|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
63 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
|
AN CHOMHAIRLE |
|
|
2020/C 151/01 |
||
|
2020/C 151/02 |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 151 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
III Gníomhartha ullmhúcháin
AN CHOMHAIRLE
|
6.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
SEASAMH (AE) Uimh. 5/2020 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann suíomh le tacagraif
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 7 Aibreán 2020
2020/C 151/01
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is den ríthábhacht é dálaí maithe oibre a bheith ag tiománaithe agus dálaí cothroma gnó a bheith ag gnóthais iompair de bhóthar chun earnáil iompair de bhóthar atá slán, éifeachtúil, agus cuntasach i dtéarmaí sóisialta a chruthú ar mhaithe leis an neamh-idirdhealú a áirithiú agus chun oibrithe cáilithe a mhealladh. Chun an próiseas sin a éascú, tá sé bunriachtanach rialacha sóisialta an Aontais maidir le hiompar de bhóthar a bheith soiléir, comhréireach, oiriúnach don chuspóir, agus éasca iad a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus comhsheasmhach ar fud an Aontais. |
|
(2) |
Tar éis meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí agus a éifeachtúla a bhí cur chun feidhme na sraithe reatha de rialacha sóisialta an Aontais san iompar de bhóthar, agus go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), sainaithníodh laigí áirithe i gcur chun feidhme an chreata dhlíthiúil sin. Mar gheall ar rialacha doiléire ó thaobh thréimhsí scíthe seachtainiúla, áiseanna scíthe agus sosanna le linn sealaíochta, mar aon le easpa rialacha maidir le tiománaithe ag filleadh ar an mbaile, bíonn léirmhínithe agus cleachtais forfheidhmiúcháin éagsúla ann ó Bhallstát go Ballstát. Ghlac roinnt Ballstát bearta aontaobhacha le déanaí, rud a chuir leis an éiginnteacht dhlíthiúil agus leis an gcóir neamh-chomhionann do thiománaithe agus d’oibreoirí. Mar sin féin, tá éifeacht ag na huastréimhsí tiomána in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine ó thaobh feabhas a chur ar dhálaí sóisialta na dtiománaithe agus ar an tsábháilteacht ar bhóithre i gcoitinne. Is gá leanúint gan stad de na hiarrachtaí chun comhlíonadh a áirithiú. |
|
(3) |
Chun sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn, is den tábhacht gnóthais iompair a spreagadh cultúr sábháilteachta a ghlacadh chucu féin, cultúr sábháilteachta a gcloífear leis ar gach leibhéal. Go háirithe, chun sáruithe ar rialacha tiomána agus scíthe a sheachaint, nó le nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol, níor cheart go gceadófaí pá ar bhonn feidhmíochta a nascadh leis an am is gá chun paisinéirí a iompar chuig a gcinn scríbe nó chun earraí a sheachadadh. |
|
(4) |
Sa mheasúnú ex-post ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, dearbhaíodh gurb é is mó ba chúis le forfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach agus mí-éifeachtach rialacha sóisialta an Aontais go raibh na rialacha doiléir, gur úsáideadh na huirlisí rialaithe ar bhealach mí-éifeachtúil neamh-chomhionann agus nár leor an comhar riaracháin idir na Ballstáit. |
|
(5) |
D’fhonn an tsoiléireacht agus an chomhsheasmhacht a fheabhsú, ba cheart an díolúine a thugtar d’úsáid neamhthráchtála feithicle ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a shainmhíniú. |
|
(6) |
Chomh maith leis sin, tá rialacha atá soiléir, oiriúnach, comhréireach agus a fhorfheidhmítear go cothrom, ríthábhachtach ó thaobh cuspóirí beartais áirithe a bhaint amach, mar atá dálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú agus, go háirithe, iomaíocht atá gan saobhadh agus atá cothrom a áirithiú idir oibreoirí agus rannchuidiú le sábháilteacht ar bhóithre do úsáideoirí uile na mbóithre. |
|
(7) |
Tharla sé nach raibh na ceanglais atá ann cheana maidir le sosanna oiriúnach ná praiticiúil i leith tiománaithe atá ag tiomáint mar chuid d’fhoireann. Dá bhrí sin, is iomchuí an ceanglas maidir le taifeadadh sosanna a oiriúnú do shonraíocht na n-oibríochtaí iompair a dhéanann tiománaithe a bhíonn ag tiomáint mar chuid d’fhoireann, gan sábháilteacht an tiománaí agus an tsábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol. |
|
(8) |
Caitheann tiománaithe atá i mbun oibríochtaí cian-iompair idirnáisiúnta earraí tréimhsí fada as a mbailte. Féadfar go gcuirfidh na ceanglais atá ann faoi láthair maidir leis an scíth sheachtainiúil fad nach gá leis na tréimhsí sin. Dá bhrí sin, ba mhaith an rud é an fhoráil maidir le tréimhsí scíthe seachtainiúla a oiriúnú sa chaoi gur fusa do thiománaithe oibríochtaí idirnáisiúnta iompair a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha agus a mbaile a shroicheadh i gcomhair a dtréimhse scíthe seachtainiúil rialta, agus cúiteamh iomlán a fháil as na tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe. I bhfianaise na ndifríochtaí idir iompar paisinéirí agus iompar earraí, níor cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin maidir le tiománaithe atá ag gabháil d’iompar paisinéirí. |
|
(9) |
Ba cheart aon solúbthacht maidir le sceidealú thréimhsí scíthe na dtiománaithe a bheith trédhearcach agus intuartha don tiománaí agus níor cheart an tsolúbthacht sin sábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol ar bhealach ar bith, trí thuirse na dtiománaithe a mhéadú, nó na dálaí oibre a mheath. Leis an tsolúbthacht sin, mar sin, níor cheart go dtiocfadh aon athrú ar am oibre reatha an tiománaí ná ar an uastréimhse choicísiúil thiomána agus ba cheart í a bheith faoi réir rialacha níos déine maidir leis an gcúiteamh as scíth laghdaithe. |
|
(10) |
Chun a áirithiú nach mbaintear mí-úsáid as an solúbthacht sin, is den bhunriachtanas é raon feidhme na forála a shainiú go soiléir, agus foráil a dhéanamh maidir le rialuithe iomchuí chomh maith. Ba cheart, dá bhrí sin, an raon feidhme a theorannú do na tiománaithe sin a chaitheann a dtréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe, le linn na tréimhse tagartha, lasmuigh de Bhallstáit an ghnóthais agus lasmuigh de thír áit chónaithe an tiománaí. Is féidir é sin a sheiceáil trí na taifid tacagraif a cheadú cois bóthair agus ag an áitreabh an ghnóthais iompair, toisc go bhfuil suíomh thús agus dheireadh na scíthe iontu agus faisnéis maidir le tiománaithe aonair. |
|
(11) |
