ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

63
10 Márta 2020


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, Moltaí agus Tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste na Réigiún

2020/C 79/01

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún - An Comhaontú Glas i gComhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha

1

 

TUAIRIMÍ

2020/C 79/02

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Dúshláin na Réigiún Cathrach agus Seasamh na Réigiún sin sa Bheartas Comhtháthaithe a bheidh ann tar éis 2020

8

2020/C 79/03

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis Mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp

13

2020/C 79/04

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Acmhainneacht na hEarnála Iarnróid maidir le Tosaíochtaí Beartais an Aontais Eorpaigh a Bhaint Amach

18

2020/C 79/05

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Feabhas a chur ar Acmhainneacht Riaracháin na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach chun Infheistíochtaí agus Athchóirithe Struchtúracha a neartú in 2021-2027

25

2020/C 79/06

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cúnant na Méaraí tar éis 2020

30

2020/C 79/07

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Obair Ardáin – Dúshláin Rialála Áitiúla agus Réigiúnacha

36

2020/C 79/08

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Creat Eorpach le haghaidh Freagairtí Rialála ar an nGeilleagar Comhoibríoch

40

2020/C 79/09

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha i mbun Comhpháirtíocht an Oirthir a bheidh ann amach anseo a mhúnlú

45

2020/C 79/10

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Plean Gníomhaíochta i gcoinne na Bréagaisnéise

50

2020/C 79/11

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach ar Bheartas Iomaíochta 2018

54


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 79 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


I Rúin, Moltaí agus Tuairimí

RÚIN

Coiste na Réigiún

10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún - An Comhaontú Glas i gComhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha

(2020/C 79/01)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (An Coiste)

Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

Comhaontú Glas don Eoraip a d’fhógair Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, in A Union that strives for more - My agenda for Europe [Aontas níos uaillmhianaí – An clár oibre agamsa don Eoraip];

ós rud é go ndéanann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha 70 % de reachtaíocht uile an Aontais Eorpaigh, 70 % de na bearta uile maidir le maolú ar an athrú aeráide, 90 % de na beartais uile maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, agus 65 % de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme, agus ós rud é go seasann siad d’aon trian den chaiteachas poiblí agus do dhá thrian den infheistíocht phoiblí, is iad a chuirfidh an Comhaontú Glas don Eoraip i bhfeidhm ar an talamh;

I dtreo Comhaontú Glas uaillmhianach a chuirfear i bhfeidhm ar leibhéal an phobail, agus tréaniarracht á déanamh gníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal domhanda san am céanna

1.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le Comhaontú Glas uaillmhianach chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach faoi 2050, á chur in iúl gur díol sásaimh dó go gcuirtear an inbhuanaitheacht i gcroílár cheapadh beartas an Aontais mar gheall air sin. Ba cheart gur uirlis é an Comhaontú Glas trína socraítear cláir oibre as a dtagann comhtháthú critéar inbhuanaitheachta i ngach beartas, tosaíocht mhaicreacnamaíoch agus ionstraim airgeadais de chuid an Aontais, sa Seimeastar Eorpach agus sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027;

2.

á chur i bhfios go láidir gur cheart gur uirlis é an Comhaontú Glas trína mbaintear spriocanna na Straitéise Bithéagsúlachta agus Chomhaontú Pháras amach, agus trína gcuirtear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe chun feidhme, agus trína rannchuidítear go huaillmhianach, ar leibhéal an Aontais, leis an gCreat Bithéagsúlachta Domhanda tar éis 2020, rud a chinnfear ag an 15ú Comhdháil de na Páirtithe (COP) sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD);

3.

ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar spriocanna an Aontais a áirítear sa Phacáiste Fuinnimh Ghlain chun a áirithiú go mbeidh an Eoraip aeráidneodrach, rud a chuirfidh dlús le hiomaíochas agus ceartas sóisialta na hEorpa faoi 2050 ar a dhéanaí, agus iad a chumhdach i nDlí Aeráide Eorpach. Maidir leis sin, tá sé á iarraidh go ndéanfar an sprioc a bhaineann le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a ardú chuig 55 % ar a laghad, go n-ardófar an sprioc maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chuig 40 % agus go n-ardófar an sprioc maidir le fuinneamh in-athnuaite chuig 40 % faoi 2030;

Comhaontú Glas trína gcuirtear cur chuige áitbhunaithe i bhfeidhm agus trína n-áirithítear comhsheasmhacht beartas

4.

á éileamh go nglacfar cur chuige áitbhunaithe iomlánaíoch sa Chomhaontú Glas, trína moltar réitigh nithiúla ina gcuirtear dúshláin agus deiseanna eacnamaíocha, sóisialta, geografacha agus comhshaoil na réigiún agus na gcathracha san áireamh agus ar ina leith atá pobail áitiúla rannpháirteach i gceapadh agus cur chun feidhme tograí a bheidh ann amach anseo, agus baint acu leis sin;

5.

ag súil leis go ndéanfar an inbhuanaitheacht a phríomhshruthú tríd an gComhaontú Glas agus go bhféachfar chuige nach tosaíocht a bheidh sa chomhtháthú beartas, agus é sin amháin, ach gur cur chuige a bheidh ann freisin, agus go n-áiritheofar comhsheasmhacht beartas lena n-áirítear sa mheastóireacht nó sna seiceálacha oiriúnachta, chun tosaíochtaí, uaillmhianta agus amlínte beartas éagsúla de chuid an Aontais a ailíniú agus chun dúbláil nó nósanna imeachta agus torthaí atá ag teacht salach ar a chéile a sheachaint. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na treoirlínte agus as an mbosca uirlisí um Rialáil Níos Fearr chun cuidiú le reachtaíocht a bheadh in ann seasamh i bhfad na haimsire a cheapadh agus tá rabhadh tugtha aige sa chomhthéacs sin i gcoinne cur chuige ar bhonn foirmiúil i leith na rialála níos fearr amhail an prionsabal “ceann-istigh-ceann-amuigh” do reachtaíocht an Aontais, rud nach dtugann a cheart do chastachtaí na ndúshlán polaitiúil agus rialála ar gá aghaidh a thabhairt orthu;

6.

á iarraidh go molfaidh an Coimisiún bearta ar leibhéal an Aontais chun costais sheachtracha a inmheánú agus prionsabal a chur chun feidhme go comhtháite, is é sin an prionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

7.

ag déanamh athdhearbhú ar a iarraidh ar bhreithnithe comhshaoil agus athraithe aeráide a léiriú ar bhealach níos fearr i gcaidreamh seachtrach an Aontais. Ina theannta sin, tá sé ag tarraingt aird ar an tábhacht a bhaineann le taithí a roinnt idir piaraí laistigh de na hardáin um chomhar críochach amhail ARLEM agus CORLEAP agus trí chomhpháirtíochtaí idir cathracha freisin. Ba cheart an t-athrú aeráide a bheith ina thosaíocht taidhleoireachta straitéiseach de chuid an Aontais chun a áirithiú go ndéanfaidh tríú tíortha beartais uaillmhianacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun an aeráidneodracht a áirithiú;

8.

maidir leis na tosca sin, ag cur béim ar an ríthábhacht atá le beartas muirí comhtháite uaillmhianach trínar féidir cur chuige cuimsitheach comhsheasmhach a ghlacadh i leith na n-aigéan ionas go bhféadfaidh siad leanúint de bheith ag tacú leis an troid i gcoinne an athraithe aeráide, a mbithéagsúlacht a chosaint, ar a bhfuil ár soláthar bia ag brath freisin, agus leas a bhaint as a n-acmhainneacht chun rannchuidiú le forbairt fuinnimh inathnuaite;

Torthaí nithiúla a bhaint amach ar an talamh ach rialachas il-leibhéil agus coimhdeacht ghníomhach a úsáid

9.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an Comhaontú Glas bunaithe ar chreat rialachais il-leibhéil; ag fáiltiú roimh rúin Pharlaimint na hEorpa maidir le Comhdháil 2019 NA maidir leis an Athrú Aeráide i Maidrid agus maidir leis an ngéarchéim aeráide agus á éileamh go ndéanfar gníomhaíocht láithreach agus uaillmhianach chun an téamh domhanda a theorannú go dtí 1 .5 °C, á aithint nach féidir aistriú buan chuig sochaí inbhuanaithe agus ísealcharbóin a dhéanamh gan rannpháirtíocht ón mbarr anuas agus ón mbonn aníos; á chur i bhfios go láidir go bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha réidh chun an Comhshocrú Aeráide don Eoraip a mhúnlú in éineacht leis na saoránaigh, le gnólachtaí, le hollscoileanna agus le lárionaid taighde;

10.

á éileamh go mbeidh tacaíocht i bhfoirm chistiúcháin ón Aontas i gcónaí faoi réir measúnú ar thionchar an athraithe aeráide agus ar an inbhuanaitheacht. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar fhóirdheontais, ar chabhair agus ar chláir thacaíochta trína ndéantar díobháil dhíreach nó indíreach don chomhshaol i bhfianaise a gcomhsheasmhachta leis na spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta, agus ba cheart deireadh a chur leo;

11.

ag iarraidh ar an gCoimisiún cláir oibre ghníomhaíochta faoin gComhaontú Glas a chur i láthair lena ngabhann cuspóirí intomhaiste, gníomhaíochtaí spriocdhírithe, agus cistiú iomchuí, arna n-ullmhú i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí dlí laistigh de na Ballstáit. Ní bheidh rath ar an gComhaontú Glas mura dtiontaítear i straitéisí agus pleananna é, rud a fhorbraítear agus a chuirtear chun feidhme ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

12.

ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann rialtais náisiúnta agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (LRAnna) chun dul i ngleic le tosca cumasúcháin agus le bacainní trí phróiseas Staid an Aontais Fuinnimh i ndlúthchomhar díreach leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

13.

ag iarraidh ar na Ballstáit Idirphlé Il-leibhéil maidir leis an Aeráid agus le Fuinneamh a chur ar bun agus ról gníomhach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus na Pleananna Náisiúnta d’Fhuinneamh agus don Aeráid á ndréachtú agus á n-athmheas, agus a gcuid uaillmhianta á n-ailíniú leis na conairí i dtreo na haeráidneodrachta, agus Rannchuidithe arna gCinneadh go hÁitiúil agus go Réigiúnach á bhforbairt chun na Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (NDCanna) a chomhlánú (1);

14.

á ghealladh, maidir leis sin, go gcuirfidh sé Fóram atá comhdhéanta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus de gheallsealbhóirí ar bun chun comhar a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na Ballstáit chun na gníomhaithe ábhartha go léir a thabhairt le chéile ar bhonn rialta chun aiseolas a sholáthar ar chur chun feidhme gníomhachtaí agus tionscnamh a bhaineann leis an gComhaontú Glas mar aon le moltaí le haghaidh tograí reachtacha agus malartú dea-chleachtas ar fud na leibhéal rialachais uile;

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún an Comhaontú Glas a chur san áireamh in ábhair na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa atá ar na bacáin, ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag an athrú aeráide agus ag an bhforbairt inbhuanaithe, faoi raon feidhme SFI de chuid NA, ar fholláine shaoránaigh an Aontais;

16.

ag súil leis go dtabharfaidh an Coimisiún a thuilleadh tacaíochta do thionscnaimh amhail Cúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh, agus go leathnófar tionscnaimh den sórt sin, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon;

17.

ag iarraidh ar an gCoimisiún aird iomlán a thabhairt ar na conclúidí a áirítear sna tuarascálacha cur chun feidhme maidir leis na beartais d'aer glan agus maidir le soláthar poiblí arna ndéanamh le treoirthionscadal mhoil réigiúnacha an Choiste (RegHub) (2). Ba cheart an tionscadal RegHub a úsáid le haghaidh tionscnaimh i leith an Chomhaontaithe Ghlais freisin;

Aghaidh a thabhairt ar aistrithe a fhágann go gcuirtear le hinbhuanaitheacht na réigiún agus na gcathracha

18.

á éileamh go rachfar i ngleic le dúshláin aistrithe éagsúla tríd an gComhaontú Glas, lena n-áirítear na dúshláin a bhaineann le fuinneamh, leis na haigéin, leis an ngeilleagar ciorclach, le táirgeadh agus tomhaltas bia, leis an tsoghluaiseacht, leis an digiteáil agus leis an gcomhshaol;

19.

ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa staidéar oifigiúil a choimisiúnú ar an tionchar atá ag athshuíomh Pharlaimint na hEorpa ar an gcomhshaol, aistear a dhéantar idir an Bhruiséil agus Strasbourg dhá uair déag in aghaidh na bliana;

20.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú gur aistrithe córa rannpháirteacha iad na haistrithe go léir, go mbeidh páirt ag na gníomhaithe uile iontu i gcomhpháirtíocht le chéile, agus nach bhfágfar aon duine ar deireadh;

21.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach na n-aistrithe a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin is mídheisiúla, ar limistéir iad atá thíos leis an aistriú tionsclaíoch, inar tearc an daonra agus i gcríocha atá leochaileach ó thaobh an chomhshaoil de, amhail oileáin agus réigiúin shléibhteacha;

22.

á chur i bhfáth go dtairgtear, trí sholáthar poiblí, luamhán a d’fhéadfadh a bheith láidir chun soláthar bia (áitiúil agus orgánach) níos inbhuanaithe a áirithiú trí chonarthaí lónadóireachta san earnáil phoiblí i gceaintíní scoile agus ospidéil agus chun an tsoghluaisteacht inbhuanaithe a fhorbairt. Trí na samplaí sin, is féidir an nasc tuaithe-uirbeach a léirítear i gClár Oibre Uirbeach Nua (NUA) “Habitat III” a neartú; ag iarraidh athuair ar an gCoimisiún go háirithe na srianta atá ina rialacha maidir le soláthar poiblí a shoiléiriú chun critéir inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm, trí lámhleabhair a fhoilsiú, mar shampla;

23.

á chur i bhfios go láidir gur gá an t-oideachas cuimsitheach agus scileanna a fhorbairt, rud a mbeidh fíorghá leis san aistriú glas; ag déanamh athdhearbhú arís ar a iarraidh ar Fhaireachlann don aistriú sin, rud a bhaileodh sonraí ar an leibhéal réigiúnach chun tacú le ceapadh beartas ar gach leibhéal rialachais;

Fuinneamh agus an t-aistriú aeráide

24.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an Dlí Aeráide Eorpach bunaithe ar anailís chríochnúil ar na tionchair atá aige agus ar na tairbhí a bhaineann leis, agus ar phleananna maoiniúcháin nithiúla ina theannta sin, lena gcuimsítear maolú agus oiriúnú don athrú aeráide agus gurb é a bheidh mar bhunús le Pacáiste cuimsitheach uaillmhianach maidir leis an Aeráidneodracht;

25.

ag tarraingt aird ar an tábhacht a bhaineann le bailiú taighde agus sonraí faoi éagsúlachtaí aeráide atá beartaithe agus ar an ngá atá le borradh a chur faoin gcomhar idir-réigiúnach chun gníomhaíocht a dhéanamh i dtaca leis na pointí is leochailí a bhaineann leis an athrú aeráide;

26.

ag athdhearbhú na hiarrata ar institiúidí an Aontais chun a áirithiú go ndéanfar an t-oiriúnú don athrú aeráide agus teacht aniar i gcás tubaiste, mar bhunghnéithe den fhorbairt inbhuanaithe, a chur san áireamh i gcistí agus i dtionscadail de chuid an Aontais amach anseo, agus go mbeidh siad nasctha le beartais maidir leis an gcomhtháthú, leis an bhforbairt tuaithe, leis an tsláinte, leis an taighde agus leis an gcomhshaol ina theannta sin (3);

27.

ag iarraidh ar an Aontas tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha linnte carbóin nádúrtha tábhachtacha a chosaint agus a athbhunú chun an aeráidneodracht a bhaint amach, go háirithe trí ithreacha orgánacha a bhainistiú agus portaigh mhóna agus talamh riascach a athbhunú;

28.

ag iarraidh ar an gCoimisiún sainmhínithe agus rialacha soiléire a mholadh le haghaidh pobail fuinnimh áitiúla agus cineálacha “táirgeoirí is tomhaltóirí” eile chun deimhneacht a thabhairt dóibh agus chun rochtain ar an margadh, ar ionstraimí airgeadais agus ar shaineolas a áirithiú agus chun an féintomhaltas a chothú i bhfoirgnimh phoiblí;

29.

maidir le foirgnimh phoiblí, tá sé á iarraidh go leanfar den obair ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus go rachfar i dtreo an fhéintomhaltais sa réimse sin; á iarraidh go gcothófar bailiú sonraí faoin leictreachas agus faoin tomhaltas teasa agus go seolfar straitéisí maidir leis an Intleacht Shaorga chun rannchuidiú le coigilt fuinnimh;

30.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a thuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhorbairt agus d’úsáid fuinnimh inathnuaite inbhuanaithe trí chreat soiléir polaitiúil agus rialála mar aon le tacaíocht iomchuí a sholáthar, ar tacaíocht í chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear treochlár don hidrigin ghlan;

31.

ag súil le Plean Gníomhaíochta maidir le Tithíocht Inacmhainne de chuid an Aontais a bheith san áireamh sa Chomhaontú Glas ar cheart é a bheith i gcomhréir le hiarrachtaí méadaithe freisin chun deireadh a chur le bochtaineacht fuinnimh. Ionas gur aistriú cóir a bheidh ann, ní mór foráil a dhéanamh maidir le bearta chun a áirithiú gur féidir le daoine leochaileacha tairbhe a bhaint as tithe atá níos teo agus níos fuinneamhéifeachtúla a bhaineann leas as teicneolaíochtaí inathnuaite amhail an grianfhuinneamh;

32.

ag tarraingt aird ar thomhaltas fuinnimh foirgneamh, is é sin gurb ionann é agus breis is 40 % den tomhaltas fuinnimh foriomlán san Aontas agus, dá bhrí sin, den tuairim go bhféadfadh nuachóiriú tithíochta a bheidh ina rannchuidiú mór le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú san Eoraip agus le deireadh a chur le bochtaineacht fuinnimh. Ina leith sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún plean maoiniúcháin uaillmhianach a mholadh le haghaidh nuachóirithe tithíochta mar chuid de phacáiste an Chomhaontaithe Ghlais;

Aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach

33.

den tuairim gur gné bhunriachtanach í straitéis chuimsitheach, fhadtéarmach d’earnáil tionsclaíochta na hEorpa chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, rud a spreagfaidh an nuálaíocht, a sholáthróidh buntáistí iomaíocha agus deiseanna cruthaithe post, go háirithe do dhaoine óga; sa chomhthéacs sin, tá sé bunriachtanach a áirithiú go dtacófar le tionscail dianfhuinnimh san aistriú chuig modhanna táirgthe ísealcharbóin chun saobhadh ar an iomaíocht a theorannú agus sceitheadh carbóin a sheachaint, go háirithe trí chistiú ón Aontas do thaighde ábhartha agus réitigh phraiticiúla a fhorbairt;

34.

ag éileamh Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach tar éis 2020, ar plean nua uaillmhianach é atá faoi cheangal ama agus dírithe ar an eolaíocht agus ag súil le bheith ag obair go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach ar na tograí sin;

35.

á thabhairt le fios gur cheart an cosc a bheith ar an gcéad tosaíocht, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola de chuid an Aontais, ag éileamh bearta uaillmhianacha lena n-áiritear éicidhearthóireacht earraí agus seirbhísí, cosc ar dhramhaíl, ábhair agus comhábhair a athchúrsáil, a aisghabháil agus a athúsáid agus substaintí díobhálacha a laghdú, mar aon le hathphróiseáil a dhéanamh ar shubstaintí deacra chun a indeisithe, a in-athchúrsáilte, a uasghrádaithe agus a mharthanaí agus atá siad a chur chun cinn. Sa chomhthéacs sin, tá sé ag moladh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ionstraimí iomadúla a úsáid, lena n-áirítear spriocanna ceangailteacha de chuid an Aontais a logánú, bearta fioscacha ar gach leibhéal, an Fhreagracht Leathnaithe Táirgeora agus an Soláthar Poiblí Glas agus spriocanna éigeantacha mar chuid de gach deis cistiúcháin de chuid an Aontais;

36.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach sprioc uaillmhianach a mholadh chun an dramhaíl chathrach a laghdú faoi 2030, chun gurb ionann spriocanna athúsáide agus athchúrsála na dramhaíola cathracha agus 70 % de réir meáchain faoi 2030, chun go ndéanfar laghdú 50 % ar an dramhaíl bia faoi 2030 agus chun go mbeidh sprioc cheangailteach 5 % ar a mhéid ann le haghaidh líonadh talún le dramhaíl iarmharach faoi 2030;

37.

ag tacú leis na hiarrachtaí nua sa chomhthéacs sin i réimse na micreaphlaistice agus leo sin a dhéantar chun an reachtaíocht maidir le plaistic a chur chun feidhme (4), á chur i bhfios go láidir gur cheart aghaidh a thabhairt ar thruailliú plaistice ag an mbun;

38.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh do gach réigiún agus cathair Eorpach pleananna gníomhaíochta bithgheilleagair a ghlacadh nó foráil a dhéanamh maidir le caibidil atá dírithe ar an mbithgheilleagar ina straitéis forbartha dhomhanda;

An t-aistriú bia

39.

ó tharla go bhfuil an tAontas tagtha chun bheith ar an allmhaireoir agus ar an onnmhaireoir bia is mó ar domhan, á áitiú go ndéantar comhaontuithe trádála a mheasúnú i gcoinne an chuspóra a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, lena n-áirítear san earnáil agraibhia, agus go mbeidh comhaontuithe trádála bunaithe ar an bhforbairt inbhuanaithe;

40.

ós rud é gurb í an talmhaíocht is cúis le 10 % de na hastaíochtaí GCT agus go bhfuil tionchar díreach ag an athrú aeráide air sin, ag iarraidh ar an gCoimisiún an fheirmeoireacht inbhuanaithe a chur chun cinn trí chabhair airgeadais a neartú le haghaidh cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid sa dá cholún den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT);

41.

ag moladh caibidil áitiúil agus réigiúnach a chur leis an straitéis “Ón bhfeirm go dtí an Forc”, rud a bhfuil tábhacht ar leith leis i samhlacha geilleagar beag, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na bpatrún idirnáisiúnta agus domhanda sa táirgeadh bia ar scéimeanna táirgthe áitiúla agus réigiúnacha;

42.

ag tarraingt aird ar an ról ríthábhachtach atá ag foraoisí agus tailte móna an Aontais chun an aeráidneodracht a áirithiú. Tá sé ag éileamh straitéis láidir ón Aontas le haghaidh foraoisí agus tailte móna agus ag tacú le scéimeanna lipéadúcháin uaillmhianacha le haghaidh bia atá á tháirgeadh gan dífhoraoisiú (5). Tá sé ag tabhairt ghealltanais na mBallstát faoi Rialachán LULUCF chun cuimhne, ina leith sin, agus ag aithint na n-iarrachtaí a rinneadh chun feabhas a chur ar bhaint CO2;

43.

á thabhairt le fios go rannchuidíonn an t-aigéan go mór lenár soláthar bia; ag éileamh straitéis nua chun tacú le barra muirí agus biteicneolaíochtaí gorma lena seachnaítear díobháil a dhéanamh don chomhshaol agus lena gcosnaítear timpeallachtaí nádúrtha; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag iascaigh inbhuanaithe ó thaobh cothromaíocht limistéar cósta;

44.

á chur i bhfáth go dteastaíonn modheolaíocht chaighdeánaithe ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun sonraí a bhailiú agus a thuairisciú faoin tionchar comhshaoil atá ag táirgí bia, lena n-áirítear dramhaíl bia, chun inchomparáideacht sonraí a áirithiú ar fud na mBallstát agus chun a mholadh go ndéanfar costais chomhshaoil agus shóisialta a bhfuil baint acu le táirgí bia nó le haistí bia a thomhas i dtéarmaí eacnamaíocha;

An t-aistriú soghluaiseachta

45.

á thabhairt dá aire gur cumasóirí barrthábhachtacha iad na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla i dtaobh na soghluaisteachta glaine agus an t-iompar a ghlasú, agus dá bhrí sin, á éileamh go dtabharfar bearta práinneacha isteach ar leibhéal an Aontais chun costais sheachtracha a inmheánú de réir an mhodha iompair chun cothrom na hiomaíochta a fheabhsú, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar shocruithe cánach le haghaidh breoslaí iompair áirithe go háirithe;

46.

á thabhairt le fios gur gá eangacha cumhachta, stóráil leictreachais, trádáil mar aon le bainistiú an bhonneagair phoiblí a nuachóiriú, i dteannta rialacha maidir leis an iompar agus leis an gcáin, ionas go mbeifear ullamh go cuí do mhodhanna iompair nua agus nuálacha, lena n-áirítear cadhnraí nó cealla breosla hidrigine;

47.

ag cur béim ar an bhféidearthacht atá ann an t-iompar a bharrfheabhsú agus gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) ilmhódach a chur ar bun trí leas a bhaint as acmhainneacht teicneolaíochtaí digiteacha. Is iad na réamhriachtanais lena mbaineann córais chliste iompair (CCInna) agus an bonneagar;

An t-aistriú comhshaoil

48.

ag athdhearbhú a éilimh ar an ochtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (6) agus á chur i bhfáth gur cheart an clár sin a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus gur cheart é a bheith ina rannchuidiú cinntitheach lena chur chun feidhme a threorú go héifeachtach ar an talamh. Tá sé ag iarraidh ar na húdaráis fhonáisiúnta a bheith níos rannpháirtí i dTimthriall an Athbhreithnithe ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil;

49.

á éileamh go ndéanfar an Creat Bithéagsúlachta Domhanda (GBF) tar éis 2020 a fhorbairt trí na Comhaontuithe comhshaoil ábhartha uile de chuid NA a ailíniú leis na spriocanna bithéagsúlachta do 2030 agus a chomhtháthú sna spriocanna sin. Ar mhaithe le COP15 in 2020, ba cheart do na páirtithe in CBD aitheantas foirmiúil a thabhairt do ról riachtanach na n-údarás réigiúnach agus áitiúil chun beartais dhomhanda agus beartais de chuid an Aontais maidir leis an mbithéagsúlacht a chur chun feidhme go rathúil agus chun faireachán, tuairisciú agus fíorú comhtháite a dhéanamh air sin;

50.

á athdhearbhú go bhfuil gá le cur chuige fairsing chun uaillmhian an Aontais maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, cur chuige atá dírithe ar cháilíocht an aeir agus an uisce, ar cheimiceáin ghuaiseacha, ar astaíochtaí, ar lotnaidicídí agus ar shuaiteoirí inchríneacha; ag iarraidh ar an gCoimisiún gan forbairt ná glacadh na straitéise nua maidir le suaiteoirí inchríneacha ná rialacha níos déine i leith ceimiceáin ghuaiseacha a mhoilliú a thuilleadh;

51.

ag iarraidh ar an gCoimisiún níos mó a dhéanamh chun acmhainneacht réiteach dúlra-bhunaithe agus bonneagar glas agus gorm a chur chun cinn mar nithe úsáideacha a chuireann leis an mbithéagsúlacht láidir agus le gníomhaíochtaí seirbhísí éiceachóras i limistéir fho-uirbeacha agus thuaithe seachas mar nithe a chuirtear ina n-ionad;

52.

ag cur i bhfáth thairbhí na gcreatchlár comhshaoil ar an leibhéal réigiúnach atá ailínithe leis na straitéisí náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta éagsúla; d’fhéadfadh na cláir sin a bheith ina gcúnamh chun cuspóirí agus príomhghníomhaíochtaí a shocrú, soiléireacht a sholáthar sna roghanna comhshaoil réigiúnacha agus treochlár fadtéarmach a bhunú ina bhfuil ríthábhachtach le rannpháirtíocht na sochaí, mar aon le ceapadh comhghuaillíochtaí le réigiúin Eorpacha eile a éascú;

An t-aistriú digiteach

53.

ag athdhearbhú an róil thábhachtaigh atá ag réigiúin, cathracha agus pobail chliste chun aistriú cóir agus cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a ráthú; ag iarraidh ar an gCoimisiún déanamh de réir choincheap an chomhtháthaithe dhigitigh chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná réigiún ar deireadh san aistriú digiteach, chun bearta spriocdhírithe a chur chun cinn le tacú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla réitigh chliste a rolladh amach agus tionchar na gclár speisialtóireachta cliste a mhéadú chun borradh a chur faoi scileanna digiteacha;

54.

á iarraidh go bhforbrófar creataí cuimsitheacha chun sonraí a chomhtháthú agus a úsáid chun críche an rialachais chliste agus an chosaint sonraí is gá á ráthú, san am céanna;

55.

ag tarraingt aird ar lorg carbóin tábhachtach an idirlín agus na próiseála sonraí digiteacha, ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas níos mó a dhéanamh chun dul i ngleic le himpleachtaí fuinnimh agus CO2 na digiteála agus borradh a chur faoina hinbhuanaitheacht; den tuairim gur cheart do na húdaráis phoiblí feasacht a ardú faoin tsaincheist;

Ní mór acmhainní airgeadais leordhóthanacha a sholáthar ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil chun freastal ar riachtanais na saoránach

56.

ag fáiltiú roimh an togra le haghaidh Plean Infheistíochta don Eoraip arb ionann é agus EUR 1 trilliún a infheistiú idir 2021 agus 2030, rud a chomhfhreagraíonn do na riachtanais arna n-aithint ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (7); ag tacú, ina theannta sin, leis an gcinneadh arna dhéanamh ag an mBanc Eorpach Infheistíochta maidir le deireadh a chur le maoiniú don chuid is mó de na tionscadail fuinnimh breosla iontaise ó dheireadh 2021 agus maidir leis an sciar den mhaoiniú atá dírithe ar ghníomhaíocht aeráide agus ar an inbhuanaitheacht comhshaoil a mhéadú; ag athdhearbhú a éilimh chun an rómhaorlathas a laghdú, na sásraí a bhaineann le hullmhú tionscadal a shimpliú, agus cúnamh teicniúil saincheaptha a threisiú chun rochtain a fháil ar Chomhchúnamh chun tacú le Tionscadail i Réigiúin na hEorpa (JASPERS) agus ar an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh (ELENA) de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta chun tionscadail atá iontaofa ó thaobh brabúis a fhorbairt, lena n-áirítear tionscadail ar scála beag;

57.

á áitiú freisin go bhfuil gá le hacmhainní breise, amhail an síneadh atá beartaithe a chur leis an gCóras Trádála Astaíochtaí agus Cáin Charbóin a thabhairt isteach ar an Teorainn atá i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT); agus á áitiú go bhfuil gá le cáin iomchuí ar bhreosla eitlíochta;

58.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Cistiú nua um Aistriú Cóir a bhunú atá dírithe ar ghual agus ar réigiúin atá dian ar charbón agus arb é atá ann acmhainní breise a thabhairt isteach anuas ar na hacmhainní arna leithdháileadh ar an mbeartas comhtháthaithe, ach a fheidhmíonn mar chomhlánú ar chláir oibríochtúla bheartais chomhtháthaithe 2021-2027 ar leibhéal NUTS 2;

59.

á iarraidh go gcuirfear 30 % ar a laghad de bhuiséad iomlán an Aontais do 2021-2027 ar leataobh don aeráid agus do ghníomhaíocht bhithéagsúlachta, agus fóirdheontais do bhreoslaí iontaise á gcéimniú amach;

60.

ag tarraingt aird ar ról ríthábhachtach an bheartais comhtháthaithe mar an phríomhionstraim airgeadais chun cuspóirí na n-aistrithe a chur chun feidhme; á éileamh go mbeidh a dhóthain cistithe ar fáil don bheartas comhtháthaithe, dá bhrí sin, ba cheart go bhfanfadh an sciar den bhuiséad a leithdháiltear ar an mbeartas comhtháthaithe sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile mar atá;

61.

á chur in iúl gur cúis imní dó é nach féidir an Comhaontú Glas a chur i gcrích gan an creat airgeadais ceart. Tá sé á éileamh go gcuirfear Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú chun feidhme ina iomláine agus go nglacfar an creat rialála maidir leis an tacsanomaíocht go tapa chun éascaíocht a dhéanamh ar an infheistíocht inbhuanaithe, maidir le nochtadh faisnéise i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus rioscaí inbhuanaitheachta agus maidir le tagarmhairc carbóin íseal agus tagarmhairc do thionchar carbóin dearfach (8). Tríd an gcreat sin, ba cheart infheistíochtaí sa tionscal núicléach, sa tionscal eitlíochta agus san earnáil iarnróid a chumhdach freisin. Ba cheart critéir shóisialta a chumhdach faoin bPlean Gníomhaíochta sula i bhfad freisin;

62.

ag moladh cur chuige uaillmhianach i leith infheistíochtaí an Aontais sa dúlra agus sa bhithéagsúlacht, á thabhairt dá aire gur mó tairbhí ná costais a thiocfadh as seirbhísí éiceachórais, mar shampla, i bhfoirm seirbhísí cúraim sláinte, stóráil CO2, coinneáil tuile, íonú cúltaiscí uisce, íonú an aeir, nó cosc chreimeadh na hithreach;

63.

á athdhearbhú nach féidir teacht ar aon chomhaontú maidir le caiteachas Bhuiséad an Aontais mura ndéantar dul chun cinn san ioncam freisin toisc gur cheart méid Bhuiséad an Aontais a bheith i gcomhréir le tosaíochtaí reatha an Aontais agus leis na tosaíocht a bheidh aige amach anseo (9); ag áitiú ar an gCoimisiún bearta teagmhais a chur chun cinn chun tacú leis an gComhaontú Glas mura bhféadfar an chéad Bhuiséad eile de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2020;

64.

ag cur i bhfáth thábhacht na rátaí cómhaoiniúcháin le haghaidh chistiú an Aontais chun rochtain a éascú do phobail bheaga, do limistéir thuaithe agus d’oileáin; á iarraidh go neartófar an acmhainneacht chun iad a úsáid mar “shaotharlanna” um aistriú fuinnimh, trí réitigh nuálacha a cheapadh agus trí ghníomhaíocht beartais chomhordaithe;

65.

i bhfianaise an chreata státchabhrach tar éis 2020, á éileamh go méadófar an leibhéal státchabhrach atá ceadaithe, agus go gcuirfear an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh in oiriúint ina dhiaidh sin chun breoslaí astaíochtaí ísle a chur chun cinn. Ní mór solúbthacht leordhóthanach agus cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, maidir leis an inbhuanaitheacht agus le hastaíochtaí laghdaithe, a chur i bhfeidhm maidir le rialacháin agus tionscadal i ndáil leis an aistriú fuinnimh;

Cumarsáid dhíreach leis na saoránaigh faoi thairbhí an Chomhaontaithe Ghlais

66.

ag moladh borradh a chur faoi na feachtais faisnéise agus faoin idirphlé díreach leis na saoránaigh chun feasacht a ardú faoin tábhacht a bhaineann le haistriú chuig sochaithe atá níos inbhuanaithe, chuig pobail áitiúla atá níos sláintiúla agus chuig geilleagair áitiúla atá níos iomaíche ná mar a bhí; ag iarraidh ar an gCoimisiún sraith Comhphléití leis na Saoránaigh a chó-eagrú leis an gCoiste chun breisluach an Chomhaontaithe Ghlais a chur in iúl agus torthaí nithiúla i saol laethúil na saoránach a léiriú;

67.

á threorú dá Uachtarán an rún seo a chuig ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig uachtarán na Fionlainne, uachtarán na Cróite agus uachtarán na Gearmáine agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

An Bhruiséil an 5 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  CoR (2018) 923

(2)  https://cor.europa.eu/ga/our-work/Pages/network-of-regional-hubs.aspx

(3)  CoR (2018) 6135

(4)  CoR (2018) 925 agus CoR (2018) 3652

(5)  CoR (2019) 973

(6)  CoR (2019) 1672

(7)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa: Athbhreithiú lánléargais dar teideal EU Action on Energy and Climate Change [Gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le Fuinneamh agus leis an Athrú Aeráide], 20 Meán Fómhair 2017 https://op.europa.eu/webpub/eca/lr-energy-and-climate/en/

(8)  Féach tuairim an Choiste an 6 Nollaig 2018 ón Uas. Tilo Gundlack (PSE/DE).

(9)  CoR (2019) 3887.


TUAIRIMÍ

10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

8


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Dúshláin na Réigiún Cathrach agus Seasamh na Réigiún sin sa Bheartas Comhtháthaithe a bheidh ann tar éis 2020

(2020/C 79/02)

Rapóirtéir

:

Juraj DROBA (SK/ECR), Cathaoirleach Réigiún Féinrialaitheach na Bratasláive

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha ginearálta

1.

á thabhairt dá aire go bhfuil dhá thrian de dhaonra an Aontais Eorpaigh ina gcónaí i réigiúin chathrach agus go bhfuil sé ábhartha, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin freisin sna hullmhúcháin don bheartas comhtháthaithe a bheidh ann tar éis 2020;

2.

á thabhairt le fios nach treocht Eorpach amháin atá i gceist leis an méadú ar an uirbiú, ach gur treocht dhomhanda freisin í. Ar thaobh amháin, cruthaíonn sin deiseanna, ach, ar an taobh eile, fágann sé go mbíonn orainn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua. Tá an comhar idir na hinstitiúidí agus na gníomhaithe sna réigiúin chathrach ríthábhachtach, dá bhrí sin;

3.

á thabhairt dá aire nach bhfuil aon chomhdhearcadh ann faoi láthair maidir leis na critéir lena sainítear réigiúin chathrach ná lena leagtar síos a dteorainneacha, critéir a léireodh an éagsúlacht agus an fhíorstaid sna réigiúin sin ar fud na mBallstát;

4.

á thabhairt dá aire gurb é an sainmhíniú atá ag Eurostat ar réigiúin chathrach ná réigiúin NUTS 3, nó roinnt réigiúin NUTS 3 le chéile, ina bhfuil ar a laghad leath den daonra ina gcónaí i gceantar a fheidhmíonn mar cheantar uirbeach agus nach bhfuil níos lú ná 250 000 áitritheoir ann. Is é an bonn atá leis an aicmiú críochach go sainaithnítear lárionaid uirbeacha ina bhfuil dlús ard daonra agus daonra íosta 50 000 áitritheoir; á chur i bhfios go bhfágann an léirmhíniú staidrimh sin go raibh 293.3 milliún cónaitheoir san Aontas Eorpach ina gcónaí i réigiúin chathrach in 2016; á thabhairt le fios nach mór ceantair atá nasctha ó thaobh feidhme de le ceantair atá lasmuigh den Aontas a chur san áireamh ina leith sin freisin. Is é an sainmhíniú atá ag OECD ar réigiún cathrach ó thaobh feidhme de ná lárionad uirbeach ina bhfuil dlús ard daonra agus deiseanna fostaíochta a bheith nasctha leis an gceantar máguaird toisc líon mór daoine a bheith ag comaitéireacht ón gceantar máguaird chuig an lárionad sin gach lá;

5.

á thabhairt le fios go mbíonn sna réigiúin chathrach cineálacha éagsúla ceantar a bhíonn uirbeach den chuid is mó ó thaobh daonra de ach ar talamh tuaithe a chumhdaíonn siad go minic. Bíonn dlúthnaisc idir na ceantair sin agus ceantair pheirea-uirbeacha agus thuaithe agus is minic a bhíonn orthu déileáil le feiniméan an fho-uirbithe. Tá an cheist maidir le húsáid talún sna ceantair fho-uirbeacha ríthábhachtach don mhianach saoil, don oiriúnú don athrú aeráide agus don mhaolú ar an athrú sin. Ba cheart plé a dhéanamh sna réigiúin ar an gcaoi le sraoilleáil uirbeach a shrianadh;

6.

á thabhairt dá aire gur gá idirdhealú a dhéanamh idir na réigiúin chathrach arduirbithe agus na réigiúin chathrach nach bhfuil chomh huirbithe céanna toisc go dteastaíonn cineálacha cur chuige beartais difriúla agus bearta difriúla ina leith;

7.

