ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

64
25 Feabhra 2021


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Coimisiún Eorpach

 

Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (Lucsamburg) — Foilsiú folúntais d’fheidhm Stiúrthóra — (Gníomhaire Sealadach– Grád AD 14) — COM/2021/20056

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 65 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Coimisiún Eorpach

25.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (Lucsamburg)

Foilsiú folúntais d’fheidhm Stiúrthóra

(Gníomhaire Sealadach– Grád AD 14)

COM/2021/20056

 

Cé sinn

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (“an tIonad”) atá suite i Lucsamburg. Bunaíodh é i 1994 le Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 (1) ón gComhairle, arna leasú le Rialacháin (CE) Uimh. 2610/95 (2) i 1995 agus Uimh. 1645/2003 in 2003 (3) agus is é an misean atá aige seirbhísí aistriúcháin a sholáthar do ghníomhaireachtaí díláraithe eile an Aontais Eorpaigh. Soláthraíonn sé na seirbhísí sin agus gearrann sé costas orthu ar bhonn comhaontú comhair arna shíniú ag gach cliant. Sa lá atá inniu ann, déanann sé aistriúcháin do bhreis agus 60 gníomhaireacht, institiúid agus comhlacht eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Is é dara misean an Ionaid páirt a ghlacadh go gníomhach sa chomhar idir seirbhísí aistriúcháin an Aontais Eorpaigh. Tá sé mar chuspóir ag an gcomhar idirinstitiúideach sin modhanna oibre a chuíchóiriú, nósanna imeachta a chomhchuibhiú agus coigiltis fhoriomlána a dhéanamh i réimse aistriúcháin an Aontais Eorpaigh. Sna blianta atá le teacht, leanfaidh an tIonad ar aghaidh lena straitéis um chlaochlú digiteach a chur i bhfeidhm.

I láthair na huaire tá tuairim agus 200 ball foirne fostaithe ag an Ionad agus tá buiséad tuairim agus EUR 47 milliún aige.

Déanann an tIonad iarracht seirbhís ar ardchaighdeán a sheachadadh agus caidreamh láidir le cliaint a choimeád ionas gur féidir leis cur go héifeachtach le riar riachtanais aistriúcháin a chuid cliant agus creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le hilteangachas á chur i bhfeidhm aige. Is ionann a bheith ag obair i gcomhar leis an Ionad comhpháirtí aonair iontaofa a bheith agat a chuireann an iliomad seirbhísí teanga ar fáil a chumhdaíonn teaglamaí teanga uile an Aontais Eorpaigh.

Tá tuilleadh faoin Ionad agus faoin obair a dhéanaimid le fáil ar: http://www.cdt.europa.eu

An tairiscint

Is é an Stiúrthóir ionadaí dlíthiúil an Ionaid agus tá sé freagrach don Bhord Bainistíochta.

Áireofar na nithe seo a leanas i ról agus freagrachtaí an Stiúrthóra:

An tIonad a bhainistiú i gcomhréir le treoirlínte agus cinntí an Bhoird Bainistíochta agus leis na gníomhartha dlíthiúla is infheidhme atá i bhfeidhm;

Straitéis agus Cláir Oibre an Ionaid a tharraingt suas, agus tuairisciú don Bhord Bainistíochta ar a gcur chun feidhme le Tuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí agus ionstraimí tuairiscithe eile;

Freagracht ghinearálta a ghlacadh maidir le feidhmíocht foriomlán na gcúraimí a shanntar don Ionad, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar cháilíocht na gcóras um rialú inmheánach agus um bainistíocht an Ionaid;

Freagracht ghinearálta a ghlacadh maidir le foireann an Ionaid a bhainistiú agus dea-spiorad foirne agus dea-thimpeallacht oibre a chothú;

Buiséad an Ionaid a ullmhú agus a chur i bhfeidhm agus a áirithiú go ndéanfar é a bhainistiú go héifeachtach agus i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;

Freagracht ghinearálta a ghlacadh maidir le cúrsaí airgeadais an Ionaid, lena n-áirítear, inter alia, na cuntais deiridh agus na cinntí maoinithe;

Claochlú ar bhonn na teicneolaíochta a chur i bhfeidhm ar an Ionad a bheidh bunaithe ar an dul chun cinn is déanaí i réimse an aistriúcháin;

Ionadaíocht a dhéanamh don Ionad i gcomhthéacs an chomhair idirinstitiúidigh agus idirnáisiúnta agus cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne maidir leis na gnóthaí go léir a bhaineann le sainchúram an Ionaid.

