|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 190I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
63 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2020/C 190 I/01 |
||
|
2020/C 190 I/02 |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
8.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 190/1 |
Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an bPolainn
Ráig COVID-19
(Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10))
(2020/C 190 I/01)
Sa bhreis ar an bhfaisnéis a chuir an Pholainn chuig an gCoimisiún an 29 Bealtaine 2020 agus a léiríodh san fhógra a foilsíodh in IO C 183 I, 3.6.2020, lch. 1, chuir an Pholainn an Coimisiún ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:
Fógra: ón bPolainn
I gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chuir an Pholainn an Coimisiún ar an eolas an 3 Meitheamh 2020 maidir lena cinneadh gan fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm.
Forálacha de Rialachán (AE) 2020/698 ar chinn an Pholainn gan iad a chur i bhfeidhm:
|
— |
Airteagal 11(1) maidir le hathnuachan ceadúnas do thiománaithe traenach faoi Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); |
|
— |
Airteagal 11(2) maidir le seiceálacha tréimhsiúla ar thiománaithe traenach a chur i gcrích faoi Threoir 2007/59/CE. |
(1) Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).
|
8.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 190/2 |
Faisnéis ón gCoimisiún maidir le neamhfheidhmiú forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 ag an Danmhairg
Ráig COVID-19
(Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 i dtaca le hathnuachan nó síneadh ama deimhnithe, ceadúnas agus údaruithe áirithe agus cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe mar aon le hoiliúint thréimhsiúil i réimsí áirithe den reachtaíocht maidir le hiompar (IO L 165, 27.5.2020, lch. 10))
(2020/C 190 I/02)
Fógra: ón Danmhairg
I gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chuir an Danmhairg an Coimisiún ar an eolas maidir lena cinneadh gan fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2020/698 a chur i bhfeidhm.
Forálacha de Rialachán (AE) 2020/698 ar chinn an Danmhairg gan iad a chur i bhfeidhm:
|
— |
Airteagal 4(1) maidir le cigireachtaí rialta tacagraf in iompar de bhóthar faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); |
|
— |
Airteagal 5(1) maidir le teorainneacha ama i leith na dtástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí faoi Threoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); |
|
— |
Airteagal 5(2) maidir le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta faoi Threoir 2014/45/AE; |
|
— |
Airteagal 11(1) maidir le hathnuachan ceadúnas do thiománaithe traenach faoi Threoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); |
|
— |
Airteagal 11(2) maidir le seiceálacha tréimhsiúla ar thiománaithe traenach a chur i gcrích faoi Threoir 2007/59/CE. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(2) Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).
(3) Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).