ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 328

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
5 Deireadh Fómhair 2020


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2020/C 328/01

Seasamh (AE) Uimh. 9/2020 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais Arna ghlacadh ag an gComhairle an 20 Iúil 2020 ( 1 )

1

2020/C 328/02

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 9/2020 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

3


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

5.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 328/1


SEASAMH (AE) UIMH. 9/2020 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 20 Iúil 2020

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2020/C 328/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach,

Ag féachaint dóibh don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is réiteach teicneolaíochta airgeadais é sluachistiú lena soláthraítear rochtain mhalartach ar airgeadas d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus, go háirithe, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, d’fhonn fiontraíocht nuálaíoch a chur chun cinn san Aontas, agus ar an gcaoi sin déantar Aontas na Margaí Caipitil a neartú. Mar thoradh air sin rannchuidítear le córas airgeadais níos éagsúlaithe, ar ceann é nach bhfuil ag brath chomh mór sin ar mhaoiniú ó na bainc agus, dá bhrí sin, cuirtear teorainn le rioscaí sistéamacha agus comhchruinnithe. I measc na sochar eile a bhaineann le fiontraíocht nuálach a chur chun cinn trí shluachistiú, tá saoradh caipiteal reoite le haghaidh infheistíocht i dtionscadail nua agus nuálacha, luasghéarú leithdháileadh éifeachtúil na n‐acmhainní agus éagsúlú sócmhainní.

(2)

Le Rialachán (AE) …/…. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos ceanglais aonfhoirmeacha, chomhréireacha atá infheidhme go díreach maidir le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a eagrú agus a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, maidir le hardáin sluachistiúcháin a oibriú agus maidir le trédhearcacht agus cumarsáidí margaíochta i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar san Aontas.

(3)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt i dtaca leis na daoine agus na gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) …/… agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), faoi seach, agus chun an staid a sheachaint ina mbeadh an ghníomhaíocht chéanna faoi réir údaruithe iolracha laistigh den Aontas, ba cheart daoine dlítheanacha a údaraítear mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faoi Rialachán (AE) …/… a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2014/65/AE.

(4)

Ós rud é go bhfuil an leasú dá bhforáiltear sa Treoir seo nasctha go díreach le Rialachán (AE) …/…, maidir leis an dáta óna bhfuil na Ballstáit chun na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chur i bhfeidhm, ba cheart é a iarchur chun go mbeidh sé i gcomhthráth leis an dáta cur i bhfeidhm a leagtar amach sa Rialachán sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2(1) de Threoir 2014/65/AE, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(p)

soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1)

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin ...[6 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 6800/20 (2018/0048(COD))].

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón ... [12 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 6800/20 (2018/0048(COD))].

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 65.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 20 Iúil 2020. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an ... (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L ..., ..., lch. ...).

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


5.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 328/3


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 9/2020 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

(2020/C 328/02)

I.   RÉAMHRÁ

An 8 Márta 2018, ghlac an Coimisiún pacáiste beart chun Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, mar aon leis an Teachtaireacht “Aontas na Margaí Caipitil a chur i gCrích faoi 2019 – is mithid dlús a chur lena chur i bhfeidhm”. Sa phacáiste sin áiríodh an dá thogra a leanas maidir leis an ngnáthnós imeachta reachtach:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin do Ghnólachtaí; agus

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasaimh ar an gcéad léamh ag seisiún iomlánach dá cuid an 27 Márta 2019.

Ó thaobh na Comhairle de, scrúdaigh an Mheitheal um Sheirbhísí Airgeadais an dá thogra le linn roinnt cruinnithe faoi Uachtaránachtaí éagsúla. D'eisigh Coiste na mBuanionadaithe sainordú chun comhaontú a chaibidil leis an bParlaimint maidir leis na tograí sin an 26 Meitheamh 2019.

Thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le téacsanna comhréitigh don Rialachán agus don Treoir an 18 Nollaig 2019, faoi réir athbhreithniú teicniúil agus athbhreithniú dlítheangeolaíoch.

An 7 Bealtaine 2020 agus tar éis an t‐athbhreithniú teicniúil a thabhairt chun críche, d'fhormheas Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa na téacsanna comhréitigh. An 12 Bealtaine 2020, shínigh Cathaoirleach an Choiste sin litir chuig Uachtaránacht na Comhairle ina luaitear, dá nglacfadh an Chomhairle na téacsanna comhréitigh a ndearnadh athbhreithniú teicniúil orthu (lena n‐áirítear aon athruithe is gá ó thaobh dlí agus teanga de) mholfadh sí do sheisiún iomlánach na parlaiminte gur cheart don Pharlaimint seasaimh na Comhairle a fhormheas ar an dara léamh gan aon leasú breise a dhéanamh orthu. Is é an éifeacht a bheadh leis sin go measfaí an dá ghníomh atá beartaithe a bheith glactha san fhoclaíocht a fhreagraíonn do sheasaimh na Comhairle.

An 20 Bealtaine 2020, tháinig Coiste na mBuanionadaithe ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na téacsanna comhréitigh a ndearnadh athbhreithniú teicniúil orthu.

Agus an comhaontú thuas á chur san áireamh aici agus tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch a bheith déanta, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh an 20 Iúil 2020, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

II.   CUSPÓIR

Is réiteach teicneolaíochta airgeadais é an sluachistiú lena soláthraítear rochtain mhalartach ar airgeadas d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe gnólachtaí nua-thionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, chun fiontraíocht nuálach a thionscnamh san Aontas, agus ar an gcaoi sin, déantar Aontas na Margaí Caipitil a neartú. Mar thoradh air sin rannchuidítear le córas airgeadais níos éagsúlaithe agus ceann nach bhfuil ag brath chomh mór sin ar mhaoiniú ó na bainc agus dá bharr sin, cuirtear teorainn le rioscaí sistéamacha agus comhchruinnithe. I measc na sochar eile a bhaineann le fiontraíocht nuálach a chur chun cinn trí shluachistiú, tá saoradh caipitil reoite le haghaidh infheistíocht i dtionscadail nua agus nuálacha, luasghéarú leithdháileadh éifeachtúil na n‐acmhainní agus éagsúlú sócmhainní.

Is é cuspóir an Rialacháin agus na Treorach aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an chreata dlí is infheidhme maidir le seirbhísí sluachistiúcháin chun feidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus, san am céanna, cosaint d'infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú, agus cuidiú le hAontas na Margaí Caipitil a bhunú.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

Baineann an Treoir soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear sa Rialachán iad ó raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1).

IV.   CONCLÚID

Léirítear le seasaimh na Comhairle ar an gcéad léamh i ndáil leis an Rialachán agus an Treoir an comhréiteach ar ar thángthas sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa.

Creideann an Chomhairle gurb ionann a seasaimh ar an gcéad léamh agus pacáiste cothrom a chomhlíonfaidh, tráth a ghlactha, an cuspóir maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn ó thaobh seirbhísí sluachistiúcháin, cosaint infheisteoirí mar aon le héifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú, agus rannchuidiú le hAontas na Margaí Caipitil a bhunú.


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.