ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
63 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 300 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
10.9.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AD/382/20 – RIARTHÓIRÍ (AD 5/AD 7) I RÉIMSE AN CHAIDRIMH SHEACHTRAIGH
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: An 13 Deireadh Fómhair 2020 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a bhféadfaidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “riarthóirí” (grúpa feidhme AD).
Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúchán seo.
Féach IARSCRÍBHINN III le haghaidh na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte.
An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal:
AD 5: 53 |
AD 7: 33 |
Baineann an fógra seo le próifíl amháin, agus tá dhá ghrád ag dul léi. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon ghrád amháin . Ní mór duit an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú an rogha sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú. Mar sin féin, faoi choinníollacha áirithe a bhfuil cur síos orthu i bpointe 3) den roinn CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ?, féadfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas ar ghrád AD 7 a aistriú chuig grád AD 5.
Ar feadh an phróisis roghnúcháin, tabharfar cuireadh duit roinnt trialacha a dhéanamh mar atá sonraithe san fhógra comórtais seo. Cinnteoidh EPSO go mbeidh na dálaí faoina ndéanfaidh tú na trialacha sin i gcomhréir leis na moltaí atá leagtha síos ag na hÚdaráis Sláinte Phoiblí ábhartha (an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú/údaráis eile, idir Eorpach agus náisiúnta).
DUALGAIS AN PHOIST
Den chuid is mó tugann riarthóirí tacaíocht do chinnteoirí san institiúid sin den Aontas Eorpach ina n-oibríonn siad. Má earcaítear thú i ndiaidh an chomórtais, seo iad na dualgais a bheidh ort:
1. |
Cuidiú i dtaca le cur chun cinn agus cosaint leasanna agus luachanna an Aontais Eorpaigh ina chaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. |
2. |
Cuidiú i dtaca le seoladh Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CFSP) an Aontais. |
3. |
Agus leas an Aontais agus an leas sin amháin san áireamh, comhoibriú le seirbhísí taidhleoireachta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, na Comhairle, agus an Choimisiúin Eorpaigh, chun comhseasmhacht a chinntiú idir réimsí éagsúla de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus idir na réimsí sin agus na beartais eile dá chuid. |
Tabhair do d’aire, de réir Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, rachaidh gach ball foirne de chuid EEAS ag obair ó am go chéile i dToscaireachtaí de chuid an Aontais. Tá roinnt Toscaireachtaí i dtíortha ina bhféadfadh na dálaí maireachtála agus slándála a bheith dúshlánach.
Ní mór dóibh siúd a earcófar a bheith sásta glacadh le céadphostáil i dtoscaireacht i dtír ina bhféadfadh na dálaí maireachtála a bheith deacair.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór d’iarrthóirí GACH CEANN de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
1) Coinníollacha ginearálta:
— |
A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh |
— |
Aon oibleagáid i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh |
— |
Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh |
2) Coinníollacha sonracha – teangacha:
Ní mór eolas ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh; a bheith agat; leibhéal C1 (eolas cuimsitheach) ar a laghad i gceann acu agus leibhéal B2 (eolas sásúil) ar a laghad sa cheann eile.
Tabhair do d’aire nach mór na híosleibhéil thuasluaite a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://rm.coe.int/16806f50a4.
Déanfar an chumarsáid tríd an gcuntas EPSO agus idir EPSO agus na hiarrthóirí a chuir iarratas bailí isteach i gceann de na teangacha ar dhearbhaigh siad go raibh siad acu san fhoirm iarratais ar leibhéal B2 nó níos airde.
San fhógra comórtais seo is mar seo a thagraítear do na teangacha sin:
— |
Teanga 1: an teanga atá le húsáid sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire |
— |
Teanga 2: an teanga atá le húsáid sa roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí (an Talent Screener) agus i dtástálacha an ionaid measúnaithe. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin. |
Ní mór an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2.
Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo agus a earcófar le haghaidh na próifíle seo, ní mór dóibh eolas sásúil a bheith acu ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (leibhéal B2 ar a laghad). Siúd agus go bhféadfadh eolas ar theangacha eile a bheith ina mhórbhuntáiste, ní mór d’iarrthóirí a n-éireoidh leo a bheith in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí na teangacha is mó a úsáidtear i gcomhthéacs CBES agus an chaidrimh sheachtraigh; i gcomhréir leis an nós taidhleoireachta idirnáisiúnta agus le cleachtais sheanbhunaithe an Aontais Eorpaigh i réimse CBES agus i réimse an chaidrimh sheachtraigh is iad an Béarla agus an Fhraincis na príomhtheangacha a úsáidtear sa réimse sin. San Aontas Eorpach, léirítear an cleachtas comhseasmhach inter alia, trí úsáid an Bhéarla agus na Fraincise ar bhonn leanúnach i gComhfhreagras uile na hEorpa (líonra cumarsáide COREU AE) ar bhonn laethúil in EEAS. Is iad an Béarla agus an Fhraincis na teangacha oibre is mó a úsáidtear i gcomhthéacs CBES, go hinmheánach agus le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Úsáideann EEAS an Béarla nó an Fhraincis le haghaidh anailísiú, cumarsáid inmheánach chomh maith le cumarsáid le tríú tíortha agus le tíortha aontacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe leasmhara seachtracha, chun foilseacháin agus tuarascálacha, reachtaíocht nó páipéir eacnamaíocha, a dhréachtú mar atá luaite faoi na cúraimí atá sainmhínithe in Iarscríbhinn I.
Tá na roghanna teanga le haghaidh an chomórtais seo leagtha amach i riachtanais na seirbhíse. Dá bhrí sin, tá eolas maith ar an mBéarla agus ar an bhFraincis (an cumas doiciméid a dhréachtú, mar shampla) riachtanach chun cumarsáid inmheánach agus sheachtrach atá éifeachtach a áirithiú.
3) Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí agus taithí oibre:
— |
Le haghaidh ghrád AD 5 Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 1 bhliain ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le réimse an chomórtais. |
— |
Le haghaidh ghrád AD 7 Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le réimse an chomórtais. nó Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le réimse an chomórtais. |
Féach IARSCRÍBHINN IV le haghaidh samplaí d’íoscháilíochtaí
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ?
1) Iarratas a dhéanamh
Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat iarrfar ort teanga 1 agus teanga 2 a roghnú. Beidh ort teanga 1 a roghnú as aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2. Iarrfar ort freisin a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus eolas breise a thabhairt a bhaineann leis an gcomórtas seo (mar shampla: dioplómaí, taithí oibre, agus freagraí ar cheisteanna réimse-shonracha (Talent Screener)).
Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, beidh tú in ann aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a roghnú, seachas don Talent Screener rud nach mór a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 ar na cúiseanna seo a leanas: déanann an bord roghnúcháin measúnú comparáideach ar na freagraí a thugtar sa Talent Screener, úsáideann an bord roghnúcháin mar dhoiciméad tagartha le linn an agallaimh réimseshonraigh san ionad measúnaithe é, agus úsáidtear chun críoch earcaíochta é i gcás iarrthóirí ar éirigh leo. Is chun leasa na seirbhíse agus na n-iarrthóirí atá sé, dá bhrí sin, an Talent Screener a líonadh isteach i dTeanga 2.
Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”. A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.
2) Na trialacha Ceisteanna Ilrogha ar ríomhaire (MCQ)
Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe i dtaca le gach grád, arna socrú ag stiúrthóir EPSO ina cháil mar Údarás Ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.
Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , is san ionad measúnaithe a bheidh na trialacha sin ar siúl (pointe 5).
Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
Trialacha |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Marcáil |
Pasmharc |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga 1 |
20 ceist |
35 nóiméad |
As 20 pointe a mharcálfar an triail seo |
10/20 |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Teanga 1 |
10 gceist |
20 nóiméad |
As 10 bpointe a mharcálfar an triail seo |
An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 8/20 |
Réasúnaíocht theibí |
Teanga 1 |
10 gceist |
10 nóiméad |
As 10 bpointe a mharcálfar an triail seo |
Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar i dtrialacha an ionaid measúnaithe.
