ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
63 |
Clár |
Leathanach |
|
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 162 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
11.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:
EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
11.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
2 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire), arna dhéanamh an 6 Feabhra 2020 – UH v An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne
(Cás C-64/20)
Teanga an cháis: an Ghaeilge
An chúirt nó an binse a rinneadh an tarchur
An Ard-Chúirt (Éire)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: UH
Cosantóirí: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Éire agus an tArd-Aighne
Na ceisteanna don Réamhrialú:
1. |
An bhfuil an discréid ag cúirt náisiúnta faoiseamh a dhiúltú in ainneoin gur chinn sí gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt do ghné ar leith de Threoir den Aontas Eorpach (“AE”) agus, má tá an discréid sin aici, cad iad na tosca cuí a ba chóir a chur san áireamh i dtaca leis an discréid agus/nó an bhfuil an chúirt náisiúnta i dteideal na tosca céanna, a chuirfeadh sí san áireamh dá mba shárú ar an dlí náisiúnta a bheadh faoi chaibidil aici, a chur san áireamh? |
2. |
An mbainfí an bonn de phrionsabal na héifeachta dírí i nDlí an Aontais Eorpaigh dá ndiúltódh cúirt náisiúnta faoiseamh a dheonú sa chás seo mar gheall ar theacht i bhfeidhm Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/6 (1), 11ú Nollaig 2018, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (agus a chur i bhfeidhm arna chur siar go dtí an 28ú Eanáir 2022), in ainneoin gur chinn an chúirt náisiúnta gur theip ar an dlí náisiúnta éifeacht a thabhairt don dualgas in Airteagail 61(1), 58(4), agus 59(3) de Threoir 2001/82/CE (2) go mbeadh pacáistiú agus lipéadú táirgí tréidliachta i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit .i. Gaeilge chomh maith le Béarla in Éirinn? |
(1) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO 2019, L 4, lch. 43).
(2) Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO 2001, L 311, lch. 1).