ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 200I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
15 Meitheamh 2020


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2020/C 200 I/01

Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an tSlóivéin Ráig COVID-19 (Rialachán (AE) 2020/698ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar ( IO L 165, 27.5.2020, lch. 10 ))

1

2020/C 200 I/02

Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an mBeilg Ráig COVID-19 (Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar ( IO L 165, 27.5.2020, lch. 10 ))

2


GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

15.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 200/1


Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an tSlóivéin

Ráig COVID-19

(Rialachán (AE) 2020/698ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10))

(2020/C 200 I/01)

Fógra: ón tSlóivéin

I gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2020/698, chuir an tSlóivéin an Coimisiún ar an eolas an 11 Meitheamh 2020 maidir lena cinneadh gan fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm.

Forálacha de Rialachán (AE) 2020/698 ar chinn an tSlóivéin gan iad a chur i bhfeidhm:

Airteagal 3(1) maidir le bailíocht ceadúnas tiomána faoi Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

Airteagal 4(1) maidir le cigireachtaí rialta tacagraf in iompar de bhóthar faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

Airteagal 5(1) maidir le teorainneacha ama i leith na dtástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí faoi Threoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

Airteagal 5(2) maidir le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta faoi Threoir 2014/45/AE;

Airteagal 11(1) maidir le hathnuachan ceadúnas do thiománaithe traenach faoi Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

Airteagal 11(2) maidir le seiceálacha tréimhsiúla ar thiománaithe traenach a chur i gcrích faoi Threoir 2007/59/CE.


(1)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(3)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).

(4)  Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).


15.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 200/2


Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an mBeilg

Ráig COVID-19

(Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10))

(2020/C 200 I/02)

Fógra: ón mBeilg

I gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2020/698 chuir an Bheilg an Coimisiún ar an eolas an 11 Meitheamh 2020 maidir lena cinneadh gan fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm.

Forálacha de Rialachán (AE) 2020/698 ar chinn an Bheilg gan iad a chur i bhfeidhm:

Airteagal 5(1) maidir le teorainneacha ama i leith na dtástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí faoi Threoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

Airteagal 5(2) maidir le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta faoi Threoir 2014/45/AE;


(1)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).