3) Seiceálacha incháilitheachta
Déanfar na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha síos sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí a thug na hiarrthóirí sna iarratais ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta sonracha sna ranna “Oideachas agus Oiliúint” agus “Taithí Oibre” den iarratas ar líne, agus na dualgais a luaitear in Iarscríbhinn I á gcur san áireamh.
Tá dhá chás is féidir a bheith ann:
— |
Má dhéantar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí, in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaigh siad sna trialacha sin, go dtí go sroichfear an tairseach a leag stiúrthóir EPSO síos, ina cháil mar Údarás Ceapacháin, roimh na trialacha do gach grád. Ní sheiceálfar na comhaid eile. |
— |
Mura ndéanfar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am. |
Má sroichtear an tairseach chun trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire roimh ré a eagrú le haghaidh ghrád amháin, eagrófar na trialacha roimh ré le haghaidh an ghráid eile freisin.
Iarrthóirí ar ghrád AD 7: le linn na seiceála incháilitheachta, féadfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas a aistriú chuig grád AD 5 má chomhlíonann tú na coinníollacha seo a leanas:
— |
thoiligh tú i d’iarratas le haistriú d’iarratais chuig grád AD 5, agus |
— |
de réir an eolais atá i d’iarratas, ní chomhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta le haghaidh ghrád AD 7, ach comhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta le haghaidh ghrád AD 5. |
Má dhéantar na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire roimh ré, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh freisin:
— |
tá an marc a ghnóthaigh tú ar cheann de na marcanna foriomlána is airde le haghaidh ghrád AD 7, agus |
— |
tá an marc a ghnóthaigh tú ar cheann de na marcanna foriomlána is airde le haghaidh ghrád AD 5 freisin. |
Sa chás sin, measfar gur iarrthóir ar ghrád AD 5 thú don chuid eile den phróiseas roghnúcháin.
Déanfar an t-aistriú sin sula gcuirfear tús leis an roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener) agus is ar bhonn an eolais a thug tú san iarratas ar líne a dhéanfar é. Iarrthóirí a mbeidh a marcanna faoi bhun na marcanna is fearr atá leagtha síos do ghrád AD 7, ní fhéadfar a n-iarratas a aistriú go grád AD 5.
4) Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener)
Chun gur féidir leis an mbord roghnúcháin measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar bhuanna gach iarrthóra ar dhóigh struchtúrtha, ní mór do na hiarrthóirí uile a dhéanann iarratas ar an ngrád céanna aon tacar amháin ceisteanna a fhreagairt sa teanga atá roghnaithe acu mar theanga 2 sa Talent Screener san fhoirm iarratais. Is ar na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe agus orthu sin amháin a dhéanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus déanfar é ar an gcaoi a bhfuil cur síos uirthi thuas i bpointe 3, agus is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener, agus ar a bhonn sin amháin, a dhéanfar an measúnú. Dá bhrí sin, ba cheart duit gach eolas a bhaineann le hábhar a thabhairt sna freagraí ar cheisteanna an Talent Screener, fiú amháin má tá sé luaite cheana i gcodanna eile den fhoirm iarratais. Beidh na ceisteanna bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra seo.
Tá an liosta critéar in IARSCRÍBHINN II
Chun an roghnú ar bhonn cáilíochtaí a dhéanamh, sa chéad dul síos, tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (1 go 3) do gach critéar roghnúcháin a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir. Iolrófar na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeofar iad lena fháil amach cé na hiarrthóirí is mó atá in oiriúint do dhualgais an phoist.
Is iad na hiarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna foriomlána is airde sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, agus na hiarrthóirí sin amháin, a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
5) An tIonad Measúnaithe
3 oiread ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal do gach grád, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na céime seo dóibh. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an chéim sin ar siúl.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, is gá duit méaróg chuimhne, agus cóipeanna scanta de do chuid doiciméad tacaíochta sábháilte uirthi, a thabhairt leat go dtí an t-ionad measúnaithe. Déanfaidh muintir EPSO do chuid doiciméad a íoslódáil agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfaidh siad an mhéaróg USB ar ais duit an lá céanna.
