ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
64 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
An Chomhairle |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 190 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Chomhairle
18.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA FOLÚNTAIS CONS/AD/169/21
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Roinn |
GSC.LING.2. |
Ionad oibre |
An Bhruiséil, áras Justus Lipsius |
Teideal an phoist |
Stiúrthóir |
Feidhmghrúpa agus grád |
AD 14 |
An t-imréiteach slándála atá riachtanach |
SECRET UE/EU SECRET |
SPRIOCDHÁTA LE hAGHAIDH IARRATAS |
8 Meitheamh 2021 - 12.00 meán lae (am na Bruiséile) |
Cé sinne
Cuidíonn Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) leis an gComhairle Eorpach, le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus lena gcomhlachtaí ullmhúcháin i ngach réimse a bhaineann lena ngníomhaíochtaí. Cuireann sí comhairle agus tacaíocht ar fáil do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí agus don Chomhairle agus dá nUachtaráin i ngach réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear comhairle faoi bheartais agus comhairle dhlíthiúil, comhordú le hinstitiúidí eile, comhréitigh a fhorbairt, maoirseacht a dhéanamh chomh maith leis na nithe uile is gá chun dea-ullmhúchán a dhéanamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle agus chun go mbeidh siad á reáchtáil mar is cuí.
Tá an tSeirbhís Aistriúcháin freagrach as aistriúcháin ar dhoiciméid na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas Eorpach. Ina theannta sin, cuireann an tSeirbhís Aistriúcháin cúnamh eagarthóireachta ar fáil do dhréachtóirí na ndoiciméad inmheánach agus do dhréachtóirí dhoiciméid na hUachtaránachta chomh maith le cúnamh ilteangach i dtaca le faireachán na meán, cruinnithe faisnéise de chuid Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus tionscnaimh eile. Faoin gcur chuige dar teideal Strategic approach for an evolving service 2020-2024, [Cur chuige straitéiseach do sheirbhís atá ag éabhlóidiú 2020-2024,] tá an tSeirbhís Aistriúcháin dírithe ar sheirbhís sholúbtha a fhorbairt a bheidh faoi réir don todhchaí agus ar thacú san am céanna leis an bhfoireann agus athruithe ag tarlú. Dhá Stiúrthóireacht atá inti: LING.1 ina bhfuil 12 aonad teanga agus an tAonad Oibríochtaí, agus LING.2 ina bhfuil an 12 aonad teanga eile agus an tAonad Acmhainní.
Ár dtairiscint
Is post dúshlánach é post an Stiúrthóra i Stiúrthóireacht LING.2, i dtimpeallacht atá beo bríomhar agus spéisiúil ó thaobh na polaitíochta de. Beidh tú i gceannas ar fhoireann ina mbeidh tuairim is 450 ball foirne ó gach feidhmghrúpa agus freagrach as gnéithe oibríochtúla, airgeadais agus straitéiseacha na gcomhad a láimhseálann siad.
Faoi údarás an Leas-Ard-Stiúrthóra, déanfaidh tú an Stiúrthóireacht agus acmhainní na Stiúrthóireachta a bhainistiú ar bhealach gairmiúil, eagróidh tú gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta agus tacóidh tú leis an bhfoireann agus spreagfaidh tú iad agus iad i mbun a gcuid oibre. Cinnteoidh tú cáilíocht na seirbhísí agus na dtáirgí a chuirfidh an Stiúrthóireacht ar fáil, agus cinnteoidh tú go mbeidh cumarsáid agus comhar éifeachtach laistigh den Stiúrthóireacht féin agus leis an Stiúrthóireacht eile (LING.1), agus le seirbhísí eile de chuid na hArdrúnaíochta.
Tabharfaidh tú comhairle ardleibhéil, ó bhéal agus i scríbhinn, don Leas-Ard-Stiúrthóir i dtaca le do réimse freagrachta, ar do thionscnamh féin nó ar a iarraidh, maidir le gnéithe uile na sainchomhad a thagann faoi shainchúram na Stiúrthóireachta. Sa chomhthéacs sin, beidh ort ionadaíocht a dhéanamh ar an gComhairle Eorpach agus ar an gComhairle i bhfóraim phoiblí agus i gcaibidlíocht le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais sna réimsí a chuimsítear faoi shainchúram na Stiúrthóireachta.
Is tusa a shaineoidh na cuspóirí nach mór a chomhlíonadh agus a chabhróidh le hiad a bhaint amach trí chlár oibre na Stiúrthóireachta a bhunú agus a chinntiú go ndéanfar an faireachán iomchuí ar chur chun feidhme an chláir oibre.
Beidh tú in ann obair a phleanáil agus a eagrú ar bhealach solúbtha, faoi réir uaireanta oibre, sceideal chruinnithe Coreper, na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle, agus faoi réir riachtanais na meán. Beidh tú féin agus d’fhoireann in ann leas a bhaint as socruithe oibre solúbtha na hArdrúnaíochta, lena n-áirítear an teilea-obair. Is gá dul ar mhisin thar lear ó am go chéile, laistigh den Aontas de ghnáth (thart ar faoi dhó sa bhliain).
An té atá uainn
Tá bainisteoir á lorg againn a bhfuil taithí mhaith aige nó aici agus atá in ann foireann mhór a stiúradh agus a spreagadh, le taithí bhainistíochta i réimse an aistriúcháin más féidir. Táimid ag lorg bainisteoir dinimiciúil a bheidh in ann athruithe a bhainistiú i dtimpeallacht a bhfuil forbairt mhear theicneolaíoch ag teacht uirthi agus a bheidh in ann aschur ar ardchaighdeán a choinneáil ar bun ag an am céanna. Ní mór do Stiúrthóir LING.2 a bheith in ann próiseas nuachóirithe na Stiúrthóireachta a stiúradh trí chultúr nuálaíochta, comhoibrithe agus cumarsáide a chur chun cinn agus a chinntiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as acmhainní.
Mar bhainisteoir de chuid na hArdrúnaíochta, beifear ag súil go gcuirfidh tú comhairle orthu siúd atá i gceannas agus ar na geallsealbhóirí, go ndéanfaidh tú an fhoireann agus na hacmhainní airgeadais a bhainistiú, agus go ndéanfaidh tú ionadaíocht ar an Ardrúnaíocht. Leagtar amach an méid sin sa phróifíl chothrománach do bhainisteoirí na hArdrúnaíochta, in Iarscríbhinn I.
Ina theannta sin, beidh an méid a leanas ag teastáil ón té a cheapfar:
— |
cumas smaoineamh agus pleanáil go straitéiseach, fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn a thuar agus a shainaithint, agus réitigh agus comhréitigh inoibrithe a mholadh; |
— |
scileanna ceannaireachta agus cumas treoir a thabhairt, baill foirne a spreagadh agus a chumhachtú i dtimpeallacht idirnáisiúnta ilchultúrtha, agus béim láidir á leagan ar fhorbairt foirne; |
— |
sárscileanna cumarsáide, lena n-áirítear scileanna cumarsáide idirphearsanta; |
— |
cumas spiorad foirne láidir a chur chun cinn agus dea-chaidrimh oibre a chothabháil le réimse idirghabhálaithe inmheánacha agus seachtracha agus cumas scileanna taidhleoireachta a léiriú; |
— |
cumas athrú a bhainistiú agus tacú leis an bhfoireann agus athruithe ag tarlú; |
— |
cumas láidir obair fhoriomlán na Stiúrthóireachta a phleanáil agus a eagrú chun spriocdhátaí tábhachtacha a chomhlíonadh agus ualach oibre cothrom i measc na foirne agus pleanáil comharbais a chinntiú; |
— |
cumas comhaontuithe nó spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach trí chomhairle spriocdhírithe a chur ar fáil do gheallsealbhóirí agus trí éascú éifeachtach agus cuiditheach a dhéanamh ar phléití i dtreo torthaí atá le leas gach duine. |
Ós rud é go bhfuil beartas soghluaisteachta ag an Ardrúnaíocht dá bainisteoirí, táthar ag súil go mbeidh taithí leathan acu, ba cheart go mbeadh na hiarrthóirí toilteanach agus ábalta dul i mbun oibre i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn a ngairmréime san Ardrúnaíocht.