Chun forfheidhmiú éifeachtach a ráthú, tá sé bunriachtanach go mbeadh na húdaráis inniúla ábalta, agus seiceálacha cois bóthair á ndéanamh acu, a fhionnadh go rabhthas ag cloí go cuí le tréimhsí tiomána agus le tréimhsí scíthe ar lá déanta na seiceála agus i rith na 56 lá roimhe sin. |
|
(12) |
Leis an dul chun cinn mear sa teicneolaíocht, tá uathoibriú á dhéanamh de réir a chéile ar chórais tiomána sa chaoi gur lú ionchuir díreach an tiománaí nó nach gá an t-ionchuir sin ar chor ar bith. Chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe sin, d’fhéadfadh sé gur ghá an reachtaíocht reatha, lena n-áirítear rialacha maidir le hamanna tiomána agus scíthe, a oiriúnú chun sábháilteacht ar bhóithre agus cothrom na Féinne a ráthú agus dálaí oibre a fheabhsú, agus é a chur ar chumas an Aontais, ag an am céanna, a bheith ina cheannródaí ó thaobh nuatheicneolaíochtaí agus nuachleachtais nuálacha de. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil lena ndéantar meastóireacht ar úsáid córas tiomána uathrialaí sna Ballstáit, lena n-áirítear na tairbhí a bhaineann le teicneolaíochtaí tiomána uathrialaí. Ba cheart togra reachtach, más iomchuí, a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin. |
|
(13) |
D’fhonn forás sóisialta a chur chun cinn, is iomchuí an áit a shonrú inar féidir tréimhsí scíthe seachtainiúla a ghlacadh, le háirithiú go mbaineann tiománaithe leas as dálaí scíthe leordhóthanacha. Tá tábhacht ar leith le cáilíocht na cóiríochta le linn na dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta, agus ba cheart don tiománaí an scíth sin a chaitheamh lasmuigh de chábán na feithicle i gcóiríocht oiriúnach, ar chostas an ghnóthais iompair mar fhostóir. Chun dea-dhálaí oibre agus sábháilteachta na dtiománaithe a áirithiú, is iomchuí go soiléireofaí an ceanglas ar thiománaithe go gcuirfear cóiríocht ardchaighdeáin atá oiriúnach do gach inscne ar fáil dá dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta má ghlactar as baile iad. |
|
(14) |
Is gá freisin a fhoráil a dhéanamh do ghnóthais iompair obair na dtiománaithe a eagrú sa chaoi nach mbeidh na tréimhsí as baile níos faide ná mar is gá agus go bhféadfaidh tiománaithe tairbhe a bhaint as tréimhsí scíthe fada arna nglacadh mar chúiteamh as tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe. Ba cheart, agus an filleadh á eagrú, go bhféadfaí ionad oibríochtúil an ghnóthais ina Bhallstát bunaíochta a shroicheadh nó áit chónaithe an tiománaí agus go mbeadh saoirse ag na tiománaithe an áit a roghnú ina gcaitheann siad a dtréimhse scíthe. Chun a léiriú go bhfuil a oibleagáidí maidir le heagrú an fhillte rialta á gcomhlíonadh ag an ngnóthas iompair, ba cheart go mbeadh sé in ann taifid tacagraif, uainchláir dualgais na dtiománaithe nó doiciméadacht eile a úsáid. Ba cheart go mbeadh fianaise den sórt sin ar fáil ag a áitreabh lena cur i láthair má iarrann na húdaráis rialaithe í. |
|
(15) |
Cé nach féidir tréimhsí scíthe sheachtainiúla rialta agus tréimhsí scíthe níos faide a thógáil san fheithicil nó i limistéar páirceála, ach amháin i gcóiríocht oiriúnach, a d’fhéadfadh a bheith in aice le limistéar páirceála, is den ríthábhacht tiománaithe a chur ar a gcumas limistéir pháirceála a aimsiú atá slán sábháilte agus a bhfuil leibhéil iomchuí slándála agus saoráidí cuí ar fáil iontu. Tá staidéar déanta ag an gCoimisiún cheana féin le féachaint cén chaoi a bhféadfaí forbairt limistéar páirceála ar ardchaighdeán a spreagadh, lena n-áirítear na híoscheanglais is gá. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún caighdeáin a fhorbairt i ndáil le limistéir pháirceála shábháilte shlána. Leis na caighdeáin sin, ba cheart go gcuirfí limistéir pháirceála shábháilte shlána chun cinn. Féadfar na caighdeáin a athbhreithniú chun rochtain níos fearr ar bhreoslaí malartacha a chur san áireamh, i gcomhréir le beartais lena ndéantar an bonneagar sin a fhorbairt. Is den tábhacht freisin limistéir pháirceála a choinneáil saor ó oighear agus sneachta. |
|
(16) |
Ba cheart go mbeadh limistéir pháirceála shábháilte shlána faoi réir nósanna imeachta iniúchóireachta lena ndéanfaí iad a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Ba cheart a áirithiú freisin, leis na nósanna imeachta iniúchóireachta sin, go ndéantar na caighdeáin sin a chomhlíonadh i gcónaí. Ba cheart, dá bhrí sin, a chur de chúram ar an gCoimisiún nós imeachta deimhniúcháin a ullmhú chun limistéir pháirceála shábháilte shlána a fhorbairt san Aontas. |
|
(17) |
Is chun leasa na sábháilteachta agus an fhorfheidhmiúcháin ar bhóithre go mbeadh gach tiománaí go hiomlán ar an eolas faoi na rialacha maidir le tréimhsí tiomána agus scíthe agus faoin gcontúirt a bhaineann le tuirse. I dtaca leis sin, is den tábhacht go mbeadh teacht éasca ar fhaisnéis faoi na saoráidí scíthe atá ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faisnéis a chur ar fáil maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána trí láithreán gréasáin atá áisiúil don úsáideoir. Ba cheart an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta. |
|
(18) |
Chun sábháilteacht agus slándáil leanúnach na limistéar pairceála a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le caighdeáin a bhunú don leibhéal seirbhíse i limistéir pháirceála shábháilte shlána agus nósanna imeachta chun sábháilteacht agus slándáil na limistéar páirceála a dheimhniú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(19) |
Leis na treoirlínte athbhreithnithe TEN-T arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), beartaítear limistéir pháirceála a fhorbairt ar mhótarbhealaí tuairim is gach 100 km chun spás páirceála ina bhfuil leibhéal iomchuí sábháilteachta agus slándála a chur ar fáil d’úsáideoirí tráchtála bóthair. Chun dlús a chur le tógáil bonneagair páirceála leordhóthanaigh agus chun an tógáil sin a chur chun cinn, is den tábhacht go mbeadh deiseanna leordhóthanacha ar fáil don chómhaoiniú ón Aontas i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo lena mbunaítear na coinníollacha don tacaíocht airgeadais sin. |
|
(20) |
Baineann iompar ar bhád farantóireachta nó ar iarnród maidir le cuid den turas le roinnt mhaith oibríochtaí iompair bóthair laistigh den Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, forálacha iomchuí soiléire maidir le tréimhsí scíthe agus sosanna a leagan síos le haghaidh na n-oibríochtaí sin. |
|
(21) |
Uaireanta, bíonn imthosca gan choinne ann do thiománaithe a chiallaíonn nach féidir leo, gan rialacha an Aontais a shárú, an ceann scríbe a shroicheadh a rabhthas ag súil tréimhsí scíthe seachtainiúla a ghlacadh ann. Tá sé inmhianaithe é a dhéanamh níos fusa do thiománaithe na himthosca a láimhseáil agus é a chur ar a gcumas an ceann scríbe le haghaidh tréimhse scíthe seachtainiúla a shroicheadh. Is ionann imthosca eisceachtúla agus imthosca meara atá dosheachanta agus nárbh fhéidir a thuar roimh ré, rud a fhágann – gan choinne – nach féidir forálacha an Rialacháin a chur i bhfeidhm ina n-iomláine ar feadh tréimhse ghearr. Dá bhrí sin, ní féidir tagairt a dhéanamh, ar mhodh córasach, do na himthosca sin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheachaint. D’fhonn forfheidhmiú cuí a áirithiú, ba cheart don tiománaí na himthosca eisceachtúla a dhoiciméadú ar imthosca iad is cúis le himeacht ó na rialacha. Ina theannta sin, ba cheart beart cosanta a bheith ann chun a áirithiú nach bhfuil an tréimhse tiomána iomarcach. |
|
(22) |
Chun neamhréireachtaí idir na cleachtais forfheidhmiúcháin a laghdú agus a chosc agus chun feabhas breise a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an fhorfheidhmithe trasteorann, tá sé ríthábhachtach rialacha soiléire a chur ar bun le haghaidh comhar riaracháin tráthrialta idir na Ballstáit. |
|
(23) |
Ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha náisiúnta maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 561/2006 agus ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Is den tábhacht go n-áiritheofaí rochtain éasca ag gairmithe ar fhaisnéis maidir le pionóis a bhfuil feidhm acu i ngach Ballstát. D’fhéadfadh an tÚdarás Eorpach Saothair, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), é sin a éascú tríd an bhfaisnéis a chur ar fáil tríd an suíomh gréasáin aonair uile-Aontais atá mar thairseach aonair chun rochtain a fháil ar fhoinsí agus ar sheirbhísí faisnéise ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(24) |
Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann maidir le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun aon fhoráil sa Rialachán sin a shoiléiriú agus chun modhanna comhchoiteanna a bhunú maidir lena gcur i bhfeidhm agus a bhforfheidhmiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa (10). |
|
(25) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hoibleagáide i dtaca le taifead agus stóráil sonraí a bhaineann le haon trasnú teorann a dhéanfaidh an fheithicil, agus na gníomhaíochtaí agus forálacha mionsonraithe is gá maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha maidir le ceanglais sonraí agus feidhmeanna agus maidir le tacagraif a shuiteáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(26) |
Chun feabhas a chur ar chost-éifeachtúlacht fhorfheidhmiú na rialacha sóisialta, ba cheart na córais tacagraif atá ann faoi láthair agus na córais tacagraif chliste a shaothrú go hiomlán agus ba cheart na tacagraif chliste a dhéanamh éigeantach freisin le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma os cionn meáchain áirithe a oibríonn in iompar idirnáisiúnta ar fruiliú agus ar luaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart feidhmiúlachtaí an tacagraif a fheabhsú chun gur féidir suíomh a aimsiú ar bhealach níos cruinne. |
|
(27) |
Le cost-éifeachtúlacht fhorfheidhmiú na rialacha sóisialta, forbairt ghasta teicneolaíochtaí nua, an digitiú ar fud gheilleagar an Aontais agus an gá le cothrom na Féinne idir cuideachtaí san iompar idirnáisiúnta de bhóthar, is gá an idirthréimhse do shuiteáil na dtacagraf cliste i bhfeithiclí cláraithe a ghiorrú. Le tacagraif chliste, rannchuideofar le rialuithe simplithe agus, ar an dóigh sin, éascófar obair na n-údarás náisiúnta. |
|
(28) |
D’fhonn a áirithiú go mbaineann na tiománaithe, na hoibreoirí agus na húdaráis rialaithe, a luaithe agus is féidir, leas as na buntáistí a bhaineann le tacagraif chliste, lena n-áirítear an taifeadadh uathoibrithe a dhéanann siad ar thrasnuithe teorann, ba cheart gléasanna den sórt sin a shuiteáil sna flíteanna feithiclí atá ann cheana, laistigh de thréimhse ama iomchuí tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe teicniúla. Le tréimhse ama den sórt sin, beidh leordhóthain ama ann don ullmhúchán. |
|
(29) |
I gcás na bhfeithiclí sin nach bhfuil tacagraif chliste iontu, ba cheart trasnú teorainneacha Ballstát a thaifeadadh sa tacagraf ag an gcéad áit ar féidir stopadh ag an teorainn nó tar éis na teorann. |
|
(30) |
Is cuid thábhachtach d’obair na dtiománaithe é gníomhaíochtaí a thaifeadadh sa tacagraf. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear an oiliúint chuí ar fáil do thiománaithe maidir le conas gnéithe nua de thacagraif atá á dtabhairt isteach sa mhargadh a úsáid. Mar fhostóirí, ba cheart do ghnóthais iompair na costais a bhaineann leis an oiliúint sin a íoc. |
|
(31) |
Le héagsúlacht na ngléasanna tacagraif atá in úsáid agus mearfhorbairt na dteicnící ionramhála sofaisticiúla, is dúshlán é ag oifigigh rialaithe a bhíonn comhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais in earnáil an iompair de bhóthar á sheiceáil acu. Is fíor sin go háirithe sa chás ina ndéantar na seiceálacha sin cois bóthair. Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, go gcuirfí oiliúint iomchuí ar oifigigh rialaithe chun a áirithiú go dtuigeann siad go maith na forbairtí teicneolaíochta agus na teicnící ionramhála is déanaí. |
|
(32) |
D’fhonn an t-ualach atá ar oibreoirí agus ar údaráis rialaithe a laghdú i gcás ina mbaineann an t-oifigeach rialaithe an séala de thacagraf chun críocha rialaithe, ba cheart an t-athshéalú á dhéanann oifigeach rialaithe a cheadú faoi imthosca áirithe a bhfuil doiciméadú maith déanta orthu. |
|
(33) |
Agus na forbairtí leanúnacha maidir leis an teicneolaíocht á gcur san áireamh, tá an Coimisiún ag féachaint an bhféadfaí réitigh theicniúla nua a fhorbairt a mbeadh na tairbhí céanna agus an tslándáil chéanna ag roinnt leo agus atá ag roinnt leis an tacagraf cliste, ar an gcostas céanna nó níos ísle. |
|
(34) |
Tá sé tábhachtach go mbeadh oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe i dtríú tíortha faoi réir rialacha atá coibhéiseach le rialacha an Aontais agus iad i mbun oibríochtaí iompair de bhóthair ar chríoch an Aontais Eorpaigh. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phrionsabail seo ar leibhéal an Aontais agus réitigh oiriúnacha a mholadh a bheidh le caibidil ag an Aontas i gcomhthéacs an Chomhaontuithe Eorpaigh maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (“Comhaontú AETR”). |
|
(35) |
Tá difear idir iompar earraí agus iompar daoine. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a mheas ar cheart rialacha níos iomchuí a mholadh, go háirithe maidir le seirbhísí ócáideacha mar a shainítear iad i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(36) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an tsábháilteacht ar bhóithre agus dálaí oibre a fheabhsú do thiománaithe laistigh den Aontas trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le hamanna tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe agus trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le húsáid agus forfheidhmiú tacagraf a ghnóthú go leordhóthanach agus, mar gheall ar nádúr na gcuspóirí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(37) |
Ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
|
(4) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Taifeadfaidh tiománaí mar obair eile aon am a caitheadh atá de réir na tuairisce i bpointe (e) d’Airteagal 4 mar aon le haon am a caitheadh ag tiomáint feithicil a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí tráchtála nach bhfuil faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus taifeadfaidh sé aon tréimhsí infhaighteachta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3 de Threoir 2002/15/CE, i gcomhréir le pointe (b)(iii) d’Airteagal 34(5) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Iontrálfar an taifead sin de láimh ar leathanach taifid nó ar asphrionta nó le saoráidí ionchuir láimhe ar threalamh taifeadta.”; (*1) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).;" |
|
(5) |
cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 7: “Féadfaidh tiománaí atá páirteach i sealaíocht sos 45 nóiméad a ghlacadh i bhfeithicil atá á tiomáint ag tiománaí eile ar choinníoll nach bhfuil an tiománaí atá ag glacadh an tsosa páirteach sa chúnamh don tiománaí atá ag tiomáint na feithicle.”; |
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
|
(7) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 8a 1. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ag tiománaithe atá ag gabháil d’iompar earraí agus paisinéirí de bhóthar ar fhaisnéis faoi limistéir pháirceála shábháilte shlána. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na limistéir pháirceála go léir atá deimhnithe, le gur féidir an méid thíos a chur ar fáil do thiománaithe ar bhealach leordhóthanach:
Cuirfear liosta na limistéir pháirceála sin ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil amháin, a nuashonraítear go rialta. 2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23a chun caighdeáin a bhunú lena soláthrófar tuilleadh sonraí i dtaca le leibhéal na seirbhíse agus na slándála maidir leis na limistéir a liostaítear i mír 1 agus maidir leis na nósanna imeachta chun limistéir pháirceála a dheimhniú. 3. Féadfaidh gach limistéar páirceála atá deimhnithe a chur in iúl go bhfuil siad deimhnithe i gcomhréir le caighdeáin agus nósanna imeachta an Aontais. I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), déanfaidh na Ballstáit cruthú limistéar páirceála d’úsáideoirí tráchtála bóthair a spreagadh. 4. Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hinfhaighteacht saoráidí oiriúnacha scíthe do thiománaithe agus maidir le hinfhaighteacht saoráidí páirceála slána, agus maidir le forbairt limistéar páirceála slán sábháilte arna ndeimhniú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2. Féadfar bearta a liostú sa tuarascáil sin chun líon agus cáilíocht na limistéir páirceála sábháilte slán a mhéadú. (*2) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).”;" |
|
(8) |
leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:
|
|
(9) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 9a Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh meastóireacht ar úsáid córas tiomána uathrialaí sna Ballstáit. Díreoidh an tuarascáil sin go háirithe ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na córais sin ar rialacha maidir le hamanna tiomána agus scíthe. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú.”; |
|
(10) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Ní dhéanfaidh gnóthas iompair aon íocaíocht a thabhairt do thiománaithe atá fostaithe aige ná a cuireadh ar fáil dó, fiú íocaíocht i bhfoirm bónais nó forlíonadh pá, sa chás ina mbaineann an íocaíocht sin le hachair taistil, leis an luas seachadta agus/nó le méid na n-earraí arna n-iompar, i gcás gur íocaíocht í de chineál a chuirfeadh sábháilteacht ar bhóithre i mbaol agus/nó a spreagfadh sárú ar an Rialachán sin.”; |
|
(11) |
cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 12: “Ar choinníoll nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá dheasca, i gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh an tiománaí imeacht ó Airteagail 6(1) agus (2) agus ó Airteagal 8(2) i gcás ina dtéann sé suas go dtí aon uair an chloig thar an teorainn ama tiomána laethúil agus sheachtainiúil chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí a shroicheadh chun tréimhse scíthe seachtainiúla a ghlacadh. Faoi na coinníollacha céanna, féadfaidh an tiománaí dul suas le dhá uair an chloig thar an tréimhse tiomána laethúil agus sheachtainiúil, ar choinníoll gur glacadh sos gan bhriseadh 30 nóiméad díreach roimh an tiomáint bhreise chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí a shroicheadh chun tréimhse scíthe sheachtainiúla rialta a ghlacadh. Scríobhfaidh an tiománaí síos de láimh cúis na himeachta sin ar leathanach taifid an trealaimh taifeadta, nó ar asphrionta ón trealamh taifeadta nó san uainchlár dualgas, ar theacht go ceann scríbe nó go dtí an áit stadta oiriúnach, ar a dhéanaí. Cúiteofar aon tréimhse fhadaithe le tréimhse choibhéiseach scíthe, a thógfar en bloc, faoi dheireadh an tríú seachtain tar éis na seachtaine i gceist.”; |
|
(12) |
in Airteagal 13, leasaítear mír 1 mar seo a leanas:
|
|
(13) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. I gcásanna práinne, ina mbíonn imthosca eisceachtúla, féadfaidh na Ballstáit eisceacht shealadach a dheonú ar feadh tréimhse nach mó ná 30 lá. Tabharfar údar cuí le heisceachtaí den sórt sin agus déanfar fógra ina leith a thabhairt láithreach don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin gan mhoill ar shuíomh gréasáin poiblí.”; |
