ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
1 Meán Fómhair 2020


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

2020/C 290/01

Tuairim Uimh. 5/2020 (de bhun Airteagal 288(4) agus Airteagal 322(1)(a), CFAE) maidir le tograí 2020/0006 (COD) ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 agus an 28 Bealtaine 2020 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (COM(2020) 22 final agus COM(2020) 460 final)

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 290 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

1.9.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TUAIRIM Uimh. 5/2020

(de bhun Airteagal 288(4) agus Airteagal 322(1)(a), CFAE)

maidir le tograí 2020/0006 (COD) ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 agus an 28 Bealtaine 2020 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (COM(2020) 22 final agus COM(2020) 460 final)

(2020/C 290/01)

CLÁR

 

Mír

Leathanach

Réamhrá…

1-4

2

Barúlacha Ginearálta…

5-9

3

Barúlacha Sonracha…

10-25

3

Acmhainní le haghaidh CUAC…

10-11

3

Tráthchlár le haghaidh úsáid na gcistí…

12-14

4

Raon feidhme na tacaíochta…

15-19

4

Creat feidhmíochta…

20-23

5

Modh leithdháilte…

24-25

6

Réamhrá

1.

I mí na Nollag 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final), a bhfuil sé mar aidhm leis tacú leis an aistriú chuig geilleagar claochlaithe de chuid an Aontais, agus freagairt do na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus le díghrádú comhshaoil. I mí Eanáir 2020, mhol an Coimisiún Plean Infheistíochta don Chomhaontú Glas don Eoraip a chruthú, agus an Sásra um Aistriú Cóir ar áireamh ann.

2.

Leis an Sásra um Aistriú Cóir, spriocdhíreofaí ar na réigiúin agus na hearnálacha is mó a bhfuil difear á dhéanamh dóibh leis an aistriú i dtreo an gheilleagair ghlais. Bheadh an tacaíocht sin ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a ghabhann leis an aistriú. Tá an sásra dírithe ar phleananna críochacha um aistriú cóir, agus tá trí cholún maoiniúcháin ann.

An Sásra um Aistriú Cóir: colúin mhaoiniúcháin

Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), arna chur chun feidhme trí bhainistiú comhroinnte

scéim um aistriú cóir chun infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil

saoráid iasachta don earnáil phoiblí leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, a bhfuil buiséad an Aontais Eorpaigh mar thaca léi

3.

I dtogra Eanáir 2020 le haghaidh rialachán lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (COM(2020) 22 final) beartaíodh EUR 7,5 billiún i bpraghsanna 2018 ó leithreasaí buiséid. Le CUAC, comhlánaítear na cistí beartais comhtháthaithe atá beartaithe do chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 arna chumhdach le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC), lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC). I mí na Bealtaine 2020, tar éis ráig COVID-19, leasaigh an Coimisiún an togra uaidh maidir le CUAC (COM(2020) 460 final), agus caiteachas breise EUR 32,5 billiún i bpraghsanna 2018 (féach Fíor 1) á mholadh aige.

Fíor 1

Acmhainní CUAC – i mbilliúin euro, praghsanna 2018

Image 1

Foinse:

CIE, bunaithe ar an togra maidir le CUAC agus ar an leasú a rinneadh air.

4.

Faoin mbunús dlí leis an togra leasaithe ón gCoimisiún, ceanglaítear dul i mbun comhairliúchán le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (1), agus tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis iarraidh ar an gCúirt a tuairim a thabhairt. Leis an tuairim seo, comhlíontar an ceanglas maidir le comhairliúchán. Tá an tuairim seo teoranta do na tograí maidir le CUAC, agus comhlánaítear léi na tuairimí seo thíos uainn:

Tuairim Uimh. 1/2018 maidir leis an togra ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit;

Tuairim Uimh. 6/2018 maidir leis an togra ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 maidir le RFC, COM(2018) 375 final;

Tuairim Uimh. 2/2020 maidir leis an togra leasaithe ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le RFC, COM(2020) 23 final;

Tuairim Uimh. 4/2020 maidir leis an rialachán i ndáil le REACT-EU atá beartaithe agus Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá beartaithe lena rialaítear cistí SIE.

Tá sé mar aidhm againn tuairim a fhoilsiú maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí de chuid an tSásra um Aistriú Cóir níos déanaí in 2020.

Barúlacha Ginearálta

5.

