ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
5 Samhain 2020


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

 

Aguisín a ghabhann leis an bhfógra comórtais oscailte — EPSO/AD/372/19 — Riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta (AD 5/AD 7) ( IO C 156 A, 7.5.2019 ) — (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge an 7 Bealtaine 2019)

1

 

Aguisín a ghabhann le fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/374/19 — Riarthóirí (AD7) sna réimsí seo a leanas 1. Dlí na hIomaíochta; 2. An Dlí Airgeadais; 3. Dlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta; 4. Na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh; 5. An chosaint ar ghóchumadh monaí euro ( IO C 191 A, 6.6.2019 ) — (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge an 6 Meitheamh 2019)

3


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 374 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

5.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Aguisín a ghabhann leis an bhfógra comórtais oscailte — EPSO/AD/372/19 — Riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta (AD 5/AD 7)

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 156 A an 7 Bealtaine 2019)

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge an 7 Bealtaine 2019)

1.   

De bharr ráig COVID-19, ón 6 Márta 2020 i leith, bhí ar EPSO gníomhaíochtaí uile na n-ionad measúnaithe ina n-áitreabh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a chur ar ceal agus ar fionraí chun gach beart réamhchúramach is iomchuí a chinntiú i gcomhréir leis na treoracha agus na treoirlínte a thug institiúidí an Aontais agus na húdaráis náisiúnta dúinn. Bhí tionchar aige sin freisin ar eagrú na dtrialacha ar ríomhaire a bhí le déanamh le linn lá an ionaid measúnaithe. Bhí sé beartaithe ag EPSO i dtús báire na hionaid mheasúnaithe a athoscailt le haghaidh roinnt comórtas ó lár mhí Mheán Fómhair 2020 ar aghaidh. Agus staid reatha COVID-19 mar atá, áfach, ina bhfuil bearta tugtha isteach ag na húdaráis náisiúnta lena gcuirtear cosc ar chruinnithe móra agus lena gcuirtear srian ar thaisteal ar chúiseanna sláinte poiblí, ní féidir na trialacha a eagrú agus daoine i láthair in áitribh EPSO san am atá amach romhainn. Ós rud é go raibh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire le déanamh le linn lá an ionaid measúnaithe, bhí ar EPSO modh tástála eile a aimsiú. Dá bhrí sin, déanfar na trialacha sin i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

2.   

Chun na comórtais oscailte a chur i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta, eagróidh EPSO tástáil ar líne (ó chian) le haghaidh thrialacha an ionaid measúnaithe. Agus na trialacha á ndéanamh ó chian ar líne, beidh deis ag iarrthóirí na trialacha a dhéanamh sa bhaile, san oifig, etc., gan an gá a bheith ann taisteal chuig ionad measúnaithe EPSO. Déanfar an tástáil sin trí fhíschomhdháil ar líne as seo amach. Cuirfear na sonraí teicniúla uile ar fáil in am trátha, san áireamh na treoracha maidir leis an gceangal a thástáil roimh lá na dtrialacha. Foilseofar cuirí chun trialacha i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí. Moltar d’iarrthóirí a gcuntas EPSO a sheiceáil dhá uair sa tseachtain ar a laghad.

3.   

Rinne roinnt iarrthóirí féin féin trialacha an ionaid measúnaithe roimh an 6 Márta 2020.

Beidh torthaí na dtrialacha sin fós bailí ach ní bheidh torthaí an chleachtaidh i ngrúpa bailí, agus cuirfear triail eile ina ionad sin: agallamh ar bhonn inniúlachtaí ar an suíomh (situational competency-based interview - SCBI).

Iarrthóirí nach ndearna a gcuid trialacha san ionad measúnaithe roimh an 6 Márta 2020, agus nach féidir leo na trialacha a dhéanamh agus iad i láthair anois a thuilleadh, déanfaidh siad trialacha uile an ionaid measúnaithe ó chian le linn lá amháin nó roinnt laethanta.

4.   

Chun a chinntiú go gcaithfear ar aon dóigh amháin leis na hiarrthóirí go léir, ní mór dóibh go léir na trialacha céanna dhéanamh. Ní féidir an cleachtadh i ngrúpa a dhéanamh ó chian ar bhealach sásúil. I gcás ina mbeadh fadhbanna teicniúla ann, d'fhéadfadh sé go gcuirfí an t-idirghníomhú i mbaol agus go n-imreofaí tionchar diúltach ar na hiarrthóirí rannpháirteacha dá bharr sin. Dá bhrí sin, beidh ar na hiarrthóirí uile (iad siúd a ghlac páirt sa chleachtadh i ngrúpa san áireamh) agallamh ar bhonn inniúlachtaí ar an suíomh a dhéanamh, agus eagrófar é sin ó chian in ionad trí fhíschomhdháil a bheith ann agus tógfaidh sé idir 30 agus 40 nóiméad.

