|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 412 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
62 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2019/C 412/01 |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
9.12.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 412/1 |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hoideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige
(2019/C 412/01)
DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE,
AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á AITHINT ACU:
|
1. |
Leis an Rún ón gComhairle maidir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027, iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach inter alia tacú le forbairt na hoibre ardcháilíochta don óige ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, lena n‐áirítear oiliúint le haghaidh oibrithe don óige. |
|
2. |
Is léiriú iad an éagsúlacht agus na gnéithe sonracha a bhaineann leis an obair don óige sna Ballstáit ar stair, dálaí socheacnamaíocha agus comhthéacsanna cultúrtha faoi seach na mBallstát, chomh maith lena dtosaíochtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. |
|
3. |
In ainneoin na ndifríochtaí sin, tá comhthuiscint ann maidir le riachtanais oideachais agus oiliúna oibrithe don óige, bunaithe ar chomhar seanbhunaithe i réimse na hóige san Eoraip, ar luachanna comhroinnte agus ar líon mór staidéar, dearbhuithe, clár, conclúidí agus moltaí maidir le hobair don óige (1). Is gnéithe úsáideacha don chomhthuiscint sin iad gníomhaíochtaí atá dírithe, inter alia, ar aicmiú Eorpach a dhéanamh ar chaighdeáin ghairme, conairí oideachais agus gairme oibrithe don óige a mhapáil, cáilíocht sholáthair na hoibre don óige a fheabhsú, eolas a chur ar fáil maidir le hobair don óige agus tacú le forbairt ghairmiúil oibrithe don óige trí chláir an Aontais agus punann oibre Chomhairle na hEorpa maidir le hObair don Óige. |
|
4. |
Ba cheart an t‐oideachas agus an oiliúint a chuirtear ar oibrithe don óige a oiriúnú chun freastal ar riachtanais agus dálaí áirithe i mBallstáit faoi leith. Dá réir sin, is gá cur chuige solúbtha, il-leibhéil agus trasearnála faoi cheannas an úsáideora chun oideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige. |
|
5. |
I measc na n‐eagraíochtaí a bhfuil ar a gcumas oideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige, tá eagraíochtaí óige, eagraíochtaí a bhaineann le hobair don óige, eagraíochtaí a bhaineann le hobair bhardasach nó réigiúnach don óige agus eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta, mar aon le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna inar féidir staidéar a dhéanamh ar ábhar a bhaineann le hobair don óige. |
|
6. |
Ós rud é gur gá oideachas agus oiliúint oibrithe don óige a oiriúnú do dhálaí náisiúnta, ní gá go mbeadh na samhlacha agus na cleachtais a eascraíonn astu inaistrithe go díreach chuig Ballstáit eile. |
|
7. |
Tugtar le fios le staidéir agus suirbhéanna a rinneadh le déanaí (2) go bhfuil ganntanas oideachais ardcháilíochta i réimse na hoibre don óige agus ganntanas oiliúna d'oibrithe don óige san Eoraip. Tá easpa faisnéise agus sonraí freisin ann faoi riachtanais oideachais agus oiliúna agus faoin soláthar reatha sna Ballstáit éagsúla. |
|
8. |
Is réamhchoinníoll ríthábhachtach agus tiománaí chun cáilíocht agus aitheantas na hoibre don óige araon a chur chun cinn oideachas agus oiliúint ardcháilíochta, solúbtha agus cleachtas‐dírithe a chur ar oibrithe don óige, le tacaíocht ó thaighde rialta. |
AGUS BÉIM Á LEAGAN ORTHU SEO A LEANAS:
|
9. |
An gá atá le hoideachas agus oiliúint ardcháilíochta a fhorbairt agus a chur ar oibrithe don óige, ag cur le héagsúlacht na hoibre don óige san Eoraip. |
|
10. |
An gá atá le tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar chonairí oideachais agus foghlama oibrithe don óige íoctha agus deonacha. Tá easpa eolais ann faoin gcaoi a nasctar an t‐oideachas foirmiúil agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil le cleachtas na hoibre don óige agus faoin gcaoi a n‐ullmhaíonn an t‐oideachas agus an fhoghlaim sin na hoibrithe don obair. Ní mór freisin conairí gairme na n‐oibrithe don óige a mhapáil agus léargas níos doimhne a thabhairt ar lucht bainistíochta na n‐eagraíochtaí don óige, na n‐eagraíochtaí a bhaineann le hobair don óige agus na n‐eagraíochtaí a bhaineann le hobair bhardasach nó réigiúnach don óige chun tacú le foghlaim agus oiliúint sa láthair oibre. Chomh maith leis sin, tá tuilleadh faisnéise de dhíth faoin gcaoi ar féidir comhlachais agus líonraí oibrithe don óige a chumhachtú agus a neartú maidir le piarfhoghlaim, piarchomhairleoireacht agus tacaíocht piaraí. |
|
11. |
An ról ríthábhachtach atá ag taighde, peirspictíochtaí agus cur chuige cleachtas-bhunaithe agus ón mbun aníos san oideachas agus oiliúint a chuirtear ar oibrithe don óige. |
|
12. |
A thábhachtaí atá an phiarfhoghlaim, an phiarchomhairleoireacht, meantóireacht agus cleachtas athmhachnaimh faoi mhaoirseacht san oideachas agus oiliúint a chuirtear ar oibrithe don óige. |
|
13. |
Aitheantas a thabhairt don raon inniúlachtaí (3) a bhíonn de dhíth ar oibrithe don óige agus iad ag obair le daoine óga tráth a mbíonn an saol acu ag athrú. |
|
14. |
A thábhachtaí atá sé oideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige i dtús báire agus ar bhonn leanúnach chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus atá ábhartha do dhaoine óga, amhail an claochlú digiteach, an imirce, an t‐athrú aeráide, margadh saothair athraitheach, bagairtí ar an daonlathas agus ar chearta an duine, agus an neamhchinnteacht mhéadaithe. |
|
15. |
An deis atá ann an t‐oideachas agus an oiliúint a chuirtear ar oibrithe don óige a mheas mar uirlis chun cuspóirí beartais Eorpacha um an óige agus straitéisí oibre don óige, go háirithe Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige 2019-2027, a chur chun feidhme. |
|
16. |
A thábhachtaí atá sé struchtúir agus acmhainní inbhuanaithe a bhunú nó a fheabhsú, mar is iomchuí, chun an t‐oideachas agus an oiliúint a chuirtear ar oibrithe don óige san Eoraip a fhorbairt. |
IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, INA RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FÉIN AGUS AR NA LEIBHÉIL IOMCHUÍ, AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
17. |
Ag tógáil ar an gcleachtadh mapála atá ann cheana, taighde breise a dhéanamh ar na córais reatha chun oideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige san Eoraip, chun cur leis an eolas faoi thionchar na mbeartas, na modhanna agus na n‐uirlisí arna bhforbairt ar an leibhéal Eorpach maidir le hoideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige sna Ballstáit. Más féidir, ba cheart an fhaisnéis a bhailiú trí na hionstraimí atá ar fáil, amhail Lárionad Eolais na hEorpa um beartas don óige agus vicí don óige. |
|
18. |
Comhthuiscint a fhorbairt idir na Ballstáit maidir le hoideachas agus oiliúint ardcháilíochta a chur ar oibrithe don óige agus maidir leis na cuspóirí atá acu, lena gcothófar forbairt cur chuige solúbtha, cleachtas-bhunaithe il-leibhéil don oideachas agus oiliúint a chuirtear ar oibrithe don óige is féidir a chur in oiriúint chun freastal ar riachtanais agus ar ionchais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i ngach Ballstát. |
|
19. |
Creat bunaithe ar inniúlachtaí don oideachas agus oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil i ndáil le hobair don óige a thugann aird ar na difríochtaí i riachtanais oiliúna na n‐oibrithe don óige atá fostaithe nó a fhaigheann íocaíocht, iad siúd ar mian leo gairm bheatha a shaothrú san obair don óige agus oibrithe don óige agus ceannairí óige a oibríonn ar bhonn deonach, creat a bhraitheann ar an bpiarfhoghlaim agus a úsáideann an fhoghlaim dhigiteach agus modhanna nuálacha eile. Ní chuirtear aon cheanglais fhoirmiúla ar chláir oideachais náisiúnta le creat mar sin agus déanfar na hinniúlachtaí náisiúnta a urramú go hiomlán ann. |
|
20. |
Na Ballstáit a spreagadh chun mapáil thírshonrach a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar na hinniúlachtaí a theastaíonn san obair don óige, mar aon lena bpríomhghnéithe, agus dá réir sin chun meastóireacht, nuashonrú agus forbairt bhreise a dhéanamh ar chláir chun oiliúint agus oideachas a chur ar oibrithe don óige atá á reáchtáil ag institiúidí oideachais nó oiliúna ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, nó ag eagraíochtaí a chuireann oiliúint ar fáil san obair don óige, don fhoghlaim tosaigh agus leanúnach araon. |
|
21. |
Na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus institiúidí náisiúnta ábhartha agus geallsealbhóirí i réimse na hoibre don óige a spreagadh chun dul i mbun oibre le Comhairle na hEorpa, agus le heagraíochtaí óige agus eagraíochtaí agus líonraí ábhartha eile chun an t‐oideachas agus an oiliúint a chuirtear ar oibrithe don óige ar an leibhéal Eorpach a fhorbairt a thuilleadh. |
|
22. |
Comhar déthaobhach agus iltaobhach a chur chun cinn agus a éascú, go háirithe ar leibhéal idirdhisciplíneach, idir riaracháin phoiblí sna Ballstáit, ollscoileanna, institiúidí oideachais, lena n‐áirítear institiúidí gairmoideachais agus eagraíochtaí a bhfuil cláir sheanbhunaithe acu chun oideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige agus orthu siúd atá ag iarraidh cláir den sórt sin a fhorbairt. |
|
23. |
Comhar leanúnach a chur chun cinn idir soláthraithe poiblí oibre don óige agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhíonn ag plé le hoideachas agus oiliúint oibrithe don óige chun críche taithí a mhalartú agus inspreagadh a mhalartú ar fud na hEorpa. Chuige sin, ba cheart úsáid iomchuí a bhaint as na deiseanna atá ar fáil faoi chláir ábhartha de chuid an Aontais, mar shampla Erasmus+. |
|
24. |
Feabhas a chur ar an oideachas agus an oiliúint a chuirtear ar oibrithe don óige, taighde a bhaineann le hobair don óige agus aitheantas a thabhairt don fhoghlaim neamhfhoirmiúil i réimse na hoibre don óige trí dheiseanna a chur ar fáil le haghaidh malartaithe, comhair agus líonrú trí úsáid éifeachtach a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil trí chláir agus cistí an Aontais, mar shampla Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, Fís 2020 agus Eoraip na Cruthaitheachta. |
IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
|
25. |
Faoi dheireadh na bliana 2021, na roghanna atá ar fáil chun oideachas agus oiliúint a chur ar oibrithe don óige a fhorbairt a thuilleadh a fhiosrú, lena n‐áirítear moladh ón gComhairle maidir leis an ábhar sin a ullmhú. |
|
26. |
Na hinniúlachtaí digiteacha a fheabhsú trí fhoghlaim agus oiliúint neamhfhoirmiúil, ag cur san áireamh an próiseas a bhaineann leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach atá ann faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta d'fhonn é a leathnú chun go gclúdófaí obair don óige leis. |
(1) Féach na tagairtí atá san Iarscríbhinn
(2) Féach tagairt 4 san Iarscríbhinn.
(3) Youth work (education) in flux: contemporary challenges in an erratic Europe, [Obair (oideachas) don óige ag athrú: dúshláin an lae inniu in Eoraip taghdach], Tuarascáil maidir le comhdháil an Aontais maidir leis an óige i Heilsincí, 1-3 Iúil 2019 le Tomi Kiilakoski agus Marko Kovacic
Iarscríbhinn a ghabhann leis an IARSCRÍBHINN
1. Tagairtí
Agus na conclúidí seo á nglacadh aici, meabhraítear don Chomhairle ach go háirithe an méid seo a leanas:
|
1. |
Conclúidí ón gComhairle maidir le rochtain do dhaoine óga ar an gcultúr (2010/C 326/02); |
|
2. |
Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hobair óige (2010/C 327/01); |
|
3. |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ngné oirthearach de rannpháirtíocht agus soghluaisteacht na hóige (2011/C 372/03); |
|
4. |
An Coimisiún Eorpach, Working with young people: the value of youth work in the European Union [Ag obair le daoine óga: an luach a bhaineann leis an obair don óige san Aontas Eorpach], 2014; |
|
5. |
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an obair don óige a neartú chun sochaithe comhtháite a áirithiú (2015/C 170/02); |
|
6. |
Rún ón gComhairle maidir le daoine óga a ghríosú le bheith rannpháirteach sa pholaitíocht i saol daonlathach na hEorpa (2015/C 417/02); |
|
7. |
An Dearbhú ón 2ú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair leis an Óige, 27-30 Aibreán 2015; |
|
8. |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le ról earnáil na hóige i gcur chuige comhtháite trasearnála chun radacú foréigneach daoine óga a chosc agus a chomhrac (2016/C 213/01); |
|
9. |
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cuir chuige nua a chur chun cinn san obair óige d'fhonn acmhainn daoine óga a nochtadh agus a fhorbairt (2016/C 467/03); |
|
10. |
Conclúidí ón gComhairle maidir le ról na hoibre don óige chun tacú le daoine óga scileanna riachtanacha saoil a fhorbairt, le gur fusa dóibh aghaidh a thabhairt ar an saol mar dhaoine fásta agus mar shaoránaigh ghníomhacha agus le gur fusa dóibh freisin tabhairt faoi shaol na hoibre (2017/C 189/06); |
|
11. |
Conclúidí ón gComhairle maidir le hobair óige chliste (2017/C 418/02); |
|
12. |
Moladh de chuid Chomhairle na hEorpa CM/Rec (2017) 4 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hobair óige; |
|
13. |
Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle, maidir le Creat nua Eorpach i réimse na hóige: The European Union Youth Strategy 2019-2027 [Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige 2019-2027] (2018/C 456/01); |
|
14. |
Communication from the Commission on the Digital Education Action Plan [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach], COM(2018) 22 final; |
|
15. |
Partnership between the European Commission and the Council of Europe in the field of Youth: [Comhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa i réimse na hÓige:] Mapping the educational and career paths of youth workers, Part I. Report. [conairí oideachais agus gairme oibrithe don óige a mhapáil, Cuid I. Tuarascáil]. |
2. Sainmhíniú
Chun críche na gconclúidí seo ón gComhairle,
Ciallaíonn 'oibrí don óige' oibreoir gairmiúil, deonach nó cinnire óige a éascaíonn foghlaim agus forbairt phearsanta agus shóisialta na n‐óg, a spreagann iad agus a thacaíonn leo a bheith ina saoránaigh féinrialta, gníomhacha, freagracha. Is iad prionsabail na rannpháirtíochta saorálaí agus gníomhaí i measc na n‐óg is bonn taca leis an seachadadh a dhéantar ar an obair don óige.