ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

60
28 Meán Fómhair 2017


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

 

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AST/142/17 — profléitheoirí/eagarthóirí teanga (AST 3) sna teangacha seo a leanas: Danmhairgis (DA), Cróitis (HR), Máltais (MT), Ollainnis (NL), Slóivéinis (SL) agus Sualainnis (SV)

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 321 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

28.9.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST/142/17

PROFLÉITHEOIRÍ/EAGARTHÓIRÍ TEANGA (AST 3) sna teangacha seo a leanas:

Danmhairgis (DA), Cróitis (HR), Máltais (MT), Ollainnis (NL), Slóivéinis (SL) agus Sualainnis (SV)

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 7 Samhain 2017 ag 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa i Lucsamburg baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “ phrofléitheoirí/eagarthóirí teanga” (grúpa feidhme AST).

Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.

Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte le fáil in IARSCRÍBHINN III.

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i gcás gach teanga: 7

Cuimsíonn an fógra comórtais seo roinnt teangacha. Ní féidir cur isteach ach ar aon cheann amháin acu. Ní mór duit an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú na nithe sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.

DUALGAIS AN PHOIST

Is éard a dhéanann cúntóirí (grúpa feidhme AST) gníomhaíochtaí riaracháin, teicniúla nó oiliúna a bhfuil leibhéal éigin neamhspleáchais ag teastáil chucu, go háirithe a fhad a bhaineann le rialacha agus rialacháin agus treoracha ginearálta a chur i bhfeidhm.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

1)    Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

2)    Coinníollacha sonracha — teangacha:

Ní mór eolas a bheith acu ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh , leibhéal C2 (máistreacht ar an teanga) i gceann acu agus leibhéal B2 (eolas sásúil) ar a laghad sa cheann eile.

Tabhair do d’aire nach mór na híosléibhéil a luaitear thuas a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr

San fhógra comórtais seo is mar seo a thagraítear do na teangacha:

Teanga 1: an teanga atá le húsáid sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire agus sa triail inniúlachta réimseshonracha san ionad measúnaithe

Teanga 2: an teanga atá le húsáid san fhoirm iarratais, sna trialacha inniúlachta ginearálta agus réimseshonracha san ionad measúnaithe agus sa chumarsáid idir EPSO agus na hiarrthóirí a chuir isteach iarratas bailí. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin.

Ní mór ceann de na teangacha seo (teangacha an chomórtais) a roghnú mar theanga 1: Cróitis, Danmhairgis, Máltais, Ollainnis, Slóivéinis nó Sualainnis

Ní mór an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2.

Cuireadh dualgais shonracha agus riachtanais shonracha Pharlaimint na hEorpa san áireamh agus na riachtanais i leith eolas ar na teangacha atá iarrtha á socrú don chomórtas seo. Go deimhin, is sa Bhéarla agus sa Fhraincis amháin, beagnach, a bhíonn bunleaganacha na ndoiciméad a láimhseálann na seirbhísí atá i gceist, agus beidh ar na hiarrthóirí a earcófar de bhun an chomórtais seo féachaint ar na doiciméid sin agus iad ag déanamh profléamh/eagarthóireachta ar a gcuid doiciméad teanga féin.

3)    Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre:

Leibhéal oideachais iar-mheánscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist. Ní mór an dioplóma agus an taithí oibre a bheith bainte amach i dteanga an chomórtais. (Murar baineadh an dioplóma iar-mheánscoile i dteanga an chomórtais, ní mór an dioplóma lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile a bheith bainte amach sa teanga sin)

Leibhéal oideachais meánscoile, agus dioplóma bainte amach dá bharr, lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus taithí oibre 6 bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist. Ní mór an dioplóma agus an taithí oibre a bheith bainte amach sa teanga a roghnaíodh sa chomórtas.

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)    Iarratas a dhéanamh

Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 (féach an roinn “Coinníollacha sonracha – teangacha”).

Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, iarrfar ort a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus eolas breise a thabhairt a bhaineann leis an gcomórtas seo (mar shampla: dioplómaí, taithí oibre agus freagraí ar cheisteanna réimseshonracha (Talent Screener, “an scagthóir buanna”)). Lena chois sin, beidh ort teanga a roghnú mar theanga 1 (ceann amháin de theangacha an chomórtais) agus mar theanga 2 (an Béarla nó an Fhraincis).

Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”. A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go bhfuil an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am .

2)    Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe , arna socrú ag stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh freisin. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , is san ionad measúnaithe a bheidh na trialacha sin (pointe 5).

Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

Trialacha

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Marcáil

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

Marcálfar an triail seo as 20 pointe

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 10/20

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

Tuiscint teanga

Teanga 1

24 cheist

(2 shraith, 12 cheist an ceann)

60 nóiméad

(2 x 30 nóiméad)

Marcálfar an triail seo as 24 phointe

14/24

Trialacha díbeartha is ea na trialacha thuasluaite agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha san ionad measúnaithe.

3)    Seiceálacha incháilitheachta

Déanfar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí a thug na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta sonracha.

Tá dhá chás is féidir a bheith ann:

Má bhíonn na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí a bhain na pasmharcanna uile amach, in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaigh siad sna trialacha sin, go dtí go sroichfear an tairseach a leag stiúrthóir EPSO síos, ina cháil mar údarás ceapacháin, roimh na trialacha. Ní sheiceálfar na comhaid eile.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad a bhailíochtaigh a bhfoirm iarratais faoin sprioc-am.

4)    Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener)

Chun gur féidir leis an mBord Roghnúcháin measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar bhuanna gach iarrthóra ar dhóigh struchtúrtha, ní mór do na hiarrthóirí uile sa chomórtas seo aon tacar amháin ceisteanna a fhreagairt sa Talent Screener san fhoirm iarratais. Is ar na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe amháin a dhéanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus déanfar é ar an gcaoi a bhfuil cur síos uirthi thuas i bpointe 3, agus is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener, agus ar a bhonn sin amháin , a dhéanfar an measúnú. Dá bhrí sin, ba cheart duit gach eolas a bhaineann le hábhar a thabhairt i do fhreagraí sa Talent Screener, fiú amháin má tá sé luaite cheana i gcodanna eile den fhoirm iarratais. Beidh na ceisteanna bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra seo.

Tá an liosta critéar do gach próifíl in IARSCRÍBHINN II.

Chun an roghnú ar bhonn cáilíochtaí a dhéanamh, sa chéad dul síos, tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar roghnúcháin , a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir. Iolrófar na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeofar iad lena fháil amach cé na hiarrthóirí is mó atá in oiriúint do dhualgais an phoist.

Is iad na hiarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna foriomlána is airde sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, agus na hiarrthóirí sin amháin, a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

5)    An tIonad Measúnaithe

Trí oiread, ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal do gach teanga, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na céime seo dóibh. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sna teangacha a roghnaigh tú mar theanga 1 agus teanga 2 . Is é is dóichí gur i Lucsamburg a bheidh an t-ionad measúnaithe.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 2 ar siúl roimh ré , is san ionad measúnaithe a dhéanfaidh tú iad. Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha san ionad measúnaithe chun do mharc iomlán a ríomh.

Ach amháin má deirtear a mhalairt, ba cheart duit do chuid doiciméad tacaíochta a thabhairt leat (na bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe díobh) go dtí an t-ionad measúnaithe. Scanfaidh EPSO na doiciméid agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfar ar ais duit iad an lá céanna.

Déanfar 7 gcinn d’inniúlachtaí ginearálta agus na hinniúlachtaí sonracha is gá don chomórtas seo a mheas san ionad measúnaithe le 4 thriail (agallaimh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta agus sonracha, cleachtadh i ngrúpa, cás-staidéar), faoi mar atá léirithe sa tábla thíos:

Inniúlacht

Triail

Teanga

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cás-staidéar

Cleachtadh i ngrúpa

Teanga 2

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Teanga 2

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Teanga 2

4.

Foghlaim agus forbairt

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Teanga 2

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cás-staidéar

Cleachtadh i ngrúpa

Teanga 2

6.

Buanseasmhacht

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Teanga 2

7.

Obair bhuíne

Cleachtadh i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Teanga 2

Pasmharc

3/10 i ngach inniúlacht agus 35/70 san iomlán


Inniúlacht

Triail

Teangacha

Inniúlacht réimseshonrach

Téacs a phrofléamh agus a cheartú i dteanga 1.

Beidh comparáid leis an mbuntéacs i dteanga 2 agat agus tú ag déanamh an chéad chuid den triail ach ní bheidh comparáid leis an mbuntéacs i dteanga 2 agat agus tú ag déanamh an dara cuid den triail.

Cumhdóidh an profléamh na gnéithe teanga (gramadach, litriú agus poncaíocht) agus an chlóghrafaíocht. Ní mór d’iarrthóirí na cúiseanna a bhí leis na ceartúcháin a lua. (2.5 uair an chloig)

Teanga 1 agus teanga 2

Pasmharc

30/50 i ngach cuid agus 60/100 san iomlán

6)    An painéal

Tar éis dó an tseiceáil a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn a gcuid doiciméad tacaíochta, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal do gach teanga de na hiarrthóirí incháilithe sin a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, na painéil d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht go bhfaighidh sé post .

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO (http://jobs.eu-careers.eu), faoin sprioc-am seo:

7 Samhain 2017 ag 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

Tá Parlaimint na hEorpa i Lucsamburg ar lorg profleitheoirí/eagarthóirí teanga chun cúraimí teanga a dhéanamh, dualgais feidhmiúcháin agus theicniúla san áireamh, ina gcuid seirbhísí teanga.

Bíonn profléitheoirí/eagarthóirí teanga ag obair faoi mhaoirseacht i dtimpeallacht ríomhairithe agus bíonn de chúram orthu téacsanna a phrofléamh agus eagarthóireacht teanga a dhéanamh i dteanga an chomórtais. Is féidir go mbeidh na cúraimí seo i gceist:

téacsanna leictreonacha a phrofléamh ó thaobh na clógrafaíochta de agus ceartúcháin ó na húdair a chur isteach;

profaí a ullmhú agus a sheiceáil i gcomhair a bhfoilsithe i bhformáidí éagsúla agus i meáin éagsúla;

téacsanna a ullmhú i bhformáid leictreonach nó ar páipéar ó thaobh an litrithe, na gramadaí agus na comhréire de agus téacsanna a sheiceáil ó thaobh comhsheasmhachta agus aonfhoirmeachta de;

seiceáil a dhéanamh an gcomhlíonann na téacsanna na gnáis agus na rialacha stíle agus an Treoir Stíle Idirinstitiúideach a ghlac institiúidí uile an Aontais;

cáilíocht na hoibre a rinne conraitheoirí seachtracha sa réimse a sheiceáil;

doiciméid na hinstitiúide a ullmhú lena bhfoilsiú agus téacsanna a chur i gcrích ó thaobh na clóghrafaíochta de;

téacsanna a sheiceáil a aistríodh isteach i dteanga an chomórtais i leith a chomhsheasmhaí atá siad leis an leagan sa bhunteanga;

monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí agus athruithe teanga agus comhghleacaithe a chur ar an eolas fúthu;

páirt a ghlacadh in obair théarmaíochta agus sa phróiseas rialaithe cáilíochta ar aistriúcháin ar dhoiciméid;

cineálacha éagsúla eile d’obair theanga, amhail maoirseacht ar ábhar suíomh gréasáin.

Lena chois sin, ní mór bheith in ann oibriú go maith i gcomhar le daoine eile i bhfoireann, tréith na freagrachta a bheith acu, bheith in ann dul i dtaithí ar thimpeallacht oibre ilchultúrtha, agus bheith in ann an t-ualach oibre a bhainistiú an tráth is troime é.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN

Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

1.

Dioplóma ollscoile, i dteanga an chomórtais, a bhaineann le foilseoireacht nó le staidéar ar an teanga sin (e.g. an teangeolaíocht, an litríocht, teagasc na teanga sin mar theanga iasachta);

2.

Taithí oibre, sa teanga a roghnaíodh sa chomórtas, ar cháilíocht teanga doiciméad atá le foilsiú a sheiceáil;

3.

Taithí oibre, sa bhreis ar an taithí is gá le bheith incháilithe don chomórtas agus i dteanga an chomórtais, i réimse an phrofléimh doiciméad (a bhíonn ar fáil don phobal in aon fhormáid nó in aon mheán).

4.

Taithí oibre, sa teanga a roghnaíodh sa chomórtas, i réimse an aistriúcháin;

5.

Taithí oibre, sa teanga a roghnaíodh sa chomórtas, ar theanga a theagasc nó ar ábhair theagaisc a tháirgeadh;

6.

Taithí oibre, sa teanga a roghnaíodh sa chomórtas, ar dhoiciméid a bhainistiú agus ar thagairtí a dhéanamh do dhoiciméid i dtimpeallacht ríomhairithe, nó in iriseoireacht scríofa.

7.

Taithí oibre ar uirlisí foilsitheoireachta ríomhaireachta sonracha a úsáid.

8.

Eolas, agus cruthúnas leis, ar cheann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais, cé is moite den teanga a roghnaíodh mar theanga 1 agus teanga 2 [an t-íosleibhéal a theastaíonn: B2 de réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR)].

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN III

NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine den inscne eile atáthar freisin.

Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc, tabharfar cuireadh chun an chéad chéim eile den chomórtas dó.

Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal iad.

1.   NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH

1.1.   Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha

Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.

Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” den fhógra seo a bhaineann le dualgais an phoist .

(a)

Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais.

Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann.

(b)

Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:

gur fíorobair éifeachtach a bhí inti;

gur obair ar íocaíocht a bhí inti;

go raibh caidreamh íochtaránachta nó soláthar seirbhíse i gceist léi; agus

faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

obair dheonach: más obair ar íocaíocht a bhí inti agus go raibh na huaireanta oibre sa tseachtain agus an fad a mhair an phost ar nós uaireanta oibre agus fad gnáthphoist;

tréimhsí oiliúna: más tréimhsí oiliúna ar íocaíocht a bhí iontu;

seirbhís mhíleata éigeantach: is cuma cé acu sular baineadh an dioplóma amach nó ina dhiaidh a rinneadh an tseirbhís mhíleata, agus ní chuirfear san áireamh tréimhse seirbhíse níos faide ná an tréimhse atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit i gceist.

saoire mháithreachais/atharthachta/altramais: má bhí an tsaoire leagtha síos sa chonradh fostaíochta;

dochtúireacht: trí bliana ar a mhéad a chuirfear san áireamh, ar choinníoll gur baineadh amach an dochtúireacht, agus is cuma cé acu obair ar íocaíocht nó obair gan íocaíocht a bhí sa dochtúireacht; agus

obair pháirtaimseartha: is ar bhonn pro rata a ríomhfar obair pháirtaimseartha, ar bhonn an lín uaireanta an chloig a oibríodh, e.g. mheasfaí gur trí mhí oibre ab ea obair leathama a mhair sé mhí.

1.2.   Doiciméid tacaíochta

Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).

Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:

doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó

conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh;

(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar;

(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.

Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.

1.3.   Comhdheiseanna agus socruithe speisialta

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh an sprioc-ama le hiarratais a dhéanamh, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.

Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:

trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu);

facs (+ 32 2 299 80 81); nó

tríd an bpost:

European Personnel Selection Office (EPSO)

EPSO accessibility

Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

1049 Bruxelles/Brussels

BELGIQUE/BELGIË

2.   CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?

Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.

Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Má dhéanann iarrthóir aon chumarsáid dhíreach nó indíreach ar aon dóigh eile seachas an dóigh sin, is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas é.

Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is oiriúnach. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).

Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an Ionaid Measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.

3.   CUMARSÁID

3.1.   Cumarsáid a dhéanamh le EPSO

Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach ar cheann de na dóigheanna seo:

tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid). nó

glao a chur ar Europe Direct (00 800 67 89 10 11); nó

tríd an bpost:

European Personnel Selection Office (EPSO)

Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

1049 Bruxelles/Brussels

BELGIQUE/BELGIË

Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.

I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga). Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

3.2.   Rochtain ar fhaisnéis

Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.

Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.

Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

3.2.1.   Faisnéis a nochtar go huathoibríoch

Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:

na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna;

incháilitheacht: deirtear cé acu a tugadh nó nár tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh;

Talent screener (an scagthóir buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán;

na réamhthrialacha: do thorthaí;

na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh;

an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe.

Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:

go bhfuil na trialacha thart;

go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus

nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile.

3.2.2.   Faisnéis a iarraidh

Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.

Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.

Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.

Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.

4.   GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ

4.1.   Deacrachtaí teicniúla

Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh láithreach sa chaoi is go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn:

tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid). nó

tríd an bpost:

European Personnel Selection Office(EPSO)

Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

1049 Bruxelles/Brussels

BELGIQUE/BELGIË

Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) agus mínigh go haicearrach cad í an fhadhb.

I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:

na feitheoirí a chur ar an eolas ar dtús agus ansin iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus

teagmháil a dhéanamh le EPSO tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) agus míniú aicearrach a thabhairt ar an bhfadhb.

4.2.   Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

4.2.1.   Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.

Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).

Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.

Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) tríd an bhfoirm theagmhála ar líne, agus tríd an bhfoirm sin amháin.

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire;

faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.

Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.

4.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.

Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:

míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó

an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh.

Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.

Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1);

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid;

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.

Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.

4.3.   Modhanna eile le conspóid a dhéanamh

4.3.1.   Gearáin riaracháin

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.

Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).

Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1);

teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe;

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

4.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.

Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne EPSO, ní mór duit gearán riaracháin a dhéanamh i dtosach (féach roinn 4.3.1).

Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:

nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/).

4.3.3.   An tOmbudsman Eorpach

Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.

Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).

Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.

Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:

nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/).

4.4.   Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin

Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin;

go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe;

nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad;

go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis;

nach ndearna tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú na trialacha iad féin;

go ndearna tú séitéireacht i dtriail;

nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais an teanga, nó ceann de na teangacha, nach mór a roghnú mar theanga 2, nó nár dhearbhaigh tú an t-íosleibhéal a theastaíonn i dteanga 2;

gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin;

gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (cuirfear san áireamh go bhféadfadh na cásanna ina bhféadfadh údar a bheith le teanga eile a úsáid, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó

go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla.

Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile sa todhchaí.

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN IV

SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS

Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait.

 

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

TÍR

Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)

Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (trí bliana ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (ceithre bliana nó níos mó)

Belgique — België — Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/

Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d’enseignement professionnel

Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature — Kandidaat

Graduat — Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d’études approfondies (DEA)

Diplôme d’études spécialisées (DES)

Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česká republika

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení

bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (BA or BS)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (mag.art)

Licenciatgrad

ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/ Fachhochschulabschluss/ Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht, Grád D3, i 5 ábhar

Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)

Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta

National Certificate

Gnáthchéim bhaitsiléara

Ordinary bachelor degree

Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)

National diploma (ND, Dip.)

Ardteastas (120 ECTS)

Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)

Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS)

Céim ollscoile

University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)

Master’s degree (60-120 ECTS)

Dochtúireacht

Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ)

 

Πτυχίο ΑΕΙ (πανεπιστημίου,

πολυτεχνείου, ΤΕΙ)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης

(2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/ Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d’études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT),

diplôme d’études supérieures

spécialisées (DESS), diplôme

d’études approfondies (DEA),

master 1, master 2 professionnel,

master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d’ingénieur

Doctorat

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore/

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea – L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu)

Bakalaura diploms (160 kredītpunktu)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d’ingénieur technicien

Master

Diplôme d’ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi – képesítő bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést

igazoló bizonyítvány (Higher

Vocational Programme)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree)

(Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma’s)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs

(Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of “Ingenieur”

HBO/WO Master’s degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/ Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom/ Fachhochschuldiplom/

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário/

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

Republika Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire

(Colegiu universitar)

învățământ preuniversitar

Diplomă de licenţă

Diplomă de licenţă

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice

postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo

(spričevalo o poklicni maturi)

(spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma/magisterij/specializacija/doktorat

Slovensko

Vysvedčenie o maturitnej skúške

Absolventský diplom

Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár)

Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

Bakalár (Bc.)

Magister

Magister/Inžinier

ArtD.

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus — Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

(Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet)

Todistus yhdistelmäopinnoista

(Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto — Kandidatexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto —

Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa — studieveckor)

Maisterin tutkinto — Magisterexamen/

Ammattikorkeakoulututkinto —

Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa — studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan

(3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/

Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå:

Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate

Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.