Cad atáimid ag lorg (critéir roghnúcháin)

Beidh an t-iarrthóir is oiriúnaí ina ghairmí dinimiciúil den scoth, agus ba cheart dó na critéir roghnúcháin seo a leanas a chomhlíonadh:

a)

Taithí ar bhainistíocht, agus go háirithe:

An cumas gníomhaireacht mhór a bhainistiú, ar leibhéal straitéiseach agus bainistíochta oibriúcháin araon, agus cruthúnas air sin;

An cumas foireann mhór ildisciplíneach a stiúradh i dtimpeallacht ilchultúrtha ilteangach, agus an fhoireann sin a spreagadh;

Taithí phraiticiúil ar bhainistíocht buiséid, acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna i gcomhthéacs náisiúnta, Eorpach agus/nó idirnáisiúnta;

b)

Eolas teicniúil agus taithí theicniúil, agus go háirithe:

An cumas idirghníomhú agus idirbheartaíocht a dhéanamh ar an leibhéal bainistíochta is airde le hinstitiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais agus le húdaráis phoiblí;

Tuiscint iomlán ar institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ar an gcaoi a n-oibríonn siad agus a n-idirghníomhaíonn siad, agus ar nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais an Aontais Eorpaigh, chomh maith le tuiscint ar bheartais an Aontais Eorpaigh agus ar ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le gníomhaíochtaí an Ionaid;

c)

Scileanna cumarsáide/idirbheartaíochta, agus go háirithe:

An cumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an bpobal agus oibriú i gcomhar le páirtithe leasmhara (údaráis Eorpacha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla, eagraíochtaí idirnáisiúnta, etc.);

Cumarsáid scríofa agus bhéil den scoth agus scileanna idirbheartaíochta den scoth;

Is cuid ríthábhachtach de chúraimí an Stiúrthóra é ionadaíocht a dhéanamh don ghníomhaireacht i bhfóraim idirnáisiúnta agus idirghníomhú le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs idirnáisiúnta ina bhfuil eolas maith ar labhairt agus scríobh an Bhéarla nó na Fraincise riachtanach. Chun bheith in ann cúraimí an Stiúrthóra a dhéanamh láithreach, ní mór don iarrthóir a n-éireoidh leis eolas maith ar cheann amháin ar a laghad de na teangacha sin a bheith aige.

d)

Ba bhuntáistí iad na cáilíochtaí agus an taithí seo a leanas:

Teagmhálacha gairmiúla san earnáil teangacha.

Ba cheart don iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála óna údarás náisiúnta slándála a bheith aige nó a bheith in ann an deimhniú sin a fháil. Is cinneadh riaracháin é an t-imréiteach slándála pearsanta a dhéantar tar éis grinnfhiosrúchán slándála a chur i gcrích, grinnfhiosrúchán a rinne údarás náisiúnta slándála inniúil an iarrthóra i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta slándála is infheidhme, agus lena ndeimhnítear go bhféadfar cead a thabhairt do dhuine aonair rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe suas le leibhéal áirithe. (Tabhair do d’aire gur ar iarraidh an fhostóra amháin is féidir tús a chur leis an nós imeachta is gá maidir le himréiteach slándála, agus ní ar iarraidh an iarrthóra).

Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí (ceanglais incháilitheachta)

Ní dhéanfar iarrthóirí a mheas don chéim roghnúcháin ach amháin ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas nach mór a bheith comhlíonta faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh:

Náisiúntacht: ní mór d’iarrthóirí a bheith ina saoránaigh de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Céim nó dioplóma Ollscoile: ní mór d’iarrthóirí:

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó;

nó leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus taithí oibre chuí bliana amháin ar a laghad i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an bhliain amháin sin de thaithí oibre a chur san áireamh sa taithí oibre iarchéime atá iarrtha thíos).

Taithí oibre: ní mór d’iarrthóirí taithí oibre iarchéime 15 bliana ar a laghad (4) a bheith acu ar leibhéal ar féidir tosú air leis na cáilíochtaí a bhfuil tagairt dóibh thuas. Ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre sin a bheith faighte i réimse a bhaineann leis an bpost seo.

Taithí bhainistíochta: ní mór 5 bliana ar a laghad den taithí oibre iarchéime a bheith faighte i bhfeidhm bhainistíochta ardleibhéil (5).

