ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
64 |
Clár |
Leathanach |
|
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 180 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:
EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
2 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 17 Márta 2021 (Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt – Éire) – UH v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire, An tArd-Aighne
(Cás C-64/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 288 CFAE - Treoir 2001/82/CE - an cód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta - Airteagail 58, 59 agus 61 - Faisnéis atá le cur ar an bhforphacáistíocht, ar an neasphacáistíocht agus ar bhileoga pacáiste táirgí íocshláinte tréidliachta - Oibleagáid maidir le faisnéis a dhréachtú i dteangacha oifigiúla uile an Bhallstáit ina gcuirtear ar an margadh an táirge - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do dhréachtú faisnéis i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit - Cúirt náisiúnta ag éisteacht caingean lena n-iarrtar cinneadh nár thrasuigh an Ballstát Treoir 2001/82/CE i gceart agus nach mór do na húdaráis inniúla an dlí náisiúnta a leasú)
Teanga an cháis: an Ghaeilge
An chúirt a rinne an tarchur
An Ard-Chúirt
Na páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: UH
Cosantóir: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire, An tArd-Aighne
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 288 CFAE a léirmhíniú amhail go gcuirtear bac leis ar chúirt náisiúnta, i gcás ina gcinneann sí, i gcomhthéacs nós imeachta arna leagan síos chuige sin leis an dlí náisiúnta, gur mhainnigh an Ballstát lena mbaineann sí a oibleagáid a chomhlíonadh i leith Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta, arna leasú le Treoir 2004/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 a thrasuí i gceart, diúltú, ar an bhforas go ndealraíonn sé di go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82, lena n-aisghairtear an treoir sin agus a mbeidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022, do dhearbhú breithiúnach a ghlacadh ina sonrófar nár thrasuigh an Ballstát sin an treoir sin i gceart agus go bhfuil sé de cheangal air é sin a leigheas.