|
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: “Airteagal 15 Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tiománaithe na bhfeithiclí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(a) faoi réir na rialacha náisiúnta lena dtugtar cosaint leordhóthanach i leith tréimhsí tiomána ceadaithe agus sosanna agus tréimhsí scíthe éigeantacha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na rialacha náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir leis na tiománaithe sin.”; |
|
(15) |
in Airteagal 16(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(16) |
in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach agus comhréireach le tromchúis na sáruithe, mar a léirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), agus, chomh maith leis sin, beidh siad athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní bheidh aon sárú ar an Rialachán seo ná ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi réir níos mó ná aon phionós amháin ná níos mó ná aon nós imeachta amháin. Déanfaidh na Ballstáitfógra a thabhairt don Choimisiúin maidir leis na rialacha agus na bearta sin, mar aon leis an modh agus na critéir a roghnófar ar an leibhéal náisiúnta chun a gcomhréireacht a mheas. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt gan mhoill maidir le haon leasú a imreoidh tionchar orthu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis na rialacha agus na bearta sin, agus maidir le haon leasuithe a dhéanfar orthu sin. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin tiomnaithe poiblí i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe maidir leis na pionóis sin is infheidhme sna Ballstáit. (*3) Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35)”." |
|
(17) |
Leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:
|
|
(18) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 23a 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*4). 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. |
|
(19) |
in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5). “2a. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011”. (*5) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí lenar féidir le Ballstáit feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”." |
|
(20) |
in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach modhanna comhchoiteanna. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2a).”. |
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 mar seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “1. Sa Rialachán seo, leagtar síos na hoibleagáidí agus na ceanglais maidir le déanamh, suiteáil, úsáid, tástáil agus rialú tacagraf le húsáid in iompar de bhóthar chun comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009 (*6), (CE) Uimh. 1072/2009 (*7), (CE) Uimh. 1073/2009 (*8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 2002/15/CE (*9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 92/6/CEE (*10), agus 92/106/CEE (*11) ón gComhairle agus, a fhad is a bhaineann sé le hoibrithe a phostú in iompar de bhóthar agus an Treoir 96/71/CE (*12) agus Treoir (AE) 2020/… ó Pharlaimint (*13) na hEorpa agus ón gComhairle (*14) (1) a fhíorú; (*6) Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51)." (*7) Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72)." (*8) Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88)." (*9) Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre na ndaoine a théann i mbun gníomhaíochtaí iompair shoghluaiste ar bhóthar (IO L 80, 23.3.2002. lch. 35)." (*10) Treoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid (IO L 57, 2.3.1992" (*11) Treoir 92/106/CEE maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit, IO L 368, 17.12.1992, lch. 38." (*12) Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 i dtaca le hoibrithe a chur i gceann poist faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar" (*13) Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11)." (*14) Treoir (AE) 2020/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sonracha i ndáil le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais fhorfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L …, …, lch. …).”;" (1) Uimhir na Treorach atá i ndoiciméad ST 5112/20." |
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Tráth nach déanaí ná trí bliana ó dheireadh na bliana sin a dtiocfaidh i bhfeidhm na forálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11 lena leagtar síos catagóirí feithiclí a leanas a fheidhmíonn i mBallstát eile seachas Ballstát a cláraithe, déanfar iad a fheistiú le tacagraf cliste dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán seo:
4a. Tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11, maidir le feithiclí atá feistithe le tacagraf cliste agus a fheidhmíonn i mBallstát eile seachas Ballstát a cláraithe agus a chomhlíonann Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 (*15), déanfar iad a fheistiú le tacagraf cliste dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán seo. (*15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraif a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1).”;" |
|
(3) |
in Airteagal 4(2), i ndiaidh an ceathrú fleasc, cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 Cosaint sonraí 1. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs an Rialacháin seo ach amháin chun a fhíorú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006, (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009, (CE) Uimh. 1073/2009, Treoracha 2002/15/CE, 92/6/CEE agus 92/106/CEE, agus a mhéid a bhaineann le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, Treoracha 96/71, 2014/67/CE agus (AE) 2020/… (2). 2. Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go gcosnófar sonraí pearsanta ar úsáidí eile seachas iad siúd a bhfuil dlúthbhaint acu leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1, i dtaca leis na nithe seo a leanas:
3. Déanfar tacagraif dhigiteacha a dhearadh ar bhealach ina n-áirithítear príobháideacht. Ní dhéanfar ach na sonraí atá riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil. 4. Comhlíonfaidh úinéirí feithiclí, úinéirí gnóthas iompair agus úinéirí aon eintiteas eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme, na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta.”; (2) Uimhir na Treorach atá i ndoiciméad ST 5122/20." |
|
(5) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Le gur fusa a fhíorú go bhfuil an reachtaíocht ábhartha á comhlíonadh, déanfar suíomh na feithicle a thaifeadadh go huathoibríoch ag na pointí a leanas, nó ag an bpointe is gaire don áit ina bhfuil an comhartha satailíte ar fáil:
Le gur fusa do na húdaráis rialála comhlíonadh a fhíorú, taifeadfaidh an tacagraf cliste freisin ar úsáideadh an fheithicil le haghaidh paisinéirí nó earraí a iompar, mar a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006. Chun na gcríoch sin, déanfar feithiclí a cláraíodh den chéad uair 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 11 a fheistiú le tacagraf atá ceangailte le córas suite atá bunaithe ar chóras um loingseoireacht satailíte. Mar sin féin, maidir leis an taifeadadh ar an thrasnú teorann agus ar ghníomhaíochtaí breise dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fleasc den chéad fhomhír agus sa dara fomhír, beidh feidhm aige maidir le feithiclí a cláraíodh i mBallstát den chéad uair níos mó ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11, gan dochar don oibleagáid feithiclí áirithe a iarfheistiú níos déanaí i gcomhréir le hAirteagal 3(4).”; |
|
(6) |
leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:
|
|
(7) |
in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “2. Feisteofar tacagraif na bhfeithiclí sin a cláraíodh den chéad uair i mBallstát níos mó ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11, leis an gcomhéadan dá dtagraítear i mír 1.”; |
|
(8) |
leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:
|
|
(9) |
in Airteagal 22, mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú agus an ceathrú fomhír: “Cuirfidh feisteoir ceadaithe nó ceardlann cheadaithe séalaí nua isteach in ionad séalaí a baineadh nó a briseadh gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de sheacht lá ó baineadh nó briseadh iad. I gcás inar baineadh nó inar briseadh na séalaí chun críoch rialaithe, féadfaidh an t-oifigeach rialaithe ag a bhfuil trealamh séalaithe agus marc speisialta ar leith, cinn nua a chur ina n-ionad, gan mhoill mhíchuí. I gcás ina mbaineann oifigeach rialaithe séala, cuirfear an cárta rialaithe isteach sa tacagraf an nóiméad a bhaintear an séala agus coinneofar ann é go dtí go mbeidh an t-iniúchadh déanta, lena n-áirítear sa chás ina gcuirtear séala nua air. Eiseoidh an t-oifigeach ráiteas i scríbhinn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
Sula gcuirtear séalaí nua isteach, déanfaidh ceardlann cheadaithe an tacagraf a sheiceáil agus a chalabrú, ach amháin i gcás inar baineadh an séala nó inar briseadh é chun críoch rialaithe agus inar chuir oifigeach rialaithe séala nua isteach ina ionad.”; |
|
(10) |
in Airteagal 26, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “(7a) Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna ceanglas a chur ar thiománaí cárta nua tiománaí a chur in ionad an tseanchárta más gá é sin a dhéanamh le sonraíochtaí teicniúla ábhartha a chomhlíonadh.”; |
|
(11) |
leasaítear Airteagal 34 mar seo a leanas:
|
|
(12) |
leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
|
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm, áfach, ag pointe (15) d’Airteagal 1 agus pointe (12) d’Airteagal 2 ón 31 Nollaig 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
…
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
…
(1) IO C 197, 8.6.2018, lch. 45.
(2) IO C 176, 23.5.2018, lch. 57.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
(5) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).
(9) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CÉ) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).
|
6.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
17 |
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 5/2020 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le suíomh tacagraif
(2020/C 151/02)
I. RÉAMHRÁ
|
1. |
Ar an 31 Bealtaine 2017, ghlac an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le ceanglais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) 165/2014 a mhéid a bhaineann le suíomh tacagraif. |
|
2. |
Tíolacadh an togra seo mar chuid de Phacáiste Soghluaisteachta I, agus eagraíodh an nós imeachta reachtach i gcomhar le dhá thogra reachtacha eile, ceann maidir le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar agus ar an margadh tarlaithe de bhóthar, agus ceann eile maidir le forálacha forfheidhmiúcháin do reachtaíocht shóisialta agus do phostú tiománaithe. |
|
3. |
Tháinig an Chomhairle (Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh) ar chur chuige ginearálta an 3 Nollaig 2018 (1). |
|
4. |
Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019. |
|
5. |
Idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Nollag 2019, rinneadh caibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an togra. Ar an 11 Nollaig 2019, tháinig na hidirbheartaithe ar chomhaontú maidir le téacs comhréitigh, a d’fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe ina dhiaidh sin ar an 20 Nollaig 2019 (2). |
|
6. |
Dheimhnigh Coiste Pharlaimint na hEorpa um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN) an comhaontú polaitiúil an 21 Eanáir 2020, agus thug an Chomhairle a deimhniú siúd an 20 Feabhra 2020. (3) |
|
7. |
Agus í i mbun a cuid oibre, chuir an Chomhairle tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Eanáir 2018 agus tuairim Choiste na Réigiún an 1 Feabhra 2018 san áireamh. |
|
8. |
Agus an comhaontú sin á chur san áireamh aici agus tar éis athbhreithniú dlítheangeolaíoch a bheith déanta, ghlac an Chomhairle, agus an nós imeachta i scríbhinn á úsáid aici, an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
II. CUSPÓIR
|
9. |
Is é cuspóir ginearálta an togra comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le tréimhsí tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe in iompar de bhóthar agus seachadadh na bhforálacha sin trí úsáid a bhaint as tacagraif chun saobhadh iomaíochta a sheachaint, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus dálaí oibre maithe a áirithiú do thiománaithe laistigh den Aontas Eorpach. |
III. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
A) Ginearálta
|
10. |
Ar bhonn thogra ón gCoimisiúin, rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle caibidlíocht d’fhonn teacht ar chomhaontú ag céim sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh. Léirítear go hiomlán le téacs an dréachtseasaimh ón gComhairle an comhréiteach ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir. |
