ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

64
27 Aibreán 2021


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Coimisiún Eorpach

 

Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid - Foilsiú folúntais le haghaidh feidhm Príomhchomhairleora (grad AD 14) (Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne) - COM/2021/10403

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 149 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Coimisiún Eorpach

27.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid

Foilsiú folúntais le haghaidh feidhm Príomhchomhairleora (grad AD 14)

(Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne)

COM/2021/10403

 

Cé sinn?

Tá thart ar 530 ball foirne in Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid agus tá sé stiúrthóireacht inti – tá cúig cinn acu lonnaithe sa Bhruiséil agus tá ceann amháin ann a bhfuil foireann lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg araon aici.

Is éard atá in Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid seirbhís lárnach an Choimisiúin atá freagrach as buiséad an Aontais a ullmhú agus a chur chun feidhme le linn na dtimthriallta bliantúla agus ilbhliantúla, agus áirithíonn sí go bhfuil an buiséad á fhorghníomhú go héifeachtach i gcomhréir iomlán leis an Rialachán Airgeadais. Tá Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid freagrach freisin as an gcreat dlíthiúil is infheidhme maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais ag na hInstitiúidí, na gníomhaireachtaí agus na Ballstáit éagsúla, agus tá ról lárnach aici maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus cultúr láidir feidhmíochta a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm d’Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid a áirithiú go mbíonn torthaí nithiúla ar bhuiséad an Aontais agus go gcuireann sé breisluach le beartais an Aontais trí chéile. Ar bhonn níos ginearálta, is é an Conradh atá mar threoir ag freagrachtaí agus tosaíochtaí polaitiúla Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid agus sainítear iad a thuilleadh de réir treoirlínte polaitiúla Uachtarán von der Leyen a leagtar amach don Choimisiún le haghaidh na tréimhse 2019-2024.

Maidir leis an bhfolúntas atá le líonadh, tá ról lárnach ag Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid maidir le tacaíocht bhuiséadach an Aontais a mhaoiniú do phlean téarnaimh an Aontais i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19 trí oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt, go háirithe faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh lena dtiomsóidh an tAontas suas le EUR 800 billiún ar na margaí caipitil chun beartais éagsúla an Aontais a mhaoiniú chun cuidiú leis an gcéim dheisiúcháin agus théarnaimh. Mar gheall ar an méadú ar an scála, ar an gcastacht agus ar an tábhacht a bhaineann le beartais ghníomhaíochtaí iasachtaíochta Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid (tá na hoibríochtaí airgeadais níos leithne agus áirítear gníomhaíochtaí bainistithe sócmhainní iontu) tá straitéis chistiúcháin chomhthiomsaithe éagsúlaithe curtha ar bun ag an gCoimisiún lena gcuirfear ar a chumas don Aontas na cistí is gá a thiomsú go tráthúil agus ar an gcostas is ísle. Mar gheall ar an méadú ar an scála, ar an gcastacht agus ar an tábhacht beartais a bhaineann le punann chistiúcháin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid is gá feabhas a bheidh i gcomhréir leis an méadú sin a chur ar an bhfís straitéiseach agus ar an gcur chun feidhme maidir le straitéis chistiúcháin éagsúlaithe.

An tairiscint

Beidh post an Phríomhchomhairleora mar phointe focásach chun comhairle straitéiseach a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme agus forbairt fhéideartha straitéis chistiúcháin éagsúlaithe an Aontais, straitéis a úsáidtear chun caiteachas an Aontais faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a mhaoiniú. Má iarrtar sin air, beidh air páirt a ghlacadh i bhfor-rochtain infheisteora, agus cuideoidh sé le “taispeántais bhóthair” a fhorbairt.

Thairis sin, déanfaidh an Príomhchomhairleoir ionadaíocht don Choimisiúin ar leibhéal bainistíochta sinsearaí i bhfóraim ábhartha.

Ba cheart na freagrachtaí a bheith dírithe ar dhuine ardbhainistíochta ag a bhfuil sainordú soiléir, chun fís straitéiseach maidir le straitéis chistiúcháin éagsúlaithe a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha agus scileanna láidre cumarsáide agus cur i láthair a úsáid lena linn.

Ba cheart don duine ardbhainistíochta sin a bheith ag obair i ndlúthchomhar le bainistíocht feidhmiúcháin na hArd-Stiúrthóireachta. Beidh líne thuairisciúcháin dhíreach ag an bPríomhchomhairleoir chuig Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid.

Beidh an Príomhchomhairleoir freagrach go háirithe as an méid seo a leanas:

Straitéis a sholáthar agus a chur chun feidhme maidir le cistiú comhthiomsaithe éagsúlaithe;

A bheith ina phointe fócasach, maoirseacht a dhéanamh ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na straitéise cistiúcháin i ndáil le gach saincheist;

Tuilleadh infheistíochta a spreagadh, nuálaíocht a dhéanamh agus réitigh a roinnt;

Páirt a ghlacadh i bhfor-rochtain infheisteora, agus cuidiú le “taispeántais bhóthair” a fhorbairt;

Ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiúin ar leibhéal bainistíochta sinsearaí i bhfóraim sheachtracha.

Chun na cúraimí sin a chur chun cinn, gheobhaidh an Príomhchomhairleoir tacaíocht ón bhfeidhm seo a leanas:

Stiúrthóireacht E, a dhéanann gach oibríocht mhargaidh thar ceann bhuiséad an Aontais lena n-áirítear le haghaidh Phlean Téarnaimh an Aontais. Cuimsítear leis sin eisiúint fiachais agus riarachán iasachtaí (le haghaidh SURE, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh), bainistiú sócmhainní agus bainistiú riosca do ráthaíochtaí buiséid an Aontais (CEIS/InvestEU, an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha).

Cad atá á lorg againn (critéir roghnúcháin)

Gairmí dinimiciúil sármhaith, a chomhlíonann na critéir roghnúcháin seo a leanas, a theastaíonn le haghaidh an phoist seo:

a)

Scileanna comhairleacha:

Cumas a bhfuil cruthúnas air a bheith ag obair i ról sinsearach comhairleach maidir le hoibríochtaí cistiúcháin SSA (Ceannasach, fornáisiúnta, agus gníomhaireachtaí);

An cumas príomh-shaincheisteanna a shainaithint, gníomhú ar a thionscnamh féin agus smaoineamh go straitéiseach i bhfianaise forbairtí nua airgeadais agus polaitiúla lena n-áirítear tosaíochtaí nua bheartais an Choimisiúin;

An cumas acmhainneacht institiúideach a fhorbairt chun acmhainní airgeadais a chosaint agus a leathnú;

Cur chuige réamhbhreathnaitheach dinimiciúil a bheith aige maidir le dúshláin úra, agus é ardspreagtha an-bhuanseasmhach chun oibriú ar shaincheisteanna éagsúla ag an am céanna;

Cumas foirne ardcháilithe a stiúradh agus a spreagadh chun aschur ar ardcháilíocht a sholáthar.

b)

Sainscileanna agus saintaithí:

Cúlra cuimsitheach sa bhaincéireacht phoiblí, go háirithe sna margaí airgeadais, agus béim ar leith á leagan ar mhargaí fiachais idirnáisiúnta, laistigh d’eagraíochtaí idirnáisiúnta más féidir;

Taithí phraiticiúil ar infheistíochtaí straitéiseacha a shainaithint agus a chur chun cinn i riaracháin phoiblí nó eagraíochtaí eile;

Taithí chuimsitheach ar bheartais agus oibríochtaí cistiúcháin SSA ar leibhéal sinsearach agus freagracht astu, lena n-áirítear caidreamh for-rochtana margaidh agus caidreamh le hinfheisteoirí;

Sárscileanna eacnamaíocha agus anailísiúcháin;

Tuiscint mhaith ar cheanglais maidir le rialú inmheánach i dtimpeallacht den sórt sin.

c)

Buanna pearsanta:

Sárscileanna líonraithe, sárscileanna i réimse na cainte poiblí agus sárscileanna idirphearsanta, an éisteacht ghníomhach san áireamh;

Sárscileanna cumarsáide, agus cumas a bhfuil cruthúnas air caidreamh den scoth a fhorbairt agus a choinneáil ar bun le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Choimisiún agus ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún ar leibhéal sinsearach;

Sárscileanna idirbheartaíochta agus go háirithe, scileanna cinnteoireachta, scileanna réiteach fadhbanna agus forbartha caidrimh.

Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí (ceanglais incháilitheachta)

Ní dhéanfar iarrthóirí a mheas don chéim roghnúcháin ach amháin ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas nach mór a bheith comhlíonta faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh:

Náisiúntacht: ní mór do gach iarrthóir a bheith ina shaoránach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Céim nó dioplóma ollscoile: ní mór d'iarrthóirí:

leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó;

leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus taithí oibre chuí 1 bhliain amháin ar a laghad i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an 1 bhliain amháin sin de taithí oibre a chur san áireamh sa taithí oibre iarchéime a iarrtar thíos).

Taithí oibre: ní mór d'iarrthóirí taithí oibre (1) iarchéime 15 bliana ar a laghad a bheith acu ar leibhéal ar féidir tosú air leis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas.

Taithí chomhairleach: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre iarchéime a bheith faighte i bpost comhairleach ardleibhéil (2) i réimse atá ábhartha don phost seo.

Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (3) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn an agallaimh/na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh sa teanga eile sin mar chuid den tástáil sin.

Teorainn aoise: ní mór do na hiarrthóirí a bheith faoi bhun na gnáthaoise scoir, aois atá sainithe d'oifigigh an Aontais mar dheireadh na míosa inar shlánaigh an duine 66 bliana (féach Airteagal 52(a) de na Rialacháin Foirne (4)).

Roghnú agus ceapadh

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an Príomhchomhairleoir a roghnú agus a cheapadh i gcomhréir lena nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta (féach: An Doiciméad ar Bheartas Oifigeach Sinsearach (5)).

Mar chuid den phróiseas roghnúcháin seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun. Déanfaidh an painéal sin anailísiú ar na hiarratais go léir, rachaidh sé ar aghaidh leis an gcéad fhíorú incháilitheachta agus sainaithneoidh sé na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin a luaitear thuas agus a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.

I ndiaidh na n-agallamh sin, tarraingeoidh an painéal réamhroghnúcháin suas a thuairimí agus molfaidh sé liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (CCA). Cuirfidh CCA na tuairimí ón bpainéal réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Glacfaidh na hiarrthóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh le CCA dóibh páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Agus torthaí an agallaimh agus thuarascáil an ionaid measúnaithe á gcur san áireamh aige, tiomsóidh CCA gearrliosta d’iarrthóirí a mheasann sé a bheadh oiriúnach do bheith ag feidhmiú mar Phríomhchomhairleoir.

Is é an comhalta den Choimisiún atá i gceannas Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí ar ghearrliosta CCA (6).

I ndiaidh na n-agallamh sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach an cinneadh ceapacháin.

Ní mór don iarrthóir a roghnófar aon oibleagáid dlí a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige, teistiméireachtaí carachtair cuí a chur ar fáil maidir lena oiriúnaí atá sé i dtaca lena chuid dualgas a dhéanamh, agus a bheith in ann ag dualgas an phoist ó thaobh folláine coirp de.

Ba cheart don iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála óna údarás náisiúnta slándála a bheith aige nó a bheith in ann an deimhniú sin a fháil. Is cinneadh riaracháin é an t-imréiteach slándála pearsanta a dhéantar tar éis grinnfhiosrúchán slándála a chur i gcrích, grinnfhiosrúchán a rinne údarás náisiúnta slándála inniúil an iarrthóra i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta slándála is infheidhme, agus lena ndeimhnítear go bhféadfar cead a thabhairt do dhuine aonair rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe suas le leibhéal áirithe. (Tabhair do d'aire gur ar iarraidh an fhostóra amháin is féidir tús a chur leis an nós imeachta is gá maidir le himréiteach slándála, agus ní ar iarraidh an iarrthóra).

Ní bheidh rochtain ag an iarrthóir ar fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin, agus ní fhreastalóidh an t-iarrthóir ar aon chruinniú ag a bpléifear FRAE den sórt sin, go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-imréiteach slándála pearsanra agus go gcuirfear an nós imeachta imréitigh i gcrích leis an seisiún faisnéise, a bhfuil ceangal dlí leis, ó Stiúrthóireacht Slándála an Choimisiúin.

