ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 024I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

64
22 Eanáir 2021


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2021/C 24 I/01

Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2021 maidir le laethanta saoire poiblí a dheonófar le haghaidh na bliana 2022 d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg

1


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

22.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 24/1


CINNEADH ÓN GCOIMISIÚN

an 11 Eanáir 2021

maidir le laethanta saoire poiblí a dheonófar le haghaidh na bliana 2022 d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg

(2021/C 24 I/01)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus do Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (1) , agus go háirithe Airteagal 61 de na Rialacháin Foirne, mar aon le hAirteagail 16 agus 91 de CEOS,

Ag féachaint do na comhrialacha lena leagtar síos liosta na laethanta saoire poiblí atá ag dul d’oifigigh na gComhphobal Eorpach (2), agus go háirithe Airteagal 1(3) díobh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise Airteagal 61 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise Airteagail 16 agus 91 de CEOS, is iomchuí liosta na laethanta saoire poiblí in 2022 atá ag dul do na hoifigigh agus do na seirbhísigh eile atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a ghlacadh.

(2)

In 2022, is ar an 17 Aibreán a bheidh Domhnach Cásca.

(3)

In 2022, is Satharn atá sa 24 Nollaig.

(4)

An 18 Samhain 2020, chuathas i gcomhairle leis na Cinn Riaracháin féachaint cén tuairim a bhí acu maidir le laethanta saoire poiblí na bliana 2022,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Seo a leanas na laethanta saoire poiblí atá deonaithe le haghaidh na bliana 2022 do na hoifigigh agus do sheirbhísigh eile atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg:

14 Aibreán

Déardaoin an Bhratha

15 Aibreán

Aoine an Chéasta

18 Aibreán

Luan Cásca

9 Bealtaine

Comóradh Dhearbhú Uachtarán Schuman 1950

26 Bealtaine

Déardaoin Deascabhála

27 Bealtaine

an lá i ndiaidh na Deascabhála

6 Meitheamh

Luan Cincíse

23 Meitheamh*

Lá náisiúnta Lucsamburg

* lá a dheonaítear do na hoifigigh agus do sheirbhísigh eile atá lonnaithe i Lucsamburg

21 Iúil*

Lá náisiúnta na Beilge

* lá a dheonaítear do na hoifigigh agus do sheirbhísigh eile atá lonnaithe sa Bhruiséil

15 Lúnasa

An Deastógáil

1 Samhain

Lá Samhna

2 Samhain

Lá na Marbh

Ón 23 Nollaig go dtí Ón 30 Nollaig

6 lá deireadh bliana

IOMLÁN 2022

17 lá

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Johannes HAHN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(2)  Leagan comhdhlúite de na Rialacháin Foirne a d’fhoilsigh seirbhísí an Choimisiúin in Eanáir 2003, lch. IV-2.