á thabhairt dá aire gur féidir réigiúin chathrach Pháras agus Londan, ina bhfuil daonra os cionn 12 mhilliún duine, a mheas mar chásanna ar leithligh, agus go bhfuil an-éagsúlacht idir na réigiúin chathrach san Aontas Eorpach ó thaobh méide, feidhmeanna agus láidreachtaí eacnamaíocha de, agus maidir le cé chomh polalárnach agus atá siad. Tá difríochtaí suntasacha ann freisin sna cineálacha cur chuige atá ag na réigiúin chathrach éagsúla maidir lena gcomhbheartais agus a gcomhbhearta a chomhordú;

8.

á thabhairt le fios go bhfuil sé ar cheann de mhórthreochtaí déimeagrafacha an lae inniu go dtéann daoine ar imirce chuig cathracha, agus go bhfuil an chuid is mó de dhaonra an Aontais le fáil i réigiúin chathrach atá sna príomhchathracha. Bíonn ar réigiúin chathrach déileáil le sraoilleáil uirbeach, dlús daonra méadaitheach i lárionaid uirbeacha agus, os a choinne sin, le dídhaonrú na gceantar tuaithe. Cuireann an treocht sin brú ar sholáthar seirbhísí poiblí don phobal agus ar bhonneagar nua, e.g. sna hearnálacha sóisialta, iompair, oideachais agus sláinte, agus maidir le digitiú agus maidir leis an gcaoi leis an aistriú go fuinneamh inbhuanaithe a chur chun feidhme, agus cuirtear brú mór, dá bhrí sin, ar bhuiséad na réigiún cathrach; lena chois sin, i gcás réigiúin chathrach na bpríomhchathracha, bíonn brú breise ar a n-acmhainní mar phríomhchathracha na mBallstát, e.g. i réimsí na slándála, na seirbhísí leasa coitinn, na seirbhísí digiteacha agus an iompair;

9.

á chur i bhfáth go mbíonn, i gcásanna áirithe, an daonra iarbhír sna réigiúin chathrach níos airde ná mar a thugtar le fios sna staitisticí oifigiúla. Ní bhíonn buanchónaí sna réigiúin chathrach ar gach duine a bhfuil cónaí orthu iontu. Ina theannta sin, is iomaí duine a thaistealaíonn chuig na réigiúin chathrach chun dul ag obair, ach a bhaineann leas freisin as na saoráidí agus na seirbhísí sóisialta a chuirtear ar fáil sna réigiúin sin. Ina theannta sin, is minic a bhíonn gné láidir thrasteorann i gceist leis na réigiúin chathrach;

Acmhainneacht na réigiún cathrach

10.

á thabhairt dá aire go bhféachtar ar na réigiúin chathrach mar na réigiúin sin a thiomáineann geilleagair na mBallstát agus atá ina lárionaid fáis eacnamaíoch. Tá sé tugtha le fios ag Eurostat gur sna réigiúin chathrach a ghintear thart ar 72 % de OTI na 28 mBallstát. Ní hamháin gur lárionaid fáis eacnamaíoch tíortha iad na réigiúin chathrach ach is moil acmhainneachta taighde, nuálaíochta agus cruthaitheachta atá iontu freisin, rud a mheallann, dar ndóigh, caipiteal, infheistíocht agus daoine. Is ceannródaithe iad i réitigh chliste maidir le soláthar faisnéise agus seirbhísí, an geilleagar ciorclach, inbhuanaitheacht an chomhshaoil, éifeachtúlacht fuinnimh agus soghluaisteacht inbhuanaithe;

11.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé d’fhorbairt chomhchuí na réigiún go dtabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit aitheantas don bhreisluach a bhaineann leis an gcomhar idir na réigiúin chathrach le gur féidir comhchuspóirí a bhaint amach chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú. Trína gcuid acmhainní agus saineolais a thabhairt le chéile, is féidir le réigiúin chathrach cabhrú leis an nascacht inmheánach a neartú, agus le saibhreas agus sochair a dháileadh i gceantar ar leith, tríd an gcomhar réigiúnach agus tríd an bhfás eacnamaíoch a chur chun cinn agus trí naisc uirbeacha-thuaithe níos éifeachtúla a chruthú. Agus seirbhísí á gcur ar fáil taobh amuigh dá dteorainneacha, bíonn ról tábhachtach ag na réigiúin chathrach maidir le forbairt a chur chun cinn sna ceantair máguaird – ceantair thuaithe go minic. Cuidíonn siad le pobail agus daoine aonair a thabhairt le chéile, ós rud é go gcruthaíonn caidreamh feidhme beo naisc idir ceantair uirbeacha, bailte beaga agus ceantair thuaithe. Tá an caidreamh idir ceantair thuaithe agus ceantair uirbeacha ina spreagadh tábhachtach d’fhorbairt chríochach chomhchuí

12.

ag éileamh go dtabharfaí aird ar an ngá atá ann fíorleas a bhaint as uirlisí críochacha sna beartais náisiúnta agus leithdháileadh cothrom na bhfoinsí a chosaint do na críocha, do na réigiúin agus do na pobail ar fad, is cuma an ceantair chathrach uirbeacha nó ceantair chathrach thuaithe iad, chomh maith lena áirithiú go rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go luath sa phróiseas maidir leis an áit agus leis an gcaoi a n-úsáidfear uirlisí críochacha a chinneadh. Tá sé sin bunriachtanach le haghaidh tacaíocht chomhchuibhithe ar gach leibhéal, lena n-áiritheofar forbairt chothrom na gceantar uirbeach agus tuaithe araon, agus prionsabal na coimhdeachta agus an comhtháthú críochach á gcur san áireamh;

13.

á thabhairt dá aire go bhfuil sé beartaithe sa togra reatha le haghaidh an bheartais comhtháthaithe go mbeadh an breisluach Eorpach ina choinníoll maidir le cistiú a fháil. Ní hamháin go mbíonn breisluach Eorpach ina thoradh ar an tacaíocht a thugtar do na réigiúin chathrach, ach áirithíonn an tacaíocht sin freisin iomaíochas domhanda an Aontais agus, trí na héifeachtaí iarmhartacha a bhíonn aici, cuidíonn sí le cóineasú réigiúnach na mBallstát a chur chun cinn;

14.

á thabhairt le fios gur ar an leibhéal fonáisiúnta a dhéantar níos mó ná 70 % de na bearta um maolú an athraithe aeráide, agus suas le 90 % de na bearta maidir le hoiriúnú, rud a chiallaíonn gur príomhghníomhaithe iad na réigiúin chathrach maidir le gealltanais COP21 a chomhlíonadh;

15.

ag sonrú go ndéanfar cuid mhór de na cistí sa bheartas comhtháthaithe ó 2020 ar aghaidh a dhíriú ar an tacaíocht a thugtar don nuálaíocht agus do réitigh chliste, agus gur sna réigiúin chathrach is mó a chuirtear na bearta sin chun feidhme;

Dúshláin

16.

á thabhairt le fios go bhfuil roinnt réigiúin chathrach ann, lena n-áirítear na réigiúin sin atá ainmnithe go staitistiúil mar na cinn is saibhre, atá thíos i gcónaí le heasnamh mór bonneagair ón am a chuaigh thart agus gur gá dóibh a gcuid infheistíochtaí a dhíriú i gcónaí ar an gcroíbhonneagar;

17.

á thabhairt dá aire nach mór do na réigiúin chathrach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha, fhioscacha agus chríochacha, agus, ag an am céanna, go mbíonn sé ag dul rite leo déileáil leis an éileamh méadaitheach ar sheirbhísí poiblí ardcháilíochta agus ar acmhainní teoranta airgeadais – rud a mbíonn éifeacht mhór aige ar mhianach saoil ginearálta an phobail. Is ar éigean a bhíonn nasc ar bith idir ioncam buiséid roinnt réigiúin chathrach agus an rath eacnamaíoch atá orthu nó an OTI ard atá le fáil iontu. I réigiúin áirithe tagann an buiséad ó sciar de cháin ioncaim phearsanta na ndaoine atá cláraithe sa réigiún cathrach, ach ní ó na heintitis dhlítheanacha a ghineann OTI an réigiúin. Sin an fáth nach gciallaíonn sé i gcónaí go gcruthófar teacht isteach do na buiséid phoiblí má tá cuideachtaí ilnáisiúnta lonnaithe i gceantar;

18.

á thabhairt le fios gur sainghné de na réigiúin chathrach é a lán oibrithe a bheith ag comaitéireacht chuig na lárionaid uirbeacha agus go bhfuil córas iompair phoiblí atá inrochtana agus neamhdhíobhálach don chomhshaol ar cheann de na dúshláin is mó atá rompu. Ní mór do na réigiúin chathrach córacha iompair gníomhacha agus réitigh ar fhadhbanna soghluaisteachta a thabhairt isteach i spásanna poiblí, chomh maith leis an tsoghluaisteacht thar theorainneacha a fheabhsú. Bíonn orthu a bheith ag streachailt le brú tráchta a íslíonn cáilíocht an aeir agus a dhéanann dochar do shláinte an phobail;

19.

á thabhairt le fios go mbíonn, agus ní hamháin mar gheall ar an dlús tionsclaíochta, dúshláin níos mó roimh na réigiúin chathrach maidir le cáilíocht an chomhshaoil, tabhairt isteach foinsí inbhuanaithe fuinnimh, an geilleagar ciorclach, truailliú aeir, cáilíocht an screamhuisce, bainistiú dramhaíola, laghdú na bithéagsúlachta agus baint ualaí comhshaoil. Bíonn ról lárnach ag na réigiúin chathrach freisin maidir le dul in oiriúint d’iarmhairtí an athraithe aeráide, agus tá gá le cur chuige iomlánaíoch chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin uile;

20.

á chur i dtreis go mbíonn ar na réigiúin chathrach déileáil le líon ard éagothromaíochtaí. Tá na limistéir is boichte sna Ballstáit ag roinnt de na réigiúin chathrach agus bíonn orthu déileáil leis an mbochtaineacht uirbeach, an cuimsiú sóisialta, an méadú ar líon na ndaoine gan dídean, leanaí atá ag maireachtáil sa bhochtaineacht, grúpaí leochaileacha, dífhostaíocht i measc an aosa óig, ganntanas oibrithe oilte, lánpháirtíocht imirceach agus dídeanaithe, coiriúlacht mhéadaithe, daonra atá ag dul in aois agus bochtaineacht lucht oibre. Is minic a cheiltear na limistéir sin toisc nach mbíonn fáil ach ar staitisticí oifigiúla ar scála níos mó, rud a imríonn tionchar ar na beartais agus na bearta ábhartha a cheaptar;

21.

á chur i bhfáth gur ar bhealach ar leith a bhíonn tionchar ag an ngéarchéim tithíochta ar na réigiúin chathrach. Ar thaobh amháin, tá dídhaonrú ag tarlú i gceantair áirithe, agus i gceantair eile tá ró-éileamh ar thithíocht. I gcathracha ina bhfuil éileamh ard ar thithíocht, bíonn na praghsanna ag ardú níos tapa ná an t-ioncam, rud a fhágann gur mó an deighilt agus an éagothromaíocht shóisialta a thugtar faoi deara sna ceantair sin. I bhfianaise an méid sin, athdhearbhaíonn an Coiste an iarraidh uaidh ar Chlár Oibre Eorpach le haghaidh Tithíochta (1);

22.

ag iarraidh ar Eurostat sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu maidir le hinrochtaineacht agus costas na tithíochta ó dhearcadh áitiúil agus réigiúnach. Ba cheart anailís a dhéanamh freisin ar thionscnaimh, lena n-áirítear tionscnaimh ón tsochaí shibhialta, chun tithíocht inacmhainne a thógáil;

23.

á thabhairt le fios nach mór aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin chathrach sin a bhfuil aistriú eacnamaíoch ar siúl iontu agus atá ag déileáil le hiarmhairtí díobhálacha na dtionscal sin a raibh orthu dúnadh síos. Bíonn orthu déileáil le hardleibhéal dífhostaíochta, a bhíonn fadtéarmach go minic, agus, ag an am céanna, dul i ngleic le tiontú monarchana tionsclaíochta nach bhfuil in úsáid a thuilleadh agus le hathghiniúint ceantar díothach uirbeach agus comharsanachtaí díothacha uirbeacha;

24.

á thabhairt dá aire gur ceann de na dúshláin mhóra atá roimh na réigiúin chathrach ná tacú le méadú an bhonneagair dhigitigh a chuirfidh ar chumas daoine dul ag obair i dtionscail nua, chomh maith le patrúin nua oibre, amhail an teilea-obair, a thabhairt isteach;

25.

á thabhairt le fios go mbíonn, go minic, ceantair thuaithe laistigh de na réigiúin chathrach agus go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach naisc uirbeacha-thuaithe dhea-fheidhmiúla a chruthú ina leith sin laistigh de na réigiúin chathrach agus ceapadh beartas neamhchomhordaithe a sheachaint; á chur i bhfáth gur lárionad acmhainní agus saineolais iad na réigiúin chathrach agus gur féidir leo – a bhuí leis na hacmhainní pleanála gairmiúla agus straitéisí atá acu – cabhrú le ceantar níos fairsinge chun cistiú a fháil ón mbeartas comhtháthaithe. D’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, gurb é an réigiún cathrach an leibhéal iomchuí ó thaobh méide de chun cineálacha cur chuige comhtháite maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme, agus béim á cur ar an dlúthpháirtíocht áitiúil agus réigiúnach;

26.

Tá sé tábhachtach an comhar maidir le saincheisteanna trasearnála a fhiosrú a bhuí le naisc uirbeacha-thuaithe a chuireann le forbairt tuaithe agus cathrach araon, amhail an tacaíocht do bhunú slabhraí luacha réigiúnacha agus áitiúla agus margaíocht dhíreach a dhéanamh ar tháirgí talmhaíochta i réigiúin chathrach chun breisluach a chruthú do na réigiúin thuaithe chomharsanacha;

27.

á thabhairt le fios gur gá tuiscint níos fearr a fháil ar na patrúin sna réigiúin chathrach sin atá ar oileáin, chomh maith leis an gcaidreamh idir oileáin;

28.

á chur i bhfáth go bhfuil gá ann an plé a leathnú chuig réigiúin chathrach nach bhfuil suite ar an mórthír;

Na réigiúin chathrach a bheith níos rannpháirtí i gceapadh agus i gcur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe

29.

á thabhairt le fios gur deis uathúil é an próiseas atá ar siúl faoi láthair chun an beartas comhtháthaithe a tharraingt suas tar éis 2020 le gur féidir an gá atá le cur chuige sonrach i leith na réigiún cathrach a chur san áireamh agus comhaontuithe comhpháirtíochta agus, ina dhiaidh sin, na cláir oibríochtúla do chistí an bheartais comhtháthaithe, á gceapadh amach anseo;

30.

i bhfabhar gan aon bhacainní riaracháin a bheith ar an gcomhar idir réigiúin NUTS II, ar réigiún na príomhchathrach (príomhchathair – réigiún na príomhchathrach) iad le chéile, agus ar mian leo a gcuid straitéisí agus oibríochtaí a chomhordú faoi chuimsiú a gcuid clár oibríochtúil faoi seach. Creideann an Coiste freisin gur cheart go mbeadh dóthain solúbthachta ann agus bearta á roghnú chun dlúthchomhar a chur chun cinn;

31.

ag tarraingt aird ar ról na réigiún cathrach sa bheartas comhtháthaithe agus tá sé á mholadh ag an gCoiste go gcruthófaí agus go dtreiseofaí an ghné sin go práinneach sa bheartas comhtháthaithe a bheidh ann i ndiaidh 2020, chomh maith le beartais ábhartha Eorpacha, lena n-áirítear an Clár Oibre Críochach nua agus doiciméid straitéise nua, amhail Cairt Leipzig nua agus an straitéis Eorpach nua um fhorbairt a thiocfaidh in ionad na straitéise Eoraip 2020;

32.

ag éileamh go mbeadh baint dhíreach ag na réigiúin chathrach le ceapadh an bheartais comhtháthaithe agus le cur chun feidhme agus meastóireacht na gclár oibríochtúil agus thionscadail AE, ar choinníoll go dtarraingeoidís suas comhaontuithe um chomhar críochach;

33.

ag iarraidh ar CE aird a thabhairt, agus na comhaontuithe comhpháirtíochta agus, ina dhiaidh sin, na cláir oibríochtúla á bhformheas aige, ar an bpáirtí sin atá inniúil chun oibríochtaí aonair a chur chun feidhme, ós rud é go bhfuil cumhachtaí na réigiún cathrach agus na n-údarás áitiúil éagsúil i ngach Ballstát;

34.

á thabhairt le fios go mbíonn, mar gheall ar rachmas coibhneasta na réigiún cathrach, srian orthu cistí a tharraingt síos ón mbeartas comhtháthaithe, agus go mbíonn níos mó brú orthu iad a úsáid go héifeachtach. Ós rud é go bhfuil an modh chun acmhainní an bheartais comhtháthaithe a dháileadh faoi na leithdháiltí náisiúnta ábhartha bunaithe go príomha ar tháscaire aonair – OTI per capita ag an bpaireacht cumhachta ceannaigh – agus nach n-áirítear ach roinnt de na gnéithe sóisialta, déimeagrafacha agus comhshaoil, ní thugtar léargas iomlán ar leibhéal na forbartha. Is cóir, dá bhrí sin, go ndéanfaí na réigiúin sin atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar dháileadh geilleagarbhunaithe na leithdháiltí airgeadais a chúiteamh go cuí. Uirlis ábhartha ina leith sin is ea an inaistritheacht acmhainní (2) atá beartaithe. Spreagtar na Ballstáit na haistrithe a phlé leis na réigiúin uile lena mbaineann agus a áirithiú gur go comhthoiliúil agus i gcomhréir le rialachas il-leibhéil a dhéantar na cinntí;

35.

ag tacú leis an togra ón gCoimisiún Eorpach an rogha atá ann cistí a aistriú idir catagóirí réigiún a ardú ó 3 % go 15 % de leithdháileadh iomlán an Bhallstáit agus tá an Coiste ag iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as an rogha sin; á thabhairt dá aire, áfach, go mbeidh gá le hanailís chúramach le go bhféadfar an tsolúbthacht a chur i bhfeidhm;

Sonraí ar an leibhéal réigiúnach a fháil agus anailís a dhéanamh orthu

36.

ag iarraidh ar CE, trí Airmheán Comhpháirteach Taighde an Aontais Eorpaigh, a fhiosrú cén breisluach a d’fhéadfadh a bheith ag an tacaíocht a thugtar do na réigiúin chathrach maidir le príomhchuspóir an bheartais comhtháthaithe éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú. Mar chuid den taighde sin, d’fhéadfaí scrúdú a dhéanamh, mar shampla, ar na héifeachtaí iarmhartacha a eascraíonn as an tacaíocht a thugtar do na réigiúin chathrach agus as an méid a rannchuidíonn siad le comhtháthú tíortha agus réigiún (3);

37.

á mholadh modheolaíocht an innéacs maidir leis an dul chun cinn sóisialta (modheolaíocht SPI) a úsáid chun na dúshláin is práinní atá roimh na réigiúin chathrach, agus is gá a mhaoiniú ó chistí an bheartais comhtháthaithe, a shainaithint. Is féidir leis sin cabhrú le geallsealbhóirí réigiúnacha agus áitiúla na riachtanais infheistíochta ina gceantar féin a mheas agus a shainiú mar is ceart;

38.

á mholadh, agus aibíocht eacnamaíoch na réigiún á meas, go dtiomsódh Eurostat staitisticí réigiúnacha agus nach nglacfadh sé leis na meáin náisiúnta mar bhonn chun OTI réigiúnach per capita a thomhas ag an bpaireacht cumhachta ceannaigh;

39.

á mholadh bailiú sonraí staidrimh a fhorbairt tuilleadh ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe sonraí lena léirítear an caidreamh feidhme laistigh de na réigiúin chathrach. D’fhágfadh sin go bhféadfaí faisnéis níos cuimsithí a fháil faoin daonra agus faoin tsoghluaisteacht laistigh de na réigiúin chathrach, go bhféadfaí bearta níos saincheaptha a cheapadh agus go bhféadfaí infheistíocht as cistí an bheartais comhtháthaithe a dhíriú ar shlí níos spriocdhírithe;

40.

á mholadh, d’fhonn an rómhaorlathas agus na costais a bhaineann le bailiú sonraí a laghdú, go dtabharfaí tacaíocht do mhodhanna nuálacha bailithe sonraí, ar modhanna iad is féidir a úsáid chun patrúin chomaitéireachta a leanúint laistigh de na réigiúin chathrach;

Beartas comhtháthaithe a oireann do riachtanais na réigiún cathrach agus dá bpobail

41.

á mholadh go dtabharfaí níos mó tacaíochta d’ionstraimí a chabhraíonn leis an gcomhar idir na réigiúin chathrach, amhail infheistíocht chríochach chomhtháite agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, aiseanna tosaíochta ar leith do na réigiúin chathrach laistigh de chláir oibríochtúla aonair, straitéisí críochacha comhtháite na réigiún, straitéisí maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe agus pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe, ar cheart iad a fhorbairt tuilleadh faoin mbeartas comhtháthaithe a bheidh ann tar éis 2020 agus a bheith ina gcruthúnas chun tacú le hinfheistíocht;

42.

á thabhairt dá aire gur oth leis gur lú ná aon trian de bhuiséad an Aontais den chéad uair an dréachtbhuiséad don bheartas comhtháthaithe. Agus fós féin, tá nasc láidir idir an díriú de réir téama agus an chéad dá chuspóir den bheartas comhtháthaithe nua – Eoraip níos cliste agus níos glaise. Sin an cineál birt ar sna réigiúin chathrach, den chuid is mó, a dhéantar é; á mholadh, dá bhrí sin, go n-oibreoidh na Ballstáit go dlúth, agus iad ag tarraingt suas na gcomhaontuithe comhpháirtíochta, leis na réigiúin chathrach chun míniú soiléir a thabhairt ar an gcaoi a gcuirfidh siad an díriú de réir téama chun feidhme;

43.

ag iarraidh ar CE coinníollacha agus sásraí tacaíochta a bhunú le haghaidh aistriú eolais, malartú taithí agus dea-chleachtais maidir leis na dúshláin is tábhachtaí, na réitigh nó na tionscadail a d’fhorbair na réigiúin chathrach, amhail an rialachas idir réigiúin chathrach, táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéisí pleanála cathrach nó ar fhorbairt beartas cliste;

44.

ag tarraingt aird ar an struchtúr rialtais ilroinnte atá le sonrú ar réigiúin chathrach, struchtúr ina mbíonn líon mór d’eintitis réigiúnacha agus áitiúla, rud a chuireann bac ar a gcumas aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar dhúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil. Spreagann an Coiste, dá bhrí sin, malartú dea-chleachtas idir na réigiúin chathrach chun straitéisí fadtéarmacha agus réitigh nuálacha a fhorbairt a chuirfeadh ar a gcumas na bearnaí atá san ilroinnt cumhachtaí sin a líonadh;

45.

ag tacú leis an smaoineamh Ciste um Aistriú Cóir a chruthú chun tacú leis an aistriú go fuinneamh inbhuanaithe, chun déileáil le dúshláin shóisialta a bhaineann le soghluaisteacht an lucht saothair agus le mórathruithe déimeagrafacha, agus a mhaoineofaí as foinsí úra sa bhreis ar na foinsí atá sa bheartas comhtháthaithe;

46.

á thabhairt le fios, ar thaobh amháin, go bhfuil an-acmhainní caipitil dhaonna agus tallainne sna réigiúin chathrach, ach, ar an taobh eile, go bhfuil lear mór dúshlán le sárú acu, idir an t-eisiamh sóisialta, ar thaobh amháin, agus an t-oiriúnú do scileanna nua i margadh an tsaothair, ar an taobh eile. Ba cheart CSE+ a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin sna réigiúin chathrach, i ndlúthchomhar agus i gcomhréir leis na bearta bonneagair arna maoiniú ag CFRE;

47.

ag iarraidh ar na comhpháirtíochtaí go léir atá sa Chlár Oibre Uirbeach nua don Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar an uirbiú leanúnach atá ar siúl i gceantair áirithe nó tá sé ag iarraidh go gceapfaí comhpháirtíocht nua don ghné chathrach den Chlár Oibre Uirbeach ina mbeadh dearcadh cothrománach agus straitéiseach.

An Bhruiséil an 4 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  Pointe 20 den Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis na Tograí le haghaidh Shainordú Reachtach Nua an Aontais Eorpaigh, 27 Meitheamh 2019 https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2019-02550-00-01-res-tra-en.docx/content (níl leagan GA ar fáil, teideal aistrithe)

(2)  COM(2018) 375, Airt. 105.

(3)  Féach i ndáil leis seo tuarascáil maidir le “Tionchar na réigiún cathrach ar na ceantair máguaird”, https://cor.europa.eu/en/engage/studies/Documents/Metropolitan-regions.pdf (níl leagan GA ar fáil, teideal aistrithe)


10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

13


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis Mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp

(2020/C 79/03)

Rapóirtéir

:

Władysław ORTYL (PL/ECR), Uachtarán ar Réigiún Podkarpackie

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Ról na straitéisí macrairéigiúnacha i ndáil le comhtháthú an Aontais Eorpaigh a bhaint amach

1.

ag meabhrú go gcuireann forálacha i gConarthaí an Aontais (1) ceangal ar an Aontas Eorpach gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú d’fhonn a chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú;

2.

den tuairim go gcuidíonn straitéisí macrairéigiúnacha dul i ngleic le dúshláin choiteanna atá roimh limistéir shonracha, a thuigtear iad i gcomhthéacs geografach trasteorann leathan. Trí acmhainneacht na réigiún trasteorann a chomhthiomsú, cuireann na straitéisí go mór le comhtháthú críochach a bhaint amach idir tíortha agus réigiúin (2). Tugann an Coiste dá aire go léiríonn an próiseas maidir le straitéisí macrairéigiúnacha a chruthú forbairt nádúrtha an Aontais Eorpaigh agus é mar an chéad chéim eile chun comhar a neartú idir tíortha, réigiúin agus pobail áitiúla thar theorainneacha;

3.

ag cur i bhfios go láidir gur ionstraim rialachais il-leibhéil atá i straitéisí macrairéigiúnacha, lena dtugtar le chéile gníomhaíochtaí comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar an Aontas Eorpach agus ar na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i dtaca le cuspóirí sonracha. Ina theannta sin, cuireann siad feabhas ar chomhlántacht straitéisí polaitiúla éagsúla agus cláir atá ainmnithe agus curtha chun feidhme ag leibhéil éagsúla rialachais. Tá breisluach suntasach ag baint leis an gcomhthiomsú acmhainneachta atá sainithe go comhpháirteach agus le comhordú gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo deireadh a chur le bacainní roimh an bhforbairt.

4.

ag aithint go bhfuil ról tábhachtach ag straitéisí macrairéigiúnacha sa phróiseas maidir le comhtháthú an Aontais Eorpaigh a dhoimhniú trí dhlús a chur le próisis forbartha ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Is féidir é sin a dhéanamh toisc go bhfuil an deis ann taithí a mhalartú agus dea-chleachtais rathúla a aistriú sna tíortha agus sna réigiúin atá cumhdaithe leis an straitéis sin. Cruthaítear leis sin na coinníollacha maidir le dlúthpháirtíocht Eorpach agus an fhreagracht as forbairt an mhacrairéigiúin ina iomláine, rud a fhágann gur féidir dearcadh faoi leith a shárú agus an macrairéigiún ina iomláine a thuiscint i gcomhthéacs níos leithne. Ina theannta sin, cuireann siad dlús le tionscnaimh de chuid pobal áitiúil agus réigiúnach, le go mbeidís in ann smaointe Eorpacha a thabhairt níos gaire do na saoránaigh;

5.

ag aithint go bhfuil ról lárnach ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun cinn an daonlathais, an díláraithe agus féinrialtais áitiúil agus réigiúnaigh, tugann an Coiste dá aire a rannpháirtíocht i straitéisí macrairéigiúnacha atá ann cheana agus an próiseas maidir le húdaráis nua a chur ar bun. Sa lá atá inniu ann, is uirlis ón mbun aníos atá i straitéisí do chomhar críochach agus tá siad bunaithe ar rannpháirtíocht ó eintitis áitiúla agus réigiúnacha agus ón tsochaí shibhialta. Trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha atá dírithe ar spriocanna straitéisí macrairéigiúnacha a bhaint amach, cuirtear ardán comhair ar bun a chuireann an luach Eorpach chun cinn, prionsabail dhaonlathacha a neartú agus caighdeáin maidir le bainistiú forbartha réigiúnaí a ardú, lena n-áirítear samhail rialachais il-leibhéil a fhorbairt.

Sléibhte Cairp mar mhacrairéigiún Eorpach ar leith

6.

ag meabhrú go gcumhdaítear le Sléibhte Cairp 190 000 km2, rud a fhágann gurb é an dara réigiún sléibhtiúil is mó san Eoraip i ndiaidh na nAlp, agus tá 68 milliún duine ina gcónaí ann. Is sliabhraon aonchineálach iad Sléibhte Cairp a bhfuil dhúshláin agus féidearthachtaí sonracha rompu ó thaobh forbartha de i ngeall ar a saintréithe geografacha;

7.

ag leagan béim ar na hacmhainní ar leith atá ag Sléibhte Cairp, amhail saibhreas nádúrtha, oidhreacht ilchultúrtha uathúil, acmhainní daonna agus comhfhéiniúlacht na bpobal sléibhe, lena dtugtar an deis oibriú i gcomhar le chéile agus forbairt shocheacnamaíoch a áirithiú sa cheantar seo atá níos dinimiciúla, níos inbhuanaithe agus níos cothroime;

8.

ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá Sléibhte Cairp i bhfianaise an ardleibhéil bithéagsúlachta atá iontu agus caomhnú an chomhshaoil nádúrtha, rud atá uathúil ar leibhéal an Aontais. Is cuid d’oidhreacht na hEorpa é an réigiún a chaithfear a chosaint do na glúine a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, tá oibleagáid ann bealaí iomchuí a aimsiú le haghaidh forbairt eacnamaíoch ionas gur féidir an oidhreacht sin a chaomhnú agus a chosaint. Ní mór, dá bhrí sin, gníomhaíochtaí eintiteas ar gach leibhéal rialtais a chomhordú sa réimse seo, agus aird a thabhairt ar chineál trasteorann na saincheisteanna comhshaoil;

9.

ag aithint acmhainneacht sochaithe arsa de chuid Shléibhte Cairp agus cultúr saibhir na réigiún sléibhtiúil atá ann mar gheall ar thionchar an Oirthir agus an Iarthair, taithí chomhchoiteann agus traidisiúin thréadacha. Le tionscnaimh reatha maidir le hoidhreacht chultúrtha chomhroinnte (3) a chaomhnú agus a chur chun cinn, léirítear an mhóracmhainneacht a thugann pobail áitiúla le chéile. Tá sé ríthábhachtach i réigiún Shléibhte Cairp go ndéanfar cearta na mionlach eitneach a urramú agus a n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú.

10.

ag tabhairt dá aire go bhfuil cuid mhór de na réigiúin is boichte sna Ballstáit lonnaithe i macrairéigiún Shléibhte Cairp agus tá an OTI per capita i bhformhór díobh faoi bhun 50 % de mhéan an Aontais. Ní féidir leo forbairt mar is ceart mar gheall ar an áit fhorimeallach ina bhfuil siad lonnaithe i ndáil le hIonaid Forbartha Eorpacha, naisc cumarsáide nár forbraíodh mar ba cheart mar gheall ar an tír-raon sléibhtiúil agus bacainní teorann atá ann le blianta anuas. Gné eile is ea an easpa bonneagair a eascraíonn as roinnt blianta de thearcinfheistíocht agus próisis le haghaidh claochlú eacnamaíoch, mar aon leis an bhfaillí a rinneadh in acmhainneacht forbartha.

11.

ag aithint go bhfuil sé riachtanach béim a leagan ar riachtanais shonracha de chuid réigiúin Shléibhte Cairp agus leas a bhaint as an acmhainneacht inginiúil ar leith atá sa mhacrairéigiún. Má dhéanann tíortha agus réigiúin i Sléibhte Cairp comhar comhpháirtíochta a ghlacadh, féadfar gníomhaíochtaí a chur in oiriúint do dhálaí forbartha ar leith agus do na riachtanais a eascraíonn as a ndálaí sóisialta, stairiúla, bonneagair agus geopholaitiúla;

12.

den tuairim go dtarraingeofaí béim ar an bhfadhb atá ann dá ndíreodh an Coimisiún Eorpach ar Shléibhte Cairp i ndoiciméad straitéiseach agus go mbeadh sé indéanta leas a bhaint as an acmhainneacht dhíomhaoin uathúil atá ag an macrairéigiún ar fad trí ghníomhaíochtaí a dhíriú ar na fadhbanna agus na dúshláin chothrománacha is tábhachtaí atá ann;

13.

ag meabhrú gur réigiún fíorthábhachtach geopholaitiúil é réigiún Shléibhte Cairp ina bhfuil leasanna straitéiseacha polaitiúla agus eacnamaíocha d’oirthear na hEorpa agus d’iarthar na hEorpa ag trasnú a chéile. Ba é sin an cás go háirithe i ndiaidh mhéadú an Aontais Eorpaigh in 2004, toisc go raibh sé ina chuid den teorainn in oirthear an Aontais feasta.

14.

ag tabhairt le fios go gcuimsíonn macrairéigiún Shléibhte Cairp Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh, mar aon leis an Moldóiv, an tSeirbia agus an Úcráin, rud a fhágann gur féidir comhtháthú idir tíortha de chuid an Aontais a mhéadú, agus tionchar a imirt ar thíortha comharsanachta trí iad a dhéanamh rannpháirteach i gcomhar níos doimhne;

Straitéis mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp a bhunú

15.

ag aithint an réimse tionscnamh atá déanta ar leibhéil éagsúla ag go leor grúpaí chun straitéis mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp (Straitéis Shléibhte Cairp) (4) a fhorbairt agus go dtugtar tacaíocht mhór don smaoineamh sin (5). Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil na tionscnaimh seo déanta ag rialtais, parlaimintí réigiúnacha, údaráis réigiúnacha agus bhardasacha agus pobail áitiúla;

16.

sásta go ndearnadh na doiciméid uile a ghlacadh ar bhonn idirphlé idir geallsealbhóirí sonracha mar chuid den phróiseas amach anseo agus gur cuireadh cineál trasnáisiúnta, idir-réigiúnach agus áitiúil na straitéise san áireamh. Is fianaise é sin ar chomhlántacht na ngníomhaíochtaí a rinneadh agus d’fhéadfaí go mbeadh an stráitéis mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp ag brath air seo amach anseo.

17.

ag moladh na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun an Creat-Choinbhinsiún maidir le Cosaint agus Forbairt Inbhuanaithe Shléibhte Cairp (Coinbhinsiún Sléibhte Cairp) a chur chun cinn, ar comhaontú idirnáisiúnta ilpháirtí é maidir le réigiún Shléibhte Cairp a bunaíodh ar phrionsabail chonartha an dlí idirnáisiúnta. Tá sé d’oibleagáid ar pháirtithe sa choinbhinsiún oibriú i gcomhar le chéile agus beartas cuimsitheach a shaothrú maidir le cosaint agus forbairt inbhuanaithe Shléibhte Cairp agus, san am céanna, cuspóirí agus forálacha an Choinbhinsiúin a áireamh ina mbeartais earnála féin (cuir i gcás, i dtaca le pleanáil spáis, an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, an t-iompar agus an turasóireacht), comhordú níos fearr a dhéanamh maidir leis na beartais seo agus cur chuige comhtháite a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú acmhainní talún.

18.

ag tabhairt dá aire gur sásra bainistíochta il-earnálach é Coinbhinsiún Sléibhte Cairp a chlúdaíonn réigiún Shléibhte Cairp agus lenar féidir comhtháthú idir-earnálach agus rannpháirtíocht forleathan na ngeallsealbhóirí ó leibhéil éagsúla (náisiúnta, réigiúnacha, neamhrialtais, etc.) a áirithiú. Is féidir na caighdeáin chomhair il-leibhéil a forbraíodh, mar aon leis na cúig phrótacal théamacha maidir leis an gCoinbhinsiún (6) a d’eascair as na caighdeáin sin (7)a úsáid mar chuid thábhachtach de chomhar breise;

19.

ag moladh taithí agus éachtaí réigiúin Eorpaigh Shléibhte Cairp, a bunaíodh in 1993 mar thionscnamh sochpholaitiúil arna thacú ag rialtais i dtíortha Shléibhte Cairp, agus is é an eagraíocht is mó a thacaíonn le forbairt shocheacnamaíoch sa réigiún seo. Le níos mó ná 26 bliana de thaithí, rinneadh struchtúr comhair trasearnála, idirnáisiúnta agus speisialaithe a mhúnlú ina bhfuil breis is 1 000 eintiteas páirteach.

20.

ag tabhairt dá aire gur chuir Coiste Eorpach na Réigiún an Grúpa Idir-Réigiúnach Shléibhte Cairp ar bun i mí Feabhra 2016, ina bhfuil ionadaithe údarás áitiúil agus réigiúnach ó na tíortha ábhartha rannpháirteach agus go bhfuil suim acu straitéis mhacrairéigiúnach a fhorbairt do Réigiún Shléibhte Cairp;

21.

ag déanamh tagairt dá thuairim maidir le straitéisí macrairéigiúnacha, amhail straitéis na Danóibe: creat chun cnuasaigh trasnáisiúnta a chur chun cinn (8), ina molann an Coiste straitéis a fhorbairt do Shléibhte Carip agus ina gcuireann sé in iúl go gcuirfeadh straitéis mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp go mór leis na tionscnaimh atá ann cheana, amhail Coinbhinsiún Sléibhte Cairp agus réigiún Eorpach Shléibhte Cairp, agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, leas a bhaint as an gcomhar atá ann cheana idir na húdaráis ar gach leibhéal.

22.

ag tabhairt le fios gurb é príomhchuspóir straitéis Shléibhte Cairp an t-ardluach atá ag an gceantar ó thaobh an dúlra de a chaomhnú agus dlús a chur le hiomaíochas agus tarraingteacht an mhacrairéigiúin ar bhonn a oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha uathúla, acmhainneacht inmheánach forbartha inbhuanaithe an réigiúin agus d’fhonn buntáiste iomaíoch a chruthú. Dá bhrí sin, ní foláir caighdeán maireachtála agus cáilíocht saoil na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiún Shléibhte Cairp a mhéadú agus, san am céanna, acmhainní éiceolaíocha uathúla an réigiúin a chaomhnú.

23.

den tuairim nach mór aghaidh a thabhairt go práinneach ar an dídhaonrú agus ar an daonra atá ag dul in aois i réigiún Shléibhte Cairp; dá bhrí sin, ba cheart go dtabharfaí tús áite, mar chuid den chomhar laistigh de straitéis mhacrairéigiúnach do Shléibhte Cairp, do sholáthar seirbhísí bunúsacha sóisialta a fhorbairt i Sléibhte Cairp, go háirithe na seirbhísí sin a bhaineann le rochtain ar an oideachas, an tsláinte agus an cuimsiú sóisialta;

24.

ag tabhairt dá aire gur cheart na gníomhaíochtaí atá molta sa straitéis a bheith dírithe ar chomhar inbhuanaithe eacnamaíoch a neartú in earnálacha macrairéigiúnacha straitéiseacha (an tionscal glan, an turasóireacht inbhuanaithe agus earnáil agraibhia), trí chnuasaigh gníomhaíochta Shléibhte Cairp a fhorbairt, mar aon le héiceachóras nuálaíochta macrairéigiúnach. Leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, ba cheart díriú ar úsáid éifeachtach acmhainní áitiúla, lena n-áirítear trí dheimhniúchán, trí bhranda coiteann do Shléibhte Cairp a thabhairt isteach le haghaidh tairgí agus trí acmhainneacht chomhroinnte tíortha agus réigiún Shléibhte Cairp. Ba cheart díriú freisin ar limistéir ina bhfuil dálaí socheacnamaíocha is lú fabhar a neartú agus iad a áireamh sa phróiseas forbartha chun feabhas a chur ar iomaíochas an mhacrairéigiúin ina iomláine;

25.

ag cur i bhfáth gur dlúthchuid d’fhorbairt an mhacrairéigiúin é luach comhshaoil réigiún Shléibhte Cairp. Is féidir feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil sa réigiún má dhéantar an méid seo a leanas: comhar macrairéigiúnach a fheabhsú d’fhonn an comhshaol nádúrtha a chaomhnú agus a chosaint, rioscaí nadúrtha a bhainistiú, an t-athrú aeráide a laghdú agus oiriúnú dó agus do na héifeachtaí a bhaineann leis agus ábhar atáirgthe á bhainistiú, lena n-áirítear trí bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus trí gníomhaíochtaí oideachais a chur i gcrích d’fhonn feasacht éiceolaíoch a mhéadú. Trí ghníomhaíochtaí a chomhordú ar fud réigiún Shléibhte Cairp, féadfar barainneachtaí scála a ghiniúint.

26.

den tuairim nach mór ról gníomhach a bheith ag limistéar Shléibhte Cairp ina iomláine agus nach mór dó cuidiú go mór le beartas an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an athrú aeráide agus é mar aidhm choiteann aige na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Cuireann an Coiste i bhfios go láidir go bhfuil sé riachtanach foraoisí Shléibhte Cairp a chaomhnú i ngeall ar an ról tábhachtach atá acu i laghdú astaíochtaí CO2 agus an tábhacht atá ag baint leo i ndáil le coinneáil uisce, cosaint ithreach agus an bithéagsúlacht a chaomhnú;

27.

den tuairim gur gá tionscnaimh maidir le hiomaíochas agus nuálaíocht an réigiúin a mhéadú a bheith nasctha le go mbeidh sé níos inrochtana. Ní féidir gníomhaíochtaí a chur i gcrích i limistéir eile mura bhfuil iompar inbhuanaithe agus bonneagar digiteach agus sóisialta ann. Trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh sa limistéar seo, is féidir réigiún Shléibhte Cairp a oscailt agus comhtháthú inmheánach an réigiúin a neartú, mar aon le cur le naisc thrasteorann;

28.

ag tabhairt le fios gur gnéithe tábhachtacha iad pleanáil spáis agus comhar laistigh den réigiún d’fhorbairt chuimsitheach réigiún Shléibhte Cairp. Is í cáilíocht ghníomhaíochtaí na-institiúidí, lena n-áirítear údaráis áitiúla, a chineann cáilíocht an chomhair, agus dá bhrí sin, ionchais d’fhorbairt an mhacrairéigiúin. Ba cheart tagairt a dhéanamh sa straitéis do shainiúlachtaí na líonraí lonnaíochta i Sléibhte Cairp (i.e. an líon mór bailte beaga atá lonnaithe i ngleannta), mar aon leis na pobail thréadacha thraidisiúnta a bhfuil cónaí orthu ag airdí arda atá níos laige le blianta anuas de dheasca athruithe socheacnamaíocha. Tá sé tábhachtach na naisc fheidhmiúla a fhorbairt idir na limistéir sna Sléibhte Cairp agus na limistéir máguaird agus ionaid uirbeacha a neartú freisin.

29.

ag déanamh tagairt dá thuairim roimhe seo (9) agus ag tabhairt dá aire go gcuirfidh an straitéis mhacrairéigiúnach do réigiún Shléibhte Cairp leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh i straitéis na Danóibe atá ann cheana, toisc go n-áirítear ann sainiúlachtaí réigiún Shléibhte Cairp. Tugann an Coiste le fios gurb í an straitéis maidir le réigiún na Danóibe (EUSDR, 2010) an straitéis mhacrairéigiúnach is mó san Aontas Eorpach ó thaobh méide de agus tá cuid den limistéar seo clúdaithe le Straitéis an Aontais do Réigiúin na nAlp (EUSALP, 2016) agus le straitéis an Aontais Eorpaigh don réigiún Aidriadach agus Iónach (EUSAIR, 2014), agus ní thagann drochéifeachtaí as an straitéis sin. Creideann an Coiste go mbeidh sé comhchosúil i gcás straitéis Shléibhte Cairp;

30.

ag athdhearbhú agus ag deimhniú an fhormheasa arna dtabhairt an iliomad uaireanta i dtuairimí dá chuid (10) maidir le straitéis mhacrairéigiúnach a fhorbairt do Réigiún Shléibhte Cairp agus creideann an Coiste gur tionscnamh dea-fhorbartha é a dhéantar ar gach leibhéal rialtais – ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

31.

ag meabhrú gur iarr an Chomhairle spreagadh polaitiúil athnuaite a bheith ann do straitéisí macrairéigiúnacha agus gur léirigh sí a hullmhacht chun anailís a dhéanamh ar thionscnaimh a bhfuil sé mar aidhm leo straitéisí nua a bhunú (11);

32.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacú leis an tionscnamh maidir le straitéis mhacrairéigiúnach a fhorbairt do Réigiún Shléibhte Cairp mar straitéis mhacrairéigiúnach bhreise agus ba é an dara straitéis a thabharfadh aghaidh ar réigiún Eorpach a bhfuil saintréithe shléibhtiúla aige;

33.

den tuairim gur féidir, leis an ionstraim don straitéis mhacrairéigiúnach, úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní airgeadais atá ar fáil mar chuid de chuspóir an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, trí chóras inmharthana a bhunú maidir le cómhaoiniú agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme a thacaíonn leis na réigiúin i dtíortha Shléibhte Cairp. Cuirfidh sé sin feabhas freisin ar rochtain na réigiún ar fhoinsí maoiniúcháin Eorpacha (12);

34.

ag aithint dó an tionchar dearfach atá ag Coinbhinsiún Sléibhte Cairp, agus an tábhacht a bhaineann lena chuspóirí agus le cóineasú na cuspóirí sin le tosaíochtaí an Aontais, tá an Coiste ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dul i mbun gnímh chun go mbeidh an tAontas ina pháirtí sa Choinbhinsiún agus tugann sé le fios go bhfuil sé ina pháirtí i gCoinbhinsiún na nAlp cheana.

An Bhruiséil, 4 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  Lena n-áirítear Teideal XVIII den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)  Mar aon le hionstraimí eile, amhail an Ghrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach (GECC), clár Interreg nó an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht.

(3)  D’fhéadfaí tionscadail a chur i gcrích laistigh de chláir ETC atá ann faoi láthair, lena n-áirítear cláir a reáchtálann údaráis áitiúla agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha.

(4)  Luadh an straitéis maidir le Sléibhte Cairp le linn na gcomhdhálacha dar teideal “Europe of the Carpathians”, atá á n-eagrú ó 2011 i leith. Mar chuid den Fhóram Eacnamaíoch in Krynica, eagraítear díospóireachtaí painéil atá dírithe ar an straitéis maidir le Sléibhte Cairp agus bíonn comhpháirtithe idirnáisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar rialtais agus ar réigiúin rannpháirteach iontu. I measc tionscnaimh ó rialtais áitiúla agus réigiúnacha tá: an Fóram Idirnáisiúnta maidir le Comhar Shléibhte Cairp, Laethanta Shléibhte Cairp sa Phobal Comharsanachta, mar aon le comhdhálacha agus cruinnithe iomadúla.

(5)  I mí Mheán Fómhair 2018, shínigh ionadaithe ó rialtais san Ungáir, sa tSlóvaic, san Úcráin agus sa Pholainn dearbhú intinne maidir le straitéis mhacrairéigiúnach do Réigiún Shléibhte Cairp a bhunú.

(6)  An Prótacal maidir le Caomhnú agus Úsáid Inbhuanaithe na hÉagsúlachta Bitheolaíche agus Tírdhreacha – 2008, Búcairist; Prótacal maidir le Turasóireacht Inbhuanaithe – 2011, an Bhratasláiv; an Prótacal maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí – 2011, an Bhratasláiv; an Prótacal maidir le hIompar Inbhuanaithe – 2015, Mikulov agus an Prótacal maidir le Talmhaíocht Inbhuanaithe agus an Fhorbairt Tuaithe – 2017 Lillafüred.

(7)  Gné thábhachtach i bpróiseas lánpháirtiú na hEorpa is ea an comhar laistigh de Choinbhinsiún Sléibhte Cairp, ina bhfuil na seacht dtír de Shléibhte Cairp – Poblacht na Seice, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSeirbia, an tSlóvaic agus an Úcráin – rannpháirteach, mar, de bhreis ar Bhallstáit de chuid an Aontais Eorpaigh, tá dhá thír ann atá ag roinnt teorann leis an Aontas Eorpach: is iad sin an tSeirbia agus an Úcráin.

(8)  Tuairm ó Choiste Eorpach na Réigiún 6422/2018 – Straitéisí macrairéigiúnacha, amhail straitéis na Danóibe: creat chun cnuasaigh trasnáisiúnta a chur chun cinn, rapóirtéir: Dainis Turlais (LV/ALDE) (níl leagan GA ann, teideal aistrithe).

(9)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún 6422/2018 (níl leagan GA ann, teideal aistrithe).

(10)  Lena n-áirítear na tuairimí seo a leanas: straitéisí macrairéigiúnacha, amhail straitéis na Danóibe: creat chun cnuasaigh trasnáisiúnta a chur chun cinn, tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún 6422/2018 (níl leagan GA ann, teideal aistrithe); Straitéisí macrairéigiúnacha de chuid an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún 2554/2017 (níl leagan GA ann, teideal aistrithe); Tuairim maidir le beartas comhtháthaithe amach anseo (2017/C 306/03).

(11)  COM(2019) 21 final – doc. 5927/19 + ADD 1.

(12)  Agus aird á tabhairt ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach agus ar thuairimí de chuid Choiste Eorpach na Réigiún, lena n-áirítear tuairim 2017/C/306/03 ó Choiste Eorpach na Réigiún (níl leagan GA ann, teideal aistrithe), ina n-éilítear go mbeidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa bunaithe ar chur chuige ina ndíreofar ar limistéir shonracha, agus ina ndeirtear gur cheart beartas agus idirghabhálacha de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith dírithe ar fhadhbanna a mbíonn tionchar acu ar limistéir shonracha inar cheart, i ngeall ar a staid shoch-eacnamaíoch, bearta sonracha a ghlacadh faoi CFAE.


10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

18


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Acmhainneacht na hEarnála Iarnróid maidir le Tosaíochtaí Beartais an Aontais Eorpaigh a Bhaint Amach

(2020/C 79/04)

Rapóirtéir

:

Pascal MANGIN (FR/PPE), Comhairleoir de Réigiún Grand Est

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

1.

ag tarraingt aird ar rannchuidiú na hearnála iarnróid, agus acmhainneacht na línte iarnróid réigiúnacha agus áitiúla go háirithe, le roinnt de thosaíochtaí beartais uileghabhálacha an Aontais, eadhon an dícharbónú agus maolú ar an athrú aeráide, comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta, an margadh inmheánach agus saorghluaiseacht daoine agus earraí, chomh maith le soghluaisteacht inbhuanaithe;

2.

ag tarraingt aird ar ról an ghréasáin iompair mar chnámh droma gheilleagar an Aontais – agus ar acmhainneacht an ghréasáin iarnróid chun na príomhbhealaí iompair a nascadh le réigiúin agus críocha forimeallacha an Aontais agus é a bheith ag cur le glasú dháileadh lóistíochta an Aontais Eorpaigh freisin trí aistriú an lasta fadachair ón mbóthar go dtí an t-iarnród a chur chun cinn; ag cur béim air, sa chomhthéacs sin, nár cheart faillí a dhéanamh ar ról na línte réigiúnacha tánaisteacha, cé nach mór gréasáin a mheastar a bheith ina ‘leas tosaíochta’a chur chun cinn go buan;

3.

ag déanamh tagairt do na deiseanna a chuireann an earnáil iarnróid ar fáil le haghaidh fostaíocht oilte sheasta lena ngabhann dáileadh cothrom post ar fud chríoch an Aontais agus do na hiarmhairtí dearfacha le haghaidh earnálacha eile den gheilleagar;

4.

á iarraidh go ndéanfar bearta chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an rannchuidiú sin i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena dtabharfar aghaidh ar ábhair imní na saoránach sna réimsí sin;

5.

ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá an ilmhódúlacht do chóras soghluaisteachta inbhuanaithe don Aontas – agus leas á bhaint as láidreachtaí gach modha iompair – agus ar an ngá atá le hiarrachtaí leanúnacha chun cothrom iomaíochta a áirithiú, go háirithe trí chostais sheachtracha a inmheánú;

6.

á thabhairt dá aire go bhféadfadh na hiarnróid a bheith ar an gcomhpháirt is tábhachtaí den chóras iompair. Beidh orthu glacadh go iomlán leis an digiteáil agus leis an uathoibriú chun seirbhísí ‘go dtí an ciliméadar deiridh’a áirithiú san earnáil paisinéirí agus iarnróid, agus, dá réir sin, rannchuidiú leis an aistriú chuig córas iompair níos inbhuanaithe;

7.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach cur chun feidhme cuí an chreata rialála iarnróid atá ann cheana a áirithiú;

8.

ag déanamh tagairt do ról na stáisiún mar iompróirí cultúir agus ionaid seirbhísí agus don rath atá ar scéimeanna taistil iarnróid amhail #DiscoverEU chun cultúr agus oidhreacht an Aontais a chur chun cinn;

Comhtháthú críochach

9.

á thabhairt dá aire go bhfuil sé de chúram ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha, sa bhreis ar an bhfreagracht as seirbhísí iompair phoiblí ar a gcríocha, comhtháthú críochach breise a chothú idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe. I gcomhthéacs ghealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras, tá réitigh á gcur chun feidhme ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le hearnáil iompair níos inbhuanaithe, rud a bheidh ríthábhachtach chun sprioc na hEorpa inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2030;

10.

den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag na hiarnróid i roinnt de thosaíochtaí beartais uileghabhálacha an Aontais agus gur cheart tosú le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe tríd an gComhaontú Glas nua don Eoraip a leagtar amach i dTreoirlínte Polaitiúla Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen. Rannchuidíonn na hiarnróid, go háirithe, le laghdú a dhéanamh ar na héagothromaíochtaí idir cathracha agus réigiúin pheirea-uirbeacha agus idir limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha;

11.

tar éis é a thabhairt le fios i dTuairim CDR 18/2017 nach mór an bonneagar is gá a chur ar bun, sna réigiúin sin nach bhfuil an t-iarnród chomh forbartha sin iontu, ionas gur féidir le saoránaigh agus le cuideachtaí úsáid a bhaint as iompar iarnróid faoi na coinníollacha céanna agus atá sa chuid eile de AE, d’fhonn Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chruthú, mura bhfuil réitigh eile iompair ann atá níos inbhuanaithe agus níos saoire, tríd is tríd, d’úsáideoirí agus don phobal i gcoitinne;

12.

á thabhairt le fios, cé go luaitear i gcuspóirí beartais reatha an Aontais gur cheart go mbeadh na Conairí Croíghréasáin (CNCanna) agus na Conairí Lasta Iarnróid ina bpríomhaiseanna chun idirmhódúlacht a fhorbairt ar fud an Aontais, go gcuirtear i dtreis go láidir sa tuarascáil taighde maidir le haistriú córa iompair a ullmhaíodh do Choiste TRAN (an Coiste um Iompar agus Turasóireacht) i bParlaimint na hEorpa nach ndáiltear nascacht go cothrom ar fud réigiúin an Aontais. Leagadh béim sa tuarascáil, go háirithe, ar an ngá atá lena áirithiú go mbeidh an deis ag críoch AE ina hiomláine nascadh leis an ngréasán iarnróid “i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe agus na hinrochtaineachta […], agus bunaithe ar tháscairí soiléire ar leibhéil éilimh agus ar dhálaí socheacnamaíocha an limistéir tionchair” (1); Má táthar chun an aidhm maidir le nascacht leordhóthanach a bhaint amach san Eoraip, caithfear na Conairí Croíghréasáin agus na conairí tánaisteacha araon a mhaoiniú ó chistiúchán an Aontais Eorpaigh;

13.

ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá naisc iarnróid trasteorann, lena n-áirítear naisc a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag baint leo. I bhfianaise an mhéid a chuireann siad go sonrach leis an gcomhtháthú críochach, ba cheart don Aontas iad a chur san áireamh, lena n-áirítear trí mhaoiniú a thabhairt faoi chláir AE;

Comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta

14.

á thabhairt dá aire, maidir leis an gcomhtháthú, go bhfuil an fhostaíocht san earnáil iarnróid scaipthe go forleathan ar fud réigiúin an Aontais, idir oibreoirí agus bhainisteoirí bonneagair, idir sholáthraithe, mhonaróirí agus seirbhísí cothabhála, sábháilteachta agus slándála. De réir na staidéar atá déanta, meastar go bhfuil 2.3 milliún duine fostaithe san earnáil agus go bhfuil 4 mhilliún duine fostaithe inti nuair a chuirtear éifeachtaí eacnamaíocha níos leithne san áireamh (2). Mar thoradh ar ghealltanais earnála agus oibríochtúla, is fostóir í an earnáil iarnróid atá freagrach go sóisialta agus a chuireann forbairt lucht saothair oilte chun cinn agus a fhónann mar chatalaíoch don fhás inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais;

15.

á iarraidh go mbeadh dlúth-chomhpháirtíocht idir an Coimisiún agus an earnáil iarnróid chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna maidir le hoiliúint, earcaíocht agus tarraingteacht gairmeacha san earnáil iarnróid do dhaoine fásta óga go háirithe, agus chun féachaint ar ghairmithe a dhéanann cúraimí cigireachta mar oifigigh údaráis ar an leibhéal Eorpach, d’fhonn ionsaithe ar na daoine sin a bhfuil an stádas sin acu a theorannú trína áirithiú go mbeidh pionóis san áireamh sna cóid phionóis náisiúnta;

16.

á thabhairt le fios go mbeidh éileamh breise ag an tionscal iarnróid ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus ar ghairmithe cibearshlándála de réir mar a thagann méadú ar dhigiteáil agus uathoibriú na hearnála. Beidh éifeachtaí iarmharta dearfacha ag forbairtí den sórt sin ar earnálacha eacnamaíocha eile agus fágfaidh post amháin nua i dtionscal na n-iarnród go gcruthófar 0.52 post breise in earnálacha eile, go príomha i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (3);

17.

á thabhairt dá aire go bhfuil an earnáil iarnróid thíos freisin leis an mbearna scileanna agus go bhfuil riachtanais athraitheacha scileanna le sárú in earnálacha áirithe i gcomhthéacs na digiteála agus an uathoibrithe (4);

18.

ag déanamh tagairt do na sochair a bhaineann le scéimeanna struchtúrtha oiliúna san earnáil iarnróid – maidir leis na gairmeacha atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn san earnáil iarnróid – a d’fhéadfaí a bhunú i gcomhar le soláthraithe gairmoideachais agus le meánscoileanna agus a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil ó chistí an Aontais le haghaidh uas-sciliú/athsciliú i gcomhthéacs an aistrithe go gairmeacha áirithe a bheidh níos digití agus níos uathoibrithe (5);

19.

á chur i bhfios go láidir gur gné thábhachtach amháin é easpa ionadaíochta na mban i bhfostaíocht na hearnála iarnróid. De réir staidéar RMMS 2019 (6), céatadán idir 8 agus 49 % atá ann ar fud an Aontais, agus níl ach ceithre Bhallstát ann atá os cionn 30 %. Ach gairmeacha san earnáil iarnróid san Aontas Eorpach a dhéanamh níos tarraingtí do mhná, d’fhéadfaí baic earcaíochta a laghdú. Tá aird á tarraingt ag Coiste Eorpach na Réigiún ar an toradh a bhí ar Ardán an Aontais le haghaidh athrú agus ar liosta na ndea-chleachtas (7) atá acu chun aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí sin. Tá gá le meascán de bhearta a dhéanann cuideachtaí, bearta ar leibhéal earnála agus gníomhaíochtaí beartais;

An ról speisialta atá ag stáisiúin paisinéirí mar ardáin chultúrtha

20.

á athdhearbhú an athuair an phríomhtheachtaireacht ón Tuairim CdR 185/2018 (8) agus tagairt á déanamh aige do ról na stáisiún sa chomhthéacs sin, trína thabhairt dá aire “that cultural heritage in its diverse forms is a major asset for Europe: it is a resource with the potential to become a key lever for more cohesive and sustainable regions in the EU that can help strengthen identity in a region as well as in Europe as a whole, and particularly embodies the EU’s motto of ‘United in diversity’”;

21.

á thabhairt dá aire gur iompróirí tábhachtacha cultúir, chomh maith le paisinéirí a iompar, iad stáisiúin agus go gcuireann siad líonra for-rochtana fairsing ar fáil. Dá bhrí sin, tá siad an-oiriúnach leis an gcultúr a chur in iúl agus deiseanna cultúrtha a chur ar fáil do phobal níos leithne, rud a chuireann leis an gcáilíocht saoil agus leis an gcomhtháthú sóisialta. Is amhlaidh atá go háirithe i mbailte agus i gcathracha meánmhéide, áit a bhfuil acmhainneacht neamhshaothraithe ag stáisiúin mar ionaid chultúrtha eile seachas músaeim nó féilte;

22.

dá bhrí sin, ag spreagadh bainisteoirí stáisiúin agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha tionscnaimh chultúrtha a fheabhsú i stáisiúin agus an leas is fearr is féidir a bhaint as na scéimeanna atá ann cheana amhail Duais AE don Ailtireacht Chomhaimseartha (9), agus as comhar féideartha le Bealach Eorpach na hOidhreachta Tionsclaíche (ERIH) chun feasacht maidir le hoidhreacht chultúrtha agus éagsúlacht chultúrtha an Aontais a chur chun cinn (10), leis an Líonra AE de Mhoil Chruthaitheacha lena n-áirítear stáisiúin áirithe a athraíodh ó bhonn, le hainmniúcháin do dhámhachtainí ailtireachta comhaimseartha AE, agus le Clár AE um Eoraip Chruthaitheach atá ar fáil do thionscadail a bhfuil níos mó ná trí Bhallstát páirteach iontu agus ar mian leo gnéithe sonracha cultúir a chur chun cinn;

23.

den tuairim nár cheart talamh slán a dhéanamh den rath atá ar chlár #DiscoverEU (11) faoi láthair. A bhuí leis an scéim sin, bhí 30 000 Eorpach óga in ann taisteal saor in aisce ar na hiarnróid ar feadh tréimhse idir lá amháin agus mí amháin. Dá bhrí sin, molann sé tionscnamh comhpháirteach a sheoladh lena dtabharfaí le chéile clár #DiscoverEU an Choimisiúin Eorpaigh, an earnáil iarnróid agus Coiste Eorpach na Réigiún, tionscnamh a bhféadfadh sé a bheith mar aidhm leis na turais Interrail a dhéanfadh daoine óga a nascadh le clár imeachtaí i gcathracha agus i réigiúin na hEorpa, imeachtaí a dhíreodh ar stáisiúin traenach áitiúla agus ar an gceantar máguaird ó thaobh an chultúir de agus/nó ar chuairteanna teicniúla allamuigh ionas go bhfoghlaimeodh daoine óga níos mó faoi na hiarnróid;

24.

ag tarraingt aird ar an méadú atá ag teacht ar an tóir atá ar thraenacha oíche, go háirithe i measc daoine óga, agus an gá atá ann na seirbhísí sin a athsheoladh ar phríomhbhealaí áirithe san Eoraip mar chuid den aistriú chuig an ngeilleagar glas. Tugann sé dá aire go ndéanfaidh an fhéile idirnáisiúnta ealaíon EUROPALIA eagrán 2021 na féile a thiomnú do thionchar na n-iarnród ar na healaíona agus molann sé gur cheart aird a tharraingt le linn na féile sin ar thábhacht na dtraenacha oíche agus ar athbheochan na dtraenacha sin. Tá sé ag iarraidh ar an earnáil iarnróid, freisin, an méid a chuireann sí leis an turasóireacht inbhuanaithe a mhéadú trí dhlús a chur leis an gcomhar le gníomhaireachtaí taistil agus le modhanna eile iompair;

Comhaontú Glas don Eoraip

25.

á thabhairt dá aire go bhfuil a chuspóir dearbhaithe arís agus arís eile ag an Aontas go mbeidh a chuid tionscal ina gceannairí domhanda i réimse na nuálaíochta, an digitithe agus an dícharbónaithe. Cuireadh an dícharbónú agus maolú ar an athrú aeráide ar bharr thosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin nua mar chuid den “Chomhaontú Glas don Eoraip”. Sin é an fáth a bhfuil géarghá le tograí úra agus cothroma ón gCoimisiún agus gur cheart iad a chur i láthair le linn na 100 lá tar éis don Choimisiún nua tús a chur lena chuid oibre. Ba cheart don Choimisiún a thabhairt le fios cad iad na hacmhainní airgeadais atá de dhíth chun na spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach;

26.

á thabhairt dá aire go cuí an méadú atá ag teacht ar ghluaiseachtaí pobail, amhail “náiriú faoi dhul ar eitiltí”nó stailceanna ar son na haeráide, agus tá sé suite de nach gcabhróidh siad seo le hathrú córa iompair a spreagadh ach amháin má thugann na hiarnróid fíor-rogha mhalartach ar mhodhanna iompair níos truaillithí ar phraghas réasúnta. Braitheann sé sin ar ranníocaíochtaí ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ó na húdaráis phoiblí, ach freisin ar chumas na hearnála a bheith níos neamhdhíobhálaí fós don chomhshaol;

Feidhmíocht chomhshaoil agus cur chun feidhme an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as

27.

á thabhairt dá aire gurb í an earnáil iompair is cúis le 27 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Tá mianta beartais reatha an Aontais leagtha amach sa Straitéis maidir le Soghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí a ghlac an Coimisiún in 2016, agus sa trí “Phacáiste Soghluaisteachta”reachtacha a eisíodh ina dhiaidh sin. Maidir leis an earnáil iarnróid, tá na rátaí astaíochta is ísle inti i gcomparáid le gach modh iompair eile. Ina theannta sin, is é an t-iarnród an t-aon earnáil iompair a bhfuil laghdú ag teacht ar na hastaíochtaí foriomlána uaithi (12), d’ainneoin an méadú atá ag teacht ar an méid atá á iompar;

28.

ag déanamh tagairt don staidéar a rinne CE Delft (13) in 2019 maidir le hinmheánú na gcostas seachtrach. Tugtar le fios sa staidéar sin go bhfuil an t-iarnród ar an gcóir iompair is fearr chun an costas athraitheach bonneagair agus seachtrachtaí amhail truailliú aeir, CO2 agus torann a chumhdach trí mhuirir, agus go bhfuil na bearnaí sa chumhdach costais níos ísle in EUR in aghaidh paisinéir-km nó in aghaidh tona-km i gcomparáid le modhanna iompair eile;

29.

den tuairim go mbeadh feidhmíocht chomhshaoil na n-iarnród níos fearr fós dá dtabharfadh na hiarnróid aghaidh ar na príomhlaigí atá acu trí leas níos córasaí a bhaint as traenacha lasta níos faide agus níos troime, traenacha níos ciúine a rolladh amach, trí bhíthin iarfheistiú vaigíní le bloic choscáin chomhchodacha a dhreasú agus trí fhuinneamh glan agus éifeachtúil a úsáid;

30.

den tuairim gur cheart go mbeadh na hiarnróid ag obair go dian freisin ar roghanna a bheadh ina malairt ar tháirgí díobhálacha amhail gliofosáit nó créasóid a úsáidtear ar an iliomad ciliméadar d’iarnród;

31.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil mórghníomhaithe iarnróid tiomanta don aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ach measann sé go mbeifear in ann an cuspóir sin a bhaint amach roimhe sin sna blianta beaga amach romhainn;

32.

den tuairim gur féidir le reachtóirí rannchuidiú le cuspóir den sórt sin tríd an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur chun feidhme. Meabhraíonn Coiste na Réigiún an Tuairim CDR 18/2017 uaidh (14) ina luaitear gur cheart do na modhanna iompair go léir rannchuidiú, i gcomhréir leis an méid a thruaillíonn siad, leis na costais sheachtracha arb iad is cúis leo, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus gur cheart go dtabharfaí ardtosaíocht do na réitigh aistrithe córa iompair a bhaineann le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí, mar shampla, trí athmhachnamh a dhéanamh ar fhóirdheontais fholaithe nó oscailte a thugtar don iompar de bhóthar;

33.

ag éileamh go ndéanfar athbhreithniú ar na díolúintí CBL atá ann faoi láthair dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (15) faoina gcuireann gach Ballstát díolúintí CBL i bhfeidhm le haghaidh eitlíocht trasteorann ach nach gcuireann siad díolúintí CBL i bhfeidhm le haghaidh taisteal iarnróid trasteorann. D’fhágfadh leasuithe ar an Treoir go mbeadh na Ballstáit in ann rátaí CBL ar sheirbhísí iompair trasteorann do phaisinéirí a chur i bhfeidhm ar bhealach níos inbhuanaithe. Tá an Coiste ag tarraingt aird sa chomhthéacs seo ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun “deireadh a chur leis an díolúine ó cháin eitlíochta ar bhreosla san Eoraip” (16). Tugann sé dá aire freisin na gealltanais a rinne an tUasal Timmermans, leas-uachtarán feidhmiúcháin um Chomhaontú Glas don Eoraip, maidir leis an ngá atá ann athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear le breoslaí áirithe iompair chun an méid sin a thabhairt i gcomhréir níos fearr le cuspóirí aeráide an Aontais;

34.

maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh (2003/96/CE) (17) a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen, á iarraidh go gcuirfí deireadh leis na díolúintí éigeantacha cánach i gcás eitlíochta agus loingseoireacht mhuirí (cé go bhfuil na díolúintí sin roghnach i gcás táirgí fuinnimh agus leictreachas a úsáidtear le haghaidh iompar earraí agus paisinéirí ar iarnród, meitreo, tram, etc.) mar bheart breise chun aistriú córa iompair go modhanna iompair atá níos inbhuanaithe a spreagadh;

Tarraingteacht na n-iarnród agus an t-aistriú córa iompair

35.

den tuairim go spreagfar an t-aistriú córa iompair freisin trí fheabhas a chur ar iontaofacht agus ar chompord na dtraenacha. Is dlúthchuid den chompord taistil iad na stáisiúin. Ba cheart go mbeadh Daoine atá faoi Mhíchumas Luaineachta in ann tairbhe a bhaint freisin as an gcaighdeán seirbhíse breise sin ar bord agus sna stáisiúin. Tá na traenacha oíche a thaistealaíonn achair níos faide ag tairiscint réitigh atá ag éirí níos iontaofa toisc go bhfuil paisinéirí ag lorg roghanna malartacha taistil inbhuanaithe de réir a chéile. Is féidir leis an earnáil iarnróid (gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair) páirt a ghlacadh san fheachtas seo trí phraghsanna tarraingteacha, traenacha compordacha agus conairí traenach oiriúnacha a chur ar fáil;

36.

á thabhairt le fios go gcuireann na hiarnróid meascán maith de luas, de shábháilteacht, de chompord, d’éifeachtúlacht agus d’fheidhmíocht chomhshaoil ar fáil. Mar sin féin, is ionann an t-iompar de bhóthar agus níos mó ná 50 % den iompar lasta agus an t-iompar d’iarnród 12 %. Maidir le hiompar paisinéirí, in ainneoin méadú áirithe ar líon na bpaisinéirí le blianta beaga anuas, tá níos lú ná 10 % ar an meán de sciar an mhargaidh ag na hiarnróid fós. Tá ról tábhachtach ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le plé a chur chun cinn le hoibreoirí poiblí agus príobháideacha araon maidir le maoiniú agus réitigh a aimsiú d’fhonn seirbhísí tarraingteacha iompair a fhorbairt. Chuige sin, iarrann Coiste Eorpach na Réigiún ar an gCoimisiún Eorpach mótarbhealaí iarnróid a chur chun cinn agus cistiú poiblí a gcríochfort agus a rothstoic a chur chun cinn mar rogha aistrithe córa iompair bharrfheabhsaithe a chuideoidh le dlús mór a chur le dícharbónú an iompair lasta;

Digiteáil, nuálaíocht agus beartas tionsclaíochta

37.

den tuairim gur gnách go gcruthaíonn taithí ón dá oibreoir ollmhóra iarnróid de chuid na Fraince agus na Gearmáine gur cheart go n-díreodh na hiarnróid arís ar a bpríomhghnó: iompar d’iarnród. Fágfaidh straitéis chuí tionsclaíochta in éindí leis an digiteáil, gur féidir níos mó traenacha a chur ar na ráillí;

38.

á mholadh, i gcomhcheangal leis an digiteáil:

—gur cheart ERTMS a chur ar fáil ar luas tapa chun toilleadh breise agus iompar níos sábháilte a chomhcheangal;

gur cheart an digiteáil a fhorbairt ar leibhéal idirmhódúil chun feidhmíocht na hearnála iompair ina hiomláine a bharrfheabhsú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar sheirbhísí do Dhaoine faoi Mhíchumas Luaineachta nó d’aon chineál míchumais (fisiciúil, céadfach nó síceolaíoch);

chun cúram custaiméirí a fheabhsú agus chun nasc sonraí ardfheidhmíochta agus rochtain idirlín a chur ar fáil do phaisinéirí, gur cheart leas iomlán a bhaint as 5G;

gur cheart “Traenacha Lasta Digiteacha”a rolladh amach go gasta. Baileoidh siad faisnéis faoi stádas na n-earraí agus faoin traein féin (teocht, suaití, foláirimh slándála etc.); gur cheart iad a chomhroinnt ar bord agus le lárionaid rialaithe cois iarnróid;

gur cheart dlús a chur le cothabháil thuarthach an rothstoic agus an bhonneagair araon trí bhraiteoirí cianda gan sreang (Idirlíon na Rudaí Nithiúla) a ghlacadh ar scála mór chun teochtaí, brúnna, creathanna, agus foláirimh slándála a bhrath ag pointí criticiúla agus, san fhíor-am, sonraí uile na mbraiteoirí sin a bhailiú agus a eagrú go huathoibríoch, agus anailís láithreach á déanamh ag córais uathoibríocha atá bunaithe ar an Intleacht Shaorga;

39.

ag cur in iúl go láidir go bhfuil acmhainneacht ticéadaithe chomhtháite agus MaaS (Soghluaisteacht ar Éileamh) ag brath ar ghníomhaithe iompair a chuireann a gcuid sonraí ar fáil go héasca don chuid eile den éiceachóras. Ba cheart treoirlínte a bhunú ar leibhéal an Aontais chun an earnáil iarnróid a spreagadh chun a gcuid sonraí a oscailt tuilleadh. Is féidir leo cur le forbairt cathracha cliste. Ag an am céanna, déanfaidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha inniúlachtaí nua a fhorbairt maidir le sonraí poiblí a tháirgeadh, a mhalartú agus a bhainistiú;

40.

ag cur i bhfáth nach mór do chórais chomhtháite ticéadaithe a bheith comhoiriúnach dá chéile, rud a laghdóidh an baol go dtarlóidh ilroinnt sa mhargadh inmheánach;

41.

den tuairim, i bhfianaise an tionchair shuntasaigh a bheidh ag an digiteáil agus ag an uathoibriú ar phróisis agus ar sheirbhísí lena mbaineann údaráis áitiúla agus réigiúnacha sna blianta amach romhainn, go bhfuil sé fíorthábhachtach a áirithiú go dtiocfaidh comharba ar an gComhghnóthas Shift2Rail sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Beidh ar gach comhpháirtí, sin le rá an tAontas Eorpach agus an earnáil iarnróid, leanúint dá n-iarrachtaí airgeadais agus ba cheart don earnáil sin níos mó tionscadal il-chomhpháirtí a fhorbairt ar scála Eorpach ina mbeidh FBManna páirteach;

42.

á thabhairt le fios go gcaithfidh Shift2Rail, mar mhalairt, a ghealltanais a chomhlíonadh: costas saolré córas iarnróid a laghdú 50 % (forbairt, oibriú agus athnuachan an rothstoic); toilleadh an chórais iarnróid a dhúbailt; poncúlacht agus iontaofacht seirbhísí iarnróid a mhéadú 50 %; na constaicí atá fágtha ó thaobh oibríochtúlachta agus éifeachtúlachta de a bhaint; seachtrachtaí amhail torann, creathadh agus astaíochtaí a laghdú; a áirithiú chomh maith go gcuirfear inrochtaineacht uilíoch chun cinn, rud a rachadh níos faide ná díreach na rialacháin náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh;

Iomaíocht idirmhódúil

43.

á thabhairt dá aire go meastar gur idir EUR 18 mbilliún agus EUR 32 bhilliún thar an tréimhse ó 2019 go 2034 a bheidh sna gnóthachain ghlana ó na margaí a oscailt tuilleadh, ó thairiscintí oscailte níos mó le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí agus ó dhíchuachadh leanúnach. Dá bhrí sin, iarrann Coiste Eorpach na Réigiún ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid a áirithiú go gcuirfear an 4ú Pacáiste Iarnróid chun feidhme mar is ceart chun tairbhe a bhaint as oscailt an mhargaidh agus as simpliú na rialacha;

44.

á thabhairt dá aire go bhféadfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a dhámh an conradh seirbhíse poiblí a iarraidh go ndéanfaidh an Comhlacht Rialála tástáil cothromaíochta eacnamaíche a reáchtáil chun a áirithiú nach gcuirfear seirbhís phoiblí atá ann cheana i mbaol le seirbhís nua iarnróid. Tá neartú na gcomhlachtaí rialála ríthábhachtach freisin chun éiceachóras iarnróid a fheidhmíonn níos fearr a bhaint amach. Chuige sin, ní mór a neamhspleáchas agus a gcumhacht a chosaint;

45.

á thabhairt le fios gur gníomhaí tábhachtach i margadh an rothstoic iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha freisin agus gur féidir leo cabhrú le hiontrálaithe nua rochtain a fháil ar fhlít. Ba cheart go mbeadh sé sin comhthreomhar le margadh níos dinimiciúla do rothstoc athláimhe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh do phaisinéirí agus do lasta araon. Tá freagracht ar na gnóthais iarnróid atá ann cheana i ndáil leis sin ós iad na príomhúinéirí rothstoic iad;

Idirmhódúlacht/Ilmhódúlacht

46.

á chur i bhfios go mbeidh sé níos tábhachtaí de réir a chéile don chóras iarnróid ina iomláine cinntí a dhéanamh i dtéarmaí soghluaisteachta agus ní hamháin i dtéarmaí iompar d’iarnród. Bíonn paisinéirí i gcríocha an Aontais ag súil anois le seirbhísí ilmhódacha ó dhoras go doras agus bíonn siad an-sásta triail a bhaint as modhanna nua iompair (comhroinnt carranna, scútair leictreacha, iompar poiblí, etc.). Trí choincheap na Soghluaisteachta mar Sheirbhís a chur san áireamh go hiomlán agus tríd an acmhainneacht comhtháthú le modhanna eile iompair a chur san áireamh, agus seirbhísí ‘go dtí an ciliméadar deiridh’á gcur san áireamh, d’fhéadfadh an t-iarnród a sciar den mhargadh a mhéadú;

47.

á thabhairt le fios go raibh an smaoineamh maidir le féiniúlacht Eorpach i réimse na soghluaisteachta a chruthú á scaipeadh le linn Choimisiún Juncker. Is mian le Coiste Eorpach na Réigiún go ndéanfadh an Coimisiún nua imscrúdú breise ar na bealaí teicniúla agus dlíthiúla chun é a thabhairt i gcrích. Is ionann é agus tionscadal an-uaillmhianach agus sofaisticiúil trína ndéanfadh feiste/cárta uathúil lárú ar an méid seo a leanas:

sonraí próifíle lena n-áirítear fianaise do Dhaoine faoi Mhíchumas Luaineachta agus ceadúnais tiomána;

modh íocaíochta agus ríomhthicéad do gach modh iompair;

cuntas chun cúiteamh a fháil as sáruithe ar chearta paisinéirí;

uirlis chun lorg carbóin shoghluaisteacht an duine a ríomh;

48.

ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na constaicí atá le laghdú, go háirithe ráthaíochtaí paisinéirí i gcoinne naisc a chailltear nó i gcoinne soláthar faisnéise, go háirithe paisinéirí a bhíonn ag taisteal idir Ballstáit éagsúla ar nascthraenacha nach minic a mbíonn siad chomh mór ar an eolas faoina gcearta agus atá paisinéirí eitlíochta;

49.

den tuairim gur cheart infheistíochtaí in iompar lasta d’iarnród a dhíriú ar scrogaill an chiliméadair deiridh. Ní hamháin go bhfuil feidhm aige maidir le nóid uirbeacha, ach tá feidhm aige freisin maidir le naisc iarnróid i gcalafoirt. Ní mór tosaíocht a thabhairt d’iompar lasta i bpleanáil an toillte; Ina theannta sin, tá an Coiste ag éileamh méadú ar fhoinsí cistiúcháin atá dírithe ar fhorbairt lárionad iompair ilmhódúil agus ar chruthú mol, rud a éilíonn infheistíochtaí mórscála;

50.

á chur in iúl gurb oth leis nárbh fhéidir an chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an Treoir maidir le hIompar Traschórais (92/106/CEE) (18) a thabhairt chun críche roimh an athnuachan institiúideach a rinneadh go luath in 2019 agus go bhfuil súil aige go gcuirfear tús léi arís i bhfómhar 2019;

51.

den tuairim gur cheart an fhéidearthacht maidir le blocdhíolúine ghinearálta d’infheistíocht in ardáin lóistíochta idirmhódúla a mheas. Beart tábhachtach simpliúcháin a bheadh ann d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Réamhriachtanas do dhíolúine den sórt sin, áfach, is ea go staonfaidh na hiarnróid ó thras-fhóirdheontais. Cabhróidh sí lena chur ina luí ar lucht déanta cinntí gur chóir do na rialacha maidir le státchabhair leanúint de na hiarnróid a chur chun cinn i gcomparáid le modhanna iompair níos truaillithí, i gcomhréir le Treoirlínte Comhphobail 2008 maidir le Státchabhair do Ghnóthais Iarnróid (19);

Sábháilteacht agus slándáil iarnróid

52.

á chur i dtreis gur cuid den DNA iarnróid í an tsábháilteacht agus gur féidir í a fheabhsú tuilleadh i gcomhréir leis na feabhsuithe idir-inoibritheachta is gá. Is é ATO, ERTMS, cothabháil thuarthach agus an chibearshlándáil a bheidh ar an ngné dhigiteach den fheabhsú sin, chomh maith le deireadh a chur le crosairí comhréidhe;

Trádáil

53.

ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá cur chuige cothrom i leith na ndeich bpointe gníomhaíochta a comhaontaíodh maidir leis an gcaidreamh leis an tSín a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta 2019 (AE-an tSín – Ionchas straitéiseach) (20);

54.

ag tacú leis an ngá atá aitheanta sa Teachtaireacht maidir le maoirseacht iomchuí chun a áirithiú nach mbainfear an bonn go míchuí ó chumas reatha an Aontais agus ón acmhainneacht amach anseo maidir le táirgeadh ardoilte (agus na deiseanna fostaíochta comhfhreagracha ar fud chríocha an Aontais) de dheasca saobhadh iomaíochta ar an leibhéal idirnáisiúnta (rochtain ar mhargaí tógála, oibriú na seirbhísí iarnróid, etc.);

55.

á thabhairt le fios (i) go n-éilítear le Gníomhaíocht 6 den Teachtaireacht maidir le hIonchas Straitéiseach ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an Ionstraim um Sholáthar Poiblí Idirnáisiúnta a ghlacadh roimh dheireadh 2019, (ii) gur chuir an Coimisiún Eorpach in iúl go bhfoilseofaí treoirlínte faoi lár 2019 maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí agus earraí eachtrannacha i margadh soláthair an Aontais, agus (iii) go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a shonrú roimh dheireadh 2019 conas na bearnaí atá i ndlí an Aontais faoi láthair a líonadh;

56.

maidir le soláthar poiblí san earnáil iarnróid, ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le prionsabal MEAT (an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch) a chur i bhfeidhm, mar atá leagtha amach i bpacáiste soláthair phoiblí 2014 an Aontais, agus iarrann sé ar an gCoimisiún treoirlínte a sholáthar maidir le prionsabal MEAT a úsáid. Ag an am céanna, ní mór don phróiseas soláthair phoiblí a ráthú go ndéanfar feabhsuithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a ionchorprú sna sonraíochtaí;

An Bhruiséil an 4 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  http://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2018/629182/IPOL_STU(2018)629182_EN.pdf

(2)  ERRAC (an Chomhairle Chomhairleach Eorpach um Thaighde Iarnróid): https://errac.org/wp-content/uploads/2019/03/122017_ERRAC-RAIL-2050.pdf

(3)  http://www.esce.at/ecodev/wp-content/uploads/2016/04/2013-Der-%C3%B6konomische-Fu%C3%9Fabdruck-des-Systems-Bahn-Folder.pdf

(4)  https://ec.europa.eu/transport/modes/rail/market/market_monitoring_en

(5)  http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-15431-2017-INIT/en/pdf

(6)  https://ec.europa.eu/transport/modes/rail/market/market_monitoring_en

(7)  https://ec.europa.eu/transport/themes/social/women-transport-eu-platform-change_en

(8)  Beartas Sóisialta, Oideachas, Fostaíocht agus Cultúr.

(9)  https://ec.europa.eu/programmes/creative-europe/actions/architecture-prize_en

(10)  https://www.erih.net/

(11)  https://europa.eu/youth/discovereu_ga

(12)  https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/daviz/share-of-transport-ghg-emissions-1#tab-chart_1

https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/daviz/specific-co2-emissions-per-tonne-2#tab-chart_1

(13)  https://ec.europa.eu/transport/sites/transport/files/studies/internalisation-state-of-play-isbn-978-92-76-01413-3.pdf

(14)  IO C 342, 12.10.2017, lch. 57

(15)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1)

(16)  https://www.fairosene.eu/

(17)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 ag athstruchtúrú an chreata Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(18)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair earraí de bhóthar idir Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(19)  https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:C:2008:184:0013:0031:EN:PDF

(20)  https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/communication-eu-china-a-strategic-outlook.pdf


10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

25


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Feabhas a chur ar Acmhainneacht Riaracháin na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach chun Infheistíochtaí agus Athchóirithe Struchtúracha a neartú in 2021-2027

(2020/C 79/05)

Rapóirtéir

:

Manuela BORA (IT/PES), Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Marche agus Aire Réigiúnach

TUAIRIM

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Acmhainneacht Riaracháin Leordhóthanach a áirithiú do Chathracha agus do Réigiúin an Aontais: an Dúshlán

1.

á chur i bhfáth gur eilimint ríthábhachtach í an acmhainneacht riaracháin le haghaidh cur chun feidhme rathúil infheistíochtaí agus athchóirithe atá riachtanach chun cuspóirí beartais fadtéarmacha an Aontais a bhaint amach. Tar éis don Straitéis Eoraip 2020 dul in éag, ba cheart na cuspóirí fadtéarmacha sin a leagan amach faoi chuimsiú chur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe, agus ba cheart tosaíocht a bheith ag na spriocanna sin freisin ar scéimeanna rialachais eacnamaíoch is ábhartha don acmhainneacht riaracháin amhail próiseas an tSeimeastair Eorpaigh. á chur i bhfáth freisin a fhíorábhartha atá sé acmhainneacht riaracháin na n-údarás áitiúil agus réigiúnach (LRAnna) a neartú maidir leis na dúshláin chomhshaoil agus aeráide nach mór aghaidh a thabhairt orthu agus an Comhaontú Glas nua á chur chun feidhme;

2.

á thabhairt dá aire gur gníomhaithe ábhartha iad na LRAnna i dtaca le roinnt na gcumhachtaí laistigh de na Ballstáit agus gurb iad faoi deara níos mó ná leath na hinfheistíochta poiblí san Aontas, gan dearmad a dhéanamh ar an tionchar mór chun spreagtha a bhíonn acu i leith na hinfheistíochta príobháidí ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur buntáisteach an ní acmhainneacht fheabhsaithe riaracháin a bheith ag LRAnna má táthar chun beartais phoiblí áit-bhunaithe a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí, ar réamhriachtanas iad sin maidir le muinín a bheith ag na saoránaigh as institiúidí áitiúla, institiúidí réigiúnacha agus institiúidí an Aontais;

3.

á thabhairt chun suntais gur tugadh aghaidh ó mhí Eanáir 2017 i leith in 38 dtuairim agus rún ó Choiste na Réigiún, ar a laghad, ar an ngá atá le hacmhainneacht riaracháin na LRAnna a neartú ina lán réimsí, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe, CEIS/InvestEU agus clár an mhargaidh aonair (1); ag tarraingt aird freisin ar an rún dar dáta 9 Deireadh Fómhair 2019 a d’eisigh sé maidir leis an Seimeastar Eorpach agus i bhfianaise a leanfaidh de Shuirbhé Bliantúil Fáis 2020 (2);

4.

ag cur in iúl go láidir go dtugtar aghaidh in 12 % de na fo-mholtaí uile a áirítear i moltaí tír-shonracha 2019 ar na dúshláin a bhaineann le hacmhainneacht riaracháin na LRAnna (3) in 17 mBallstát;

5.

á mheas gur dúshlán sistéamach atá i gceist le feabhas a chur ar an acmhainneacht riaracháin. Is éard atá i gceist leis sin: (a) acmhainní daonna (lena n-áirítear tearclíon foirne, deacrachtaí maidir le poist ardcháilithe a líonadh, inniúlachtaí teicniúla inmheánacha neamhdhóthanacha, luach saothair neamhdhóthanach ar fheidhmíocht, tuarastail a bheith níos ísle ná mar atá san earnáil phríobháideach, riachtanais oiliúna státseirbhíseach i ndáil le scileanna digiteacha, an cumas cúraimí ardcháilithe agus teicniúla a dhéanamh agus eolas ar fheidhmiú an Aontais agus deiseanna cistiúcháin); (b) córais agus nósanna imeachta; agus (c) líonrú a dhéanamh le gníomhaithe seachtracha;

6.

á thabhairt dá aire, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, gurb iad na Ballstáit atá freagrach as cáilíocht an riaracháin phoiblí agus go bhfuil leibhéil éagsúla rialachais i gceist leis. Féadfaidh an tAontas ról comhlántach a bheith aige, áfach, trí chaighdeáin a chomhfhogasú trí reachtaíocht nó trí phróisis chomhordúcháin amhail an Seimeastar Eorpach, agus trí mhalartú dea-chleachtas a chumasú agus trí thacú le héifeachtúlacht agus le nuálaíocht sa riarachán poiblí agus i bhfothú acmhainneachta riaracháin ar gach leibhéal rialtais. D’fhéadfadh Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bheith ina bhunús dlí ábhartha do cháilíocht an riaracháin phoiblí i ndáil le seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne;

Measúnú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha

7.

ag tabhairt le fios gur thacaigh an tAontas Eorpach, faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, le fothú acmhainneachta na LRAnna trí bheartas comhtháthaithe, tríd an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus trí roinnt ionstraimí agus cláir eile (4); lena n-áirítear na hionstraimí agus na cláir sin arna mbainistiú ag BEI a thacaíonn le hinfheistíochtaí na LRAnna (5);

8.

ag cur in iúl gurb oth leis an easpa faisnéis thrédhearcach maidir le méid iomlán agus úsáid iarbhír (6) na n-acmhainní sin de chuid an Aontais atá ar fáil chun cur le fothú acmhainneachta na LRAnna, agus maidir lena dtionchar foriomlán, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil a luaithe is féidir; ag moladh freisin go n-áireofaí sa Tuarascáil Faireacháin Bhliantúil ar an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach roinn bhuan maidir le rannpháirtíocht na LRAnna ina gcáil mar thairbhithe faoin gClár;

9.

á thabhairt dá aire go dtugann an fhaisnéis atá ar fáil le fios nár baineadh leas leordhóthanach as acmhainní an Aontais atá ar fáil d’fhothú acmhainneachta na LRAnna faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha, i bhfianaise an róil atá ag LRAnna i roinnt na gcumhachtaí atá ann faoi láthair agus i bhfianaise líon na moltaí tír-shonracha atá dírithe ar LRAnna (7). Maidir leis an dá chlár a bhféadfadh LRAnna tairbhiú go díreach díobh freisin, léirítear san fhaisnéis atá ar fáil: (a) go bhfuair na LRAnna 15 % den chistiú le haghaidh fothú acmhainneachta atá ar fáil faoi chuspóir téamach 11 de Chistí SIE (CT11); agus (b) nár bhain na LRAnna úsáid shuntasach as cúnamh teicniúil CSIE ar thionscnamh na mBallstát, rud a d’fhéadfadh tacú freisin le fothú acmhainneachta atá nasctha le húsáid na gCistí;

10.

den tuairim gurbh fhiú gnéithe breise a ionchorprú i rialacháin chistiúcháin an Aontais chun gur fusa cineálacha éagsúla cistí Eorpacha – de bhreis ar thionscadail chomhtháite – a chomhcheangal laistigh d’aon tionscadal amháin;

11.

á chur i bhfios go láidir nach leor an fhaisnéis atá ar fáil maidir le rannpháirtíocht na LRAnna sa Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach. De réir meastacháin neamhoifigiúla, níor bhain ach thart ar 6 % de na tionscadail a fuarthas faoi chuimsiú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach le LRAnna, ar céatadán an-íseal é sin ós rud é go bhfuil 55 % de na moltaí tír-shonracha ar fad dírithe go díreach nó go hindíreach ar LRAnna; ag cur in iúl gurb oth leis, dá bhrí sin, nach féidir le LRAnna rochtain a fháil ar an gClár Tacaíochta sin ach amháin trína rialtais náisiúnta;

12.

á mheas go bhféadfaí na nithe seo a leanas a áireamh mar chonstaicí atá roimh LRAnna más mian leo tacaíocht AE a fháil don fhothú acmhainneachta: easpa feasachta maidir leis na deiseanna atá ann cheana; easpa scileanna riachtanacha chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht; deacrachtaí a bhaineann le cómhaoiniú; ualach iomarcach riaracháin; agus easpa tacaíochta ó na rialtais náisiúnta;

13.

á thabhairt dá aire go ndealraíonn sé gur i ndoiléire atá na bearnaí idir na Ballstáit maidir le cáilíocht an riaracháin phoiblí ag dul, más go mall féin é (8); á thabhairt dá aire go raibh ról ag beartas comhtháthaithe an Aontais i dtaca leis sin de, go háirithe sna Ballstáit áit inarb ionann na Cistí sin agus a leath nó níos mó den infheistíocht phoiblí iomlán; á chur i bhfáth gurb ionann an cúnamh teicniúil a chuirtear ar fáil ar thionscnamh an Choimisiúin agus beagnach a leath de na hacmhainní atá aige chun fothú acmhainneachta a fheabhsú ar an uile leibhéal le haghaidh bhainistiú Chistí SIE (9);

14.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh éagsúlacht a bheith ann i dtaca le cáilíocht na n-institiúidí poiblí laistigh de thír, mar a léirítear i dtionscnamh “Doing Business” an Bhainc Dhomhanda; ag teacht le tuairim Pharlaimint na hEorpa gur minic, go háirithe sna réigiúin mídheisiúla, a bhíonn sé deacair rochtain a fháil ar chistiú nó é a úsáid [le haghaidh athchóiriú na hearnála poiblí], mar gheall ar an rómhaorlathas, saincheisteanna maidir le hacmhainneacht riaracháin nó neamhrialtachtaí; ag súil leis, ar nós na Parlaiminte, dá bhrí sin, go dtabharfaidh na Ballstáit faoi athchóirithe inmheánacha a dhéanamh arb é is aidhm dóibh éifeacht inbhraite a thabhairt do phrionsabal an dea-riaracháin agus imeachtaí breithiúnacha a bhrostú (10);

15.

á chur i bhfáth gur measa uaireanta an dúshlán a bhaineann le heaspa acmhainneacht riaracháin mar gheall ar nósanna imeachta lena bhforchuirtear ualach riaracháin iomarcach; á thabhairt dá aire, i ndáil leis an méid sin, an imní atá air faoi thograí an Aontais maidir leis an gcárta ríomhsheirbhísí, faoin nós imeachta um fhógra a thabhairt agus faoin tástáil chomhréireachta a áirítear sa phacáiste seirbhísí, agus faoin ualach breise riaracháin a thagann as reachtaíocht an Aontais agus as an reachtaíocht náisiúnta maidir le soláthar poiblí;

Tograí le haghaidh gníomhaíocht faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile

16.

ag áitiú gur cheart rochtain dhíreach a bheith ag na LRAnna ar chistiú leordhóthanach don fhothú acmhainneachta (i.e. ar ráta nach lú ná an ráta a bhí i bhfeidhm in 2014-2020) trí ionstraimí beartais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte; ag moladh, dá bhrí sin, go mbeartófar le hAirteagal 32 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá beartaithe do 2021-2027, nó le hAirteagal 2 de Rialachán CFRE/CC atá beartaithe, gníomhaíochtaí i ngach clár oibríochtúil atá dírithe ar acmhainneacht na n-údarás poiblí agus na ngeallsealbhóirí a fhorbairt ar an uile leibhéal agus nach mbainfidís go heisiach le bainistiú Chistí SIE;

17.

ag díriú aird ar a thuairim maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna 2021-2027 (11) atá beartaithe, inar moladh gur cheart an ráta comhréidh do chúnamh teicniúil i gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus sa Chiste Comhtháthaithe (Airteagal 31) a ardú go 5 %, ar a thuairim maidir leis an gcéad timthriall eile de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus den Chiste Comhtháthaithe (12), ina moltar cistiú breise a chur ar fáil don fhothú acmhainneachta, lena n-áirítear i bhfianaise an ghá atá ann na spriocanna forbartha inbhuanaithe a logánú, agus ar a thuairim maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (13), atá dírithe ar chuspóir téamach uimhir 11 a thabhairt ar ais don tréimhse i ndiaidh 2020;

18.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé eolas agus dea-chleachtais a scaipeadh, amhail pleananna na hIodáile maidir le riarachán a neartú (14), Cúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh, agus tionscadail comhair idir-réigiúnaigh Interreg na hEorpa; ag fáiltiú roimh thionscnaimh TAIEX-REGIO PEER 2 PEER an Choimisiúin, na comhaontuithe sláine agus an treoirthionscnamh, i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, inar iarradh treochláir le haghaidh fothú acmhainneachta riaracháin a thúsualú don tréimhse tar éis 2020;

19.

ag cur in iúl go bhféadfadh an togra atá aige Erasmus a bhunú d’ionadaithe tofa áitiúla agus réigiúnacha a bheith tábhachtach maidir le hacmhainneacht riaracháin a fheabhsú (15);

20.

ag cur in iúl gur cheart seirbhísigh phoiblí ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha na mBallstát a spreagadh chun tréimhse a chaitheamh le córáis riaracháin na n-institiúidí, na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí Eorpacha éagsúla mar shaineolaí náisiúnta ar iasacht, saineolaí náisiúnta ar oiliúint ghairmiúil, agus mar chuid de chláir riaracháin phoiblí Erasmus;

21.

á chur i bhfáth gur cheart cómhaoiniú náisiúnta agus réigiúnach na gclár forbartha acmhainní a dhíolmhú ó na huasteorainneacha easnaimh sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis;

22.

den tuairim, ó tá ceangal ar na húdaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha na SDGanna a chur chun feidhme ina réimse féin; nach mór don Choiste chuige sin tacú le Sprioc 17, a bhaineann leis an gcomhpháirtíocht dhomhanda. Nuair atá síorfhás ar na naisc ar fud an domhain, is den riachtanas feabhas a chur ar an rochtain ar theicneolaíocht agus ar a bhfuil d’eolas ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha d’fhonn smaointe a mhalartú agus nuálaíocht phoiblí a chothú;

Rialachas níos fearr agus simpliú

23.

á mheas gurb é an sprioc fhadtéarmach ba cheart a bheith ag an Aontas feabhas a chur ar bhonn inbhuanaithe ar acmhainneacht institiúideach agus riaracháin na LRAnna; á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn pleanáil fhadtéarmach chuige sin agus san am céanna go bhfuil baol ann go rachfaí ar muinín comhbhabhtálacha i dtaca le hiarrataí gearrthéarmacha na mBallstát ar chúnamh teicniúil;

24.

ag athdhearbhú gur uirlis ríthábhachtach é Cúnant na Méaraí chun tacaíocht a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha san aistriú i dtreo na neodrachta aeráide. ag tarraingt aird, áfach, ar an gcaoi ar sainaithníodh an easpa acmhainneacht riaracháin mar cheann de na mórbhacainní ar chur chun feidhme an Chúnaint ar chaoi níos éifeachtaí agus go háirithe ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach tairbhe a bhaint as dálaí fabhracha maoiniúcháin do thionscadail athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh;

25.

ag cur béim ar an ngá atá le comhordú agus sineirge a bheith ann idir na hionstraimí fothaithe acmhainneachta atá ann cheana a mhaoiníonn an tAontas, agus le faireachán agus meastóireacht thrédhearcach thráthúil a dhéanamh ar na hionstraimí sin; ag athdhearbhú, i ndáil leis sin, a mholta (16) go n-eiseodh an Coimisiún sraith aonair treoirlínte maidir le fothú acmhainneachta a bhfuil feidhm acu maidir le gach clár ábhartha de chuid an Aontais;

26.

ag cur in iúl gurb oth leis gur theip ar na hiarrachtaí chun tuilleadh simplithe a dhéanamh ar na modhanna riaracháin i dtaca le bainistiú na gcistí na torthaí a rabhthas ag súil leo a bhaint amach. Is bac suntasach é sin, a laghdaíonn acmhainní na gcomhlachtaí idirmheánacha agus, go háirithe, acmhainní thairbhithe na cabhrach. Go deimhin, i staidéir a rinneadh le déanaí meastar gurb ionann na costais riaracháin agus 3 % de mheánchostais CFRE agus 2,2 % i gcás an Chiste Comhtháthaithe;

27.

á chur i bhfáth gur cheart caibidlí maidir le fothú acmhainneachta ar gach leibhéal rialtais a áireamh sa Suirbhé Bliantúil Fáis, sna Tuarascálacha de réir Tíre agus sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú. Dá ndéanfaí measúnú ar riachtanais agus ar bheartais ghaolmhara um fhothú acmhainneachta ar gach leibhéal rialtais, dhéanfaí uirlis chomhordúcháin straitéiseach de na cláir náisiúnta um athchóiriú; ag teacht leis an moladh ó Pharlaimint na hEorpa caibidil atá tiomnaithe don riarachán poiblí agus don rialachas poiblí a thabhairt isteach athuair sa Suirbhé Bliantúil Fáis (17);

28.

á mheas go bhfágfadh rannpháirtíocht struchtúrtha dhíreach na LRAnna, nó a n-eagraíochtaí náisiúnta, sa seimeastar Eorpach, bunaithe ar chomhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil, go bhféadfaidís cabhrú le measúnú a dhéanamh ar riachtanais forbartha acmhainní agus le spriocanna agus beartais fhadtéarmacha a leagan síos, rud a neartódh a n-úinéireacht agus a spreagfadh gníomhaíochtaí. Ba cheart do LRAnna, nó dá n-eagraíochtaí náisiúnta, a bheith rannpháirteach mar chomhpháirtithe iomlána sa Seimeastar Eorpach trí chód iompair Eorpach atá ceangailteach ó thaobh dlí (18), agus tá níos mó tábhachta leis sin anois murab ionann agus riamh ós rud é go dtugtar treoirlínte sa seimeastar maidir le clársceidealú an bheartais comhtháthaithe (19) trí Iarscríbhinn D a ghabhann leis na tuarascálacha de réir tíre. Leis sin, bheadh na LRAnna in ann rannchuidiú, faoi chuimsiú thimthriall an tSeimeastair, le beartais an Aontais a chur in oiriúint go rathúil d’éagothromaíochtaí iarbhír agus do dhúshláin shonracha ar an leibhéal críochach;

29.

agus aird chuí á thabhairt ar thograí simpliúcháin an Choimisiúin Eorpaigh don chéad tréimhse eile ó 2021 go 2027, agus á mheas, ar mhaithe le cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe trí bhíthin fhoinsí éagsúla cistiúcháin an Aontais, go bhfuil gá le cur chuige comhtháite a mbeidh an phleanáil chomhpháirteach mar chuid de agus, ar an gcaoi sin, éascófar úsáid ionstraimí éagsúla, amhail Infheistíocht Chríochach Chomhtháite agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, lena n-éilítear rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa phróiseas cinnteoireachta agus cur chun feidhme;

30.

imníoch, ar an gcaoi chéanna is atá Parlaimint na hEorpa, nach bhfuil creat measúnaithe caighdeánaithe ná comhroinnte ag an gCoimisiún le haghaidh an riaracháin phoiblí ná nach bhfuil modh aige le haghaidh bailiú córasach sonraí, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na huirlisí sin a fhorbairt;

31.

ag moladh go mbeadh rochtain dhíreach ag LRAnna ar an Clár Tacaíochta um Athchóiriú nua agus go mbeadh sé dírithe níos mó ar chaighdeán an riaracháin phoiblí a fheabhsú agus ar thacú le fothú acmhainneachta ar gach leibhéal rialtais; ag díriú aird ar a mholtaí gur cheart go mbeadh rialachas an Chláir nua sin bunaithe ar chomhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil (20); á iarraidh go ndéanfaí sciar de leithdháileadh an Chláir a chur in áirithe do thionscadail arna n-iarraidh ag na LRAnna; ag moladh gur cheart iarratais ó LRAnna a spreagadh ar bhonn buan agus faireachán buan a dhéanamh orthu, chomh fada agus a bheidh rochtain ag na Ballstáit ar an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach trí phointí teagmhála ar an leibhéal náisiúnta, agus tríothu sin amháin;

32.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht leis an digiteáil gus an ríomhrialachas, lena n-áirítear moil dhigiteacha réigiúnacha agus ardáin sonraí oscailte; agus ag teacht le dearcadh Pharlaimint na hEorpa gur cheart próisis nuálaíochta a chur chun cinn laistigh de riaracháin phoiblí ionas go mbeidh nascacht níos fearr ann mar aon le digiteáil agus seirbhísí digiteacha ar ardchaighdeán (21).

An Bhruiséil an 4 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  Tá go leor eile i gceist freisin, lena n-áirítear SDGanna, an Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, sráidbhailte cliste, straitéisí macrairéigiúnacha, CED, Erasmus+, an Eoraip Dhigiteach (gona mhoil dhigiteacha), straitéisí um speisialtóireacht chliste, comhroinnt díchill agus Rialachán LULUCF (Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht), an Ciste Tearmainn agus Imirce, intleacht shaorga don Eoraip, an geilleagar gorm, agus cur chun feidhme iomlán Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide ar leibhéal na tíre.

(2)  https://memportal.cor.europa.eu/Handlers/ViewDoc.ashx?doc=COR-2019-03856-00-00-RES-TRA-EN.docx

(3)  Anailís chríochach Choiste na Réigiún ar na moltaí tír-shonracha

(https://portal.cor.europa.eu/europe2020/Pages/welcome.aspx#)

(4)  Féach an staidéar a choimisiúnaigh Coiste na Réigiún dar teideal Administrative Capacity of Local and Regional Authorities: Opportunities and Challenges for Structural Reforms and a More Effective European Economic Governance [Acmhainneacht Riaracháin na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach: Deiseanna agus Dúshláin le haghaidh Athchóirithe Struchtúracha agus Rialachas Eacnamaíoch Eorpach níos Éifeachtaí] (https://portal.cor.europa.eu/europe2020/Documents/publi-file/AdminCapacity/AdminCapacity.pdf), chomh maith le staidéar ó Pharlaimint na hEorpa ar Public Sector Reform: How the EU budget is used to encourage it [Athchóiriú na hEarnála Poiblí: Conas a úsáidtear Buiséad an Aontais chun an tAthchóiriú sin a spreagadh] (http://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2016/572696/IPOL_STU(2016)572696_EN.pdf)

(5)  https://eiah.eib.org/index

(6)  Administrative Capacity of Local and Regional Authorities: Opportunities and Challenges for Structural Reforms and a More Effective European Economic Governance [Acmhainneacht Riaracháin na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach: Deiseanna agus Dúshláin le haghaidh Athchóirithe Struchtúracha agus Rialachas Eacnamaíoch Eorpach níos Éifeachtaí], Staidéar arna choimisiúnú ag Coiste na Réigiún, Deireadh Fómhair 2018 (https://cor.europa.eu/en/engage/studies/Documents/Administrative-capacity/AdminCapacity.pdf)

(7)  Féach na doiciméid a luaitear i bhfonóta 11.

(8)  De réir athbhreithniú a rinne EPRS le déanaí, bunaithe ar thorthaí an Innéacs maidir le Cáilíocht Rialtais san Eoraip 2017, tháinig feabhas mór ar réigiúin an oirthir i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, ach bhí an chuma ar an scéal go raibh meath ag teacht ar roinnt réigiún sa deisceart (http://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document.html?reference=EPRS_BRI(2018)628244)

(9)  Cuirtear na tionscnaimh sin i láthair sa roinn shonrach seo de leathanaigh ghréasáin an Choimisiúin maidir le beartas comhtháthaithe: https://ec.europa.eu/regional_policy/en/policy/how/improving-investment/

(10)  http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?type=TA&reference=P8-TA-2019-0012&format=XML&language=EN

(11)  Arna ghlacadh an 5.12.2018 (https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2018-03593-00-00-ac-tra-en.docx/content) (níl leagan GA ann, teideal aistrithe)

(12)  Arna ghlacadh an 5.12.2018 (https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2018-03594-00-00-ac-tra-en.docx/content) (níl leagan GA ann, teideal aistrithe)

(13)  Arna ghlacadh an 5.12.2018 (https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2018-03597-00-00-ac-tra-en.docx/content) (níl leagan GA ann, teideal aistrithe)

(14)  http://www.pra.gov.it/cosa-sono/

(15)  Arna ghlacadh an 31.1.2018 (https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2017-01298-00-00-ac-tra-en.docx/content) (níl leagan GA ann, teideal aistrithe)

(16)  Tuairim maidir leis an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach 2017-2020 arna glacadh an 7.4.2016 (https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2016-01214-00-00-ac-tra-en.docx/content) (níl leagan GA ann, teideal aistrithe)

(17)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2019 maidir le Assessing how the EU budget is used for public sector reform [Measúnú ar an gCaoi a n-úsáidtear Buiséad an Aontais le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Poiblí], http://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-8-2019-0012_EN.html

(18)  Tuairim maidir le Feabhas a chur ar Rialachas an tSeimeastair Eorpaigh: Cód Iompair maidir le Rannpháirtíocht na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach, arna glacadh an 11.5.2017 (https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2016-05386-00-00-ac-tra-en.docx/content) (níl leagan GA ann, teideal aistrithe)

(19)  Tuairim maidir leis an Seimeastar Eorpach agus an Beartas Comhtháthaithe: Athchóirithe Struchtúracha a ailíniú le hInfheistíochtaí Fadtéarmacha, arna glacadh an 10.4.2019 (https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2018-05504-00-00-ac-tra-en.docx/content) (níl leagan GA ann, teideal aistrithe)

(20)  Tuairim maidir leis an gClár Tacaíochta um Athchóiriú agus an Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí, arna glacadh an 5.12.2018

https://webapi2016.cor.europa.eu/v1/documents/cor-2018-03764-00-00-ac-tra-en.docx/content

(21)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2019 maidir le Assessing how the EU budget is used for public sector reform [Measúnú ar an gCaoi a n-úsáidtear Buiséad an Aontais le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Poiblí], http://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-8-2019-0012_EN.html.


10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

30


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cúnant na Méaraí tar éis 2020

(2020/C 79/06)

Rapóirtéir

:

Benedetta BRIGHENTI (IT/PSE), Comhalta de Chomhairle Bardais Castlenuovo Rangone (Modena)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

An ról tábhachtach atá ag Cúnant na Méaraí i mbeartais aeráide na hEorpa

1.

á thabhairt le fios gur léir ó na mórstaidéir idirnáisiúnta ar an athrú aeráide (1) gur gá beartais uaillmhianacha aeráide a chur chun feidhme go práinneach agus go bhfuil an pobal san Eoraip ag éirí níos buartha faoin tsaincheist sin. I ndáil leis sin, tá an Coiste ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún Eorpach nua maidir le Comhaontú Glas don Eoraip agus Dlí Aeráide Eorpach a bhunú agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit uile a aithint gur uirlis thábhachtach é Cúnant na Méaraí chun freagairt don éigeandáil aeráide agus chun údaráis áitiúla agus réigiúnacha a stiúradh san athrú go neodracht ó thaobh díobháil aeráide de agus san oiriúnú don athrú aeráide, agus aird chuí á tabhairt ar na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras agus faoi straitéis fhadtéarmach 2050 (2). D’fhéadfadh sin a bheith ina chomhlánú ríthábhachtach ar ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a tharraingt suas;

2.

á mheabhrú go dtugann an Cúnant cathracha le chéile a bhfuil spriocanna níos uaillmhianaí acu i dtaobh an bheartais aeráide áitiúil agus a bhfuil taithí fhairsing acu air sin freisin, rud a sháraíonn caighdeáin a mBallstáit féin go minic. Ba cheart do na Ballstáit a aithint, dá bhrí sin, gur idirghabhálaithe tábhachtacha iad sínitheoirí agus comhordaitheoirí an Chúnaint maidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chuimsiú sa phróiseas trína dtarraingítear suas pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

3.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacú ar shlí níos fuinniúla le sprioc 2050 atá i gCúnant na Méaraí. Tá sé á iarraidh freisin ag an gCoiste ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar raon feidhme an tionscnaimh a leathnú lena áirithiú go dtabharfar freagairt níos éifeachtaí ar na dúshláin agus na deiseanna leathana a chruthaítear d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha de dheasca na haeráidneodrachta, lena n-áirítear earnálacha roghnacha nua amhail an tionsclaíocht, an talmhaíocht, bainistiú foraoisí, agus saincheisteanna nua comhshaoil amhail cáilíocht an aeir, an geilleagar ciorclach, an bhithéagsúlacht, an éagsúlacht bhithchultúrtha, agus linnte carbóin nádúrtha, chun tacú le huaillmhian na mbardas sin a bhfuil an dul chun cinn is mó déanta acu. Ar mhaithe le hearnálacha nua a chur san áireamh, ba cheart díriú go háirithe ar an bplean gníomhaíochta, gan ceanglais bhreise tuairiscithe agus faireacháin a fhorchur ar na sínitheoirí. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach tacú le cineálacha eile comhair a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol agus a mbíonn baint ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina lán Ballstát leo agus comhtháthú na gcineálacha comhair sin i gCúnant na Méaraí a chur chun cinn. I gcás ina bhfuil an acmhainn ábhartha sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sin rannchuidiú le hiarrachtaí áitiúla, ba cheart go dtabharfaí aitheantas cuí agus tacaíocht chuí dóibh;

4.

á athdhearbhú gur iarr an Coiste ar an gCoimisiún Eorpach an t-aitheantas a thugann sé don ról straitéiseach atá ag Coiste Eorpach na Réigiún i rialachas Chúnant na Méaraí, lena n-áirítear gnéithe domhanda an Chúnaint, a neartú agus a áirithiú go leanfaidh an tionscnamh seo de bheith go hiomlán dílis dá bhunús Eorpach agus go bhfreagróidh sé i gcónaí do na riachtanais atá ag cathracha an Aontais Eorpaigh agus, ag an am céanna, an ghníomhaíocht aeráide a chur chun cinn ar fud an domhain;

5.

ag tacú le tionscnamh Chomhaontú na Cathrach Glaise agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an deis seo a thapú féachaint an bhféadfaí saincheisteanna comhshaoil nua, amhail cáilíocht an aeir, an bhithéagsúlacht, truailliú ó thorann agus an geilleagar ciorclach, a áireamh sa phrótacal a ghabhann le Cúnant na Méaraí. Níor cheart íoscheanglais níos casta do shínitheoirí a bheith i gceist leis sin, ach d’fhéadfadh sé deis a thabhairt dóibh dul i ngleic le gnéithe nua ar bhonn forásach agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin agus leis an aistriú go fuinneamh glan trí leas a bhaint as cur chuige níos leithne agus níos iomlánaíche lena dtreisítear sineirgíochtaí;

6.

den tuairim nach mór forbairt inbhuanaithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a bheith i gcomhréir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe (3). Dá réir sin, tá an Coiste den tuairim nach mór an Cúnant a chuimsiú go dlúth i gcreat na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus féachaint air mar cheann de na príomhuirlisí chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear an creat sin chun feidhme ar an leibhéal áitiúil. Dá bhrí sin, tá an Coiste ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí modheolaíocht an Chúnaint a nascadh leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe, trí gach beart de chuid an Chúnaint a cheangal le sprioc forbartha inbhuanaithe ábhartha;

7.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil gné dhomhanda i gceist anois le Cúnant na Méaraí agus go bhfuil obair á déanamh chun creat tagartha comhsheasmhach a bhunú, agus tá sé den tuairim gur uirlis thábhachtach é an Cúnant Domhanda don taidhleoireacht agus don idirphlé le tríú tíortha. Aithníonn an Coiste freisin go bhfuil ról lárnach aige chun a áirithiú nach mbainfear an bonn d’iarrachtaí an Aontais mar gheall ar easpa uaillmhéine tíortha eachtracha áirithe. Mar sin féin, tá rabhadh á thabhairt aige go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú nach bhfágfaidh na hiarrachtaí chun creat tagartha an Chúnaint a chomhchuibhiú ar an leibhéal domhanda bearna idir an creat sin agus riachtanais agus cleachtais údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais, rud a bhainfeadh den rath a bheadh air amach anseo;

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tionscnaimh éagsúla ón mbun aníos atá curtha chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach ar mhaithe le cathracha agus réigiúin, amhail an clár le haghaidh Réigiúin miandóireachta guail atá ag athrú, an tArdán um Speisialtóireacht Chliste maidir le Fuinneamh (S3PEnergy), Fuinneamh Glan d’Oileáin AE, Cathracha agus Pobail Chliste, agus an Phríomhchathair Ghlas. I ndáil leis sin, tá an Coiste ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tógáil ar an gcleachtadh mapála atá déanta cheana tríd an Ionad Ilfhreastail do chathracha (4), agus aidhmeanna agus róil na dtionscnamh sin, agus go háirithe na sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le Cúnant na Méaraí, a fhiosrú go grinn, d’fhonn bogadh i dtreo an struchtúir is soláimhsithe. Chabhródh an cur chuige sin le creat soiléir comhsheasmhach a bhunú do na tionscnaimh éagsúla atá nasctha leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe, gan a sonraíochtaí ná a saintréithe aonair a chur i mbaol;

9.

á mheabhrú do na Ballstáit gur cheart dul i gcomhairle le húdaráis an leibhéil fhonáisiúnta agus pleananna náisiúnta aeráide agus fuinnimh á bhforbairt agus tá sé á iarraidh aige ar na Ballstáit taithí agus aiseolas a fuarthas ó phobal Chúnant na Méaraí, agus ón mbreis agus 400 gníomhaireacht fuinnimh atá san Aontas, a bhfuil a lán acu ina gcomhordaitheoirí nó ina n-eagraíochtaí tacaíochta de Chúnant na Méaraí agus atá freagrach as pleanáil réigiúnach fuinnimh, a chur san áireamh agus pleananna agus straitéisí fadtéarmacha 2050 á dtarraingt suas, á n-athbhreithniú agus á gcur chun feidhme;

Rialachas Chúnant na Méaraí

10.

á athdhearbhú go dtacaíonn sé le córas RLDCanna, rud a bheadh ina chóras domhanda chun astaíochtaí carbóin ó chathracha, ó rialtais áitiúla agus ó réigiúin a aithint go foirmiúil, faireachán a dhéanamh orthu agus spreagadh a thabhairt iad a laghdú. Iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach oibriú le Coiste Eorpach na Réigiún féachaint conas a d’fhéadfadh SECAPanna nó pleananna coibhéiseacha feidhmiú mar RLDCanna trína soláthrófaí rannchuidiú áitiúil do Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide;

11.