BEARTAS EARCAÍOCHTA
Caithfidh na coinníollacha iontrála a leanas a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarratasóirí tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh:
a) |
Coinníollacha ginearálta
|
b) |
Coinníollacha sonracha
|
NB:
(1) |
Tá gá le himréiteach slándála don phost seo, lena gceadaítear rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe (go dtí leibhéal SECRET UE/EU SECRET). Caithfidh na hiarrthóirí a chuirfidh isteach ar an bpost seo a bheith toilteanach dul faoi scagadh slándála faoi Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (2). Ní chuirfear ceapachán chun an phoist i bhfeidhm ach ar choinníoll go bhfuair an t-iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí ar imréiteach slándála. Déanfar conradh sealadach a thairiscint d’iarrthóir gan imréiteach slándála go dtí go bhfaighfear toradh an nós imeachta maidir le himréiteach slándála. |
(2) |
Ní mór don iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi a bheith sásta páirt a ghlacadh in oiliúint bhainistíochta na hArdrúnaíochta. |
NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN
Agus an t-iarrthóir rathúil á roghnú, cabhróidh coiste comhairleach roghnúcháin leis an Údarás Ceapacháin. Beidh ionad measúnaithe ag an gcoiste comhairleach roghnúcháin, a bheidh á reáchtáil ag comhairleoirí seachtracha earcaíochta. Na tuarascálacha i dtaca le poist den chineál céanna a chuirfidh an t-ionad measúnaithe le chéile, scoirfidh siad de bheith bailí 2 bhliain tar éis an dáta a ndearnadh na cleachtaí ábhartha nó ar críochnaíodh an creatchonradh idir an Ardrúnaíocht agus an t-ionad measúnaithe atá i gceist – cibé dáta is luaithe.
Déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin cáilíochtaí, taithí agus spreagthacht na n-iarratasóirí go léir a mheas agus a chur i gcomparáid le chéile ar dtús, ar bhonn a n-iarratas. Bunaithe ar an measúnú comparáideach sin, déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin gearrliosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí, dar leis, chun cuireadh a fháil chuig an gcéad agallamh. Toisc gur ar mheasúnú comparáideach na n-iarratas a bhíonn an chéad roghnú sin bunaithe, ní hionann ceanglais an fholúntais seo a chomhlíonadh agus ráthaíocht go bhfaighfear cuireadh chuig an gcéad agallamh. As measc na n-iarrthóirí a chuirfear faoi agallamh, déanfaidh an coiste comhairleach na hiarrthóirí a réamhroghnú chun freastal ar an ionad measúnaithe agus chun freastal, ina dhiaidh sin, ar an dara hagallamh leis an gcoiste comhairleach roghnúcháin.
Seo a leanas an phleanáil shealadach maidir le hiarrthóirí a roghnú:
— |
táthar ag súil go gcuirfear na hiarrthóirí a roghnófar chun agallaimh ar an eolas faoi lár mhí an Mheithimh 2021; |
— |
tá sé beartaithe go mbeidh na chéad agallaimh ar siúl sa dara leath de mhí an Mheithimh 2021 nó i dtús mhí Iúil 2021; |
— |
táthar ag súil go mbeidh imeachtaí an ionaid measúnaithe ar siúl sa chéad leath de mhí Iúil 2021; |
— |
tá sé beartaithe go mbeidh an dara babhta de na hagallaimh ar siúl sa dara leath de mhí Iúil 2021. |
NB: Is sceideal táscach amháin é an sceideal thuas agus tá sé faoi réir, go háirithe, impleachtaí na mbeart sriantach a cuireadh i bhfeidhm chun déileáil le paindéim COVID-19.
AN BUNÚS DLÍ
Foilsíodh an post seo in institiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na hinstitiúidí, i gcomhréir le míreanna (1) agus (2) d’Airteagal 29 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (3).
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
Is é an 8 Meitheamh 2021, 12.00 meán lae (am na Bruiséile), an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.
Ní ghlacfar le hiarratais ach le ríomhphost agus ní mór iad a sheoladh chuig: applications.management@consilium.europa.eu (4) tráth nach déanaí ná an dáta deiridh. Ní chuirfear aon iarratas déanach san áireamh.
Ní mór an seoladh ríomhphoist thuasluaite a úsáid i gcás aon chomhfhreagrais a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin (ní mór an teideal seo a leanas a bheith luaite sa bhosca ina luaitear ábhar an ríomhphoist: CONS/AD/169/21 LING.2).
Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart do na hiarrthóirí a sheiceáil go grinn an gcomhlíonann siad na ceanglais faoi “Beartas Earcaíochta” thuas, chun nach n-eiseofar as an nós imeachta roghnúcháin go huathoibríoch iad.
Chun go mbeidh sé bailí, ní mór na doiciméid seo a leanas a bheith san áireamh sa chomhad iarratais i bhfoirm pdf (NB: ní ghlactar le doiciméid faoi ghlas, le doiciméid atá cosanta ag pasfhocal ná le doiciméid a shínítear go leictreonach):
(a) |
an fhoirm iarratais (Iarscríbhinn V) agus í comhlíonta agus dátaithe go cuí; is féidir teacht ar an bhfoirm iarratais leictreonach ar shuíomh gréasáin na Comhairle faoin nasc seo a leanas: http://www.consilium.europa.eu/en/general-secretariat/jobs/job-opportunities/ (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) – Application form.pdf”); |
(b) |
curriculum vitae mionsonraithe (5), i mBéarla nó i bhFraincis, de rogha i bhformáid an Europass (http://europass.cedefop.europa.eu), lena gcumhdófar gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina sonrófar, inter alia, cáilíochtaí an iarratasóra, cur amach an iarratasóra ar theangacha, taithí an iarratasóra agus na cúraimí atá air nó uirthi faoi láthair (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) – CV.pdf”); |
(c) |
litir inspreagtha, i mBéarla nó i bhFraincis (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) – Motivation letter.pdf”); |
(d) |
le chéile in aon doiciméad pdf amháin, cóipeanna de dhioplómaí lena ndeimhnítear oideachas, agus cóipeanna na gcáilíochtaí agus na dteastas maidir leis an taithí ghairmiúil. Ní leor an curriculum vitae a luaitear faoi (b) amháin a chur isteach. Ní mór gur tríú páirtí a d’eisigh na doiciméid tacaíochta (an comhad le hainmniú “XXX (DO SHLOINNE) – Supporting documents.pdf”). |
Mura gcuirtear na doiciméid sin san áireamh, beidh an t-iarratas neamhbhailí.
Ní mór gach doiciméad tacaíochta a luaitear faoi (d), a uimhriú i seicheamh (Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 2, etc.) agus a ghrúpáil mar a luaitear thuas.
Ní fhéachfar ar aon iarratas a gheofar tríd an bpost, nó trí réitigh stórála sonraí néalbhunaithe nó trí ardán comhroinnte comhad.
Na hiarrthóirí a chuirfear ar an ngearrliosta, iarrfar orthu bundoiciméid na gcóipeanna thuasluaite a thabhairt ar láimh.