Beidh gá ann le hinfheistíochtaí móra ar fud an Aontais chun aistriú an Aontais chuig geilleagar aeráidneodrach a ghnóthú faoi 2050. Ba cheart an tacaíocht ón Aontas don aistriú sin a spriocdhíriú ar na réigiúin is mó a bhfuil difear á dhéanamh dóibh agus is mó a mbeidh tionchar ag an tacaíocht sin orthu.

6.

Le hAithrisí 6 agus 10 den togra, déantar nasc idir CUAC agus an Comhaontú Glas, mar fhreagairt ar dhúshláin aeráide agus chomhshaoil, chun tacú le haistriú an Aontais chuig geilleagar aeráidneodrach faoi 2050. Mar sin féin, ní bhunaítear le hairteagail an togra nasc soiléir le huaillmhianta aeráide an Aontais, mar shampla i gcuspóir sonrach an togra, i raon feidhme na tacaíochta, i gclársceidealú acmhainní CUAC, ná sna pleananna críochacha um aistriú cóir.

7.

Faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais (ETS), cuirtear cóir speisialta ar shuiteálacha tionsclaíocha a meastar riosca mór a bheith ag baint leo ó thaobh sceitheadh carbóin. Leis an maolú faoi Airteagal 10c de Threoir EU ETS, (2) deonaítear saorlamháltais do stáisiúin chumhachta atá ann cheana i mBallstáit áirithe ar feadh idirthréimhse, chun tacú le nuachóiriú a n-earnálacha ginte leictreachais (3). Le hAirteagal 10d den Treoir chéanna, bunaítear an Ciste don Nuachóiriú, arb é is aidhm dó córais fuinnimh a nuachóiriú, éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus aistriú cóir a áirithiú do réigiúin atá spleách ar charbón faoi 2030. Is féidir tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí áirithe ó CUAC agus ón gCiste don Nuachóiriú araon.

8.

Dá bhrí sin, cuirtear tuilleadh maoinithe ar fáil faoin togra do réigiúin a bhfuil cistí tiomnaithe faighte acu cheana féin le haghaidh nuachóiriú fuinnimh. Níor éirigh linn teacht ar anailís chuimsitheach ar an méid a gnóthaíodh sna réigiúin sin leis an gcistiú roimhe seo ón Aontas, ná ar na riachtanais atá acu fós. Is den tábhacht, sna pleananna um aistriú cóir, go dtabharfaí aghaidh ar shaincheist chomhordú agus chomhlántacht na bhfoinsí éagsúla cistiúcháin.

9.

Sa togra, tá an nasc idir feidhmíocht agus cistiú lag go leor, agus tá riosca mór ann nach é an toradh a bheidh ar úsáid na gcistí sin go gcuirfear deireadh leis an spleáchas mór atá ag cuid de na réigiúin ar ghníomhaíochtaí ar mór a lorg carbóin. Is mó fós an riosca de bharr a ghiorra atá tréimhse an chláir: mura ngnóthófar an laghdú ar an bhfostaíocht a bhfuiltear ag súil leis in earnálacha ar mór a lorg carbóin laistigh den tréimhse sin, tá riosca ann go leithdháilfear tuilleadh caiteachais chun an t-aistriú a mhaoiniú.

Barúlacha Ginearálta

gá le nasc níos láidre le huaillmhianta aeráide agus comhshaoil an Aontais

ní dhéantar aon anailís ar an méid a gnóthaíodh le cistiú roimhe seo don aistriú cóir

nasc lag idir feidhmíocht agus cistiú

riosca go gcaithfear an t-aistriú a mhaoiniú arís

Barúlacha Sonracha

Acmhainní le haghaidh CUAC

10.

Go bunúsach, méadaítear an tacaíocht ó EUR 7,5 billiún go EUR 40 billiún (praghsanna 2018) leis an togra leasaithe maidir le bunú CUAC. Is iad éifeachtaí ghéarchéim COVID-19, agus na difríochtaí in acmhainneachtaí náisiúnta agus réigiúnacha chun dul i ngleic leo, an réasúnaíocht atá leis an tacaíocht mhéadaithe ón Aontas dar leis an gCoimisiún.

11.

Ní dhearna an Coimisiún measúnacht shonrach tionchair, agus níor reáchtáil sé comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ach oiread, chun tacú leis an tsuim leasaithe (4). Bhí spriocdháta docht roimh an gCoimisiún chun an togra leasaithe a dhréachtú, agus chun measúnú a dhéanamh ar na costais is dócha a bheidh ar an aistriú agus ar thionchar ghéarchéim COVID-19. Mar sin féin, chabhródh anailís fhónta ar riachtanais le hacmhainní airgeadais an Aontais a leithdháileadh ar bhealach níos fearr, agus d'fhéadfaí na cuspóirí atá le gnóthú a spriocdhíriú agus a chainníochtú de bharr na hanailíse sin.

Acmhainní le haghaidh CUAC

tacaíocht mhéadaithe curtha ar fáil le haghaidh aistriú cóir

ní foláir na riachtanais mhaoinithe a chainníochtú, chun na cuspóirí atá le gnóthú a spriocdhíriú agus a chainníochtú

Tráthchlár le haghaidh úsáid na gcistí

12.

Braitheann úsáid acmhainní CUAC ar ghlacadh rianúil CAI 2021-2027, agus ar thograí RFC, lena n-áirítear Rialachán CUAC. Má bhíonn aon mhoill ar ghlacadh na dtograí sin, laghdófar a thuilleadh an t-am a bheidh ar fáil chun úsáid a bhaint as acmhainní CUAC. Ina theannta sin, is ar na pleananna um aistriú cóir a bhunófar clársceidealú CUAC, agus ba cheart na pleananna sin a bheith comhsheasmhach leis na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Ní fhéadfaidh an Coimisiún na pleananna um aistriú cóir a fhormheas ach amháin tar éis CAI 2021-2027 a ghlacadh, mar sin measann sé nach féidir leis na pleananna sin a bheith ina dtaca le hiarrataí ar chistiú ó na Ballstáit go lár 2021 ar a luaithe.

13.

Foráiltear leis an Rialachán leasaithe atá beartaithe gur cheart acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh – EUR 32,8 billiún i bpraghsanna reatha – a ghealladh faoi 2024 agus a úsáid faoi 2026.

14.

Dá bhrí sin, tá ionú measartha gearr ann inar cheart do na Ballstáit na torthaí a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach. Méadaítear leis sin an riosca nach n-úsáidfidh na Ballstáit an cistiú nó go n-úsáidfidh siad é gan an t-aistriú riachtanach a ghnóthú.

Tráthchlár le haghaidh úsáid na gcistí

laghdófar tuilleadh an t-am atá ar fáil de dheasca moilleanna ar ghlacadh na dtograí maidir le CAI agus RFC

dúshlánach do na Ballstáit an cistiú a úsáid go héifeachtach laistigh den tráthchlár atá beartaithe

Raon feidhme na tacaíochta

15.

De réir Airteagal 2 den togra, ba cheart do CUAC rannchuidiú le “réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de”. Faoin togra, ba cheart pleananna um aistriú cóir a bheith i gcomhréir le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na mBallstát: dá bhrí sin, braitheann gnóthú chuspóir CUAC ar na pleananna náisiúnta sin (5). Beidh na hidirghabhálacha beartais ag brath go mór ar na roghanna a dhéanfaidh na Ballstáit ina bpleananna um aistriú cóir agus ar fhormheas na bpleananna sin ag an gCoimisiún. Creidimid go bhfuil sé ríthábhachtach go n-áireofar sna pleananna um aistriú cóir gealltanais shoiléire chun tacú le tionscadail um aistriú cóir atá ailínithe go maith le cuspóirí aeráide an Aontais.

16.

Le gníomhaíochtaí atá incháilithe faoi CUAC atá beartaithe tugtar aghaidh go príomha ar na cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha, agus go pointe níos lú ar na cuspóirí comhshaoil: déantar foráil sa togra d’infheistíochtaí in athghiniúint agus dí-éilliú láithreán, athchóiriú talún agus tionscadail athearraíochta (Airteagal 4(2)(f)). I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as (6), ba cheart don tionscnóir costais amhail athchóiriú talún nó dí-éilliú a íoc de ghnáth.

17.

Bunaithe ar aithris 10 den togra, níor cheart ach gníomhaíochtaí inbhuanaithe lena ndírítear ar rannchuidiú go gníomhach le geilleagar ciorclach atá aeráidneodrach a chur ar áireamh sna pleananna um aistriú cóir agus incháilithe do mhaoiniú, i gcomhréir leis na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Chun comhsheasmhacht le cuspóirí aeráide an Aontais a áirithiú, bheadh sé úsáideach dá ndéanfaí leis an rialachán gníomhaíochtaí as a dtagann glanmhéadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a eisiamh go sainráite ó raon feidhme na tacaíochta.

18.

Ba cheart gníomhaíochtaí incháilithe a chur i gcrích de réir phrionsabal na neamhdhíobhála, chun iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe a sheachaint, go háirithe maidir leis an athrú aeráide. Le hAirteagal 5(d) den togra eisiatar go sonrach ó thacaíocht CUAC infheistíochtaí a bhaineann le breoslaí iontaise a tháirgeadh, a phróiseáil, a dháileadh, a stóráil nó a dhó. Tá an baol ann go mbeidh aon infheistíocht i mbreoslaí iontaise (mar shampla, i ngás nádúrtha nó ola) ina “sócmhainní tréigthe” (7).

19.

Ceadaítear le hAirteagal 4(2), an dara fomhír, cistiú a dhéanamh ar infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair seachas in FBManna i réimsí áirithe, i gcás ina bhfuil sé sin “riachtanach chun pleananna críochacha um aistriú cóir a chur chun feidhme”. Más amhlaidh an cás, ba cheart liosta uileghabhálach de na fiontair sin a chur ar áireamh sna pleananna agus ba cheart réasúnú a thabhairt iontu leis an ngá atá le tacú leis na fiontair sin (Airteagal 7(2)(h)). Measaimid gur cheart, go praiticiúil, an cistiú d’fhiontair seachas do FBManna a bheith ina eisceacht, agus gur cheart baint a bheith aige le dlús a chur le laghdú ar astaíochtaí CO2.

Raon feidhme na tacaíochta

gá atá le gealltanais shoiléire maidir le cuspóirí aeráide an Aontais sna pleananna um aistriú cóir

ba cheart gníomhaíochtaí as a dtagann glanmhéadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a eisiamh go sainráite ón raon feidhme

Creat feidhmíochta

20.

Le Rialachán CUAC, moltar comhtháscairí aschuir agus toraidh, atá ailínithe den chuid is mó leis na comhtháscairí atá beartaithe do CFRE agus do CSE+. Tacóidh sé sin le comhiomlánú agus anailís a dhéanamh ar shonraí feidhmíochta (8).

21.

Mar a léirítear i bhFíor 2, is le tionchar eacnamaíoch agus sóisialta, seachas tionchar comhshaoil, an aistrithe chuig geilleagar aeráidneodrach a bhaineann na táscairí aschuir den chuid is mó. Ní léirítear go soiléir leis na comhtháscairí le haghaidh CUAC an cuspóir atá ann aistriú amach as earnálacha ar mór a lorg carbóin.

Fíor 2

Líon na dtáscairí aschuir le haghaidh CUAC

Image 2

Foinse:

CIE, bunaithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le rialachán CUAC atá beartaithe.

22.

Leis an togra le haghaidh Rialachán CUAC, déantar foráil maidir le ceartuithe airgeadais i gcás ina mainnítear 65 % ar a laghad de na spriocanna arna mbunú le haghaidh comhtháscairí a ghnóthú. Ós rud é go bhféadfadh ceartuithe airgeadais atá bunaithe ar spriocanna feidhmíochta cuntasacht a neartú as torthaí a bhaint amach, d’iarramar roimhe seo ar an gCoimisiún agus ar na reachtóirí a mbreithniú a dhéanamh ar shoiléiriú a thabhairt ar an modheolaíocht chun ceartúcháin airgeadais a mheas (e.g. fóntacht na spriocanna arna leagan síos a mheas; tearcghnóthú a mheas; ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm) (9).

23.

Cé go dtabharfaí gné den choinníollacht feidhmíochta isteach leis na ceartuithe airgeadais sin, laghdaítear an dreasacht mar gheall ar an easnamh mór feidhmíochta nach ndéanfaí aon cheartú dá dheasca – agus ós rud é nach léirítear go soiléir leis na comhtháscairí an cuspóir atá ann aistriú amach as earnálacha ar mór a lorg carbóin. Thugamar faoi deara roimhe seo i réimsí beartais eile go bhféadfaí a bheith i bhfad as marc ó thaobh spriocanna a chomhlíonadh agus gur beag tionchar a bheadh aige sin ar mhaoiniú ón Aontas (10). Is inmholta samhail seachadta a úsáid lena nasctar eisíoc cistí le gnóthú cuspóirí. D’fhéadfaí cur chuige den sórt sin a chomhcheangal le ceanglas an cistiú a aisíoc mura gcoimeádfaí gealltanais a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir thar thréimhse shonrach.

Creat feidhmíochta

ní áirítear go soiléir leis na comhtháscairí an t-aistriú amach as earnálacha ar mór a lorg carbóin

ceartuithe airgeadais atá nasctha le gnóthú spriocanna: an poitéinseal cuntasacht a neartú chun torthaí a ghnóthú, ach b’fhearr úsáid a bhaint as samhail seachadta lena nasctar eisíoc cistí le gnóthú cuspóirí

Modh leithdháilte

24.

In Iarscríbhinn I a ghabhann le rialachán leasaithe maidir le CUAC, moltar modh leithdháilte le haghaidh acmhainní CUAC in imchlúdaigh airgeadais do na Ballstáit, agus uasteorainn EUR 8 mbilliún (i bpraghsanna 2018) leis – féach Fíor 3. Chuir an Coimisiún in iúl dúinn gur dhúshlán é sonraí iontaofa atá ar fáil ar leibhéal réigiúnach agus críochach a shainaithint, mar sin chinn sé an leithdháileadh a bhunú ar réigiúin NUTS leibhéal 2, agus tá na pleananna críochacha um aistriú cóir bunaithe ar leibhéal níos mionsonraithe – réigiúin NUTS leibhéal 3.

Fíor 3

Critéir maidir le hacmhainní CUAC a leithdháileadh

Image 3

Foinse:

CIE, bunaithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le rialachán CUAC atá beartaithe.

25.

Cuirtear san áireamh sa mhodh leithdháilte go bhfuil coinníollacha arna leagan síos cheana ar na Ballstáit, ach tá an choinníollacht feidhmíochta lag. Dá bhrí sin, gheobhadh dhá Bhallstát a bhfuil riachtanais chomhchosúla um aistriú cóir acu – mar atá cainníochtaithe de réir an mhodha leithdháilte atá beartaithe – leibhéal comhchosúil cistiúcháin, cé go bhféadfadh Ballstát amháin gealltanas a thabhairt oibríochtaí ar mór a lorg carbóin a dhúnadh, agus go bhféadfadh an Ballstát eile gan ach na hoibríochtaí sin a laghdú, fiú ar bhonn sealadach. Leis an modh leithdháilte atá beartaithe, is amhlaidh, cé go spriocdhírítear ar réigiúin a bhfuil difear á dhéanamh dóibh, nach gcuirtear ach lagdhreasachtaí ar fáil don athrú struchtúrach domhain mór atá de dhíth chun cuspóirí aeráide an Aontais a ghnóthú.

Modh leithdháilte

gan aon nasc le leibhéal uaillmhéine aeráide na mBallstát

lagdhreasachtaí le haghaidh athrú struchtúrach mór

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aici an 20 Iúil 2020.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner LEHNE

Uachtarán


(1)  An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 322(1)(a).

(2)  Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).

(3)  Féach Tuarascáil Uimh. 14/2018 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil: Trends and projections in the EU ETS in 2018, The EU Emissions Trading System in numbers, Fíor 2.12.

(4)  Féach freisin na nótaí tráchta achoimre ó CIE maidir leis na tograí reachtacha ón gCoimisiún don chéad CAI eile an 14 Feabhra 2019, agus Athbhreithniú 2/2020 atá le teacht go luath uainn ar reachtóireacht san Aontas Eorpach tar éis beagnach 20 bliain de Rialáil Níos Fearr, mír 9.

(5)  Tuairim Uimh. 2/2020 maidir leis an togra leasaithe ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le RFC, COM(2020) 23 final, mír 7.

(6)  Féach Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

(7)  Féach Athbhreithniú Uimh. 01/2017: EU action on energy and climate change (Landscape review), míreanna 211 agus 212.

(8)  Tuairim Uimh. 6/2018 ar an togra ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 maidir le RFC, COM(2018)375 final, mír 59 agus Tuairim Uimh. 2/2020 maidir leis an togra leasaithe ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le RFC, COM(2020) 23 final, mír 9.

(9)  Tuairim Uimh. 2/2020 maidir leis an togra leasaithe ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le RFC, COM(2020) 23 final, míreanna 11 agus 12.

(10)  Tuairim Uimh. 7/2018 maidir leis na tograí ón gCoimisiún maidir le rialacháin a bhaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta don tréimhse iar-2020 ar aghaidh, mír 8.