ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
62 |
Clár |
Leathanach |
|
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh |
|
2019/C 151 A/01 |
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 151 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
3.5.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA FOLÚNTAIS
VEXT/19/17/AD 13/BOA_Cathaoirleach
(2019/C 151 A/01)
Tá Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), “an Oifig”, ar lorg iarrthóirí chun an post mar Chathaoirleach ar Bhord Achomhairc a líonadh.
Teideal an phoist |
CATHAOIRLEACH AR BHORD ACHOMHAIRC |
Feidhmghrúpa/grád |
AD 13 |
Cineál conartha |
Gníomhaire Sealadach |
Tagairt |
VEXT/19/17/AD13/BOA_Chairperson |
Spriocdháta le hiarratais a chur isteach |
14 Meitheamh 2019 (meán oíche — am Alicante) |
Áit fostaíochta |
Alicante, AN SPÁINN |
An dáta a mheastar go rachfar i mbun dualgas air |
Ón 1 Eanáir 2020 |
1. CÚLRA
Cúlra stairiúil agus dlíthiúil
Bunaíodh an Oifig le Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 40/94 (1) (anois Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (2) (“EUTMR”) mar ghníomhaireacht díláraithe den Aontas Eorpach (“AE”) chun cosaint cheart um maoin intleachtúil (IP) a thairiscint do ghnólachtaí agus do nuálaithe ar fud an AE agus níos faide i gcéin. Le Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 6/2002 (3) cruthaíodh an dearadh Comhphobail cláraithe atá faoi bhainistiú na hOifige freisin, agus níos moille, le Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), fágadh faoi chúram na hOifige an Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla.
Ó bunaíodh í in 1994, tá an Oifig bunaithe in Alicante, an Spáinn, áit a riarann sí clárú thrádmharc an AE agus dhearadh Comhphobail cláraithe, atá infheidhme ar fud an Aontais Eorpaigh. Leathnaíonn an obair ar leibhéal an AE chuig cóineasú uirlisí agus cleachtas i gcomhar leis na comhpháirtithe in oifigí náisiúnta agus réigiúnacha IP ar fud an AE-28, le húsáideoirí agus le comhpháirtithe institiúideacha eile. Le chéile, is ionann na hoifigí seo agus Gréasán an Aontais Eorpaigh um Maoin Intleachtúil (EUIPN), ag comhoibriú d’fhonn eispéireas comhsheasmhach cláraithe a thairiscint d’úsáideoirí, cibé acu ar an leibhéal náisiúnta nó AE.
Is iad Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis teangacha na hOifige.
Rialachas, bainistíocht agus struchtúr an EUIPO
Is éard atá i struchtúr rialachais an EUIPO ná an Bord Bainistíochta agus an Coiste Buiséid, an dá cheann comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát, beirt ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa. Tá neamhspleáchas dlíthiúil, riaracháin agus airgeadais ag an EUIPO.
Déanann an Chomhairle cinneadh maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin (na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin), agus Uachtarán agus Cathaoirligh na mBord Achomhairc a cheapadh. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na hOifige agus atá freagrach as a bainistíocht, agus é/í freagrach don Bhord Bainistíochta agus don Choiste Buiséid. Tugann Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin ar a laghad cúnamh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Is é thart ar EUR 402.9 milliún buiséad na hOifige don bhliain 2019 agus is é 890 líon na bpost sa phlean bunaíochta.
Eagraítear an EUIPO i roinnt ranna feidhmeacha, gach ceann acu a thuairiscíonn don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
Cé go bhfuil siad comhtháthaithe isteach i gcórais riaracháin agus bhainistíochta na hOifige, is faoi EUTMR a bunaíodh na Boird Achomhairc mar aonad ar leith laistigh den Oifig chun athbhreithniú neamhspleách ar chinntí na hOifige a sholáthar, agus achomhairc bhreise chuig na Cúirteanna AE i Lucsamburg a bheith ina bhféidearthachtaí.
San am i láthair, tá na Boird Achomhairc comhdhéanta d’Uachtarán amháin, triúr Cathaoirleach agus cúig Chomhalta dhéag. Faigheann siad tacaíocht ó bhaill foirne dlí agus riaracháin. Oibríonn tuairim is 100 duine ar na Boird Achomhairc, lena n-áirítear an Chlárlann agus na Seirbhísí Eolais, Faisnéise agus Tacaíochta.