Déanfar ocht n-inniúlacht ghinearálta agus inniúlachtaí réimse-shonracha an chomórtais a thástáil san ionad measúnaithe, agus déanfar sin le 5 thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, cleachtadh i ngrúpa, cás-staidéar, agallamh réimse-shonrach agus scrúdú scríofa sa réimse), a bhfuil cur síos orthu sna táblaí seo:
Inniúlacht |
Trialacha |
|||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Cás-staidéar |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Cás-staidéar |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
Pasmharcanna: 3/10 i ngach inniúlacht agus 40/80 san iomlán
Inniúlacht |
Triail |
Pasmharc |
Inniúlachtaí réimse-shonracha |
Agallamh réimse-shonrach |
25/50 |
Scrúdú scríofa sa réimse lena mbaineann |
25/50 |
6) An painéal
I ndiaidh dó an tseiceáil a dhéanamh ar dhoiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí ar bhonn na faisnéise san iarratas ar líne, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal do gach grád de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh an pasmharc i ngach triail agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críoch earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, na painéil d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí agus beidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin sa phas sin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.
COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE SPEISIALTA
Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.
Má tá tú faoi mhíchumas nó más rud é go bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil tú bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort.
Tá tuilleadh eolais faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin nós imeachta maidir le socruithe speisialta le fáil ar ár suíomh gréasáin (https://epso.europa.eu/job-opportunities_ga) agus sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (faoi phointe 1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta).
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Chun iarratas a dhéanamh is é an chéad rud nach mór duit a dhéanamh cuntas EPSO a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu faoin sprioc-am seo:
An 13 Deireadh Fómhair 2020 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile.
IARSCRÍBHINN I
DUALGAIS
Is é is aidhm don chomórtas oscailte seo Riarthóirí (AD 5/AD 7) i réimse an Chaidrimh Sheachtraigh a earcú.
Gráid AD 5 agus AD 7
Má earcófar thú i ndiaidh an chomórtais seo, ar na dualgais a d’fhéadfadh a bheith ann, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá an méid seo a leanas:
— |
monatóireacht, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh ar bheartais agus saincheisteanna eachtracha agus slándála, a chlúdaíonn tíortha agus réigiúin éagsúla ar fud an domhain, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta iltaobhacha |
— |
treoshuíomh straitéiseach a fhoirmliú agus beartais maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh a fhorbairt |
— |
cuidiú a thabhairt i dtaca le géarchéimeanna agus saincheisteanna a bhaineann le slándáil a bhainistiú |
— |
caidreamh taidhleoireachta a bhunú agus líonrú a dhéanamh le seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta Bhallstát an Aontais Eorpaigh agus le tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, leis an tsochaí shibhialta, leis na meáin agus le páirtithe leasmhara eile chun leasanna agus luachanna an Aontais Eorpaigh a chosaint ina chaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta |
— |
seisiúin faisnéise a fhorbairt, óráidí, preaseisiúintí agus foilseacháin sna meáin a dhréachtú i mBéarla nó i bhFraincis |
— |
cuidiú a thabhairt i dtaca le comhdhálacha agus imeachtaí a eagrú agus a ullmhú, caibidlíocht a ullmhú |
— |
ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais ag cruinnithe, i gcaibidlíocht agus ag imeachtaí poiblí |
— |
comhordúchán AE áitiúil i dToscaireachtaí a éascú agus ionadaíocht a dhéanamh ar an gCeann Toscaireachta de réir mar is gá |
— |
cuidiú a thabhairt i dtaca leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus na struchtúir a bhaineann leis a bhainistiú agus a riar |
Tá na toscaireachtaí suite i dtíortha inarb iad na teangacha seo na teangacha is mó a labhraítear: an Araibis, an Béarla, an Fhraincis, an Mhandairínis, an Phortaingéilis, an Rúisis agus an Spáinnis.
I gcomhréir le forálacha slándála ábhartha EEAS, ní mór grinnfhiosrúchán slándála a dhéanamh ar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo agus a earcófar mura mbeidh imréiteach slándála ar an leibhéal iomchuí acu cheana (EU Secret).
