ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

60
19 Bealtaine 2017


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Parlaimint na hEorpa
An Chomhairle

 

Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 158 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Parlaimint na hEorpa An Chomhairle

19.5.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (1)

Ráiteas ón gComhairle

Comhaontaíonn an Chomhairle, ar bhonn eisceachtúil, go dtarmligfidh sí don Choimisiún an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le tairseacha Iarscríbhinn I mar a leagtar amach iad in Airteagal 1(4) agus (5) a leasú, chun a áirithiú go nglacfar na tairseacha go tráthúil agus go ndéanfar cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh Tá an comhaontú sin gan dochar do thograí reachtacha a bheidh ann amach anseo i réimse na trádála, agus i réimse an chaidrimh sheachtraigh ina iomláine.

Ráiteas 1 ón gCoimisiún

Déanfaidh an Coimisiún breithniú ar thograí reachtacha breise a dhéanamh dírithe ar chuideachtaí AE a bhfuil táirgí ina bhfuil stán, tantalum, tungstan agus ór ina slabhra soláthair, má thagann sé ar an tátal nach leor iarrachtaí comhiomlána mhargadh AE maidir le slabhra soláthair domhanda freagrach mianraí chun iompar soláthair freagrach a ghiaráil i dtíortha táirgíochta, nó má mheasann sé nach leor an ceannach isteach d’oibreoirí iartheachtacha a bhfuil córais díchill chuí slabhra soláthair i bhfeidhm acu atá i gcomhréir le treoir ECFE.

Ráiteas 2 ón gCoimisiún

I bhfeidhmiú a chumhachtaithe chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 1(5), tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar chuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe mar a leagtar amach iad in aithrisí (1), (7), (10) agus (17).

Agus é sin á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, breithniú ar na rioscaí sonracha a bhaineann le hoibríocht slabhraí soláthair réamhtheachtacha óir i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir ardriosca, agus aird á tabhairt aige ar sheasamh mhicrifhiontair agus fhiontair bheaga an Aontais a allmhairíonn ór isteach in AE.

Ráiteas 3 ón gCoimisiún

Mar fhreagairt ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa le haghaidh treoirlínte sonracha, tá an Coimisiún toilteannach táscairí feidhmíochta a fhorbairt a bhainfidh go sonrach le mianraí coinbhleachta a fhoinsiú go freagrach. Trí bhíthin na dtreoirlínte sin, mholfaí do chuideachtaí ábhartha, a bhfuil níos ná 500 fostaí acu agus a gceanglaítear orthu faisnéis neamhairgeadais a nochtadh i gcomhréir le Treoir 2014/95/AE, faisnéis shonrach a nochtadh i ndáil le táirgí a bhfuil stán, tantalam, tungstan nó ór iontu.


(1)  IO L 130, 19.5.2017, lch. 1.