ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

64
23 Feabhra 2021


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Coimisiún Eorpach

 

Fógra folúntais le haghaidh phost stiúrthóir rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh — COM/2021/20055

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 63 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Coimisiún Eorpach

23.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Fógra folúntais le haghaidh phost stiúrthóir rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh

COM/2021/20055

 

Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh

Tá Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh bunaithe ar Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh a tháinig i bhfeidhm in 2006 agus atá ina cheangal ar an Aontas Eorpach agus ar naoi gcinn de Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh nach bhfuil san Aontas: An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (*1), an tSeorsia, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Úcráin. Go dtí seo, tá stádas breathnóirí ag an Airméin, an Iorua agus an Tuirc.

Tá Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ar cheann de na hinstitiúidí a bunaíodh faoi Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh. An t-aon institiúid a bhfuil foireann bhuan aici (37 mball foirne in 2020), tugann sí tacaíocht riaracháin d’institiúidí eile de chuid an Chomhphobail Fuinnimh (an Chomhairle Aireachta, an Buanghrúpa Ardleibhéil, an Bord Rialála agus na Fóraim Rialála) agus i measc cúraimí eile, déanann sí cur chun feidhme cuí oibleagáidí na bPáirtithe a athbhreithniú faoi Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh.

Bainistíonn an Rúnaíocht buiséad an Chomhphobail Fuinnimh, agus tá tuairim agus EUR 4,8 milliún in 2020 sa bhuiséad sin. Is é an tAontas Eorpach an príomhranníocóir leis an mbuiséad sin agus sciar de thart ar 95 % aige ann.

Is é an Béarla teanga oibre an Chomhphobail Fuinnimh.

Tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh gréasáin: https://www.energy-community.org/aboutus/whoweare.html

Post Stiúrthóir na Rúnaíochta

Faoi rialacha earcaíochta an Chomhphobail Fuinnimh, coinníollacha oibre agus cothromaíocht gheografach fhoireann Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh (1), ceaptar Stiúrthóir na Rúnaíochta le Gníomh Nós Imeachta Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh, ar thogra ón gCoimisiún Eorpach, ar feadh téarma seasta in-athnuaite 3 bliana.

Is é an Stiúrthóir atá i gceannas ar an Rúnaíocht agus a bhainistíonn í agus is é ionadaí dlíthiúil agus aghaidh phoiblí Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh é. Tá an Stiúrthóir freagrach do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh.

Beidh ar an té a cheapfar fís agus treoir a chur ar fáil maidir le gníomhaíochtaí na Rúnaíochta agus beifear ag súil go nglacfaidh sé ról ceannasach agus inspioráideach i bpleanáil agus cur chun feidhme éifeachtach chlár oibre an Chomhphobail Fuinnimh.

Beidh sé/sí freagrach as comhordú rianúil a chinntiú idir institiúidí an Chomhphobail Fuinnimh, comhlachtaí agus páirtithe leasmhara, ar mhaithe le baint amach spriocanna an Chomhphobail Fuinnimh.

Áireofar na nithe seo a leanas i bhfreagrachtaí an Stiúrthóra:

Sainiú beartas: gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha na Rúnaíochta a fhorbairt agus a gcur chun feidhme éifeachtach a chinntiú i gcomhréir lena sainordú, mar a leagtar amach in Airteagal 67 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh;

Acmhainní Daonna: pleanáil agus bainistiú éifeachtach na n-acmhainní daonna a chinntiú, lena n-áirítear cionroinnt agus úsáid éifeachtúil acmhainní, foireann a spreagadh, spiorad maith foirne a chothú agus timpeallacht oibre chothrom, tháirgiúil a chruthú agus a choinneáil ar bun;

Buiséad: pleanáil, bainistiú agus cur chun feidhme éifeachtach an bhuiséid a chinntiú i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;

Ionadaíocht: ionadaíocht Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a chinntiú laistigh agus lasmuigh d’institiúidí agus de chomhlachtaí an Chomhphobail Fuinnimh.

