ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 372I |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
63 |
Clár |
Leathanach |
|
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Chomhairle |
|
2020/C 372 I/01 |
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
4.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 372/1 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Deireadh Fómhair 2020
lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 9 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020
(2020/C 372 I/01)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
— |
glacadh buiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2020 go cinntitheach an 27 Samhain 2019 (2); |
— |
thíolaic an Coimisiún togra, an 9 Deireadh Fómhair 2020, ina raibh dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 9 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2020; |
— |
is den tábhacht é gur féidir dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2020 a ghlacadh go tapa, ag féachaint freisin do staid COVID-19, atá ag cur brú breise ar chúrsaí airgid sna Ballstáit sin cheana féin, chun cúnamh ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil do na Ballstáit lena mbaineann, ar Ballstáit iad atá buailte ag tubaistí nádúrtha nó atá thíos le mór-éigeandáil sláinte poiblí de bharr phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le giorrú a dhéanamh ar an tréimhse 8 seachtaine maidir leis an bhfaisnéis do pharlaimintí náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle. |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Rinneadh an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 9 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 a ghlacadh an 30 Deireadh Fómhair 2020.
Is féidir breathnú ar an téacs iomlán nó é a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: http://www.consilium.europa.eu/.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH