na Ginéive”), is comhaontú idirnáisiúnta é faoina gcuireann na Páirtithe Conarthacha córas chun feidhme chun ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint go frithpháirteach.

(2)

Tar éis Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle (3) maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive, rinne an tAontas an ionstraim aontachais le hIonstraim na Ginéive a thaisceadh an 26 Samhain 2019. Tháinig aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020. Ós rud é gurbh é an tAontas an cúigiú Páirtí Conarthach a d’aontaigh d’Ionstraim na Ginéive, tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm ar an dáta céanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) d’Ionstraim na Ginéive.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, a chláróidh é sa Chlár Idirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, sa deireadh féadfaidh na Páirtithe Conarthacha eile cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad chun an t-ainmniúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin a chosaint laistigh dá gcríocha féin i bhfianaise nós imeachta sonrach um scagadh.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, chun críoch an Rialacháin sin agus na ngníomhartha a glacadh dá bhun, cumhdaítear sa téarma “tásca geografacha” na tásca geografacha de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1753, mar Údarás Inniúil an Aontais, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh an Aontais agus tásca geografacha an Aontais leis an mBiúró Idirnáisiúnta tar éis aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive agus ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta.

(6)

Idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2020, sheol na Ballstáit 2 iarratas chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, maidir le clárú sa Chlár Idirnáisiúnta tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

(7)

Ainmneacha atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 mar thásca geografacha, ba cheart iad a chomhdú mar iarratais ar chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta mar thásca geografacha.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart liosta de thásca geografacha a bhunú, é bunaithe ar na hiarrataí a sheol na Ballstáit chuig an gCoimisiún chun iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um tháirgí fíona chumhraithe,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Bunaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, liosta de thásca geografacha atá cosanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta ag an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 1.

(2)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 15.

(3)  Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).


IARSCRÍBHINN

Liosta na dtásc geografacha atá cosanta san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 (tásca geografacha) atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753

An Spáinn

Vino Naranja del Condado de Huelva (TG)

An Iodáil

Vermut di Torino / Vermouth di Torino (TG)