Déanfaidh SCBI roinnt inniúlachtaí ginearálta a thástáil leis an agallamh ar bhonn inniúlachtaí ar an suíomh (anailísiú agus réiteach fadhbanna; foghlaim agus forbairt; tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán; buanseasmhacht; obair bhuíne; agus ceannaireacht) trína fhiafraí d’iarrthóirí cén freagra a thabharfadh siad ar chás ar leith. Cruinniú duine le duine ar líne le hagallóir oilte atá i gceist leis, ina gcuirfidh an t-agallóir faisnéis bhreise ar fáil le linn an agallaimh, de réir scripte, a bheag nó a mhór.

Tuairim agus dhá go trí seachtaine roimh an tréimhse tástála SCBI, tabharfar tasc scríofa agus faisnéis chúlra d'iarrthóirí chun cuidiú leo ullmhúchán a dhéanamh. Sa chúram iarrtar ar iarrthóirí ionad comhghleacaí a ghlacadh agus an fhreagracht ar chúraimí éagsúla a ghlacadh chucu chomh maith le cásanna éagsúla a phléifear le linn an agallaimh. Beidh cásanna breise, nach bhfuil bunaithe ar an gcúram san áireamh freisin. Beidh iarrthóirí in ann an tasc scríofa agus an fhaisnéis chúlra a cheadú le linn an agallaimh.

Is ball foirne de chuid an Aontais Eorpaigh a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí. Déanfaidh beirt bhall den bhord roghnúcháin breathnóireacht agus measúnú ar fheidhmíocht gach iarrthóra agus bronnfaidh siad na marcanna i ndáil leis na hinniúlachtaí a chumhdaítear sa triail. Ní bheidh an t-agallóir páirteach sa mheasúnú ar an iarrthóir.


5.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

3


Aguisín a ghabhann le fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/374/19 — Riarthóirí (AD7) sna réimsí seo a leanas 1. Dlí na hIomaíochta; 2. An Dlí Airgeadais; 3. Dlí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta; 4. Na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh; 5. An chosaint ar ghóchumadh monaí euro

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 191 A an 6 Meitheamh 2019)

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C Eagrán Speisialta Gaeilge an 6 Meitheamh 2019)

1.   

De bharr ráig COVID-19, ón 6 Márta 2020 i leith, bhí ar EPSO gníomhaíochtaí uile na n-ionad measúnaithe ina n-áitreabh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a chur ar ceal agus ar fionraí chun gach beart réamhchúramach is iomchuí a chinntiú i gcomhréir leis na treoracha agus na treoirlínte a thug institiúidí an Aontais agus na húdaráis náisiúnta dúinn. Bhí tionchar aige sin freisin ar eagrú na dtrialacha ar ríomhaire a bhí le déanamh le linn lá an ionaid measúnaithe. Bhí sé beartaithe ag EPSO i dtús báire na hionaid mheasúnaithe a athoscailt le haghaidh roinnt comórtas ó lár mhí Mheán Fómhair 2020 ar aghaidh. Agus staid reatha COVID-19 mar atá, áfach, ina bhfuil bearta tugtha isteach ag na húdaráis náisiúnta lena gcuirtear cosc ar chruinnithe móra agus lena gcuirtear srian ar thaisteal ar chúiseanna sláinte poiblí, ní féidir na trialacha a eagrú agus daoine i láthair in áitribh EPSO san am atá amach romhainn. Ós rud é go raibh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire le déanamh le linn lá an ionaid measúnaithe, bhí ar EPSO modh tástála eile a aimsiú. Dá bhrí sin, déanfar na trialacha sin i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

2.   

Chun na comórtais oscailte a chur i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta, eagróidh EPSO tástáil ar líne (ó chian) le haghaidh thrialacha an ionaid measúnaithe. Agus na trialacha á ndéanamh ó chian ar líne, beidh deis ag iarrthóirí na trialacha a dhéanamh sa bhaile, san oifig, etc., gan an gá a bheith ann taisteal chuig ionad measúnaithe EPSO. Déanfar an tástáil sin trí fhíschomhdháil ar líne as seo amach. Cuirfear na sonraí teicniúla uile ar fáil in am trátha, san áireamh na treoracha maidir leis an gceangal a thástáil roimh lá na dtrialacha. Foilseofar cuirí chun trialacha i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí. Moltar d’iarrthóirí a gcuntas EPSO a sheiceáil dhá uair sa tseachtain ar a laghad.

3.   

Rinne roinnt iarrthóirí trialacha an ionaid measúnaithe roimh an 6 Márta 2020.

Beidh torthaí na dtrialacha sin fós bailí ach ní bheidh torthaí an chleachtaidh i ngrúpa bailí, agus cuirfear triail eile ina ionad sin: agallamh ar bhonn inniúlachtaí ar an suíomh (situational competency-based interview – SCBI).

Iarrthóirí nach ndearna a gcuid trialacha san ionad measúnaithe roimh an 6 Márta 2020, agus nach féidir leo na trialacha a dhéanamh agus iad i láthair anois a thuilleadh, déanfaidh siad trialacha uile an ionaid measúnaithe ó chian le linn lá amháin nó roinnt laethanta.

4.   

Chun a chinntiú go gcaithfear ar aon dóigh amháin leis na hiarrthóirí go léir, ní mór dóibh go léir na trialacha céanna dhéanamh. Ní féidir an cleachtadh i ngrúpa a dhéanamh ó chian ar bhealach sásúil. I gcás ina mbeadh fadhbanna teicniúla ann, d’fhéadfadh sé go gcuirfí an t-idirghníomhú i mbaol agus go n-imreofaí tionchar diúltach ar na hiarrthóirí rannpháirteacha dá bharr sin. Dá bhrí sin, beidh ar na hiarrthóirí uile (iad siúd a ghlac páirt sa chleachtadh i ngrúpa san áireamh) agallamh ar bhonn inniúlachtaí ar an suíomh a dhéanamh, agus eagrófar é sin ó chian in ionad trí fhíschomhdháil a bheith ann agus tógfaidh sé idir 30 agus 40 nóiméad.

Déanfaidh SCBI roinnt inniúlachtaí ginearálta a thástáil leis an agallamh ar bhonn inniúlachtaí ar an suíomh (anailísiú agus réiteach fadhbanna; foghlaim agus forbairt; tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán; buanseasmhacht; obair bhuíne; agus ceannaireacht) trína fhiafraí d’iarrthóirí cén freagra a thabharfadh siad ar chás ar leith. Cruinniú duine le duine ar líne le hagallóir oilte atá i gceist leis, ina gcuirfidh an t-agallóir faisnéis bhreise ar fáil le linn an agallaimh, de réir scripte, a bheag nó a mhór.

Tuairim agus dhá go trí seachtaine roimh an tréimhse tástála SCBI, tabharfar tasc scríofa agus faisnéis chúlra d’iarrthóirí chun cuidiú leo ullmhúchán a dhéanamh. Sa chúram iarrtar ar iarrthóirí ionad comhghleacaí a ghlacadh agus an fhreagracht ar chúraimí éagsúla a ghlacadh chucu chomh maith le cásanna éagsúla a phléifear le linn an agallaimh. Beidh cásanna breise, nach bhfuil bunaithe ar an gcúram san áireamh freisin. Beidh iarrthóirí in ann an tasc scríofa agus an fhaisnéis chúlra a cheadú le linn an agallaimh.

Is ball foirne de chuid an Aontais Eorpaigh a chuirfidh agallamh ar na hiarrthóirí. Déanfaidh beirt bhall den bhord roghnúcháin breathnóireacht agus measúnú ar fheidhmíocht gach iarrthóra agus bronnfaidh siad na marcanna i ndáil leis na hinniúlachtaí a chumhdaítear sa triail. Ní bheidh an t-agallóir páirteach sa mheasúnú ar an iarrthóir.

5.   

Na hiarrthóirí nach ndearna na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire fós, déanfaidh siad iad in ionaid mheasúnaithe chreidiúnaithe EPSO. Beidh deis ag na hiarrthóirí rogha a dhéanamh idir líon ard ionad creidiúnaithe ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain araon. Glacfar gach beart sláinteachais is gá chun na trialacha a dhéanamh sna hionaid trialacha sin. Tabharfar cuireadh d’iarrthóirí na trialacha sin a dhéanamh ar leithligh, trína gcuntas EPSO.