|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
62 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2019/C 402 A/01 |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 402 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Chomhairle
|
28.11.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Fógra Folúntais CONS/AD/150/19
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
|
Roinn |
LIFE 3 Ceisteanna Sláinte Tréidliachta agus Plandaí, Bia agus Foraoiseacht |
|
Áit oibre |
An Bhruiséil, Áras Justus Lipsius |
|
Teideal an phoist |
An Stiúrthóir |
|
Grúpa feidhme agus grád |
AD 14 |
|
An t-imréiteach slándála atá riachtanach |
SECRET UE/EU SECRET |
|
SPRIOCDHÁTA LE hAGHAIDH IARRATAS |
3 Eanáir 2020 — 12.00 meán lae (am na Bruiséile) |
CÉ MUIDE
Cuidíonn Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC) leis an gComhairle Eorpach, le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus lena gcomhlachtaí ullmhúcháin i ngach réimse a bhaineann lena ngníomhaíochtaí. Cuireann sí comhairle agus tacaíocht ar fáil do chomhaltaí na Comhairle Eorpaí agus don Chomhairle agus dá nUachtaráin i ngach réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear comhairle faoi bheartais agus comhairle dhlíthiúil, comhordú le hinstitiúidí eile, comhréitigh a fhorbairt, dréachtú chomh maith leis na nithe uile is gá chun dea-ullmhúchán a dhéanamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle agus chun go mbeidh siad á reáchtáil mar is cuí.
Ón 1 Eanáir 2020 amach, is éard a bheidh in Ard-Stiúrthóireacht LIFE, 4 Stiúrthóireacht, agus díreoidh gach Stiúrthóireacht ar réimsí sonracha beartais.
Beidh Stiúrthóireacht LIFE 3 freagrach as Ceisteanna Sláinte Tréidliachta agus Plandaí, Bia agus Foraoiseacht.
Comhordóidh an Stiúrthóireacht eagrú chruinnithe na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, a thionóltar de ghnáth 11 uair sa bhliain agus a ullmhaítear i roinnt meithleacha a láimhseálann comhaid reachtacha agus neamhreachtacha araon, Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) ina measc, chomh maith leis an gcaidreamh idirnáisiúnta a bhaineann leis na comhaid sin.
Ár dtairiscint
Post Stiúrthóir na Stiúrthóireachta LIFE 3 i dtimpeallacht spéisiúil ó thaobh na polaitíochta de ina mbeidh foireann 12 bhall foirne ardcháilithe ag plé le gnéithe oibríochtúla agus straitéiseacha na gcomhad a láimhseálann siad.
Faoi údarás an Ard-Stiúrthóra, déanfaidh tú an Stiúrthóireacht agus acmhainní na Stiúrthóireachta a bhainistiú ar bhealach gairmiúil, eagróidh tú gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta agus tacóidh tú leis an bhfoireann agus spreagfaidh tú iad agus iad i mbun a gcuid oibre. Cinnteoidh tú go mbeidh na seirbhísí agus na táirgí a chuirfidh an Stiúrthóireacht ar fáil ar ardcháilíocht, agus go mbeidh cumarsáid agus comhar éifeachtach sa Stiúrthóireacht féin agus idir an Stiúrthóireacht agus Stiúrthóireachtaí eile, agus seirbhísí eile de chuid ARC.
Cuirfidh tú comhairle ardleibhéil i ndáil le beartais agus nósanna imeachta ar fáil, ó bhéal agus i scríbhinn, don Chomhairle Eorpach, don Chomhairle, do Coreper agus dá nUachtaránachtaí agus don Ardrúnaí faoi ghnéithe uile na sainchomhad a thagann faoi chuimsiú na Stiúrthóireachta, beidh tú rannpháirteach i gcruinnithe agus, i gcás inarb iomchuí, i seisiúin eolais agus/nó i gcaibidlíocht d’fhonn teacht ar chomhréitigh agus réitigh a aimsiú. Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh tú cúnamh don Uachtaránacht sa chaibidlíocht agus áiritheoidh tú go mbeidh cumarsáid agus comhar éifeachtach ann le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais i réimsí atá faoi chuimsiú shainordú na Stiúrthóireachta.
Is tusa a shaineoidh na cuspóirí nach mór a chomhlíonadh agus a chabhróidh le hiad a bhaint amach trí chlár oibre na Stiúrthóireachta a bhunú agus a áirithiú go ndéanfar faireachán iomchuí ar chur chun feidhme an chláir oibre.
Beidh tú freagrach freisin as gníomhaíochtaí anailíse beartais a thionscnamh agus a mhaoirsiú d’fhonn comhairle a chur ar fáil maidir le cinntí a dhéanamh sna réimsí atá faoi shainchúram na Stiúrthóireachta.
Beidh tú in ann obair a phleanáil agus a eagrú ar bhealach solúbtha, faoi réir uaireanta oibre agus sceideal chruinnithe Coreper agus na Comhairle i réimse gníomhaíochta na Stiúrthóireachta. Beidh tú féin is an fhoireann in ann leas a bhaint as socruithe oibre Ardrúnaíocht na Comhairle, lena n-áirítear teilea-oibriú. Beidh gá le misin thar lear ó am go chéile, laistigh den Aontas de ghnáth e.g. go Lucsamburg agus Strasbourg (tuairim is 8 n-uaire sa bhliain).
Táimid ag lorg
Táimid ag lorg bainisteoir a bhfuil taithí aige nó aici ar cheapadh beartais an Aontais agus ar phróiseas reachtach an Aontais chomh maith le heolas fairsing ar shaincheisteanna institiúideacha an Aontais. Bheadh eolas ar na réimsí atá faoi chumhdach na Stiúrthóireachta ina bhuntáiste.
Mar bhainisteoir de chuid Ardrúnaíocht na Comhairle, beifear ag súil go gcuirfidh tú comhairle orthu siúd atá i gceannas agus ar na geallsealbhóirí, go ndéanfaidh tú an fhoireann agus na hacmhainní airgeadais a bhainistiú agus go ndéanfaidh tú ionadaíocht ar Ardrúnaíocht na Comhairle. Leagtar amach an méid sin i bpróifíl Ardrúnaíocht na Comhairle do bhainisteoirí cothrománacha, in Iarscríbhinn I.
Ina theannta sin, beidh an méid a leanas ag teastáil ón té a cheapfar:
|
— |
an cumas smaoineamh agus pleanáil go straitéiseach, fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn a thuar agus a shainaithint, agus réitigh agus comhréitigh inoibrithe a mholadh; |
|
— |
scileanna ceannaireachta agus a bheith in ann treoir a thabhairt, foireann a spreagadh agus a chumhachtú i dtimpeallacht idirnáisiúnta agus ilchultúrtha, agus béim láidir á leagan ar fhorbairt na foirne; |
|
— |
sárscileanna cumarsáide, lena n-áirítear scileanna cumarsáide idirphearsanta; cumas spiorad foirne láidir a chur chun cinn agus dea-chaidrimh oibre a chothabháil le réimse idirghabhálaithe inmheánacha agus seachtracha agus scileanna taidhleoireachta; |
|
— |
an cumas athrú a bhainistiú agus tacaíocht a thabhairt don fhoireann nuair atá athrú i gceist; |
|
— |
cumas láidir obair fhoriomlán na stiúrthóireachta a phleanáil agus a eagrú d’fhonn spriocdhátaí tábhachtacha a chomhlíonadh agus ualach oibre cothrom a áirithiú i measc na foirne agus pleanáil comharbais; |
|
— |
an cumas chun comhaontuithe comhchoiteanna nó spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach trí chomhairle spriocdhírithe a chur ar fáil do gheallsealbhóirí agus trí éascú éifeachtach agus cuiditheach a dhéanamh ar an bplé i dtreo torthaí atá le leas gach duine. |
Molann Ardrúnaíocht na Comhairle cultúr na soghluaisteachta dá bainisteoirí le go mbeidh taithí leathan acu, agus ba cheart go mbeadh na hiarrthóirí toilteanach agus ábalta dul i mbun oibre i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn a ngairmréime in Ardrúnaíocht na Comhairle.
