ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 052I |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
64 |
Clár |
Leathanach |
|
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2021/C 52 I/01 |
||
2021/C 52 I/02 |
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
15.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 52/1 |
CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Samhain 2015
lena leasaítear Cinneadh 2011/C 253/04 ón gCoimisiún lena gcuirtear Grúpa Saineolaithe ar Mhargadh na gCóras Íocaíochta ar bun, chun síneadh a chur lena thréimhse bhailíochta
(2021/C 52 I/01)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh an 29 Lúnasa 2011 (1) chuir an Coimisiún Grúpa Saineolaithe ar Mhargadh na gCóras Íocaíochta ar bun. Beidh feidhm ag an gCinneadh sin go dtí an 31 Nollaig 2015. Is é is aidhm don sainghrúpa ardán foirmiúil a chur ar fáil trínar féidir tuairimí a mhalartú ar bhealach struchtúrach le gníomhaithe margaidh maidir le saincheisteanna a eascraíonn as cur chun feidhme agus léirmhíniú na Treorach maidir le Seirbhísí Íocaíochta (2007/64/CE) (2). Rinneadh athbhreithniú le déanaí ar an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (3). An 29 Aibreán 2015 ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle an Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí idirmhalartaithe ar íocaíochtaí cártabhunaithe (4), rud atá i ndlúthcheangal leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta. Ina theannta sin, tá an-luas faoin nuálaíocht i margadh na n-íocaíochtaí. Tá tionscnaimh éagsúla ar bun ar fud na hEorpa chun an margadh a spreagadh agus a ghríosú i dtreo tuilleadh caighdeánaithe agus nuálaíochta, amhail an Grúpa Páirtithe Leasmhara Cártaí agus an Bord um Íocaíochtaí Miondíola Euro, i measc tionscnamh eile. An gá atá le fóram foirmiúil le haghaidh páirtithe leasmhara, fóram inar féidir leo tuairimí a mhalartú ar bhealach struchtúrach maidir le saincheisteanna a bhaineann leis na forbairtí sin, leanfaidh an gá sin de bheith i gceist de bharr na ndúshlán a eascróidh as na forbairtí céanna. An sainghrúpa darb ainm an “Grúpa Saineolaithe ar Mhargadh na gCóras Íocaíochta”, is iomchuí dá bhrí sin go leanfaidh sé dá chuid oibre go ceann 5 bliana eile. |
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh an 29 Lúnasa 2011 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal Aonair
(1) In Airteagal 4, mír 5 de Chinneadh an 29 Lúnasa 2011, cuirtear “5 bliana” in ionad na tagartha do “4 bliana”.
(2) In Airteagal 5, cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
“Foilseoidh an Coimisiún gach doiciméad ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí a chuirfidh an Grúpa i gcrích (amhail cláir oibre, miontuairiscí agus aighneachtaí na rannpháirtithe), rud a dhéanfaidh sé tríd an ngrúpa a chuimsiú sa Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna, nó trí nasc a chur isteach sa Chlár sin chuig suíomh gréasáin tiomnaithe a mbeidh an fhaisnéis le fáil ann. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón bhfoilsiú i gcás ina mbainfeadh nochtadh doiciméid an bonn de chosaint leasa phoiblí nó leasa phríobháidigh faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.”
(3) In Airteagal 8 de Chinneadh an 29 Lúnasa 2011, cuirtear an dáta “an 31 Nollaig 2020” in ionad an dáta “31 Nollaig 2015”.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Samhain 2015.
Thar ceann an Choimisiúin
Jonathan HILL
Comhalta den Choimisiún
(1) Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Lúnasa 2011 lena mbunaítear Grúpa Saineolaithe ar Mhargadh na gCóras Íocaíochta (IO C 253, 30.8.2011, lch. 3).
(2) Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1).
(3) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
15.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 52/3 |
CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Nollaig 2020
lena leasaítear Cinneadh 2011/C 253/04 lena mbunaítear Grúpa Saineolaithe ar Mhargadh na gCóras Íocaíochta maidir lena thréimhse bhailíochta
(2021/C 52 I/02)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh 2011/C 253/04 an 29 Lúnasa 2011 (1), bhunaigh an Coimisiún an Grúpa Saineolaithe ar Mhargadh na gCóras Íocaíochta. Beidh feidhm ag an gCinneadh sin go dtí an 31 Nollaig 2020. Is é is aidhm don ghrúpa saineolaithe ardán foirmiúil a chur ar fáil don Choimisiún lena bhféadfaí tuairimí a mhalartú ar bhealach struchtúrtha le gníomhaithe margaidh maidir le saincheisteanna a bhaineann le Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chur chun feidhme agus a léirmhíniú. |
(2) |
An 24 Meán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis um Íocaíochtaí Miondíola de chuid an Aontais (3). |
(3) |
Glactar tionscnaimh éagsúla ar fud na hEorpa chun an margadh a spreagadh i dtreo tuilleadh caighdeánaithe agus tuilleadh nuálaíochta faoi choimirce an Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Cártaí, an Bhoird um Íocaíochtaí Miondíola Euro agus na Comhairle Eorpaí um Íocaíochtaí, i measc eagraíochtaí eile. Ag féachaint do na tionscnaimh sin, tá gá fós le fóram foirmiúil le haghaidh páirtithe leasmhara lena bhféadfaí tuairimí a mhalartú ar bhealach struchtúrtha maidir le saincheisteanna a bhaineann leis na forbairtí sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, go leanfaidh an Grúpa Saineolaithe ar Mhargadh na gCóras Íocaíochta dá chuid oibre go ceann 5 bliana eile. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/C 253/04 an 29 Lúnasa 2011 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal Aonair
In Airteagal 8 de Chinneadh 2011/C 253/04 an 29 Lúnasa 2011, cuirtear “31 Nollaig 2025” in ionad an dáta “31 Nollaig 2020”.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2020.
Thar ceann an Choimisiúin
Mairead McGUINNESS
Comhalta den Choimisiún
(1) Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Lúnasa 2011 lena mbunaítear Grúpa Saineolaithe ar Mhargadh na gCóras Íocaíochta (IO C 253, 30.8.2011, lch. 3).
(2) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n–aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(3) COM(2020) 592 final