B) Príomh-shaincheisteanna beartais
|
11. |
Tá na príomhghnéithe a leanas sa chomhréiteach a léirítear sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh: |
a) Raon clúdaigh feithiclí tráchtála éadroma
|
12. |
Sa chéad togra uaidh, níor áirigh an Coimisiún feithiclí tráchtála éadroma faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, cé gur thacaigh an Pharlaimint leis. Déantar, i dtéacs na Comhairle, na feithiclí sin a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin nuair is mó ná 2,5 tonna a n-uasmhais incheadaithe, lena n-áirítear aon leantóir nó leathleantóir, agus nuair a úsáidtear iad in iompar idirnáisiúnta ar fruiliú nó ar luaíocht (Airteagal 2(1) i gcomhar le hAirteagal 3 (ha) de Rialachán (CE) Uimh 561/2006). Mar thoradh air sin, tiocfaidh na feithiclí sin faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, ionas go mbeidh gá le tacagraif chliste a fheistiú orthu. |
|
13. |
Úsáidfidh an Coimisiún idirthréimhse (1 Iúil 2026) chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar sonraí, feidhmeanna agus suiteáil tacagraf i bhfeithiclí tráchtála éadroma laistigh de 18 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh, ionas go bhféadfar táirgeadh trealaimh agus feistiú feithiclí a shocrú laistigh den chuid eile den tréimhse. |
|
14. |
I bhfianaise an mhéid sin, glacadh le leasuithe 353/rev, 368, 373 agus 375, ach athdhréachtú a bheith déanta orthu, i seasamh na Comhairle. |
b) Eagrú na tréimhse scíthe seachtainiúla
|
15. |
Chun teacht ar chomhréiteach maidir le forálacha le haghaidh tréimhsí scíthe seachtainiúla (Airteagal 8(6) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006), ghlac an Chomhairle leis an riail a choinneáil go bhfuil ar thiománaí dhá thréimhse scíthe seachtainiúla rialta nó tréimhse scíthe seachtainiúla rialta amháin agus tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe amháin a dhéanamh, 24 uair an chloig ar a laghad laistigh de dhá sheachtain as a chéile. |
|
16. |
D’áitigh an Chomhairle, áfach, sa chomhréiteach, i gcomhréir leis an togra tosaigh ón gCoimisiún, go mbeadh solúbthacht áirithe do thiománaithe in iompar earraí cianaistir. Go háirithe, féadfaidh tiománaí atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí lasmuigh de Bhallstát na bunaíochta, dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile a ghlacadh ar choinníoll go nglacann an tiománaí dhá thréimhse scíthe seachtainiúla rialta ar a laghad in aon tréimhse de cheithre seachtaine as a chéile. Sa chás sin, tar éis dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile a ghlacadh, ní mór tréimhse scíthe a ghlacadh roimh an tréimhse scíthe seachtainiúla ina dhiaidh sin mar chúiteamh ar an dá laghdú ar am scíthe. Le linn na tréimhse scíthe fadaithe sin, tairbhíonn an tiománaí den “filleadh abhaile” (féach pointe 19 thíos). I bhfianaise an mhéid sin, coinníodh leasú 379 mar bhonnlíne sa seasamh ón gComhairle; níor coimeádadh leasú 381. |
|
17. |
D’fhonn a áirithiú go ndéanfar seiceáil scíthe cois bóthair thar thréimhse 4 seachtaine, cuireadh síneadh idir 28 lá agus 56 lá leis na forálacha maidir le fianaise tacaíochta ar bord na feithicle (Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014), féach leasuithe 365 agus 420-422. |
c) Cosc ar chodladh sa chábán
|
18. |
Tacaíonn seasamh na Comhairle leis an togra tosaigh ón gCoimisiún maidir leis an gcosc ar scíth a ghlactar i bhfeithicil le linn tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta agus maidir le haon scíth sheachtainiúil os cionn 45 uair an chloig a ghlactar mar chúiteamh ar scíth sheachtainiúil laghdaithe a bhí ann roimhe sin (Airteagal 8(8) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006). Ghlac an Chomhairle le codanna de leasú 382 na Parlaiminte ina dtugtar mionsonraí faoin gcóiríocht riachtanach. Sa chomhthéacs sin, sonraítear go bhfuil aon chostais ar chóiríocht lasmuigh den fheithicil le cumhdach ag an bhfostóir, agus an seasamh céanna ag an bParlaimint i leasú 383 dá cuid. |
d) Filleadh rialta an tiománaí
|
19. |
I seasamh na Comhairle, ina bhforbraítear an togra tosaigh ón gCoimisiún nach mór do ghnóthas iompair obair na dtiománaithe a eagrú ionas go mbeidh tiománaithe in ann filleadh abhaile go rialta chun tréimhse scíthe fada a ghlacadh (Airteagal 8 (8a) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006), neartaítear an ceanglas sin maidir le cruthúnas agus faireachán, agus spreagtar tuilleadh soiléireachta faoi áit fillte an tiománaí. Mar sin, leis an téacs ón gComhairle, ceanglaítear ar thiománaí filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra ina mbíonn an tiománaí bunaithe de ghnáth agus ina dtosaíonn scíth sheachtainiúil an tiománaí, i mBallstát na bunaíochta, nó ar áit chónaithe an tiománaí, agus é le tuiscint gur faoin tiománaí atá sé an áit a roghnú inar féidir na tréimhsí scíthe a chaitheamh, agus go bhfuil an fostóir freagrach as an gcumas rialta chun filleadh a ráthú. Comhaontaíodh an mhinicíocht bhunúsach mar cheithre seachtaine, i gcomhréir le leasú 385. Ar mhaithe le simplíocht agus seasaimh chaibidlíochta mhíchothroma idir tiománaithe agus a bhfostóirí, níor ghlac an Chomhairle le gnéithe de sholúbthacht bhreise ar thacaigh an Pharlaimint leo i leasuithe 355, 377, 385. |
e) Íoschaighdeáin maidir le bonneagar páirceála
|
20. |
Cé nár cuireadh aon fhorálacha sonracha san áireamh sa togra ón gCoimisiún maidir le limistéir pháirceála, le linn an phlé leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún, chomhaontaigh an Chomhairle ceanglas a chur ar an gCoimisiún liosta a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ar láithreán gréasáin oifigiúil, de na limistéir pháirceála dheimhnithe uile ina bhfuil bonneagar leordhóthanach ar fáil do thiománaithe atá i mbun earraí agus paisinéirí a iompar de bhóthar (Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006). Leis an téacs ón gComhairle, ceanglaítear ar an gCoimisiún caighdeáin seirbhíse agus slándála a bhunú, mar aon le nós imeachta deimhniúcháin do na limistéir pháirceála sin trí ghníomhartha tarmligthe. Mar thoradh ar an gcomhréiteach sin, inar déileáladh le príomhleas na Parlaiminte i leasú 387, níor áiríodh sa téacs ón gComhairle na hiarrataí a raibh sé mar aidhm leo forálacha níos mionsonraithe a bheith sa Rialachán (leasú 400). |
f) An scíth sheachtainiúil ar bhád farantóireachta nó ar thraein a bhriseadh
|
21. |
Coimeádtar sa téacs ón gComhairle leasú an togra ón gCoimisiún ar na rialacha maidir le tiománaí atá le feithicil atá á iompar ar bhád farantóireachta nó ar thraein le linn scíthe. Ní fhéadfar tréimhse scíthe laethúla nó tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe tiománaí a bhriseadh níos mó ná dhá uair le gníomhaíochtaí eile nach rachaidh thar aon uair an chloig ar fad (Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006). Maidir le tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta, leathnaíonn téacs na Comhairle an maolú go turais sceidealta 8 uair an chloig nó níos mó ar bhád farantóireachta nó ar thraein, ar choinníoll go bhfuil rochtain ag an tiománaí ar chábán codlata. Mar sin, glacadh le leasuithe 364, 388 agus 389, a athdhréachtaíodh i bpáirt, sa seasamh ón gComhairle. |
g) Am tiomána i gcúinsí eisceachtúla
|
22. |
Le téacs na Comhairle, déantar forbairt ar an togra ón gCoimisiún maidir le cúinsí eisceachtúla, ionas go bhféadfaidh tiománaithe, faoi choinníollacha dochta agus ag cloí leis na coimircí, dul suas go dtí aon uair an chloig thar an teorainn ama tiomána laethúil agus sheachtainiúil, nó suas le dhá uair an chloig thar an tréimhse tiomána laethúil agus sheachtainiúil, ar choinníoll gur glacadh sos 30 nóiméad gan bhriseadh díreach roimh an tiomáint bhreise chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí a shroicheadh. Ní fhéadfar an eisceacht sin a úsáid ach amháin roimh thús tréimhsí scíthe níos faide, agus caithfear lánchúiteamh a fháil (Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006). Mar sin, glacadh le leasú 391, a athdhréachtaíodh i bpáirt, sa seasamh ón gComhairle. |
|
23. |
Anuas ar sin, foráiltear sa téacs ón gComhairle go bhfoilseoidh an Coimisiún faisnéis, láithreach, ar shuíomh gréasáin poiblí a bhaineann le cásanna práinneacha inar féidir leis na Ballstáit, in imthosca eisceachtúla, eisceachtaí sealadacha ar na rialacha maidir le ham tiomána agus scíthe a dheonú (Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006). Mar sin, glacadh le leasú 395, a athdhréachtaíodh i bpáirt, sa seasamh ón gComhairle. |
h) Tacagraif chliste (leagan 2) a thabhairt isteach sna flíteanna
|
24. |
Maidir leis na sonraí arna dtaifeadadh leis an tacagraf cliste, cuirtear leis an téacs ón gComhairle nach mór do thacagraif a bheith in ann suíomh na feithicle a thaifeadadh gach uair a thrasnaíonn sí teorainn Bhallstáit, eilimint dá bhforáiltear cheana féin sa togra ón gCoimisiún, agus gach uair a dhéanann an fheithicil gníomhaíochtaí luchtaithe nó díluchtaithe, chomh maith le taifead a dhéanamh ar cé acu seirbhís iompair paisinéirí nó earraí atá i gceist (Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014). Dá bhrí sin, coimeádadh leasuithe 409 go 411 go bunúsach sa seasamh ón gComhairle. |
|
25. |
Maidir le tacagraif chliste a thabhairt isteach, bhí an Pharlaimint agus an Chomhairle araon i bhfabhar tacagraif chliste a thabhairt isteach sa fhlít feithiclí i bhfad níos luaithe (Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014). Ceanglaítear leis an gcomhréiteach príomh-iarfheistiú feithiclí (i.e. feithiclí a bhí feistithe le tacagraf analógach nó tacagraf digiteach feistithe roimhe sin) tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dheireadh na bliana a dtiocfaidh forálacha mionsonraithe maidir le glúin nua na dtacagraf cliste i bhfeidhm, agus tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe sin nuair atá an fheithicil feistithe cheana féin le tacagraf cliste (leagan 1). Beidh 12 mhí ag an gCoimisiún chun na sonraíochtaí don dara glúin de thacagraif chliste a ghlacadh (Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014); ní mór an leagan nua a bheith ar bord cheana ag feithiclí a cláraíodh don chéad uair 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí sin (Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014). Mar sin, glacadh le leasuithe 368, 369 403-406, 412, 415, a athdhréachtaíodh i bpáirt, sa seasamh ón gComhairle, agus níor glacadh le leasú 402. |
|
26. |
Nasctha leis an athrú sin, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an gceanglas atá ar na Ballstáit a n-údaráis rialaithe a fheistiú a mhéid is iomchuí le trealamh cian-luathbhrathadóireachta laistigh de thrí bliana ó theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear roimhe seo (Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014); coimeádadh leasú 413/rev go páirteach dá bhrí sin. |
|
27. |
Agus fós sa chomhthéacs sin, cuireann téacs na Comhairle beachtas leis an togra ón gCoimisiún maidir le trasnuithe teorann a thaifeadadh de láimh go dtí go n-áiritheoidh na tacagraif chliste é sin go huathoibríoch (Airteagal 34(1), (6) agus (7) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014), agus leasú 417 á chur san áireamh. |
i) Gnéithe eile den seasamh ón gComhairle
|
28. |
Cuireadh na heilimintí eile seo a leanas, a chuir an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiún, isteach i dtéacs deiridh an tseasaimh ón gComhairle:
|
|
29. |
Ghlac an Chomhairle, go hiomlán nó i bprionsabal, leis na leasuithe eile seo ón bParlaimint ar an togra ón gCoimisiún:
|
IV. CONCLÚID
|
30. |
Is léiriú iomlán é an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh ar an gcomhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, arna héascú ag an Coimisiún. Dearbhaítear an comhréiteach sin leis an litir a chuir Cathaoirleach Choiste TRAN Pharlaimint na hEorpa chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (23 Eanáir 2020). Chuir an Cathaoirleach in iúl sa litir sin go molfaidh sí do chomhaltaí Choiste TRAN, agus ina dhiaidh sin don seisiún iomlánach, glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh gan leasuithe ar dhara léamh na Parlaiminte, faoi réir a fhíoraithe ag dlítheangeolaithe an dá institiúid. |
|
31. |
Creideann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur toradh cothrom atá ina seasamh ar an gcéad léamh agus, a luaithe a ghlacfar iad, go bhfeabhsóidh na Rialacháin leasaithe dálaí oibre an tiománaí agus go gcuirfidh siad le sábháilteacht ar bhóithre agus cothrom na Féinne in earnáil an iompair de bhóthar trí chomhchuibhiú, soiléiriú ar rialacha agus rialú níos fearr. |
(1) 15084/18.
(2) 15083/19.
(3) ST 5424/20 + ADD 1-4.