|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 212I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
63 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
|
RÚIN |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2020/C 212 I/01 |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2020/C 212 I/02 |
||
|
2020/C 212 I/03 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le géarchéim COVID-19 a chomhrac san oideachas agus san oiliúint |
|
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
RÚIN
An Chomhairle
|
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 212/1 |
Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Torthaí an 7ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh
Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027
(2020/C 212 I/01)
MAIDIR LEIS AN gCOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE,
Á MHEABHRÚ DÓIBH AN MÉID A LEANAS:
|
1. |
Leagtar síos sa Rún maidir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (1) na cuspóirí foriomlána, na treoirphrionsabail agus an bunús le haghaidh tuilleadh comhair i réimse na hóige ar leibhéal an Aontais, ag díriú go háirithe ar Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, ar Phleanáil Gníomhaíochtaí Náisiúnta don Todhchaí, ar Spriocanna Eorpacha don Óige agus ar Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2019-2021, lena léirítear gníomhaíochtaí na dtrí Uachtaránacht atá ann faoi láthair agus na dtrí Uachtaránacht inteachta. |
|
2. |
Aithnítear sa Straitéis an mianach iontach atá i ndaoine óga; déantar iarracht inti cur ar chumas daoine óga an saol a leagan amach mar a oireann dóibh féin; tugann an straitéis ugach dóibh agus cuireann sí na hacmhainní is gá ar fáil dóibh chun feidhmiú mar shaoránaigh ghníomhacha agus chun bheith páirteach i gceapadh beartas agus athrú dearfach a chur i bhfeidhm ar an mbeartas um an óige agus ar réimsí ábhartha eile beartais ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach. |
|
3. |
Sa rún lena mbunaítear na Treoirlínte maidir le rialú Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh (2), sainaithnítear na príomhghníomhaithe, na róil atá acu agus an creat eagraíochtúil. |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT ACU:
|
4. |
Gabhann leibhéal ard rannpháirtíochta leis an 7ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh arna reáchtáil le linn Uachtaránacht na Rómáine, Uachtaránacht na Fionlainne agus Uachtaránacht na Cróite faoin téama coiteann “Deiseanna a chruthú don óige”, agus torthaí an timthrialla bunaithe ar an aiseolas a fuarthas ó chomhairliúcháin náisiúnta agus Eorpacha agus ó Chomhdhálacha an Aontais um an Óige. |
|
5. |
Léirítear sa Rún seo tuairimí agus ionchais na ndaoine óga a bailíodh le linn an 7ú Timthriall d’idirphlé óige an Aontais Eorpaigh, agus moltar bearta nithiúla ann. Sa chomhthéacs sin, ní mór ról agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta i ngach Ballstát a urramú, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta. |
|
6. |
Faoin bhfothéama “Fostaíocht ar ardcháilíocht do chách”, bhreathnaigh Uachtaránacht na Rómáine ar na dúshláin atá roimh dhaoine óga maidir lena bhfuil i ndán don obair, fothéama “Fostaíocht ar ardcháilíocht do chách” a bhaineann go díreach le Sprioc Eorpach Uimh. 7 don Óige “Fostaíocht ar ardcháilíocht do chách”. Ag an am céanna, d’fhorbair Uachtaránacht na Rómáine modheolaíocht lena ngabhann creat téamach do na meithleacha chun a n-idirphlé áitiúil, náisiúnta agus Eorpach a leagan amach. Mar bhunús do chomhairliúcháin náisiúnta eile, forbraíodh ceisteanna treorach tar éis do thoscairí dul i mbun plé ag Comhdháil an Aontais um an Óige i mBúcairist (Márta 2019) agus chuir an fhoireann trí Uachtaránacht RO-FI-HR bailchríoch orthu i gcomhar leis an nGrúpa Stiúrtha Eorpach (3). I mí na Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle na Conclúidí maidir le Daoine Óga agus Todhchaí na hOibre (4). |
|
7. |
Chuir Uachtaránacht na Fionlainne béim ar cháilíocht na hoibre óige a fheabhsú faoin fhothéama “Obair Óige ar Ardcháilíocht do Chách”. Trí Chomhdháil an Aontais um an Óige a eagraíodh i Heilsincí (Iúil 2019), d’fhorbair sí ceanglais iolracha d’oibrithe óige d’fhonn obair óige ar ardcháilíocht a chur ar fáil i gcomhthéacsanna éagsúla, chun dul i ngleic le Spriocanna éagsúla Eorpacha don Óige (5). Ina theannta sin, scrúdaíodh an tsaincheist maidir le hoideachas agus oiliúint d’oibrithe óige sna Conclúidí maidir le hOideachas agus Oiliúint a chur ar Oibrithe don Óige (6) a ghlac an Chomhairle i mí na Samhna 2019. |
|
8. |
Faoi fhothéama Uachtaránacht na Cróite, breathnaíodh ar dheiseanna éagsúla d’aos óg na tuaithe, i gcomhréir le Sprioc Eorpach Uimh. 6 don Óige – Moving Rural Youth Forward [Óige na Tuaithe a Thabhairt Chun Cinn]. Le linn Chomhdháil an Aontais um an Óige i Ságrab (Márta 2020), rinneadh tuilleadh plé ar thorthaí chomhairliúcháin Idirphlé Óige an Aontais agus moladh go gcuirfí chun feidhme a thuilleadh iad, mar aon le moltaí faoi gach ceann de na trí fhothéama. Cuireadh toradh na Comhdhála san áireamh sna Conclúidí maidir le Deiseanna a Mhéadú do Dhaoine Óga i gCeantair Thuaithe agus Iargúlta (7). |
IS DÍOL SÁSAIMH DÓIBH AN MÉID A LEANAS:
|
9. |
Is é a bhí mar thoradh ar raon leathan na gcomhairliúchán a rinne na Meithleacha Náisiúnta agus an Grúpa Oibre Eorpach faoi chuimsiú Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh go raibh breis is 56 000 freagróir óga rannpháirteach ar fud an Aontais Eorpaigh. Is é a bhí i gceist leis na comhairliúcháin suirbhéanna, grúpaí fócais, mórimeachtaí idirphlé óige, ceardlanna, taighde ar ghníomhaíocht rannpháirtíochta agus modhanna físe rannpháirteacha. Chuidigh an cur chuige nuálach leis an rannpháirtíocht a fheabhsú. |
|
10. |
Torthaí Chomhdhálacha an Aontais um an Óige a bhí ar siúl le linn théarma oifige Uachtaránachtaí RO – FI – HR, chomh maith le torthaí an 7ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh faoin teideal “Deiseanna a Chruthú don Óige” (8), lena n-áirítear na fothéamaí “Fostaíocht ar Ardcháilíocht do Chách”, “Obair Óige ar Ardcháilíocht do Chách” agus “Deiseanna d’Óige na Tuaithe” lena gcuimsítear roinnt príomh-mholtaí arna gcur le chéile ag daoine óga agus a cuireadh san áireamh, de réir mar is iomchuí, sna cuirí seo a leanas (9). |
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT ACU AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:
|
11. |
“Fostaíocht ar Ardcháilíocht do Chách”
|
|
12. |
“Obair Óige ar Ardcháilíocht do Chách”
|
|
13. |
“Deiseanna d’Óige na Tuaithe” (12)
|
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT ACU AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:
|
14. |
“Fostaíocht ar Ardcháilíocht do Chách”
|
|
15. |
“Obair Óige ar Ardcháilíocht do Chách”
|
|
16. |
“Deiseanna d’Óige na Tuaithe”
|
|
17. |
“An 7ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh: Torthaí ó Ghníomhaíochtaí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh sna Ballstáit agus ar fud na hEorpa - Deiseanna a Chruthú don Óige” (15) a chur san áireamh agus beartais don óige á ndearadh agus á gcur chun feidhme amach anseo, i sineirgíocht le beartais eile a dhéanann difear do dhaoine óga, amhail oideachas agus oiliúint, fostaíocht, gnóthaí sóisialta, cultúr, digitiú, comhshaol, spórt agus sláinte; agus féachaint ar bhealaí eile chun spriocanna ábhartha de chuid Spriocanna Eorpacha don Óige a bhaint amach. |
|
18. |
Tosaíocht agus infheictheacht a thabhairt d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus cur chun feidhme a thorthaí a chur chun cinn, chomh maith le deiseanna rannpháirtíochta ar líne don óige trí Thairseach Eorpach na hÓige, ós rud é gur príomhionstraim é an tIdirphlé ar an leibhéal Eorpach chun rannpháirtíocht fhóinteach daoine óga ó chúlraí éagsúla a chur chun cinn agus chun comhar níos fearr a chur chun cinn idir eagraíochtaí óige, taighdeoirí óige agus lucht ceaptha beartais, lena n-áirítear geallsealbhóirí ó earnálacha ábhartha eile. |
|
19. |
An comhar a neartú a thuilleadh idir na geallsealbhóirí éagsúla a bhfuil baint acu le hIdirphlé Óige an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, lena n-áirítear an fhoireann trí Uachtaránacht, an Grúpa Stiúrtha Eorpach, na Meithleacha Náisiúnta, Eagraíochtaí Idirnáisiúnta Neamhrialtasacha don Óige ionas go mbeidh dearcadh Eorpach ann i gcás inarb iomchuí, agus Díorma na dTaighdeoirí Óige Eorpacha de chuid Chomhairle na hEorpa/Chomhpháirtíocht an Aontais Eorpaigh don Óige. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AGHAIDH A THABHAIRT AR AN MÉID SEO A LEANAS:
|
20. |
“Fostaíocht ar Ardcháilíocht do Chách”
|
|
21. |
“Obair Óige ar Ardcháilíocht do Chách”
|
|
22. |
“Deiseanna d’Óige na Tuaithe”
|
|
23. |
Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn agus a úsáid mar uirlis ar leibhéal an Aontais le haghaidh comhairliúchán le daoine óga, mar shampla i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an Chomhshocraithe Aeráide don Eoraip agus Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS A THABHAIRT DÁ AIRE:
|
24. |
Ba cheart modhanna rannpháirtíochta ildánacha a bheith mar chuid den phróiseas comhairliúcháin chun torthaí ábhartha a bhaint amach agus chun feabhas a chur ar an bhfor-rochtain do dhaoine óga, go háirithe iad siúd a mbíonn níos lú deiseanna acu. Chomh maith le hIdirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, tá sé ríthábhachtach go n-úsáidfí raon leathan modhanna nuair a thionóltar próisis chomhairliúcháin i gcomhthéacs deacair, amhail géarchéim dhomhanda (e.g. COVID-19), arb é is aidhm di sochaí níos athléimní, níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe a fhorbairt. Ba cheart taighdeoirí i réimse na hóige a bheith rannpháirteach, de réir mar is iomchuí. |
|
25. |
Ba cheart don fhoireann trí Uachtaránacht a bheidh ann amach anseo le linn na chéad timthriallta eile d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh díriú, i gcás inarb iomchuí, ar thuilleadh forbartha a dhéanamh ar phríomhshruthú agus ar chur chun feidhme il-leibhéil agus trasearnála na Spriocanna Eorpacha don Óige, rud a chuirfeadh lena n-infheictheacht, mar inspioráid do dhaoine óga na hEorpa. |
|
26. |
Is é an t-ábhar seo a leanas a bheidh ina phríomhthosaíocht fhoriomlán don fhoireann inteachta trí Uachtaránacht DE – PT – SI: Europe for YOUth – YOUth for Europe: Space for Democracy and Participation [An Eoraip don Óige - An Óige don Eoraip: Spás don Daonlathas agus don Rannpháirtíocht]. |
Tagairtí
|
1. |
Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige 2019-2027 (16) |
|
2. |
Treoirlínte maidir le Rialachas Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh (17) |
|
3. |
Conclúidí ón gComhairle maidir le hOideachas agus Oiliúint a chur ar Oibrithe don Óige (18) |
|
4. |
Conclúidí ón gComhairle maidir le Daoine Óga agus Todhchaí na hOibre (19) |
|
5. |
An 7ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh: Findings from the EU Youth Dialogue Activities in the Member States and across Europe - Creating Opportunities for Youth [An 7ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh: Torthaí ó Ghníomhaíochtaí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh sna Ballstáit agus ar fud na hEorpa – Deiseanna a Chruthú don Óige] (20) |
|
6. |
Deiseanna a Chruthú don Óige - Torthaí ón 7ú timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh ag teacht as Comhdháil an Aontais um an Óige, (Ságrab, 9-11 Márta 2020) (21) |
(1) Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige (IO C 456, 18.12.2018, lch. 1).
(2) Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, lena mbunaítear treoirlínte maidir le rialú Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh (IO C 189, 5.6.2019, lch. 1).
(3) Féach mír 8 agus mír 9 den Rún maidir le Rialú Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, (IO C 189, 5.6.2019, lch. 2).
(4) IO C 189, 5.6.2019, lch. 28.
(5) Report on the EU Youth Conference: Youth work (education) in flux - contemporary challenges in an erratic Europe [Tuarascáil ar Chomhdháil an Aontais um an Óige: Obair don óige (oideachas) ag síorathrú: dúshláin an lae inniu in Eoraip thaghdach] le Tomi Kiilakoski & Marko Kovacic.
(6) IO C 412, 9.12.2019, lch. 12.
(7) IO C 193, 9.6.2020, lch. 3.
(8) https://europa.eu/youth/sites/default/files/euyd_youth_dialogue_findings_-_version_for_general_release_24th_feb_2020_1.pdf
(9) I gcló iodálach sa téacs.
(10) Bíonn tábhacht ar leith ag baint le modhanna oibre amhail teilea-obair, teileachomaitéireacht agus an “oifig baile” sna cúinsí a thagann de bharr géarchéim cosúil le COVID-19.
(11) Gan dochar do ról ná do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le cleachtais náisiúnta.
(12) Rinneadh an fothéama seo a fhorbairt a thuilleadh sna Conclúidí maidir le Deiseanna a Mhéadú do Dhaoine Óga i gCeantair Thuaithe agus Iargúlta.
(13) Ciallaíonn “Poist ghlasa” obair i réimse na talmhaíochta, na monaraíochta, an taighde agus na forbartha, gníomhaíochtaí riaracháin agus seirbhísí a chuireann go mór le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú nó a athbhunú (UNEP, 2018).
(14) https://enrd.ec.europa.eu/leader-clld_en#_edn1
(15) Ibid fonóta 8.
(16) IO C 456, 18.12.2018, lch. 1.
(17) IO C 189, 5.6.2019, lch. 1.
(18) IO C 412, 9.12.2019, lch. 12.
(19) IO C 189, 3.6.2019, lch. 28.
(20) Ibid fonóta 8.
(21) https://europa.eu/youth/sites/default/files/creating_opportunities_for_youth_-_outcomes_report_27mar2020_v3.pdf
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 212/7 |
CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2020
lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020
(2020/C 212 I/02)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
— |
glacadh buiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2020 go cinntitheach an 27 Samhain 2019 (2); |
|
— |
thíolaic an Coimisiún togra, an 3 Meitheamh 2020, ina raibh dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5 a ghabhann leis an mbuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2020; |
|
— |
is tábhachtach glacadh gasta dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2020 a chumasú le go mbeifear in ann leanúint de thacaíocht dhaonnúil a thabhairt do dhídeanaithe san Iordáin, sa Liobáin agus sa Tuirc gan bhriseadh. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le giorrú a dhéanamh ar an tréimhse ocht seachtaine maidir leis an bhfaisnéis do Pharlaimintí náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Rinneadh an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 a ghlacadh an 24 Meitheamh 2020.
Is féidir breathnú ar an téacs iomlán nó é a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: http://www.consilium.europa.eu/.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
|
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 212/9 |
Conclúidí ón gComhairle maidir le géarchéim COVID-19 a chomhrac san oideachas agus san oiliúint
(2020/C 212 I/03)
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,
AGUS SUNTAS Á CHUR SA MHÉID SEO A LEANAS AICI:
|
1. |
De dheasca phaindéim COVID-19, tá difear déanta do chórais oideachais agus oiliúna, agus tá brú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo curtha ar na córais sin, ar fud an domhain agus ó cheann ceann an Aontais. Tá athruithe móra tagtha ar an gcaoi a ndéanaimid rudaí a fhoghlaim agus a theagasc, agus ar an gcaoi a ndéanaimid cumarsáid lena chéile agus a gcomhoibrímid laistigh dár bpobail oideachais agus oiliúna agus eatarthu. Bhí tionchar aige sin ar fhoghlaimeoirí (1), ar a dteaghlaigh, ar mhúinteoirí, ar oiliúnóirí, ar cheannairí institiúidí agus ar an tsochaí i gcoitinne. |
|
2. |
Ó bhris an phaindéim amach, tá iarrachtaí suntasacha déanta ag na Ballstáit agus ag institiúidí oideachais agus oiliúna sábháilteacht agus dea-bhail na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne a áirithiú agus leanúint den fhoghlaim agus den teagasc, chun an ceart chun oideachais a chaomhnú. |
|
3. |
Mar fhreagairt ar an éigeandáil, shocraigh formhór na mBallstát institiúidí oideachais agus oiliúna a dhúnadh go fisiciúil ar bhonn forleathan agus, san am céanna, roghanna malartacha agus tacaíocht don chianfhoghlaim agus don chianteagasc, go háirithe réitigh dhigiteacha, a shlógadh go pras. Mar thoradh ar an athrú sin, tá dúshláin dhifriúla ann do chórais oideachais agus oiliúna agus do gheallsealbhóirí sna Ballstáit, go háirithe d’fhoghlaimeoirí agus a dteaghlaigh, do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí, ach fuair siad taithí luachmhar foghlama freisin agus tá dlús curtha le tuilleadh claochlaithe dhigitigh ar institiúidí oideachais agus oiliúna. |
|
4. |
B’iontach an comhoibriú a bhí idir na Ballstáit sna himthosca eisceachtúla seo, agus dlúthpháirtíocht agus tacaíocht fhrithpháirteach á léiriú acu le linn géarchéime trí fhaisnéis a mhalartú go rialta maidir lena staid náisiúnta, lena ndúshláin, na bearta agus na pleananna atá beartaithe nó atá curtha chun feidhme cheana féin, chomh maith le hacmhainní oideachais a chomhroinnt go hoscailte, i gcás inar féidir. |
AGUS Í EOLACH AR AN MÉID SEO A LEANAS:
|
5. |
Ag tús na géarchéime, nuair a bhí institiúidí oideachais agus oiliúna i bhformhór na mBallstát fós ag feidhmiú mar is gnách, díríodh ar an dóigh le sábháilteacht na bhfoghlaimeoirí agus na bhfoirne a áirithiú, lena n‐áirítear trí bhearta cosanta agus sláinteachais a chur i bhfeidhm agus trí fhaisnéis agus treoir a chur ar fáil, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta oideachais agus sláinte. |
|
6. |
De réir mar a tháinig cora nua chun cinn, le dúnadh fisiciúil tuilleadh institiúidí oideachais agus oiliúna i bhformhór na mBallstát, rinne na Ballstáit, institiúidí oideachais agus oiliúna, agus geallsealbhóirí ábhartha iarrachtaí suntasacha inneachar oideachais a oiriúnú agus a ullmhú, agus úsáid an inneachair sin sa chianfhoghlaim a áirithiú, chun deimhin a dhéanamh de go leanfar den phróiseas foghlama. A bhuí le treoirlínte iomchuí, mar aon le bainistiú beo-intinneach, faireachán leanúnach, feabhsuithe i rith an ama agus coigeartuithe reachtacha, tacaíodh leis sin i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta. I ndáil leis sin, d’fhéadfadh sé nach mar an gcéanna a bhí dálaí tosaigh ó thaobh ullmhacht dhigiteach na gcóras oideachais agus oiliúna sna Ballstáit, agus in institiúidí oideachais agus oiliúna, lena n‐áirítear fáil a bheith ar uirlisí foghlama digiteacha agus ar ábhair agus ullmhacht múinteoirí agus oiliúnóirí chun cianteagasc a chur ar fáil. |
|
7. |
Bhain ceann de na dúshláin is mó a bhí ann le cuimsiú agus rochtain chomhionann ar dheiseanna cianfhoghlama d’ardcháilíocht a áirithiú. D’fhéadfadh sé nach mbeadh na scileanna digiteacha, rochtain ar theicneolaíocht nó ar an idirlíon ag roinnt foghlaimeoirí, ná ag múinteoirí, oiliúnóirí agus teaghlaigh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhacainn thromchúiseach, go háirithe d’fhoghlaimeoirí ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste agus ó cheantair thuaithe agus iargúlta, mar aon le ceantair arduirbithe. Thairis sin, tá foghlaimeoirí ann a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a dteastaíonn comhairleoireacht agus tacaíocht bhreise uathu agus iad ag foghlaim. Ina theannta sin, tugann dúnadh institiúidí oideachais agus oiliúna dúshlán go háirithe d’fhoghlaimeoirí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus ar mó an dóchúlacht iad a bheith ina gcónaí i líon tí nach bhfuil fabhrach ó thaobh staidéar a dhéanamh sa bhaile nó atá i dteideal béilí scoile saor in aisce a fháil de ghnáth, agus d’fhoghlaimeoirí atá i mbaol an scoil a fhágáil go luath. |
|
8. |
Tá níos mó i gceist le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna ná go díreach áiteanna ina mbíonn daoine ag foghlaim, ag teagasc agus i mbun oiliúna – is timpeallachtaí sábháilte iad freisin ina gcuirtear meon struchtúir agus pobail ar fáil, mar aon le deiseanna sóisialaithe. I ngeall ar an imní agus ar an strus arb é an eagla roimh an bpaindéim agus an leithlisiú sóisialta is cúis leo, rud atá thar a bheith deacair dóibh siúd atá ag déileáil le foréigean baile nó i mbaol a bheith a déileáil leis, bhí sé ríthábhachtach coinneáil i dteagmháil leo, agus tacaíocht shíceolaíoch agus mhothúchánach a chur ar fáil chun dea-bhail agus sláinte choirp agus mheabhrach na bhfoghlaimeoirí, agus a dteaghlaigh, a múinteoirí agus a n‐oiliúnóirí, a áirithiú. |
|
9. |
Bhí ar mhúinteoirí agus ar oiliúnóirí dul i dtaithí go tapa ar an gcianteagasc le hais a bheith ag teagasc agus daoine os comhair a chéile. Ós rud é nach raibh an taithí, an mhuinín, an t‐eolas, na scileanna ná na hinniúlachtaí is gá ag na múinteoirí agus na hoiliúnóirí (2) go léir chun cianteagasc a eagrú agus a chur ar fáil go héifeachtach, bhí gá le hoiliúint bhreise spriocdhírithe. Ba mhinic a chuaigh a dtiomantais níos faide ná ceachtanna a mhúineadh agus rinne siad iarrachtaí breise chun dul chun cinn agus dea‐bhail na bhfoghlaimeoirí a áirithiú. D’fhéadfadh ualach oibre méadaithe a bheith mar thoradh ar an ngá le dul in oiriúint go tapa don timpeallacht nua oibre, rud a dhéanfadh difear dá gcothromaíocht oibre is saoil. Sna himthosca sin, léirigh múinteoirí agus oiliúnóirí, mar aon leis an bhfoireann tacaíochta, tiomantas agus cruthaitheacht inmholta, chomh maith le hoscailteacht don chomhoibriú, don chomhchruthú agus don phiarfhoghlaim. |
|
10. |
Cé gur imir an t‐aistriú chuig an teagasc agus an fhoghlaim dhigiteach ról tábhachtach chun go bhféadfaí leanúint den phróiseas foghlama, níl aon chomparáid, ó thaobh cáilíochta de, idir an t‐oideachas digiteach agus an teagasc agus an fhoghlaim le daoine os comhair a chéile. Thairis sin, i gcuid mhór cásanna, is freagairt éigeandála a bhí san athrú tobann go dtí an teagasc agus an fhoghlaim dhigiteach, seachas plean barrfheabhsaithe chun cianoideachas digiteach a chur ar fáil ar bhonn forleathan. Bhí roinnt múinteoirí agus oiliúnóirí ag teagasc ar líne den chéad uair agus, cé go bhfuil a dteacht aniar agus a n‐inoiriúnaitheacht le moladh, níor cheart féachaint ar an gcianteagasc agus ar an gcianfhoghlaim dhigiteach i gcomhthéacs COVID-19, cé gur luachmhar iad, mar an caighdeán ginearálta don chianoideachas digiteach. |
|
11. |
Bhí ar theaghlaigh na bhfoghlaimeoirí, múinteoirí agus oiliúnóirí an comhar eatarthu a mhéadú agus iarracht bhreise a dhéanamh le go bhféadfaí an chianfhoghlaim a chur i bhfeidhm. I gcás tuismitheoirí agus cúramóirí a bhí ag obair ón mbaile, chuaigh sé rite orthu a gcúraimí oibre a chomhcheangal le tacaíocht foghlama agus le dualgais chúraim i ndáil lena leanaí. I gcás na dtuismitheoirí agus na gcúramóirí nach raibh ar a gcumas oibriú ón mbaile, ba dheacair dóibh cúram lae a aimsiú dá bpáistí is óige. |
|
12. |
Baineann dúshlán ar leith le codanna praiticiúla den churaclam a chur ar fáil i gcomhthéacs na cianfhoghlama. Tá sin ábhartha go háirithe i dtaca leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, inar cuid mhór den churaclam í an fhoghlaim phraiticiúil. D’fhéadfadh sé go raibh foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint faoi mhíbhuntáiste breise, ós rud é go raibh a lán fostóirí a bhíonn rannpháirteach san fhoghlaim obairbhunaithe agus i bprintíseachtaí buailte freisin ag an ngéarchéim. I bhfianaise go mbíonn printísigh ag brath, i gcásanna áirithe, ar íocaíocht agus ar chúiteamh ó na fostóirí, is léir tionchar na géarchéime ar a slí bheatha. |
|
13. |
Uaireanta bíonn foghlaimeoirí fásta, go háirithe iad siúd ar bheagán oiliúna, gan na scileanna digiteacha sin is gá le bheith páirteach san fhoghlaim dhigiteach, agus is lú, dá bharr sin, na deiseanna a bhíonn acu i ndáil le huas‐sciliú agus athoiliúint. |
|
14. |
Bainistiú an mheasúnaithe agus an ghrádaithe, ba é sin ceann de na dúshláin ba mhó a bhí ann, agus béim á cur ag roinnt Ballstát ar mheasúnú foirmitheach agus go gcuirfí dálaí foghlama éagsúla san áireamh. Tá dlúthbhaint idir sin agus an dúshlán a bhaineann le críoch éifeachtúil a eagrú don bhliain scoile agus acadúla, rud atá thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs scrúduithe fágála na scoile agus céime ó tharla go mbíonn tionchar ag an méid sin ar an gclárú i leibhéil éagsúla oideachais agus oiliúna. I ndáil leis sin, trí mhalartú faisnéise, comhar agus idirphlé idir na geallsealbhóirí ábhartha oideachais agus oiliúna, lena n‐áirítear údaráis dearbhaithe agus aitheanta cáilíochta agus na comhpháirtithe sóisialta, is féidir bonn a leagan síos do cur chuige fiúntach comhordaithe. D’fhéadfadh sin a bheith an-úsáideach go háirithe agus cinneadh á dhéanamh faoi na ceanglais i ndáil le clárú d’institiúidí ardoideachais, agus urraim chuí á dtabhairt dá neamhspleáchas agus dá gcúinsí náisiúnta. |
|
15. |
Tá an phaindéim tar éis tionchar a imirt freisin ar na deiseanna soghluaisteachta foghlama san Eoraip agus go hidirnáisiúnta. Ó tharla a lán institiúidí oideachais agus oiliúna a bheith dúnta, bhí deacrachtaí éagsúla ag foghlaimeoirí a bhí ag staidéar thar lear, mar shampla leanúint lena dtréimhse soghluaisteachta, rochtain a bheith acu ar chóiríocht agus ar chúram sláinte, teidlíocht chun deontas agus scoláireachtaí, nó filleadh ar a dtír dhúchais. D’fhéadfadh sé go raibh ar fhoghlaimeoirí atá thar lear dul i ngleic le deacrachtaí socheacnamaíocha a bhaineann le caillteanas ioncaim teaghlaigh mar thoradh ar an ngéarchéim sa mhargadh saothair a tharla de dheasca phaindéim COVID-19. |
|
16. |
Rinneadh an-chuid gníomhaíochtaí Erasmus+ agus gníomhaíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chur siar nó a chur ar ceal agus i gcásanna ina raibh soghluaisteacht pleanáilte, moladh comhar fíorúil a dhéanamh ina hionad. |
|
17. |
Thar an infheistíocht is gá chun aghaidh a thabhairt ar thionchar sláinte agus socheacnamaíoch na géarchéime, is den tábhacht é tosaíochtaí reatha infheistíochta a dhíriú ar an oideachas agus an oiliúint. I ndáil leis sin, is ríthábhachtach a aithint go gcuireann oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán go cinnte le dea-bhail agus forbairt phearsanta agus ghairmiúil na saoránach, chomh maith le hathléimneacht na sochaí agus an gheilleagair, agus go bhfuil ról tábhachtach acu sa téarnamh. Is gá an méid sin a chur san áireamh agus an Plean Eorpach don Téarnamh á fhorbairt. |
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT AICI:
|
18. |
D’fhonn na dúshláin sin a shárú, agus i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta, chuir na Ballstáit agus a n‐institiúidí oideachais agus oiliúna bearta iomadúla i bhfeidhm gan mhoill, mar shampla:
|
|
19. |
Mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, chuir an Coimisiún deiseanna ar fáil le haghaidh breis solúbthachta i gcur chun feidhme chlár Erasmus+, agus í comhlánaithe le comhairle phraiticiúil do rannpháirtithe Erasmus+ agus do ghníomhaireachtaí náisiúnta. Ina theannta sin, sa bhreis ar na hiarrachtaí a rinneadh laistigh den Chomhairle, d’éascaigh an Coimisiún tuilleadh deiseanna maidir le comhar agus malartú faisnéise idir na Ballstáit. |
|
20. |
In imeacht ama agus i bhfianaise go bhféadfaí na bearta imshrianta a scaoileadh ar mholadh na n‐údarás sláinte, beidh ceisteanna eile ag teacht chun cinn, mar shampla, faoi cén uair a bheidh institiúidí oideachais agus oiliúna ag athoscailt, mar aon leis na cuideachtaí a chuireann foghlaim obairbhunaithe ar fáil, agus faoi na bearta eagraíochtúla agus sábháilteachta, go háirithe maidir leis an scaradh sóisialta, an tsláintíocht agus an sláinteachas. I ndáil leis sin, baineann roinnt de na dúshláin le hacmhainní daonna leordhóthanacha, chomh maith le hullmhacht agus inbhuanaitheacht na saoráidí oideachais agus oiliúna, go háirithe a iomchuí atá siad chun na bearta is gá a chur chun feidhme. |
IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT, AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR AN gCOIMHDEACHT AGUS I gCOMHRÉIR LE CÚINSÍ NÁISIÚNTA, AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:
|
21. |
Leanúint d’fhaisnéis, de thaithí agus de dhea-chleachtais a roinnt idir na Ballstáit maidir leis an gcaoi is fearr is féidir an t‐oideachas agus an oiliúint a chur in oiriúint don chomhthéacs reatha, ag brath ar a dtarlóidh i ndáil le géarchéim COVID-19 amach anseo, lena n‐áirítear na bearta éagsúla maidir le hathoscailt na n‐institiúidí oideachais agus oiliúna, chun cothromas a áirithiú, dea‐bhail na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne a chothú agus tacaíocht shíceolaíoch a chur ar fáil. I ndáil leis sin, sreabhadh faisnéise cuíchóirithe comhleanúnach a spreagadh agus an leas is fearr a bhaint as na líonraí atá ann cheana. |
|
22. |
Maidir le hathoscailt na n‐institiúidí oideachais agus oiliúna, na bearta riachtanacha a dhéanamh, i gcomhréir leis na himthosca áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, chun sábháilteacht na bhfoghlaimeoirí agus na mball foirne a áirithiú, lena n‐áirítear coinníollacha iomchuí sláintíochta agus sláinteachais, agus iad ag dul i mbun na foghlama agus an teagaisc le daoine os comhair a chéile arís, agus an comhionannas deiseanna á áirithiú ag an am céanna. |
|
23. |
Bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh cheana i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, agus ag féachaint ar an tionchar fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim ar thodhchaí an oideachais agus na hoiliúna, breathnú ar na deiseanna atá ann don nuálaíocht agus iarrachtaí breise a dhéanamh chun luas a chur le claochlú digiteach na gcóras oideachais agus oiliúna, agus i gcás inarb ábhartha, borradh a chur faoi acmhainneacht dhigiteach na n‐institiúidí oideachais agus oiliúna agus an bhearna dhigiteach a chúngú. |
|
24. |
Agus na ceachtanna a foghlaimíodh i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, tacú le scileanna agus le hinniúlachtaí digiteacha na múinteoirí agus na n-oiliúnóirí a fhorbairt a thuilleadh, d’fhonn teagasc agus measúnú a éascú i dtimpeallachtaí digiteacha foghlama. |
|
25. |
Agus aird chuí á tabhairt ar an neamhspleáchas institiúideach, scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht foghlaim dhigiteach ar ardchaighdeán a neadú mar chuid den tairiscint oideachais agus oiliúna ar gach leibhéal agus i ngach cineál oideachais agus oiliúna. Agus an méid sin á dhéanamh, aird a thabhairt ar a iomchuí agus atá na huirlisí digiteacha d’aois agus do riachtanais speisialta na bhfoghlaimeoirí agus ar a gcomhlíontacht le rialacha cosanta sonraí, le príobháideachas, le ceisteanna eiticiúla, le sábháilteacht agus le ceanglais chibearshlándála. |
|
26. |
Féachaint an bhféadfaí an teagasc agus an fhoghlaim a fheabhsú trí fhaireachán agus trí mheastóireacht bunaithe ar mhianadóireacht sonraí oideachais atá dírithe ar na sonraí atá ann cheana, ar anailísíocht foghlama agus ar úsáid na hintleachta saorga agus aird chuí á tabhairt ar chomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679). |
|
27. |
Agus deiseanna á gcur ar fáil don chianfhoghlaim, don fhoghlaim dhigiteach agus don fhoghlaim chumaisc, aird níos mó a thabhairt ar chomhionannas deiseanna agus ar rochtain leanúnach ar oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán a áirithiú d’fhoghlaimeoirí beag beann ar aois, ar an gcáilíocht a chinntiú agus ar bhailíochtú agus aithint thorthaí na foghlama arna bhfáil a spreagadh. Agus an ceart chun oideachais á athdhearbhú, aird ar leith á tabhairt ar chosc a chur ar an méadú a d’fhéadfadh teacht ar luathfhágáil na scoile, mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19. |
|
28. |
Chun an éifeacht dhiúltach a bhíonn ag géarchéim COVID-19 ar shoghluaisteacht fhisiciúil trasteorann agus ar chomhar fisiciúil trasteorann a mhaolú, úsáid deiseanna fíorúla don tsoghluaisteacht agus don chomhar a spreagadh. |
|
29. |
Comhoibriú i dtaca le bacainní ar an tsoghluaisteacht trasteorann foghlama, ar constaicí iad a bhaineann le COVID-19 a bhaint agus aird á tabhairt ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag cineálacha éagsúla cur chuige maidir le measúnú, ag scrúduithe a d’fhéadfadh a bheith curtha ar ceal nó curtha siar agus clárú atá curtha ar ceal agus go mb’fhéidir go mbeadh tionchar diúltach aige sin uile ar dheiseanna soghluaisteachta foghlama sna blianta atá le teacht. |
|
30. |
Comhoibriú ar dheiseanna oideachais a fháil d’fhoghlaimeoirí a thaistealaíonn go laethúil idir Ballstáit chomharsanachta, go háirithe i gcás teorainneacha a bheith dúnta ar feadh i bhfad. |
|
31. |
Tacú le forbairt níos mó an bhonneagair dhigiteach mar aon le scileanna agus inniúlachtaí digiteacha trí úsáid a bhaint as an maoiniú atá ar fáil i gcláir agus i gcistí an Aontais, go háirithe clár Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus a gcomharbaí, chomh maith leis an gClár nua don Eoraip Dhigiteach. |
IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN, I gCOMHRÉIR LENA INNIÚLACHTAÍ AGUS AN AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR AN gCOIMHDEACHT, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
32. |
Taighde a dhéanamh agus na torthaí a scaipeadh maidir le tionchar phaindéim COVID-19 agus na ceachtanna a foghlaimíodh ar leibhéil éagsúla oideachais agus oiliúna, le béim ar an gcianfhoghlaim agus ar an gcianteagasc agus ar acmhainní digiteacha na gcóras oideachais agus oiliúna sna Ballstáit, mar acmhainn chun ceapadh beartais náisiúnta atá bunaithe ar fhianaise agus an comhar ar leibhéal an Aontais a neartú, d’fhonn teacht aniar agus ullmhacht a chothú le haghaidh freagairtí éigeandála a bheidh tráthúil, éifeachtach agus iomchuí amach anseo. |
|
33. |
Agus togra don phlean téarnaimh Eorpach á fhorbairt, aitheantas á thabhairt d’acmhainneacht chlaochlaitheach an oideachais agus na hoiliúna mar spreagadh chun téarnamh rathúil a bhaint amach agus don ghá atá le hinfheistíochtaí san oideachas agus san oiliúint, go háirithe i ndáil le hoideachas digiteach, lena n‐áirítear bonneagar agus scileanna digiteacha. |
|
34. |
Tacú leis na Ballstáit deiseanna infheistíochta a chur ar fáil i mbonneagar inbhuanaithe oideachais agus oiliúna, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus na hacmhainneachtaí is gá á gcur san áireamh freisin chun sábháilteacht a áirithiú mar aon leis na bearta riachtanacha eagraíochtúla mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19. |
|
35. |
Agus an Limistéar Eorpach Oideachais á fhorbairt, mar aon leis an gcreat straitéiseach iar-2020 don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint, an Plean Gníomhaíochta nua don Oideachas Digiteach agus an Clár Oibre nuashonraithe Scileanna, na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 maidir le claochlú digiteach na gcóras oideachais agus oiliúna a chur san áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar dhúshláin cháilíochta agus shochaíocha amhail cuimsiú a áirithiú, comhionannas deiseanna a chur ar fáil, comhtháthú a chur chun cinn agus bréagaisnéis a chomhrac. |
|
36. |
Leanúint de mhalartuithe a éascú ar dhúshláin agus ar bhearta arna ndéanamh ag na Ballstáit, lena n‐áirítear trí bhunachair sonraí oscailte d’acmhainní oideachais a nascadh, feabhas a chur ar an rochtain agus ar an bhfáil a bheadh orthu, d’fhonn comhroinnt modheolaíochtaí, uirlisí agus ábhair chianfhoghlama éagsúla a éascú. Sa chomhthéacs sin, cur leis na deiseanna atá ann cheana, amhail iad siúd atá ar fáil trí r-Nascadh, an Tairseach Oideachais Scoile agus an Ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip (EPALE). Úsáid uirlisí féinmheasúnaithe amhail SELFIE agus HEInnovate a chur chun cinn chun tacú le hacmhainneacht dhigiteach agus claochlú digiteach scoileanna agus institiúidí ardoideachais. |
|
37. |
Faisnéis bhreise phraiticiúil a chur faoi bhráid na mBallstát agus a scaipeadh orthu maidir leis an bhféidearthacht riachtanais na gcóras oideachais agus oiliúna a mhaoiniú chun iarmhairtí phaindéim COVID-19 a mhaolú laistigh den Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII agus CRII+) agus sásraí cistiúcháin iomchuí eile. |
|
38. |
Leanúint d’fhaisnéis a roinnt go rialta le geallsealbhóirí agus comhlachtaí cur chun feidhme Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh maidir le deiseanna do shocruithe solúbtha i ndáil le soghluaisteacht foghlama agus tionscadail a chur chun feidhme i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19. |
|
39. |
I gcomhar leis na Ballstáit, féachaint ar na bealaí chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais is práinní le linn na dtréimhsí ina gcuirtear srian ar shoghluaisteacht fhisiciúil tríd an tsolúbthacht a thabhairt cistí nár úsáideadh a ath-leithdháileadh idir gníomhaíochtaí Erasmus+, i gcás inarb iomchuí. |
|
40. |
Tacú leis na Ballstáit cleachtais oideachais dhigitigh agus deiseanna don oideachas agus don oiliúint dhigiteach a fhorbairt a thuilleadh agus aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí ghéarchéim COVID-19 ar na grúpaí foghlaimeoirí is leochailí, trí úsáid a bhaint as na deiseanna Erasmus+ atá ar fáil. |
|
41. |
Ábhair agus uirlisí ábhartha a scaipeadh agus a n‐úsáid a chur chun, lena n‐áirítear taithí fhíorúil ar chomhar, a d’eascair as tionscadail Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus gníomhaíochtaí na gComhghuaillíochtaí Eorpacha agus Náisiúnta um Scileanna Digiteacha agus Poist, a d’fhéadfadh, faoi bhratach na dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát, tacaíocht bhreise úsáideach a thabhairt mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19. |
|
42. |
I gcomhar leis na Ballstáit agus aird chuí á tabhairt ar neamhspleáchas institiúideach agus ar comhthéacsanna náisiúnta, tosú ag obair ar bhearta chun bacainní a bhaineann le COVID-19 a bhaint agus glacadh deiseanna soghluaisteachta foghlama trasteorann a thionscnamh an athuair i ndiaidh ghéarchéim COVID-19, lena n‐áirítear trí threoir shoiléir a chur ar fáil maidir leis an gcaoi le deiseanna soghluaisteachta foghlama faoi Erasmus+ a éascú. |
|
43. |
Soghluaisteacht fhíorúil ar ardchaighdeán agus comhar a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht chumaisc a fhorbairt faoi chuimsiú chlár Erasmus+, agus é á chur san áireamh, cé nach féidir í a chur in ionad na soghluaisteachta fisiciúla, go bhfuil ról tábhachtach comhlántach ag an tsoghluaisteacht fhíorúil. |
|
44. |
Oibriú i ndlúthchomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail An Chomhairle Eorpach, Unesco agus ECFE chun faisnéis a bhaineann le himpleachtaí COVID-19 ar oideachas agus oiliúint a chur ar fáil agus a scaipeadh. |
(1) Chun críoch an doiciméid seo, tuigtear an téarma foghlaimeoir sa chiall is leithne, agus é ag tagairt d’fhoghlaimeoirí i ngach cineál agus leibhéal oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, oideachas ginearálta, gairmoideachas agus gairmoiliúint, oideachas aosach agus ardoideachas.
(2) De réir shuirbhé TALIS de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (2018), braitheann níos lú ná 40 % de mhúinteoirí go bhfuil siad ullmhaithe go maith le teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide a úsáid agus iad ag teagasc.