ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

60
22 Meán Fómhair 2017


Clár

Leathanach

 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar an bhfógra comórtas oscailte — Riarthóirí agus cúntóirí i réimse na bhfoirgneamh — EPSO/AD/342/17 (AD 6) — Innealtóirí bainistithe foirgneamh (innealtóirí comhshaoil agus innealtóirí seirbhísí san áireamh) — EPSO/AST/141/17 (AST 3) — Próifíl 1. Comhordaitheoirí/teicneoirí tógála foirgneamh — Próifíl 2. Comhordaitheoirí/teicneoirí foirgneamh i réimsí an aerchóiriúcháin agus na hinnealtóireachta leictrimheicniúla agus leictrí — Próifíl 3. Cúntóirí sábháilteachta ceirde/sábháilteachta foirgneamh ( IO C 242 A, 27.7.2017 )

1

 

Ceartúchán ar fhógra comórtas oscailte — EUIPO/AD/01/17 — Riarthóirí (AD 6) agus EUIPO/AST/02/17 — Cúntóirí (AST 3) i réimse na maoine intleachtúla ( IO C 9 A, 12.1.2017 )

2


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 315 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


Ceartúcháin

22.9.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


CEARTÚCHÁN AR AN BHFÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

Riarthóirí agus cúntóirí i réimse na bhfoirgneamh

EPSO/AD/342/17 (AD 6) — Innealtóirí bainistithe foirgneamh (innealtóirí comhshaoil agus innealtóirí seirbhísí san áireamh)

EPSO/AST/141/17 (AST 3)

Próifíl 1. Comhordaitheoirí/teicneoirí tógála foirgneamh

Próifíl 2. Comhordaitheoirí/teicneoirí foirgneamh i réimsí an aerchóiriúcháin agus na hinnealtóireachta leictrimheicniúla agus leictrí

Próifíl 3. Cúntóirí sábháilteachta ceirde/sábháilteachta foirgneamh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 242 A an 27 Iúil 2017 )

Leathanach 1

in ionad:

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 12 Meán Fómhair 2017 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)

léitear:

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 26 Meán Fómhair 2017 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)

Leathanach 6

in ionad:

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu faoin sprioc-am seo:

12 Meán Fómhair 2017 ag 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET).

léitear:

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu faoin sprioc-am seo:

26 Meán Fómhair 2017 ag 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET).


22.9.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

2


CEARTÚCHÁN AR FHÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

EUIPO/AD/01/17 — Riarthóirí (AD 6) agus EUIPO/AST/02/17 — Cúntóirí (AST 3) i réimse na maoine intleachtúla

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 9 A an 12 Eanáir 2017 )

Leathanach 1

in ionad:

“Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ‘ riarthóirí agus mar chúntóirí (Grúpaí Feidhme AD agus AST faoi seach) in Alicante na Spáinne.”

léitear:

“Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ‘ riarthóirí agus mar chúntóirí (Grúpaí Feidhme AD agus AST faoi seach) in Alicante na Spáinne. Is in ainm Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, agus ar a son, ina cáil mar údarás ceapacháin (dá ngairtear ‘EUIPO’ nó ‘an tÚdarás Ceapacháin’ anseo feasta), a dhéantar na comórtais oscailte seo a eagrú.”

Leathanach 20, pointe 6.5 d’Iarscríbhinn III

in ionad:

“6.5.   Gearáin riaracháin

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin. —

Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 6.4).

Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:

déan teagmháil le EPSO (féach roinn 6.1);

sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe;

tagairt:‘Gearáin’.”

léitear:

“6.5.   Gearáin riaracháin

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid an údaráis ceapacháin (i.e. Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO).

Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir Feidhmiúcháin EUIPO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 6.4).

Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:

nós imeachta: Tabhair do d’aire, faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, gurb é EUIPO an t-údarás ceapacháin (an t-údarás a bhfuil sé d’údarás aige conarthaí a thabhairt i gcrích) agus, dá bhrí sin, ba cheart aon ghearán riaracháin a chur faoina bhráid tríd an bpost:

EUIPO

Avenida de Europa, 4

E-03008 Alicante

España

Nó tríd an ríomhphost

EUIPO-AST-02-17@euipo.europa.eu

EUIPO-AD-01-17@euipo.europa.eu

sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe;

tagairt:‘Gearáin’.”

Leathanach 20, pointe 6.6 d’Iarscríbhinn III

in ionad:

“6.6.   Achomhairc bhreithiúnacha

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.

Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne EPSO, ní mór duit gearán riaracháin a dhéanamh i dtosach (féach roinn 6.5).

Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:

gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/).”

léitear:

“6.6.   Achomhairc bhreithiúnacha

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.

Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh, ní mór duit gearán riaracháin a dhéanamh i dtosach (féach roinn 6.5).

Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:

nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/).”