|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 091I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
64 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
DEARBHUITHE COMHPHÁIRTEACHA |
|
|
|
Parlaimint na hEorpa |
|
|
2021/C 91 I/01 |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
Parlaimint na hEorpa |
|
|
2021/C 91 I/02 |
|
GA |
|
II Faisnéis
DEARBHUITHE COMHPHÁIRTEACHA
Parlaimint na hEorpa
|
18.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 91/1 |
Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
Dul i gcomhairle le saoránaigh ar son an daonlathais – Eoraip níos athléimní a thógáil
(2021/C 91 I/01)
Le dearbhú Schuman 70 bliain ó shin, leagadh bunchloch ár nAontais Eorpaigh. Leis sin, cuireadh tús le tionscadal polaitiúil ar leith as a dtáinig an tsíocháin agus an rathúnas, agus cuireadh feabhas ar shaol shaoránaigh uile na hEorpa. Is iomchuí anois machnamh a dhéanamh ar an Aontas seo againne, na dúshláin atá romhainn agus ar an todhchaí is mian linn a thógáil le chéile agus é mar chuspóir againn dlúthpháirtíocht na hEorpa a neartú.
Tá an-chuid dúshlán sáraithe ag an Aontas Eorpach ó bunaíodh é. Tugadh dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo do shamhail uathúil an Aontais Eorpaigh de dheasca COVID-19. Is féidir leis an Eoraip, agus ní mór di, na ceachtanna ó na géarchéimeanna seo a fhoghlaim, agus na saoránaigh agus pobail á rannpháirtiú go dlúth.
Ní mór don Aontas Eorpach a léiriú gur féidir leis freagairt ar ábhair imní agus uaillmhianta na saoránach. Ní mór, sa bheartas Eorpach, réitigh chuimsitheacha ar na cúraimí cinniúnacha atá orainn a chur ar fáil: an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach, agus athléimneacht na hEorpa, a conradh sóisialta agus iomaíochas thionscal na hEorpa a neartú ag an am céanna. Ní mór di aghaidh a thabhairt leis ar neamhionannais agus a áirithiú gur geilleagar atá cothrom, inbhuanaithe, nuálach agus iomlánach nach bhfágann aon duine ar lár atá i ngeilleagar an Aontais Eorpaigh. Ní mór don Eoraip a bheith níos teanntásaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin gheopholaitiúla sa timpeallacht dhomhanda a bheidh ann tar éis COVID-19 agus ról ceannasach á ghlacadh aici ar fud an domhain i gcur chun cinn a cuid luachanna agus caighdeán i ndomhan atá ag éirí níos suaite i rith an ama.
Is léiriú é an méadú ar líon na vótálaithe le linn thoghchán Eorpach 2019 gur mó an luí atá ag saoránaigh na hEorpa anois le ról níos gníomhaí a bheith acu maidir le todhchaí an Aontais agus a chuid beartas a chinneadh.
Leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, osclófar spás nua le haghaidh díospóireacht leis na saoránaigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar thosaíochtaí na hEorpa. Féadfaidh saoránaigh Eorpacha ó gach uile chúlra agus ó gach cearn den Aontas páirt a ghlacadh ann; beidh ról lárnach ag Eorpaigh óga maidir le todhchaí thionscadal na hEorpa a mhúnlú.
Is mian linn, inár gcáil mar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go nglacfaidh saoránaigh páirt sa chomhrá agus go mbeidh deis labhartha acu maidir le todhchaí na hEorpa. Leis seo, geallaimid, i gcomhpháirt, éisteacht le muintir na hEorpa agus an obair leantach a dhéanamh ar na moltaí a dhéanfar ag an gComhdháil agus lánurraim á tabhairt dár n-inniúlachtaí agus do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chumhdaítear sna Conarthaí Eorpacha. Tapóimid an deis chun taca a chur faoi dhlisteanacht agus fheidhmiú daonlathach an tionscadail Eorpaigh agus chun seasamh le tacaíocht shaoránaigh an Aontais dár spriocanna agus luachanna coiteanna trí thuilleadh deiseanna a thabhairt dóibh iad féin a chur in iúl.
Tá an Chomhdháil á cur ar bun ag Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach i dteannta a chéile, ag gníomhú dóibh mar chomhpháirtithe comhionanna in éineacht le Ballstáit an Aontais Eorpaigh. Geallaimid, mar shínitheoirí an Dearbhaithe Chomhpháirtigh seo, go n-oibreoimid le chéile le linn na Comhdhála agus go gcuirfimid na hacmhainní riachtanacha ar fáil chuige seo. Geallaimid go n-oibreoimid le chéile ar mhaithe leis an Eoraip, lenár saoránaigh agus leis an daonlathas Eorpach, agus an nasc idir Eorpaigh agus na hinstitiúidí a fhreastalaíonn orthu a neartú.
Faoi scáth na Comhdhála agus lánurraim á tabhairt do na prionsabail a leagtar amach sa Dearbhú Comhpháirteach seo, eagróimid imeachtaí i gcomhpháirt leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, le parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha, le Coiste na Réigiún, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an lucht acadúil. Agus iad rannpháirteach, áiritheofar go bhfreastalóidh an Chomhdháil, ní ar phríomhchathracha na hEorpa ina n-aonar ach go rachaidh sí i bhfad níos faide ná sin go dtí gach cearn den Aontas. Eagrófar imeachtaí de réir sraith comhphrionsabal a bheidh le comhaontú ag struchtúir na Comhdhála.
Iarraimid ar institiúidí agus ar chomhlachtaí eile páirt a ghlacadh sa chleachtadh daonlathach Eorpach seo. Éireoidh leis an gComhdháil seo ach cur le chéile. Iarrfaimid ar an gComhdháil teacht ar chonclúidí faoi Earrach 2022 chun treoir a chur ar fáil maidir le todhchaí na hEorpa.
a. Cur chuige
Is cleachtadh ón mbun aníos, atá dírithe ar shaoránaigh, é an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun go mbeidh deis labhartha ag muintir na hEorpa maidir lena bhfuil siad ag súil ón Aontas Eorpach. Leis an gComhdháil, tabharfar ról níos mó do shaoránaigh maidir le beartais agus uaillmhianta an Aontais a mhúnlú amach anseo agus cuirfear le hathléimneacht an Aontais dá dhroim sin. Déanfar sin trí iliomad imeachtaí comhdhála agus díospóireachtaí a reáchtálfar ar fud an Aontais, agus trí ardán digiteach ilteangach idirghníomhach.
Is féidir imeachtaí Comhdhála, cruinnithe fisiciúla nó digiteacha den sórt sin a eagrú ar leibhéil éagsúla, lena n-áirítear ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, trasnáisiúnta agus réigiúnach agus glacfaidh an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí páirt iontu. Ba cheart go léireofaí éagsúlacht na hEorpa i rannpháirtíocht na saoránach sna himeachtaí sin.
Cé go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbainfí leas as iarrachtaí agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta digití, i bhfianaise bearta scartha shóisialta agus bearta comhchosúla i gcomhthéacs COVID-19, ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht fhisiciúil agus malartuithe aghaidh ar aghaidh ina ngné ríthábhachtach den Chomhdháil.
Ar an leibhéal Eorpach, tugann na hinstitiúidí Eorpacha gealltanas go n-eagróidh siad painéil saoránach Eorpach.
Ba cheart na painéil sin a bheith ionadaíoch ó thaobh thionscnamh geografach, inscne, aois, cúlra socheacnamaíoch agus/nó leibhéal oideachais na saoránach. Ba cheart imeachtaí sonracha a bheith dírithe ar dhaoine óga mar go bhfuil a rannpháirtíocht siúd riachtanach chun a áirithiú go mbeidh tionchar fadtéarmach ag an gComhdháil. Ba cheart do na painéil aird a thabhairt ar thuairimí a bhaileofar faoi chuimsiú na Comhdhála, ag soláthar ionchuir do sheisiún iomlánaíoch na Comhdhála trí shraith moltaí a fhoirmliú le go bhféadfaidh an tAontas obair leantach a dhéanamh ina leith.
Féadfaidh gach Ballstát agus gach institiúid tuilleadh imeachtaí a eagrú, i gcomhréir lena sonraíochtaí náisiúnta nó institiúideacha féin, agus tuilleadh ionchuir a sholáthar don Chomhdháil, amhail painéil náisiúnta saoránach nó imeachtaí téamacha lena gcuirfí le chéile ionchur ó phainéil éagsúla.
Imeachtaí náisiúnta agus Eorpacha faoi chuimsiú na Comhdhála, eagrófar iad de réir sraith prionsabal agus íoschritéar lena léireofar luachanna an Aontais a bheidh le sainiú ag struchtúir na Comhdhála.
Déanfaidh na hinstitiúidí Eorpacha teagmháil le saoránaigh freisin agus cuirfidh siad cineálacha rannpháirtíochta atá níos leithne, idirghníomhach agus cruthaitheach chun cinn.
Baileofar ionchur ó na himeachtaí uile a bhaineann leis an gComhdháil, déanfar anailís agus faireachán air agus foilseofar é le linn na Comhdhála trí ardán digiteach ilteangach. Áit do shaoránaigh a bheidh san ardán sin inar féidir leo a gcuid tuairimí a roinnt agus aighneachtaí a sheoladh isteach ar líne.
Áiritheofar le sásra aiseolais go dtiocfaidh moltaí nithiúla le haghaidh gníomhaíocht ón Aontas as na tuairimí a chuirfear in iúl le linn na Comhdhála.
Is faoi údarás na dtrí institiúid a chuirfear an Chomhdháil, a ndéanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin, ag gníomhú dóibh mar Uachtaránacht Chomhpháirteach na Comhdhála, ionadaíocht dóibh.
Beidh struchtúr rialachais seanga ina chabhair chun an Chomhdháil a stiúradh. Áiritheofar leis go ndéanfar ionadaíocht chomhionann ar na trí institiúid Eorpacha agus beidh cothromaíocht inscne ann, ina chodanna uile.
Bunófar Bord Feidhmiúcháin. Beidh ionadaíocht chomhionann ann ó Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach. Beidh triúr ionadaithe agus suas le ceathrar breathnóirí ag gach institiúid. Beidh triúracht uachtaránachta COSAC rannpháirteach mar bhreathnóir. D'fhéadfadh go n-iarrfar ar Choiste na Réigiún agus ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a bheith i láthair freisin mar bhreathnóirí, chomh maith le hionadaithe ó chomhlachtaí eile de chuid an Aontais agus ó chomhpháirtithe sóisialta i gcás inarb iomchuí.
Beidh na trí institiúid ina gcomhchathaoirligh ar an mBord Feidhmiúcháin agus tuairisceoidh sé don Uachtaránacht Chomhpháirteach ar bhonn rialta. Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cinntí a dhéanamh de chomhthoil, a mhéid a bhaineann le hobair na Comhdhála, a próisis agus a himeachtaí, as maoirseacht a dhéanamh ar an gComhdháil de réir mar a bheidh sí ag dul ar aghaidh, agus as cruinnithe de chuid sheisiún iomlánach na Comhdhála a ullmhú, lena n-áirítear an t-ionchur ó na saoránaigh agus an obair leantach air sin.
Cuideoidh Comhrúnaíocht, de mhéid teoranta agus lena n-áiritheofar go mbeidh ionadaíocht chomhionann ag na trí institiúid, le hobair an Bhoird Feidhmiúcháin.
Le seisiún iomlánach den Chomhdháil, áiritheofar go ndéanfar plé ar na moltaí ó phainéil náisiúnta agus Eorpacha na saoránach, arna rangú de réir téama, gan toradh réamhchinntithe a bheith ann agus gan an raon feidhme a theorannú do réimsí beartais réamhshainithe. Tiocfaidh seisiún iomlánach na Comhdhála le chéile gach sé mhí ar a laghad agus beidh sé comhdhéanta d'ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach, chomh maith le hionadaithe ó na Parlaimintí náisiúnta uile, ar bhonn comhionann, chomh maith le saoránaigh. Déanfar ionadaíocht freisin ar Choiste na Réigiún agus ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar an tsochaí shibhialta. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála comhlachaithe nuair a bheidh ról idirnáisiúnta an Aontais á phlé. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe de chuid na bpríomh-gheallsealbhóirí. Dréachtóidh agus foilseoidh an Bord Feidhmiúcháin na conclúidí ó Sheisiún Iomlánach na Comhdhála.
Comhaontóidh struchtúir na Comhdhála, ón tús agus ar bhonn comhthola, na módúlachtaí chun tuairisciú a dhéanamh ar na torthaí a thiocfaidh as na gníomhaíochtaí éagsúla arna ndéanamh i gcomhthéacs na Comhdhála. Cuirfear toradh deiridh na Comhdhála i láthair i dtuarascáil chuig an Uachtaránacht Chomhpháirteach. Scrúdóidh na trí institiúid gan mhoill conas is féidir obair leantach éifeachtach a dhéanamh i ndáil leis an tuarascáil sin, laistigh dá réimse inniúlachtaí féin agus i gcomhréir leis na Conarthaí.
b. A bhfuil i gceist
Tá sé d’aidhm againn, inár gcáil mar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, deis a thabhairt do na saoránaigh labhairt faoina bhfuil tábhachtach dóibh.
Mar léiriú ar Chlár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí, ar Threoirlínte Polaitiúla 2019-2024 an Choimisiúin Eorpaigh agus ar na dúshláin a eascraíonn as paindéim COVID-19, cumhdófar an méid seo a leanas, agus nithe eile nach iad, sa phlé:
ilchríoch fholláin a chothú san Eoraip, comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus i gcoinne dúshláin chomhshaoil, geilleagar a fhóireann do dhaoine, cothroime shóisialta, comhionannas agus dlúthpháirtíocht idirghlúine, cearta agus luachanna Eorpacha lena n-áirítear an smacht reachta, dúshláin a bhaineann le himirce, an tslándáil, ról an Aontais sa domhan, bonn daonlathach an Aontais, agus conas próisis dhaonlathacha lena rialaítear an tAontas Eorpach a neartú. Ina theannta sin, féadfar saincheisteanna trasearnálacha a chumhdach sa phlé, saincheisteanna a bhaineann le cumas an Aontais tosaíochtaí beartais a bhaint amach, amhail rialáil níos fearr, cur i bhfeidhm na coimhdeachta agus na comhréireachta, cur chun feidhme agus forfheidhmiú an acquis agus trédhearcacht.
Ba cheart go léireofaí le raon feidhme na Comhdhála na réimsí ina bhfuil inniúlacht ag an Aontas Eorpach gníomhú nó ina rachadh gníomhaíocht an Aontais chun tairbhe do shaoránaigh na hEorpa.
Beidh saoirse ag saoránaigh i gcónaí saincheisteanna eile is mó tábhacht dóibh a ardú.
c. Prionsabail na Comhdhála
Bunaítear an Chomhdháil ar chuimsitheacht, oscailteacht agus trédhearcacht, agus urraim á tabhairt ag an am céanna do phríobháideacht an duine agus do rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí. Craoltar painéil Eorpacha na saoránach, a eagraítear ar leibhéal na hEorpa, agus cuirtear aighneachtaí ar líne ar fáil ar an ardán mar aon le doiciméadacht.
Ina theannta sin, bunaítear an Chomhdháil, a rialachas agus a himeachtaí a eagraítear laistigh dá creat ar luachanna an Aontais mar a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais agus Eorpaigh agus sa Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha.
Beidh an Chomhdháil inaitheanta le sainaitheantas amháin agus le Cairt Chomhdhála nach mór d’eagraithe uile na n-imeachtaí glacadh léi.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
David Maria SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
António COSTA
Thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Parlaimint na hEorpa
|
18.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 91/5 |
Teachtaireacht ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Duais an tSaoránaigh Eorpaigh
CIVI EUROPAEO PRAEMIUM
(2021/C 91 I/02)
Thionóil Seansailéireacht Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh a cruinniú bliantúil an 9 Feabhra 2021 le Dita Charanzová, Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Seansailéir Dhuais an tSaoránaigh Eorpaigh, sa chathaoir.
Ag an gcruinniú sin, tarraingíodh suas an liosta seo a leanas de bhuaiteoirí duaise don bhliain 2020.
Bronnfar na duaiseanna ag searmanais bhronnta phoiblí sna Ballstáit ina bhfuil cónaí ar na buaiteoirí, agus eagróidh Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa na searmanais sin. Freastalóidh na buaiteoirí ar shearmanas lárnach bronnta freisin i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil nó in Strasbourg i mí na Samhna 2021.
CIVI EUROPAEO PRAEMIUM
Buaiteoirí
|
1. |
An Bheilg: Generation Climate Europe |
|
2. |
An Bhulgáir: Fondúireacht “Music for Bulgaria” |
|
3. |
An Bhulgáir: Legal Art Centre |
|
4. |
Poblacht na Seice: CIIRC CTU Institiúid Faisnéisíochta, Róbataice agus Cibirnitice Phoblacht na Seice, Ollscoil Theicniúil Phoblacht na Seice i bPrág |
|
5. |
An Ghearmáin: Europäisches Jugendparlament in Deutschland e.V. |
|
6. |
An Eastóin: Tallinna Keskraamatukogu |
|
7. |
Éire: Suaitheantas na hEorpa de Bhanóglaigh na hÉireann |
|
8. |
Éire: Cúramóirí Teaghlaigh na hÉireann |
|
9. |
An Ghréig: Symbiosis |
|
10. |
An Spáinn: Red de solidaridad vecinal Somos Tribu VK |
|
11. |
An Fhrainc: Banlieue Santé |
|
12. |
An Chróit: Cumann Ghasóga agus Óglaigh na Cróite |
|
13. |
An Iodáil: 6023 APS |
|
14. |
An Chipir: ICLAIM |
|
15. |
An Chipir: Κώστας Βήχας |
|
16. |
An Laitvia: Organizācija ManaBalss - Sabiedrības Līdzdalības Fonds |
|
17. |
An Liotuáin: Ltd “Burokelis ir krapas” |
|
18. |
Lucsamburg: Scouting in Luxembourg |
|
19. |
An Ungáir: Oltalom Karitatív Egyesület |
|
20. |
An Ungáir: Laura Sarolta Baritz |
|
21. |
Málta: Lockdown Festival |
|
22. |
An Ísiltír: Stichting Geen Grens |
|
23. |
An Ostair: Euro Babble |
|
24. |
An Ostair: Caritas für Menschen in Not |
|
25. |
An Pholainn: Inicjatywa “Wolne Sądy” |
|
26. |
An Phortaingéil: Corpo Nacional de Escutas (CNE) - Escutismo Católico Português |
|
27. |
An Rómáin: Comhlachas Dăruieşte Aripi |
|
28. |
An tSlóvaic: OLYMP |
|
29. |
An Fhionlainn: Comhlachas Caomhnaithe Dúlra na Fionlainne |
|
30. |
An tSualainn: Yalla Trappan |