Ba cheart d’iarratasóirí

Is ar bhonn na gcritéar roghnúcháin seo a leanas a dhéanfar measúnú ar iarratasóirí:

1)

Scileanna agus taithí cheannaireachta agus bhainistíochta, agus an méid a leanas go háirithe:

Cumas cruthaithe ar chomhlacht poiblí a bhainistiú, ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil araon, agus dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn le sárú ag comhlacht a bhíonn ag idirghníomhú le páirtithe leasmhara éagsúla;

Taithí mhaith ar fhoireann a stiúradh agus a bhainistiú, agus go háirithe an cumas acu foireann a stiúradh, a spreagadh agus a fhorbairt go mbainfear an leas is fearr is féidir aisti; bheadh taithí i gcomhthéacs ilchultúrtha, ilteangach ina buntáiste;

Taithí mhaith ar acmhainní airgeadais suntasacha a bhainistiú go héifeachtach, lena n-áirítear pleanáil bhuiséadach agus rialú inmheánach;

2)

Eolas teicniúil:

Eolas cuimsitheach ar thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh, go háirithe ar an gComhaontú Glas don Eoraip;

Eolas cuimsitheach ar bheartais rialála Eorpacha agus ar chleachtas atá ábhartha do mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais agus do dhearadh margaidh ar leibhéal an Aontais agus/nó ar leibhéal náisiúnta;

Eolas cuimsitheach ar na dúshláin agus ar na hionstraimí ar leibhéal domhanda agus ar leibhéal réigiúnach chun an t-athrú aeráide a chomhrac;

Bheadh eolas ar earnáil fuinnimh Pháirtí Chonarthaigh agus/nó taithí uirthi ina bhuntáiste;

Tuiscint mhaith ar institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ar an gcaoi a n-oibríonn agus a n-idirghníomhaíonn siad.

3)

Scileanna cumarsáide agus caibidlíochta, agus an méid a leanas go háirithe:

Sárscileanna cumarsáide agus an cumas cumarsáid éifeachtúil agus éifeachtach a dhéanamh leis an bpobal agus le réimse leathan páirtithe leasmhara, (údaráis Eorpacha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla, eagraíochtaí idirnáisiúnta, etc.);

Sárscileanna caibidlíochta;

Eolas ar theanga oifigiúil na bPáirtithe Conarthacha nó ar theanga Bhallstát an Aontais Eorpaigh seachas an Béarla.

4)

Taithí idirnáisiúnta agus eolas ar an Aontas Eorpach:

Tuiscint chríochnúil ar institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ar an gcaoi ina bhfeidhmíonn agus ina n-idirghníomhaíonn siad, agus ar bheartais agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta an Aontais atá ábhartha do ghníomhaíochtaí an Chomhphobail Fuinnimh;

Bheadh taithí oibre a fuarthas in eagraíochtaí Eorpacha agus/nó idirnáisiúnta ina buntáiste.

Ní mór d’iarratasóirí

Ní mór d’iarratasóirí na critéir seo a leanas a chomhlíonadh faoin spriocdháta le haghaidh iarratas chun bheith san áireamh sa chéim roghnúcháin:

Náisiúntacht: ní mór do gach iarratasóir a bheith ina shaoránach de Pháirtí Conarthach de chuid an Chomhphobail Fuinnimh nó de Bhallstát an Aontais Eorpaigh.

Céim nó Dioplóma Ollscoile: na cáilíochtaí seo a leanas a bheith acu:

leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó,

leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus taithí oibre chuí bliain amháin ar a laghad i gcás ina maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad (ní féidir an bhliain amháin sin de thaithí oibre a chur san áireamh sa taithí oibre iarchéime a iarrtar thíos). Ní mheasfar ach dioplómaí atá aitheanta ag Páirtí Conarthach nó ag Ballstát den Aontas Eorpach.

Taithí Oibre: ní mór d’iarratasóirí taithí oibre iarchéime 10 mbliana ar a laghad a bheith acu (2) ar leibhéal ar féidir tosú air leis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas.

Taithí Oibre Ábhartha: taithí oibre chruthaithe in earnáil an fhuinnimh, taithí a fuarthas i ndiaidh an dioplóma a bhaint amach lenar féidir iarratas a dhéanamh.

Taithí Bhainistíochta: taithí oibre chruthaithe i bhfeidhmeanna ardbhainistíochta (3). Bheadh taithí ar bhainistíocht in earnáil an fhuinnimh ina buntáiste.

Teangacha: eolas críochnúil a bheith acu ar an mBéarla. Deimhneoidh na painéil roghnúcháin le linn na n-agallamh an gcomhlíonann iarrthóirí na ceanglais teanga. D’fhéadfaí an t-agallamh nó cuid den agallamh a dhéanamh i dteangacha eile mar chuid den tástáil sin.

