|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 419 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
62 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2019/C 419/01 |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
12.12.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 419/1 |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le leanaí a chosaint sa spórt
(2019/C 419/01)
DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT ACU
1.
Is réamhriachtanas é leanaí a chosaint sa spórt ionas go mbeidís in ann leas a bhaint as an spórt mar chaitheamh aimsire agus ionas go bhfásfaidís ina lúthchleasaithe. Sa bhreis air sin, ba cheart nós maireachtála gníomhach a bheith ann ón óige. D’fhéadfaí cur le sláinte, dea-bhail, cumas oibre agus cuimsiú sóisialta na saoránach san fhadtéarma tríd an spórt a chleachtadh, agus le hinniúlachtaí, scileanna agus faisnéis, lena n‐áirítear saoránacht ghníomhach, a fhorbairt.
2.
Foráiltear an bunús leis an gcreat dlíthiúil maidir le leanaí a chosaint (1) in Airteagal 19(1) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Ina theannta sin, aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais go bhfuil sé de cheart ag leanaí cosaint agus cúram a fháil atá riachtanach dá ndea-bhail. De réir Airteagal 165 CFAE bealach chun gné na hEorpa sa spórt a fhorbairt is ea sláine fisiceach agus morálta mhuintir an spóirt, go háirithe na daoine is óige, a chosaint agus dá bhrí sin, is aidhm shonrach de ghníomhaíocht an Aontais i réimse an spóirt é.
3.
Ba cheart gurb é an tuiscint leathan a bhainfí as leanaí a chosaint sa spórt go gcoinneofaí gach leanbh slán ó díobháil, mí-úsáid, foréigean, saothrú agus faillí. Is éard atá i gceist le cosaint leanaí tacar gníomhartha a chuidíonn lena áirithiú go mbíonn taithí mhaith ag gach leanbh a ghlacann páirt sa spórt.
4.
D’aithin na Ballstáit gur réamhriachtanas é timpeallacht shábháilte chun gníomhaíocht fhisiceach na leanaí a fheabhsú, agus tá roinnt beart nithiúil déanta acu le blianta beaga anuas chun go mbeidh gníomhaíochtaí spóirt níos sábháilte do leanaí, amhail reachtaíocht a fheabhsú agus tionscadail spriocdhírithe a bhunú.
5.
Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tá na Ballstáit tar éis dea-chleachtais a mhalartú agus tá tionscadail éagsúla á maoiniú le clár Erasmus + agus leis an gClár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht. Mar sin féin, ba cheart an obair agus na hiarrachtaí a dhéantar sa chomhthéacs sin a threisiú.
MEASANN SIAD
6.
Gur cheart do na Ballstáit leanúint de ról lárnach a bheith acu i mbeartas straitéiseach a fhorbairt agus a áirithiú go mbeidh creat reachtach agus beartais leormhaith ann chun leanaí a chosaint, lena n‐áirítear i réimse an spóirt.
7.
Mar gheall ar thorthaí inbhuanaithe sa réimse seo, nach mór dlúthchomhar le heagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha ar gach leibhéal. Féadfaidh clár Erasmus + agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais acmhainní breise a chur ar fáil chun tionscadail agus tionscnaimh eile a éascú chun leanaí a chosaint sa spórt.
8.
Le bearta a fhorbairt chun leanaí a chosaint sa spórt, go gceanglaítear comhar le hearnálacha éagsúla amhail earnálacha an oideachais, na sláinte, na seirbhísí sóisialta, an cheartais, fhorfheidhmiú an dlí agus na hóige. Ceanglaítear leis freisin rannpháirtíocht gníomhaithe éagsúla, lena n‐áirítear scoileanna, eagraíochtaí agus clubanna spóirt, teaghlaigh, lianna, cóitseálaithe, múinteoirí, oifigigh spóirt agus piaraí.
9.
Maidir leis na treoirlínte beartais arna bhforbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta chun na fadhbanna a bhaineann le cosaint leanaí sa spórt a shainaithint, a chosc agus chun dul i ngleic leo, gur cheart iad a scaipeadh, a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí agus faireachán a dhéanamh orthu ar bhealach níos éifeachtaí (2).
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT, I gCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH
10.
A áirithiú go bhfuil creat dlíthiúil agus beartais leormhaith ann, lena n‐áirítear bearta coisctheacha dearfacha agus nósanna imeachta maidir le smachtbhannaí i gcás inarb iomchuí, ar nósanna imeachta iad lena bhféadfaí tacú le bearta iomlánaíocha praiticiúla a fhorbairt atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar cheist na leanaí a chosaint sa spórt.
11.
Machnamh a dhéanamh ar ardú feasachta a thabhairt isteach agus a neartú mar aon le bearta oideachais agus oiliúna tosaigh agus leanúnacha — amhail treoirlínte beartais, foirne uirlisí, cóid iompair, feachtais agus malartú dea-chleachtas agus taithí — atá dírithe ar leanaí, ar ghrúpaí teaghlaigh, ar eagraíochtaí spóirt, ar shaorálaithe, ar chóitseálaithe, ar mhúinteoirí agus ar oibrithe don óige atá ag obair le leanaí sa spórt chun cosc a chur le foréigean agus mí-úsáid fhisiceach agus mhothúchánach.
12.
Comhoibriú le heagraíochtaí spóirt chun bearta a fhorbairt chun leanaí a chosaint sa spórt, amhail cláir oideachais, cóid iompair, faireachán, treoirlínte agus nósanna imeachta chun foréigean agus mí-úsáid a chosc, lena n‐áirítear seiceálacha córasacha ar thaifid choiriúla (3) na bhfostaithe agus na saorálaithe i gcás inarb iomchuí, chomh maith le líomhaintí a bhainistiú, obair leantach iomchuí a dhéanamh agus an tacaíocht is gá a thabhairt do leanaí.
13.
Athbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh agus maoiniú poiblí á dheonú bunaithe ar thiomantas eagraíochtaí do bhearta a chur chun feidhme chun leanaí a chosaint sa spórt.
14.
Bealaí cumarsáide agus tuairiscithe maidir le cosaint leanaí a chur ar bun agus feasacht a mhúscailt ina leith, chomh maith le héifeachtacht na mbealaí cumarsáide agus an tsásra tuairiscithe maidir le leanaí a chosaint atá ann cheana a optamú le gur féidir le leanaí a fhulaingíonn foréigean agus/nó faoi mí-úsáid sa spórt nó daoine atá ina bhfinnéithe ar na nithe sin iad a úsáid. D’fhéadfaí go mbeadh línte cabhracha, comhrá nó suíomhanna gréasáin ar chuid de na huirlisí sin.
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, LAISTIGH DÁ nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH
15.
Sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt i gcás inar féidir, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta, maidir leis an bhforéigean in aghaidh leanaí agus le mí-úsáid leanaí, agus úsáid na n‐ionstraimí faireacháin a chur chun cinn, ar sonraí iad lena bhféachtar le leitheadúlacht gach cineál bagartha a mheas maidir le leanaí a chosaint sa spórt, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeartas agus na nósanna imeachta ábhartha.
16.
Staidéir agus foilseacháin maidir le leanaí a chosaint sa spórt a thacú, a chur chun cinn agus a scaipeadh.
17.
Malartú dea-chleachtas a chur chun cinn, go háirithe i measc eagraíochtaí spóirt agus údaráis náisiúnta, maidir le bearta cosanta, lena n‐áirítear bearta coisctheacha chun cosaint a dhéanamh ar fhoréigean gnéasach agus ar mhí-úsáid, ar iompar fulangach agus measúil i gcúrsaí spóirt a chur chun cinn agus ar fhrithbhulaíocht.
18.
Comhar a chothú le heagraíochtaí idirnáisiúnta rialtasacha agus neamhrialtasacha, amhail An Chomhairle Eorpach agus Unicef.
IARRANN SIAD AR AN nGLUAISEACHT SPÓIRT AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:
19.
Féachaint chuige go bhfuil leanaí sábháilte sa spórt agus go mbraitheann siad sábháilte sa spórt, agus go bhfuiltear ag éisteacht leo agus ag caitheamh leo go cothrom agus cóir, chun cabhrú leo an féinmheas a fhorbairt, i gcomhar leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí.
20.
A áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go n‐urramófar céimeanna fáis na leanaí agus na difreála inscne i gcreataí iomaíocha ar bith.
21.
Nósanna imeachta leordhóthanacha cosanta a chur chun feidhme chun cosc a chur ar an mbaol go ndéanfar díobháil do leanaí, go fisiceach agus go mothúchánach.
22.
Oiliúint agus tacair shoiléire de threoirlínte agus rialacháin a fhorbairt lena áirithiú go ndéileálfaidh na heagraíochtaí spóirt le cosaint an linbh go héifeachtach, agus bearta a dhéanamh amhail ombudsman neamhspleách a cheapadh a bheidh faoi cheangal rúndachta mar dhuine teagmhála i gcás leanaí atá ag fulaingt foréigin agus/nó mí-úsáide sa spórt.
23.
Seiceálacha cúlra a chur chun feidhme, lena n‐áirítear i gcásanna soghluaisteachta trasteorann, ar fhostaithe spóirt agus saorálaithe i gcás inarb iomchuí, a oibríonn le leanaí, i gcomhréir le creataí dlíthiúla ábhartha.
24.
Comhoibriú leis na húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí, le gníomhaireachtaí agus le heagraíochtaí atá freagrach as cosaint leanaí, go háirithe chun tacú le híospartaigh leanaí.
(1) “Déanfaidh na Stáit is Páirtithe gach beart reachtach, riaracháin, sóisialta agus oideachais a ghlacadh is iomchuí chun an leanbh a chosaint ó gach uile chineál d’fhoréigean fisiceach nó intinne, do dhíobháil nó do mhí-úsáid, d’fhaillí nó do chaitheamh faillí, do dhrochíde nó do shaothrú, lena n‐áirítear mí-úsáid ghnéasach, agus é i gcúram tuismitheora/tuismitheoirí, le caomhnóir(í) dlíthiúil nó le haon duine eile a bhfuil cúram an linbh air.”
(2) E.g. International Safeguards for Children in Sport (2016) [Cosaintí Idirnáisiúnta do Leanaí sa Spórt] ó Unicef, Child Protection Recommendations [Moltaí maidir le Cosaint Leanaí] ón gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Spórt na nÓg, Tionscnamh “Tosú Ag Caint” ó Chomhairle na hEorpa agus Safeguarding Athletes from Harassment and Abuse in Sport Framework [Lúthchleasaithe a Chosaint ón gCiapadh agus ón Mí-Úsáid sa Spórt] ó Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha.
(3) Treoir 2011/93/AE maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac agus go háirithe Airteagal 10 di.
IARSCRÍBHINN
A. Sainmhínithe
Chun críche na gconclúidí seo ón gComhairle:
|
1. |
Ciallaíonn “leanaí a chosaint sa spórt” gach leanbh a choinneáil slán ó dhíobháil fhisiceach agus mhothúchánach, ó mhí-úsáid, ón bhforéigean, ó shaothrú agus ó fhaillí. Cumhdaítear leis cosaint leanaí agus dea-bhail leanaí a chur chun cinn. |
|
2. |
Ciallaíonn “cosaint leanaí” pearsa aonair a bhfuil sé aitheanta gur duine é atá i mbaol mí-úsáide, foréigin, dúshaothraithe nó faillí. |
B. Tagairtí
Agus na conclúidí seo á nglacadh aici, meabhraíonn an Chomhairle di ach go háirithe an méid a leanas:
An tAontas Eorpach
|
1. |
Treoir 94/33/CE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1994 maidir le cosaint daoine óga ag an obair |
|
2. |
Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac |
|
3. |
An Páipéar Bán maidir le Spórt (2007) |
|
4. |
Conclúidí ón gComhairle maidir le gníomhaíocht fholláin choirp a chur chun cinn (GFC) (2012/C 393/07) |
|
5. |
Moladh ón gComhairle maidir le gníomhaíocht fholláin choirp a chur chun cinn ar fud na n‐earnálacha (2013/C 354/01) |
|
6. |
Conclúidí ón gComhairle maidir le scileanna luaile, gníomhaíochtaí coirp agus spóirt do leanaí a chur chun cinn (2015/C 417/09) |
|
7. |
Expert Group recommendations on the protection of young athletes and safeguarding children’s rights in sport [Moltaí ón nGrúpa Saineolaithe maidir le lúthchleasaithe óga agus cearta an linbh a chosaint sa spórt] |
|
8. |
Leanaí a Chosaint sa Spórt: A mapping study [Leanaí a Chosaint sa Spórt: Staidéar] le Ecorys agus Ollscoil Thomas More |
|
9. |
Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint |
|
10. |
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 24 |
|
11. |
Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta |
Na Náisiúin Aontaithe
|
12. |
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh (1989) |
|
13. |
Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, go háirithe sprioc 16.2 maidir leis an bhforéigean i gcoinne leanaí |
|
14. |
International Charter of Physical Education, Physical Activity and Sport [Cairt idirnáisiúnta maidir leis an nGníomhaíocht Choirp, Corpoideachais agus Spóirt] - Unesco SHS/2015/PI/H/14 REV, https://unesdoc.unesco.org/ark:/48223/pf0000235409/PDF/235409eng.pdf.multi |
|
15. |
Plean Gníomhaíochta Kazan - Comhdháil Idirnáisiúnta de chuid na nAirí agus na nOifigeach Sinsearach atá freagrach as an gCorpoideachas agus an Spórt (6ú MINEPS) (Kazan, an Rúis, 2017) - Unesco SHS/2017/PI/H/14 REV. |
An Chomhairle Eorpach
|
16. |
Recommendation CM/Rec(2010)9 of the Committee of Ministers to member states on the revised Code of Sports Ethics [Moladh CM/Rec(2010)9 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir leis an gCód Eitice sa Spórt athbhreithnithe] |
|
17. |
Recommendation CM/Rec(2012)10 of the Committee of Ministers to member States on the protection of child and young athletes from dangers associated with migration [Moladh CM/Rec(2012)10 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le lúthchleasaithe óga agus leanaí a chosaint ó na baoil a bhaineann leis an imirce] |
|
18. |
Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Leanaí a Chosaint ó Theacht i dTír Gnéasach agus ó Mhí-úsáid Ghnéasach, CETS Uimh. 201, |
|
19. |
An Coinbhinsiún Eorpach chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc, CETS Uimh. 126 |
|
20. |
Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine, CETS uimh. 197, Vársá, 16.5.2005, lgh. 1-21 |
|
21. |
Cairt Shóisialta na hEorpa, CETS Uimh. 35, CETS Uimh. 163 athbhreithnithe |