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN II
CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN
Déanfaidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:
I gcás AD 5
1. |
Cúrsa iomlán bunchéime nó iarchéime ar baineadh dioplóma amach dá bharr a bhaineann le Caidreamh Idirnáisiúnta, Staidéir Idirnáisiúnta, Gnóthaí Idirnáisiúnta, Staidéir ar Shaincheisteanna Domhanda, Staidéir an Aontais Eorpaigh, Dlí Idirnáisiúnta Poiblí, Dlí um Chearta an Duine, Eacnamaíocht Idirnáisiúnta, Eacnamaíocht Pholaitiúil Idirnáisiúnta, Staidéir Slándála Idirnáisiúnta nó Staidéir Chosanta; |
2. |
Staidéir bhreise ar baineadh teastas amach dá bharr a bhaineann le haon ghné de Ghnóthaí Eachtracha Idirnáisiúnta, Saincheisteanna Domhanda, Gníomhaíocht Sheachtrach an Aontais Eorpaigh agus/nó beartas Slándála agus Cosanta; |
3. |
Páipéir, aistí, leabhair nó foilseacháin eile agus/nó óráidí mar chainteoir ag comhdhálacha náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta ar Ghníomhaíocht Sheachtrach an Aontais, Gnóthaí Eachtracha idirnáisiúnta, Saincheisteanna Domhanda agus/nó beartas Slándála agus Cosanta; |
4. |
Taithí oibre, nó taithí mar oiliúnaí, gairmí sóisearach nó a chomhionann, sa rialtas, san earnáil phríobháideach, sa tsochaí shibhialta nó le páirtí leasmhar eile a fheidhmíonn i réimse an chaidrimh sheachtraigh nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta/iltaobhacha, laistigh den Aontas Eorpach; |
5. |
Taithí oibre sa réimse, nó taithí sa réimse mar oiliúnaí, gairmí sóisearach nó a chomhionann, sa rialtas, san earnáil phríobháideach, sa tsochaí shibhialta nó le páirtí leasmhar eile a fheidhmíonn i réimse an chaidrimh sheachtraigh nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta/iltaobhacha, ina cheanncheathrú i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach nó ina ambasáidí nó ina oifigí ionadaíochta i dtír lasmuigh den Aontas; |
6. |
Taithí oibre ar mhonatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí polaitiúla, nótaí anailísithe pholaitiúil a dhréachtú nó a thuairisciú, maidir le saincheisteanna gníomhaíochta eachtracha an Aontais Eorpaigh, cúrsaí domhanda agus eacnamaíocha san áireamh; |
7. |
Taithí oibre sa chumarsáid inmheánach agus sheachtrach maidir le saincheisteanna i dtaca le beartais sheachtracha agus/nó slándála (óráidí, preaseisiúintí, na meáin shóisialta, etc.); |
8. |
Eolas, a bhfuil cruthúnas air, ar theanga amháin nó níos mó de na teangacha seo a leanas, cé is moite de na teangacha a roghnaigh tú mar theanga 1 nó mar theanga 2 san iarratas: an Béarla, an Fhraincis, an Phortaingéilis, an Spáinnis, an Araibis, an Mhandairínis nó an Rúisis. (an t-íosleibhéal atá ag teastáil: B2 i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://rm.coe.int/16806f50a4). |
I gcás AD 7
1. |
Cúrsa iomlán bunchéime nó iarchéime ar baineadh dioplóma amach dá bharr a bhaineann le Caidreamh Idirnáisiúnta, Staidéir Idirnáisiúnta, Gnóthaí Idirnáisiúnta, Staidéir ar Shaincheisteanna Domhanda, Staidéir an Aontais Eorpaigh, Dlí Idirnáisiúnta Poiblí, Dlí um Chearta an Duine, Eacnamaíocht Idirnáisiúnta, Eacnamaíocht Pholaitiúil Idirnáisiúnta, Staidéir Slándála Idirnáisiúnta nó Staidéir Chosanta; |
2. |
Staidéir bhreise ar baineadh teastas amach dá bharr a bhaineann le haon ghné de Ghnóthaí Eachtracha Idirnáisiúnta, Saincheisteanna Domhanda, Gníomhaíocht Sheachtrach an Aontais Eorpaigh agus/nó beartas Slándála agus Cosanta; |
3. |
Páipéir, aistí, leabhair nó foilseacháin eile agus/nó óráidí mar chainteoir ag comhdhálacha náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta ar Ghníomhaíocht Sheachtrach an Aontais, Gnóthaí Eachtracha idirnáisiúnta, Saincheisteanna Domhanda agus/nó beartas Slándála agus Cosanta; |
4. |
Taithí oibre, nó taithí mar oiliúnaí, gairmí sóisearach nó a chomhionann, sa rialtas, san earnáil phríobháideach, sa tsochaí shibhialta nó le páirtí leasmhar eile a fheidhmíonn i réimse an chaidrimh sheachtraigh nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta/iltaobhacha, laistigh den Aontas Eorpach; |
5. |