á thabhairt dá aire gur fhás agus gur fhorbair Cúnant na Méaraí thar na blianta chun déileáil le saol atá athraithe go mór agus go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfaí é a athstruchtúrú chun na hionchais atá anois ann, agus a bheidh ann amach anseo, a shásamh. I ndáil leis sin, tá sé á thabhairt le fios ag an gCoiste gur féidir leis ról straitéiseach a bheith aige féin maidir le bealach cumarsáide buan dhá threo a chur ar fáil idir an Coimisiún Eorpach agus pobail áitiúla agus réigiúnacha. Chun an méid sin a ráthú, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ról Choiste Eorpach na Réigiún laistigh de Chúnant Eorpach na Méaraí a chur ar bhonn níos foirmiúla fós, ach, i measc rudaí eile, an Coiste a áireamh ar na comhlachtaí atá freagrach as an tionscnamh a stiúradh agus faireachán a dhéanamh air;

12.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach oibriú i gcomhar le hOifig Chúnant na Méaraí agus le Coiste Eorpach na Réigiún chun a áirithiú go ndéanfar Cúnant na Méaraí nó tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha den chineál céanna a bhfuil na leibhéil áitiúla agus réigiúnacha páirteach iontu, má tá na tionscnaimh sin comhoiriúnach dó, a chuimsiú sna creataí tagartha náisiúnta, agus, go háirithe, sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus i straitéisí náisiúnta fadtéarmacha 2050. I ndáil leis sin, tá an Coiste ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach grúpa saineolaithe a bhunú maidir le Cúnant na Méaraí, chun ionadaithe de chuid na gcomhordaitheoirí náisiúnta, de chuid ambasadóirí Choiste Eorpach na Réigiún, de chuid Oifig Chúnant na Méaraí, de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, chomh maith le saineolaithe eile, lena n-áirítear ionadaithe ó thionscnaimh eile comhair i ndáil leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, a chur san áireamh, chun plé rialta a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le Cúnant na Méaraí a chur chun feidhme sna tíortha éagsúla, lena n-áirítear i ndáil le tionscnaimh eile den chineál céanna atá ann cheana ar an leibhéal áitiúil;

13.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí an straitéis náisiúnta, agus go háirithe ról na gcomhordaitheoirí agus na n-eagraíochtaí tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, a neartú. Ba cheart sainchúram níos láidre a thabhairt do na comhordaitheoirí réigiúnacha agus ba cheart don Choimisiún Eorpach tacú leo, ó thaobh cúrsaí teicniúla agus airgeadais de, ach, i measc rudaí eile, maoiniú iomchuí a sholáthar faoi Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (SIE). Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas na gcomhordaitheoirí rochtain ar chúnamh teicniúil a thabhairt, go háirithe, d’údaráis áitiúla bheaga. I ndáil leis sin, tá an Coiste ag iarraidh ar na húdaráis bhainistíochta machnamh a dhéanamh ar an ról ríthábhachtach a bhíonn ag gníomhaíochtaí an Chúnaint ina gcríocha féin maidir leis an gcaoi a dtugtar aghaidh ar dhúshláin aeráide, fuinnimh agus chomhshaoil agus tá sé ag iarraidh orthu na gníomhaíochtaí sin a chur san áireamh sa phleanáil a dhéanfar don chéad chlárthréimhse eile;

14.

á thabhairt le fios go bhfuil sé tábhachtach go straitéiseach líonra na gcomhordaitheoirí náisiúnta agus, go háirithe, na gcomhordaitheoirí réigiúnacha a threisiú chun a áirithiú go leanfaidh an Cúnant de bheith ábhartha agus ina phríomhuirlis chun tacú le beartais náisiúnta agus réigiúnacha a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun dea-chleachtais a mhalartú. Tá sé á iarraidh ag an gCoiste ar an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh a dóthain acmhainní ag Oifig Chúnant na Méaraí chun comhordú a dhéanamh ar na comhpháirtithe náisiúnta agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil dóibh, agus chun sásraí comhthreomhara lena maoineofar gníomhaíochtaí náisiúnta comhordaithe a chur ar fáil;

15.

á thabhairt le fios go bhfuil ról lárnach ag comhordaitheoirí réigiúnacha an Chúnaint, le linn thúschéim na pleanála agus tráth a bhíonn na gníomhaíochtaí á gcur le chéile, á gcur chun feidhme agus faireachán á dhéanamh orthu, maidir le tacaíocht a thabhairt do bhardais bheaga agus mheánmhéide atá ina sínitheoirí. Tá an ról tábhachtach atá ag na heagraíochtaí tacaíochta mar idirghabhálaithe agus chun an Cúnant a phoibliú, rud a éascaíonn an próiseas chun aontú leis an gCúnant, á thabhairt dá aire aige freisin. Tá an Coiste ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, tacaíocht a thabhairt do na comhordaitheoirí agus feabhas a chur ar ról na n-eagraíochtaí tacaíochta chun a áirithiú go mbeidh an ról atá acu inbhuanaithe san fhadtéarma;

16.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go mbeidh ionadaíocht ag Coiste Eorpach na Réigiún ar Bhord Polaitiúil an Chúnaint Eorpaigh, lena gcruthófar nasc níos láidre idir lucht bainistíochta an Chúnaint ar leibhéal an Aontais agus ambasadóirí an Chúnaint, d’fhonn tacaíocht pholaitiúil a chur ar fáil don tionscnamh, an Cúnant a phoibliú agus cabhrú leis an idirphlé le comhlachtaí náisiúnta. I ndáil leis sin, tá sé á ghealladh ag an gCoiste go gcuirfidh sé, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le hOifig Chúnant na Méaraí, na hacmhainní riachtanacha ar fáil ionas go mbeidh an líonra ambasadóirí atá ag an gCúnant níos gníomhaí agus níos éifeachtaí;

17.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach sonraí Chúnant na Méaraí a chur ar fáil go poiblí agus iad a gheoshuí: d’fhéadfadh na sonraí sin cabhrú le Faireachlann Eorpach Aeráidneodrachta a chruthú, agus rannchuidiú leis an ardán um shonraí uirbeacha (5), agus leis an bhFaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh a bhfuil gá léi chun sonraí dí-chomhiomlánaithe a bhailiú, ar a laghad ar leibhéal NUTS2;

18.

ag an am céanna, ag iarraidh ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha glacadh le Cúnant na Méaraí mar dheis chun dlús a chur le hacmhainní a gcórais riaracháin féin agus chun oiliúint a chur ar a gcuid foirne féin le go seachnófar an iomarca oibre a bheith á cur amach ar conradh, mar gur féidir leis sin cur isteach ar chumas a gcórais riaracháin na SECAPanna a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta;

19.

ag iarraidh ar Airmheán Comhpháirteach Taighde an Aontais Eorpaigh naisc níos dlúithe a bhunú le comhordaitheoirí réigiúnacha an Chúnaint agus tacaíocht theicniúil agus eolaíoch a chur ar fáil dóibh le linn dóibh na sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, agus cúnamh teicniúil leordhóthanach a chur ar fáil do na bardais chun SECAPanna a chur chun feidhme, chun teacht ar mhaoiniú agus chun próisis idirghníomhacha a bhunú;

20.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde agus ar Oifig Chúnant na Méaraí tuilleadh a dhéanamh chun creat faireacháin níos simplí agus níos cobhsaí a bhaint amach, lena seachnófar an gá le hoiliúint agus nuashonruithe rialta, ach lena soláthrófar an tsolúbthacht is gá chun freagairt do bheartais atá ag athrú. Tá sé á chur i bhfáth ag an gCoiste go bhfuil na ceanglais faireacháin tábhachtach d’fheidhmiú agus do chreidiúnacht chóras an Chúnaint, ach nár cheart, mar sin féin, go mbeidís ina mbac ar na húdaráis áitiúla, go háirithe na húdaráis bheaga, páirt a ghlacadh sa Chúnant agus tairbhe a bhaint as na deiseanna a thugann sé tionscnaimh uaillmhianacha a spreagadh. Sa chomhthéacs sin, tá sé ag iarraidh freisin féachaint ar an gcaoi a bhféadfaí an cleachtadh faireacháin féin a úsáid ar bhealach níos fearr , ó thaobh na cumarsáide agus na nósanna imeachta araon, d’fhonn an rannpháirtíocht is leithne is féidir sa líonra a éascú;

21.

á mholadh go gcuirfí san áireamh, freisin, go bhféadfaí líonraí téamacha a bhunú idir sínitheoirí a bhfuil saintréithe cosúla acu nó a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin den chineál céanna de bharr, mar shampla, mhéid nó staid gheografach, shóisialta nó eacnamaíoch na sínitheoirí sin;

22.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí gníomhaíochtaí sonracha (go háirithe maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide) a théann thar theorainneacha riaracháin bardasacha, réigiúnacha agus náisiúnta a chur chun cinn, i gcomhthéacs na SECAPanna, d’fhonn grúpálacha atá leagtha amach de réir staideanna leochaileacha comhshaoil a bhunú;

23.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde, le tacaíocht ó na comhordaitheoirí réigiúnacha agus ó na heagraíochtaí tacaíochta, athmhachnamh a dhéanamh ar an nós imeachta lena ndéantar meastóireacht ar SECAPanna sa chaoi is go mbeadh an nós imeachta sin níos tapa, agus táscairí níos soláimhsithe a bheidh dírithe ar chinntí beartais a leagan síos. Ba cheart iarracht a dhéanamh na nósanna imeachta riaracháin a mhaolú, oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus úsáid sonraí a fheabhsú;

24.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí an teanga agus na modhanna cumarsáide is simplí, is nua-aimseartha agus is soiléire agus is féidir a úsáid i gcónaí chun a áirithiú go mbeidh Cúnant na Méaraí, agus cineálacha eile comhair aeráide agus comhshaoil a bhfuil baint ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leo, go mbeidh siad aitheanta mar bhranda inbhuanaitheachta agus mar chruthúnas ar bharr feabhais sa ghníomhaíocht aeráide i gcás ina mbaintear amach spriocanna áirithe atá leagtha síos;

Athrú idirghníomhach go neodracht ó thaobh díobháil aeráide de

25.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí bearta a chur chun cinn chun cabhrú leis na sínitheoirí sin a bhfuil, ar chúiseanna gan choinne nach bhfuil neart acu orthu, deacrachtaí acu na spriocanna a gheall siad nuair a shínigh siad Cúnant na Méaraí a bhaint amach;

26.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí leanúint d’oiliúint agus de nuashonruithe a fhorbairt do na sínitheoirí, agus a ndícheall a dhéanamh chun bacainní teanga a shárú a mhéid is féidir. Tugann an Coiste dá aire nach mór aird ar leith a thabhairt ar an oiriúnú don athrú aeráide agus ar an mbochtaineacht fuinnimh, saincheisteanna atá fós sách nua agus a mbeidh ar fhormhór na sínitheoirí iarrachtaí suntasacha a dhéanamh ina leith;

27.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí leanúint den ghrúpa cleachtóirí ar an leibhéal áitiúil (6) a threisiú agus cur lena thrédhearcacht trí bhaill an ghrúpa a thabhairt le fios: is acmhainn mhór an grúpa sin lena áirithiú go mbeidh cur chuige ón mbun aníos i gceist le próiseas cinnteoireachta Chúnant na Méaraí agus go gcuirfear riachtanais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach san áireamh mar is cuí. D’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach smaoineamh ar oiliúint ardleibhéil a eagrú do na cleachtóirí, le hais na gcruinnithe atá ann cheana agus sa bhreis orthu. D’fhéadfaí an oiliúint sin, agus béim ar leith ar chúnamh a thabhairt do chleachtóirí atá i mbailte beaga, a eagrú le tacaíocht ó bhaill Chúinne an Léinn i bpobal Chúnant na Méaraí;

28.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar oifig Chúnant na Méaraí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an ról atá ag “Cúinne an Léinn”, mar a thugtar air, lena ndírítear ar naisc a chruthú idir institiúidí acadúla agus taighde agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha; á mheabhrú go bhfuil naisc den sórt sin ríthábhachtach chun an t-eolas agus na hinniúlachtaí a bhfuil gá leo don aistriú a fhorbairt, agus gur gá freisin cur leis an tacaíocht don taighde agus don léann, agus chun torthaí na ngníomhaíochtaí sin a scaipeadh i measc phobal an Chúnaint i gcoitinne;

29.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí leanúint de dhea-chleachtais a chur chun cinn agus a scaipeadh maidir le gníomhaíochtaí ar chostas íseal, amhail critéir inbhuanaitheachta a thabhairt isteach i ngníomhaíochtaí bardais atá i bhfeidhm cheana féin nó atá beartaithe agus nach mbeadh, i gcoitinne, foinsí nua maoiniúcháin de dhíth orthu, ach leithdháileadh níos fearr ar na hacmhainní atá ar fáil. I ndáil leis an méid sin, tugann an Coiste le fios go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach leas a bhaint as córas soláthair phoiblí glas inbhuanaithe i ngach réimse. Bheadh treoir maidir leis an gcaoi is fearr le meastacháin den am foirne agus de na costais ghaolmhara a chruthú ina cabhair freisin chun cur leis an rannpháirtíocht agus leis an maoirseacht pholaitiúil;

30.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach díriú níos mó ar an ngné shóisialta, ag tosú leis an mbochtaineacht fuinnimh ach an tsláinte, leochaileacht i leith athrú aeráide, bainistiú riosca agus an mianach saoil a áireamh freisin;

31.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí dlús a chur le rannpháirtíocht scoileanna agus foras oideachais ar gach leibhéal i bhforbairt, i gcur chun feidhme agus in athbhreithniú SECAPanna. Beidh sé sin ríthábhachtach chun na hathruithe buana iompraíochta riachtanacha a dhéanamh chun aistriú éifeachtach go neodracht ó thaobh díobháil aeráide de a áirithiú, mar atá luaite go soiléir i straitéis fhadtéarmach 2050;

32.

á athdhearbhú gur den ríthábhacht é cur chuige “héilics cúigchodach” a ghlacadh d’fhonn pleananna gníomhaíochta éifeachtacha a sheasfaidh an aimsir a cheapadh, pleananna trínar féidir déileáil leis an athrú casta a theastaíonn: chuige sin, ní mór go mbeadh na húdaráis phoiblí, an lucht tionscail, na hollscoileanna, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine aonair san áireamh. Tá an Coiste ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí, dá bhrí sin, ról foirmiúil na hearnála príobháidí, na gcomhlachtaí poiblí neamhbhardasacha eile (amhail saoráidí sláinte agus taighde), na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus na sochaí sibhialta a neartú i bhforbairt agus i gcur chun feidhme SECAPanna.

Pleanáil shistéamach a bhfuil ionstraimí airgeadais oiriúnacha taobh thiar di

33.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí bearta a mholadh chun naisc níos dlúithe leis an bpleanáil áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn, bunaithe ar phleananna maidir leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus ar phleanáil uirbeach. Meabhraíonn an Coiste ina leith sin go gcuireann an tuarascáil a rinne an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) le déanaí maidir leis an athrú aeráide agus úsáid talún (7) béim bhreise ar an ról lárnach atá ag beartais úsáide talún chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tugann sé dá aire freisin gur cheart go mbeadh SECAP ina ionstraim éifeachtach sholúbtha dhinimiciúil do na húdaráis áitiúla, agus dlúthnasc aici le pleananna agus cláir eile;

34.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a thabhairt faoi deara gur ar an leibhéal áitiúil den chuid is mó atá an fhreagracht as an maolú agus as an oiriúnú. Is gá sin a thuiscint sular féidir an tábhacht atá leis na SECAPanna do chórais airgeadais na dtíortha éagsúla a admháil;

35.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Oifig Chúnant na Méaraí SECAP a uasghrádú, ionas gur doiciméad straitéiseach cuimsitheach é a chuirfear san áireamh i ngach céim de phróisis phleanála na n-údarás áitiúil agus riachtanais áitiúla éagsúla á gcur san áireamh ag an am céanna. I ngach gníomhaíocht, ba cheart tagairt a dhéanamh do phleananna nó d’ionstraimí sonracha atá i bhfeidhm sa bhardas cheana. Faoi SECAP, d’fhéadfaí critéir cháilíochtúla nó chainníochtúla a leagan síos freisin mar bhuntaca do phróisis phleanála agus chinnteoireachta an bhardais d’fhonn aidhmeanna Chúnant na Méaraí a bhaint amach;

36.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na hiarrachtaí a dhéanann sínitheoirí, comhordaitheoirí agus eagraíochtaí tacaíochta a aithint agus a chúiteamh trí na hionstraimí airgeadais is ábhartha atá ag an Aontas. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun déanamh amhlaidh, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear a bpleananna náisiúnta aeráide agus fuinnimh chun feidhme mar is ceart;

37.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ról níos mó a thabhairt do na réigiúin toisc gur gnéithe tábhachtacha de chóras rialachais il-leibhéil iad; ag iarraidh ar an gCoimisiún sa chomhthéacs sin dreasachtaí amhail comhroinnt ualaí a chur ar fáil chun na réigiúin a spreagadh a gcuid spriocanna laghdaithe CO2 a bhaint amach; den tuairim, freisin, gur cheart sásraí ar leith a bheith i gCistí SIE chun tacú le hobair na gcomhordaitheoirí réigiúnacha;

38.

den tuairim gur cheart é a bheith ina réamhriachtanas SECAP, nó plean fuinnimh agus aeráide coibhéiseach, a bheith i bhfeidhm chun rochtain a thabhairt ar gach clár maoiniúcháin ábhartha (City Facility, Fís Eorpach, LIFE, etc.);

39.

á mheabhrú go bhféadfadh sé go bhfágfadh gné thrasearnála na bpleananna gníomhaíochta a bhaineann leis an aeráid go mbeadh a lán de na gníomhaíochtaí incháilithe don tacaíocht a fhaightear ó chistí an Aontais le haghaidh forbairt tuaithe agus gníomhaíocht mhuirí; á mholadh, dá bhrí sin, do chomhordaitheoirí an Chúnaint tuilleadh taighde a dhéanamh ar an bhféidearthacht sin agus d’Oifig Chúnant na Méaraí treoir a thabhairt ina leith sin;

40.

ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa scrúdú a dhéanamh ar chomhar a d’fhéadfaí a dhéanamh le Coiste Eorpach na Réigiún agus le comhaltaí an Choiste maidir leis an tionscadal “Ambasadóirí Chúnant na Méaraí” atá ag an gCoiste, rud a chuirfeadh le raon feidhme agus le hinfheictheacht na tacaíochta polaitiúla a thugtar don Chúnant;

41.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach treoir shoiléir a thabhairt do na réigiúin, agus oibriú leis na hArdstiúrthóireachtaí inniúla go léir chun treoirlínte a fhorbairt maidir leis an mbealach chun tacú le cur chun feidhme SECAPanna trí Chláir Oibríochta Réigiúnacha i leith Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus trí bhíthin Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun daoine a cheapadh a bheadh freagrach as cúnamh a thabhairt do na bardais;

42.

ag iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) dlús a chur leis an gcumarsáid le pobal Chúnant na Méaraí, d’fhonn acmhainní na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a fhorbairt ar mhaithe leis an leas is fearr is féidir a bhaint as ionstraimí BEI, agus díriú go háirithe ar uirlisí a dhearadh a thacóidh le húdaráis áitiúla bheaga agus mheánmhéide;

43.

ag tacú le bunú an Mhoil Chomhairligh Eorpaigh maidir le hInfheistíocht (8), lena ndéantar an tacaíocht agus an treoir maidir le deiseanna maoiniúcháin, rud a theastaíonn go géar ó na húdarás áitiúla agus réigiúnacha, a chur ar fáil dóibh. Mar sin féin, meabhraíonn an Coiste gur cosúil nach raibh ach tionchar beag ag an ionstraim sin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go dtí seo. Dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an chúis atá leis sin a fhiosrú agus sineirgíochtaí níos láidre a chruthú idir an ionstraim seo agus na tionscnaimh ón mbun aníos, go háirithe Cúnant na Méaraí, agus meabhraíonn sé go bhfuil sé ullamh agus toilteanach tacú leis an gCoimisiún Eorpach an ionstraim sin a phoibliú tuilleadh agus straitéisí a fhiosrú le go mbeidh feidhm níos láidre léi.

An Bhruiséil an 5 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  https://www.ipcc.ch/2018/10/08/summary-for-policymakers-of-ipcc-special-report-on-global-warming-of-1-5c-approved-by-governments/

(2)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52018DC0773

(3)  https://www.un.org/sustainabledevelopment/

(4)  https://ec.europa.eu/info/eu-regional-and-urban-development/topics/cities-and-urban-development_ga

(5)  https://urban.jrc.ec.europa.eu/#/en

(6)  https://www.cunantnamearai.eu/faoin-gcúnant/tacaíocht-don-phobal/grúpa-cleachtóirí.html

(7)  Tuarascáil Speisialta IPCC ar an Athrú Aeráide agus Úsáid Talún.

(8)  https://eiah.eib.org/about/initiative-urbis.htm


10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

36


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Obair Ardáin – Dúshláin Rialála Áitiúla agus Réigiúnacha

(2020/C 79/07)

Rapóirtéir

:

Dimitrios BIRMPAS (EL/PSE), Comhairleoir Bardais Egaleo

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha réamhráiteacha

1.

á chur i dtreis gur cuid lárnach de gheilleagar na hEorpa é geilleagar na n-ardán digiteach agus go dtiocfaidh méadú leanúnach mór ar an tábhacht eacnamaíoch agus shóisialta atá leis san am atá le teacht;

2.

á chur in iúl go ndéanann an Coimisiún Eorpach cur síos ar gheilleagar na n-ardán mar shamhlacha gnó ina ndéantar gníomhaíochtaí a éascú le hardáin chomhoibríocha (1). De réir na foinse céanna, trí na hardáin chomhoibríocha, cruthaítear margadh oscailte chun úsáid shealadach a bhaint as earraí nó as seirbhísí a sholáthraíonn daoine aonair príobháideacha go minic. Tá baint ag trí chatagóir gníomhaithe leis an ngeilleagar comhoibríoch: (i) soláthraithe seirbhíse a roinneann sócmhainní, acmhainní, am agus/nó scileanna agus is daoine aonair príobháideacha, a sholáthraíonn seirbhísí ó thráth go chéile, nó soláthraithe seirbhíse a oibríonn i gcáil ghairmiúil, a bhíonn iontu; (ii) úsáideoirí na seirbhísí sin; agus (iii) idirghabhálaithe a nascann soláthraithe seirbhíse leis na húsáideoirí deiridh, agus sin trí ardán ar líne, agus a éascaíonn trádáil idir eatarthu (“ardáin chomhoibríocha”);

3.

á chur in iúl freisin gurb é an sainmhíniú a thugann an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) ar ardán ná seirbhís dhigiteach lena n-éascaítear idirghníomhaíochtaí idir dhá ghrúpa úsáideoirí ar leith nó idir níos mó ná sin díobh (cibé acu gnólachtaí nó daoine aonair) a idirghníomhaíonn le chéile tríd an tseirbhís trí mheán an idirlín (2);

4.

á chur in iúl go bhfuiltear ag baint leas méadaitheach as na hardáin dhigiteacha chun gach cineál gníomhaíochta eacnamaíche a chomhordú ós rud é bhfuil an úsáid atá á baint as an idirlíon á leathadh go han-sciobtha;

5.

á aithint gurb é an chúis atá leis an ardú atá tagtha ar an obair a dhéantar ar ardáin dhigiteacha ná an réimse leathan buntáistí a thugtar d’fhostóirí agus d’oibrithe araon tríd sin i bhfianaise an ghá atá le margadh saothair solúbtha. De réir Eurofound (3), is iomaí deis a eascraíonn as an margadh saothair freisin, amhail rochtain éasca a fháil ar an margadh saothair, foinse ioncaim bhreise, spreagadh don fhéinfhostaíocht, solúbthacht san am oibre agus cosc le hidirdhealú a dhéanamh idir oibrithe bunaithe ar eitneacht, ar mhíchumas agus ar dhálaí geografacha freisin. De bhreis air sin, faoi mar atá tugtha le fios ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) (4), ós rud é go dtagann roinnt oibrithe ardáin ó ghrúpaí leochaileacha cuardaitheoirí poist (daoine óga, mná, daoine ó réigiúin iargúlta), is féidir leis an obair ardáin tionchar dearfach a bheith aici ar chomhtháthú na ngrúpaí sin sa mhargadh saothair agus aistrithe chuig cineálacha níos cobhsaí fostaíochta a éascú, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun coinníollacha oibre cuibhiúla a áirithiú;

6.

á aithint, de dheasca leathadh tapa na n-ardán digiteach saothair le blianta beaga anuas, gur tháinig roinnt ceisteanna chun cinn faoi fheidhmiú na n-ardán agus faoin tairbhe atá le baint as atheagrú na hoibre a dhéantar mar gheall ar na hardáin sin, agus faoi na rioscaí gaolmhara;

7.

á thabhairt dá aire gurb amhlaidh, de réir Eurofound (5), go bhfuil, bunaithe ar chúraimí a dhéantar ar bhonn ad hoc, níos mó éiginnteachta ann maidir le cearta agus leibhéal cosanta sóisialta, dálaí oibre, nó cobhsaíochta fostaíochta oibrithe ardáin mar gheall ar a socruithe oibre sonracha;

8.

den tuairim go bhfuil gá le creat cuimsitheach chun cosaint shóisialta agus cearta sóisialta gach oibrí a áirithiú (lena n-áirítear cúrsaí sláinte agus sábháilteachta agus foghlaim ar feadh an tsaoil), chun cothrom iomaíochta a áirithiú do gheilleagar na n-ardán agus don gheilleagar “traidisiúnta” as líne, bunaithe ar na cearta agus ar na hoibleagáidí céanna a bheith ag na páirtithe leasmhara uile;

9.

á chur i bhfáth go mbaineann an fhéinfhostaíocht bhréagach (a dtugtar an fhéinfhostaíocht cheilte nó shamhailteach uirthi uaireanta freisin) le cásanna ina bhfuil daoine aonair aicmithe mar dhaoine féinfhostaithe ach a oibríonn, chun gach intinne agus críche, mar fhostaithe. Ba cheart deireadh a chur le mí-aicmiú a dhéanamh d’aon ghnó ar oibrithe, rud a dhéanann fostóirí agus iad ag féachaint le rialacháin fostaíochta, oibleagáidí fioscacha agus ionadaíocht oibrithe a sheachaint agus, ina theannta sin, oibrithe a chur i mbaol agus/nó buntáiste iomaíoch a thabhairt dóibh;

10.

á athdhearbhú gurb é atá leagtha síos i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (6), rud a dtacaíonn na Ballstáit uile san Aontas leis, an ceart atá ag na hoibrithe uile cóir chothrom agus chomhionann a fháil i ndáil le dálaí oibre, an ceart atá acu teacht ar chosaint shóisialta agus ar oiliúint – beag beann ar chineál agus fad an chaidrimh fostaíochta – mar aon leis an gceart atá acu pá cothrom a fháil, rud a áirithíonn caighdeán maireachtála sásúil;

11.

á thabhairt dá aire go bhfuil sé ag dul rite leis na “hoibrithe féinchuntais” mar a thugtar orthu ionadaíocht chomhchoiteann a fháil agus tá sé ag tarraingt aird ar an dúshlán is mó atá roimh chomhpháirtithe sóisialta, is é sin dul i dteagmháil le hoibrithe san earnáil neamhfhoirmiúil agus sna cineálacha nua fostaíochta atá ag teacht chun cinn amhail na hoibrithe ardáin (7); á éileamh, dá bhrí sin, bearta a thabhairt isteach chun an t-idirphlé sóisialta a chothú agus a éascú don chuid sin den mhargadh saothair;

12.

á áitiú gur cheart freagairt chomhordaithe ó na Ballstáit ar na dúshláin dlí a eascraíonn as athruithe teicneolaíocha leanúnacha ar an margadh saothair a áirithiú trí Thionscnamh Comhpháirteach Eorpach chun an obair ar ardáin dhigiteacha a rialáil; ar an eolas faoi na deiseanna is féidir a thapú a bhuí leis na teicneolaíochtaí nua, amhail an intleacht shaorga – deiseanna tacaíochta gairmiúla, deiseanna chun eolas a fháil agus deiseanna foghlama; á chur i bhfios go láidir de bhreis air sin gur gá bainistiú cuí a dhéanamh ar iarmhairtí diúltacha teicneolaíochtaí nua ar oibrithe ardáin, ós rud é go bhfuil na hoibrithe sin faoi réir ag cinntí arna ndéanamh, den chuid is mó, ag algartaim intleachta saorga agus sin mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar na teicneolaíochtaí sin, lena n-áirítear an intleacht shaorga;

13.

ar aon fhocal le glao na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) chun córas rialachais idirnáisiúnta a bhunú lena gceanglaítear ar shealbhóirí ardán cearta agus cosaintí íosta áirithe a urramú agus lena rialaítear úsáid sonraí agus cuntasacht algartamach i saol na hoibre. Tríd sin, thabharfaí aghaidh ar ionadaíocht chomhchoiteann oibrithe ardáin agus ar shaincheisteanna atá nasctha leis an intleacht shaorga, trí chur i bhfeidhm cur chuige ina bhfuil an duine daonna ar an stiúir a éileamh, rud a áiritheoidh gur daoine daonna a dhéanann na cinntí deiridh a bhfuil tionchar acu ar an obair (8); á chur in iúl gur díol sásaimh dó san am céanna tionscnaimh náisiúnta agus fhonáisiúnta (9), mar aon le tionscnaimh atá bunaithe ar ardáin chun cóid iompair a sheoladh don sluafhoinsiú agus don tslua-obair;

14.

ar aon intinn leis an mbarúil a cuireadh in iúl i gconclúidí na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí an 24 Deireadh Fómhair faoin ngá atá ann “[n]a hinstitiúidí oibre a neartú, go háirithe riarachán saothair agus cigireacht saothair, agus cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán saothair idirnáisiúnta a chur chun cinn chun gach oibrí a chosaint, lena n-áirítear sna cineálacha nua oibre, agus an t-aistriú ó gheilleagar neamhfhoirmiúil go geilleagar foirmiúil a chur chun cinn freisin” (10). Ina theannta sin, tá sé ag teacht leis an mbarúil a cuireadh in iúl gur gá “[p]ríobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta iomchuí a áirithiú, agus freagairt, i gcás inarb iomchuí, ar dhúshláin agus deiseanna, go háirithe maidir le claochlú digiteach na hoibre, lena n-áirítear obair ardáin” (11);

15.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó rún an Uachtaráin nua ar an gCoimisiún Eorpach, Ursula von der Leyen, a cuireadh in iúl ag seisiún oscailte Pharlaimint na hEorpa an 16 Iúil 2019, dálaí oibre oibrithe ardáin a fheabhsú, go háirithe trí dhíriú ar scileanna agus ar an oideachas (12); ag súil leis, áfach, go mbeidh níos mó ná na réimsí beartais thuasluaite i gceist leis na feabhsuithe ar na dálaí sin agus go mbeidh moladh ón gCoimisiún nua ann chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí oibre oibrithe ardáin agus díriú go gníomhach ar neamhchinnteachtaí nua (13);

16.

ag tagairt don ghá atá ann ar an iomlán na creataí dlí atá anois ann a thabhairt cothrom le dáta ar an leibhéal Eorpach (i.e. An Treoir maidir le Ríomhthráchtáil, an Treoir um Sheirbhísí) chun freagairt do leathadh tapa an gheilleagair chomhoibríoch agus do na dúshláin a bhaineann le hardáin a bhíonn á n-oibriú ar an leibhéal domhanda. Is réamhriachtanas tábhachtach le haghaidh aon nuashonrú a dhéanfar ar an gcreat dlí é féachaint ar a éifeachtaí agus atá reachtaíocht reatha an Aontais a bhféadfar í a chur i bhfeidhm maidir leis an obair ardáin, amhail an Treoir maidir le Dálaí Oibre Trédhearcacha agus Intuartha, agus na cineálacha éagsúla oibre ardáin atá anois ann a mhapáil go cruinn;

Aicmiú oibrithe agus conarthaí

17.

ag tagairt do thuairim roimhe sin inar chuir sé i bhfios go láidir gur cruthaíodh seachtrachtaí sóisialta agus fostaíochta láidre mar gheall ar roinnt samhlacha gnó de chuid an gheilleagair chomhoibríoch, go háirithe trí mhí-úsáid a bhaint as coincheap na “féinfhostaíochta”, agus go bhfuil siad ag brath ar éagothromaíochtaí sóisialta idir oibrithe (14);

18.

ag tagairt freisin don seasamh a ghlac an Coiste roimhe sin, inar chuir sé in iúl gurb ann do roinnt cineálacha oibre sa gheilleagar comhoibríoch atá leath bealaigh idir fostaíocht tuarastail agus féinfhostaíocht, rud a ardaíonn ceisteanna tábhachtacha maidir le dálaí oibre, cúrsaí sláinte agus sábháilteachta, árachas sláinte, pá breoiteachta, sochair dhífhostaíochta agus pinsin (15);

19.

á thabhairt dá aire go gcuireann an Coimisiún Eorpach in iúl sa Pháipéar Machnaimh maidir le Gné Shóisialta na hEorpa (16) gur don Aontas teacht ar chomhaontú maidir le comhrialacha trína gcinntear stádas fostaíochta oibrithe ar ardáin dhigiteacha, má táthar leis an ngné sin a neartú. Tríd sin, is féidir le gnólachtaí leas iomlán a bhaint as margadh digiteach aonair Eorpach;

20.

á chur i dtreis, ó tharla go bhfuil an-tuiscint ag daoine óga ar an gclaochlú digiteach agus ar fhorbairtí teicneolaíocha, gur dóigh leo gur deis fostaíochta tharraingteach é an obair ar ardáin dhigiteacha agus an tsolúbthacht a ghabhann leis sin, d’ainneoinn go bhfuil ganntanas cearta saothair sainithe go soiléir ann. Ní miste a lua go bhfuil na daoine a oibríonn ar ardáin sa lá atá inniu ann 10 mbliana, ar an méan, níos óige ná na daoine a oibríonn as líne (17), agus go bhfuil níos mó éiginnteachta i gceist i measc daoine óga toisc nach ann do chreat soiléir ina sainítear na cearta sin;

21.

á aithint go bhfuil castacht ag baint le caidrimh chonarthacha ar ardáin dhigiteacha, ach tá sé á chur in iúl go ndéantar na samhlacha fostaíochta an-éagsúil de chuid an gheilleagair thraidisiúnta a rialáil le comhrialacha bunúsacha a bhfuil an fheidhm chéanna leo maidir leis na hoibreoirí uile. Dá bhrí sin, tá an Coiste á iarraidh go gcuimseofar geilleagar na n-ardán agus oibrithe an gheilleagair sin faoi fhorálacha saothair agus sóisialta bunúsacha agus tá aird á tarraingt aige ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí sóisialta an Mhargaidh Aonair Dhigitigh ar an leibhéal Eorpach. Cruthófar cothrom iomaíochta idir an geilleagar traidisiúnta agus geilleagar na n-ardán digiteach agus rachfar i ngleic leis an dumpáil shóisialta trí chreat comhréireach náisiúnta, agus i gcás inar gá – i bhfianaise chineál trasnáisiúnta an gheilleagair dhigitigh – Eorpach, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin rialála a bhaineann leis an obair ar ardáin dhigiteacha. Ba cheart foráil a dhéanamh i gcreat rialála den sórt sin clásail eisiachais a thoirmeasc freisin trína gcuirtear cosc ar oibrithe oibriú i gcomhar le hardáin eile;

22.

á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna rialála tábhachtacha sa rialachán sin amhail an t-ualach a bhaineann le cruthúnas doiciméadach ar chaidreamh fostaíochta (agus aon mhí-aicmiú ar an ábhar sin), meastóireacht ar an toimhde infhrisnéise gurb ann do chaidreamh fostaíochta, eagrú na hoibre trí chaidrimh chonarthacha ina bhfuil clásail éagóracha mar aon leis an gceist a bhaineann le húinéireacht agus inaistritheacht sonraí ó thaobh próifíl agus feidhmíocht oibrí ardáin de. De bhreis air sin, tríd an rialachán sin, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar shaincheist a bhaineann le ranníocaíochtaí slándála sóisialta fostóirí, i ndáil leis an bhfórsa oibre iomlán lena mbaineann agus beag beann ar stádas na fostaíochta, agus cáilíocht na socruithe oibre á cur san áireamh. Ionas go bhféadfar an fhéidearthacht a bhaineann le gníomhaíocht dhigiteach trasteorann a chur san áireamh agus go bhféadfaidh feidhm a bheith leis an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú (18), ba cheart go mbeifí in ann idirdhealú a dhéanamh idir “an áit fostaíochta” agus “áit an tseachadta seirbhíse” mar ráthaíocht íosta ar chearta saothair;

23.

á thabhairt dá aire gur ar bhonn sainmhínithe sa dlí, sna comhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) (19) á chur san áireamh, ba cheart a chinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta. Tríd an gcásdlí, suitear go bhféadfar oibrithe ardáin a chumhdach freisin má chomhlíonann siad na critéir ábhartha. Tá sé ar aon intinn le Parlaimint na hEorpa gur “cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta agus ní bunaithe ar an tuairisc a dhéanann na páirtithe ar an gcaidreamh” (20). Ina theannta sin, tá sé ar aon intinn leis an bParlaimint gur “cineál oibre a dhearbhaítear go bréagach í drochúsáid stádas daoine féinfhostaithe, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, ar an leibhéal náisiúnta nó i gcásanna trasteorann”, agus gur “minic a bhíonn baint ag obair neamhdhearbhaithe léi […] chun oibleagáidí dlíthiúla nó fioscacha áirithe a sheachaint” (21). Aontaíonn sé, dá bhrí sin, go bhfuil gá le treoirlínte ar an leibhéal Eorpach chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan;

24.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil córais pá íosta ag an gcuid is mó de na Ballstáit san Aontas, córais a bunaíodh de réir an dlí nó ar thángthas ar chomhaontú fúthu trí chómhargáil. Is ag na Ballstáit agus/nó ag na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta atá an t-údarás ar nithe a bhaineann le socrú pá agus is iad atá freagrach as sin. Dá bhrí sin, ní mór urraim iomlán a thabhairt do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus dá gceart chun comhaontuithe pá comhchoiteanna a thabhairt i gcrích (22);

25.

ag tacú le meitheal speisialta a chruthú chun caidrimh fostaíochta agus aicmiú oibrithe ar ardáin dhigiteacha a fhiosrú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar chuid d’obair Fhaireachlann an Aontais Eorpaigh maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne, a cuireadh ar bun le cinneadh ón gCoimisiún (23). Tá tús curtha cheana le hobair lucht na Faireachlainne, atá comhdhéanta de ghrúpa saineolaithe neamhspleácha ar gheilleagar na n-ardán ar líne agus d’fhoireann thiomnaithe oifigeach de chuid an Choimisiúin, agus tugann siad comhairle agus saineolas don Choimisiún faoi fhorbairtí ar gheilleagar na n-ardán ar líne. Is féidir leis an gCoiste rannchuidiú le hobair an ghrúpa trí dhea-chleachtais ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal trasteorann, lena neartaítear, inter alia, forbairt scileanna d’fhoireann na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh stádas breathnóra ag an gCoiste laistigh den Fhaireachlann;

An ghné réigiúnach agus áitiúil

26.

á thabhairt dá aire go bhfuil tionchar ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach ag forbairt agus leathnú leanúnach gníomhaíochtaí eacnamaíocha ina bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag ardáin dhigiteacha, agus, dá bhrí sin, gur gá iad a rialáil ar leibhéal na n-údarás áitiúil agus réigiúnach freisin, laistigh de theorainneacha a gcumhachtaí, go háirithe maidir le cúrsaí cánachais agus pleanála uirbí;

27.

ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha réitigh a thabhairt ar na dúshláin shóisialta agus fostaíochta a eascraíonn as an obair ardáin, trí bhearta tacaíochta sóisialta a thabhairt isteach le haghaidh cineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta agus trí bhearta a thabhairt isteach chun cineálacha fostaíochta atá neamhrialta, agus neamhdhleathach uaireanta, a chosc (amhail an fhéinfhostaíocht shamhailteach) ar na hardáin sin, chun cearta oibrithe ardáin a áirithiú ar bhonn aonair agus comhchoiteann;

28.