Teangacha: ní mór d’iarrthóirí eolas cuimsitheach a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6) agus eolas sásúil ar cheann eile de na teangacha oifigiúla sin. Deimhneoidh painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí an ceanglas maidir le heolas sásúil ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. B’fhéidir go mbeadh (cuid den) agallamh sa teanga eile sin ina chuid den tástáil sin.

Teorainn aoise: ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann, ag an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh, an sainordú iomlán 5 bliana a chur i gcrích sula mbainfidh siad aois scoir amach. Maidir le baill foirne shealadacha de chuid an Aontais Eorpaigh, tá an aois scoir sainithe mar dheireadh na míosa ina mbeidh 66 bliana slán ag an duine (féach Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (7)).

Ina theannta sin, ní mór d’iarrthóirí aon oibleagáidí dlí a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu; teistiméireachtaí carachtair cuí a chur ar fáil maidir lena n-oiriúnacht dá gcuid dualgas a chomhlíonadh agus a bheith corpacmhainneach chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

Roghnú agus ceapadh

Ceapfaidh Bord Bainistíochta an Ionaid an Stiúrthóir ar bhonn gearrliosta arna sholáthar ag an gCoimisiún Eorpach.

Chun an gearrliosta sin a thiomsú, eagraíonn an Coimisiún Eorpach roghnú de réir a nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta (féach an Doiciméad ar Bheartas Oifigeach Sinsearach (8)).

Mar chuid den nós imeachta roghnúcháin seo, cuireann an Coimisiún Eorpach painéal réamhroghnúcháin ar bun. Déanann an painéal sin anailísiú ar na hiarratais go léir, téann sé ar aghaidh leis an gcéad fhíorú incháilitheachta agus sainaithníonn sé na hiarrthóirí a bhfuil na próifílí is fearr acu i bhfianaise na gcritéar roghnúcháin a luaitear thuas, iarrthóirí a bhféadfaí cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh leis an bpainéal réamhroghnúcháin.

Tar éis na n-agallamh sin, tagann an painéal réamhroghnúcháin ar a thuairimí agus molann sé liosta iarrthóirí le haghaidh agallamh breise le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (CCA). Agus na tuairimí ón bpainéal réamhroghnúcháin á gcur san áireamh aige, déanfaidh CCA cinneadh ar cé acu de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Glacann iarrthóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh le CCA dóibh páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhaireann lá iomlán agus a reáchtálann comhairleoirí earcaíochta seachtracha. Agus torthaí an agallaimh agus tuarascáil an ionaid mheasúnaithe á gcur san áireamh, tiomsaíonn CCA gearrliosta iarrthóirí a mheasann sé a bheadh oiriúnach do bheith ag feidhmiú mar Stiúrthóir an Ionaid.

Cuirfear iarrthóirí ar ghearrliosta CCA faoi agallamh ag Comhalta/Comhaltaí an Choimisiúin atá freagrach as an Ard-Stiúrthóireacht atá i gceannas ar an gcaidreamh leis an Ionad (9).

Tar éis na n-agallamh sin, glacann an Coimisiún Eorpach gearrliosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí, agus cuirfear an gearrliosta sin in iúl do Bhord Bainistíochta an Ionaid. Féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh na hiarrthóirí a chur faoi agallamh sula ndéanfaidh siad an Stiúrthóir a cheapadh as na hiarrthóirí ar ghearrliosta an Choimisiúin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus ráthaíocht a bheith aige go gceapfar é.

D’fhéadfadh go mbeadh ar iarrthóirí dul faoi agallaimh bhreise agus/nó tástálacha breise a dhéanamh, sa bhreis orthu siúd a luadh thuas. D’fhéadfadh go mbeadh ceanglas orthu freisin ráiteas a chur faoi bhráid choiste/choistí ábhartha Pharlaimint na hEorpa.

Ní bheidh rochtain ag an iarrthóir ar fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) ar an leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó os a chionn sin, agus ní fhreastalóidh an t-iarrthóir ar aon chruinniú ag a bpléifear FRAE den sórt sin, go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-imréiteach slándála pearsanra agus go gcuirfear an nós imeachta imréitigh i gcrích leis an seisiún faisnéise, a bhfuil ceangal dlí leis, ó Stiúrthóireacht Slándála an Choimisiúin.

Ar chúiseanna feidhmiúla agus d’fhonn an nós imeachta roghnúcháin a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir ar mhaithe leis na hiarrthóirí agus leis an ngníomhaireacht araon, déanfar an nós imeachta roghnúcháin go príomha i mBéarla agus/nó i bhFraincis (10).

Comhdheiseanna

Cuireann an Coimisiún Eorpach agus an tIonad beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm de réir Airteagal 1d de na Rialacháin Foirne (11).

Ós rud é gur beag bean ag dul d’fheidhmeanna bainistíochta, cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó mhná.

Coinníollacha fostaíochta

Tá na tuarastail agus na coinníollacha fostaíochta leagtha síos i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile.

Déanfaidh an tIonad an t-iarrthóir ar éirigh leis a fhostú mar Ghníomhaire Sealadach ag grád AD 14. Rangófar é/í i gcéim 1 nó i gcéim 2 laistigh den ghrád sin, de réir fhad a thaithí an tráth sin.

Déanfar é/í a cheapadh le tréimhse oifige thosaigh 5 bliana, agus an fhéidearthacht ann síneadh suas le 5 bliana ar a mhéad a chur léi de réir an Rialacháin lena mbunaítear an tIonad de réir mar is infheidhme tráth an cheapacháin.

Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt dá n-aire go gceanglaítear le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile go gcuirfidh gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh naoi mí i gcrích agus go n-éireoidh an tréimhse sin leis.

Is é Lucsamburg an áit fostaíochta, an áit a bhfuil an Ghníomhaireacht suite.

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Sula rachaidh sé i mbun a chuid dualgas, ceanglófar ar an Stiúrthóir dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta do bheith ag gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.

Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

Sula ndéanfar an t-iarratas, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na riachtanais incháilitheachta (“Ní mór na cáilíochtaí seo ag iarrthóirí”), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí oibre ardleibhéil agus an acmhainn theangeolaíoch atá ag teastáil. Má tá aon cheann de na riachtanais incháilitheachta nach gcomhlíonann iarrthóir, eisiafar é go huathoibríoch ón nós imeachta roghnúcháin.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo a leanas agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an nós imeachta a leanúint:

https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist chun do chlárú a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den nós imeachta. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas le do thoil faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun d’iarratas a chomhlánú, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF agus litir inspreagtha a líonadh isteach, ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!

Tabhair do d’aire le do thoil nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.

Má tá tuilleadh eolais uait agus/nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu

Sprioc-am

Is é 12.00 meán lae, am na Bruiséile an 25 Márta 2021 an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú tar éis an ama sin.

Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh le trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh críochnaithe agat, ní a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le clárúcháin a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann aon sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le clárúcháin dhéanacha.

Faisnéis thábhachtach d’iarrthóirí

Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin éagsúla. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil ábhartha.

Sonraí pearsanta a chosaint

Áiritheoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.


(1)  IO L 314, 7.12.1994, lch. 1.

(2)  IO L 268, 10.11.1995, lch. 1.

(3)  IO L 245, 29.9.2003, lch. 13.

(4)  Ní chuirtear taithí oibre san áireamh ach amháin más fíorchaidreamh oibre atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar fhíorobair a raibh pá léi agus a rinne an t-iarrthóir mar fhostaí (aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Déanfar gníomhaíocht ghairmiúil a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh ar bhonn pro rata, de réir chéatadán deimhnithe na n-uaireanta lánaimseartha a oibríodh. Cuirtear saoire mháithreachais/saoire thuismitheora/saoire chun páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conradh oibre atá sí. Déantar dochtúireachtaí a chomhshamhlú le taithí oibre, fiú amháin nuair nach dochtúireachtaí ar pá iad, ach déantar sin ar feadh uastréimhse 3 bliana amháin, ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir tréimhse áirithe a áireamh ach uair amháin.

(5)  Ina gcuraclam vitae, ba chóir d’iarrthóirí a léiriú go soiléir i gcás na mblianta go léir ina bhfuair siad taithí bhainistíochta: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) líon na mball foirne a ndearnadh maoirseacht orthu sna poist sin; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) líon na sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon a bpiaraí.

(6)  https://europa.eu/european-union/about-eu/eu-languages_en

(7)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20210101

(8)  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/compilation-of-the-senior-official-policy-at-the-european-commission_en.pdf

(9)  Seachas i gcás inar tharmligean Comhalta an Choimisiúin lena mbaineann, i gcomhréir le Cinneadh ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2007 (PV(2007) 1811), an cúram sin do Chomhalta eile an Choimisiúin.

(10)  Féachfaidh na painéil roghnúcháin chuige nach dtabharfar aon bhuntáiste míchuí do chainteoirí dúchais na dteangacha sin..

(11)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:01962R0031-20210101

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).