Ar chúiseanna feidhmiúla agus d’fhonn an próiseas roghnúcháin a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir ar mhaithe leis na hiarrthóirí agus leis an institiúid araon, is i mBéarla agus/nó i bhFraincis amháin a dhéanfar an próiseas roghnúcháin (7).

Comhdheiseanna

I gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne, tá cuspóir straitéiseach á shaothrú ag an gCoimisiún an comhionannas inscne a bhaint amach ar gach leibhéal bainistíochta faoi dheireadh a shainordaithe reatha agus cuireann sé beartas comhdheiseanna i bhfeidhm lena spreagtar iarratais a d'fhéadfadh cur leis an éagsúlacht, leis an gcomhionannas inscne agus leis an gcothromaíocht gheografach fhoriomlán.

Coinníollacha fostaíochta

Tá na tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta leagtha síos sna Rialacháin Foirne.

Earcófar an t-iarrthóir a n-éireoidh leis mar oifigeach ar ghrád AD 14. Rangófar é i gcéim 1 nó i gcéim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad a thaithí oibre roimhe sin.

Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go gceanglaítear faoi Rialacháin Foirne go gcuirfidh gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh 9 mí i gcrích.

Is sa Bhruiséil atá an folúntas, áit a bhfuil Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid lonnaithe.

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Sula rachaidh an Príomhchomhairleoir i mbun a chuid dualgas, cuirfear de cheangal air dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta do bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.

Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na riachtanais incháilitheachta (“Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí”), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí oibre ardleibhéil agus an acmhainn theangeolaíoch atá ag teastáil. Má tá aon cheann de na riachtanais incháilitheachta nach gcomhlíonann iarrthóir, eisiafar é go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an phróisis a leanúint: https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárú a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass más féidir é (8). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d'iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d'iarratas!

Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d'iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d'iarratais.

Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu

Sprioc-am

Is é 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an 27 Bealtaine 2021, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.

Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh sé críochnaithe agat, rud a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le clárúcháin dhéanacha.

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí

Cuirtear i gcuimhne d'iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin éagsúla. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil ábhartha

Sonraí pearsanta a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.


(1)  Ní chuirtear taithí oibre san áireamh ach amháin más fíorchaidreamh oibre atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar fhíorobair a bhfuarthas pá aisti agus mar fhostaí (aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Déanfar gníomhaíocht ghairmiúil a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh ar bhonn pro rata, de réir chéatadán deimhnithe na n-uaireanta lánaimseartha a oibríodh. Cuirtear saoire mháithreachais / saoire thuismitheora / saoire chun páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conradh oibre atá sí. Déantar dochtúireachtaí a chomhshamhlú le taithí oibre, fiú amháin nuair nach dochtúireachtaí ar pá iad, ach déantar sin ar feadh uastréimhse 3 bliana amháin, ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir tréimhse áirithe a áireamh ach uair amháin.

(2)  Ba cheart d'iarrthóirí na blianta go léir ina bhfuair siad taithí chomhairleach a léiriú go soiléir ina gcuraclam vitae: (1) teideal agus ról na bpost a bhí acu; (2) an réimse ábhar sonrach agus an leibhéal san eagraíocht ar a raibh an post (líon na sraitheanna cliarlathais os cionn an phoist agus faoina bhun); (3) línte tuairisciúcháin gach poist a bhí ag an iarrthóir.

(3)  http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01958R0001-20130701&qid=1408533709461&from=EN

(4)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20210101

(5)  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/compilation-of-the-senior-official-policy-at-the-european-commission_en.pdf

(6)  Ach amháin i gcás ina dtarmligfidh an Comhalta Coimisiúin lena mbaineann, i gcomhréir le Cinneadh ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2007 (PV(2007) 1811), an cúram sin do Chomhalta eile de chuid an Choimisiúin..

(7)  Féachfaidh na painéil roghnúcháin chuige nach dtabharfar aon bhuntáiste míchuí do chainteoirí dúchais na dteangacha sin.

(8)  Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/en/create-europass-cv

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).