á áitiú ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ina gcáil mar sholáthraithe agus faighteoirí réimse leathan seirbhísí ar líne, trí ardáin dhigiteacha go minic, idirdhealú dearfach a dhéanamh ina gcritéir chun conarthaí poiblí a dhámhachtain idir ardáin atá freagrach go sóisialta, agus critéir shóisialta maidir le dálaí oibre ar ardáin a chuimsiú iontu ina theannta sin;

29.

á áitiú ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, ina gcáil mar sholáthraithe seirbhíse, conarthaí fostaíochta a cheapadh a d’fhéadfadh a bheith mar shamhail d’fhostóirí áitiúla eile;

30.

á áitiú ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha beartais fostaíochta, beartais faoi fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus beartais shóisialta a chur le chéile chun cos a choinneáil le digitiú na margaí saothair agus chun an méid sin a léiriú;

31.

á áitiú ar lucht riaracháin áitiúil agus réigiúnaigh, laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí, deireadh a chur le haicmiú calaoiseach oibrithe tríd an gcigireacht saothair nó trí chomhlachtaí nó institiúidí inchomparáide.

An Bhruiséil an 5 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún A European Agenda for the Collaborative Economy [Clár Oibre Eorpach don Gheilleagar Comhoibríoch] (COM(2016) 356 final)

(2)  OECD, Léargas ar an bhFostaíocht 2019

(3)  Eurofound, 2019, Platform work: Maximising the potential while safeguarding standards? [Obair Ardáin: An Acmhainneacht a Uasmhéadú agus Caighdeáin á gCosaint?] https://www.eurofound.europa.eu/sites/default/files/ef_publication/field_ef_document/ef19045en.pdf

(4)  ACT, 2018, Platform Workers in Europe [Oibrithe Ardáin san Eoraip] https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/bitstream/JRC112157/jrc112157_pubsy_platform_workers_in_europe_science_for_policy.pdf

(5)  Eurofound, 2018, Employment and working conditions of selected types of platform work [Fostaíocht agus Dálaí Oibre Cineálacha Roghnaithe Oibre ar Ardáin] https://www.eurofound.europa.eu/ga/publications/report/2018/employment-and-working-conditions-of-selected-types-of-platform-work

(6)  Caibidil II: Dálaí oibre córa, pointe 5 agus pointe 6 https://ec.europa.eu/commission/priorities/deeper-and-fairer-economic-and-monetary-union/european-pillar-social-rights/european-pillar-social-rights-20-principles_ga

(7)  Staidéar Pharlaimint na hEorpa dar teideal EU and ILO: Shaping the Future of Work, 2019 [An tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair: Todhchaí na hEorpa a Mhúnlú] (http://www.europarl.europa.eu/meetdocs/2014_2019/plmrep/COMMITTEES/EMPL/DV/2019/09-03/IPOL_STU2019638407_EN.pdf)

(8)  Work for a brighter future, [Obair do Thodhchaí Fheabhsaithe] Coimisiún Domhanda na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) faoi Thodhchaí na hOibre, 2019. http://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/—dgreports/—cabinet/documents/publication/wcms_662410.pdf

(9)  Sampla suimiúil is ea tionscnamh chathair Milano a sheol cuntar bardasach faisnéise do sheachadóirí in 2018, an chéad oifig san Iodáil atá dírithe ar éisteacht le hoibrithe ar ardáin seachadta bia agus ar fhaisnéis agus ar chomhairle a thabhairt dóibh. http://www.ansa.it/lombardia/notizie/2018/07/18/a-milano-primo-sportello-per-i-rider_111a55ca-fc7b-4c16-91f7-60b1b22a3c96.html

(10)  Todhchaí na hOibre: Dearbhú Céad Bliain na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) á chur chun cinn ag an Aontas Eorpach – Conclúidí ón gComhairle (24 Deireadh Fómhair 2019)

(11)  Idem

(12)  Political Guidelines for the next European Commission 2019-2024 [Na Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024] https://www.europarl.europa.eu/resources/library/media/20190716RES57231/20190716RES57231.pdf.

(13)  Caint tosaigh ó Nicolas Schmit, an Coimisinéir ainmnithe um Poist, i gcaitheamh a éisteachta os comhair Pharlaimint na hEorpa https://multimedia.europarl.europa.eu/en/-hearing-of-nicolas-schmit-commissioner-designate-jobs-opening-statement-by-nicolas-schmit_I178011-V_v

(14)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an nGeilleagar Comhoibríoch agus le hArdáin ar Líne: Barúil Chomhroinnte na gCathracha agus na Réigiún (COR-2016-04163) [Níl leagan GA ann, teideal aistrithe]

(15)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Dálaí Oibre Trédhearcacha agus Intuartha san Aontas Eorpach (COR 1129/2018) [Níl leagan GA ann, teideal aistrithe]

(16)  COM(2017) 206, 26 Aibreán 2017

(17)  https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/bitstream/JRC112157/jrc112157_pubsy_platform_workers_in_europe_science_ for_policy.pdf, lch. 23

(18)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/PE-18-2018-INIT/ga/pdf

(19)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/PE-43-2019-INIT/ga/pdf

(20)  Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach. https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-8-2019-0379_GA.html

(21)  Idem

(22)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Caighdeáin Luacha Saothair san Fhostaíocht san Aontas Eorpach (COR-2015-01689) [Níl leagan GA ann, teideal aistrithe]

(23)  Cinneadh ón gCoimisiún an 26.4.2018 maidir leis an ngrúpa saineolaithe a chur ar bun don Fhaireachlann ar Gheilleagar na nArdán ar Líne (C(2018) 2393 final)


10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

40


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Creat Eorpach le haghaidh Freagairtí Rialála ar an nGeilleagar Comhoibríoch

(2020/C 79/08)

Rapóirtéir

:

Peter FLORIANSCHÜTZ (AT/Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE)), Comhalta de Pharlaimint Réigiúnach Vín agus comhalta de Chomhairle Cathrach Vín

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha ginearálta

1.

ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún an geilleagar comhoibríoch a chur chun tosaigh ina gcuid tosaíochtaí do théarma oifige 2019-2024;

2.

á thabhairt dá aire go bhfuil an geilleagar comhoibríoch bunaithe ar chaidreamh triantánach idir trí chatagóir de rannpháirtithe – an custaiméir, an soláthróir agus an t-ardán/an t-idirghabhálaí – rud atá an-éagsúil leis an tsamhail “slabhra” thraidisiúnta agus leis an gcaidreamh déthaobhach idir an custaiméir agus an soláthróir ar a bhfuil an creat rialála de chuid an Aontais atá anois ann bunaithe;

3.

á mheas, dá bhrí sin, nach bhfuil cur i bhfeidhm nithiúil dhlí an Aontais maidir leis na samhlacha gnó nua sin cuimsitheach, ná baol air, agus gur minic gur deacair iad a bhunú, faoi mar a léiríodh leis an gconspóid mhór agus leis an leas a baineadh as an gceartas, rud a spreagadh dá ndeasca;

4.

á thabhairt chun cuimhne gur aithin sé, ina thuairim in 2016 (1), nár tugadh freagraí cuimsitheacha sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le A European Agenda for the Collaborative Economy [Clár Oibre Eorpach don Gheilleagar Comhoibríoch] (2), arb éard atá i gceist leo siúd ná freagraí cuimsitheacha ar roinnt de na ceisteanna ríthábhachtacha a ardaíodh tríd an ngeilleagar comhoibríoch; den tuairim gurb é a tháinig as an neamhghníomhaíocht sin gur faoi na cúirteanna seachas na reachtóirí Eorpacha agus réigiúnacha a fágadh cinntí an-pholaitiúil;

5.

ag tarraingt aird ar na tairbhí is féidir a bhaint as an ngeilleagar comhoibríoch nuair a oibrítear go cothrom rialáilte é, amhail iomaíocht níos láidre in go leor earnálacha agus éifeachtaí suaiteacha ar shealbhóirí as a dtagann rogha níos leithne do thomhaltóirí agus costais níos ísle, deiseanna fostaíochta feabhsaithe agus na tionchair chomhshaoil dhearfacha a thagann as sócmhainní agus acmhainní a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla;

6.

á thabhairt le fios ina ainneoin sin, cé is moite de na buntáistí, go bhfuil tionchair dhiúltacha ag an ngeilleagar comhoibríoch freisin ar ghnólachtaí traidisiúnta agus ar phobail áitiúla; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil sé inghlactha sa mhargadh aonair go mbainfí an bonn de chearta saothair agus tomhaltóra ná de chaighdeáin i dtaca le cosaint an chomhshaoil agus á thabhairt le fios go bhfuil tuairim ar leith ar ghnéithe fostaíochta agus sóisialta d’obair an ardáin á dréachtú ag an gCoiste (3);

7.

á mheas gur cheart cothrom iomaíochta a chinntiú sa mhargadh aonair i dtaca le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar líne agus as líne araon. A bhuí leis an ngeilleagar comhoibríoch, tugtar rogha níos leithne do thomhaltóirí agus deiseanna nua d’fhiontraithe, ach, ní mór do na saoránaigh agus do na gnólachtaí a bheith feasach faoi na rialacha agus na hoibleagáidí áitiúla is infheidhme, is cuma cén cineál ardáin gnó a roghnaigh siad (e.g. comhroinnt tithe, turais i ngluaisteán, seirbhísí tís éagsúla, agus aidhmeanna brabúis nó neamhbhrabúis leis na nithe sin etc.);

8.

in aiféala mór freisin faoi phlódú cónaitheoirí áitiúla atá ar siúl i roinnt príomhchathracha mar gheall ar ardú praghsanna réadmhaoine atá nasctha le cuid mhór aonaid chóiríochta a bheith tiomnaithe do chíosanna turasóireachta sealadacha trí ardáin ar líne;

9.

ag iarraidh, ar a shon sin, dála an Choimisiúin, mar a léiríodh in 2016 in Agenda for the Collaborative Economy [Clár Oibre don Gheilleagar Comhoibríoch], an clár oibre dá chuid, an dá chuspóir beartais a bhaineann le dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann faoi láthair a chothromú – agus deimhneacht dlí a sholáthar – trí rialáil a dhéanamh ar lámh amháin, agus nuálaíocht, gnólachtaí nua agus forbairt bhreise an gheilleagair chomhoibríoch a spreagadh ar an lámh eile;

10.

den tuairim gurb éard atá le tuiscint as an smacht reachta ná cruthú agus forfheidhmiú éifeachtúil dlíthe ina theannta sin agus nár cheart aon bhac a chur roimh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus rialacha Eorpacha, náisiúnta nó réigiúnacha á gcur i bhfeidhm agus á bhforfheidhmiú acu;

11.

ag fáiltiú roimh ghníomhaíocht dheonach ardán ar fud na hEorpa ach á chur i bhfios go láidir nach féidir í a chur in ionad rialacha creata d’fhíorchómhargadh;

Creat Eorpach agus gné chríochach aige

12.

á mheas, i bhfianaise na n-ábhar imní sin, gurb amhlaidh go bhfuil an creat rialála de chuid an Aontais atá anois ann – a tugadh isteach roimh ré ardáin an gheilleagair chomhoibríoch – as dáta agus nach féidir leis a bheith mar fhreagairt ar na dúshláin a bhaineann leis an ngeilleagar comhoibríoch gan é a thabhairt cothrom le dáta go críochnúil;

13.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tograí a chur ar aghaidh chuige sin i gcaitheamh 2020, i gcomhthéacs leathan “Gníomh na Seirbhísí Digiteacha” atá ar chlár oibre Uachtarán toghaí an Choimisiúin (4), go háirithe ós rud é gur tháinig na príomháiseanna teicniúla (e.g. fóin chliste) agus na hardáin ar an bhfód i bhfad i ndiaidh na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil (2000);

14.

ag tabhairt ghné láidir áitiúil agus réigiúnach an gheilleagair chomhoibríoch, a bhfuil tionchar aici ar an ngnáthshaol, dá aire, ós rud é go bhfuil go leor de na réimsí ina bhfuil na hardáin sin gníomhach, lena n-áirítear cúrsaí cóiríochta, an t-iompar uirbeach, seirbhísí seachadta agus úsáid spásanna poiblí rialáilte nó faoi cháin ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit timpeallacht rialála spreagúil a chruthú, rud a fhágfaidh go mbeidh tairbhe bhreise le baint as an Margadh Aonair d’ardáin Eorpacha mhionscála agus go méadófar de réir scála iad chun go mbeifear in ann dúshlán a chur roimh ghníomhaithe domhanda ceannasacha;

16.

á iarraidh go n-aithneofaí an ghné chríochach sin sa chreat Eorpach a bheidh ann amach anseo agus acmhainneacht na n-údarás poiblí a neartú le gníomh a dhéanamh chun an geilleagar comhoibríoch a rialáil de réir a staide náisiúnta, réigiúnaí nó áitiúla, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú ina iomláine. Maidir le forfheidhmiú cinntí cúirte bailí i gcoinne ardáin cíosa shealadaigh, is mór an t-ualach a chuirtear ar na húdaráis áitiúla mar gheall air sin de dheasca easpa acmhainní agus acmhainneachta le dul chun dlí i mBallstát eile de chuid an Aontais;

17.

á chur i bhfios go láidir gurb é prionsabal na tíre tionscnaimh sa Treoir maidir le Ríomhthráchtáil faoi deara fadhbanna áirithe a bhíonn ag na cathracha agus na réigiúin. Dá láidre prionsabal na tíre tionscnaimh is ea is soiléire agus is éifeachtaí is gá do na rialacha um fhorfheidhmiú an dlí a bheith. Tá an Coiste den tuairim go bhfuil an baol ann go mbeidh “breith agus dhá rogha” i gceist nuair a théitear isteach sa mhargadh aonair, rud a fhágann go mbíonn éiginnteachtaí dlí ann agus go gcailleann na húdaráis phoiblí sa tír cinn scríbe an rialú riaracháin;

18.

den tuairim ar a shon sin nach bhféadfaí dul i ngleic le roinnt de na príomhábhair imní a bhaineann leis an ngeilleagar comhoibríoch trí ghníomh a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil nó náisiúnta, agus gur gá creat Eorpach soiléir a bheith ann, ina fhianaise sin, i dteannta dlíthe náisiúnta agus réigiúnacha;

19.

á mholadh go ndéanfar Measúnuithe Tionchair Chríochaigh ar na heilimintí criticiúla de Ghníomh na Seirbhísí Digiteacha agus den chreat Eorpach don gheilleagar comhoibríoch;

20.

á mholadh de bhreis air sin, i bhfianaise ghné dhinimiciúil an gheilleagair chomhoibríoch, go gcuirfí sásra i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Ghníomh na Seirbhísí Digiteacha agus an chreata Eorpaigh don gheilleagar comhoibríoch;

21.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach faireachán rialta a dhéanamh ar fhorbairt ardán comhoibríoch maidir le rialacha iomaíochta a chomhlíonadh, ós rud é gur léir ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil go bhfuil ceannasacht ardleibhéil ag líon beag árdán sa mhargadh;

Ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh

22.

á chur i bhfáth go bhfuil ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh ar bun cheana féin, ós rud é, in ainneoin a úire atá an feiniméan, gur tháinig an t-uafás rialacha don gheilleagar comhoibríoch chun cinn i roinnt Ballstát, cathracha agus réigiún, agus go bhfuil tionscnaimh dlí agus bheartais anois ann nó beartaithe i dtimpeall an dá thrian de na Ballstáit amhail ó 2017 fiú, cuir i gcás sa réimse cánachais, rialacha tithíochta agus tógála, seirbhísí iompair agus seachadta nó maidir le spásanna poiblí (5);

23.

á chur i bhfios go láidir gur léir ó na tionscnaimh iomadúla sin go bhfuil gá le rialachán soiléir ón Aontas laistigh den mhargadh aonair; ina éagmais sin, de dheasca na hilroinnte a thagann as sin, is féidir na húsáideoirí agus na soláthraithe araon a dhíspreagadh ó na deiseanna a thugtar tríd an ngeilleagar comhoibríoch a thapú;

24.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ríthábhacht freisin le deireadh a chur le hilroinnt an mhargaidh trí rialacha comhoiriúnaithe ar fud an Aontais chun fás gnólachtaí beaga sa mhargadh comhoibríoch a chur chun cinn, ós rud é gur fearr is féidir na hardáin mhóra, ilnáisiúnta atá anois ann a chur in oiriúint do chastacht rialála agus d’athruithe a bhuí lena scála mór;

25.

suite de, dá dtabharfaí creat soiléir isteach ar leibhéal an Aontais, go dtabharfaí deis fáis do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha mar aon leis an deis a bheith níos iomaíche ar an leibhéal domhanda. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar ardáin chomhoibríocha nach ardáin Eorpacha iad, ós rud é go bhfuil sé beagnach dodhéanta sa chuid is mó de na cásanna rialacha a fhorfheidhmiú i dtríú tíortha;

Stádas ardáin an gheilleagair chomhoibríoch

26.

in aiféala gur faoi na cúirteanna a fágadh ceist ríthábhachtach go nuige seo ar an iomlán, is é sin, ceist stádas ardáin an gheilleagair chomhoibríoch – agus dá bhrí sin an cheist a bhaineann leis na rialacha lena rialaítear a n-oibríochtaí – cé gur ábhar an-pholaitiúil é a bhfuil impleachtaí forleathana aige nach bhfuil freagra iomlán le fáil air astu féin sna rialacháin atá ann cheana.

27.

á chur i bhfáth gur cosúil go bhfuil gá ar leith leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil (6) agus leis an tsaoirse chun soláthar seirbhísí trasteorann a bhaineann leis an tsochaí faisnéise a ndéantar foráil maidir léi inti a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na gconspóidí agus na gcásanna cúirte lena mbaineann faoi láthair (7);

28.

á chur i bhfios go bhféadfadh sé gur gá an sainmhíniú féin ar sheirbhís de chuid na sochaí faisnéise (8) a shoiléiriú tuilleadh chun idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí, agus go háirithe i ndáil le teacht chun cinn “seirbhísí ilchodacha”, arna sainmhíniú ag Abhcóide Ginearálta CBAE, Maciej Szpunar, lena n-áirítear seirbhís de chuid na sochaí faisnéise agus, ar bhealach doscartha, an tseirbhís fholuiteach nach soláthraítear trí mheán leictreonach (9);

29.

á mheas gur cheart stádas ardáin an gheilleagair chomhoibríoch a shainiú sa chreat Eorpach de réir mhéid beacht an rialúcháin arna fheidhmiú ag an ardán, agus gur ceart na critéir chun “tionchar cinntitheach” a shainiú – an coincheap ar thrácht CBAE air – a leagan amach go sainráite i ndlí an Aontais dá bhrí sin;

30.

den tuairim ar an lámh eile, maidir leis na critéir a bhaineann leis an “gcruthaitheoir margaidh”, ar thrácht an tAbhcóide Ginearálta orthu freisin, go bhféadfadh feidhm a bheith leo go pointe áirithe maidir leis an gcuid is mó d’ardáin an gheilleagair chomhoibríoch agus go mbaineann siad, dá bhrí sin, i bhfad níos lú le hábhar agus a stádas agus na rialacha is infheidhme maidir lena n-oibríochtaí á sainiú;

31.

den tuairim gur ceart ardáin chomhoibríocha a bheith faoi dhliteanas i leith gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh (e.g. tairiscintí tithíochta sóisialta ar ardáin cíosa shealadaigh) agus den tuairim nach féidir cinntí idirdhealaitheacha ardán a dhéanamh ach amháin de réir dlíthe áitiúla nó cinntí cúirte;

Stádas úsáideoirí ardáin an gheilleagair chomhoibríoch agus cosaint tomhaltóirí

32.

á chur i bhfios gur gné shainiúil den gheilleagar comhoibríoch is ea go bhfágtar doiléir an líne idir gníomhaithe pearsanta agus gairmiúla, i.e. idir trádálaithe agus piaraí;

33.

á mheas ina leith sin gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar “sholáthraí seirbhíse” sa Treoir um Sheirbhísí (10), ós rud é gurb é an chiall a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfoclaíocht mar atá go gcumhdaítear aon ghníomhaíocht eacnamaíoch; den tuairim go bhféadfadh an staid sin a bheith ina bac láidir trí ualaí díréireacha a chur ar dhaoine ar mian leo gníomhú ó am go chéile mar sholáthróirí (“piaraí”) neamhghairmiúla seirbhísí trí ardán de chuid an gheilleagair chomhoibríoch;

34.

á mholadh dá bhrí sin go ndéanfaí an staid sin a shoiléiriú trí thairseacha ar fud an Aontais arna bhforbairt don leibhéal gníomhaíochta eacnamaíche, a meastar, ina dhiaidh sin, go mbeidh úsáideoir ag gníomhú mar ghairmí agus faoi réir rialáil maidir leis an margadh; den tuairim gur cheart na tairseacha sin a bheith bunaithe ar am seachas airgeadaíocht chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an Aontais;

Rochtain ar shonraí

35.

á thabhairt le fios gur saincheist ríthábhachtach d’údaráis phoiblí é rochtain ar shonraí, ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach go háirithe; ní féidir rialacha áitiúla infheidhme a fhorfheidhmiú i gceart ná sásraí maoirseachta a choimirciú gan rochtain a fháil ar na sonraí ábhartha ó na hardáin atá á n-oibriú i gcríoch ar leith;

36.

den tuairim dá bhrí sin gur ceart ceangal a chur ar na hardáin sa chreat Eorpach na sonraí riachtanacha a sholáthar do na húdaráis phoiblí chun na rialacha is infheidhme maidir leis an ardán agus/nó maidir lena réimse gníomhaíochta a fhorfheidhmiú ar bhunús dlí (11). Mar sin féin, ní mór do na húdaráis phoiblí aird chuí a thabhairt ar shonraí agus saineolas na n-ardán, amhail algartaim chuardaigh agus rangaithe, agus an fhaisnéis sin á rochtain. Níor cheart gur gá do na húdaráis phoiblí a bheith ag brath ar thoilteanas lucht na n-ardán sonraí a roinnt leo, mar is léir ón taithí a fuarthas i roinnt cathracha Eorpacha, cé gur éiligh lucht na n-ardán go raibh siad toilteanach comhoibriú, sa chleachtas ní dhéanann siad sin, nó ní dhéanann siad sin ach amháin ar bhonn deonach (12);

37.

á admháil go bhfuil bearta déanta ag lucht roinnt ardán chun rialacha áirithe a fhorfheidhmiú as a stuaim féin, ach cé gur iarrachtaí inmholta iad, is féidir le húsáideoirí ardán bealach a fháil thart ar an bhféinrialáil dheonach go héasca (is féidir aonad cóiríochta amháin a phostáil ar roinnt ardán nó roinnt uaireanta ar an ardán céanna fiú); suite de, dá bhrí sin, gurb é an réiteach is fearr dá bhfuil ann rochtain a thabhairt do na húdaráis phoiblí ar shonraí;

38.

á dhearbhú gur geatóirí iad ardáin dhigiteacha mhóra sa gheilleagar digiteach, gur féidir leo seasamh ceannasach a fháil sa mhargadh, agus tairbhe mhór a bhaint as éifeachtaí gréasáin éifeachtacha. Maidir le hardáin cheannasacha sa mhargadh, níl neart ar an oibleagáid atá ann cheana sa dlí maidir le cosaint sonraí a threisiú chun iniomparthacht sonraí a áirithiú (e.g. trí chomhéadain oscailte);

Ábhair imní chánach

39.

ag fáiltiú ar a shon sin roimh na cleachtais chomhoibritheacha atá curtha chun feidhme ag roinnt ardán chun rialacha a fhorfheidhmiú amhail bailiú cánacha turasóireachta thar ceann bardas;

40.

den tuairim mar sin féin go bhféadfaí ualach riaracháin mór a bheith i gceist dá gcuirfí de cheangal ar na hardáin uile déanamh amhlaidh i ngach údarás áitiúil agus réigiúnach, cé gur lú i bhfad an t-ualach atá i gceist le comhroinnt sonraí;

41.

á chur i bhfáth gur theip ar roinnt cathracha agus réigiún comhaontuithe a thabhairt i gcrích le lucht na n-ardán maidir le saincheisteanna cánach, ós rud é gur léirigh lucht roinnt ardáin chomhoibríocha nach bhfuil rún ar bith acu glacadh le dlíthe cánach náisiúnta nó réigiúnacha ná le cumhachtaí formhaoirseachta comhlachtaí maoirseachta áitiúla (e.g. na Cúirteanna Iniúchóireachta) ná le haon sásraí rialúcháin áitiúla le haghaidh cánachas ceart;

42.

á chur i bhfios go bhféadfaidh éiginnteacht a bheith ag baint leis an ioncam arna fháil ag soláthróirí de chuid an gheilleagair chomhoibríoch, ar soláthróirí iad a d’fhéadfadh a bheith ag obair trí roinnt ardán bunaithe i dtíortha éagsúla, agus gur deacair do na húdaráis chánach é a rianú: níl roinnt faighteoirí cinnte go dlisteanach cé na cánacha ar cheart feidhm a bheith leo, cé go bhféadfadh daoine eile iarracht fheasach a dhéanamh gan cánacha a íoc ach tairbhe a bhaint as an easpa soiléire; á chur i bhfáth go gcuirfí deireadh leis sin agus go n-áiritheofaí go n-íoctar na cánacha iomchuí trí chomhroinnt sonraí idir na hardáin agus na húdaráis phoiblí inniúla uile;

43.

á chur i bhfios gur pointe ríthábhachtach eile é cáin a ghearradh ar na hardáin féin; ní mór do lucht na n-ardán ar líne a gcion féin de chánacha a íoc; ag tagairt dá thuairim maidir le “Cánachas an Gheilleagair Dhigitigh” (13) ina measann an Coiste nach n-oireann na córais chánach atá anois ann do chomhthéacs eacnamaíoch reatha an domhandaithe, na soghluaisteachta, na dteicneolaíochtaí digiteacha, na samhlacha gnó nua agus na struchtúr gnó casta, agus ag fáiltiú roimh an togra ón gCoimisiún maidir leis sin (14);

Tionchar ar an gComhshaol

44.

á mheas gur bealach breise atá sa gheilleagar comhoibríoch chun rannchuidiú le bearta éagsúla arna ndéanamh ag an Aontas chun spriocanna aeráide Chomhaontú Pháras 2015 a bhaint amach;

45.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach staidéir a sholáthar ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngeilleagar comhoibríoch ar an gcomhshaol faoin dara leath de 2020, toisc go bhfuil staidéir dhoimhne den sórt sin de dhíth;

Tithíocht

46.

den tuairim gur ceart raon feidhme gníomhaíochta na hearnála poiblí a choimirciú chun a áirithiú go mbeidh saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí trí mheán leictreonach daingnithe ach nach srianfar an iomaíocht ná feidhmiú margaí áitiúla mar gheall air sin. Dá bhrí sin, ní mór na critéir leasa ghinearálta a shonrú agus a leathnú sa Treoir maidir le Ríomhthráchtáil. Tá tithíocht inacmhainne thar a bheith tábhachtach do shaoránaigh Eorpacha i ngach Ballstát; trí chíosanna gearrthréimhse is féidir claontaí diúltacha a neartú sa mhargadh tithíochta;

Focal scoir

47.

á chur i bhfios go bhfuil dúshlán roimh roinnt réigiún agus cathracha de dheasca gníomhaíochtaí ardáin a bheith ag teacht chun cinn ina gcríocha gan réamhfhógra; shínigh lucht roinnt cathracha Eorpacha Sharing Cities Declaration [Dearbhú na gCathracha Comhroinnte] (15) in 2018;

48.

ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún creat Eorpach a mholadh chun go mbeidh sé éigeantach réamhfhógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus chun comhoibriú a spreagadh idir na húdaráis agus lucht na n-ardán chun a áirithiú gur i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus ar mhodh atá iomchuí i bhfianaise na staide áitiúla a oibreoidh lucht na n-ardán;

49.

ag tnúth le hoibriú leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle chun an creat Eorpach le haghaidh freagairtí rialála ar an ngeilleagar comhoibríoch a mhúnlú.

An Bhruiséil an 5 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  COR-2016-04163. Le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2016%3A356%3AFIN

(2)  COM(2016)356 final. Le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM%3A2016%3A356%3AFIN

(3)  Tuairim ón gCoiste “Obair an Ardáin – Dúshláin Rialála Áitiúla agus Réigiúnacha”, [Níl leagan GA ann, teideal aistrithe] rapóirtéir: Dimitrios BIRMPAS. Comhad SEDEC-VI/051.

(4)  A Union that strives for more: My agenda for Europe [Aontas níos Uaillmhianaí - An Clár Oibre agamsa don Eoraip]. Le fáil ar líne: https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/political-guidelines-next-commission_en.pdf

(5)  Tuarascáil maidir le hAnailís Dlí CE, AS JUST, 2017, lgh. 92-101. Le fáil ar líne: https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/annex5_task5_reportmay2017.pdf

(6)  Treoir 2000/31/CE (‘an Treoir maidir le trádáil leictreonach’). Le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32000L0031

(7)  Féach go háirithe cásanna C-434/15, C-320-16 de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i ndáil le Uber agus cás leanúnach C390-18 i ndáil le Airbnb.

(8)  Tá an sainmhíniú le fáil i dTreoir (AE) 2015/1535 atá le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32015L1535

(9)  CBAE, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta i gCás C-434/15 atá le fáil ar líne: https://curia.europa.eu/jcms/upload/docs/application/pdf/2017-05/cp170050en.pdf

(10)  Treoir 2006/123/CE atá le fáil ar líne: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32006L0123

(11)  An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, Airt. 6(1)(e).

(12)  The Guardian, Meitheamh 2019; le fáil ar líne: https://www.theguardian.com/cities/2019/jun/20/ten-cities-ask-eu-for-help-to-fight-airbnb-expansion

(13)  Tag.: COR-2018-02748. [Níl leagan GA ann, teideal aistrithe] Le fáil ar líne ag: https://webapi2016.COR.europa.eu/v1/documents/cor-2018-02748-00-00-ac-tra-en.docx/content

(14)  Tag.: COM(2018) 147 final; agus Tag.: COM(2018) 148 final.

(15)  Le fáil ar líne: http://www.sharingcitiesaction.net/declaration/


10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

45


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha i mbun Comhpháirtíocht an Oirthir a bheidh ann amach anseo a mhúnlú

(2020/C 79/09)

Rapóirtéir ginearálta

:

Tadeuš ANDŽEJEVSKI (LT/ECR), Comhalta de Chomhairle Bardais Cheantar Vilnias

Doiciméad tagartha

:

Comhairliúchán Struchtúrtha AE maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, a bheidh ann amach anseo, arna sheoladh an 26 Iúil 2019

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur mór aige an clár um Chomhpháirtíocht an Oirthir (an Chomhpháirtíocht) a bunaíodh deich mbliana ó shin mar thionscnamh comhpháirteach idir an tAontas Eorpach, na Ballstáit agus sé thír chomhpháirtíochta in Oirthear na hEorpa agus i gCugas Theas: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin. Tá Coiste na Réigiún (an Coiste) á thabhairt le fios gurb iad an Pholainn agus an tSualainn ba mhó a thiomáin bunú na Comhpháirtíochta chun cinn mar bheartas struchtúrtha a thacódh leis an gcomhar réigiúnach agus a neartódh caidreamh an Aontais lena chomhpháirtithe in Oirthear na hEorpa. Tá an Coiste den tuairim gur tháinig an Chomhpháirtíocht chun bheith ina hionstraim thábhachtach i gcaitheamh na mblianta, ionstraim a fhágann tionchar ag an Aontas Eorpach ar na tíortha atá ar an taobh thoir dá theorainneacha. Tá an Chomhpháirtíocht i bhfeidhm le deich mbliana anuas agus, lena linn sin, tugadh isteach sraith tionscadal agus tionscnamh a thacaíonn le cur chun feidhme athchóirithe bunriachtanacha i dtíortha na Comhpháirtíochta agus le forbairt na sochaí sibhialta iontu;

2.

i bhfabhar forbairt bhreise a dhéanamh ar an gComhpháirtíocht sna deich mbliana atá amach romhainn tráth a leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith ag obair i gcomhar léi, agus ag moladh cur go mór le rannpháirtíocht thíortha na Comhpháirtíochta i gcomhar le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chomh maith le sainchláir earnála de chuid an Aontais, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcinntí a dhéantar maidir leis na cláir sin agus a gcur i bhfeidhm i dtíortha na Comhpháirtíochta. Tá an Coiste ag moladh ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a mhéadú de réir a chéile i dtíortha na Comhpháirtíochta maidir le cláir an Aontais a chuirtear chun feidhme sna tíortha sin a bhainistiú;

3.

ag áitiú go sonrach go ndéanfaí an creat dlíthiúil lena gcinntear cruth na Comhpháirtíochta a leathnú, e.g. iarscríbhinní a chur leis na comhaontuithe comhlachais a shínigh an Úcráin, an tSeoirsia agus an Mholdóiv lena gcuirfí ar a gcumas páirt a ghlacadh sna chéad chláir eile de chuid an Aontais. Is díol sásaimh don Choiste, dá bhrí sin, an tionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le comhar leis na trí thír sin a leathnú; is é an aidhm nach foláir a bheith leis an bpróiseas sin chun an comhar leo a neartú go ndéanfaí Ballstát den Aontas díobh ina dhiaidh sin. Tugann an Coiste dá aire, áfach, gur gá an comhar sin a leathnú chuig tíortha eile de chuid na Comhpháirtíochta, agus ba cheart a áireamh mar chuid de sin tosaíochtaí comhpháirtíochta coiteanna a leagan síos don Aontas agus do na tíortha aonair, tosaíochtaí a bheidh mar bhonn le comhaontuithe réime a thabhairt i gcrích le haghaidh tuilleadh comhair;

4.

tar éis páirt ghníomhach a ghlacadh in obair na Comhpháirtíochta trí fhorbairt agus comhdhlúthú a dhéanamh ar an tionscnamh sin ar leibhéal na n-údarás réigiúnach agus áitiúil. Trí bhíthin sraith tionscnamh, amhail Comhdháil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil do Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) nó na tascfhórsaí a thacaíonn le hathchóirithe dílárúcháin i dtíortha aonair (an Úcráin) a chur ar bun, chabhraigh an Coiste leis an gcóras rialtais áitiúil agus réigiúnaigh a neartú i dtíortha na Comhpháirtíochta chomh maith le comhar réigiúnach idir na tíortha aonair atá sa Chomhpháirtíocht, agus idir na tíortha sin agus Ballstáit an Aontais araon, a neartú;

5.

ag moladh an bonn institiúideach atá le CORLEAP a neartú ionas gur fearr a thacóidh an Chomhdháil leis an bpróiseas chun dlús a chur leis an dílárú i dtíortha na Comhpháirtíochta. Chuige sin, ba cheart an comhar a mhéadú faoi chuimsiú chreat CORLEAP idir ionadaithe na gcomhlachas is mó d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha ón Aontas agus ionadaithe ó thíortha na Comhpháirtíochta;

6.

á thabhairt le fios go gcumhdaítear an comhionannas inscne i mbunreachtanna agus i gcórais dlí thíortha uile na Comhpháirtíochta agus go bhfuil gach ceann de na coinbhinsiúin idirnáisiúnta is tábhachtaí sa réimse sin daingnithe ag na tíortha sin gan forchoimeádas. Tá prionsabal an chomhionannais inscne fréamhaithe go daingean i gConarthaí an Aontais Eorpaigh freisin. Le hAirteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ceanglaítear ar an Aontas díriú ar an gcomhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn ina ghníomhaíochtaí uile, agus dá réir sin sa Chomhpháirtíocht freisin. Tá an Coiste á mholadh d’institiúidí an Aontais freisin cúnamh a chur ar fáil trí dhea-chleachtais a mhalartú chun rannpháirtíocht pholaitiúil na mban a chur chun cinn in údaráis áitiúla agus réigiúnacha i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha na Comhpháirtíochta;

7.

den tuairim, a fhad a bhaineann leis an gcéad chéim phleanála eile den Chomhpháirtíocht, go mbeidh ról suntasach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha freisin maidir lena áirithiú go mbainfear cuspóirí na Comhpháirtíochta amach go rathúil. Dá bhrí sin, tá an Coiste ag súil leis go nglacfaidh an Coimisiún Eorpach agus ceannairí na mBallstát leis na moltaí agus na tuairimí uaidh ag an gcruinniú mullaigh de chuid na Comhpháirtíochta atá beartaithe faoi Uachtaránacht na Cróite ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ar moltaí agus tuairimí iad a dréachtaíodh i gcomhar leis na leibhéil rialtais is gaire do na saoránaigh;

8.

á thabhairt le fios go bhfuil ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta agus ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (LRAnna) i ndáil leis an smacht reachta a neartú: is leibhéal bunúsach dlisteanachta daonlathaí iad na LRAnna i dtíortha an Aontais agus i dtíortha na Comhpháirtíochta agus tá ról lárnach acu maidir le cultúr an smachta reachta a chur chun cinn agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bprionsabal a bhaineann leis;

9.

i bhfách le hathchóiriú breise ar an dílárú i dtíortha na Comhpháirtíochta, agus a neamhspleáchas á urramú ag an am céanna i ndáil lena leagan amach críochach agus institiúideach. Dá bhrí sin, tá an Coiste ag teacht go hiomlán leis na conclúidí ón naoú cruinniú bliantúil de chuid CORLEAP, a tionóladh in Turku (an Fhionlainn) an 12 Meán Fómhair 2019, maidir leis an gcur chuige straitéiseach chun treise a chur le tionscnaimh réigiúnacha agus áitiúla atá dírithe ar an daonlathú agus ar an dílárú, lena n-áirítear an t-airgeadas poiblí a dhílárú;

10.

ag tacú leis na hiarrataí ó roinnt comhlachais Eorpacha d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha cead a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith níos rannpháirtí sna cláir AE a chuirtear chun feidhme i dtíortha sin na Comhpháirtíochta a bhfuil baint acu leis an Aontas, lena n-áirítear cláir maidir le pleanáil inbhuanaithe agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a leathnú, maidir le hinfheistíocht a spreagadh, agus i ndáil le bonneagar áitiúil agus réigiúnach freisin. Ba cheart na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bheith ina dtreoirphrionsabal do thíortha an Aontais agus do thíortha na Comhpháirtíochta, agus ba cheart iad a chur chun cinn mar bhonn don chomhar i ngach réimse a chumhdaítear leis na SDGanna. Cuir i gcás, d’fhéadfaí a áireamh mar shamplaí den ghníomhaíocht sin rannpháirtíocht thíortha na Comhpháirtíochta sa Chlár um Líonrú maidir le Forbairt Uirbeach (URBACT) agus sa Chlár um an Eoraip ar son na Saoránach, agus i gcláir um chosaint na haeráide amhail LIFE. Tá an Coiste ag moladh freisin an rannpháirtíocht i gclár TAIEX agus i gcláir nasctha a leathnú chun go bhféadfadh údaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha na Comhpháirtíochta páirt a ghlacadh iontu;

11.

i bhfách le páirt a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha na Comhpháirtíochta maidir le spriocanna na Comhpháirtíochta a leagan síos agus na spriocanna sin a bhaint amach ina dhiaidh sin, agus ag an am céanna aitheantas a thabhairt don choincheap leibhéil éagsúla rannpháirtíochta a bheith ag tíortha aonair de chuid na Comhpháirtíochta, agus, ina theannta sin, an prionsabal gan aon choimhlint a chruthú idir na tíortha sin a urramú;

12.

á mholadh an 20 sprioc insoláthartha do 2020 a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe de Chlár Oibre 2030, rud a chuideodh lena gcur chun feidhme i dtíortha na Comhpháirtíochta;

13.

á thabhairt dá aire go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta i gcónaí tacú le hiomláine chríochach, neamhspleáchas agus ceannasacht a chomhpháirtithe uile. Tá lántiomantas, lánurramú agus comhlíonadh iomlán na gcuspóirí agus na bprionsabal a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe, in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975 agus i gCairt Pháras de chuid ESCE 1990 bunriachtanach dár bhfís chomhroinnte le haghaidh Eoraip shíochánta agus neamhroinnte;

14.

i bhfabhar iarrachtaí a dhéanamh athuair chun réiteach síochánta ar choinbhleachtaí neamhréitithe a chur chun cinn sa réigiún ar bhonn phrionsabail agus noirm an dlí idirnáisiúnta. Tá réiteach coinbhleachtaí, cothú muiníne agus dea-chaidreamh idir comharsana ríthábhachtach d’fhonn forbairt agus comhar eacnamaíoch agus sóisialta a bheith ann. Is díol sásaimh don Choiste na hiarrachtaí a rinneadh agus an ról neartaithe atá ag an Aontas maidir le coinbhleachtaí a réiteach agus muinín a chothú faoi chuimsiú an chreata nó chun tacú leis na formáidí agus na próisis chaibidlíochta chomhaontaithe atá ann cheana, lena n-áirítear trí láithreacht ar an talamh, i gcás inarb iomchuí;

15.

á chur in iúl gur dhíol sásaimh dó rannpháirtíocht níos láidre a dhéanamh leis na comhpháirtithe uile maidir le córais oideachais, taighde agus nuálaíochta a nuachóiriú agus a bhfeidhmíocht cháilíochta agus a n-iomaíochas a fheabhsú, agus urraim á háirithiú ag an am céanna do na cearta atá cheana féin ag daoine ar de mhionlaigh náisiúnta iad mar a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe agus i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa agus sna prótacail ghaolmhara, agus urraim á háirithiú chomh maith leis sin do neamh-idirdhealú daoine ar de mhionlaigh iad agus don éagsúlacht, agus saineolas chomhlachtaí Chomhairle na hEorpa á chur san áireamh go hiomlán agus athchóiriú á dhéanamh ar na córais sin;

16.

i bhfách go háirithe le réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht i réigiún thoir na hÚcráine agus ar an bhfadhb a bhaineann le hionghabháil mhídhleathach na Rúise ar an gCrimé;

Tacú le dea-rialachas i dtíortha na Comhpháirtíochta

17.

i bhfách acmhainneacht agus cáilíocht an riaracháin phoiblí a neartú i dtíortha na Comhpháirtíochta ar gach leibhéal, go háirithe ar leibhéal na n-údarás áitiúil agus réigiúnach. Tá an Coiste i bhfabhar feabhas a chur ar cháilíochtaí na státseirbhíseach agus trédhearcacht a mhéadú maidir le hearcú fostaithe poiblí agus cinnteoireacht phoiblí, lena n-áirítear caighdeáin frith-éillithe a chur chun feidhme agus cinntí a dhéanamh ar bhonn sásraí daonlathacha;

18.

á chur in iúl, dá bhrí sin, gur díol sásaimh dó Tionscnamh Frith-Éillithe an Aontais san Úcráin atá á chur chun feidhme ag Gníomhaireacht na Danmhairge um Fhorbairt Idirnáisiúnta, arna maoiniú trí chistí an Aontais agus arna cómhaoiniú ag an Danmhairg. Is éard is aidhm don chlár cabhrú leis an rialtas áitiúil an baol éillithe a laghdú, lena n-áirítear trí nósanna imeachta riaracháin atá fónta agus trédhearcach a bhunú, agus ar an gcaoi sin trédhearcacht a mhéadú maidir le hobair na n-údarás poiblí chun leas na saoránach, na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta áitiúla agus na meán cumarsáide;

19.

buíoch, i dtaca leis sin, den ról atá ag an Scoil Náisiúnta Riaracháin Phoiblí i Vársá, a thionóil naoi seisiún oiliúna do riarthóirí poiblí ar leibhéil éagsúla rialtais i dtíortha na Comhpháirtíochta, tar éis Chruinniú Mullaigh na Comhpháirtíochta in 2011, faoin gclár d’Acadamh Chomhpháirtíocht an Oirthir um Riarachán Poiblí;

20.

á thabhairt dá aire i ndáil leis sin nach raibh ach líon beag fostaithe in údarás réigiúnach nó áitiúil i measc na 500 riarthóir nó níos mó ar ar cuireadh oiliúint. Tá an Coiste á mholadh go mór go n-áireofaí níos mó riarthóirí áitiúla agus réigiúnacha sna cúrsaí oiliúna arna n-eagrú ag tíortha nó institiúidí an Aontais chun cur leis an acmhainneacht riaracháin i dtíortha na Comhpháirtíochta. Is minic a áitíonn rialtais i dtíortha na Comhpháirtíochta go gcuireann easpa acmhainneacht riaracháin na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sna tíortha sin bac ar na húdaráis féin agus iad i mbun tionscadail de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus a reáchtáil go díreach;

21.

ag tacú, dá bhrí sin, le tionscnamh CORLEAP chun ardán oideachais a chruthú le haghaidh oiliúint ar líne agus chun scoil riaracháin phoiblí d’oirthear na hEorpa a chur ar bun i gceann de thíortha na Comhpháirtíochta, agus é de chúram uirthi oiliúint chuimsitheach agus chomhordaithe a chur ar fáil, agus leas á bhaint as an dea-chleachtas Eorpach, do riarthóirí ar leibhéil éagsúla sna tíortha comhpháirtíochta. A bhuí leis an mbeart sin, thabharfaí an próiseas oiliúna do bhaill foirne sna tíortha sin (e.g. scileanna Béarla a fheabhsú) chun caighdeáin agus chuirfí ardchaighdeáin ghairmiúla agus eiticiúla ar fáil dóibh;

22.

ag moladh an chláir phíolótaigh AE, a cuireadh chun feidhme trí shásra TAIEX-REGIO PEER 2 PEER an Choimisiúin, atá dírithe ar riarthóirí poiblí sa tSeoirsia, sa Mholdóiv agus san Úcráin. Tá an clár sin bunaithe ar phrionsabal an phostscáthaithe agus fágann sé gur féidir taithí a fháil i mBallstáit an Aontais agus eolas agus saineolas a chur ar aghaidh ansin chuig údaráis na rannpháirtithe féin i dtíortha na Comhpháirtíochta. Tá an Coiste á mholadh go méadófaí rannpháirtíocht riarthóirí ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chlár sin agus go n-osclófaí do thíortha uile na Comhpháirtíochta é. Is díol sásaimh don Choiste seoladh chlár an Choimisiúin Eorpaigh lena dtugtar saineolaithe náisiúnta san oiliúint ghairmiúil (NEPT) ar iasacht, a ceapadh do thíortha na Comhpháirtíochta, agus an fógra maidir le céim nua den chlár do ghairmithe óga (EU4Youth) atá dírithe ar na tíortha sin. Bealach eile chun feabhas a chur ar scileanna riaracháin i dtíortha na Comhpháirtíochta is ea go bhféadfaidís páirt a ghlacadh i dtionscnamh JASPERS, lena gcuirtear cúnamh ar fáil chun tionscadail de chuid an Aontais a ullmhú;

23.

ag tacú le comhpháirtíochtaí idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha Bhallstáit an Aontais agus údaráis ábhartha thíortha na Comhpháirtíochta, chomh maith le comhpháirtíochtaí comhchosúla idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha thíortha na Comhpháirtíochta. Sampla den chineál sin comhpháirtíochta is ea an comhar idir réigiúin, bailte nó cathracha agus bardais. D’fhéadfadh comhpháirtíochtaí den sórt sin a bheith ina ndeis chun faisnéis agus taithí a chomhroinnt, agus le haghaidh malartuithe i réimsí an chultúir agus na hóige, le haghaidh oiliúint, cuairteanna ó shaineolaithe agus taithí oibre do riarthóirí a eagrú, chomh maith le gníomhaíochtaí eile;

24.

ríméadach, dá bhrí sin, a thabhairt dá aire go bhfuil rath ar an gclár píolótach um chomhpháirtíocht idir cathracha agus réigiúin ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus eintitis chomhchosúla san Úcráin (faoi chuimsiú an chláir U-LEAD with Europe). Leis an gclár 12 mhí comhair sin faoi choimirce Choiste na Réigiún, tugadh tacaíocht don dílárú san Úcráin, agus béim ar leith á cur ar an rialachas eacnamaíoch a fheabhsú, e.g. i réimsí an fhuinnimh, na turasóireachta agus na forbartha tuaithe;

25.

á mholadh go n-áireofaí mar chuid den tacaíocht a thugtar don dea-rialachas ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i dtíortha na Comhpháirtíochta obair anailíseach agus shaineolach a chur chun cinn maidir le forbairt áitiúil agus réigiúnach, agus go réiteofaí na fadhbanna agus na bacainní is criticiúla don fhorbairt arna sainaithint ar an leibhéal sin. D’fhéadfadh eagraíochtaí sochaí sibhialta áitiúla (i bhfoirm meithleacha machnaimh) agus comhlachtaí anailíseacha nó eolaíocha eile an obair shaineolach sin a thionscnamh i gcomhar le comhlachtaí comhchosúla ó Bhallstáit an Aontais;

26.

den tuairim gur gné thábhachtach den dea-rialachas ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i dtíortha na Comhpháirtíochta í an tacaíocht theicniúil agus eagraíochtúil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do na meáin áitiúla agus do chomhlachais d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha.

27.

á cheapadh gur gné thábhachtach eile a bhaineann le tacaíocht a thabhairt don dea-rialachas go n-urramódh rialtais áitiúla agus réigiúnacha cearta na mionlach náisiúnta agus go gcuirfidís san áireamh iad agus cinntí á ndéanamh agus á gcur chun feidhme acu ina dhiaidh sin;

Tacaíocht a thabhairt don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta

28.

ag formhuiniú na dtionscnamh uile atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta i dtíortha na Comhpháirtíochta, go háirithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus á chur in iúl, dá bhrí sin, gur díol sásaimh dó an tionscnamh AE, Méaraí ar son an Fháis Eacnamaíoch (M4EG), a seoladh in 2017, agus a fheidhmíonn faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas na n-údarás áitiúil, i measc nithe eile, borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, e.g. trí athruithe rialála a thabhairt isteach, trí rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, trí bhonneagar agus acmhainní daonna a fhorbairt, agus trí fheabhas a chur ar an acmhainneacht chun infheisteoirí seachtracha a mhealladh;

29.

ag iarraidh athuair, maidir le tuairim CIVEX-VI/030 ó Choiste na Réigiún, go gcuirfí sonraí staidrimh oifigiúla ardcháilíochta ar fáil i dtíortha na Comhpháirtíochta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ionas gur féidir an fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos straitéisí. Nuair is féidir, ba cheart na sonraí staidrimh sin a mhiondealú de réir inscne;

30.

á thabhairt dá aire go bhfuil sé dodhéanta, de dheasca easpa sonraí staidrimh ardcháilíochta den sórt sin, acmhainneacht eacnamaíoch na réigiún nó na limistéar aonair ar an leibhéal áitiúil a mheas go hiontaofa ná measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na dtionscadal socheacnamaíoch arna gcur chun feidhme acu; rud eile, de dheasca na heaspa sin, tá bac curtha ar iarrachtaí frith-éillithe agus cosc curtha ar thrédhearcacht a thabhairt isteach sa réimse sóisialta;

31.

ag tacú freisin le comhroinnt saineolais agus le cúnamh saineolach ó Bhallstáit an Aontais maidir le bainistiú straitéiseach a dhéanamh ar bhuiséid áitiúla, bainistiú níos éifeachtúla a dhéanamh ar sheirbhísí áitiúla agus buiséadú rannpháirtíoch a thabhairt isteach le cuidiú na saoránach, etc.;

32.

ag moladh tacaíocht níos láidre a áirithiú do thionscnaimh chun borradh a chur faoin bhfiontraíocht áitiúil agus réigiúnach, go háirithe a fhad a bhaineann le FBManna, i dtíortha na Comhpháirtíochta, chomh maith le prionsabail na fiontraíochta sóisialta a chur chun cinn;

33.

á mholadh, ina theannta sin, go dtabharfaí isteach cláir chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le forbairt fuinnimh in-athnuaite i dtíortha na Comhpháirtíochta, á chur san áireamh gur gá na cláir sin a dhílárú chuig an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus á chur in iúl, dá bhrí sin, gur díol sásaimh dó tionscnamh Chúnant Méaraí an Oirthir (CoM an Oirthir) chun spriocanna beartais fuinnimh agus aeráide an Aontais a chur chun cinn agus a chur chun feidhme i dtíortha na Comhpháirtíochta. Ba cheart go gcuideodh sé sin, go háirithe, leis na húdaráis áitiúla sna tíortha sin fuinneamh inbhuanaithe a thabhairt isteach agus cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a ráthú, agus oiriúnú don athrú aeráide freisin;

34.

i bhfabhar rannpháirtíocht mhéadaithe thíortha na Comhpháirtíochta sna cláir seo a leanas: Erasmus +, Eoraip na Cruthaitheachta, COSME agus Fís 2020, chomh maith le tionscnaimh eile den chineál sin, faoin gcéad pheirspictíocht airgeadais ilbhliantúil eile de chuid an Aontais. Ag an am céanna, tá an Coiste ag moladh fabhair a bhunú maidir leis an gcaoi a n-eagraítear rannpháirtíocht thíortha na Comhpháirtíochta sna cláir sin, e.g. cuibhreannais a chur ar bun idir eintitis ó thíortha na Comhpháirtíochta agus Ballstáit an Aontais;

35.

á mholadh go gcuirfí prionsabail na trédhearcachta agus an choisc ar éilliú chun cinn i dtíortha na Comhpháirtíochta i gcás comhthionscadail a chuireann údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus oibreoirí margaidh áitiúla i gcrích i gcomhar le chéile, lena n-áirítear, mar shampla, FBManna agus infheisteoirí eachtracha;

Comhar trasteorann a fhorbairt

36.

á thabhairt le fios gur uirlis thábhachtach iad na tionscnaimh um chomhar trasteorann a d’fhéadfadh cuidiú le spriocanna na Comhpháirtíochta a bhaint amach, lena n-áirítear go háirithe comhar idir tíortha na Comhpháirtíochta agus Ballstáit an Aontais, chomh maith leis an bhforbairt áitiúil agus réigiúnach;

37.

á chur in iúl, dá bhrí sin, gur díol sásaimh dó forbairt chláir chríochacha na Comhpháirtíochta (Cláir na Comhpháirtíochta um Chomhar Críochach/EaPTCanna), a bhfuil baint ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha roghnaithe ó cheithre phéire tíortha, mar atá idir an Airméin agus an tSeoirsia, idir an Asarbaiseáin agus an tSeoirsia, idir an Bhealarúis agus an Úcráin, agus idir an Mholdóiv agus an Úcráin, lena bhfeidhmiú. Tá an Coiste den tuairim gur cheart na cláir um chomhar críochach sin a chur chun feidhme ar an gcaoi chéanna ar cuireadh chun feidhme iad go nuige seo idir tíortha na Comhpháirtíochta, agus idir réigiúin teorann na dtíortha sin agus réigiúin teorann na mBallstát;

38.

á thabhairt le fios gur cheart go mbeadh na spriocanna seo a leanas ag baint le comhar trasteorann: teagmhálacha idir daoine a fhorbairt; malartuithe i réimsí an chultúir agus na hóige; comhroinnt taithí sa tsochaí shibhialta agus faoi conas a oibríonn na meáin áitiúla; malartuithe eolaíocha agus saineolacha chun tacú le dílárú agus le forbairt áitiúil agus réigiúnach; cuidiú le feidhmiú an riaracháin phoiblí a fheabhsú; agus comhpháirtíochtaí idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha;

39.

á thabhairt dá aire go bhféadfaí comhar trasteorann a eagrú ar aon dul le cláir chomhchosúla atá ag feidhmiú san Aontas. Chuige sin, luífeadh sé le ciall dea-chleachtais an chláir Interreg a chur i bhfeidhm ós rud é go bhfuil sé á chur chun feidhme go rathúil i réigiúin teorann an Aontais le breis agus 20 bliain anuas;

40.

den tuairim, maidir leis na cláir thrasteorann, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar ghné an duine chun a áirithiú go n-iompófar réigiúin teorann thíortha na Comhpháirtíochta agus réigiúin teorann an Aontais ina limistéir chomhair agus go minic ina limistéir athmhuintearais freisin. I dtaca le tionscadail mhionscála idir daoine (P2P), a d’fhéadfaí a dheighilt ó thaobh riaracháin de ó chláir mhóra, is féidir go meallfaidh siad lear mór daoine. Tá tionscadail P2P ceaptha ar dhóigh a íoslaghdaíonn an maorlathas a bhaineann leo agus a fhágann iad chomh hinrochtana agus is féidir do thairbhithe féideartha (scoileanna, ospidéil, eagraíochtaí don óige agus eagraíochtaí reiligiúnacha, etc.) trí laghdú a dhéanamh ar an rannchuidiú is gá ó na geallsealbhóirí sin. D’fhonn struchtúir bhuana ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach a fhorbairt amach anseo, d’fhéadfaí anailís a dhéanamh freisin féachaint an bhféadfaí “Grúpáil um Chomhar Críochach de chuid na Comhpháirtíochta” (cosúil le GECC) de chineál éigin a bheartú;

41.

den tuairim gur cheart, trí chláir trasteorann, acmhainní airgeadais a dhíriú chuig údaráis áitiúla agus réigiúnacha roghnaithe i dtíortha na Comhpháirtíochta agus taithí a thiomsú ar an mbonn sin, agus gur cheart go bhfeidhmeodh na cláir sin i dtosach báire mar thionscadail phíolótacha;

Cumarsáid

42.

den tuairim gur cheart leathnú líonraí cumarsáide, mar atá líonraí bóithre, iarnróid, teileachumarsáide, etc., a bheith ina ghné thábhachtach chun comhar a neartú idir tíortha na Comhpháirtíochta agus idir na tíortha sin agus Ballstáit an Aontais;

43.

á chur in iúl, dá bhrí sin, gur díol sásaimh dó cruthú Ardán Infheistíochta na Comharsanachta (NIP), a bhfuil a chuid gníomhaíochtaí á maoiniú ar bhonn páirteach ón gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) agus i bpáirt ó fhoinsí eile atá bunaithe ar mheascán de dheontais agus d’iasachtaí (‘cumasc’). Cuirtear ráthaíochtaí airgeadais ar fáil faoi chuimsiú CEFI freisin le haghaidh na n-infheistíochtaí sin. Faoi 2019, tionscnaíodh nó faomhadh thart ar 15 thionscadal le haghaidh thíortha na Comhpháirtíochta trí NIP, arna maoiniú le EUR 151 mhilliún, agus d’fhéadfaí suas le EUR 1,8 billiún san iomlán a shlógadh ó gach foinse. Tá go leor den infheistíocht sin curtha i leataobh chun bonneagar gréasáin, lena n-áirítear bonneagar iompair, a fhorbairt. Tá cuid den infheistíocht curtha in áirithe don bhonneagar áitiúil (faoin gClár Infheistíochta um Bonneagar Bardasach);

44.

á thabhairt dá aire nár cheart a bheith i dtortaobh le cistiú de chuid an Aontais atá curtha i leataobh d’aon ghnó don Chomhpháirtíocht chun tionscnaimh iompair a chur i gcrích, ach gur féidir tarraingt freisin ar chláir a bhaineann leas as meascán d’ionstraimí cistiúcháin (“cumasc”). Is díol sásaimh don Choiste, dá bhrí sin, an infheistíocht a rinneadh i dtíortha na Comhpháirtíochta faoi chuimsiú an Phlean Gníomhaíochta Infheistíochta tháscaigh a bhaineann le gréasán TEN-T agus an fhéidearthacht gníomhaíochtaí a dhéanamh faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Is infheistíocht áitiúil í cuid den infheistíocht sin freisin agus is cuidiú í le naisc chumarsáide a fhorbairt idir bailte agus réigiúin na Comhpháirtíochta. Ba cheart cur lena bhfuil de dheiseanna ann chun leas a bhaint as acmhainní infheistíochta agus cláir infheistíochta eile de chuid an Aontais, agus ba cheart rochtain níos éasca a thabhairt do thíortha na Comhpháirtíochta ar na foinsí cistiúcháin sin;

45.

den tuairim gurbh fhearr ab fhéidir cuspóirí na Comhpháirtíochta a bhaint amach ach an uasteorainn do chistiú an Aontais a ardú sa chéad pheirspictíocht airgeadais eile (iar-2020); agus á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún Eorpach go ndéanfaí méadú thart ar 25 % ar mhaoiniú don ionstraim nua atá curtha i leataobh don ghníomhaíocht sheachtrach (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta). Ar a shon sin, is den tábhacht é go dtiocfaidh méadú inchomparáide ar an gcistiú don Chomhpháirtíocht. Ina theannta sin, ba cheart dul amach ar an bhféidearthacht acmhainní sonracha ón ionstraim seo a dhíriú ar chur chun feidhme na gcuspóirí atá ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha sa Chomhpháirtíocht agus ar an gcomhar trasteorann.

An Bhruiséil an 5 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

50


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Plean Gníomhaíochta i gcoinne na Bréagaisnéise

(2020/C 79/10)

Rapóirtéir

:

Randel LÄNTS (EE/PES), Comhalta de Chomhairle Cathrach Viljandi

Doiciméad tagartha

:

Teachtaireacht Comhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún: Plean Gníomhaíochta i gcoinne na Bréagaisnéise

JOIN(2018) 36 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Nótaí

1.

ag fáiltiú roimh thionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cur i gcoinne na bréagaisnéise (1), lena n-ardaítear feasacht ar an bhfadhb agus lena dtugtar rabhadh faoi na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbréagaisnéis ar phróisis toghcháin agus ar shláine institiúidí daonlathacha. Is díol sásaimh ag Coiste Eorpach na Réigiún an cur chuige il-geallsealbhóirí maidir leis an mbréagaisnéis, a spreagann rannpháirtíocht i measc na rialtas, na sochaí sibhialta agus na hearnála príobháidí, agus a chuireann le comhar, oideachas agus rialáil;

2.

ag athdhearbhú na pointí a rinne sé sa tuairim a d’eisigh sé maidir le Tackling online disinformation: a European approach (2)[Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne: cur chuige Eorpach] Ba mhian le Coiste Eorpach na Réigiún a chur in iúl go háirithe gur gá daoine a chur ar an eolas faoin bhfadhb seo agus gur féidir feasacht a ardú trí oideachas a chur orthu i scoileanna;

3.

ag tabhairt dá aire le teann sásaimh go bhfuil an bhréagaisnéis ar bharr chlár oibre an Choimisiúin Eorpaigh nua, maidir le próisis laistigh den Aontas Eorpach agus forbairtí lasmuigh dá theorainneacha araon, agus maidir le gníomhaithe laistigh agus lasmuigh den Aontas a dhéanamh rannpháirteach; ag tnúth go mór le bheith ag obair i ndlúthchomhar leis na Coimisinéirí Eorpacha nuacheaptha chun taithí agus ábhair imní na leibhéal fonáisiúnta rialachais a chur chun cinn i ndáil leis na hábhair sin;

4.

ag fáiltiú roimh an rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur isteach ón gcoigríoch ar thoghcháin agus an bhréagaisnéis i bpróisis dhaonlathacha náisiúnta agus Eorpacha agus athdhearbhaíonn sé go bhfuil gá le cur chuige il-geallsealbhóirí il-leibhéil comhordaithe chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan, lena n-áireofar dearcadh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach;

5.

ag tabhairt dá aire nach mór dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, ar fadhb é atá leabaithe in athruithe socheacnamaíocha atá casta agus tapa, ar bhealach iomlánaíoch. Creideann Coiste Eorpach na Réigiún go bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha oiriúnach chun páirt a ghlacadh sa phlé maidir leis an mbagairt ón mbréagaisnéis agus chun frithbhearta a thionscnamh agus a chomhordú;

6.

ag tabhairt le fios go bhfuil oibríochtaí lánfheidhme i bhfeidhm cheana, a cuireadh ar bun chun faisnéis bhréagach a scaipeadh, agus go bhfuil gá le hiarrachtaí comhpháirteacha leanúnacha ó institiúidí, ó ardáin na meán sóisialta agus ón tsochaí shibhialta chun iad a chomhrac;

7.

ag tabhairt dá aire nach mór cumhacht a thabhairt do shaoránaigh le gur féidir leo an bhréagaisnéis ar líne a chomhrac trí eolas, scileanna digiteacha agus gníomhaíochtaí a úsáid, d’fhonn bealaí nua a leagan amach chun faisnéis a rochtain agus a scaipeadh. Trí litearthacht sna meáin a fhorbairt, cothaítear smaointeoireacht chriticiúil ó na saoránaigh agus ligtear dóibh mionscrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis mhionsonraithe agus ar a foinsí. Leis an bpróiseas sin, is féidir leis na saoránaigh roghanna eolasacha a dhéanamh faoin ábhar a úsáidtear, rud a neartóidh a n-athléimneacht sa tsochaí. Ó tharla go n-úsáideann níos mó ná leath de dhaonra an Aontais na meáin shóisialta chun scéalta nuachta a fháil, tuigtear cé chomh práinneach is atá an cás.

8.

den tuairim, áfach, go bhfuil tionchar ag iontaofacht na meán “traidisiúnta”, ar nósanna agus ar scileanna daoine agus na meáin á n-úsáid acu. Tá an iontaofacht sin bunaithe ar an bhfreagracht eagarthóireachta a mheastar a bheith ar an bpreas. Go dtí seo, d’oibríomar i spás faisnéise poiblí atá iontaofa agus dearfach toisc go bhfuil a fhios againn go bhfuil gnólachtaí a chuireann ábhar iriseoireachta ar fáil freagrach ó thaobh an dlí, an gheilleagair, eitice agus a gclú de as a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a fhoilsíonn siad fíor;

9.

ag tabhairt dá aire gur beag faireachán a dhéantar ar eagarthóirí nó ar iontaofacht na faisnéise a scaiptear sna meáin nua. San am céanna, le blianta beaga anuas, tá bealaí agus modhanna nua tagtha chun cinn trínar féidir faisnéis bhréagach a chur i láthair ar bhealach atá chomh hinchreidte agus chomh réadúil agus is féidir;

10.

ag meabhrú go léiríonn an taithí atá faighte go dtí seo ó shaincheisteanna agus ó fheachtais éagsúla i réimse an oideachais saoránachta nach féidir feasacht daoine a ardú agus a n-iompar a athrú ach amháin trí phróiseas fada casta, mar shampla, trí scileanna litearthachta sna meáin a thabhairt dóibh. Is féidir leis na meáin, polaiteoirí agus lucht déanta cinntí a bheith lán le caint faoin mbréagaisnéis, ach tá tionchar teoranta acu maidir le hiompar daoine a athrú;

11.

ag aithint nach rabhthas in ann fós na gnéithe sin uile a chur san áireamh i gcláir oideachais saoránachta, daoine a chur ar an eolas fúthu ná iad a áireamh i gcleachtas laethúil na meán nua. D’fhonn athruithe fadtéarmacha ar iompar a bhaint amach, tá gá le hoideachas i ndáil le saoránacht agus for-rochtain. I dteannta an chórais oideachais agus dearcthaí agus iompar sibhialta a chothú, tá sé ríthábhachtach freisin go ndéanfar obair for-rochtana a cheapadh do phobal leathan agus go dtabharfar aghaidh ar spriocghrúpaí ar bhealach iomchuí trí na cainéil mheáin is fearr leo;

12.

ag cur in iúl go láidir, cé go ndéanann ardán na meán sóisialta brabús suntasach san Aontas Eorpach, nach gcuireann siad aon seirbhísí ar fáil d’úsáideoirí lena dtugtar cúnamh tapa dóibh i ndáil le hábhar. Tá cumarsáid le hardáin na meán sóisialta neamhchórasach, aonair agus ní dhéantar é ach ó am go chéile; níl aon nós imeachta i gcoinne na bréagaisnéise ná na fuathchainte ann atá caighdeánaithe, tapa agus éifeachtach.

13.

Den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach, d’fhonn spás faisnéise poiblí atá cothrom agus bunaithe ar fhianaise a áirithiú, go mbeidh ceanglais aonfhoirmeacha ann maidir le fírinneacht na faisnéise atá sna póstálacha polaitiúla a fhoilsítear ar ardáin na meán sóisialta ar tháille. I gcás nach gcomhlíonann póstáil ar íocadh as na ceanglais sin, ba cheart oibleagáid a bheith ar an ardán an t-ábhar sin a bhaint den suíomh;

14.

ag cur in iúl gur ábhar imní dó gur éirigh go maith le hardáin na meán sóisialta go dtí seo éalú ón reachtaíocht a chuirfeadh ceanglais orthu tacú le húsáideoirí i ndáil le hábhar agus dul i ngleic lena bhfadhbanna i bhfíor am agus i dteanga de chuid an Bhallstáit lena mbaineann;

15.

ag cur in iúl gur ábhar imní dó gur minic nach mbíonn na scileanna ná an t-eolas is gá ag daoine aonair agus nach mbíonn a fhios acu conas dul i ngleic leis an bhfaisnéis bhréagach ná conas iad féin a iompar más íospartaigh na bréagaisnéise sin nó na fuathchainte sin iad féin nó a ndaoine muinteartha. Is i mbardais níos lú go háirithe nach mbíonn an taithí is gá ag daoine agus is minic nach mbíonn a fhios acu conas deileáil le hardáin dhomhanda na meán sóisialta i gcás géarchéime;

16.

ag cur in iúl gur cúis aiféala dó go ngéaraítear na fadhbanna sin toisc nach dtuigeann foireann ardáin na meán sóisialta an comhthéacs cultúrtha agus na sainiúlachtaí áitiúla agus, ina theannta sin, go n-úsáidtear Béarla an cuid is mó den am, rud a fhágann go nglacann an chumarsáid go leor ama. Ní mór teacht ar fhreagairt i gcás ina scaiptear an bhréagaisnéis, ach go nuige seo, ní leor an méid atá á dhéanamh ag ardáin na meán sóisialta agus níl siad trédhearcach go leor.

17.

ag cur in iúl gur cúis aiféala dó nach bhfuil ach ról tánaisteach ag na húdaráis áitiúla, a bhfuil an t-eolas is fearr acu faoi chúrsaí áitiúla, sa chomhrac i gcoinne scaipeadh na bréagaisnéise agus gur minic nach leor an t-eolas, na scileanna ná na hacmhainní atá acu. Anuas air sin, murab ionann agus seirbhísí sóisialta, an t-oideachas agus an tsláinte, ní ceann d’inniúlachtaí traidisiúnta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach é an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise;

18.

ag cur in iúl gur mór is féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a dhéanamh i gcoinne na bréagaisnéise. D’fhéadfadh siad cuidiú le daoine faisnéis atá fíor a dhealú ón mbréagaisnéis, trína a gcuid oibre a dhéanamh níos oscailte agus níos trédhearcaí agus trí chomhphléití leis na saoránaigh agus díospóireachtaí poiblí a reáchtáil beo agus ar líne. Ba cheart dóibh oibriú i gcomhar le chéile le hiriseoirí réigiúnacha, an lucht acadúil, meithleacha machnaimh, an tsochaí shibhialta, údaráis náisiúnta agus comhlachtaí an Aontais, institiúidí, gníomhaithe agus tráchtairí polaitiúla;

19.

ag tabhairt le fios go bhfuil gá le scileanna agus uirlisí sonracha chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus a chosc, ar scileanna agus uirlisí iad nach bhfuil ag an ngnáthoifigeach ná speisialtóir in údarás réigiúnach nó áitiúil. Is míbhuntáistí straitéiseacha suntasacha iad bearnaí scileanna agus eolais agus an easpa taithí a chuireann bac ar shainaithint éifeachtach na bréagaisnéise agus ar scaipeadh na bréagaisnéise a chosc;

20.

ag tabhairt dá aire a thábhachtaí atá an réimse faisnéise poiblí agus a thapa a scaiptear faisnéis agus an tionchar a bhíonn acu sin ar phróisis pholaitiúla agus ar dhearcadh na sochaí. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfear go práinneach le cumas na n-údarás réigiúnach agus áitiúil agus geallsealbhóirí áitiúla eile chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis;

21.

ag cur in iúl go láidir nár cheart i gcás ar bith faireachán a dhéanamh ar chreidimh nó cinsireacht a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise ná an méid sin a thabhairt le tuiscint. Ní mór faireachán a dhéanamh ar scaipeadh féideartha na breágaisnéise ar bhonn córasach leanúnach roimh thoghcháin agus le linn géarchéime agus athrú sóisialta tobann, ach ní an t-am ar fad. Ní hionann an bhréagaisnéis a chosc agus bac a chur ar shaoirse cainte, faireachán a dhéanamh ar thuairimí polaitiúla ná aistriú i dtreo shochaí an fhaireachais; a mhalairt atá fíor, is réamhriachatanas é le haghaidh saoirse tuairimíochta agus tuairime;

22.

ag cur i bhfáth nach mór aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis ar bhealach trédhearcach, agus rochtain a bheith ag an bpobal ar fhaisnéis chuimsitheach agus an pobal a choimeád ar an eolas, cuir i gcás, maidir le cosaint sonraí, próiseáil sonraí pearsanta agus gnéithe airgeadais den phróiseas; Gan trédhearcacht leordhóthanach, tá baol mór ann go mbeadh bearta i gcoinne bréagaisnéise faoi ionsaí ag feachtais naimhdeacha bhréagaisnéise;

23.

den tuairim nach mór do na meáin réigiúnacha agus áitiúla agus don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise ar an mbealach is iomláine is féidir. Mar gheall ar an obair laethúil a dhéanann siad agus an taithí ghairmiúil atá acu maidir leis an mbréagaisnéis a shainaithint, cuirtear oiliúint ar iriseoirí agus bíonn siad níos feasaí agus níos airdeallaí ná daoine eile nach mbíonn ag obair i réimse na faisnéise ar bhonn laethúil.

24.

ag cur in iúl gur cheart leas a bhaint as acmhainní airgeadais, comhar níos fearr agus saineolas feabhsaithe chun tionscnaimh a chur chun cinn maidir le fíricí a chur faoi bhráid iriseoirí agus na sochaí sibhialta, miotais a bhréagnú agus faisnéis iontaofa a scaipeadh;

25.

den tuairim go bhfuil sé tábhachtach gníomhaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, a dhéanamh rannpháirteach i bhforbairt líonraí de sheiceálaithe fíricí agus, ar an gcaoi sin, cur le trédhearcacht agus eolas a chur ar fáil maidir le sainiúlachtaí áitiúla. Prionsabal na creidiúnachta, mar a thugtar air, a ciallaíonn go bhféadfaí seiceálaithe fíricí a chúiteamh de réir dhéine agus chruinneas a ngníomhaíochta – d’fhéadfaí an prionsabal sin, a úsáidtear sa gheilleagar comhoibríoch, a úsáid sa chás seo d’fhonn líon na ndaoine atá rannpháirteach ann a mhéadú. I gcóras den chineál sin, dhéanfadh an pobal seiceála fíricí a chuid oibre féin a rialáil agus a chaighdeáin féin a áirithiú freisin trí athbhreithniú piaraí. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach líonraí agus uirlisí institiúideacha a fhorbairt tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach;

26.

ag cur in iúl, ach oiliúint a chur ar ionadaithe na sochaí sibhialta agus iad a chur ar an eolas, is féidir an líonra a leathnú i gcoinne scaipeadh na bréagnuachta agus na faisnéise mícheart agus laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le cinsireacht oifigiúil nó le hiarrachtaí chun srian a chur leis an tsaoirse tuairimíochta;

27.

ag cur in iúl go láidir go bhfuil teicneolaíochtaí áirithe ann freisin atá ar fáil go poiblí lena bhféadfaí feachtais bhréagaisnéise mhórscála a bhrath go tráthúil agus go héasca agus lena n-éascófaí an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise. D’fhéadfaí na halgartaim ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht ar na meáin shóisialta a fhorbairt tuilleadh ionas go bhféadfar feachtais bhréagaisnéise mhórscála a shainaithint agus, i gcás ina mbraithfear cásanna tromchúiseacha, freagairt go hiomchuí dóibh;

28.

ag cur in iúl go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis agus taithí a chomhthiomsú go tapa agus go héifeachtach d’fhonn an bhréagaisnéis a chosc. Má dhéantar anailís ar thaithí na réigiún agus na mbardas, agus ar chásanna inar scaipeadh faisnéis bhréagach, d’fhéadfaí aird a tharraingt ar chosúlachtaí, pátrúin, botúin agus rath na bhfeachtas sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas Eorpach maoiniú agus a líonra a chur ar fáil chun cuidiú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le Ballstáit a gcuid taithí a chomhroinnt agus foghlaim óna chéile;

Moltaí

29.

ag moladh gur cheart moltaí beartais nó bearta rialála a úsáid chun ardáin na meán sóisialta a spreagadh chun níos mó oibre for-rochtana a dhéanamh d’fhonn oideachas a chur ar úsáideoirí maidir leis an mbréagaisnéis agus foinsí a fhíorú. Roimh thoghcháin nó reifrinn agus le linn géarchéime, ba cheart do na meáin shóisialta ábhar a fhoilsiú ina mínítear an comhthéacs sonrach agus ina dtugtar rabhadh d’úsáideoirí maidir le foinsí bréagaisnéise; ag tabhairt dá aire sa chomhthéacs seo go dtugtar le fios san anailís luath a rinneadh ar fheachtais sna toghcháin Eorpacha a tionóladh le déanaí gur chuir roinnt mhaith ardáin eolas ar fáil chun úsáideoirí a chur ar a n-airdeall faoina gcás sonrach, rud a chabhraigh le teorainn a chur le tionchar aon ghníomhaíochta bréagaisnéise.

30.

den tuairim nach foláir ardáin na meán sóisialta a spreagadh, trí mholtaí beartais nó trí bhearta rialála más gá, chun rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinne siad go nuige seo le forbairt líonraí cuimsitheacha de sheiceálaithe fíricí, a mbeidh córas cúitimh de chineál éigin ag teastáil ina leith, is dócha, agus gur cheart an córas sin a bheith bunaithe ar ioncam a ghinfidh na meáin nua; den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach freisin oibreoirí na meán iontaofa a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, áit ina bhfuil ról tábhachtach ag oibreoirí seirbhíse poiblí go háirithe, agus leanfaidh siad den ról sin a bheith acu amach anseo;

31.

ag moladh go nglacfaí bearta rialála a bhfuil sé mar aidhm leo feachtais bhréagaisnéise a bhrath agus a chomhrac, lena n-áirítear trí oibriú i gcomhar le hardáin na meán sóisialta agus trí thuairisciú. Trí chomhchaighdeáin tuairiscithe a thabhairt isteach maidir leis an mbréagaisnéis a chomhrac, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí ardáin na meán sóisialta a leanúint thar thréimhse ama níos faide, agus, i gcás inarb iomchuí, tríú páirtithe neamhspleácha a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh orthu. Ar an gcaoi sin, gheofaí forléargas cuimsitheach ar throime na faidhbe;

32.

ag moladh creat dlíthiúil uile-Eorpach a thabhairt isteach lena gcuirtear oibleagáid ar ardáin dhomhanda na meán sóisialta deasc chabhrach agus pointe teagmhála a chur ar fáil i ngach Ballstát, i dteanga na tíre lena mbaineann. Ba cheart go mbeadh gach saoránach, comhairleoir agus ionadaí ó eagraíocht neamhrialtasach in ann dul i dteagmháil go héasca le deasca cabhrach do chustaiméirí, agus ba cheart go mbeadh na deasca sin bunaithe ar phrionsabail chomhchosúla ar fud an Aontais Eorpaigh. Trí thacaíocht a chur ar fáil do chustaiméirí ina máthairtheanga agus trí dheasca chabhrach a bheith ann, is féidir cuidiú go mór leis an gcomhrac i gcoinne na faisnéise bréagaí agus cearta na saoránach a neartú;

33.

ag moladh gur cheart d’ardáin na meán sóisialta bealaí a chur ar fáil do dhaoine lenar féidir leo scaipeadh na faisnéise bréagaí agus iarrachtaí chun faisnéis bhréagach a scaipeadh a thuairisciú, gan aon mhíchaoithiúlacht mhór dóibh;

34.

ag iarraidh go dtabharfar aird ar thacaíocht airgeadais a sholáthar d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus do chomhlachais saoránach ar fud na hEorpa d’fhonn cur lena gcumas an bhréagaisnéis a bhrath, dul i ngleic le scaipeadh na bréagaisnéise agus feabhas a chur ar an gcomhar, lena n-áirítear thar theorainneacha agus idir údaráis phoiblí agus comhlachais saoránach;

35.

ag moladh “Treoirlínte maidir leis an gcaoi le dul i ngleic leis an mBréagaisnéis”a chur ar fáil tríd an líonra de sheiceálaithe fíricí, le go spreagfar an fhoghlaim trí fhorais oideachais agus trí údaráis áitiúla d’fhonn smaointeoireacht chriticiúil a spreagadh sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise;

36.

ag tabhairt dá aire go gcaithfidh an t-aos óg a bheith in ann anailís a dhéanamh ar fhíricí, smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh agus gnáthchiall a bheith acu le gur féidir leo an fhaisnéis a fhaigheann siad a thuiscint agus a fhíorú agus measann an Coiste go bhfuil sé riachtanach, chun na críche sin, bearta múscailte feasachta a chur chun cinn (díospóireachtaí, idirphléití, etc.) i bhforais oideachais agus oiliúna chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis.