BEARTAS EARCAÍOCHTA
Caithfidh na coinníollacha iontrála a leanas a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarratasóirí tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh:
|
a) |
Coinníollacha ginearálta
|
|
b) |
Coinníollacha sonracha
|
NB:
|
1) |
Tá gá le himréiteach slándála don phost seo, lena gceadaítear rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe (go dtí leibhéal EU SECRET). Caithfidh na hiarrthóirí a chuirfidh isteach ar an bpost seo a bheith toilteanach dul faoi scagadh slándála faoi Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (2). Ní chuirfear ceapachán chun an phoist i bhfeidhm ach ar choinníoll go bhfuair an t-iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála. Déanfar conradh sealadach a thairiscint d’iarrthóir gan imréiteach slándála go dtí go bhfaighfear toradh an nós imeachta um imréiteach slándála. |
|
2) |
Ní mór don iarratasóir a n-éireoidh leis nó léi a bheith sásta páirt a ghlacadh in oiliúint Ardrúnaíocht na Comhairle do bhainisteoirí. |
NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN
Agus an t-iarrthóir rathúil á roghnú, cabhróidh bord comhairleach roghnúcháin leis an Údarás Ceapacháin. Beidh ionad measúnaithe ag an gcoiste comhairleach roghnúcháin, a bheidh á reáchtáil ag comhairleoirí seachtracha earcaíochta. Scoirfidh na tuarascálacha a chuirfidh an t-ionad measúnaithe le chéile de bheith bailí 2 bhliain tar éis an dáta a ndearnadh na cleachtaí ábhartha nó ar críochnaíodh an creatchonradh idir Ardrúnanaíocht na Comhairle agus an t-ionad measúnaithe atá i gceist — cibé dáta is luaithe.
Déanfaidh an bord comhairleach roghnúcháin cáilíochtaí, taithí agus spreagthacht na n-iarratasóirí go léir a mheas agus a chur i gcomparáid le chéile ar dtús, ar bhonn a n-iarratas. Bunaithe ar an measúnú comparáideach sin, déanfaidh an bord comhairleach roghnúcháin gearrliosta de na hiarrthóirí is oiriúnaí, dar leis, chun cuireadh a fháil chuig an gcéad agallamh. Toisc gur ar mheasúnú comparáideach na n-iarratas a bhíonn an chéad roghnú sin bunaithe, ní hionann ceanglais an fholúntais seo a chomhlíonadh agus ráthaíocht go bhfaighfear cuireadh chuig an gcéad agallamh. As measc na n-iarrthóirí a chuirfear faoi agallamh, déanfaidh an coiste comhairleach roghnúcháin na hiarrthóirí a réamhroghnú a fhreastalóidh ar ionad measúnaithe agus a fhreastalóidh ina dhiaidh sin ar an dara hagallamh leis an gcoiste comhairleach roghnúcháin.
Seo a leanas an phleanáil shealadach maidir le hiarrthóirí a roghnú:
|
— |
táthar ag súil go gcuirfear na hiarrthóirí a roghnófar chun agallaimh ar an eolas faoi dheireadh mhí Eanáir 2020; |
|
— |
beartaítear go mbeidh na hagallaimh thosaigh ar siúl faoi lár mhí Feabhra 2020; |
|
— |
meastar go gcuirfear i gcrích imeachtaí an ionaid measúnaithe faoi thús mhí an Mhárta 2020; |
|
— |
beartaítear go mbeidh an dara babhta agallamh ar siúl faoi dheireadh mhí an Mhárta 2020. |
BUNÚS DLÍI
gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (3)(post bainistíochta sinsearaí) a fhoilsítear an post seo.
Foilsíodh an post seo in institiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de na hinstitiúidí.
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
Is é an 3 Eanáir 2020, 12.00 meán lae (am na Bruiséile), an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.
Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin agus ní mór iad a sheoladh chuig:applications.management@consilium.europa.eu (4) tráth nach déanaí ná an dáta deiridh. Ní chuirfear aon iarratas mall san áireamh.
Ní mór an seoladh ríomhphoist thuasluaite a úsáid i gcás aon chomhfhreagras a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin (ní mór an teideal seo a leanas a bheith luaite sa bhosca ina luaitear ábhar an ríomhphoist: CONS/AD/150/19 LIFE 3).
Sula gcuirfear an t-iarratas isteach, ba cheart do na hiarrthóirí a sheiceáil go grinn an gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta go léir chun nach n-eiseofar as an nós imeachta roghnúcháin go huathoibríoch iad.
Ní mór na nithe seo a leanas a áireamh sna hiarratais chun go mbeidh siad bailí:
|
a) |
an fhoirm iarratais (Iarscríbhinn V) agus í comhlíonta mar is cuí agus dátaithe; is féidir teacht ar an bhfoirm iarratais leictreonach ar shuíomh gréasáin na Comhairle faoin nasc seo a leanas: http://www.consilium.europa.eu/en/general-secretariat/jobs/job-opportunities/ |
|
b) |
curriculum vitae (5) mionsonraithe, agus litir inspreagtha ag gabháil leis, i mBéarla nó i bhFraincis, de rogha i bhformáid an Europass (http://europass.cedefop.europa.eu), lena gcumhdófar gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina sonrófar, inter alia, cáilíochtaí an iarratasóra, cur amach an iarratasóra ar theangacha, taithí an iarratasóra, na cúraimí atá faoi láthair ar an iarratasóir; agus |
|
c) |
cóipeanna de dhioplómaí lena ndeimhnítear oideachas, agus cóipeanna na gcáilíochtaí agus na dteastas maidir leis an taithí ghairmiúil. Caithfidh doiciméid tacaíochta teacht ó thríú páirtí agus ní leor an CV a luaitear in (b) amháin a sheoladh. |
Is i dtéacs Word, i bhformáid pdf nó i bhformáid jpg a chaithfidh na doiciméid tacaíochta uile a ghabhann leis an iarratas a bheith agus caithfidh teideal (as Béarla nó as Fraincis) agus uimhir a bheith orthu i seicheamh (Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, etc.). Ní mór liosta de na hiarscríbhinní ar fad a chur i gceangal freisin. Ní fhéachfar ar aon iarratas a gheofar tríd an bpost, nó trí réitigh stóráil sonraí néalbhunaithe nó trí chórais chomhchomhad.
Na hiarrthóirí a chuirfear ar an ngearrliosta, iarrfar orthu bundoiciméid na gcóipeanna thuasluaite a thabhairt ar láimh.
Cuirfear ríomhphost chugat lena dheimhniú go bhfuarthas d’iarratas. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir deacrachtaí teicniúla a bhaineann le tarchur ríomhphost a chur as an áireamh go hiomlán choíche. Dá bhrí sin, mura bhfaigheann tú ríomhphost lena n-aithnítear go bhfuarthas d’iarratas, déan deimhin de go bhfuil sé faighte ag Ardrúnaíocht na Comhairle trí theagmháil a dhéanamh le applications.management@consilium.europa.eu Ós rud é go dtosóidh an bord comhairleach roghnúcháin ar a chuid oibre go luath i ndiaidh an dáta deiridh le haghaidh iarratais, moltar duit aon fhíorú riachtanach a dhéanamh sa tseachtain tar éis an dáta sin.
COMHIONANNAS DEISEANNA
Tá Ardrúnaíocht na Comhairle tiomanta do chomhionannas deiseanna dá fostaithe agus do gach duine a dhéanfaidh iarratas ar phost (féach IarscríbhinnII). Mar fhostóir, tá Ardrúnaíocht na Comhairle tiomanta comhionannas inscne a chinntiú agus an t-idirdhealú, ar aon fhoras, a chosc. Is díol sásaimh di iarratais ó iarrthóirí cáilithe ó chúlraí éagsúla, lena gcuimsítear gach saghas cumas, arb as an raon geografach is leithne is féidir dóibh as measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Féadfar cúnamh a chur ar fáil le linn an nós imeachta earcaíochta do dhaoine faoi mhíchumas. Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil, cuir ríomhphost chuig equal.opportunities@consilium.europa.eu
ATHSCRÚDÚ AR IARRATAIS
Leagtar amach na nósanna imeachta maidir le hiarratais le haghaidh athbhreithnithe, achomhairc agus tarchur chuig an Ombudsman Eorpach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.
COSAINT SONRAÍ
Leagtar amach na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.
(1) Ceanglaítear le hAirteagal 5(3)(c) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) nach mór do na hiarratasóirí an méid seo a leanas a bheith acu ar a laghad:
|
i) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is 4 bliana nó níos mó atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile; nó |
|
ii) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is 3 bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile. |
(2) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(3) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin, agus a leasaíodh go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 287,29.10.2013, lch. 15).
(4) Tá an seoladh ríomhphoist nasctha le bosca ríomhphoist feidhmiúil nach féidir leis ach teachtaireachtaí ag a bhfuil “Gnáthrogha” íogaireachta a phróiseáil; ní féidir ríomhphoist a sheoltar, ag a bhfuil roghanna eile íogaireachta (e.g. “Pearsanta”, “Príobháideach”, “Rúnda”), a phróiseáil. Dá bhrí sin, roghnaigh “Gnáthrogha” íogaireachta. Ní féidir le ríomhphost a bheith níos mó ná 25MB. Má sháraíonn do ríomhphost, mar aon leis na ceangaltáin, an t-uasmhéid sin, roinn do cheangaltáin ar roinnt ríomhphost le do thoil.
(5) Iarrtar ar na hiarrthóirí gan grianghraif a chur i gceangal lena CV.
IARSCRÍBHINN I
Próifíl ar Bhainisteoirí Cothrománacha Ardrúnaíocht na Comhairle
Mar bhainisteoir de chuid Ardrúnaíocht na Comhairle, beidh breisluach á chruthú agat agus tú ag feidhmiú mar chomhairleoir agus mar bhainisteoir agus beidh tú i gcónaí i d’ionadaí in Ardrúnaíocht na Comhairle.
Beifear ag súil leis an méid seo a leanas uait agus na róil sin á gcomhlíonadh agat:
Mar Ionadaí
|
— |
Gníomhú ar bhealach macánta, go seachtrach agus go hinmheánach. |
|
— |
Feidhmiú chun leasa na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle, agus chun leasa an Aontais ina iomláine. A chinntiú go ndéanfar aon neamhréireachtaí a shainaithint agus a bhainistiú. |
|
— |
Caidrimh a chruthú ina mbeidh muinín, iontaoibh agus oscailteacht, agus a bheith i do ghréasánaí gníomhach. |
|
— |
A bheith dírithe ar thorthaí agus údarásach, ach a bheith urramach agus dírithe ar sheirbhís ag an am céanna. |
Mar chomhairleoir
|
— |
Cuidiú le forbairt an Aontais. A bheith réamhghníomhach agus cruthaitheach. Dearcadh chun tosaigh agus forbairtí a bheartú don todhchaí. Gníomhú mar sholáthróir réiteach. |
|
— |
Comhairle a chur ar ár ngeallsealbhóirí chun go mbeidh siad in ann a n-aidhmeanna a bhaint amach agus aird á tabhairt ar leas ár ndá institiúid. A bheith oibiachtúil agus cothrom. |
|
— |
A bheith ar an eolas faoin idirghníomhaíocht idir cinnteoireacht agus díospóireacht phoiblí. A chinntiú go gcuirfear staid pholaitiúil ár ngeallsealbhóirí san áireamh sa chomhairle a chuirfidh tú ar fáil chomh maith le ceisteanna cumarsáide. |
|
— |
Cinnteoireacht dhlisteanach a éascú trí chomhar, trí chaidreamh maith oibre agus trí chomhréiteach i measc na mBallstát agus leis na hInstitiúidí, agus le geallsealbhóirí eile. |
|
— |
A bheith ar an eolas faoi fhorbairtí i do réimse freagrachta, thar an méid a bhaineann le hobair reatha na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle freisin. An mórléargas foriomlán a chur san áireamh. |
Mar bhainisteoir
|
— |
D’fhoireann a chumhachtú, cúraimí a dháileadh uirthi agus muinín a bheith agat aisti, tacú léi agus í a spreagadh, aiseolas agus treoir a thabhairt, d’fhoireann a spreagadh chun gníomhú as a stuaim féin agus chun smaoineamh as an nua; an t-ordlathas agus smacht a laghdú chuig an méid is ísle is gá, agus an cháilíocht á coimeád ag an am céanna. |
|
— |
Cuspóirí agus an méid a bhfuiltear ag súil leis a chur in iúl go soiléir agus sreabhadh na faisnéise a chinntiú, chuig d’fhoireann, ó d’fhoireann agus i measc na mball foirne, agus le hArd-Stiúrthóireachtaí, Stiúrthóireachtaí agus aonaid eile. |
|
— |
Gníomhú ar mhaithe le hArdrúnaíocht na Comhairle ina hiomláine, ní hamháin ar mhaithe le d’Ard-Stiúrthóireacht féin nó do Stiúrthóireacht féin nó d’Aonad féin, agus a chinntiú gur féidir linn freastal ar ár ngeallsealbhóirí. Fáil réidh leis na bacainní idir dreamanna éagsúla. |
|
— |
Uchtach a bheith agat aghaidh a thabhairt go pras ar choinbhleacht, ar thearcfheidhmíocht agus ar dheacrachtaí eile; folláine agus forbairt d’fhoirne a chinntiú, agus an dualgas cúraim atá ort i leith d’fhoireann a chomhlíonadh. |
|
— |
Agus an t-athrú á stiúradh agus á éascú agat, ról a thabhairt do d’fhoireann lena chinntiú go mbeidh Ardrúnaíocht na Comhairle ar an eolas faoi fhorbairtí agus go mbeidh sí níos dinimiciúla, níos solúbtha agus níos comhoibríoch. Beart a dhéanamh de réir do bhriathair. |
|
— |
A bheith freagrach as an leas is fearr a bhaint as acmhainní daonna agus airgeadais Ardrúnaíocht na Comhairle. |
IARSCRÍBHINN II
Comhionannas Deiseanna ag Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC)
Tá Ardrúnaíocht na Comhairle tiomanta do chomhionannas deiseanna dá fostaithe agus do gach duine a dhéanfaidh iarratas ar phost. Mar fhostóir, tá Ardrúnaíocht na Comhairle tiomanta comhionannas idir fir agus mná a chinntiú agus an t-idirdhealú, ar aon fhoras, a chosc. Is díol sásaimh di iarratais ó iarrthóirí cáilithe ó chúlraí éagsúla, lena gcuimsítear gach saghas cumas, arb as an raon geografach is leithne is féidir dóibh as measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna an Bheartais Comhdheiseanna de chuid Ardrúnaíocht na Comhairle:
|
— |
ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach. Is mór ag Ardrúnaíocht na Comhairle iarratais ó mhná, go háirithe le haghaidh poist bhainistithe, ó tharla tearcionadaíocht á déanamh orthu faoi láthair; |
|
— |
inrochtaineacht ar an timpeallacht oibre a fheabhsú agus an chuimsitheacht a chinntiú. Féadfar socruithe réasúnta cóiríochta d’fhoireann faoi mhíchumas a chur ar fáil, ach amháin más rud é go gcuirfí ualach míchuí ar acmhainní na hinstitiúide. Féadfar cúnamh a chur ar fáil le linn an nós imeachta earcaíochta do dhaoine faoi mhíchumas; |
|
— |
a chinntiú go n-urramóidh na beartais acmhainní daonna agus bainistithe pearsanra atá ann prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe; |
|
— |
an fhoireann a chosaint ar chiapadh san áit oibre; |
|
— |
réiteach a dhéanamh idir an saol gairmiúil agus an saol príobháideach. Cuireann Ardrúnaíocht na Comhairle pacáiste cuimsitheach bearta oibre solúbtha ar fáil, lena n-áirítear teilea-obair, am oibre aonair agus an deis a bheith ag máithreacha agus aithreacha saoire do thuismitheoirí a thógáil i gcomhréir leis an Rialachán Foirne. Tá crèche ag Ardrúnaíocht na Comhairle do leanaí idir 0-4 bliana d’aois. Cuirtear cúram tar éis na scoile agus áiseanna saoire arna n-eagrú ag an gCoimisiún Eorpach ar fáil do leanaí fhoireann Ardrúnaíocht na Comhairle. |
Más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil, cuir ríomhphost chuig equal.opportunities@consilium.europa.eu
IARSCRÍBHINN III
Gearán inmheánach — Achomharc breithiúnach — Gearán leis an ombudsman eorpach
Más rud é, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, go bhfuil tú míshásta leis an gcaoi a láimhsítear d’iarratas, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh.
Gearán inmheánach
I gcás ina bhfaighidh tú cinneadh lena bhfuil tú míshásta, féadfaidh tú, laistigh de 3 mhí tar éis an cinneadh a fháil, gearán a thaisceadh faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, leis an seoladh seo a leanas:
|
Council of the European Union |
|
Legal Advisers to the Administration Unit, ORG 1.F |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 BRUXELLES/BRUSSEL |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: legal.advisersHR@consilium.europa.eu |
Tabharfaidh an tÚdarás Ceapacháin freagra i scríbhinn ar na gearáin sin laistigh de 4 mhí ón ngearán a fháil. Más rud é go dtagann do ghearán luath go leor, áfach, d’fhéadfadh go ndéanfadh an coiste comhairleach roghnúcháin athbhreithniú ar an gcinneadh is cuspóir do do ghearán agus freagra a thabhairt ort ar an mbonn sin.
Achomharc Breithiúnach
Má bhíonn tú míshásta leis an bhfreagra a gheobhaidh tú ón Údarás Ceapacháin faoin nós imeachta maidir le gearáin inmheánacha, féadfaidh tú achomharc breithiúnach a chur isteach faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:
|
General Court of the European Union |
|
Rue du Fort Niedergrünewald |
|
L-2925 Luxembourg |
|
LUCSAMBURG |
Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach
Tar éis gach féidearthacht maidir le sásamh a fháil ag Ardrúnaíocht na Comhairle, go háirithe an nós imeachta inmheánach maidir le gearáin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, féadfaidh tú, ar nós aon saoránach eile de chuid an Aontais, gearán a dhéanamh leis an seoladh seo a leanas:
|
An Ombudsman Eorpach |
|
1, avenue du Président Robert Schuman – BP 403 |
|
67001 Strasbourg Cedex |
|
AN FHRAINC |
faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i gCinneadh 94/262/ECSC, EC, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa (1).
Tabhair faoi deara, maidir le gearáin a thaiscfear leis an Ombudsman Eorpach, nach mbeidh éifeacht fionraíochta ar bith acu maidir leis an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne i ndáil le gearáin nó le hachomhairc a thaisceadh le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) Cinneadh 94/262/ECSC, EC, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (IO L 113, 4,5,1994, lch.15).
IARSCRÍBHINN IV
Cosaint sonraí
Ós í Ardrúnaíocht na Comhairle an institiúid a bhfuil freagracht uirthi as an nós imeachta roghnúcháin a eagrú, áirithíonn sí go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarratasóirí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é an bunús dlí don nós imeachta roghnúcháin Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus an Cinneadh ón gComhairle 2013/488/AE. Is faoi fhreagracht Aonad Foirne agus Soghluaisteachta na Stiúrthóireachta Acmhainní Daonna (ORG 1), a dhéantar an nós imeachta roghnúcháin a reáchtáil, agus is é ceann an aonaid sin an rialaitheoir. Beidh rochtain ag comhaltaí na hOifige um Roghnú Oifigeach agus ag a n-oifigigh uachtaracha, ag comhaltaí an Choiste Chomhairligh Roghnúcháin agus, más gá, ag comhaltaí Aonad na gComhairleoirí Dlí, ar an bhfaisnéis a chuireann iarratasóirí ar fáil. An fhaisnéis riaracháin lena sainaithnítear iarrthóir agus/nó atá riachtanach d’eagrú praiticiúil an nós imeachta féin, féadfar í a sheachadadh chuig ionad measúnaithe.
Is é an cuspóir atá leis an oibríocht phróiseála sonraí a bhailiú lena sainaithneofar gach iarratasóir ar phost le hArdrúnaíocht na Comhairle agus chun duine a roghnú as measc na n-iarratasóirí sin.
Seo a leanas na sonraí atá i gceist:
|
— |
sonraí pearsanta lena bhféadfar na hiarratasóirí a shainaithint (sloinne, céadainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht); |
|
— |
faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun eagrúchán praiticiúil an nós imeachta a éascú (seoladh poist, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin); |
|
— |
faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun go mbeifear in ann a mheas an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála a leagtar síos i bhfógra an fholúntais (náisiúntacht; teangacha; cáilíochtaí na n-iarratasóirí agus an bhliain ar bronnadh iad, an cineál dioplóma/céime, ainm na hinstitiúide bronnta, taithí ghairmiúil); |
|
— |
más infheidhme, faisnéis ar chineál agus ar fhad imréiteach slándála na n-iarratasóirí; |
|
— |
torthaí na scrúduithe a rinne na hiarratasóirí, lena n-áirítear na meastóireachtaí a rinne comhairleoirí an ionaid measúnaithe a chur le chéile thar ceann an Choiste Roghnúcháin. |
Cuirfear tús leis an bpróiseáil ar an dáta a fhaightear an t-iarratas. Cuirtear na hiarratais i gcomhad agus stóráiltear iad sa chartlann ar feadh 2 bhliain.
Féadfaidh gach iarratasóir a gceart rochtana ar na sonraí pearsanta a fheidhmiú chomh maith leis an gceart na sonraí sin a cheartú. Ba cheart achainíocha réasúnaithe a sheoladh tríd an ríomhphost chuig an Oifig um Roghnú Oifigeach ag selection.officials@consilium.europa.eu.
Féadfaidh iarratasóirí dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith (edps@edps.europa.eu).
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch.39).
IARSCRÍBHINN V
LISTE DES ANNEXES
ANNEXE 1:
ANNEXE 2:
ANNEXE 3:
ANNEXE 4:
ANNEXE 5:
ANNEXE 6:
ANNEXE 7:
ANNEXE 8:
TABLE OF ANNEXES
ANNEX 1:
ANNEX 2:
ANNEX 3:
ANNEX 4:
ANNEX 5:
ANNEX 6:
ANNEX 7:
ANNEX 8: