|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
59 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
Parlaimint na hEorpa |
|
|
2016/C 486/01 |
Cruinniú iomlánach an LVI COSAC — 13–15 Samhain 2016, an Bhratasláiv — Ionchur an LVI COSAC |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 486 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Parlaimint na hEorpa
|
28.12.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
CRUINNIÚ IOMLÁNACH AN LVI COSAC
13–15 Samhain 2016, an Bhratasláiv
Ionchur an LVI COSAC
(2016/C 486/01)
1. Ag neartú ról na bParlaimint náisiúnta in AE
|
1.1. |
Is mór ag COSAC dul chun cinn an Choimisiúin Eorpaigh reatha (2014 — ) chun an caidrimh le Parlaimintí náisiúnta a fheabhsú, mar atá doiciméadaithe i 26ú Tuarascáil Leathbhliantúil COSAC, go háirithe trí mhéadú ar líon na gcuairteanna a thug Coimisinéirí ar Pharlaimintí/Tithe náisiúnta, agus spreagann sé an Coimisiún Eorpach chun leanúint den iarracht seo chun idirphlé seasta le Parlaimintí náisiúnta a chruthú. Tacaíonn an t-idirphlé seo le hinniúlachtaí na bParlaimint náisiúnta chun a Rialtais náisiúnta a choimeád cuntasach agus chun a mbeartais náisiúnta agus AE a ghrinnscrúdú. |
|
1.2. |
I réimse an idirphlé pholaitiúil idir an Coimisiún Eorpach agus na Parlaimintí náisiúnta, feiceann COSAC deis ann chun freagairtí ar thuairimí réasúnaithe na bParlaimintí náisiúnta a fheabhsú agus dá bharr sin molann sé go dtabharfaidh an Coimisiún Eorpach freagra níos fearr do bhuarthaí sonracha Pharlaimintí náisiúnta laistigh de thréimhse nach faide ná ocht seachtaine agus go ndéanfaidh sé anailís ar gach dearcadh féideartha nuair atá a fhreagairtí á ullmhú aige, go háirithe na freagairtí nuair a chuirtear sásra an “chárta bhuí” i bhfeidhm. Leagann COSAC béim ar a thábhachtaí atá an plé agus malartú tuairimí sa nós imeachta seiceála coimhdeachta idir Parlaimintí náisiúnta. |
|
1.3. |
I bhfianaise an idirphlé pholaitiúil atá bunaithe le Coimisiún AE, iarrann COSAC ar Pharlaimint na hEorpa, óna taobh féin de, feabhas a chur ar an mbreithniú a dhéantar ar thuairimí ó na Parlaimintí náisiúnta faoi chuimsiú an idirphlé pholaitiúil sna coistí parlaiminteacha ábhartha. |
|
1.4. |
Measann COSAC gur uirlis thábhachtach é sásra an “chárta ghlais” chun ról na bParlaimintí náisiúnta a fheabhsú agus dá bharr sin, spreagann sé na Parlaimintí náisiúnta chun leanúint de gach féidearthacht chun leas a bhaint as na tionscnaimh faoin “gcárta glas” a scrúdú. |
|
1.5. |
Agus cúrsaí mar atá siad, tugann COSAC dá aire gurb é ceann de na rudaí is tábhachtaí chun an bhearna idir an tAontas Eorpach agus a shaoránaigh a dhúnadh ná saincheisteanna AE a chur in iúl go héifeachtach agus aithníonn sí ról na bParlaimintí náisiúnta chun saoránaigh a chuimsiú sa phlé, trí fhaisnéis neamhchlaon a sholáthar dóibh agus trí fheasacht choiteann ar shaincheisteanna a bhaineann leis an AE a mhúscailt. I ndáil leis seo tá sé tábhachtach béim a leagan ar an sainordú daonlathach atá ag na Parlaimintí náisiúnta mar ionadaithe na dtoghthóirí. I gcomhthéacs thoradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe, aithníonn COSAC an ról fíorthábhachtach atá ag Parlaimintí náisiúnta, mar institiúidí le sainordú daonlathach díreach agus mar institiúidí ar gá a bheith cuntasach dóibh, chun cur le feidhmiú agus le todhchaí tionscadail uathúil an Aontais Eorpaigh. |
|
1.6. |
Iarrann COSAC ar gach parlaimint teann a chur lena nguthanna chun saincheisteanna AE a chur in iúl agus chun é sin a bhaint amach, spreagann sé Parlaimintí náisiúnta mar aon le Parlaimint na hEorpa a dtaithí agus a ndea-chleachtais i réimse na cumarsáide a chomhroinnt eatarthu féin. Thairis sin, tugann COSAC dá aire nuair atá plé ar siúl le dreamanna faoi leith amhail ollscoileanna, scoileanna, etc. go b'fhéidir go mbeadh sé acrach ábhar saincheisteanna AE á dhíriú orthu agus é a chur in oiriúint dóibh. |
|
1.7. |
Chun leas iomlán a bhaint as na teicneolaíochtaí atá ar fáil, iarrann COSAC ar na Parlaimintí na féidearthachtaí a eascraíonn ó leas a bhaint as bealaí meán sóisialta a scrúdú go hiomlán, mar d'fhéadfadh siad sin feasacht ar shaincheisteanna AE agus ar Pharlaimintí mar na hionaid díospóireachta is ábhartha a ardú, go háirithe i dtaca le haos óg na hEorpa. |
2. An Chomhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta (TTIP): comhaontú trádála idir AE agus SAM (agus a dhúshláin, deiseanna agus rioscaí)
|
2.1. |
Aithníonn COSAC go bhfuil beartas trádála AE thar a bheith tábhachtach go geopholaitiúil agus go heacnamaíoch don Eoraip chun an domhandú a mhúnlú, chun caighdeáin idirnáisiúnta a neartú agus chun rochtain ar mhargaí eachtracha a mhéadú; Measann COSAC gur féidir le comhaontuithe trádála cuimsitheacha le tríú tíortha arna gcaibidliú go cothrom, atá trédhearcach agus a nglactar leo go forleathan, agus a ndéantar iad a chaibidliú d'fhonn torthaí a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a bhaint amach, a bheith ina n-uirlisí tábhachtacha atá in ann sciar AE den trádáil dhomhanda a fheabhsú; Tugann COSAC dá aire go ndéanfaidh dreamanna eile rialacha idirnáisiúnta a shocrú, mura ngníomhaíonn an tAontas Eorpach anois. |
|
2.2. |
Breathnaíonn COSAC ar chomhaontuithe trádála cothromaithe mar dheis chun fás agus cruthú post a chur chun cinn, mar aon le forbairt inbhuanaithe a neartú agus chun cearta an duine mar aon le caighdeáin saothair agus sóisialta chomh maith le inbhuanaitheacht chomhshaoil a chur i bhfeidhm ar fud an domhain, ach freisin chun soláthar seirbhísí agus seirbhísí cathracha a áirithiú. Éilíonn COSAC go gcosnóidh AE a leasanna sna caibidlíochtaí agus áitíonn sé go gcloífear le prionsabal na cómhalartachta. |
|
2.3. |
Aithníonn COSAC an éagsúlacht tuairimí agus an t-amhras atá á léiriú ag a lán de shaoránaigh Eorpacha maidir le hinneachar na gcomhaontuithe trádála sin agus molann sé do na hinstitiúidí Eorpacha, do na Parlaimintí náisiúnta agus do na rialtais aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá ag na daoine, chun a léiriú go soiléir an tionchar a imreoidh na comhaontuithe trádála agus chun a áirithiú go bhfuil na próisis chaibidlíochta trédhearcach. |
|
2.4. |
Fáiltíonn COSAC an feabhas a chuir an Coimisiún ar na bearta trédhearcachta de chuid phróiseas caibidlíochta TTIP, ach mar sin féin, cuireann sé béim ar an ngá atá ann do gach comhaontú trádála bheith níos trédhearcaí fós a d'fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar ábhair imní atá ag saoránaigh Eorpacha agus ag feisirí parlaiminte. |
|
2.5. |
Tá COSAC cinnte de gur cheart don phróiseas caibidlíochta agus torthaí an phróisis sin urraim iomlán a léiriú do phrionsabail na saoirse, an daonlathais, an smachta reachta, na dínite agus an chomhtháthaithe shóisialta, ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe, agus ar an dóigh sin a áirithiú go dtabharfar tréan-ráthaíocht go neartófar rialacháin agus caighdeáin Eorpacha seachas iad a lagú, i gcás ina gcríochnófar agus ina síneofar TTIP. |
|
2.6. |