Cuirfear ríomhphost chuig iarrthóirí lena dheimhniú go bhfuarthas a n-iarratas. Tabhair faoi deara, mar sin féin, nach féidir deacrachtaí teicniúla a bhaineann le tarchur ríomhphost a chur as an áireamh go hiomlán choíche. Dá bhrí sin, mura bhfaigheann iarrthóir ríomhphost lena n-aithnítear go bhfuil an t-iarratas faighte, moltar d’iarrthóirí teagmháil a dhéanamh le applications.management@consilium.europa.eu. Ós rud é go dtosóidh an coiste comhairleach roghnúcháin ar a chuid oibre go luath i ndiaidh dháta deiridh na n-iarratas, ba cheart aon fhíorú riachtanach i dtaobh dheimhniú an iarratais a dhéanamh an tseachtain tar éis an dáta sin.
COMHIONANNAS DEISEANNA
Tá an Ardrúnaíocht tiomanta do chomhionannas deiseanna (féach Iarscríbhinn II).
Aithníonn an Ardrúnaíocht gur gné thábhachtach do go leor daoine í cothromaíocht mhaith oibre is saoil agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh obair sholúbtha mar chuid de thimpeallacht oibre nua-aimseartha. Dá bhrí sin, tá pacáiste an-mhaith á thairiscint aici de shocruithe agus áiseanna oibre solúbtha reachtúla amhail cúram tar éis na scoile agus naíolann.
Ina cáil mar fhostóir, tá an Ardrúnaíocht tiomanta do chomhionannas inscne a chinntiú agus an t-idirdhealú, ar aon fhoras, a chosc. Is díol sásaimh di iarratais ó iarrthóirí cáilithe ó chúlraí éagsúla, lena gcuimsítear gach saghas cumas, arb as an raon geografach is leithne is féidir dóibh as measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Chun comhionannas inscne a chur chun cinn, is mór ag an Ardrúnaíocht iarratais ó mhná.
Féadfar cúnamh a chur ar fáil le linn an nós imeachta earcaíochta do dhaoine faoi mhíchumas. Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil, cuir ríomhphost chuig Equal.opportunities@consilium.europa.eu.
ATHSCRÚDÚ AR IARRATAIS
Leagtar amach na nósanna imeachta maidir le gearáin, achomhairc agus tarchuir chuig an Ombudsman Eorpach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.
COSAINT SONRAÍ
Leagtar amach na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.
(1) Ceanglaítear le hAirteagal 5(3)(c) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) nach mór do na hiarratasóirí an méid seo a leanas a bheith acu ar a laghad:
(i) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is 4 bliana nó níos mó atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile, nó |
(ii) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is 3 bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile. |
(2) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(3) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(4) Tá an seoladh ríomhphoist nasctha le bosca ríomhphoist feidhmiúil nach féidir leis ach teachtaireachtaí ag a bhfuil “Gnáthrogha” íogaireachta a phróiseáil; ní féidir ríomhphoist a sheoltar, ag a bhfuil roghanna eile íogaireachta (e.g. “Pearsanta”, “Príobháideach”, “Rúnda”), a phróiseáil. Dá bhrí sin, roghnaigh “Gnáthrogha” íogaireachta, le do thoil. Ní ceart go rachadh do ríomhphost thar 25 MB. Má sháraíonn do ríomhphost, mar aon leis na ceangaltáin, an t-uasmhéid sin, roinn do cheangaltáin ar roinnt ríomhphost, le do thoil.
(5) Iarrtar ar na hiarrthóirí gan grianghraif a chur leis an CV.
IARSCRÍBHINN I
PRÓIFÍL CHOTHROMÁNACH DO BHAINISTEOIRÍ NA hARDRÚNAÍOCHTA
Mar bhainisteoir de chuid na hArdrúnaíochta, beidh breisluach á chruthú agat agus tú ag feidhmiú mar chomhairleoir agus mar bhainisteoir agus beidh tú i gcónaí i d’ionadaí ar an Ardrúnaíocht.
Beifear ag súil leis an méid seo a leanas uait agus na róil sin á gcomhlíonadh agat:
Mar Ionadaí
— |
Gníomhú ar bhealach macánta, go seachtrach agus go hinmheánach. |
— |
Feidhmiú chun leasa na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle, agus chun leasa an Aontais ina iomláine. A chinntiú go ndéanfar aon neamhréireachtaí a shainaithint agus a bhainistiú. |
— |
Caidrimh a chruthú ina mbeidh muinín, iontaoibh agus oscailteacht, agus a bheith i do ghréasánaí gníomhach. |
— |
A bheith dírithe ar thorthaí agus údarásach, ach a bheith urramach agus dírithe ar sheirbhís ag an am céanna. |
Mar Chomhairleoir
— |
Cuidiú le forbairt an Aontais. A bheith réamhghníomhach agus cruthaitheach. Dearcadh chun tosaigh agus forbairtí a bheartú don todhchaí. Gníomhú mar sholáthraí réiteach. |
— |
Comhairle a chur ar ár ngeallsealbhóirí chun go mbeidh siad in ann a n-aidhmeanna a bhaint amach agus aird á tabhairt ar leas ár dhá institiúid. A bheith oibiachtúil agus cothrom. |
— |
A bheith ar an eolas faoin idirghníomhaíocht idir cinnteoireacht agus díospóireacht phoiblí. Sa chomhairle a chuirfidh tú ar fáil, a chinntiú go gcuirfear staid pholaitiúil ár ngeallsealbhóirí san áireamh chomh maith le ceisteanna cumarsáide. |
— |
Cinnteoireacht dhlisteanach a éascú trí chomhar, trí chaidreamh maith oibre agus trí chomhréiteach i measc na mBallstát agus leis na hInstitiúidí, agus le geallsealbhóirí eile. |
— |
A bheith ar an eolas faoi fhorbairtí i do réimse freagrachta, thar an méid a bhaineann le hobair reatha na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle freisin. An mórléargas foriomlán a chur san áireamh. |
Mar Bhainisteoir
— |
D’fhoireann a chumhachtú, cúraimí a dháileadh uirthi agus muinín a bheith agat aisti, tacú léi agus í a spreagadh, aiseolas agus treoir a thabhairt, d’fhoireann a spreagadh chun gníomhú as a stuaim féin agus chun smaoineamh as an nua; an t-ordlathas agus smacht a laghdú chuig an méid is ísle is gá, agus an cháilíocht á coimeád ag an am céanna. |
— |
Cuspóirí agus an méid a bhfuiltear ag súil leis a chur in iúl go soiléir agus sreabhadh na faisnéise a chinntiú, chuig d’fhoireann, ó d’fhoireann agus i measc na mball foirne, agus le hArdstiúrthóireachtaí, Stiúrthóireachtaí agus aonaid eile. |
— |
Gníomhú ar mhaithe leis an Ardrúnaíocht ina hiomláine, ní hamháin ar mhaithe le d’Ardstiúrthóireacht féin nó do Stiúrthóireacht féin nó d’aonad féin, agus a chinntiú gur féidir linn freastal ar ár ngeallsealbhóirí. Fáil réidh leis na bacainní idir dreamanna éagsúla. |
— |
Uchtach a bheith agat aghaidh a thabhairt go pras ar choinbhleacht, ar thearcfheidhmíocht agus ar dheacrachtaí eile; deimhin a dhéanamh de dhea-bhail agus forbairt na foirne faoi do chúram, agus an dualgas cúraim atá ort i leith na foirne a chomhlíonadh. |
— |
Agus an t-athrú á stiúradh agus á éascú agat, ról a thabhairt do d’fhoireann lena chinntiú go mbeidh an Ardrúnaíocht ar an eolas faoi fhorbairtí agus go mbeidh sí níos dinimiciúla, níos solúbtha agus níos comhoibrithí. Beart a dhéanamh de réir do bhriathair. |
— |
A bheith freagrach as an leas is fearr a bhaint as acmhainní daonna agus airgeadais na hArdrúnaíochta. |
IARSCRÍBHINN II
COMHIONANNAS DEISEANNA IN ARDRÚNAÍOCHT NA COMHAIRLE (AN ARDRÚNAÍOCHT)
Tá Ardrúnaíocht na Comhairle tiomanta do chomhionannas deiseanna dá fostaithe agus do gach duine a dhéanfaidh iarratas ar phost. Ina cáil mar fhostóir, tá an Ardrúnaíocht tiomanta do chomhionannas idir fir agus mná a chinntiú agus an t-idirdhealú, ar aon fhoras, a chosc. Is díol sásaimh di iarratais ó iarrthóirí cáilithe ó chúlraí éagsúla, lena gcuimsítear gach saghas cumas, arb as an raon geografach is leithne is féidir dóibh as measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna an bheartais comhionannais deiseanna de chuid na hArdrúnaíochta:
— |
ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach. Is mór ag an Ardrúnaíocht iarratais ó mhná, go háirithe le haghaidh poist bhainistithe, ó tharla go bhfuil mná faoi ghannionadaíocht faoi láthair; |
— |
inrochtaineacht ar an timpeallacht oibre a fheabhsú agus an chuimsitheacht a chinntiú. Féadfar socruithe réasúnta cóiríochta d’fhoireann faoi mhíchumas a chur ar fáil, ach amháin más rud é go gcuirfí ualach míchuí ar acmhainní na hinstitiúide. Féadfar cúnamh a chur ar fáil le linn an nós imeachta earcaíochta do dhaoine faoi mhíchumas; |
— |
a chinntiú go n-urramóidh na beartais acmhainní daonna agus bainistithe pearsanra atá ann prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe; |
— |
an fhoireann a chosaint ar chiapadh san áit oibre; |
— |
réiteach a dhéanamh idir an saol gairmiúil agus an saol príobháideach. Cuireann an Ardrúnaíocht pacáiste cuimsitheach bearta oibre solúbtha ar fáil, lena n-áirítear teilea-obair, am oibre aonair agus an deis a bheith ag máithreacha agus aithreacha saoire do thuismitheoirí a thógáil i gcomhréir leis an Rialachán Foirne. Tá crèche ag an Ardrúnaíocht do leanaí idir 0-4 bliana d’aois. Cuirtear cúram tar éis na scoile agus áiseanna saoire arna n-eagrú ag an gCoimisiún Eorpach ar fáil do leanaí fhoireann na hArdrúnaíochta. |
Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil, cuir ríomhphost chuig Equal.opportunities@consilium.europa.eu
IARSCRÍBHINN III
GEARÁN INMHEÁNACH – ACHOMHARC BREITHIÚNACH – GEARÁN LEIS AN OMBUDSMAN EORPACH
Más rud é, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, go bhfuil tú míshásta leis an gcaoi a láimhseáiltear d’iarratas, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh.
Gearán inmheánach
I gcás ina bhfaighidh tú cinneadh lena bhfuil tú míshásta, féadfaidh tú, laistigh de 3 mhí tar éis an cinneadh a fháil, gearán a thaisceadh faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, ag an seoladh seo a leanas:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
Comhairleoirí Dlí an Aonaid Riaracháin, ORG 1.F |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 BRUXELLES/BRUSSEL |
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: legal.advisersHR@consilium.europa.eu |
Tabharfaidh an tÚdarás Ceapacháin freagra i scríbhinn ar na gearáin sin laistigh de 4 mhí ón ngearán a fháil. Más rud é go dtagann do ghearán luath go leor, áfach, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh an coiste comhairleach roghnúcháin athbhreithniú ar an gcinneadh is cuspóir do do ghearán agus freagra a thabhairt ort ar an mbonn sin.
Achomharc breithiúnach
Má bhíonn tú míshásta leis an bhfreagra a gheobhaidh tú ón Údarás Ceapacháin faoin nós imeachta maidir le gearáin inmheánacha, féadfaidh tú achomharc breithiúnach a chur isteach faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:
Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh |
Rue du Fort Niedergrünewald |
L-2925 Lucsamburg |
LUCSAMBURG |
Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach
Tar éis gach féidearthacht maidir le sásamh a fháil ag an Ardrúnaíocht, go háirithe an nós imeachta inmheánach maidir le gearáin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú, ar nós aon saoránaigh eile den Aontas, gearán a thaisceadh ag an seoladh seo a leanas:
An tOmbudsman Eorpach |
1 Avenue du Président Robert Schuman – BP 403 |
67001 Strasbourg Cedex |
AN FHRAINC |
faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (1).
Tabhair faoi deara, maidir le gearáin a thaiscfear leis an Ombudsman Eorpach, nach mbeidh éifeacht fionraíochta ar bith acu maidir leis an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne i ndáil le gearáin nó le hachomhairc a thaisceadh le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
IARSCRÍBHINN IV
COSAINT SONRAÍ
Ós í Ardrúnaíocht na Comhairle an institiúid a bhfuil freagracht uirthi as an nós imeachta roghnúcháin a eagrú, áirithíonn sí go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarratasóirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1).
Is é an bunús dlí don nós imeachta roghnúcháin Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (2). Is faoi fhreagracht Aonad Foirne agus Soghluaisteachta na Stiúrthóireachta Acmhainní Daonna (ORG.1), a dhéantar an nós imeachta roghnúcháin a reáchtáil, agus is é ceann an aonaid sin an rialaitheoir. Beidh rochtain ag comhaltaí na hOifige um Roghnú Oifigeach agus ag a n-oifigigh uachtaracha, ag comhaltaí an Choiste Chomhairligh Roghnúcháin agus, más gá, ag comhaltaí Aonad na gComhairleoirí Dlí, ar an bhfaisnéis a chuireann iarratasóirí ar fáil. An fhaisnéis riaracháin lena sainaithnítear iarrthóir agus/nó atá riachtanach d’eagrú praiticiúil an nós imeachta féin, féadfar í a sheachadadh chuig ionad measúnaithe.
Is é an cuspóir atá leis an oibríocht phróiseála sonraí a bhailiú lena sainaithneofar gach iarratasóir ar phost le hArdrúnaíocht na Comhairle agus chun duine a roghnú as measc na n-iarratasóirí sin.
Seo a leanas na sonraí atá i gceist:
— |
sonraí pearsanta lena bhféadfar na hiarratasóirí a shainaithint (sloinne, céadainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht); |
— |
faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun eagrúchán praiticiúil an nós imeachta a éascú (seoladh poist, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin); |
— |
faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun go mbeifear in ann a mheas an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála a leagtar síos i bhfógra an fholúntais (náisiúntacht; teangacha; cáilíochtaí na n-iarratasóirí agus an bhliain ar bronnadh iad, an cineál dioplóma/céime, ainm na hinstitiúide bronnta, taithí ghairmiúil); |
— |
más infheidhme, faisnéis ar chineál agus ar fhad imréiteach slándála na n-iarratasóirí; |
— |
torthaí na scrúduithe a rinne na hiarratasóirí, lena n-áirítear na meastóireachtaí a rinne comhairleoirí an ionaid measúnaithe a chur le chéile thar ceann an choiste roghnúcháin. |
Cuirfear tús leis an bpróiseáil ar an dáta a bhfaightear an t-iarratas. Cuirtear na hiarratais i gcomhad agus stóráiltear iad sa chartlann ar feadh 2 bhliain.
Féadfaidh gach iarratasóir a gceart rochtana ar na sonraí pearsanta a fheidhmiú chomh maith leis an gceart na sonraí sin a cheartú. Ba cheart achainíocha réasúnaithe a sheoladh tríd an r-phost chuig an Oifig um Roghnú Oifigeach ag selection.officials@consilium.europa.eu.
Féadfaidh iarratasóirí dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith (edps@edps.europa.eu).
IARSCRÍBHINN V