Sa bhliain 2018, comhdaíodh 2 589 achomharc agus eisíodh 2 602 chinneadh. Tá Uachtarán na mBord Achomhairc ina chathaoirleach ar Phraesaidiam na mBord Achomhairc, atá freagrach as na rialacha a leagan síos agus obair na mBord a eagrú, a chinntí a chur i bhfeidhm agus na cásanna a dháileadh chuig Bord. Tá Cathaoirleach ina chathaoirleach ar gach Bord Achomhairc. Tá Uachtarán na mBord Achomhairc ina chathaoirleach ar an Ard-Bhord freisin.
Féach an láithreán gréasáin seo a leanas le do thoil chun tuilleadh faisnéise a fháil: https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/home
2. DUALGAIS
Táthar ag súil go gcuirfidh cathaoirleach ar Bhord Achomhairc an EUIPO na nithe seo a leanas i gcrích:
— |
Cinneadh a dhéanamh ar líon mór cásanna ar bhealach comhghleacúil agus laistigh de theorainneacha réasúnta, agus na cuspóirí a shainíonn Praesaidiam na mBord Achomhairc go bliantúil á leanúint aige/aici; |
— |
Déileáil le thart ar 650 dréachtchinneadh in aghaidh na bliana agus treoir a thabhairt don Bhord ionas go gcabhróidh sé le cásdlí comhsheasmhach a fhorbairt agus go n-oibreoidh sé go héifeachtúil ar chásanna a thagann os comhair na mBord a dhiúscairt; |
— |
Páirt a ghlacadh i mbreithniú an Ard-Bhoird agus Phraesaidiam na mBord Achomhairc atá freagrach as rialacha a leagan síos agus as obair na mBord a eagrú; |
— |
Cinneadh a dhéanamh na cásanna sonracha a leithdháiltear don Bhord a thabhairt dá chomhaltaí. |
— |
Comhdhéanamh an Bhoird a chinneadh do gach achomharc agus comhalta dá B(h)ord, nó é/í féin, a ainmniú mar rapóirtéir; |
— |
Obair laethúil an Bhoird a bhainistiú i gcomhar le hUachtarán na mBord Achomhairc agus faoina m(h)aoirseacht; |
Faigheann cathaoirleach tacaíocht ó chúntóirí dlí agus ó bhaill foirne riaracháin chun a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh.
Beidh Uachtarán na mBord Achomhairc agus cathaoirligh agus comhaltaí na mBord Achomhairc neamhspleách. Ní bheidh orthu cloí le haon treoracha agus cinntí á ndéanamh acu.
3. CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA
Chun go nglacfar iad isteach sa nós imeachta roghnúcháin seo, ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh faoin spriocdháta le hiarratais a chur isteach:
Coinníollacha ginearálta (5)
— |
A bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus cearta iomlána a bheith aige nó aici mar shaoránach; |
— |
Aon oibleagáidí faoi na dlíthe a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu; |
— |
Na riachtanais charachtair a shásamh (6) maidir lena oiriúnaí atá siad do na dualgais lena mbaineann a chomhlíonadh; |
— |
Bheith corpacmhainneach chun na dualgais a chomhlíonadh; |
— |
Ní mór dó/dí bheith in ann sainordú iomlán 5 bliana a chomhlíonadh ón dáta a bhfuiltear ag súil le dualgais a ghlacadh, sula mbainfidh sé/sí aois scoir amach, i.e. deireadh na míosa sin ina mbainfidh an t-iarrthóir 66 bliain d’aois amach (7). Is é an 1 Eanáir 2020 an dáta a bhfuiltear ag súil le dualgais a ghlacadh. |
Oideachas
— |
Leibhéal oideachais a chomhfhreagraíonn do staidéar críochnaithe ollscoile arna fhianú ag dioplóma a bheith aige/aici sa chás go maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 4 bliana nó níos mó; |
NÓ
— |
Leibhéal oideachais a chomhfhreagraíonn do staidéar críochnaithe ollscoile arna fhianú ag dioplóma a bheith acu agus taithí ghairmiúil chuí aon bhliana ar a laghad a bheith acu sa chás go maireann an ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile 3 bliana ar a laghad. |
Taithí ghairmiúil (8)
Faoin spriocdháta le hiarratais a chur isteach íosmhéid de 15 bliana de thaithí ghairmiúil a bheith acu (16 bliana sa chás de chéim ollscoile 3 bliana a bheith acu), a fuarthas tar éis dáta na céime ábhartha.
Ar an taithí ghairmiúil 15 bliana seo, ní mór 10 mbliana ar a laghad a bheith bainte amach i réimse na maoine intleachtúla, agus ní mór 4 bliana ar a laghad acu sin a bheith bainte amach sa réimse trádmharcanna agus/nó dearaí.
Scileanna teanga
— |
Eolas críochnúil a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (leibhéal C1 ar a laghad) — Teanga 1 |
— |
Eolas sásúil a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla na hOifige (leibhéal B2 ar a laghad), a mhéid is gá chun na dualgais lena mbaineann a chomhlíonadh —Teanga 2 (9) |
Is iad Béarla (EN), Fraincis (FR), Gearmáinis (DE), Iodáilis (IT) agus Spáinnis (ES) cúig theanga na hOifige. Is don Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha a chomhfhreagraíonn na leibhéil.
4. CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN/BUNTÁISTÍ
D’fhonn na hiarrthóirí is mó cáilíocht a roghnú le haghaidh agallaimh, bainfear úsáid as na critéir seo a leanas:
a) |
Taithí bhainistíochta, agus go háirithe:
|
b) |
Eolas teicniúil agus taithí theicniúil, agus go háirithe:
|
c) |
Teangacha:
|
d) |
Taithí agus eolas eile, go háirithe:
|
e) |
Oideachas:
I dteannta na gcritéar thuas, déanfar iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh chuig agallamh a mheasúnú i gcoinne na riachtanas seo a leanas: |
f) |
Inniúlachtaí, go háirithe:
|
5. NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN
Ginearálta
Déanfar an nós imeachta roghnúcháin faoi réir rialú Bhord Bainistíochta na hOifige.
Réamhobair
Déanfaidh Fochoiste Ullmhúcháin arna cheapadh ag an mBord Bainistíochta réamh-mheasúnú ar iarratais agus cuirfidh sé na hiarrthóirí is mó cáilíocht faoi agallamh.
I gcás iarrthóirí inghlactha a bhfuil na hiarratais uathu ina measc siúd is fearr atá cáilithe i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin atá sonraithe faoi phointe 4, féadfar dul i dteagmháil leo d’fhonn a gcuid scileanna teanga a fhíorú, mar aon le fianaise a fháil ar an taithí ghairmiúil atá acu agus/nó ar scileanna, eolas agus inniúlachtaí eile. Ní bheidh na hiarrthóirí a ndearnadh teagmháil leo le linn na céime réamh-roghnúcháin i dteideal cuiridh chuig agallamh trí riachtanas; féadfar teagmháil den sórt sin a úsáid mar cheann de na céimeanna ina roghnaítear na hiarrthóirí is oiriúnaí le cur faoi agallamh.
Cuirfidh an Fochoiste Ullmhúcháin in iúl d’iarrthóirí stádas an nós imeachta de réir sonraíochtaí an tsainordaithe a thug an Bord Bainistíochta.
Agallamh
Is in Alicante a bheidh na hagallaimh ar siúl. Tabharfar eolas in am trátha d’iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh chun agallaimh faoin dáta agus faoin am beacht. Déanfar an t-agallamh i gceann amháin de theangacha de chuid na hOifige (EN, FR, DE, IT, ES) seachas máthairtheanga an iarrthóra mar atá léirithe ar an bhfoirm iarratais.
Tástálfar san agallamh eolas agus taithí an iarrthóra ar ábhair a bhaineann leis na dualgais atá le comhlíonadh (eolas teicniúil, inniúlachtaí iompraíochta agus na gnéithe liostaithe faoi chritéir roghnúcháin), gníomhaíochtaí na hOifige, eolas ar thimpeallacht an Aontais Eorpaigh, an oiriúnacht chun na cúraimí atá le comhlíonadh a dhéanamh agus an oiriúnacht chun oibriú i dtimpeallacht idirnáisiúnta.
D’fhéadfadh go mbeadh ar iarrthóirí dul i mbun agallamh nó tástálacha breise, sa bhreis orthu siúd a luadh thuas.
Liosta iarrthóirí agus ceapachán
Dréachtóidh an Fochoiste Ullmhúcháin tuarascáil ar an obair ullmhúcháin don Bhord Bainistíochta, a dhéanfaidh cinneadh ar na hiarrthóirí a chuirfear ar an liosta atá le moladh don Chomhairle, de bhun Airteagal 166 EUTMR. Sula gceapfar iad, féadfar iarrthóirí a roghnaíonn an Bord Bainistíochta iarraidh chun ráiteas a dhéanamh os comhair aon choiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa agus chun ceisteanna a chuireann a chomhaltaí a fhreagairt.
6. COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA
Ceapfaidh an Chomhairle an t-iarrthóir rathúil ó liosta iarrthóirí arna mholadh ag Bord Bainistíochta na hOifige go ceann téarma 5 bliana. Maidir leis seo, tabhair do d’aire le do thoil gur gá don iarrthóir a bheith in ann an chéad shainordú iomlán 5 bliana a chomhlíonadh sula mbainfidh sé/sí aois scoir amach, i.e. deireadh na míosa sin ina mbainfidh sé/sí 66 bliain d’aois amach (10), ón dáta a moladh agus a comhaontaíodh chun dualgais a ghlacadh.
Tairgfear don iarrthóir/do na hiarrthóirí a ceapadh conradh mar bhall den fhoireann shealadach de bhun Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (“CEOS”) i gcatagóir AD, grád 13.
Is é EUR 12 856,84 an buntuarastal míosúil reatha a chomhfhreagraíonn don chéad chéim den ghrád sin. Tá eilimintí tuarastail breise ann a léiríonn stádas pósta agus leanaí cleithiúnacha. Ina theannta sin, soláthraítear liúntais éagsúla le haghaidh aistrithe agus taistil, chomh maith le hárachas timpiste agus sláinte agus scéim pinsin. Tá pá faoi réir cháin AE agus asbhaintí eile atá leagtha síos sa CEOS. Tá sé díolmhaithe, áfach, ó aon cháin náisiúnta. Is féidir le leanaí cleithiúnacha freastal ar an Scoil Eorpach in Alicante saor in aisce.
De bhun Airteagal 166 EUTMR, faoi dheireadh an chéad tréimhse 5 bliana, déanfaidh an Bord Bainistíochta measúnú, rud a chuireann san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht Chathaoirleach an Bhoird Achomhairc, agus tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na mBord Achomhairc. Féadfaidh an Chomhairle, agus an measúnú seo á chur san áireamh, más rud dearfach é, fad a chur le téarma oifige Chathaoirleach an Bhoird Achomhairc uair amháin go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana, nó go mbainfí aois scoir amach dá mbainfí an aois sin amach le linn an téarma oifige nua. Ar chéad shíneadh an tsainordaithe, féadfaidh Bord Bainistíochta na hOifige an Cathaoirleach a athaicmiú, i bhfeidhmghrúpa AD, grád 14.
Cuirfear deireadh le fostaíocht ceachtar acu ag deireadh an téarma nó ar iarratas ón iarrthóir a ceapadh, agus fógra trí mhí á thabhairt aige/aici.
Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna
De bhun Airteagal 166 EUTMR, beidh Cathaoirligh ar Bhoird Achomhairc neamhspleách. Ní bheidh aon treoracha ina gceangal orthu agus cinntí á ndéanamh acu. Ní mór do Chathaoirligh a gcuid ama ar fad a chaitheamh ar fheidhmíocht a gcuid dualgas agus ní threorófar iad ag leas pearsanta nó náisiúnta nó ag tionchar seachtrach d’aon chineál. Ní chuirfear as oifig iad seachas sa chás go bhfuil cúiseanna tromchúiseacha ann lena gcur as oifig agus go ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh chuige sin de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 166 (1) EUTMR.
Ceanglófar ar an gCathaoirleach a ceapadh, mar sin, dearbhú a thabhairt ar an tiomantas atá aige/aici maidir le gníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leasanna atá aige/aici a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Ní mór d’iarrthóirí a dheimhniú ina n-iarratas go bhfuil siad toilteanach déanamh amhlaidh.
Mar gheall ar nádúr áirithe na bhfeidhmeanna, ní mór d’iarrthóirí dá gcuirfear cuireadh chuig agallaimh dearbhú a shíniú a bhaineann leis na leasanna atá acu faoi láthair nó sa todhchaí a d’fhéadfadh a bheith dochrach dá neamhspleáchas.
7. CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
Ní mór d’iarrthóirí an fhoirm iarratais a dhéanamh atá ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige: NASC
Cuirfear iarratais isteach, trí ríomhphost más féidir, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: MBBCSecretariat@euipo.europa.eu
Ba cheart iarratais a sheolfar le cúiréir a sheoladh chuig:
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta |
EUIPO — Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh |
Avenida de Europa, 4 |
E - 03008 Alicante |
AN SPÁINN |
Ní mór iarratais a bheith faighte roimh mheán oíche ar an 14 Meitheamh 2019.
Tabhair do d’aire go háirithe le do thoil nach mór gach cuid den fhoirm a bheith comhlánaithe. Ní chuirfear san áireamh aon fhoirm iarratais neamhiomlán (mar shampla, foirm iarratais ina dtugtar ráitis amhail “féach an CV nó an litir inspreagtha faoi iamh”).
Beidh sé ina cheangal freisin ar iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh chun agallaimh (féach ar phointe 5 “Nós Imeachta Roghnúcháin”) na doiciméid ábhartha lena dtacaítear leis na bunriachtanais a leagtar síos agus na cáilíochtaí agus an taithí eile a mhaítear ina n-iarratas a chur ar fáil roimh an agallamh:
— |
Cóip de dhoiciméad aitheantais (amhail pas nó cárta aitheantais); |
— |
Cóipeanna de dhioplómaí; |
— |
Cóipeanna de theastais a bhaineann leis an taithí ghairmiúil a luaitear i bpointe 3. |
Ní chuirfear doiciméid eile, agus curricula vitae go háirithe, san áireamh. Is gá a thabhairt faoi deara go dtabharfar neamhaird ar aon cháilíochtaí nó taithí ghairmiúil nach féidir a chruthú le fianaise dhoiciméadach, amhail cóipeanna de dhioplómaí nó de theastais fostaíochta, agus go bhféadfadh go ndiúltófaí don iarratas dá bharr.
8. COMHDHEISEANNA
Cuireann an Oifig beartas comhdheiseanna i bhfeidhm agus glacann sí le hiarratais gan aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.
9. SONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT
Ós rud é go bhfuil sí ar an gcomhlacht atá freagrach as an roghnú a eagrú, áirithíonn an Oifig go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarratasóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (11). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus slándáil sonraí den sórt sin.
10. ACHOMHARC
Má mheasann iarrthóir gur imir cinneadh ar leith drochthionchar air/uirthi, féadfaidh sé/sí gearán a dhéanamh de réir Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) ag an seoladh seo a leanas:
EUIPO — Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh |
An Rannóg Acmhainní Daonna |
Avenida de Europa, 4 |
E- 03008 Alicante |
AN SPÁINN |
Féadfaidh sé/sí achomharc breithiúnach a chur isteach freisin faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne chuig:
An Chúirt Ghinearálta |
Rue du Fort Niedergrünewald |
L – 2925 Lucsamburg |
LUCSAMBURG |
Chun sonraí a fháil ar chonas achomharc a dhéanamh, féach le do thoil ar láithreán gréasáin na Cúirte Ginearálta: https://curia.europa.eu/jcms/jcms/Jo2_7033/en/
11. TUILLEADH FAISNÉISE
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó:
Ms. Susana PÉREZ FERRERAS |
Stiúrthóir na Rannóige Acmhainní Daonna |
EUIPO — Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh |
Oifig AA1-P5-A180 |
Avenida de Europa 4 |
E-03008 Alicante |
AN SPÁINN |
ríomhphost: Susana.PEREZ@euipo.europa.eu
Cuirtear i gcuimhne d’iarrthóirí gur faoi rún atá an obair a dhéanann na coistí roghnóireachta. Tá cosc ar iarratasóirí dul i dteagmháil, bíodh sí díreach nó indíreach, le comhaltaí na gcoistí sin, agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann.
NÓTAÍ:
— |
Ní mór aon tagairt san fhógra seo do dhuine den inscne fhireann a mheas freisin mar thagairt do dhuine den inscne bhaineann freisin. |
— |
Más ann do neamhréireachtaí idir na leaganacha teanga éagsúla, ba cheart glacadh leis gurb é an leagan Béarla an leagan ceart. |
(1) IO L 11, 14.1.1994. Ich.1.
(2) IO L 154, 16.6.2017, Ich.1.
(4) IO L 129, 16.5.2012, Ich.1.
(5) Féach ar Airteagal 12 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (CEOS).
(6) Ní cheadaítear iarrthóirí a ciontaíodh nó a fuarthas ciontach i gcion coiriúil.
(7) I gcomhréir le hAirteagal 47(a) CEOS.
(8) Áirítear taithí ghairmiúil a gnóthaíodh ón dáta ar ar baineadh amach an dioplóma ábhartha a thugann rochtain ar an bhfeidhmghrúpa.
(9) Ní mór teanga 1 agus teanga 2 a bheith difriúil.
(10) I gcomhréir le hAirteagal 47(a) CEOS.