Treisíonn COSAC gur gá do na Parlaimintí náisiúnta, mar aon le Parlaimint na hEorpa, a bheith in ann grinnscrúdú a dhéanamh ar phróiseas caibidlíochta TTIP i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (go háirithe airteagal 218). Measann COSAC nach féidir TTIP a chur i bhfeidhm go sealadach ach amháin nuair atá a toiliú tugtha ag Parlaimint na hEorpa do chomhaontú críochnaitheach a bheidh tugtha i gcrích ag an gComhairle. Áitíonn COSAC ar an gCoimisiún agus ar rialtais na mBallstát, dá bhrí sin, leanúint den phróiseas cumarsáide treisithe leis na Parlaimintí náisiúnta agus le Parlaimint na hEorpa. Meabhraíonn COSAC freisin go gceaptar gur comhaontú measctha a bheidh i TTIP, dá bhrí sin beidh teacht i bhfeidhm TTIP i ndeireadh an lae faoi réir na nósanna imeachta daingnithe náisiúnta ábhartha i ngach Ballstát. |
3. 2016: “Bliain seachadta” an Aontais Fuinnimh
|
3.1. |
Fáiltíonn COSAC roimh thionscadal an Aontais Fuinnimh agus a uaillmhianta chun AE a threorú chuig beartas fuinnimh atá níos sláine agus níos inbhuanaithe, lena chur i dtús cadhnaíochta i dtaca le fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh agus sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Ní féidir é seo a bhaint amach ar leibhéal idir-rialtasach amháin, mar sin tá gá le réitigh Eorpacha chomhchoiteanna. |
|
3.2. |
Tugann COSAC dá aire gurb é AE an t-allmhaireoir fuinnimh is mó ar domhan, agus de bharr go bhfuil roinnt dá Bhallstáit ag brath ar sholáthróir amháin fágann sé AE thar a bheith leochaileach. Tá COSAC buartha faoi na praghsanna arda fuinnimh in AE i gcomórtas le hiomaitheoirí. Dá bhrí sin, tá COSAC i bhfabhar cearta tomhaltóirí a neartú ar féidir leo, inter alia, cabhrú go héifeachtach sa chomhrac in aghaidh bochtaineacht fuinnimh. Dá bhrí sin, meabhraíonn COSAC gurb é sprioc an Aontais Fuinnimh ná fuinneamh a sholáthar do thomhaltóirí Eorpacha ní hamháin fuinneamh atá slán, inbhuanaithe agus éiceábhach, ach fuinneamh atá iomaíoch agus níos inacmhainne freisin. Chun an cuspóir seo a bhaint amach, caithfear cinntí ceannasacha na mBallstát a urramú, agus fós tacaíocht a thabhairt do réitigh is fearr a bhaintear amach ar leibhéal AE. |
|
3.3. |
Leagann COSAC béim ar an tábhacht atá le dlúthpháirtíocht agus iontaoibh na mBallstát chun slándáil fuinnimh in AE a bhaint amach agus cuireann sé i bhfios go láidir tábhacht a gcur chuige coitianta maidir le tríú tíortha. Sa chomhthéacs sin, tá imní ar COSAC faoi thionscadail a bhraitear a bheith gan bhunús teicniúil, comhshaoil, eacnamúil agus geopholaitiúil agus atá fritorthúil ó thaobh na slándála fuinnimh de. Os a choinne sin, i dtaca le neartú an Margadh Aonair agus slándáil fuinnimh, tacaíonn COSAC le hiarrachtaí chun an tairbhe is mó a bhaint as foinsí fuinnimh dhúchasacha AE lena n-áirítear iad siúd atá dlite chun leictreachas seasta agus slán a ghiniúint agus éagsúlú barrfheabhsaithe bhealaí soláthair fuinnimh, agus ag an am céanna cuireann sé i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar réigiúnach níos dlúithe. |
|
3.4. |
Meabhraíonn COSAC go bhfuil 12 Bhallstát faoin sprioc 10 % den idirnascadh leictreachais agus dá bhrí sin tá siad den chuid is mó scoite ón margadh inmheánach leictreachais. Iarrann COSAC ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha aird faoi leith a dhíriú ar thionscadail a thugann aghaidh ar an easpa is suntasaí d'idirnascacht leordhóthanach. |
|
3.5. |
Fáiltíonn COSAC roimh Chomhaontú Pháras agus measann sé gur cloch mhíle é sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus mar ghealltanas láidir don chomhshaol agus don na glúine atá le teacht. Cuireann COSAC fáilte freisin roimh dhaingniú mear an chomhaontaithe sin ag AE agus iarrann sé go gcuirfear i bhfeidhm é gan choinníoll. Measann COSAC gur féidir le tionscadal an Aontais Fuinnimh cabhrú go mór chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus, san fhadtéarma, cuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide a shocraigh AE do 2020, 2030 agus 2050 a chomhlíonadh. |
|
3.6. |
Cuireann COSAC i bhfios go láidir tábhacht na hinfheistíochta taighde agus forbartha don Aontas Fuinnimh agus cuireann sé i bhfáth a gcumais Aontas Fuinnimh slán, éifeachtach agus éiceolaíoch a thógáil agus na costais chun fuinneamh a tháirgeadh a laghdú le tosaíocht shoiléir i dtaca le Comhaontú Pháras ar Fhuinnimh In-athnuaite. I ndáil leis seo, fáiltíonn COSAC freisin roimh an obair chun Córas Trádála Astaíochtaí (CTA) níos fearr a chruthú a chuidíonn leis an bhFuinneamh Eorpach a nuachóiriú. |
|
3.7. |
Creideann COSAC i dtaca le hiarrachtaí chun teicneolaíochtaí agus réitigh ísealastaíochtaí nuálacha a fhorbairt mar aon le dul chun cinn i nuálaíochtaí costéifeachtacha, go bhfuil ról acu nach féidir déanamh dá uireasa chun iomaíochas AE a neartú. |
|
3.8. |
Le gur féidir an coigilteas fuinnimh is mó is féidir a bhaint amach, tacaíonn COSAC le bearta ar an leibhéal áitiúil atá dírithe ar atógáil foirgnimh agus chun cur leis an méid taistil a dhéantar ar iompar poiblí. |
4. Ag daingniú teorainneacha seachtracha AE i gcomhthéacs imirce neamhrialta
|
4.1. |
Aithníonn COSAC gach gné dhaonnúil chun an ghéarchéim imirce agus dídeanaithe a réiteach. Leagann COSAC béim bhreise ar an tábhacht a bhaineann le bealaí atá sábháilte agus dleathach a aimsiú do lucht iarrtha tearmainn agus dídeanaithe incháilithe chun teacht chuig AE. Is mór ag COSAC comhar AE le tíortha idirthurais agus tionscnaimh de shreafaí imirce, agus cuireann sé in iúl go láidir gur gá cearta an duine d'imircigh agus lucht iarrtha tearmainn agus dídeanaithe a chosaint a bheith i gcroílár gníomhartha a dtugann AE fúthu chun réiteach a fháil ar an ngéarchéim imirce. Measann COSAC gur gá teorannacha seachtracha AE a dhaingniú láithreach le gur féidir sreafaí imirce neamhrialta atá ann faoi láthair agus bheidh ann amach anseo a bhainistiú go rathúil. |
|
4.2. |
Athdhearbhaíonn COSAC tábhacht na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta chomh maith leis an ualach a roinnt ar bhealach cothrom idir Ballstáit bunaithe ar an ngá atá ann teacht ar réiteach ar imirce neamhrialta a bheidh inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 80 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus cearta na duine agus gach conradh agus coinbhinsiún idirnáisiúnta á n-urramú. Spreagann COSAC an tAontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce agus na bunchúiseanna sin a dhíothú. Iarrann COSAC ar Uachtaránacht na Slóvaice, agus ar na hUachtaránachtaí eile amach anseo, tograí a chuir faoina bráid agus rannchuidiú go gníomhach chun réitigh éifeachtacha agus inghlactha ar shaincheisteanna imirce a aimsiú le haird faoi leith ar chearta an duine, ar dhlúthpháirtíocht agus ar dhaonnacht, chomh maith le bainistiú a dhéanamh ar an láthair ar ghlacadh isteach ar bhealach atá éasca le rochtain. |
|
4.3. |
Leagann COSAC béim freisin ar an dlúthpháirtíocht inmheánach Eorpach agus domhanda atá riachtanach do chláir éifeachtacha um athlonnú chun tacú le stáit amhail an Iodáil agus an Ghréig chun dul i ngleic le cúram agus foscadh a thabhairt do dhídeanaithe. |
|
4.4. |
I dtaca le cothabháil agus smacht níos déine a bheith ar rialuithe ar bhealach na Meánmhara Thoir, iarrann COSAC go gcuirfear chun feidhme láithreach ráiteas AE-an Tuirc agus meabhraíonn sé go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaí an ráiteas sin a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go haonfhoirmeach a mhéid a bhaineann le gach Ballstát san Aontas Eorpach. |
|
4.5. |
Tacaíonn COSAC leis an aitheantas a rinne an Chomhairle Eorpach, ag a cruinniú i mí Dheireadh Fómhair, “den rannchuidiú suntasach, lena n-áirítear de chineál airgeadais, a thug na Ballstáit túslíne le blianta beaga anuas”; Iarrann COSAC ar na hInstitiúidí Eorpacha aird speisialta a thabhairt ar na hiarrachtaí a chuir na Stáit sin ar aghaidh chun an oibleagáid daonnúil a chomhlíonadh arb í sin: chun beatha líon méadaitheach na n-iarrthóirí tearmann a shroicheann teorannacha seachtracha na hEorpa a tharrtháil, foráil d'oibríochtaí tarrthála, d'aitheantas, do chúnamh cúram sláinte, d'fhoscadh, d'éadaí, do bhia agus do lánpháirtiú sóisialta. Chuige sin, ba cheart na caiteachais shonracha sin a mheas i ríomh iarmhéid an bhuiséid don rialtas struchtúrtha. |
|
4.6. |
Leagann COSAC béim ar an bhfíoras gur gá do AE, mar limistéar ina bhfuil saoirse gluaiseachta agus teorannacha oscailte, gabháil do bheartas imirce Eorpach comhroinnte le béim ar chosaint do shaoránaigh AE agus do theorainneacha seachtracha, sábháilteacht agus dlúthpháirtíocht le dídeanaithe, iarrthóirí tearmann agus imircigh agus fós cearta an duine agus gach conradh agus coinbhinsiún idirnáisiúnta a n-urramú. Tacaíonn COSAC go láidir le gach tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm acu na teorannacha seachtracha a chosaint agus rialtacht a bhunú arís i limistéar Schengen agus dá bhrí sin, fáiltíonn sé roimh bhunú an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Cuireann COSAC i bhfios go láidir an tábhacht atá le cur i bhfeidhm tapa an rialacháin ar an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus an fhadhb nach bhfaightear torthaí tapa go leor a réiteach, trí leas iomlán a bhaint as sainordú GTCE. Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn COSAC go bhfuil gá le pearsanra agus le soláthar ábhar chun gur féidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach feidhmiú go héifeachtach. |
|
4.7. |
Fáiltíonn COSAC roimh an obair leanúnach ar an tionscadal ina bhfuil SIS (Córas Faisnéise Schengen) agus AFIS (córas uathoibrithe maidir le sainaithint méarlorg) nasctha le chéile ar mhaithe le daoine atá ar iarraidh a shainaithint bunaithe ar mhéarloirg, chomh maith leis an staidéar féidearthachta agus togra reachtach maidir le Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) atá le foilsiú go luath a chuideoidh chun teorannacha AE a dhaingniú agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar sháraigh an duine an méid ama a cheadaítear dó fanacht in AE. Cuireann COSAC i bhfios go láidir an dúshlán a bhaineann le cur chun feidhme éifeachtach na n-uirlisí nua seo laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir. |
|
4.8. |
Ag leagan béim ar na dúshláin atá nasctha le slándáil agus le rialú teorainneacha seachtracha AE, iarrann COSAC go gcuirtear críoch chomh luath agus is féidir leis na pléití i bParlaimint na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm an chórais dul isteach/imeachta AE chun iontrálacha agus imeachtaí dhaoine ó tríú tíortha a thrasnaíonn teorannacha seachtracha Bhallstát AE a thaifeadadh agus ar bhunú chlár do thaistealaithe cláraithe (RTP), agus ag an am céanna go dtabharfar aghaidh ar ábhair imní faoi na costais, comhréireacht agus cosaint sonraí. |
|
4.9. |
Ar deireadh, cuireann COSAC i bhfáth an tábhacht atá le dea-chleachtais a chomhroinnt chun daoine óga agus teaghlaigh arb imircigh iad a lánpháirtiú i sochaithe áitiúla a sholáthraíonn oideachas agus obair mhaith. |