An Bhruiséilan 5 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  Teachtaireacht Comhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún: Plean Gníomhaíochta i gcoinne na Bréagaisnéise.

(2)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún: Tackling online disinformation: a European approach [Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne: cur chuige Eorpach].


10.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

54


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach ar Bheartas Iomaíochta 2018

(2020/C 79/11)

Rapóirtéir

:

Dominique LÉVÊQUE (FR/PSE), Méara Aÿ-Champagne

Doiciméid tagartha

:

Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach ar Bheartas Iomaíochta 2018

COM(2019) 339 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha ginearálta

1.

den tuairim gur bunús ríthábhachtach don tionscadal Eorpach é beartas iomaíochta éifeachtach gan saobhadh. Ní sprioc ann féin an beartas ach uirlis is ea é chun an margadh inmheánach a chur chun feidhme, rud atá riachtanach má táthar chun aidhmeanna an Aontais Eorpaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, airteagal atá bunaithe go háirithe ar chreat straitéiseach na SDGanna, ar gheilleagar margaidh shóisialta agus ar dhul chun cinn sóisialta. Caithfidh cur chun feidhme an bheartais iomaíochta a bheith comhsheasmhach le beartais eile an Aontais (Airteagal 7 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), agus caithfidh sé cloí leis na ceanglais thrasearnálacha a bhaineann le fostaíocht, leis an gcomhshaol agus le cosaint tomhaltóirí, mar a leagtar amach in Airteagal 9, Airteagal 11 agus Airteagal 12 CFAE;

2.

á thabhairt dá aire go dtugtar údarás aonair don Aontas maidir le rialacha iomaíochta a bhunú le hAirteagal 3 CFAE, agus go bhfeidhmíonn an Coimisiún cumhachtaí feidhmiúcháin díreacha. Dá thoradh sin, níl feidhm ag na sásraí dlí lena n-áirithítear comhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta maidir leis an mbeartas iomaíochta (Airteagal 5 CAE). Mar sin féin, ní fhágann an inniúlacht eisiach sin go bhfuil an Coimisiún díolmhaithe ón oibleagáid idirphlé leanúnach a dhéanamh, agus aird chuí a thabhairt ar ullmhú agus measúnú sásraí iomaíochta i gcomhar le húdaráis phoiblí na mBallstát ar gach leibhéal den rialtas, leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, le Parlaimint na hEorpa, le Coiste Eorpach na Réigiún, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus leis an tsochaí shibhialta, agus, go háirithe, le comhlachais tomhaltóirí;

3.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Tuarascáil ar Bheartas Iomaíochta 2018, ach go dtugann sé dá aire nach dtugtar inti den chuid is mó ach forléargas ar na príomhchinntí a rinne an Coimisiún in 2018 agus ar na forbairtí a rinneadh i ndlí na hiomaíochta, gan aon mholadh maidir le hathchóiriú a chur ar aghaidh. Mar sin féin, tá athchóirithe ar bheartas iomaíochta na hEorpa i gceist leis na treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile, tréimhse oifige 2019-2024, go háirithe i ndáil leis an “gComhaontú Glas don Eoraip”, le reachtaíocht nua maidir le seirbhísí digiteacha agus le ciste speisialta príobháideach poiblí a chruthú le haghaidh tairiscintí tosaigh don phobal (TTPanna) de chuid cuideachtaí beaga agus meánmhéide;

4.

á chur in iúl go bhfuil an-díomá air nár cuireadh isteach sa chomhaontú um tharraingt siar idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach an 17 Deireadh Fómhair 2019 bearta ceangailteacha lena ráthaítear go gcomhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe rialacha agus rialacháin an Aontais maidir le státchabhair, iomaíocht agus cúrsaí cánach ábhartha amach anseo. Fágann tiomantas na Ríochta Aontaithe, nach bhfuil ceangailteach ná sonrach, maidir le “cothrom iomaíochta”a choimeád a bhuí le “ardchaighdeáin choiteanna”sna réimsí sin, mar a leagtar síos sa dearbhú polaitiúil a ghabhann leis an gcomhaontú, nach leor an chosaint a thugtar do shaoránaigh, d’oibrithe agus do ghnólachtaí na Ríochta Aontaithe;

Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

5.

á thabhairt dá aire go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith faoi réir rialacha iomaíochta AE, ar a laghad go dtí an dáta a fhágfaidh sí an tAontas Eorpach. D’fhéadfadh sé nach mbeadh imscrúduithe a thionscnófaí roimh an dáta sin tugtha chun críche go dtí tar éis an dáta sin; mar sin féin, ní mór na cinntí a thagann as na himscrúduithe sin a chur chun feidhme; i ndáil leis seo, is díol sásaimh don Choiste na soiléirithe a thug an Coimisiún ina fhógra an 25 Márta 2019 maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe do dhlí iomaíochta AE (1), ach is oth leis nach mbaineann an fógra sin ach amháin le dlí in aghaidh trustaí agus rialú cumasc;

6.

den tuairim, i bhfianaise tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, go mbeidh gá le bheith san airdeall más rud é nach seasann an Ríocht Aontaithe lena gealltanas leanúint den státchabhair a rialú trí chreat rialála coiteann a choimeád ar bun leis an Aontas Eorpach; ag éileamh an athuair, thairis sin, féachaint an bhféadfaí bearta sealadacha a chur ar bun chun rialacha maidir le státchabhair a oiriúnú (i.e. iad a scaoileadh nó a chur ar fionraí) i limistéir gheografacha áirithe agus in earnálacha eacnamaíocha áirithe a bheadh thíos go mór le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, go háirithe má tharlaíonn an tarraingt siar sin lasmuigh de chreat idirbheartaithe (“imeacht gan mhargadh”); ba cheart go mbeadh fairsingiú na Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine mar thoradh air sin;

Beartas iomaíochta agus straitéis tionsclaíochta an Aontais

7.

á thabhairt dá aire gur iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún “fís fhadtéarmach a thíolacadh, faoi dheireadh na bliana 2019, do thodhchaí thionsclaíochta an Aontais chomh maith le bearta nithiúla lena cur chun feidhme”. Sa chomhthéacs sin, tá sé curtha in iúl cheana ag an gCoiste go gcreideann sé “gur cheart a áireamh freisin le straitéis tionsclaíochta AE athbhreithniú mionsonraithe, fianaisebhunaithe ar rialacha AE maidir le cúnamh agus rialú cumasc chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar an leibhéal idirnáisiúnta, i gcomhréir le beartais trádála dhomhanda agus le comhaontú iltaobhach. Ag an am céanna, ba cheart a áireamh sa straitéis sin freisin acmhainneacht infheistíochta agus nuálaíochta na n-oibríochtaí státchabhrach agus na n-oibríochtaí cumaisc” (2). Measann an Coiste go n-áirítear i bparaiméadair na hacmhainneachta sin an cumas poist thionsclaíocha a chruthú nó a chothabháil san Aontas, go háirithe trí pháirt a ghlacadh i gclaochlú na n-earnálacha tionsclaíochta trioblóideacha agus i dtáirgeadh comhpháirteanna straitéiseacha do thionscail na hEorpa;

8.

á mholadh athrú modheolaíochta chun faireachán a dhéanamh ar thaighde, ar fhorbairt agus ar nuálaíocht (TFN) trí theorainn a chur le rialuithe ex ante an Choimisiúin, spriocdhátaí níos giorra a bheith ann chun scrúdú a dhéanamh ar an gcabhair seo, agus bearta a shimpliú do thionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) (3). D’éascódh athrú den sórt sin cur chun feidhme IPCEInna, nár lainseáladh ach ceann amháin acu go rathúil, in earnáil na micrileictreonaice, agus a ghnóthaigh EUR 1.75 billiún ar an iomlán. Cuireadh an tionscadal IPCEI maidir le forbairt agus táirgeadh ceall ceallraí agus modúl ceallraí den chéad ghlúin eile (ar infheistíocht iomlán de EUR 6 bhilliún agus EUR 1.2 billiún i státchabhair) faoi bhráid an Choimisiúin mí na Bealtaine seo caite;

Státchabhair – barúlacha ginearálta

9.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur éascaíodh méadú ar líon na ndíolúintí tríd an bpróiseas chun an rialú ar státchabhair a nuachóiriú, ar cuireadh tús leis in 2014, agus gur cuireadh os cionn 96 % de na bearta nua cabhrach chun feidhme ó 2015 i leith faoin Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, agus gur díríodh rialú na státchabhrach ar na dúshláin mhóra freisin;

10.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé, ó thaobh na trédhearcachta de, ardán “Transparence Award Model (Modúl Bronnta Trédhearcachta)” (4) a fhorbairt, lenar féidir sonraí maidir le státchabhair ar mó ná EUR 500 000 í a tharchur agus a fhoilsiú, agus tugann sé dá aire go raibh faisnéis maidir le níos mó ná 43 000 íocaíocht cabhrach foilsithe ag 25 Bhallstát faoi dheireadh 2018;

11.

á thabhairt le fios arís go bhfuil sé den tuairim láidir gur túsphointe d’údaráis phoiblí í Teachtaireacht 2016 ón gCoimisiún maidir le Státchabhair le go bhféadfaidh siad tuiscint níos fearr a fháil ar an gceist chasta seo. Mar sin féin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún é a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí ina phróiseas cinnteoireachta agus i gcásdlí na hEorpa, go háirithe maidir le roghnaíocht;

12.

ag iarraidh ar an gCoimisiún an uasteorainn do chabhair de minimis a ardú ó EUR 200 000 go EUR 500 000 thar thréimhse trí bliana fioscacha ós rud é gur leagadh síos an uasteorainn sin in 2006;

13.

á thabhairt dá aire gur lainseáil an Coimisiún, in 2018, seiceáil oiriúnachta ar na rialacha maidir le státchabhair ar cheart déanamh dá réir go luath in 2020 trí shraith tograí a ullmhú chun na rialacha sin a athbhreithniú; ag áitiú sa chomhthéacs sin go mbeidh an Coiste rannpháirteach go hiomlán agus go pras san anailís a dhéantar ar thograí a bhaineann leis na sásraí sin is mó atá fite fuaite leis na hinniúlachtaí agus le réimse gníomhaíochta polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, eadhon: an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, an Rialachán de minimis, na treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach, an creat státchabhrach le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta, Communication on State aid in relation to important projects of common European interest (IPCEI) [Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne], na Treoirlínte um Maoiniú Riosca, na treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu, agus, ar deireadh, na Treoirlínte Iarnróid;

14.

á thabhairt dá aire an comhairliúchán poiblí a seoladh idir an 6 Meitheamh agus an 27 Meán Fómhair 2019 ar an togra chun an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine a athbhreithniú, d’fhonn é a bheith ag gabháil leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile agus lena mbeartaítear an modh is simplí agus is éifeachtaí is féidir a aimsiú chun meascán de mhaoiniú náisiúnta agus maoiniú ón mbuiséad AE a éascú; á chur in iúl gur díol sásaimh dó go háirithe an togra chun an bhlocdhíolúine reatha a leathnú, blocdhíolúine atá teoranta do chabhair d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), do ghnóthais mhóra gan réamhfhógra (Airteagal 20); á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin go bhféadfadh an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine foráil a dhéanamh maidir le blocdhíolúintí simplithe le haghaidh méideanna cabhrach an-bheag arna ndeonú faoi thionscadal an chomhair chríochaigh Eorpaigh (suas le EUR 20 000 in aghaidh an ghnóthais agus an tionscadail) (Airteagal 20a); ar deireadh, ag tacú leis an méadú go 80 % ar uasteorainn na cabhrach do FBManna; á thabhairt le fios go bhfuil dhá ábhar imní eile aige, áfach:

(i)

an gá atá ann a shoiléiriú nuair a bhíonn uasrátaí cabhrach á ríomh nach n-áirítear mar ranníocaíochtaí rialtais úsáid acmhainní dílse ag comhlachtaí poiblí a ghlacann páirt i dtionscadail; agus

(ii)

an gá le deimhniú nach bhfuil cabhair arna deonú faoi Airteagal 20a faoi réir an cheanglais maidir le tuairisciú (Airteagal 11) agus faireachán (Airteagal 12) sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine agus nach bhfuil aon cheanglas faisnéise ó thríú páirtithe i gceist léi;

15.

á thabhairt dá aire an Teachtaireacht ón gCoimisiún Communication on the recovery of unlawful and incompatible State aid [Teachtaireacht maidir le státchabhair atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a aisghabháil], a foilsíodh an 22 Iúil 2019 (5), mar chuid de chur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm. (6) Laistigh den chreat dlíthiúil sin, ní chuirtear aon mhaolú ar fáil leis an Teachtaireacht sin d’fhaighteoirí státchabhrach agus, go háirithe, d’faighteoirí státchabhrach de minimis. Dá bhrí sin, níl an tréimhse teorann 10 mbliana le haghaidh cabhair de minimis laghdaithe, cé go bhfuil sí i bhfad níos faide mar thoradh ar chéimeanna nós imeachta a bhfuil éifeacht fionraíochta acu. Agus níor aontaigh an Coimisiún aisghabháil a tharscaoileadh i gcásanna inar chruthaigh sé ionchas dlisteanach, nuair nach bhfuil an fhaisnéis is gá le haghaidh aisghabhála ar fáil nó nuair a dhéantar cinneadh deifnídeach de chinneadh a thug cúirt náisiúnta i gcás a bhaineann go sonrach le cabhair. Ina theannta sin, ní hamháin go measann an Coimisiún, i gcás nach féidir méid iomlán na cabhrach a aisghabháil, nach mór a dhearbhú go bhfuil an tairbhí dócmhainneach, ach, freisin, nach féidir aon athstruchtúrú ná aon síneadh sealadach dá ghníomhaíocht a údarú gan an méid iomlán a ghnóthú ar dtús. Tá sé deacair an cur chuige sin a thabhairt chun réitigh leis an aidhm a bhíonn le himeachtaí dócmhainneachta náisiúnta agus Eorpacha. Cé gurb é is aidhm do nósanna imeachta aisghabhála maidir le státchabhair deireadh a chur go cúlghabhálach leis na héifeachtaí saobhacha a bhíonn ag cabhair neamhdhleathach, cuirtear cuspóirí eile san áireamh freisin san athstruchtúrú corparáideach faoin dlí dócmhainneachta, amhail fostaíocht a chothabháil. Dá bhrí sin, iarrann an Coiste ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí togra a thíolacadh chun Rialachán (AE) 2015/1589 a leasú;

16.

á thabhairt le fios nach bhfuil aon athrú tagtha ar na socruithe do státchabhair in earnáil na baincéireachta ó mhí Lúnasa 2013 (7) i leith, cé go bhfuil an comhthéacs eacnamaíoch athraithe ó bhonn, agus go bhfuil an cheist ann fós, dá bhrí sin, an bhfuil an réamhchoinníoll gur cheart cabhair a thabhairt chun “suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas”, (Airteagal 107(3)(b) CFAE), fós ábhartha;

17.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 24 Meán Fómhair 2019 i gCásanna Uamtha T-755/15 agus T-759/15 maidir le bailíocht an chinnidh ón gCoimisiún Eorpach ón mbliain 2015 maidir le cabhair arna deonú ag Lucsamburg do Fiat Chrysler Finance Europe. Is é a dheimhnítear go bunúsach leis an mbreithiúnas go bhféadfadh buntáiste roghnaíoch trí rialú cánach a bheith ina státchabhair atá neamhdhleathach agus ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus nach ionann an scrúdú a dhéanann an Coimisiún ar rialú cánach ó thaobh rialacha maidir le státchabhair agus “comhchuibhiú cánach”. Ag an am céanna, cuireann sé i bhfios go láidir gurb amhlaidh, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte an 15 Samhain 2011 i gCásanna Uamtha C-106/09 agus C-107/09P, “go dtagann sé faoi inniúlacht na mBallstát boinn mheasúnaithe a ainmniú agus an t-ualach cánach a scaipeadh de réir na bhfachtóirí éagsúla táirgthe agus na n-earnálacha éagsúla eacnamaíocha”;

Státchabhair do sheirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (SGEInna)

18.

á thabhairt dá aire, agus rialacha an Aontais maidir le státchabhair á gcur i bhfeidhm ar SGEInna, go dtugann na Conarthaí cumhacht leathan lánroghnach do na Ballstáit i ndáil leis an sainmhíniú ar SGEI. Ba cheart prionsabail an fhéinrialtais áitiúil agus réigiúnaigh, an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh, agus na neodrachta maidir leis an gcóras úinéireachta maoine sna Ballstáit a ráthaítear in Airteagal 3 CAE agus in Airteagal 14, Airteagal 106 agus Airteagal 345 agus i bPrótacal 26 CFAE a urramú freisin;

19.

á chur i bhfáth gur den tábhacht é do SGEInna san earnáil tithíochta sóisialta an breithiúnas a d’eisigh an Chúirt Ghinearálta an 15 Samhain 2018 mar fhreagairt ar achomharc arna thaisceadh ag údaráis tithíochta sóisialta san Ísiltír (8). Ar thaobh amháin, leis an mbreithiúnas sin tugtar soiléiriú ar oibleagáid an Bhallstáit é a léiriú, chun nach mbeidh feidhm ag rialacha iomaíochta, go bhfuil raon feidhme na SGEInna do thithíocht shóisialta riachtanach agus comhréireach leis an bhfíor-riachtanas atá le seirbhís phoiblí maidir le rochtain a fháil ar thithíocht; ar an taobh eile, cuireann sé srian le ról an Choimisiúin a fhágann nach ndéanann sé ach seiceáil le haghaidh earráidí follasacha. I gcás nach bhfuil an sainmhíniú ar SGEInna san earnáil tithíochta soiléir, is ionann sin agus earráid fhollasach ós rud é nach gcuireann sé ach cóiríocht tosaíochta ar fáil do dhaoine nach bhfuil in ann tithíocht oiriúnach a aimsiú, gan an spriocghrúpa sin a shainiú;

20.

ag éileamh an athuair, maidir leis sin (9), go ndéanfaí raon feidhme an Chinnidh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 a shoiléiriú maidir le tithíocht shóisialta. Chun freagairt don droch-chás tithíochta ina bhfuil go leor daoine ar ioncam íseal nó fiú ar mheánioncam agus don lear mór cásanna i margaí maoine áitiúla, agus chun urraim a thabhairt do chumhacht lánroghnach na mBallstát maidir le SGEI a shainiú agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh maidir le tithíocht shóisialta a chur ar fáil do ghrúpaí sonracha nach féidir leis an margadh freastal ar a riachtanais tithíochta, go príomha de bharr tosca sriantacha amhail sócmhainneacht agus foinsí eile leochaileachta. Ní mór do na húdaráis inniúla sna Ballstáit cineál beacht na riachtanas sin a shainiú go soiléir trí úsáid a bhaint as critéir iomchuí agus thrédhearcacha;

21.

á thabhairt dá aire gur fhormheas an Coimisiún an 7 Nollaig 2018 go gcuirfí síneadh le tréimhse cur i bhfeidhm a Rialacháin de minimis go dtí an 31 Nollaig 2020 i gcás cuideachtaí a sholáthraíonn SGEInna. Sa chomhthéacs sin, tugann an Coiste dá aire gur iarr sé cheana an méid seo a leanas:

go méadófaí na tairseacha de minimis le haghaidh státchabhair do SGEInna (thar bhearta cúiteacha suas le EUR 500 000 thar aon tréimhse trí bliana fioscacha);

go ndéanfar an sainmhíniú ar “brabús réasúnach”de chuid SGEI a athbhreithniú, go háirithe chun a léiriú gur minic a dhéantar an brabús sin a athinfheistiú in SGEInna trí dhreasachtaí nó trí mhéadú ar chéatadán an bhrabúis réasúnta inaitheanta;

Státchabhair don aistriú comhshaoil agus fuinnimh

22.

ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann lena áirithiú go mbeidh beartas an Choimisiúin maidir le cabhair do chosaint an chomhshaoil agus d’fhuinneamh i gcomhréir iomlán le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), go ndéanfaidh an beartas sin fuinneamh inbhuanaithe i bhfoirm fuinneamh inathnuaite agus níos mó éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, chomh maith le bochtaineacht fuinnimh a chomhrac, an soláthar fuinnimh a dhaingniú agus an comhtháthú críochach a neartú; ag éileamh, sa chomhthéacs sin, go gcuirfear deireadh leis an státchabhair le haghaidh eastóscadh breoslaí iontaise;

23.

ag tarraingt aird chomhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún agus, ar bhonn níos leithne, ionadaithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, ar an gcomhairliúchán reatha (atá ar siúl go dtí an 6 Samhain 2019) maidir leis an meastóireacht ar na rialacha i dtaca le fóirdheontais stáit le haghaidh seirbhísí sláinte agus sóisialta ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (10) agus tá an Coiste ag tnúth le haiseolas suntasach bunaithe ar thaithí phraiticiúil. Chuige sin, tá sé ag cur béim ar na deacrachtaí a bhíonn ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla “saoránaigh atá faoi mhíbhuntáiste”a shainiú go soiléir i ndáil le tithíocht shóisialta agus maidir leis an modh chun róchúiteamh a ríomh;

24.

á thabhairt dá aire an próiseas athbhreithnithe ar na treoirlínte maidir le bearta áirithe státchabhrach i gcomhthéacs na scéime trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a seoladh an 20 Nollaig 2018;

25.

ag beartú na heilimintí seo a leanas a chur leis an athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus d’fhuinneamh:

á cheangal go mbeidh státchabhair le haghaidh bithmhaise agus bithmheatáin faoi réir ráthaíochtaí tionscnaimh;

á mholadh go dtabharfaí isteach forálacha maidir le stóráil foinsí fuinnimh inathnuaite agus féintomhaltóirí foinsí fuinnimh inathnuaite, lena n-áiritheofaí comhsheasmhacht leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite (go háirithe Airteagal 21 agus Airteagal 22);

á iarraidh go ndéanfar an deonú cabhrach a nascadh le hoibleagáid trédhearcachta lena ndéanfar costais a chuirtear ar aghaidh chuig tomhaltóirí a shainiú go soiléir i sonraisc (i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir leis an margadh fuinnimh);

á mholadh go ndéanfar pointe 220 de na treoirlínte a leasú ionas go mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a léiriú go bhfuil tús áite tugtha acu do mhodhanna eile chun an aidhm a bhaint amach fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol nó don gheilleagar a chéimniú amach de réir a chéile, amhail tosaíocht a thabhairt do bhainistiú éilimh agus do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, acmhainn idirnaisc a mhéadú agus an córas a oscailt d’fhuinneamh inathnuaite (12);

26.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a sheiceáil an saobhadh iomaíochta a théann chun tairbhe earnáil na heitlíochta atá i gceist leis an díolúine ó cháin ar cheirisín, rud atá bunaithe ar léirmhíniú mícheart ar Choinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (1944). Luaitear sa choinbhinsiún sin nach féidir, i gcás eitiltí idirnáisiúnta, cáin a ghearradh ar bhreosla atá in umair aerárthaigh ar theacht isteach i dtír dó, ach níl aon rud ráite faoi chánachas tráth an bhreoslaithe. Dá thoradh sin, mar is amhlaidh i roinnt Ballstát, d’fhéadfadh Stát, i gcás eitiltí intíre, ar aon nós, cáin a ghearradh ar thicéid má tá an t-aerárthach in iomaíocht dhíreach le seirbhís iarnróid, nó cáin a ghearradh ar cheirisín chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú. I bhfianaise thionchar na gcánacha seo ar mhargadh inmheánach an Aontais, b’fhearr an cánachas sin a chomhordú ar an leibhéal Eorpach; den tuairim gur fiú breathnú go cúramach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, “Fairosene”, a fhéachann le deireadh a chur leis an díolúine ó cháin ar bhreosla eitlíochta san Eoraip (13);

27.

ag éileamh an athuair (14)“go sainaithneofaí réigiúin mianadóireachta guail mar limistéir fóirithinte i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(a) agus (c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go ndéanfaí rialacha AE maidir le cabhair AE do na réigiúin speisialta sin a oiriúnú ionas go bhféadfaí bearta a dhéanamh chun dul i ngleic le hathrú struchtúrach […]. Ina theannta sin, ba cheart machnamh a dhéanamh an bhféadfaí na bearta tacaíochta sin a bhunú ar Airteagal 107(3)(b) CFAE, i bhfianaise na hardphróifíle agus na tábhachta eiseamláirí a bhaineann le claochlú aeráidseasmhach na réigiún mianadóireachta guail le haghaidh bheartas fuinnimh agus aeráide an Aontais Eorpaigh”;

Beartas iomaíochta agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

28.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur chuir an Coimisiún na Treoirlínte Leathanbhanda chun feidhme den chéad uair in 2018 trí chur ar chumas na n-údarás poiblí tacú le rolladh amach leathanbhanda, go háirithe tionscadal ón mBaváir (15) chun líonraí fíor-ardacmhainne a chur ar fáil i sé bhardas tuaithe. Ós rud é gur cheart go mbeadh gá le hinfheistíocht fhoriomlán de thart ar EUR 500 billiún thar na deich mbliana atá amach romhainn chun cuspóirí nascachta an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a bhaint amach, tá sé tábhachtach go gcuirfí san áireamh sa bheartas iomaíochta na sainiúlachtaí a bhaineann le húsáid leathanbhanda i limistéir thuaithe, chun fónamh do leas an phobail agus chun an claonadh i dtreo éagothromaíochtaí méadaitheacha idir limistéir thuaithe agus limistéir uirbeacha ó thaobh rochtain ar theicneolaíocht a aisiompú;

29.

á chur i bhfáth, sa Tuairim uaidh maidir leis an gcreat-rialachán i dtaca le cistí struchtúracha agus infheistíochta, gur mhol Coiste Eorpach na Réigiún, i gcomhthéacs scéimeanna státchabhrach, gur féidir an comhlacht a dheonaíonn an chabhair a mheas mar thairbhí na cabhrach (Airteagal 2) “i gcás ina bhfuil an chabhair in aghaidh an ghnóthais níos lú ná EUR 200 000”agus tugann sé dá aire gur ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an togra sin;

30.

á mheabhrú, a mhéid a bhaineann le cistí Eorpacha, go ndearbhaítear sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (Aithris 26) “nach státchabhair é cistiú an Aontais atá á bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, comhghnóthais nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais nach bhfuil faoi rialú na mBallstát go díreach nó go hindíreach. I gcás ina bhfuil an cistiú sin ón Aontas nasctha le státchabhair, níor cheart ach an státchabhair a mheas chun a chinneadh ar urramaíodh tairseacha fógartha agus uasteorainn na cabhrach, ar choinníoll nach sáraíonn méid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna an ráta cistiúcháin is fabhraí a leagtar síos i rialacha infheidhme dhlí an Aontais”;

31.

ag iarraidh arís ar an gCoimisiún an tairseach a ardú maidir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine a chur i bhfeidhm ar chabhair d’aerfoirt réigiúnacha atá i bhfad os cionn na tairsí 200 000 paisinéir in aghaidh na bliana atá ann faoi láthair, i bhfianaise nach bhfuil aon tionchar suntasach acu ar an trádáil idir na Ballstáit, nach bhfuil siad in ann, ó thaobh struchtúir de, a gcostais oibriúcháin agus infheistíochta (16) a chumhdach agus go bhfuil sé i gceist leis an státchabhair sin bonneagar aeriompair sábháilte agus inbhuanaithe a fhorbairt i réigiúin nach ndéantar freastal ceart orthu (17);

32.

á chur in iúl go bhfuil díomá air, gurb amhlaidh, ainneoin an méid a d’iarr an Coiste, nach n-áirítear sna tograí a rinne an Coimisiún i Meitheamh 2018 le haghaidh athchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020 tograí le haghaidh athbhreithniú ar na rialacha iomaíochta is infheidhme in earnáil na talmhaíochta; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, athmhacnamh a dhéanamh, beag beann ar an bhfaireachán idirinstitiúideach ar thograí reachtacha CBT tar éis 2020, ar a léirmhíniú an-dian go n-uige seo ar Airteagal 101 CFAE atá sna treoirlínte cothrománacha, agus gan bac a chur ar chomhaontuithe comhchoiteanna arna dtabhairt chun críche ag eagraíochtaí táirgeoirí;

33.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur ardaigh an Coimisiún, i mí an Mhárta 2019, i gcomhréir le héilimh Choiste Eorpach na Réigiún, an uasteorainn aonair do chabhair de minimis in earnáil na talmhaíochta, ó EUR 15 000 go EUR 20 000 agus, i gcúinsí áirithe, go EUR 25 000, agus, ag an am céanna, gur ardaigh sé an uasteorainn náisiúnta do gach cabhair de minimis ó 1 go 1.25 % de tháirgeadh talmhaíochta bliantúil tíre thar thréimhse trí bliana. Fágann an dá mhéadú sin gur féidir cuid den mhéadú ar ghéarchéimeanna aeráide, sláinte agus eacnamaíocha a chur san áireamh ar a laghad;

An beartas iomaíochta sa ré dhigiteach

34.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur sainaithníodh mar thosaíocht sa tuarascáil ón gCoimisiún an t-oiriúnú ar bheartas iomaíochta AE don ré dhigiteach agus go ndíreofar sa chlár nua iomaíochta don tréimhse 2021-2027 ar shaincheisteanna a bhaineann le húsáid meiteashonraí agus algartam;

35.

á chur in iúl go bhfuil díomá air, dá réir sin, nach ndearnadh na tograí atá luaite sa tuarascáil ar “Bheartas iomaíochta don ré dhigiteach” (18), a tíolacadh mí Aibreáin seo caite, a phlé tráth níos luaithe roimh an tuarascáil bhliantúil; den tuairim go bhfuil na tograí seo a leanas thar a bheith ábhartha:

ba cheart cosc a chur ar straitéisí a úsáideann ardáin cheannasacha chun an brú iomaíoch atá orthu a laghdú in éagmais aon dul chun cinn ar an gcosaint tomhaltóirí a bhfuil taifead soiléir de ar fáil;

ba cheart, trí bhíthin imscrúduithe an Choimisiúin, níos lú béime a leagan ar an anailís ar shainmhíniú an mhargaidh agus níos mó béime a leagan ar na teoiricí díobhála agus ar straitéisí frithiomaíocha a shainaithint;

ba cheart anailís a dhéanamh ar bhonn cás ar chás ar an rochtain ar na sonraí atá ar fáil don ghnóthas ceannasach ach nach bhfuil ar fáil d’iomaitheoirí, agus ar chineál marthanach na rochtana difreáilte sin ar shonraí;

ba cheart (i) iniomparthacht sonraí, i.e. cumas úsáideoirí na sonraí a bailíodh fúthu ar ardán a aistriú, agus (ii) idir-inoibritheacht sonraí a áirithiú;

ba cheart a cheangal ar ardáin arb ionann iad agus bonneagar idirghabhála sistéamaí cruthúnas a thabhairt nach ngineann “rogha uathoibríoch”éifeacht eisiatach fhadtéarmach ar mhargaí táirgí, mar a maíodh sa ghearán a rinne 23 thairseach earcaíochta Eorpacha ar líne i gcoinne an chláir “Google for Jobs (Google le haghaidh Post)”;

36.

á iarraidh go leagfaí síos reachtaíocht Eorpach le go mbeidh an leibhéal ábhartha rialachais (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó Eorpach), a d’údaraigh ardáin chun seirbhísí leasa ghinearálta a chur i gcrích, in ann rochtain a fháil ar na halgartaim a úsáideann na hardáin sin agus faireachán a dhéanamh orthu;

37.

ag tacú le rialú breise ar éadálacha gnólachtaí nuathionscanta a bheith ag ardáin agus/nó éiceachórais cheannasacha nó shistéamacha; á mholadh, freisin, go leasófar na tairseacha dlínsiúla a leagtar amach i Rialachán an Aontais maidir le Cumaisc ionas nach ndéanfar éadálacha a mheasúnú ar bhonn an láimhdeachais amháin, ach ar bhonn luach an idirbhirt chomh maith, ionas gur féidir ionchas iomaíochta gnólachtaí nuathionscanta a mheas níos fearr, mar nach leanann siad an múnla gearrthéarma de ghnáth;

Rialú cumasc

38.

á chur i bhfáth gur gá a chur san áireamh ar bhealach níos fearr in anailís iomaíochta an Choimisiúin an tsaincheist maidir le rialú stáit agus fóirdheontais a dheonaítear do chuideachtaí atá in ann an iomaíocht a shaobhadh, go háirithe i gcás iomaitheoirí ó thríú tíortha;

39.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, freisin, machnamh a dhéanamh ar Rialachán Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir ghnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (19) a mhodhnú agus na treoirlínte reatha maidir le cumaisc a thabhairt cothrom le dáta. I dtéarmaí nithiúla, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach mbeidh mar thoradh ar na gealltanais struchtúracha a theastaíonn uaidh chun cumaisc a údarú go ndíolfar sócmhainní straitéiseacha le hiomaitheoirí neamh-Eorpacha (mar a tharla i 50 % de na cásanna ó 2010). Thairis sin, socraítear an creat ama d’anailís an Choimisiúin ag dhá bhliain go trí bliana i bprionsabal, rud a fhágann nach féidir aon mhórathruithe a bhaineann le teacht isteach gníomhaithe nuálacha sa mhargadh a réamh-mheas, go háirithe san earnáil dhigiteach. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí na Treoirlínte Cothrománacha Cumaisc a leasú tríd an tagairt don spriocdháta dhá bhliain (pointe 74) a scriosadh agus trína shonrú go mbraitheann creat ama na hanailíse “ar shaintréithe agus dinimic an mhargaidh, agus ar chumais shonracha iontrálaithe féideartha”;

Gné dhomhanda an bheartais iomaíochta

40.

den tuairim gur cheart don Choimisiún díriú ní hamháin ar chaibidlí maidir le hiomaíocht a chuimsiú agus comhaontuithe nua saorthrádála á dtabhairt i gcrích aige, ach gur cheart dó freisin faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme comhaontuithe a síníodh cheana agus gur cheart dó foráil a dhéanamh maidir le bearta díoltais nuair a chuirtear srian ar an rochtain atá ag cuideachtaí Eorpacha ar mhargaí eachtracha. Chun é sin a dhéanamh, is gá féachaint an bhféadfaí an ról “príomhfheidhmitheoir”a chruthú laistigh den Choimisiún;

41.

á iarraidh go n-athsheolfaí an nós imeachta reachtach chun an Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta a ghlacadh, mar a mhol an Coimisiún in 2016, d’fhonn an soláthar poiblí a oscailt don iomaíocht idirnáisiúnta. Go deimhin, is léir go bhfuil ionstraim den chineál sin fíor-riachtanach ós rud é, le linn na caibidlíochta laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú maidir le Soláthar Poiblí Rialtais agus le linn na gcaibidlíochtaí déthaobhacha le tríú tíortha, gur dheimhnigh an tAontas go raibh a chonarthaí poiblí, ar luach thart ar EUR 352 bhilliún, á n-oscailt aige, cé nach bhfuil i roinnt tíortha a shínigh an comhaontú ach soláthar poiblí ar bhealach teoranta (na Stáit Aontaithe, ar fiú EUR 178 mbilliún é, agus an tSeapáin, ar fiú EUR 27 mbilliún é);

42.

ag iarraidh ar na Ballstáit uile an rialachán maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh (20) a fhorlíonadh trí bhíthin sásraí faireacháin ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe chun cabhrú le Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile i gcás inar dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche i mBallstát amháin difear do shlándáil nó ord poiblí na mBallstát eile.

43.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur thug an Coimisiún Eorpach isteach cosaintí cinntitheacha i mí Feabhra 2019 mar fhreagairt ar chinneadh na Stát Aontaithe taraifí custaim a fhorchur ar tháirgí iarainn agus cruach. Go deimhin, bhí méadú géar tagtha ar allmhairithe táirgí den sórt sin isteach san Aontas Eorpach, agus ba bhagairt thromchúiseach iad do chuideachtaí iarainn agus cruach an Aontais atá fós leochaileach mar gheall ar an ró-acmhainneacht leanúnach i margadh cruach an domhain agus ar an líon de chleachtais éagóracha trádála ar scála nach bhfacthas roimhe ag comhpháirtithe trádála áirithe. I gcomhréir le gealltanais an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), fágfaidh na bearta sin go mbeidh sreabhadh leanúnach allmhairí ann i gcónaí lena ráthaítear fíor-iomaíocht i margadh cruach na hEorpa agus rogha leordhóthanach don iliomad úsáideoirí cruach san Aontas. Mar gheall ar an meath suntasach atá tagtha ar ionchais eacnamaíocha an tionscail iarainn agus cruach, áfach, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na cosaintí sin gan mhoill agus iad a threisiú i gcás inar gá;

An Bhruiséil, an 5 Nollaig 2019.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Karl-Heinz LAMBERTZ


(1)  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/file_import/eu-competition-law_en.pdf (níl leagan GA ann tráth an fhoilsithe, teideal aistrithe ag aistritheoirí CER)

(2)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cur chuige áitbhunaithe maidir le straitéis beartais tionsclaíochta an Aontais, 26 Meitheamh 2019, pointe 16 (níl leagan GA ann, teideal aistrithe).

(3)  Féach an forógra Franc-Ghearmánach maidir le beartas tionsclaíoch don 21ú haois https://ue.delegfrance.org/manifeste-franco-allemand-pour-une (i bhFraincis amháin).

(4)  Féach https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public

(5)  https://ec.europa.eu/competition/state_aid/legislation/recovery_notice_en.pdf

(6)  IO L 248, 24.9.2015, lch. 9.

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le rialacha státchabhrach, chun tacú le bearta i bhfabhar na mbanc faoi chuimsiú na géarchéime airgeadais, a chur i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2013.

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:52013XC0730(01)&from=EN (níl leagan GA ann tráth an fhoilsithe, teideal aistrithe ag aistritheoirí CER).

(8)  Cás T-202/10 RENV II: http://curia.europa.eu/juris/document/document.jsf?text=&docid=207808&pageIndex=0&doclang=fr&mode=lst&dir=&occ=first&part=1&cid=14523814

(9)  Féach pointe 41 den Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Státchabhair agus Seirbhísí ar mhaithe leis an Leas Eacnamaíoch i gCoitinne (ECON-VI/013), a glacadh an 11 Deireadh Fómhair 2016 (níl leagan GA ann, teideal aistrithe).

(10)  https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/initiatives/ares-2019-3777435_ga

(11)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2021/27/AE (!) L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(12)  Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus d’fhuinneamh 2014-2020, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52014XC0628%2801%29

(13)  https://eci.ec.europa.eu/008/public/#/initiative

(14)  Pointí 29-31 den dréacht-tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Claochlú Socheacnamaíoch Réigiún Guail san Eoraip, rapóirtéir Mark Speich (EPP/DE), glacadh na tuairime sceidealaithe do sheisiún iomlánach an 8-9 Deireadh Fómhair 2019 (níl leagan GA ann, teideal aistrithe).

(15)  Cás SA.48418 Bayerisches Gigabit Pilotprojekt – Germany, ar fáil ag an seoladh seo a leanas: http://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/case_details.cfm?proc_code=3_SA_48418

(16)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 28 Samhain 2013 maidir le treoirlínte an Aontais Eorpaigh i ndáil le státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte (COTER-V-043). (Níl leagan GA ann, teideal aistrithe).

(17)  Féach an cinneadh ón gCoimisiúin Eorpach maidir le haerfort Angoulême, an 23 Iúil 2014: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/MEMO_14_498

(18)  http://ec.europa.eu/competition/publications/reports/kd0419345enn.pdf

(19)  (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1)

(20)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.