Teorainn Aoise: ag an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann an sainordú iomlán 3 bliana a chur i gcrích roimh dheireadh na míosa ina slánóidh sé/sí 66 bliana d’aois. Ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann, ag an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, an sainordú iomlán 3 bliana a chur i gcrích sula mbainfidh siad aois scoir amach.

Ceanglais bhreise:

go mbeidh gach oibleagáid dlí atá air a bhaineann le seirbhís mhíleata comhlíonta aige;

gur chuir sé na teistiméireachtaí carachtair iomchuí ar fáil i dtaca lena oiriúnacht do dhéanamh a dhualgas;

deimhniú ó liachleachtóir cáilithe go gcomhlíonann an té a cheaptar an caighdeán corpacmhainneachta is gá chun dualgais an phoist a chomhlíonadh.

Ba cheart don iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála óna údarás náisiúnta slándála a bheith aige nó a bheith in ann an deimhniú sin a fháil. Is cinneadh riaracháin é an t-imréiteach slándála pearsanta a dhéantar tar éis grinnfhiosrúchán slándála a chur i gcrích, grinnfhiosrúchán a rinne údarás náisiúnta slándála inniúil an iarrthóra i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta slándála is infheidhme, agus lena ndeimhnítear go bhféadfar cead a thabhairt do dhuine aonair rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnaicmithe suas le leibhéal áirithe. (Tabhair do d’aire gur ar iarraidh an fhostóra amháin is féidir tús a chur leis an nós imeachta is gá maidir le himréiteach slándála, agus ní ar iarraidh an iarrthóra).

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Cuirfear de cheangal ar an Stiúrthóir dearbhú a thabhairt go bhfuil sé tiomanta a bheith ag gníomhú go neamhspleách agus go neamhchlaonta ar mhaithe leis an gComhphobal Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 70 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Ní mór d’iarratasóirí a dheimhniú ina n-iarratas go bhfuil siad toilteanach sin a dhéanamh.

Roghnú agus ceapadh

Eagróidh an Coimisiún Eorpach an próiseas de réir a phróisis roghnúcháin agus earcaíochta (féach an Doiciméad ar Bheartas Oifigeach Sinsearach (4)). Chuige sin, cuirfidh sé painéal réamhroghnúcháin ar bun lena dtabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarrthóirí a chomhlíonfaidh na critéir incháilitheachta a liostaítear thuas agus a bhfuil na próifílí is fearr acu i ndáil leis na critéir roghnúcháin a liostaítear thuas.

Tar éis na n-agallamh sin, tarraingeoidh an painéal réamhroghnúcháin suas a thuairimí agus molfaidh sé liosta iarrthóirí le haghaidh agallaimh eile le Coiste Comhairleach an Choimisiúin Eorpaigh um Cheapacháin (CCA). Cuirfidh CCA na tuairimí ón bpainéal réamhroghnúcháin san áireamh agus é ag cinneadh cé na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Glacfaidh na hiarrthóirí a dtugtar cuireadh chun agallaimh le CCA dóibh páirt in ionad measúnaithe bainistíochta a mhairfidh lá iomlán a reáchtálfaidh comhairleoirí earcaíochta seachtracha.

Is é an Coimisinéir um Fhuinneamh a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí ar ghearrliosta CCA ina dhiaidh sin.

Tar éis na n-agallamh sin, molfaidh an Coimisiún Eorpach iarrthóir amháin do Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh. Féadfaidh an Chomhairle Aireachta éisteacht leis an ainmní a iarraidh sula ndéanfar cinneadh maidir leis an gceapachán. Is le tromlach simplí a dhéanfaidh an Chomhairle Aireachta cinneadh maidir le ceapachán an Stiúrthóra.

Ar chúiseanna feidhmiúla agus d’fhonn an próiseas roghnúcháin a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir ar mhaithe leis na hiarrthóirí, is i mBéarla amháin a dhéanfar an próiseas roghnúcháin.

Comhdheiseanna

Cuireann an Comhphobal Fuinnimh beartas comhdheiseanna agus neamh-idirdhealaithe i bhfeidhm i gcomhréir le pointí 26 agus 27 de na Rialacha Earcaíochta, coinníollacha oibre agus de chothromaíocht gheografach Fhoireann na Rúnaíochta (5).

Coinníollacha fostaíochta (6)

Ceapfar an Stiúrthóir ina bhall foirne de Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh le Gníomh Nós Imeachta na Comhairle Aireachta, ar feadh tréimhse seasta 3 bliana, a fhéadfar a athnuachan.

Is i Vín atá an t-ionad oibre, áit a bhfuil Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh lonnaithe.

Beidh an t-olltuarastal bliantúil idir EUR 96 000 agus EUR 120 000 ag brath ar an leibhéal taithí (7).

Beidh an Ceapachán faoi réir tréimhse phromhaidh 6 mhí agus faoi réir coinníollacha atá le sonrú sa Chomhaontú Fostaíochta.

Féadfaidh an Chomhairle Aireachta éisteacht leis an ainmní a iarraidh sula ndéanfar cinneadh maidir leis an gceapachán.

Nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh

Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart don iarrthóir a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann sé gach ceann de na riachtanais incháilitheachta (“Ní mór na cáilíochtaí seo a bheith ag iarrthóirí”), go háirithe iad sin a bhaineann leis na cineálacha dioplóma, an taithí oibre ardleibhéil agus an acmhainn theangeolaíoch atá ag teastáil. Má tá aon cheann de na riachtanais incháilitheachta nach gcomhlíonann iarrthóir, eisiafar é go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.

Más mian leat iarratas a dhéanamh, ní mór duit clárú ar an idirlíon ar an suíomh gréasáin seo thíos agus na treoracha maidir le céimeanna éagsúla an phróisis a leanúint:

https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist sin chun do chlárú a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Ba cheart an CV agus an litir spreagtha a chur isteach i mBéarla.

Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas!

Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais. Má tá tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu

Sprioc-am

Is é 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an 23 Márta 2021, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.

Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an sprioc-am chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeadh sé críochnaithe agat, rud a chuirfeadh iallach ort an próiseas clárúcháin a thosú athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le clárúcháin dhéanacha.

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí

Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na painéil roghnúcháin éagsúla. Tá cosc ar iarrthóirí dul i dteagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, le comhaltaí na bpainéal sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig rúnaíocht an phainéil ábhartha.

Sonraí pearsanta a chosaint

Próiseálfaidh an Coimisiún sonraí pearsanta na n-iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil na sonraí sin .


(*1)  Tá an t-ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244(1999) agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive

(1)  https://www.energy-community.org/dam/jcr:40827ebc-b6d5-45e2-a695-258a09d99b9d/Rules_recruitment_2016.pdf

(2)  Ní chuirtear taithí oibre san áireamh ach amháin más fíorchaidreamh oibre atá i gceist léi, caidreamh atá sainmhínithe mar fhíorobair a bhfuarthas pá aisti agus mar fhostaí (aon chineál conartha) nó mar sholáthraí seirbhíse. Déanfar gníomhaíocht ghairmiúil a rinneadh ar bhonn páirtaimseartha a ríomh ar bhonn pro rata, de réir chéatadán deimhnithe na n-uaireanta lánaimseartha a oibríodh. Cuirtear saoire mháithreachais/saoire thuismitheora/saoire chun páiste a uchtú san áireamh más faoi chuimsiú conradh oibre atá sí. Déantar dochtúireachtaí a chomhshamhlú le taithí oibre, fiú amháin nuair nach dochtúireachtaí ar pá iad, ach déantar sin ar feadh uastréimhse 3 bliana amháin, ar choinníoll gur éirigh leis an iarrthóir an dochtúireacht a bhaint amach. Ní féidir tréimhse áirithe a áireamh ach uair amháin.

(3)  Ba cheart d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina gcuraclam vitae na blianta go léir ina bhfuair siad taithí bhainistíochta: (1) teideal agus ról na bpost bainistíochta a bhí acu; (2) líon na mball foirne a ndearna siad maoirseacht orthu sna poist sin; (3) méid na mbuiséad a bhainistigh siad; (4) líon na sraitheanna ordlathais os a gcionn agus faoina mbun; agus (5) líon a bpiaraí.

(4)  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/compilation-of-the-senior-official-policy-at-the-european-commission_en.pdf

(5)  https://www.energy-community.org/dam/jcr:40827ebc-b6d5-45e2-a695-258a09d99b9d/Rules_recruitment_2016.pdf

(6)  Tá tuilleadh sonraí ar fáil i Rialacháin Foirne an Chomhphobail Fuinnimh ar https://www.energy-community.org/dam/jcr:cc5c53fa-2e7e-4e01-a562-db5eb812c07c/Staff_regulations.pdf

(7)  Faoi réir formheas ón gComhairle Aireachta.

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.