ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 214I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
29 Meitheamh 2020


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2020/C 214 I/01

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le tionchar phaindéim COVID-19 agus téarnamh san earnáil spóirt

1


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

29.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 214/1


Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le tionchar phaindéim COVID-19 agus téarnamh san earnáil spóirt

(2020/C 214 I/01)

DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE

Á MHEABHRÚ DÓIBH:

1.

Tá tionchar ollmhór ag ráig phaindéim COVID-19 ar fud an domhain maidir le sláinte phoiblí, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, fostaíocht agus an saol sóisialta.

2.

Sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19, is éard atá mar phríomhthosaíocht thar aon ní eile, beatha daoine a shábháil agus sláinte ár saoránach a chosaint.

3.

Chun cosc a chur ar leathadh COVID-19, tugadh bearta éagsúla isteach sna Ballstáit, ag brath ar chéim na heipidéime agus ar imthosca sonracha eile. Agus í ag obair i gcomhar leis na húdaráis phoiblí, bhí freagairtí prasa le feiceáil ón earnáil spóirt. Rannchuidigh an earnáil spóirt le leathadh an víris a chosc go luath sa ráig, trí bhearta agus moltaí éagsúla a bhí dírithe ar gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí spóirt, clubanna, lúthchleasaithe, cóitseálaithe, baill foirne agus saorálaithe spóirt, chomh maith leis an lucht féachana agus na saoránaigh.

4.

Ag an am céanna, tá an earnáil spóirt buailte go dona ag an bpaindéim, lena n-áirítear i dtéarmaí eacnamaíocha (1). Tá iarmhairtí tubaisteacha ag paindéim COVID-19 don earnáil ar fad ar gach leibhéal, go háirithe maidir le heagraíochtaí agus clubanna spóirt, sraitheanna, ionaid aclaíochta, lúthchleasaithe, cóitseálaithe, baill foirne spóirt, saorálaithe spóirt agus gnó a bhaineann leis an spórt (2), lena n-áirítear lucht eagraithe imeachtaí spóirt agus na meáin spóirt.

5.

Tá iarmhairtí ag baint le bearta agus moltaí sláintíochta na n-údarás sláinte maidir le scaradh sóisialta d’eagraíochtaí frithdhópála, a chuireann bac orthu rialuithe dópála a dhéanamh. D’fhéadfadh sin tionchar a imirt ar na féidearthachtaí sláine an spóirt a chosaint.

6.

Mar thoradh ar na hábhair imní atá ag dul i méid maidir le leathadh domhanda an víris, rinneadh cinntí oifigiúla imeachtaí agus comórtais spóirt ar fud an domhain a chur ar ceal nó a chur ar athlá (3). Cuirtear srian le gníomhaíochtaí spóirt ar gach leibhéal agus le feidhmiú rialta eagraíochtaí spóirt agus clubanna spóirt, cuirtear isteach orthu nó cuirtear stop leo.

7.

B’éigean saol laethúil na saoránach a choigeartú freisin. D’fhéadfadh sé an-dochar a dhéanamh do dhea-bhail fhoriomlán na saoránach fanacht sa bhaile agus oibriú ón mbaile, scaradh sóisialta a dhéanamh agus deiseanna teoranta a bheith acu gníomhaíocht choirp a dhéanamh go rialta. Tá léirithe leis an dianghlasáil iomlán agus leis an dianghlasáil pháirteach go bhfuil sé tábhachtach don tsláinte choirp agus don mheabhairshláinte deiseanna a chur ar fáil le spórt a chleachtadh agus le gníomhaíocht choirp a chothabháil sna himthosca seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, agus sinn ag fanacht sa bhaile nó ag obair ón mbaile. (4)

8.

Is féidir gá a bheith le tuilleadh iarrachtaí ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais chun an earnáil spóirt a chosaint agus tacú léi agus chun an méid a chuireann an spórt le sláinte choirp agus le meabhairshláinte ár saoránach (5) a chothabháil mar aon le forbairt ár sochaí sa staid paindéime atá ann faoi láthair agus i gcomhthéacs straitéisí scoir agus atosaithe iarphaindéimeacha.

CUIREANN SIAD AN MÉID SEO A LEANAS I dTREIS:

9.

Le linn géarchéim sláinte, ní mór dlúthpháirtíocht agus comhthuiscint ar gach leibhéal a bheith ann – idir saoránaigh, an ghluaiseacht spóirt, an earnáil phríobháideach, na Ballstáit, an tAontas Eorpach agus institiúidí idirnáisiúnta ar fud earnálacha – ionas go mbeidh na pobail gníomhach agus i sláinte mhaith i gcónaí.

10.

Ba cheart ról an spóirt sa tsochaí a aithint agus a chur chun cinn, mar aon leis an gcumhacht atá aige cur le dea-bhail na saoránach le linn ghéarchéim COVID-19, go háirithe trí eagraíochtaí spóirt agus trí rannpháirtíocht lúthchleasaithe ar bhealaí éagsúla mar eiseamláirí dearfacha (6), agus trí obair dhíograiseach na gcóitseálaithe atá ag úsáid uirlisí agus ardáin nuálacha, agus modhanna traenála atá nua solúbtha.

11.

I ngeall ar cheanglais maidir le scaradh sóisialta, ba cheart díriú go sonrach ar na féidearthachtaí atá ann do shaoránaigh a ghlacann páirt de ghnáth i spóirt faoi dhíon, i spóirt teagmhála agus i spóirt foirne gníomhaíocht choirp a dhéanamh. Ós rud é, le linn phaindéim COVID-19, gur ar spórt a chleachtadh sa bhaile nó i d’aonar atá an bhéim, bheadh sé tábhachtach measúnú a dhéanamh, i gcomhar leis an ngluaiseacht spóirt, ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim ar ghníomhaíocht choirp na saoránach agus ar spórt a chleachtadh i gclubanna spóirt, agus ar rannpháirtíocht saorálaithe.

12.

I réimse an spóirt, i bhfianaise a n-imthosca náisiúnta, agus de bharr tionchar phaindéim COVID-19, rinne Ballstáit an Aontais bearta éagsúla chun tacú leis an earnáil spóirt agus chun saoránaigh a spreagadh chun gníomhaíocht choirp a choinneáil ar bun.

13.

Sna himthosca neamhchinnte athraitheacha seo agus dúshláin chomhchosúla rompu, tá aitheanta ag Ballstáit an Aontais a thábhachtaí atá an comhar agus an malartú faisnéise maidir lena gcásanna náisiúnta, lena n-áirítear bearta arna ndéanamh chun iarmhairtí diúltacha phaindéim COVID-19 a mhaolú, chomh maith le deiseanna traenála do lúthchleasaithe agus gníomhaíocht choirp na saoránach. Smaointe a chomhroinnt maidir le straitéisí scoir agus atosaithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus na céimeanna is gá a thabhairt chun an earnáil spóirt a ghníomhachtú an athuair, is samplaí iad sin den chaoi ar féidir breisluach a bheith ag baint le hobair chomhpháirteach.

14.

Tá gá le comhar leathan trasearnála (7) chun na dúshláin a tháinig chun cinn san earnáil spóirt de bharr tionchar phaindéim COVID-19 a shárú a thuilleadh. I ndáil leis an méid sin, ba cheart an comhar ar gach leibhéal a spreagadh i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir, lena n-áirítear an ghluaiseacht spóirt.

15.

Ní mór gníomhaíochtaí na hearnála spóirt a atosú faoi dhálaí atá slán sábháilte do na páirtithe rannpháirteacha uile. Ba cheart an maolú ar na bearta sonracha a cuireadh i bhfeidhm san earnáil spóirt chun leathadh COVID-19 a chosc a dhéanamh go cáiréiseach agus de réir a chéile, agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun baint róluath na mbeart imshrianta a sheachaint, agus i gcás inar féidir, ar bhealach comhordaithe idir na Ballstáit.

16.

Ós rud é go bhfuil ról tábhachtach ag an spórt agus ag an ngníomhaíocht choirp le linn ghéarchéim COVID-19 agus gur cinnte go mbeidh ról níos tábhachtaí arís acu sa tsochaí iarphaindéimeach, tá cláir téarnaimh náisiúnta agus Eorpacha ábhartha do thodhchaí na hearnála spóirt.

17.

Agus aird á tabhairt ar acmhainneacht an spóirt rannchuidiú le comhthuiscint i measc mhuintir na hEorpa, agus faoi réir staid na heipidéimeolaíochta sna Ballstáit, ba cheart saorchúrsaíocht agus soghluaisteacht na lúthchleasaithe, na gcóitseálaithe agus an lucht leanúna a athbhunú ar bhealach sábháilte agus, i gcás inar féidir, ar bhealach comhordaithe, agus cineál sonrach an spóirt á chur san áireamh ag an am céanna.

18.

D’fhéadfadh Institiúidí ábhartha an Aontais, ag gníomhú dóibh faoi chuimsiú a n‐inniúlachtaí faoi seach, na hiarrachtaí náisiúnta a fhorlíonadh chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil le tionchar phaindéim COVID-19 ar an earnáil spóirt a mhaolú.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

19.

A áirithiú go dtabharfar treoir leordhóthanach, go dtacófar leis an téarnamh agus go spreagfar tuilleadh forbartha inbhuanaithe san earnáil spóirt.

20.

Na deiseanna a chur chun cinn maidir le tacaíocht a thabhairt don earnáil spóirt trí na cláir agus na cistí incháilithe de chuid an Aontais atá ar fáil, lena n-áirítear clár Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, na cistí Beartais Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

21.

Féachaint freisin ar na deiseanna atá ann faoi na bearta agus na tionscnaimh chothrománacha ábhartha, lena n-áirítear an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII), an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+), an tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) agus an Creat Státchabhrach Sealadach chomh maith le tionscnaimh téarnaimh eile de chuid an Aontais, i gcomhréir le tosaíochtaí náisiúnta agus i gcomhar leis na comhlachtaí ábhartha. Ba cheart malartú taithí agus dea-chleachtas maidir le tacaíocht don earnáil spóirt a eagrú ar bhealaí éagsúla, amhail gníomhaíochtaí piarfhoghlama nó cruinnithe de na Ballstáit leasmhara.

22.

A mholadh go leanfaí leis na cláir agus na tionscnaimh rialta um chistiú spóirt atá i bhfeidhm cheana féin ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, go háirithe d’eagraíochtaí spóirt an phobail.

23.

Ról agus luach an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a chur chun cinn a mhéid a chuireann siad le sláinte choirp agus meabhairshláinte na saoránach, go háirithe le linn tréimhsí géarchéime amhail paindéim COVID-19 agus ina dhiaidh sin.

24.

I gcomhar leis an ngluaiseacht spóirt, sineirgí le hearnálacha an gheilleagair agus na fiontraíochta, na nuálaíochta, an oideachais agus na hoibre don óige a neartú chun deiseanna nua a chur ar fáil do lúthchleasaithe agus do na saoránaigh go léir gníomhaíocht choirp a dhéanamh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha.

25.

Comhar agus comhairliúcháin trasearnála a chur chun cinn i réimsí atá ábhartha don spórt ar gach leibhéal, lena n-áirítear leis an ngluaiseacht spóirt, leis an earnáil gnó a bhaineann leis an spórt agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin atá os comhair na hearnála spóirt de bharr phaindéim COVID-19 agus seasamh an spóirt sa tsochaí a neartú.

26.

Dlúthpháirtíocht i measc cónaidhmeanna spóirt, clubanna, eagraíochtaí agus lúthchleasaithe a chur chun cinn chun cur le téarnamh inbhuanaithe agus le forbairt bhreise na hearnála spóirt agus an t-samhail Eorpach don spórt (8) a aithint mar shampla dá leithéid bunaithe ar chóras dlúthpháirtíochta.

27.

Ról an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a chur chun cinn mar uirlis don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta chun pobail níos folláine agus níos gníomhaí a bheith ann (9). Sa chomhthéacs sin, feasacht a mhúscailt maidir le dea-chleachtais; béim a leagan ar acmhainneacht iomlán an spóirt agus na gníomhaíochta coirp ar mhaithe le forbairt chríochach; agus leas iomchuí a bhaint as sruthanna cistiúcháin iomchuí, amhail cistí an Bheartais Comhtháthaithe, chun athléimneacht na hearnála spóirt a neartú amach anseo.

28.

Faisnéis, smaointe agus taithí a mhalartú anois agus feasta chun dea-chleachtais a shainaithint agus a chur chun feidhme agus chun obair chomhpháirteach ar straitéisí scoir agus atosaithe iarphaindéimeacha COVID-19 a chumasú, maille le géarchéimeanna a chosc agus ullmhú dóibh amach anseo, agus forbairt inbhuanaithe agus athléimneacht earnáil spóirt an Aontais a áirithiú ar an gcaoi sin.

IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

29.

Faisnéis a chomhroinnt anois agus feasta i dtaca leis na deiseanna atá ann do shocruithe solúbtha maidir le tionscadail spóirt Erasmus+ a chur chun feidhme: i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, agus na himthosca náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh, agus deiseanna a chur ar fáil sna cláir bhliantúla agus sna glaonna ar thograí amach anseo chun tacú le téarnamh earnáil an spóirt.

30.

Machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht agus an ábharthacht sásraí solúbthachta breise a thabhairt isteach sna cláir chistiúcháin a bheidh ann amach anseo i réimse an spóirt, lena gcuirfear ar chumas an Aontais freagairt thráthúil a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 agus ar aon chúinsí dúshlánacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

31.

Breis faisnéise agus nuashonruithe rialta a chur i láthair agus a scaipeadh ar na Ballstáit maidir leis na deiseanna atá ann tacú leis an earnáil spóirt iarmhairtí phaindéim COVID-19 a mhaolú, lena n-áirítear trí bhíthin bearta ar leibhéal cothrománach amhail CRII, CRII+ agus sásraí cistiúcháin iomchuí eile, agus malartú taithí a éascú maidir leis na sásraí atá ar fáil don earnáil spóirt a chur chun feidhme.

32.

I gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi ghníomhaíocht choirp ar mhaithe leis an tsláinte a fheabhsú a scaipeadh i gcomhréir leis na comhlachtaí ábhartha amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus feachtais amhail #BeActive (10) a chur chun cinn, chun na saoránaigh a spreagadh cloí leis an ngníomhaíocht choirp.

33.

Taighde agus anailís a dhéanamh ar thionchair ghéarchéim COVID-19, i gcomhar leis na Ballstáit, agus iad a chur ar fáil chun an chéad Phlean Oibre eile de chuid an Aontais Eorpaigh don Spórt a ullmhú.

34.

Tacú le sonraí agus faisnéis maidir le rannpháirtíocht sa spórt agus tionchar COVID 19 a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, i gcás inarb iomchuí trí bhíthin Eurobarometer agus Eurostat.

35.

Tacú leis an gcomhar trasearnála idir an earnáil spóirt agus earnálacha ábhartha eile (11), go háirithe maidir le huirlisí nuálacha digiteacha a úsáid ionas go mbeidh an earnáil spóirt níos athléimní in aghaidh géarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

36.

Tús a chur le hidirphlé idir na Ballstáit agus an ghluaiseacht spóirt maidir le gníomhaíochtaí amach anseo lena nascfar an spórt agus an tsláinte faoi chuimsiú Sheachtain Eorpach an Spóirt, maidir leis an obair a lean an Glao a rinneadh i Tartu maidir le Slí Fholláin Mhaireachtáil a chaitheamh, agus maidir le himeachtaí agus gníomhaíochtaí ábhartha eile spóirt.

37.

Tús a chur le hidirphlé idir cónaidhmeanna Eorpacha agus idirnáisiúnta spóirt agus na Ballstáit chun plé a dhéanamh ar ar féidir a dhéanamh maidir le mórimeachtaí idirnáisiúnta spóirt a reáchtáil agus a choinneáil ar bun go slán sábháilte.

IARRANN SIAD AR AN nGLUAISEACHT SPÓIRT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

38.

Cloí le treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte, ECDC (12) agus na n-údarás náisiúnta sláinte, maidir le cosc agus leathadh víreas COVID-19 agus maidir leis na prótacail atosaithe spóirt.

39.

Lúthchleasaithe agus saoránaigh a spreagadh chun spórt a chleachtadh agus cloí leis an ngníomhaíocht choirp ar bhealach atá sábháilte in imthosca nach bhfacthas a leithéidí riamh cheana nó in imthosca eisceachtúla

40.

Saoránaigh a spreagadh leanúint de bheith ag tacú leis an earnáil spóirt trí fhéachaint an bhféadfaí a mballraíocht a choinneáil agus trí thicéid a ceannaíodh d’imeachtaí spóirt a bhféadfaí iad a chur ar bun amach anseo a choinneáil.

41.

Féachaint ar na réitigh a d’fhéadfaí a úsáid chun na féilirí náisiúnta spóirt a nuashonrú, agus na féilirí Eorpacha agus idirnáisiúnta spóirt á gcur san áireamh ag an am céanna.


(1)  Léirítear i staidéar a rinneadh in 2018 – Study on the economic impact of sport through Sport Satellite Accounts, [Staidéar ar thionchar eacnamaíoch an spóirt trí bhíthin Cuntais Satailíte Spóirt] gurb ionann an spórt agus 2,12 % de OTI an Aontais agus go bhfuil 5,67 milliún duine i bhfostaíocht a bhaineann leis an spórt (2,72 % d’fhostaíocht an Aontais).

(2)  Chun críoch na gConclúidí seo, tagraíonn “gnó a bhaineann le spórt” do ghníomhaíochtaí brabúis a bhaineann le hearraí spóirt, nó seirbhísí, imeachtaí, daoine, áiseanna, áiteanna nó smaointe a bhfuil baint acu leis an spórt.

(3)  Mar shampla, tá Cluichí Oilimpeacha Tóiceo 2020 agus UEFA EURO 2020 curtha siar go dtí 2021.

(4)  An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, https://www.who.int/news-room/campaigns/connecting-the-world-to-combat-coronavirus/healthyathome/healthyathome---physical-activity

(5)  Moladh ón gComhairle maidir le gníomhaíocht fholláin choirp a chur chun cinn ar fud earnálacha (IO C 354, 4.12.2013, lch. 1).

(6)  Mar shampla, “Athletes at the forefront of the COVID-19 response” [Lúthchleasaithe ar thús cadhnaíochta faoin bhfreagairt ar COVID-19] https://www.olympic.org/news/athletes-at-the-forefront-of-the-covid-19-response; “Pass themessage to kick out Coronavirus” https://www.who.int/news-room/detail/23-03-2020-pass-the-message-five-steps-to-kicking-out-coronavirus

(7)  Áirítear leis sin i réimsí na sláinte, na fostaíochta, an oideachais, na hóige, an digitithe, na nuálaíochta, na soghluaisteachta agus an iompair, na pleanála uirbí, na turasóireachta agus an chomhshaoil.

(8)  Cé nach bhfuil aon sainmhíniú coitianta ar Shamhail Eorpach don Spórt mar gheall ar éagsúlacht struchtúr spóirt na hEorpa, tá roinnt príomhghnéithe ann a fhágann gur féidir í a aithint. Áirítear ar na gnéithe sin: struchtúr pirimide, córas oscailte ardaithe céime agus íslithe céime, cur chuige an phobail agus an dlúthpháirtíocht, ról san fhéiniúlacht náisiúnta, struchtúir atá bunaithe ar ghníomhaíocht dheonach agus an fheidhm shóisialta agus oideachasúil a bhaineann léi.

(9)  Mar shampla laistigh de SHARE – SportHub: An Chomhghuaillíocht um Fhorbairt Réigiúnach san Eoraip -tionscnamh

(10)  Nó faoi imthosca eisceachtúla nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, #BeActiveAtHome

(11)  Lena n-áirítear an t-oideachas, an óige, an turasóireacht, an geilleagar agus an fhiontraíocht

(12)  An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú