ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

62
11 Iúil 2019


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Parlaimint na hEorpa
An Chomhairle

2019/C 234/01

Ráitis maidir le Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-áirítear Cinneadh 2000/642/ CGB ón gComhairle

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 234 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Parlaimint na hEorpa An Chomhairle

11.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Ráitis maidir le Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-áirítear Cinneadh 2000/642/ CGB ón gComhairle (1)

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa faoi Airteagal 9

Is oth le Parlaimint na hEorpa nach bhfuil sa Treoir, murab ionann is a bhí sa thogra bunaidh, rialacha maidir le spriocanna beachta agus bealaí TF chun faisnéis a mhalartú idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais na mBallstát éagsúil. Is oth le Parlaimint na hEorpa freisin go ndearnadh raon feidhme chur i bhfeidhm an Airteagail sin a theorannú do chásanna sceimhlitheoireachta agus coireachta eagraithe a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, agus nach gcumhdaítear ann, mar a moladh ar dtús, gach cineál coire coiriúil tromchúisí, ar féidir leis tionchar díobhálach a imirt ar ár sochaithe. Áitíonn Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún athscrúdú a dhéanamh ar an tsaincheist sin mar chuid dá chuid tuarascálacha ar chur chun feidhme na Treorach seo agus na Treorach maidir le Frith-sciúradh Airgid, agus ar an meastóireacht orthu, agus go háirithe mar chuid dá mheasúnú faoi Airteagal 21. Leanfaidh Parlaimint na hEorpa na tuarascálacha agus na measúnuithe sin go géar agus déanfaidh sé anailís ghéar orthu agus beidh a cuid moltaí féin aici, más gá.

Ráiteas ón gCoimisiúin

I ndáil le Airteagal 9 den Treoir, is cúis aiféala don Choimisiún nach bhfuil rialacha sa Treoir faoi spriocdhátaí agus bealaí TF le faisnéis a mhalartú idir na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais atá ag na Ballstáit éagsúla, rud a théann in éadan an togra bunaidh. Is cúis aiféala don Choimisiún fós gur cuireadh teorainn le raon feidhme an Airteagail sin ionas nach dtagann faoina scáth feasta ach cásanna sceimhlitheoireachta, agus coiriúlachta eagraithe atá luaite leis an sceimhlitheoireacht, agus gan cumhdach ann ar chionta coiriúla tromchúiseacha faoi mar a bhí beartaithe i dtús ama. Déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh go fóill ar an gcomhar idir Aonad um Fhaisnéis Airgeadais, go mór mór mar chuid dá chuid tuarascálacha ar chur chun feidhme na Treorach sin agus na Treorach um Sciúradh Drochairgid.


(1)  IO L 186, 11.7.2019, Igh. 122.