ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 201I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

64
28 Bealtaine 2021


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2021/C 201 I/01

Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir leis na leithdháiltí sonracha le haghaidh ardáin na nIonad barr feabhais gairme

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2021/C 201 I/02

Cinneadhón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2021 maidir le laethanta saoire poiblí a dheonófar le haghaidh na bliana 2023 d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg

2


GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

28.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 201/1


Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir leis na leithdháiltí sonracha le haghaidh ardáin na nIonad barr feabhais gairme

(2021/C 201 I/01)

Gan dochar do chumhachtaí an údaráis reachtaigh agus bhuiséadaigh, geallann an Coimisiún go ndéanfar méid táscach EUR 400 milliún i bpraghsanna reatha a leithdháileadh chun tacú le hardáin na nIonad barr feabhais gairme le linn thréimhse iomlán an chláir, ar choinníoll go ndeimhneofar leis an meastóireacht eatramhach ar an gclár measúnú dearfach ar thorthaí na gníomhaíochta.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

28.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 201/2


CINNEADHÓN gCOIMISIÚN

an 25 Bealtaine 2021

maidir le laethanta saoire poiblí a dheonófar le haghaidh na bliana 2023 d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg

(2021/C 201 I/02)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus do Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle, (1) agus go háirithe Airteagal 61 de na Rialacháin Foirne, mar aon le hAirteagail 16 agus 91 de CEOS,

Ag féachaint do na comhrialacha lena leagtar síos liosta na laethanta saoire poiblí atá ag dul d’oifigigh na gComhphobal Eorpach (2), agus go háirithe Airteagal 1(3) díobh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise Airteagal 61 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise Airteagail 16 agus 91 de CEOS, is iomchuí liosta na laethanta saoire poiblí in 2023 atá ag dul do na hoifigigh agus do na seirbhísigh eile atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a leagan síos.

(2)

In 2023, is ar an 9 Aibreán a bheidh Domhnach Cásca.

(3)

In 2023, is Domhnach atá sa 24 Nollaig.

(4)

An 24 Márta 2021, chuathas i gcomhairle le Coláiste na gCeann Riaracháin féachaint cén tuairim a bhí aige maidir le laethanta saoire poiblí na bliana 2023,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Seo a leanas na laethanta saoire poiblí atá deonaithe le haghaidh na bliana 2023 do na hoifigigh agus na seirbhísigh eile atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg:

2 Eanáir

an lá i ndiaidh Lá Caille

6 Aibreán

Déardaoin Mandála

7 Aibreán

Aoine an Chéasta

10 Aibreán

Luan Cásca

1 Bealtaine

Lá Bealtaine

9 Bealtaine

Comóradh Dhearbhú Uachtarán Schuman 1950

18 Bealtaine

Déardaoin Deascabhála

19 Bealtaine

an lá i ndiaidh na Deascabhála

29 Bealtaine

Luan Cincíse

23 Meitheamh*

Lá náisiúnta Lucsamburg

*lá a dheonaítear do na hoifigigh agus na seirbhísigh eile atá lonnaithe i Lucsamburg

21 Iúil*

Lá náisiúnta na Beilge

*lá a dheonaítear do na hoifigigh agus na seirbhísigh eile atá lonnaithe sa Bhruiséil

15 Lúnasa

An Deastógáil

1 Samhain

Lá Samhna

2 Samhain

Lá Fhéile na Marbh

Ón 25 Nollaig

go dtí

an 29 Nollaig

5 lá dheireadh na bliana

IOMLÁN 2023

18 lá

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2021

Thar ceann an Choimisiúin

Johannes HAHN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1

(2)  Leagan comhdhlúite de na Rialacháin Foirne a d’fhoilsigh seirbhísí an Choimisiúin in Eanáir 2003, lch. IV-2.