Taithí oibre sa réimse, nó taithí sa réimse mar oiliúnaí, gairmí sóisearach nó a chomhionann, sa rialtas, san earnáil phríobháideach, sa tsochaí shibhialta nó le páirtí leasmhar eile a fheidhmíonn i réimse an chaidrimh sheachtraigh nó na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta/iltaobhacha, ina cheanncheathrú i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach nó ina ambasáidí nó ina oifigí ionadaíochta i dtír lasmuigh den Aontas; |
6. |
Taithí oibre ar mhonatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí polaitiúla, nótaí anailísithe pholaitiúil a dhréachtú nó a thuairisciú, maidir le saincheisteanna gníomhaíochta eachtracha an Aontais Eorpaigh, cúrsaí domhanda agus eacnamaíocha san áireamh; |
7. |
Taithí oibre sa chumarsáid inmheánach agus sheachtrach maidir le saincheisteanna i dtaca le beartais sheachtracha agus/nó slándála (óráidí, preaseisiúintí, na meáin shóisialta, etc.); |
8. |
Taithí oibre ar threoshuíomh straitéiseach agus beartais a fhoirmliú agus agus/nó ar idirphlé polaitiúil agus beartais, comhairliúcháin thaidhleoireachta agus cruinnithe ardleibhéil a thagann faoi phrótacail oifigiúla; |
9. |
Taithí oibre ar cuidiú a thabhairt go díreach nó go hindíreach i dtaca le géarchéimeanna agus saincheisteanna a bhaineann le slándáil a bhainistiú i réimse chaidrimh eachtraigh an Aontais Eorpaigh; |
10. |
Taithí oibre ar fhoirne a bhainistiú; |
11. |
Eolas, a bhfuil cruthúnas air, ar theanga amháin nó níos mó de na teangacha seo a leanas, cé is moite de na teangacha a roghnaigh tú mar theanga 1 nó mar theanga 2 san iarratas: an Béarla, an Fhraincis, an Phortaingéilis, an Spáinnis, an Araibis, an Mhandairínis nó an Rúisis. (an t-íosleibhéal atá ag teastáil: B2 i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://rm.coe.int/16806f50a4). |
Deireadh IARSCRÍBHINN II, Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN III
NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.
Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.
Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.
1. NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
1.1. Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha
Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.
Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt, a bhaineann le dualgais an phoist , i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas.
(a) |
Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais. Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann. |
(b) |
Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:
|
1.2. Doiciméid tacaíochta
Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).
Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:
— |
doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó |
— |
conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh; |
— |
(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar; |
— |
(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála. |
Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.
Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.
1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh duit an t-iarratas a bhailíochtú, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.
Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:
— |
trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu) |
— |
facs (+ 32 22998081) nó |
— |
tríd an bpost:
|
2. CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?
Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.
Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr
Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).
Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an Ionaid Measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.
3. CUMARSÁID
3.1. Cumarsáid a dhéanamh le EPSO
Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach agus tríd suíomh greasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga).
Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.
I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga. Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).
3.2. Rochtain ar fhaisnéis
Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.
Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.
Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
3.2.1. Faisnéis a nochtar go huathoibríoch
Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:
— |
na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna, |
— |
incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh, |
— |
Talent Screener (an scagthóir buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán, |
— |
na réamhthrialacha: do thorthaí, |
— |
na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh, |
— |
an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe. |
Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:
— |
go bhfuil na trialacha thart, |
— |
go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad, agus |
— |
nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile. |
3.2.2. Faisnéis a iarraidh
Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.
Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.
Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.
Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.
4. GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ
4.1. Saincheisteanna teicniúla agus eagraíochtúla
Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh sa chaoi go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).
Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:
— |
na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach sa chaoi gur féidir réiteach a aimsiú san ionad féin. I gcás ar bith, iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn, agus |
— |
teagmháil a dhéanamh le EPSO tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh na trialach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) agus cur síos gairid a thabhairt dóibh ar an bhfadhb. |
I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), lean na treoracha i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO nó déan teagmháil le EPSO láithreach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).
I gcás fadhbanna a bhaineann le d’iarratas, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le EPSO láithreach agus go cinnte roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga). Má chuirtear ceist isteach níos lú ná 5 lá oibre roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am iad.
4.2. Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach
4.2.1. Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.
Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).
Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.
Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga), |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist, |
— |
sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire, |
— |
faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.
Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.
Tá an nós imeachta athbhreithniúcháin céanna i bhfeidhm maidir le hearráidí sa chleachtadh inbhosca ríomhphoist.
4.2.2. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.
Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:
— |
míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais, agus/nó |
— |
an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh. |
Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.
Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga), |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist, |
— |
sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid, |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.
Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.
4.3. Modhanna eile le conspóid a dhéanamh
4.3.1. Gearáin riaracháin
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.
Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).
Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga), |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist, |
— |
sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe, |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
4.3.2. Achomhairc bhreithiúnacha
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.
Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc i gcoinne cinntí a rinne EPSO seachas an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta mura ndearnadh achomharc riaracháin roimhe sin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach roinn 4.3.1). Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás cinntí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta ghinearálta, arb é EPSO a dhéanann iad seachas an bord roghnúcháin.
Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/). |
4.3.3. An tOmbudsman Eorpach
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).
Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.
Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (https://www.ombudsman.europa.eu/ga/home/). |
4.4. Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin
Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin, |
— |
go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe, |
— |
nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad, |
— |
go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis, |
— |
nach ndearna tú coinne chun ceann amháin nó níos mó de na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú ceann amháin nó níos mó de na trialacha féin, |
— |
go ndearna tú séitéireacht i dtriail, |
— |
nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais na teangacha nach mór a bheith agat i gcomhréir leis an bhFógra Comórtais seo, nó nár dhearbhaigh tú na híosleibhéil a theastaíonn sna teangacha sin, |
— |
gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe, |
— |
nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin, |
— |
gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (féadfar teanga eile a úsáid i gcásanna áirithe, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí), agus/nó |
— |
go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla. |
Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.
Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN IV
SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS
Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait
TÍR |
AST-SC 1 go AST-SC 6 AST 1 go AST 7 |
AST 3 go AST 11 |
AD 5 go AD 16 |
|||||||||||||
Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile) |
Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó gearrchúrsa ollscoile a mhaireann dhá bhliain ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 4 bliana nó níos mó) |
|||||||||||||
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs Diplôme d’enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature/Kandidaat Graduat/Gegradueerde Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor |
Bachelor académique (180 crédits) Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS) |
Licence/Licentiaat Master Diplôme d’études approfondies (DEA) Diplôme d’études spécialisées (DES) Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS) Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur Doctorat/Doctoraal diploma |
||||||||||||
България |
Диплома за завършено средно образование |
Специалист по … |
|
Диплома за висше образование Бакалавър Магистър |
||||||||||||
Česká republika |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia Magistr Doktor |
||||||||||||
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) Højere Handelseksamen (HHX) Højere Afgangseksamen (HA) Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK) |
Bachelorgrad (BA eller BS) Professionsbachelorgrad Diplomingeniør |
Kandidatgrad/Candidatus Master/Magistergrad (mag.art) Licenciatgrad ph.d.-grad |
||||||||||||
Deutschland |
Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife |
|
Fachhochschulabschluss Bachelor |
Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master Magister Artium/Magistra Artium Staatsexamen/Diplom Erstes Juristisches Staatsexamen Doktorgrad |
||||||||||||
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti) Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) Magistrikraad Arstikraad Hambaarstikraad Loomaarstikraad Filosoofiadoktor Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
||||||||||||
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta/National Certificate Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.) Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS) |
Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) |
Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile/University degree Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS) Dochtúireacht/Doctorate |
||||||||||||
Ελλάδα |
Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ) |
|
Πτυχίο ΑΕΙ (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
||||||||||||
España |
Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU) Bachillerato BUP Diploma de Técnico especialista |
FP grado superior (Técnico superior) |
Diplomado/Ingeniero técnico |
Licenciatura Máster Ingeniero Título de Doctor |
||||||||||||
France |
Baccalauréat Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU) Brevet de technicien |
Diplôme d’études universitaires générales (DEUG) Brevet de technicien supérieur (BTS) Diplôme universitaire de technologie (DUT) Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
Licence |
Maîtrise Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d’études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche Diplôme des grandes écoles Diplôme d’ingénieur Doctorat |
||||||||||||
Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o završnom ispitu |
Stručni pristupnik/pristupnica |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Magistar struke Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke Doktor umjetnosti |
||||||||||||
Italia |
Diploma di maturità (vecchio ordinamento) Perito ragioniere Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore |
Diploma universitario (DU) Certificato di specializzazione tecnica superiore Attestato di competenza (4 semestri) |
Diploma di laurea — L (breve) |
Diploma di laurea (DL) Laurea specialistica (LS) Master di I livello Dottorato di ricerca (DR) |
||||||||||||
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) Higher Diploma |
|
Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor Master Doctorat |
||||||||||||
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu) |
Bakalaura diploms (160 kredītpunktu) Profesionālā bakalaura diploms Maģistra diploms Profesionālā maģistra diploms Doktora grāds |
||||||||||||
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
Aukštojo mokslo diplomas Bakalauro diplomas Magistro diplomas Daktaro diplomas Meno licenciato diplomas |
||||||||||||
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
BTS Brevet de maîtrise Brevet de technicien supérieur Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
Bachelor Diplôme d’ingénieur technicien |
Master Diplôme d’ingénieur industriel DESS en droit européen |
||||||||||||
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány |
Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme) |
Főiskolai oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits) |
Egyetemi oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits) Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés) Doktori fokozat |
||||||||||||
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
Bachelor’s degree |
Bachelor’s degree Master of Arts Doctorate |
||||||||||||
Nederland |
Diploma VWO Diploma staatsexamen (2 diploma’s) Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
Bachelor (WO) HBO bachelor degree Baccalaureus of «Ingenieur» |
HBO/WO Master’s degree Doctoraal examen/Doctoraat |
||||||||||||
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife- und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom/Akademiediplom |
Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea |
Universitätsdiplom Fachhochschuldiplom Magister/Magistra Master Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis Doktortitel |
||||||||||||
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
Licencjat/Inżynier |
Magister/Magister inżynier Dyplom doktora |
||||||||||||
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
Bacharel Licenciado |
Licenciado Mestre Doutorado |
||||||||||||
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (colegiu universitar) Învățământ preuniversitar |
Diplomă de licenţă |
Diplomă de licenţă Diplomă de inginer Diplomă de urbanist Diplomă de master Certificat de atestare (studii academice postuniversitare) Diplomă de doctor |
||||||||||||
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
Univerzitetna diploma Magisterij Specializacija Doktorat |
||||||||||||
Slovensko |
Vysvedčenie o maturitnej skúške |
Absolventský diplom |
Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár) |
Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia Bakalár (Bc.) Magister Magister/Inžinier ArtD. |
||||||||||||
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus — Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå |
Kandidaatin tutkinto — Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa — studieveckor) |
Maisterin tutkinto — Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa — studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen Lisensiaatti/Licentiat |
||||||||||||
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)
Meriter på avancerad nivå:
Meriter på forskarnivå:
|
||||||||||||
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
Honours Bachelor degree Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) Doctorate |
Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs