ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

59
13 Nollaig 2016


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

2016/C 465/01

Tuairim Uimh. 2/2016 (de bhun Airteagal 287(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)) maidir leis an togra do Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) 2015/1017 agus meastóireacht tionlacain an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2015/1017 — CEIS:togra luath chun Tuairim Uimh. 2/2016 a leathnú agus a fhairsingiú

1


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 465 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

13.12.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TUAIRIM Uimh. 2/2016

(de bhun Airteagal 287(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE))

maidir leis an togra do Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) 2015/1017 agus meastóireacht tionlacain an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2015/1017

CEIS:togra luath chun Tuairim Uimh. 2/2016 a leathnú agus a fhairsingiú

(2016/C 465/01)

ÁBHAR

 

Mír

Leathanach

I.

RÉAMHRÁ

1-5

3

Scóip agus uainiú Thuairim na Cúirte

1-5

3

An Togra

2

3

An Mheastóireacht Ráthaíochta

3

4

Ár dtuairim

4-5

4

II.

ÁR MBARÚLACHA MAIDIR LEIS NA PRÍOMHATHRUITHE ATÁ BEARTAITHE

6-80

4

Tá an bonn fianaise don Togra teoranta

6-36

4

Tá sé róluath méadú ar ráthaíocht bhuiséid an AE a mholadh

6-17

4

Ní léirítear meas ar phrionsabail na rialála níos fearr sa Togra agus sa Mheastóireacht Ráthaíochta

18-27

8

Tá an soláthar molta don Chiste Ráthaíochta i gcomhréir le meastachán nuashonraithe na gcaillteanas ionchasach

28-36

9

An tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag áibhéalú rioscaí CEIS

37-51

10

Sainmhínítear breisíocht go leathan sa togra

37-46

10

Glacann ríomh na héifeachta iolraitheora le hinfheistíocht nialasach gan CEIS

47-51

13

Tá deis ann roinnt gnéithe de rialachas agus trédhearcacht CEIS a shoiléiriú agus a fheabhsú

52-80

14

Forálacha maidir le gníomhaíochtaí eisiata agus dlínsí nach bhfuil ag comhoibriú

53

14

Tá riachtanas aitheanta ann dul i ngleic le míchothromaíochtaí geografacha agus comhchruinniú earnálach

54-60

14

Soiléirigh cur i bhfeidhm rialacha Státchabhrach do thionscadail a bhfuil maoiniú á fháil acu ó CEIS agus ó chistí struchtúrtha

61-62

15

Riachtanas aitheanta do rialachas níos soiléire agus níos sruthlínithe

63-73

15

Ba chóir go mbeadh roghnú oibríochtaí CEIS níos trédhearcaí

74-80

17

IARSCRÍBHINN I: STRUCHTÚR RIALACHAIS CEIS

 

18

IARSCRÍBHINN II: GIORRÚCHÁIN AGUS TAGAIRTÍ

 

20

CÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA hEORPA,

Ag féachaint don Chonradh don Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagail 13(2) agus 17(1);

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus go háirithe Airteagail 172, 173, 175, tríú fomhír, 182(1), 287(4), 317 go 319, 322(1);

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CCEFA), agus go háirithe Airteagal 106a;

Ag féachaint don togra do Rialachán (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 (2) agus (AE) 2015/1017 (3) maidir le fad an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) a leathnú mar aon le feabhsuithe teicniúla a bhunú don Chiste sin agus don Lárionad Comhairliúcháin maidir le hInfheistíocht (EIAH), agus meastóireacht tionlacain an Choimisiúin (4);

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1017 agus go háirithe Airteagal 18(2);

Ag féachaint do Thuairim Uimh. 4/2015 (5);

Ag féachaint d'iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2016,

TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A GHLACADH:

I.   RÉAMHRÁ

Scóip agus uainiú Thuairim na Cúirte

1.

Ar an 14 Meán Fómhair 2016 thíolaic an Coimisiún togra reachtach (“an Togra”) chun Rialachán reatha CEIS a leasú d'fhonn fad CEIS a leathnú agus ráthaíocht bhuiséid an AE chuig BEI a mhéadú (féach mír 2). Tá meastóireacht an Choimisiúin maidir le húsáid ráthaíocht an AE agus feidhmiú an Chiste Ráthaíochta (“an Mheastóireacht Ráthaíochta”) (6) ag gabháil leis an Togra seo. Eisíodh an mheastóireacht trí mhí roimh an spriocdháta (7). Mar fhreagairt ar na forbairtí seo, chinn muid comhthuairim a eisiúint maidir leis an Togra agus leis an Meastóireacht Ráthaíochta.

An Togra

2.

Beartaíonn an Coimisiún:

Ráthaíocht bhuiséid an AE a mhéadú ó 16 bhilliún euro go 26 bhilliún euro (Airteagal 1(7) den Togra) agus ranníocaíocht acmhainní BEI chuig CEIS a mhéadú ó 5 bhilliún euro go 7,5 bhilliún euro (Airteagal 1(1) den Togra);

an tréimhse infheistíochta a leathnú ó Iúil 2019 go dtí 31 Nollaig 2020 agus an tréimhse inar féidir conarthaí a shíneadh a leathnú ó Mheitheamh 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022 (Airteagal 1(5) den Togra);

an sprioc infheistíochta a mhéadú go 500 billiún euro (Aithris 13 agus Roinn 1 den Iarscríbhinn leis an Togra);

an spriocráta don soláthar don Chiste Ráthaíochta a laghdú ó 50 % go 35 % d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht an AE (Airteagal 1(8) den Togra) agus cumhdach ráthaíocht an AE a leathnú chun tionchar luaineacht airgeadra a chur san áireamh (Airteagal 1(7) den Togra);

an sainmhíniú ar bhreisíocht a leasú (Airteagal 1(2) den Togra) agus ról an Lárionaid Chomhairliúcháin maidir le hInfheistíocht (EIAH) (Airteagal 1(9) den Togra) a choigeartú;

sprioc 40 % a leagan síos do mhaoiniú CEIS do thionscadail a bhfuil gníomhaíochtaí ar mhaithe leis an aeráid san áireamh iontu agus maoiniú do mhótarbhealaí a chur as an áireamh (ach amháin do thionscadail thrasteorann i dtíortha comhtháthaithe (8)) (Airteagal 1(5) den Togra);

talmhaíocht, iascach agus dobharshaothrú le cur san áireamh go sainráite mar incháilithe do thacaíocht CEIS (Airteagal 1(5) den Togra);

trédhearcacht a mhéadú agus forálacha cánach a threisiú (Airteagal 1(12) den Togra);

500 milliún euro a aistriú ó ionstraimí airgeadais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) do sholáthar don Chiste Ráthaíochta (Airteagal 2 den Togra); agus

Airteagal 18(7) a scriosadh ina bhforáiltear do thodhchaí CEIS a chinnfear ar bhonn meastóireacht neamhspleách atá le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 5 Iúil 2018 (Airteagal 1(10) den Togra).

An Mheastóireacht Ráthaíochta

3.

Ceanglaíonn Airteagal 18(2) de Rialachán CEIS ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar “úsáid ráthaíocht an AE agus ar fheidhmiú an Chiste Ráthaíochta”. Is é sainmhíniú an Choimisiúin ar ábhar na meastóireachta seo “an bealach a úsáidtear ráthaíocht an AE faoi na gníomhaíochtaí éagsúla a bhfuil CEIS ag tacú leo” (9) (Ní chumhdaíonn an mheastóireacht Ráthaíochta breisíocht agus incháilitheacht (10) oibríochtaí ráthaithe CEIS, de bhrí go bhfuil na hoibríochtaí sin cumhdaithe faoi mheastóireacht BEI (11) i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán CEIS, a dtagraítear dó anseo thíos).

Ár dtuairim

4.

Tá an tuairim seo bunaithe ar na saincheisteanna seo a leanas:

bonn fianaiseach teoranta an Togra (míreanna 6 go 36);

áibhéalú ionchasach thionchar CEIS (míreanna 37 go 51); agus

socruithe rialachais agus trédhearcachta (míreanna 52 go 80).

5.

Níl ár dtuairim bunaithe ar na nósanna imeachta a chuirfeadh muid i bhfeidhm dá mba rud é gur tuarascáil speisialta a bhí i gceist. Tá sé beartaithe againn tuarascáil speisialta a eisiúint maidir le feidhmiú CEIS sa chéad leath de 2018.

II.   ÁR MBARÚLACHA MAIDIR LEIS NA PRÍOMHATHRUITHE ATÁ BEARTAITHE

Tá an bonn fianaise don Togra teoranta

Tá sé róluath méadú ar ráthaíocht bhuiséid an AE a mholadh

Critéir

6.

Mheas muid uainiú an Togra seo i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos i Rialachán CEIS, infhaighteacht faisnéise ar fheidhmiú CEIS agus cur chun feidhme CEIS go dáta.

7.

Forálann Airteagail 18(6) agus 18(7) de Rialachán CEIS go leasófar Rialachán CEIS faoin 5 Iúil 2018 agus ceanglaítear go dtacóidh meastóireacht neamhspleách maidir le cibé an bhfuil “a chuspóirí á mbaint amach ag CEIS agus an bhfuil gá le scéim le tacú le hinfheistíocht” lena leithéid de thogra. Ba iad na comhreachtóirí a leag síos an spriocdháta seo lena chinntiú go bhféadfaí measúnú a dhéanamh nuair a bheadh dóthain ama caite chun torthaí agus tionchar tosaigh CEIS a aithint agus a thomhas (12).

Tá rialachán CEIS á leasú níos túisce ná mar a bhí beartaithe

8.

Mhol an Coimisiún fad CEIS a leathnú (13) agus an maoiniú a bhí ar fáil do CEIS a mhéadú (14) ar an 14 Meán Fómhair 2016, beagnach dhá bhliain roimh an spriocdháta luaite i Rialachán CEIS. Agus ceanglas Airteagal 18(6) maidir le meastóireacht neamhspleách á choimeád, beartaíonn an Coimisiún fáil réidh leis an bhforáil gur chóir go mbeadh leanúint, modhnú, nó foirceannadh CEIS sa todhchaí (15) bunaithe ar thorthaí a leithéid sin de mheastóireacht neamhspleách (féach mír 27).

Tá súil le méadú faoi cheathair ar thacaíocht d''onstraimí airgeadais ó bhuiséad an AE

9.

Áirítear CEIS i measc sraith ionstraimí airgeadais atá méadaithe go mór don chlárthréimhse nua. Beartaíonn an Coimisiún Ráthaíocht an AE a mhéadú 10 mbilliún euro (ó 16 bhilliún go 26 bhilliún euro) (16). Bheadh sé sin cothrom le níos mó ná ranníocaíocht iomlán an AE le hionstraimí airgeadais i mbainistíocht chomhroinnte, indíreach agus dhíreach i rith chlárthréimhse 2007-2013 (féach Tábla 1).

Tábla 1

Ionstraimí airgeadais a thairbhíonn as tacaíocht ó bhuiséad an AE

(billiún euro)

 

Clárthréimhse 2007-2013 (*1)

Clárthréimhse 2014-2020

CFRE, CSE (17), agus Forbairt Tuaithe (18) don tréimhse 2007-2013/ Cistí SIE don tréimhse 2014-2020

12,3

21

Tionscnamh FBM

0

8,5

Ionstraimí airgeadais i mbainistíocht indíreach (19)

3,8 (20)

5,8 (*2)

CEIS (*3) — uasráthaíocht bhuiséid an AE, lena n-áirítear:

0

26

Soláthar don Chiste Ráthaíochta

8,7

Dliteanas neamhchistithe i leith bhuiséid reatha agus todhchaí an AE

17,3

Iomlán

16,1

61,3

10.

I gclárthréimhse 2007-2013, thug muid faoi deara go raibh na hionstraimí airgeadais i mbainistíocht chomhroinnte róchaipitlithe, gur bhain deacrachtaí le costas/táillí a rialú, caipiteal príobháideach a mhealladh agus tacaíocht airgeadais a athúsáid (21). D'ainneoin seo, beartaíonn an Coimisiún glacadh leis go leithdháilfear thart ar 21 bhilliún euro ar ionstraimí airgeadais ó chúig Chiste Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (22), thar chlárthréimhse 2014-2020.

11.

Tá ionstraim airgeadais nua nuálach (Tionscnamh FBM (23)) ar fáil i gclárthréimhse 2014-2020 do CFRE agus CETFT. Tá an cineál maoinithe (24) atá á sholáthar ag an Tionscnamh FBM do chistí SIE cosúil leis an gcineál maoinithe atá á sholáthar ag CEIS faoi SMEW (25). Cé go gcruthaítear an Tionscnamh FBM i gcomhthéacs forbairt réigiúnach agus go ndéileálann CEIS le críoch iomlán an AE, tá an dá ionstraim ag déileáil leis an gcomhthiomsú céanna FBManna.

Léiríonn úsáid CEIS go dáta go bhfuil acmhainn shuntasach infheistíochta ann fós

12.

D'fhonn an sprioc bunaidh 315 billún euro a bhaint amach, beidh ar BEI tionscadail bhreise, luach thart ar 60,8 mbilliún euro, a mhaoiniú i dtrí bliana.

13.

De réir BEI (26), amhail ar 30 Meitheamh 2016 (féach Graf 1):

bhí maoiniú le haghaidh oibríochtaí sínithe CEIS cothrom le 10,5 bhilliún euro (measadh go raibh an infheistíocht chomhiomlánaithe shlógtha cothrom le 66 bhilliún euro, thart ar 21 % den sprioc);

faoin bhFuinneog Bonneagair agus Nuálaíochta (IIW) (27), síníodh 4,72 bhilliún euro, a chomhfhreagraíonn go díreach do 9 % den sprioc (28);

bhí oibríochtaí sínithe Fhuinneog FBM (SMEW) (29) cothrom le 5,7 mbilliún euro (bhí 58 % den sprioc curtha i gcrích ag an infheistíocht chomhiomlánaithe shlógtha cheana féin);

tá an maoiniú príobháideach slógtha cothrom le 44,7 mbilliún euro (30).

Graf 1

Forbhreathnú ar Phunann CEIS an 30 Meitheamh 2016

Image

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí BEI an 30 Meitheamh 2016.

14.

Go ginearálta, tá méid reatha ráthaíocht CEIS leordhothánach chun leanúint le gníomhaíochtaí a mhaoiniú don dá bhliain amach romhainn. Baineann an eisceacht seo le hoibríochtaí fiachais SMEW (31), sa chás gur chinn an Coimisiún agus BEI píblíne d'iarratais ar mhaoiniú a agú ó ionstraimí airgeadais reatha do Shaoráid Ráthaíochta Iasachta (LGF) COSME agus do InnovFin — saoráid Ráthaíochta FBM (SMEG) Fís 2020.

15.

Tá roinnt beart glactha cheana féin ag an gCoimisiún agus ag Grúpa BEI chun déileáil leis an riosca a bhaineann le hídiú an mhaoinithe atá ar fáil do phunann fiachais SMEW (32):

mhéadaigh Bord Stiúrtha (SB) CEIS teorainn SMEW ó 2,5 go 3 bhilliún euro trí 500 milliún euro a ath-leithdháileadh ó IIW (33);

maidir le punann fiachais SMEW chomhaontaigh an Coimisiún agus BEI go n-úsáidfear na ranníocaíochtaí bliantúla AE, nuair a bheidh siad ar fáil, chun ráthaíocht an AE a chur ar fáil d'ionstraimí COSME LGF agus InnovFin SMEG, agus chun é a chomhshó chuig neamhchosaint dara caillteanas nó tráinsí idirurláir; agus

an úsáid atá á baint as ráthaíocht an AE a leathnú chuig ionstraim ráthaíochta EaSI (34) agus an ionstraim urrúsúcháin.

16.

Beartaíonn an Coimisiún an tréimhse infheistíochta a leathnú bliain go leith (ó Iúil 2019 go Nollaig 2020) (35) agus an spriocmhéid infheistíochta a mhéadú go dtí 500 billiún euro (36). Féadfar na conarthaí a shíniú dhá bhliain i ndiaidh na tréimhse infheistíochta (i.e. suas go dtí Nollaig 2022) i gcomparáid le bliain amháin faoi Rialachán reatha CEIS. Tugann BEI ar aire ina mheastóireacht, áfach, go bhfuil an t-am chun oibríochtaí CEIS a shíniú i ndiaidh a bhformheas cothrom le thart ar 90 lá (37).

Conclúidí

17.

Thíolaic an Coimisiún an Togra chun CEIS a leathnú bliain amháin i ndiaidh CEIS a sheoladh. Is beag fianaise atá ann go bhfuil bonn cirt leis an méadú beartaithe ar Ráthaíocht an AE ach amháin i gcás SMEW. Níor fhiosraigh an Coimisiún roghanna eile, cosúil le hath-leithdháileadh breise Ráthaíocht an AE idir an dá fhuinneog, nó ráthaíocht an AE a mhéadú do SMEW amháin. Bunaithe ar shonraí agus ar mheastacháin BEI, tá an ráthaíocht reatha leordhóthanach do thréimhse bhreise oibriúcháin do IIW, tréimhse ina bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar bhreisluach CEIS, mar atá bunaithe ag na comhreachtóirí. Chomh maith sin, d'fhéadfadh sé seo cabhrú leis an ilroinnt agus leis an bhforluí idir CEIS agus ionstraimí airgeadais eile a laghdú agus níos mó béime a leagan ar thosaíochtaí AE. Níl an tréimhse bhreise atá beartaithe do shíniú oibríochaí (dhá bhliain) i gcomhréir leis an gcleachtas reatha.

Ní léirítear meas ar phrionsabail na rialála níos fearr sa Togra agus sa Mheastóireacht Ráthaíochta

Critéir

18.

Is tosaíocht don AE é rialáil níos fearr (38). Ceanglaíonn sé ar an gCoimisiún “dianmheasúnú a dhéanamh ar thionchar na reachtaíochta atá á déanamh, lena n-áirítear leasuithe substainteacha bunaithe i rith an phróisis reachtaigh, ionas go mbeidh cinntí polaitiúla feasach agus fianaise-bhunaithe” (39). Tá ceanglas ann measúnú tionchair a dhéanamh ar thionscnaimh an Choimisiúin ar dóigh go mbeidh tionchair shuntasacha eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta acu, lena n-áirítear athbhreithnithe ar ghníomhartha dlíthiúla reatha nó cumarsáid bheartais (40).

19.

Ní mór go ndéanfaí measúnú i ngach meastóireacht ar gach tionchar suntasach eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh ag idirghabhálacha AE (le béim ar leith orthu siúd aitheanta sna measúnuithe tionchair roimhe seo) (41). Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagail 30 agus 140 den Rialachán Airgeadais go ndéanfar meastóireachtaí ex-ante do chláir chaiteachais agus d'ionstraimí airgeadais. Foráiltear sna treoirlínte rialáil níos fearr gur cheart go gcloídh meastóireachtaí le modheolaíocht sainmhínithe go soiléir agus láidir, a bhfuil sé mar aidhm léi torthaí oibiachtúla a sholáthar. Ní mór do mheastóireachtaí, measúnú a dhéanamh, ar a laghad, ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhtháthú agus breisluach AE nó míniú a thabhairt ar an gcúis nach ndearnadh é seo sa treochlár meastóireachta.

Níl measúnú tionchair ag gabháil leis an Togra

20.

Tá roinnt faisnéise i gcumarsáid an Choimisiúin an 1 Meitheamh 2016 (42) agus sa Mheabhrán Míniúcháin leis an Togra maidir le húsáid reatha CEIS, atá bunaithe ar thorthaí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara (43) agus meastóireachtaí inmheánacha. Ní hionann na doiciméid seo, áfach, agus measúnú tionchair chuimsithigh, dhéin, fhianaise-bhunaithe mar a shamhlaítear sna treoirlínte rialála níos fearr.

21.

Ina theannta sin, agus an phráinn a bhain le CEIS a sheoladh in 2015 á lua, ní dhearna an Coimisiún measúnú tionchair nó meastóireacht ex-ante ag an am sin. Mar a tugadh ar aire inár dTuairim Uimh. 4/2015 (44), measadh gur eisceacht é CEIS chomh fada is a bhain le ceanglas an Rialacháin Airgeadais, d'ainneoin go soláthraíonn buiséad an AE formhór an mhaoinithe don Chiste Ráthaíochta agus go gcruthóidh an ráthaíocht bhuiséadach do BEI dliteanais theagmhasacha shuntasacha do bhuiséad an AE.

22.

Dá bharr sin, tá CEIS gan mheasúnú agus anailís ar chúiseanna na bearna infheistíochta agus riachtanais an mhargaidh agus conas is fearr déileáil leo mar aon leis na comhlántachtaí le cláir agus ionstraimí airgeadais eile atá á maoiniú ag buiséad an AE agus conas is fearr forluí neamh-inmhianaithe a sheachaint.

Ní hionann meastóireachtaí an Choimisiúin agus BEI agus athbhreithniú ar fheidhmiú agus ar bhreisluach CEIS

23.

Cinntíonn an Coimisiún go bhfuil a mheastóireacht inmheánach maidir le húsáid ráthaíocht an AE agus feidhmiú an Chiste Ráthaíochta ag gabháil leis an Togra (féach mír 7). Is as ceanglas tuairiscithe ar leith i Rialachán CEIS a eascraíonn sé seo (45). Tá an méid sin ábhartha d'athrú beartaithe an ráta soláthair don Chiste Ráthaíochta (féach mír 34) ach níl sé ábhartha do ghnéithe eile den togra.

24.

I Meán Fómhair 2016, d'eisigh BEI a mheastóireacht féin ar fheidhmiú CEIS (mar a cheanglaítear le hAirteagal 18(1) de Rialachán CEIS), a chomhlánaigh meastóireacht an Choimisiúin. Déileáiltear i meastóireacht BEI “lena mhéid is atá CEIS deartha agus ag oibriú ar bhealach atá ag cabhrú lena éifeachtaí ionchasacha a bhaint amach” agus “dá réir sin, ní áirítear measúnú ar thorthaí agus ar thionchar CEIS” sa mheastóireacht. Cumhdaítear ann punann fholuiteach oibríochtaí CEIS (breisíocht agus incháilitheacht san áireamh), socruithe rialachais agus struchtúir eagraíochtúla, agus nósanna imeachta agus treoirlínte ábhartha tionscadail (46). Tá sé luaite ag BEI “go bhfuil sé róluath an mheastóireacht seo a úsáid chun breithiúnas deifnídeach a sholáthar maidir le feidhmiú CEIS” (47).

25.

Tá an Coimisiún tar éis a thiomnú chomh maith, sa Mheabhrán Míniúcháin atá leis an Togra (48), go soláthróidh sé meastóireacht neamhspleách ar chur i bhfeidhm Rialachán CEIS i Samhain 2016. Chomh maith leis sin, cumhdóidh an mheastóireacht neamhspleách feidhmiú CEIS, úsáid ráthaíocht an AE, agus an EIAH agus bainfear leas as torthaí mheastóireachtaí inmheánacha an Choimisiúin agus BEI.

Conclúidí

26.

Seoladh an Togra gan measúnú cuimsitheach tionchair (don dara huair) agus tá sé róluath chun tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil CEIS a thomhas agus teacht ar chonclúid maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil a chuspóirí á mbaint amach ag CEIS. Go háirithe, ba chóir go mbeadh na nithe seo a leanas cumhdaithe san fhaisnéis:

ionstraimí airgeadais reatha (agus earnálacha agus tairbhithe spriocdhírithe);

forluí idir na hionstraimí agus CEIS;

ailíniú le cuspóirí beartais an AE;

an scóip atá ann ilroinnt ionstraimí a laghdú;

bainistíocht riosca (agus tuairisciú maidir le dliteanais theagmhasacha do bhuiséad an AE).

27.

Ní dhearnadh an Mheastóireacht Ráthaíochta de réir phrionsabail na rialála níos fearr. Ní dhéantar measúnú in aon cheann den trí mheastóireacht thuasluaite ar thorthaí agus ar thionchar CEIS, mar nach bhfuil dóthain ama caite chun iad a aithint agus/nó a thomhas (49) (féach freisin mír 8). Mar gheall ar an uainiú, níl ach líon beag, más ann dóibh, táscairí maicreacnamaíocha ar fáil chun tionchar CEIS a thomhas. Ceistíonn muid scriosadh na forála a nascann leanúint, modhnú, nó foirceannadh CEIS le torthaí meastóireacht neamhspleách (féach mír 8).

Tá soláthar molta an Chiste Ráthaíochta i gcomhréir le meastachán nuashonraithe na gcaillteanas ionchasach

An Ciste Ráthaíochta

28.

Chun críche “maolán leachtachta a sholáthar óna n-íocfaí BEI i gcás glaoch ar ráthaíocht an AE” (50), tá Ciste Ráthaíochta bunaithe ag reachtóirí an AE (51). I Rialachán reatha CEIS tá spriocmhéid an Chiste Ráthaíochta socraithe ag 50 % d'oibleagáidí iomlána Ráthaíocht an AE (8 mbilliún euro). Sa Mheabhrán Míniúcháin leis an togra tosaigh (52) míníonn an Coimisiún go raibh an spriocráta seo bunaithe ar “thaithí ar nádúr na n-infheistíochtaí a mbeadh CEIS ag tacú leo”.

Tionchar ar bhuiséad an AE

29.

D'fhonn an spriocsholáthar 50 % a bhaint amach bhí sé riachtanach an caiteachas beartaithe ar dheontais faoi SCE thar 2014-2022 a laghdú 2,8 mbilliún euro agus 2,2 bhilliún euro d'Fhís 2020 trí úsáid a bhaint as 3 bhilliún euro ó chorrlaigh neamh-leithdháilte faoi uasteorainn chaiteachais an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (MFF).

30.

Soláthróidh íocaíochtaí ó bhuiséad an AE maoiniú don chiste seo sa tréimhse go dtí 2022. I Nollaig 2015 thiomnaigh an Coimisiún 1,4 bhilliún euro (53) d'íocaíochtaí sa chiste. Ag an 30 Meitheamh 2016 bhí beagnach 380 milliún euro íoctha ag an gCoimisiún leis an gCiste Ráthaíochta (as na híocaíochtaí 500 milliún euro beartaithe in 2016), a bhí infheistithe i mbannaí. Ní dhearnadh aon ghlaoch ar an gciste (54).

31.

Ina theannta sin, má shroicheann eisíocaíochtaí an spriocleibhéal, beidh dliteanas ionchasach neamhchistithe de thart ar 8 mbilliún euro do bhuiséad an AE mar thoradh ar CEIS (de bhreis ar an 8 mbilliún euro cumhdaithe ag an gCiste Ráthaíochta).

Riachtanais caillteanais ionchasaigh agus soláthair

32.

Beartaíonn an Coimisiún spriocráta chiste Ráthaíochta an AE a choigeartú ó 50 % go 35 % (55) d'oibleagáidí iomlána ráthaíocht an AE, agus tacaíonn sé leis an gconclúid seo ina Mheastóireacht Ráthaíochta.

33.

Bunaithe ar an 39 oibríocht do IIW a shínigh BEI amhail ar 30 Meitheamh 2016 agus ar na sonraí stairiúla do na hionstraimí faoi Fheabhsú SMEW mar aon leis na hathruithe beartaithe ar fho-fhuinneog fiachais SMEW (féach mír 15), bhí an meánráta soláthair a ríomh an Coimisiún cothrom le 33,4 % (56). Bhunaigh an Coimisiún a mheastóireacht ar ríomhanna caillteanais ionchasaigh do na punanna difriúla ar thoimhdí a mheas sé a bhí “coimeádach”.

34.

Is coigeartú é an laghdú 15 pointe céatadáin ar an spriocráta a laghdóigh an riosca go sáróidh an méid curtha i gCistí Ráthaíochta na caillteanais a bhaineann leis an gCiste Ráthaíochta. Dá réir sin, méadóidh sé an riosca nach mbeidh an méid curtha sa chiste Ráthaíochta leordhóthanach agus go mbeidh gá le glaoch breise ar an mbuiséad. Mhínigh an Coimisiún na toimhdí foluiteacha a bhaineann leis an togra atá déanta aige.

Conclúidí

35.

Tá teorainn curtha ag cruthú CEIS agus an Chiste Ráthaíochta le spriocráta 50 % ar an tsolúbthacht bhuiséadach in MFF 2014-2020 trí na corrlaigh neamh-leithdháilte faoi uasteorainn chaiteachais MFF a laghdú. Ina theannta sin, tá na buiséid bheartaithe d'Fhís 2020 agus SCE laghdaithe. Tá sé róluath deischostas na gciorruithe a comhaontaíodh in 2015 a mheas, de bhrí nach bhfuil an Coimisiún fós in ann tionchar CEIS, Fís 2020 nó SCE a mheas. [Dá mbeadh an Coimisiún tar éis glacadh leis na toimhdí céanna don togra tosaigh is a nglacann sé leo anois don togra leasaithe, bheadh tionchar maoinithe an Chiste Ráthaíochta ó bhuiséad an AE le breis is dhá bhliain anuas níos ísle.]

36.

Leis na hathruithe beartaithe, beidh an dliteanas ionchasach iomlán do bhuiséad an AE cothrom le 26 bhilliún euro (agus beidh thart ar 9 mbilliún euro de sin cumhdaithe ag an gCiste Ráthaíochta). Beidh dliteanais ionchasacha fós ann thar shaolré na punainne infheistíochta.

An tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag áibhéalú rioscaí CEIS

Sainmhínítear breisíocht go leathan sa togra

Critéir

37.

Sainítear “breisíocht” in Airteagal 5(1) de Rialachán CEIS (féach Bosca 1).

Bosca 1: Breisíocht — Airteagal 5(1) de Rialachán CEIS le hathruithe beartaithe (i gcló iodálach)

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “breisíocht” tacaíocht a bheith á tabhairt ag CEIS d'oibríochtaí a dhéileálann le teipeanna margaidh nó réitigh infheistíochta fo-optamacha agus nach bhféadfaí iad a dhéanamh sa tréimhse inar féidir le BEI, CEI nó faoi ionstraimí airgeadais reatha an Aontais gan tacaíocht CEIS, nó ní ar an mbonn céanna, ráthaíocht an AE a úsáid. Is iondúil go mbeidh próifíl riosca níos airde ag tionscadail a bhfuil CEIS ag tacú leo ná mar atá ag tionscadail a bhfuil gnáthoibríochtaí BEI ag tacú leo agus go mbeidh próifíl riosca fhoriomláin níos airde ag punann CEIS ná mar atá ag an bpunann infheistíochtaí a bhfuil BEI ag tacú léi de réir a ghnáthbheartais infheistíochta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Measfar go bhfuil breisíocht á soláthar ag na tionscadail a bhfuil CEIS ag tacú leo, le linn dóibh a ndícheall a dhéanamh fostaíocht agus fás inbhuanaithe a chruthú, má tá riosca luaite leo a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí speisialta BEI, mar atá sainmhínithe in Airteagal 16 de Reacht BEI agus i dtreoirlínte BEI um an mbeartas riosca creidmheasa.

D'fhonn déileáil níos fearr le teipeanna margaidh nó cásanna infheistíochta fo-optamacha, is iondúil go mbeidh tréithe cosúil le tánaistiú, rannpháirtíocht in ionstraimí comhroinnte riosca, saintréithe trasteorann, risíocht ar rioscaí sonracha nó gnéithe inaitheanta eile a bhfuil cur síos orthu in Iarscríbhinn II luaite le gníomhaíochtaí speisialta BEI a mbeidh CEIS ag tacú leo.

D'fhéadfadh CEIS tacú chomh maith le tionscadail BEI a bhfuil riosca níos ísle luaite leo ná an t-íosriosca faoi ghníomhaíochtaí speisialta BEI má cheanglaítear úsáid ráthaíocht an AE chun breisíocht a chinntiú mar a shainmhínítear sa chéad fho-alt den mhír seo.

Chomh maith leis sin, measfar go mbeidh breisíocht á soláthar ag na tionscadail a bhfuil CEIS ag tacú leo a bhfuil bonneagar fisiceach a nascann dhá Bhallstát nó níos mó san áireamh iontu nó leathnú bonneagar fisiceach nó seirbhísí atá nasctha le bonneagar fisiceach ó Bhallstát amháin go Ballstát amháin nó níos mó.

Tionchar ar Ghrúpa BEI

38.

I rith thréimhse cur chun feidhme CEIS, tá súil ag BEI (57) na méideanna iasachtaí a baineadh amach i ndiaidh mhéadú caipitil 2013 a chothú (58) (féach Graf 2). Beidh tionchar suntasach ag CEIS ar Ghníomhaíochtaí Speisialta  (59) BEI, gníomhaíochtaí a bhfuiltear ag súil a mhéadóidh ó 6,4 bhilliún euro in 2015 (60) go 16-20 billiún euro sa bhliain (ar riosca de chuid BEI féin é thart ar luach 2,5 bhilliún euro d'oibríochtaí sa bhliain) (61).

Graf 2

Méideanna iasachtaí stairiúla agus réamh-mheasta Ghrúpa BEI

Image

Foinse: CIE, bunaithe ar Phleananna Oibriúcháin Corparáideacha (COP) 2015-2017 agus 2016-2018 BEI.

39.

Tá sé luaite in Airteagal 5(1) “go measfar go soláthróidh na tionscadail a bhfuil CEIS ag tacú leo breisíocht má tá riosca luaite leo a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí speisialta BEI”. Ar an mbonn sin, measann BEI go bhfuil a Ghníomhaíochtaí Speisialta a bhfuil CEIS ag tacú leo breise de facto (62), gan aon cheanglas a léiriú (i) go ndéileálann siad le teip mhargaidh nó cásanna infheistíochta fo-optamacha agus (ii) nach bhféadfadh BEI, CEI iad a dhéanamh, nó nach bhféadfaí iad a dhéanamh faoi ionstraimí airgeadais reatha an Aontais, gan tacaíocht CEIS sa tréimhse (ní ar an mbonn céanna). Faoi Airteagal 5(1), féadfaidh CEIS tacú chomh maith le tionscadail a bhfuil próifíl riosca níos ísle luaite leo (e.g. iasachtú traidisiúnta/gnáth-iasachtú BEI seachas Gníomhaíochtaí Speisialta). Sa chás seo, ní mór go mbeadh na ceanglais bhreisíochta seo á gcomhlíonadh ag na tionscadail.

40.

Tá oibríochtaí á n-aicmiú ag BEI mar “Ghníomhaíochtaí Speisialta” ar bhonn roinnt fachtóirí cosúil le hacmhainneacht creidmheasa an iasachtaí, luach na ráthaíochtaí soláthartha, fad na hiasachta, castacht na struchtúr maoinithe, agus oibríochtaí i bhfoirm cothromais. Tá stádas na nGníomhaíochtaí Speisialta ag gabháil le hoibríochtaí uile CEIS sínithe faoi IIW go dtí an 30 Meitheamh 2016. Chomh maith leis sin, measann BEI go bhfuil gach oibríocht faoi SMEW comhsheasmhach leis an sainmhíniú ar Ghníomhaíochtaí Speisialta atá in CRPG.

41.

Tugann BEI ar aire ina thuarascáil meastóireachta “go bhféadfadh cásanna a bheith ann nuair nach mbeadh léargas á thabhairt ar bhreisíocht i bpróifíl riosca oibríochtaí, i.e. d'fhéadfaí struchtúir mhalartacha (struchtúir nach mbaineann an riosca céanna leo san áireamh) a mheas”. Luaitear sa tuarascáil, áfach, “i gcleachtas … déileálann BEI leis na critéir níos cuimsithí do bhreisíocht dá Ghníomhaíochtaí Speisialta, agus, dá réir sin, tá ceanglas Rialachán CEIS á shárú aige” (63).

Togra an Choimisiúin maidir le sainmhíniú ar Bhreisíocht

42.

Beartaíonn an Coimisiún na gnéithe a chuirfeadh ar chumas BEI oibríocht a cháiliú mar Ghníomhaíocht Speisialta a shoiléiriú in Airteagal 5 agus in Iarscríbhinn II de Rialachán CEIS agus go bhfoilseoidh an Coiste Infheistíochta an réasúnaíocht do na cinntí a mbeadh úsáid Ráthaíocht an AE á formheas acu (64), le béim ar an gcritéar breisíochta a chomhlíonadh.

43.

Chomh maith leis sin, beartaíonn an Coimisiún go measfar tionscadail trasteorann mar thionscadail bhreise de réir sainmhínithe (65).

Conclúidí agus tograí

44.

Tá riosca ann go gcruthóidh an úsáid atá á baint ag BEI as stádas Gníomhaíochta Speisialta atá coibhéiseach le breisíocht, i dteannta leis an mbrú an sprioc infheistíochta a bhaint amach, dreasacht chun úsáid a bhaint as struchtúir mhaoinithe atá níos casta ná mar is gá nó chun próifíl riosca a leithdháileadh nach gcomhfhreagraíonn le riosca dáiríre na hoibríochta. Scrúdóidh muid an tsaincheist seo in obair iniúchóireachta a dhéanfar do thuarascáil speisialta amach anseo.

45.

Éiríonn an sainmhíniú ar bhreisíocht níos casta nuair a chuirtear san áireamh tagairt do “bhonneagar fisiceach a nascann dhá Bhallstát nó níos mó nó leathnú bonneagar fisiceach nó seirbhísí atá nasctha le bonneagar fisiceach ó Bhallstát amháin go Ballstát amháin nó níos mó”.

46.

Beartaíonn muid:

a léiriú gur cheart go gcomhlíonfadh gach tionscadal a bhfuil CEIS ag tacú leis na critéir bhreisíochta sa chéad mhír den sainmhíniú ar bhreisíocht (féach Bosca 1) agus gur cheart an bonn don mheasúnú seo a dhoiciméadú;

an sainmhíniú ar bhreisíocht a choinneáil simplí agus ginearálta trí thagairtí do chásanna sainiúla cosúil le bonneagar fisiceach a sheachaint.

Glacann ríomh na héifeachta iolraitheora le hinfheistíocht nialasach gan CEIS

Critéir

47.

Baineann dúshlán le cinneadh a dhéanamh maidir leis na méideanna slógtha ag infheistíochtaí poiblí. Tá modheolaíocht (66) a bhfuil aonrú ranníocaíocht infheistíochtaí poiblí i gcistí breise a shlógadh mar aidhm léi beartaithe ag Coiste um Chúnamh Forbraíochta ECFE. Tá achoimre ar na príomhghnéithe le fáil thíos:

I gcás ráthaíochta soláthartha d'iasacht a bhfuil tionscadal á mhaoiniú aige meastar gurb é an iasacht ráthaithe an méid slógtha; ní ghlactar leis go bhfuil aon mhaoiniú breise seachas an iasacht giaráilte ag an ráthaíocht.

I gcás iasachtaí sindeacáite, tá na méideanna slógtha curtha i leith an infheisteora phoiblí agus shocraitheoir na hiasachta sindeacáite ar bhonn pro-rata; i bhfocail eile, aithnítear ranníocaíocht an tsocraitheora agus ní mheastar go bhfuil an méid iomlán slógtha dlite don infheisteoir poiblí.

I gcás infheistíochtaí cothromais, ní áirítear sna méideanna slógtha ag an infheisteoir poiblí aon réamh-infheistíochtaí; agus sa chás go bhfuil infheisteoirí poiblí iolracha i gceist tá na méideanna slógtha ón earnáil phríobháideach inchurtha i leith gach ceann de na hinfheisteoirí seo ar bhonn pro-rata.

Infheistíocht mheasta slógtha ag CEIS

48.

Ríomhtar a mhéid is atá cistí breise á slógadh ag CEIS ar bhonn “Modheolaíocht Iolraitheora CEIS” (67) an Bhoird Stiúrtha. Is é an Costas Infheistíochta Tionscadail (PIC) príomhghné na modheolaíochta seo. I gcás na n-iasachtaí infheistíochta agus na n-infheistíochtaí cothromais dhírigh, tomhaistear an PIC “ar an gcéad ásc mar chostas iomlán an tionscadail mar a shainmhínítear é i gcomhaontú iasachta BEI de réir ghnáth-mhodheolaíocht BEI” a bhreithníonn, fiú i ndiaidh roinnt coigeartuithe, an maoiniú iomlán a cuireadh ar fáil don tionscadal sa tréimhse chéanna le CEIS. “Mura mbaineann maoiniú BEI/CEIS ach le cuid amháin den tionscadal, áfach, ba cheart go mbeadh an costas infheistíochta cothrom leis an gcuid sin den tionscadal lena mbaineann an maoiniú”.

49.

Úsáideadh sainmhíniú cosúil ar ghiaráil agus ar an gcur chuige maidir leis an éifeacht iolraitheora a mheas d'ionstraimí airgeadais atá á maoiniú ag buiséad an AE. I gcás ionstraimí á mbainistiú go lárnach, is é an sainmhíniú atá ar ghiaráil sa Rialachán Airgeadais ó 2013 “[…] an méid maoinithe d'fhaighteoirí deiridh incháilithe arna roinnt ar mhéid ranníocaíocht an Aontais” (68). Inár dTuarascáil Speisialta Uimh. 19/2016 thug muid ar aire nuair a bhí an infheistíocht bhreise slógtha ag na hionstraimí airgeadais á ríomh, go mb'fhéidir go raibh an táscaire áibhéalta de bhrí nach bhfuil gach foinse maoinithe meallta ag tionscadal ag eascairt as ranníocaíocht an AE (69).

Conclúidí agus tograí

50.

Is é an riosca atá ann go bhfuil éifeacht iolraitheora CEIS áibhéalta, go háirithe i gcás na dtionscadal infheistíochta a thiomnaigh infheisteoirí nó atá páirteach i gcláir náisiúnta a bhí ann nó a fógraíodh sular seoladh CEIS fiú.

51.

Beartaíonn muid:

“Modheolaíocht Iolraitheora CEIS” a ailíniú leis an modheolaíocht a mhol ECFE, lena n-áirítear cuntas a dhéanamh ar na cásanna a bhfuil cur síos déanta orthu i mír 50;

tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an modheolaíocht chun struchtúir agus táirgí maoinithe nach raibh i bhfeidhm nuair a bunaíodh an mhodheolaíocht reatha a chumhdach; agus

an mhodheolaíocht nua a úsáid chun an príomhtháscaire feidhmíochta do CEIS a tháirgeadh agus léargas á thabhairt ar an gcaipiteal príobháideach a mealladh.

Tá deis ann roinnt gnéithe de rialachas agus trédhearcacht CEIS a shoiléiriú agus a fheabhsú

52.

Leagtar síos sa roinn seo ár dtuairmí maidir le roinnt tograí Coimisiúin chun creat dlíthiúil, rialachas agus trédhearcacht CEIS a neartú.

Forálacha maidir le gníomhaíochtaí eisiata agus dlínsí nach bhfuil ag comhoibriú

53.

Tacaíonn muid le togra an Choimisiúin foráil maidir le seachaint cánach a chur san áireamh (70) mar mhodh chun príomhghné den chreat dlíthiúil a neartú. Measann muid go bhfuil an fhoráil seo i gcomhréir lenár moladh i dTuarascáil Speisialta Uimh. 19/2016.

Tá riachtanas aitheanta ann dul i ngleic le míchothromaíochtaí geografacha agus comhchruinniú earnálach

Critéir

54.

Níl aon chuótaí geografacha nó earnálacha do CEIS agus tá tacaíocht do thionscadail éileamh-bhunaithe. Mar sin féin, ceanglaíonn treoirlínte infheistíochta CEIS “go seachnaítear comhchruinniú iomarcach earnálach agus geografach” (71) agus leagtar síos na teorainneacha dá leithéid de chomhchruinnithe i dTreoshuíomh Straitéiseach CEIS (72). Áirítear na comhchruinnithe geografacha agus earnálacha, miondealaithe de réir mhéid na n-oibríochtaí sínithe a bhfuil ráthaíocht an AE ag tacú leo, i measc péire de na príomhtháscairí monatóireachta do CEIS (73).

Úsáid CEIS go dáta

55.

Tugtar ar aire i dtuarascáil meastóireachta BEI (74) míchothromaíochtaí geografacha (75) agus comhchruinnithe earnálacha (76) i bpunann IIW. Tá maoiniú faoi IIW comhchruinnithe (63- %) i dtrí Bhallstát (77). Níl aon teorainneacha comhchruinnithe leagtha síos do SMEW, ach is ceithre Bhallstát (78) atá freagrach as 44 % den mhaoiniú.

56.

Léirítear i dtuarascáil meastóireachta BEI (79), le cois staidéar eile a rinneadh le déanaí, i measc na gcúiseanna ionchasacha, imscaradh tapa CEIS agus nuair a shroichtear an sprioc infheistíochta 315 bhilliún euro, a dhreasaíonn BEI chun tús áite a thabhairt do thionscadail iontaofa ó thaobh brabúis i dtíortha le margaí airgeadais forbartha, a bhfuil d'acmhainn acu ionstraimí airgeadais a úsáid agus tionscadail ardriosca a struchtúrú. (80)

57.

Ina theannta sin, beartaíonn an Coimisiún (81) ról EIAH a ath-shainmhíniú i ndáil le hullmhú tionscadal, béim ar thionscadail dírithe ar ghníomhaíocht ar son na haeráide, agus a ranníocaíocht i ngnóthachtáil éagsúlaithe earnálaigh agus gheografaigh, mar aon le tacaíocht chomhairleach a sholáthar ar leibhéal áitiúil.

58.

Áirítear i dtogra an Choimisiúin go bhfuil talmhaíocht, iascach agus dobharshaothrú incháilithe do thacaíocht CEIS (82). Ach d'fhéadfadh tionscadail atá oiriúnach do mhaoiniú CEIS a bheith incháilithe do thacaíocht faoi CETFT freisin. Ba é a bhí mar chonclúid lenár dTuarascáil Speisialta Uimh. 5/2015 ar Ionstraimí Airgeadais i bhForbairt Tuaithe go raibh ionstraimí airgeadais a bhí ar fáil faoi CETFT go dtí seo róchaipitlithe agus mírathúil.

Conclúidí

59.

Fáiltíonn muid roimh thogra an Choimisiúin gníomhaíocht a dhéanamh i ndáil le míchothromaíochtaí in úsáid cistí. Tá ról lárnach ag EIAH i ndéileáil leis na míchothromaíochtaí geografacha agus earnálacha ach tá sé róluath teacht ar thuairim maidir le héifeachtacht EIAH go ginearálta agus i dtaca leis seo go háirithe.

60.

Bunaithe ar thaithí roimhe seo agus ar fhoinsí maoinithe malartacha a bheith ann, ceistíonn muid breisluach mhaoiniú CEIS do thionscadail sna hearnálacha talmhaíochta, iascaigh agus dobharshaothraithe.

Cur i bhfeidhm rialacha Státchabhrach a shoiléiriú do thionscadail atá á maoiniú ag CEIS agus ag cistí struchtúrtha

61.

Ní Státchabhair iad na hacmhainní arna ndeonú go díreach ag BEI le linn rialachán CEIS a chur chun feidhme faoi Airteagal 107(1) CFAE, agus ní gá don Choimisiún maoiniú CEIS a fhormheas faoi rialacha Státchabhrach an AE (83). Mar sin féin, d'fhéadfadh tionscadail a bhfuil CEIS ag tacú leo tairbhe a bhaint freisin as cómhaoiniú ó Bhallstáit AE lena n-áirítear trí chistí SIE (84) arb ionann iad, ach amháin mura ndéantar iad a dheonú ar théarmaí margaidh, agus Státchabhair atá le formheas ag an gCoimisiún ar bhonn a chreata Státchabhrach (85).

62.

Tá sé á mholadh againn go ndéanfaí soiléiriú ar an tslí a ndéileáltar le cuspóirí státchabhrach oibríochtaí CEIS atá á gcómhaoiniú ó chistí atá á rialú ag Ballstáit, cistí SIE san áireamh.

Riachtanas aitheanta do rialachas níos soiléire agus níos sruthlínithe

Critéir

63.

Ionas go bhfeidhmeoidh CEIS go héifeachtach, tá sé riachtanach go bhfuil socruithe rialachais sruthlínithe ina sainmhínítear go soiléir róil agus freagrachtaí faoi seach an Choimisiúin agus BEI, agus iad siúd ceaptha acu, i bpróiseas cinnteoireachta CEIS, le dóthain soláthair á dhéanamh freisin chun neamhspleáchas a chinntiú agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

Socruithe rialachais CEIS

64.

Tá struchtúr rialachais CEIS (86) comhdhéanta de: Bord Stiúrtha, Coiste Infheistíochta, Stiúrthóir Bainistíochta agus Leas-Stiúrthóir Bainistíochta (féach Iarscríbhinn I). Is ann do struchtúr rialachais CEIS i dteannta bainistíocht eagraíochta agus saolré tionscadail agus níor chóir go gcuirfeadh sé isteach ar phróiseas cinnteoireachta Ghrúpa BEI (87).

An Bord Stiúrtha

65.

Ba in Iúil 2015 a cruthaíodh Bord Stiúrtha CEIS go foirmiúil. Tarraingíodh aird i meastóireacht BEI ar an bpointe go bhfuil triúr as ceathrar de Chomhaltaí Bhord Stiúrtha CEIS ar Bhord Stiúrthóirí BEI nó CEI chomh maith agus sa cháil sin, go nglacann siad páirt i bhformheas straitéisí agus tionscadal BEI nó CEI, tionscadail CEIS san áireamh (88).

66.

Leagtar béim i meastóireacht BEI ar an bpointe go bhféadfaí “tuairisciú, cuntasacht agus idirghníomhaíocht ghinearálta idir an Stiúrthóir Bainistíochta (89) agus an Bord Stiúrtha” a fheabhsú (90).

An Coiste Infheistíochta

67.

Thug an Bord Stiúrtha roghnú chomhaltaí an Choiste Infheistíochta chun críche i Nollaig 2015 agus tá an Coiste i mbun oibriúcháin ó Eanáir 2016. I rith na hidirthréimhse idir Iúil 2015 agus Eanáir 2016, chomhlíon an Coimisiún oibleagáidí an Choiste Infheistíochta agus thug an t-údarú ionstraimí CEI agus tionscadail formheasta ag Bord BEI a áireamh i bpunann faoi ráthaíocht CEIS. Príomhcheanglais do chomhaltaí (91) an Choiste Infheistíochta iad neamhspleáchas agus easpa coinbhleachta leasa.

68.

Sa saolré tionscadail, déanann an Coiste Infheistíochta idirghabháil idir Coiste Bainistíochta BEI agus formheas Bhord BEI ar an oibríocht chun “tacaíocht ráthaíocht an AE d'oibríochtaí BEI” a fhormheas. Chun na críche seo, úsáideann an Coiste Infheistíochta scórchlár táscairí (92) ullmhaithe ag seirbhísí BEI do gach tionscadal (féach míreanna 78 agus 79).

69.

Cuirfidh BEI liosta na gcinntí ar fad déanta ag an gCoiste Infheistíochta ag diúltú d'úsáid ráthaíocht an AE faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, faoi dhó sa bhliain, faoi réir diancheanglais rúnda (93). Dheimhnigh an Coimisiún agus Grúpa BEI amhail ar an 30 Meitheamh 2016 nach raibh aon diúltú i gceist. Laistigh de IIW, áfach, cuireadh trí oibríocht ar ceal (lena n-áirítear ceann i ndiaidh síniúcháin) agus laistigh den fhuinneog SMEW rinneadh oibríocht amháin a thréigean.

Conclúidí

70.

Fáiltíonn muid roimh thogra an Choimisiúin chun na forálacha (94) a bhaineann le coinbhleacht leasa a bheith á gcur in iúl ag comhaltaí an Choiste Infheistíochta a neartú.

71.

Tugann muid ar aire freisin go dtarraingítear aird i meastóireacht BEI ar an bpointe gur cheart breis soiléirithe agus sruthlínithe a dhéanamh ar róil agus ar fhreagrachtaí chomhlachtaí rialaithe CEIS mar go bhfuil siad casta.

72.

Mar atá sé, tá róil éagsúla agus difriúla ag an gCoimisiún agus ag BEI maidir le CEIS agus tá raon leathan freagrachtaí eile orthu freisin. Tá an Coimisiún i mbun bainistíochta an Chiste Ráthaíochta agus tá ionadaíocht aige ar Bhord Stiúrtha CEIS, atá freagrach as treoshuíomhanna straitéiseacha a leagan síos do CEIS agus as an gCoiste Infheistíochta a roghnú agus a cheapadh. Chomh maith leis sin, is comhalta é an Coimisiún de Bhord Stiúrthóirí BEI agus téitear i gcomhairle leis sula bhformheasann BEI gach oibríocht maoinithe agus infheistíochta (95). Idir an dá linn, déantar ionadaíocht ar BEI ar Bhord Stiúrtha CEIS agus tá sé freagrach freisin as bainistíocht agus cur chun feidhme oibríochtaí CEIS.

73.

Ciallaíonn an t-idirchaidreamh casta idir an Coimisiún agus BEI, agus idir na daoine atá ceaptha acu faoi seach laistigh de phróiseas cinnteoireachta CEIS, go bhfuil sé casta, chun críocha cuntasachta, a dhéanamh amach cé ar a bhfuil an fhreagracht deiridh d'údaráis bhuiséadacha agus reachtacha AE maidir le feidhmíocht agus bainistíocht riosca CEIS agus coinbhleachtaí leasa ionchasacha a aithint idir róil agus freagrachtaí CEIS agus neamh-CEIS.

Ba chóir go mbeadh roghnú oibríochtaí CEIS níos trédhearcaí

Critéir

74.

Tá sé riachtanach go ndéantar — agus gur léir go ndéantar — roghnú oibríochtaí CEIS — ar bhealach neamhspleách, oscailte agus trédhearcach, go háirithe lena léiriú go bhfuil breisíocht na n-infheistíochtaí curtha i gcrích.

75.

Leag Parlaimint na hEorpa béim (96) ar an ngá go mbeadh CEIS ag feidhmiú go héifeachtach, go hiomlán trédhearcach agus ar bhealach cothrom agus i gcomhréir le critéir a shainordaithe agus a rialacháin, agus go mbeadh dlúthchomhar agus forléargas molta oibríochtaí CEIS á ndéanamh ag an bParlaimint agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ina theannta sin, d'áitigh sé an gá a bhí le hardleibhéil trédhearcachta agus cuntasachta institiúidí a bhaint amach trí nochtadh poiblí réamhghníomhach faisnéis uileghabhálach agus fhónta bhuiséadach agus rochtain ar shonraí airgeadais a bhaineann le tionscadail atá á maoiniú ag BEI a chinntiú.

Trédhearcacht oibriú an Bhoird Stiúrtha agus an Choiste Infheistíochta

76.

Ceanglaíonn Airteagal 7 de Rialachán CEIS ar Bhord Stiúrtha CEIS miontuairiscí a gcruinnithe a nochtadh agus ar an gCoiste Infheistíochta na cinntí a bhfuil formheas úsáid ráthaíocht an AE mar thoradh orthu a chur ar fáil go poiblí agus go héasca. Tá siad seo foilsithe (97).

77.

Áirítear i gcinntí foilsithe an Choiste Infheistíochta tuairisc bhunúsach ar oibríochtaí formheasta CEIS. Ní mínítear iontu an chúis a bhí le ráthaíocht an AE a dheonú, nó breisíocht nó breisluach AE oibríocht ar leith.

78.

Sonraítear i Rialachán CEIS “go n-úsáidfidh an Coiste Infheistíochta […] an scórchlár d'fhonn measúnú neamhspleách agus trédhearcach ar an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as ráthaíocht an AE a chinntiú” (98).

79.

Níl na scórchláir do na hoibríochtaí formheasta foilsithe agus níor fhoilsigh BEI ach faisnéis bhunúsach (uaireanta as dáta) maidir le hoibríochtaí CEIS. Eascraíonn saincheisteanna cuntasachta agus trédhearcachta as seo.

Conclúidí

80.

Fáiltíonn muid roimh na tograí a mbeidh an méid seo a leanas mar thoradh orthu:

ba cheart go soláthródh cinntí Choiste Infheistíochta CEIS na cúiseanna maidir le tacaíocht a dheonú faoi ráthaíocht an AE le béim ar leith ar na critéir bhreisíochta a chomhlíonadh (99);

ba chóir na scórchláir d'oibríochtaí CEIS faoi ráthaíocht an AE (100) a fhoilsiú a luaithe a sínítear iad.

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg an 11 Samhain 2016.

Don Chúirt Iniúchóirí

Klaus-Heiner LEHNE

Uachtarán


(1)  COM(2016) 597 final an 14 Meán Fómhair 2016.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129)

(3)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Lárionad Comhairliúcháin maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus a leasaíonn Rialacháin (AE) Uimh. 1291/2013 agus (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1) (“Rialachán CEIS”).

(4)  SWD(2016) 297 final/2 an 22 Meán Fómhair 2016 agus SWD(2016) 298 final an 14 Meán Fómhair 2016.

(5)  IO C 121, 15.4.2015, lch. 1.

(6)  SWD(2016) 297 final/2.

(7)  De réir Airteagal 18(2) de Rialachán CEIS, ceanglaíodh ar an gCoimisiún an Mheastóireacht Ráthaíochta a ullmhú agus é a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 5 Eanáir 2017, agus tuairim na Cúirte Iniúchóirí ag gabháil leis.

(8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme an Choimisiúin 2014/99/AE (IO L 50, 20.2.2014, lch. 22).

(9)  Fonóta 10 de SWD(2016) 297 final/2, lch. 7.

(10)  Airteagail 5 agus 6 de Rialachán CEIS.

(11)  BEI, “Meastóireacht ar fheidhmiú an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS)”, Meán Fómhair 2016 (“meastóireacht BEI”).

(12)  http://ec.europa.eu/smart-regulation/guidelines/toc_guide_en.htm.

(13)  Airteagal 1(5) den Togra lena leasaítear Airteagal 9(3) de Rialachán CEIS.

(14)  Airteagail 1(1) agus 1(7) den Togra lena leasaítear Airteagail 4(2) agus 11(1) faoi seach de Rialachán CEIS.

(15)  Airteagal 1(10) den Togra lena scriostar Airteagal 18(7) de Rialachán CEIS.

(16)  Airteagal 1(7) den Togra lena leasaítear Airteagal 11(1) de Rialachán CEIS.

(*1)  Bunaithe ar na tuarascálacha ar an gcur chun feidhme is deireanaí atá ar fáil.

(*2)  Bunaithe ar an togra 500 milliún euro a aistriú ó ionstraimí airgeadais SCE chuig an soláthar do Chiste Ráthaíochta CEIS agus 1,15 bhilliún euro chuig deontais (SWD(2016) 299 final an 14 Meán Fómhair 2016, lch. 23).

(*3)  Bunaithe ar an leasú atá beartaithe ar Rialachán CEIS.

(17)  Maidir le hionstraimí airgeadais CFRE agus CSE, bhí ranníocaíocht chomhfhreagach iomlán an AE íoctha ag an 31 Nollaig 2015 cothrom le 11,6 bhilliún euro, agus ba 8,5 bhilliún euro (73 %) a chuaigh chuig na tairbhithe deiridh. Tá na méideanna sin ag comhfhreagairt do thréimhse cur chun feidhme naoi mbliana (2007-2015) (EGESIF_16-0011-00, Achoimre ar an dul chun cinn déanta sna hionstraimí innealtóireachta airgeadais a mhaoiniú agus a chur chun feidhme tuairiscithe ag na húdaráis bhainistíochta de réir Airteagal 67(2)(j) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 210, 31.7.2006, lch. 25-78), lch 66).

(18)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 5/2015 (http://eca.europa.eu).

(19)  Do chlárthréimhse 2014-2020 mheas muid go mbeadh an buiséad táscach do na hionstraimí airgeadais i mbainistíocht indíreach cothrom le 7,4 bhilliún euro (An tuarascáil bhliantúil a bhaineann le bliain airgeadais 2015, Fíor 2.10 (IO C 375, 13.10.2016)).

(20)  Ar an 31 Nollaig 2014 bhí ranníocaíocht fhoriomlán an AE do chlárthréimhse 2007-2013 d'ionstraimí airgeadais i mbainistíocht indíreach cothrom le beagnach 3,8 mbilliún euro (gan saoráidí measctha a áireamh) (COM(2015) 565 final an 13 Samhain 2015, lch. 4).

(21)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 19/2016 agus Tuarascáil Speisialta Uimh. 5/2015 (http://eca.europa.eu).

(22)  SWD(2016) 299 final an 14 Meán Fómhair 2016, lch. 24.

(23)  D'fhéadfadh an leithdháileadh cistí ón ionstraim seo dul chomh fada le 8,5 bhilliún euro ó ranníocaíocht CFRE agus CETFT ag leibhéal AE (Airteagal 39 de RFC).

(24)  Maidir le FBManna amháin, féadfaidh an ionstraim ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte a sholáthar do phunanna fiachais nó féadfaidh an ionstraim oibríochtaí a mhaoiniú trí urrúsú.

(25)  Tá InnovFin SMEG (Saoráid Ráthaíochta FBM Fís 2020), a thairbhíonn as Feabhsú CEIS faoi SMEW, ar cheann de na hamhantraithe i dTionscnamh FBM.

(26)  Meastóireacht BEI, Tábla 2, lch. 5.

(27)  Faoi IIW, bhí úsáid Ráthaíocht an AE teoranta do 13,5 bhilliún euro (11 bhilliún euro mar phíosa céadchaillteanais don fhophunann Fiachais agus 2,5 bhilliún d'oibríochtaí i bhfoirm cothromais) agus 2,5 bhilliún euro ó acmhainní BEI d'infheistíochtaí pari-passu in oibríochtaí cothromais.

(28)  Ina theannta sin, i dTuarascáil Oibriúcháin Lár Bliana CEIS ag dáta tuairiscithe an 30 Meitheamh 2016, measann BEI go mbeidh úsáid ráthaíocht an AE á formheas ag an gCoiste Infheistíochta (IC) chun maoiniú breise 14,5 bhilliún euro faoin 30 Meitheamh 2017 a sholáthar d'oibríochtaí IIW.

(29)  Faoi SMEW, leithdháileadh 1,25 bhilliún euro de Ráthaíocht an AE ar na hoibríochtaí ráthaíochta a fheabhsú faoi COSME LGF (Clár Saoráid Ráthaíochta Iasachta le haghaidh Iomaíochais Fiontar Beag agus Meánmhéide) agus InnovFin SMEG agus 1,25 bhilliún euro ar an bpunann cothromais. Tosófar ar an ráthaíocht 1,25 bhilliún euro do phunann cothromais SMEW a úsáid sa dara leath de 2016 do Tháirge Cothromais nuafhorbartha SMEW. Ina theannta sin, leithdháil BEI 2,5 bhilliún euro óna acmhainní féin ar shainordú Acmhainní Caipitil Riosca (RCR) chuig CEI.

(30)  Tuarascáil Oibriúcháin Lár Bliana CEIS ag dáta tuairiscithe an 30 Meitheamh 2016.

(31)  Measann an Coimisiún go n-úsáidfidh CEI ráthaíocht an AE atá leithdháilte ar phunann fiachais SMEW faoi dheireadh 2017 (SWD(2016) 297 final/2, lch. 17).

(32)  Leithdháileadh 1,25 bhilliún euro de Ráthaíocht an AE i dtús báire ar Fheabhsú COSME LGF agus InnovFin SMEG.

(33)  Airteagal 7(3) den Leasú agus de Chomhaontú Athráitis Bhainistíocht an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus deonú ráthaíocht an AE (“Comhaontú athbhreithnithe CEIS”).

(34)  Clár an AE um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI).

(35)  Airteagal 1(5) den Togra lena leasaítear Airteagal 9(3) de Rialachán CEIS.

(36)  Roinn 1 den Iarscríbhinn leis an Togra lena leasaítear Roinn 2 d'Iarscríbhinn II de Rialachán CEIS.

(37)  Meastóireacht BEI, Fíor 9, lch. 30.

(38)  Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún: “Rialáil níos fearr ar mhaithe le torthaí níos fearr — Clár Oibre AE” (COM(2015) 215 final an 19 Bealtaine 2015).

(39)  http://europa.eu/rapid/press-release_IP-15-4988_en.htm.

(40)  I gcás na cumarsáide beartais go sonrach, braithfidh an ceanglas measúnú tionchair (agus doimhne na hanailíse) a dhéanamh go príomha ar an leibhéal uaillmhéine agus ar mhéid an ghealltanais bheartaithe agus a mhéad is atá sé ina cheangal ar an gCoimisiún. Is dóigh go n-éileoidh cumarsáid ag fógairt gealltanais uaillmhianacha (cosúil le straitéis deich mbliana chun spriocanna comhshaoil áirithe a bhaint amach), mar shampla, measúnú tionchair mar gur dócha go mbeidh tionchair a leithéid sin de ghealltanas suntasach agus inaitheanta go forleathan cheana féin ag céim ghinearálta ceapadh beartas. (http://ec.europa.eu/smart-regulation/guidelines/tool_5_en.htm).

(41)  http://ec.europa.eu/smart-regulation/guidelines/ug_chap6_en.htm.

(42)  Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún: “An Eoraip i mbun infheistíochta arís — Breithniú ar an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus ar na chéad chéimeanna eile” (COM(2016) 359 final an 1 Meitheamh 2016).

(43)  D'eagraigh Bord Stiúrtha CEIS an chéad chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ar an 7 Meán Fómhair 2016, agus bhí breis is 30 rannpháirtí páirteach ann (sochaí shibhialta, meithleacha machnaimh, comhlachais phríobháideacha agus ón earnáil bhaincéireachta). Eagraíodh plé painéil a chlúdaigh réimsí cosúil le cur chun feidhme CEIS faoi IIW agus SMEW agus treoshuíomh straitéiseach CEIS.

(44)  Tuairim Uimh. 4/2015, mír 10.

(45)  Airteagal 18(2) de Rialachán CEIS.

(46)  Meastóireacht BEI, Roinn 1.3, lch. 3.

(47)  Achoimre Feidhmiúcháin mheastóireacht BEI.

(48)  COM(2016) 597 final an 14 Meán Fómhair 2016, lch. 6.

(49)  http://ec.europa.eu/smart-regulation/guidelines/toc_guide_en.htm.

(50)  Airteagal 12 de Rialachán CEIS.

(51)  Ar an 21 Eanáir 2016, ghlac an Coimisiún Cinneadh C(2016) 165 a d'fhormheas treoirlínte bainistíochta sócmhainní an Chiste Ráthaíochta.

(52)  COM(2015) 10 final an 13 Eanáir 2015, lch. 5.

(53)  Ath-leithdháileadh an méid seo ó línte buiséid SCE (790 milliún euro), H2020 (70 milliún euro) agus ITER (490 milliún euro).

(54)  SWD(2016) 297 final/2, lch. 17.

(55)  Airteagal 1(8) den Togra lena leasaítear Airteagal 12(5) de Rialachán CEIS.

(56)  SWD(2016) 297 final/2, Tábla 4, lch. 19.

(57)  Pleananna Oibriúcháin Corparáideacha BEI 2015-2017.

(58)  Ar an 31 Nollaig 2012 d'fhormheas na Ballstáit méadú 10 mbilliún euro ar chaipiteal scairbhisigh chun cur ar chumas BEI suas le 60 billiún euro in iasachtaí fadtréimhseacha breise a sholáthar do thionscadail atá inmharthana ar bhonn eacnamaíoch: I rith na tréimhse 2013-2015, mar thoradh ar an méadú caipitil, mhéadaigh méideanna iasachtaí BEI ó 51 bhilliún euro in 2012 go breis is 70 billiún euro sa bhliain.

(59)  Sainmhínítear Gníomhaíochtaí Speisialta in Airteagal 16 de Reacht BEI agus i dTreoirlínte BEI um an mBeartas Riosca Creidmheasa (CRPG), agus áirítear ina measc (i) oibríocht iasachta agus ráthaíochta le grádú iasachta D- nó faoina bhun; (ii) oibríochtaí cothromais agus i bhfoirm cothromais.

Áirítear sna Gníomhaíochtaí Speisialta oibríochtaí ar riosca de chuid BEI féin iad (riosca níos airde) agus oibríochtaí cumhdaithe ag maolú riosca creidmheasa punainne (comhroinnt riosca) d'ionstraimí reatha (e.g. SARR, SCE, etc.) agus CEIS.

(60)  Tuarascáil Airgeadais 2015 BEI, lch. 10

(61)  Plean Oibriúcháin Chorparáidigh BEI 2016-2018, lch. 14.

(62)  Meastóireacht BEI, lch 23.

(63)  Meastóireacht BEI, lch. 16.

(64)  Airteagal 1(4) den Togra, lena leasaítear Airteagal 7(12) de Rialachán CEIS.

(65)  Airteagal 1(2) den Togra, lena leasaítear Airteagal 5(1) de Rialachán CEIS.

(66)  ECFE, “Modheolaíochtaí chun méideanna slógtha ón earnáil phríobháideach ag idirghabhálacha oifigiúla forbartha airgeadais a thomhas”, DCD/DAC/STAT(2015)8, 24 Feabhra 2015.

(67)  Ríomh Mhodheolaíocht Iolraitheora CEIS, 26 Deireadh Fómhair 2015 (http://www.eib.org/attachments/strategies/efsi_steering_board_eif_efsi_multiplier_methodology_calculation_en.pdf).

(68)  Airteagal 223 de rialacha cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais.

(69)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 19/2016, mír 70.

(70)  Airteagal 1(12) den Togra, a chuirtear in ionad Airteagal 22(1) de Rialachán CEIS.

(71)  Iarscríbhinn II le Rialachán CEIS, Roinn 8.

(72)  Leagtar síos i dTreoshuíomh Straitéiseach CEIS, 15 Nollaig 2015, teorainn comhchruinnithe gheografaigh IIW de 45 % in aon trí Bhallstát agus teorainn comhchruinnithe tháscaigh earnálaigh de 30 % thar an tréimhse infheistíochta. (http://www.eib.org/attachments/strategies/efsi_steering_board_efsi_strategic_orientation_en.pdf).

(73)  Sceideal II de Chomhaontú athbhreithnithe CEIS.

(74)  Meastóireacht BEI, Ranna 2.2 agus 2.3.

(75)  Tá 92 % de mhaoiniú CEIS comhchruinnithe in AE-15, agus níl ach 8 % in AE-13.

(76)  Leithdháiltear 46 % de mhaoiniú CEIS ar an earnáil fuinnimh agus 19 % ar an earnáil iompair.

(77)  An Ríocht Aontaithe (29 % nó 1 369 milliún euro), an Iodáil (24 % nó 1 152 mhilliún euro) agus an Spáinn (10 % nó 470 milliún euro).

(78)  An Iodáil (15 % nó 903 mhilliún euro), an Fhrainc (11 % nó 623 mhilliún euro), an Ghearmáin (10 % nó 586 mhilliún euro) agus an Ríocht Aontaithe (8 % nó 488 milliún euro).

(79)  Meastóireacht BEI, Roinn 2.2, lch. 3.

(80)  Rubio, E., Investment in Europe: making the best of the Juncker plan, Institiúid Delors, Páras, Beirlín, 2016, lch. 49-50.

(81)  Airteagal 1(9) den Togra lena leasaítear Airteagal 14 de rialachán CEIS.

(82)  Airteagal 1(5) den Togra lena leasaítear Airteagal 9 de Rialachán CEIS.

(83)  Bileog Eolais CE “Plean Infheistíochta don Eoraip: Ceisteanna agus Freagraí” arna dhátú 20 Iúil 2015.

(84)  Féach ar Thuarascáil Speisialta Uimh. 24/2016 (http://eca.europa.eu).

(85)  ABER, FIBER agus GBER (féach ar an nGluais — Iarscríbhinn II).

(86)  Airteagal 7 de Rialachán CEIS.

(87)  Aithris 29 de Rialachán CEIS.

(88)  Meastóireacht BEI, lch. 26-27.

(89)  Cé atá i mbun cathaoirleachta ar an gCoiste Infheistíochta.

(90)  Meastóireacht BEI, lch. 26.

(91)  Airteagal 7(9) de Rialachán CEIS agus Airteagal 5(12) de Chomhaontú athbhreithnithe CEIS.

(92)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1558 an 22 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2017 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle trí bhunú scórchlár táscairí chun Ráthaíocht an AE (IO L 244, 19.9.2015, lch. 20) a chur i bhfeidhm. 20).

(93)  Airteagal 7(12) de Rialachán CEIS.

(94)  Airteagal 1(4) den Togra, lena leasaítear Airteagal 7 de Rialachán CEIS.

(95)  Airteagal 19 de Reacht BEI.

(96)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2016 ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) — Tuarascáil Bhliantúil 2014 (2015/2127(INI)).

(97)  http://www.eib.org/efsi/governance/efsi-steering-board/minutes.htm;

http://www.eib.org/efsi/governance/efsi-investment-committee/decisions.htm.

(98)  Iarscríbhinn II de Rialachán CEIS, Roinn 5.

(99)  Airteagal 1(4) den Togra lena leasaítear Airteagal 7(12) de Rialachán CEIS.

(100)  Airteagal 1(14) den Togra lena leasaítear Iarscríbhinn II de Rialachán CEIS.


IARSCRÍBHINN I

STRUCHTÚR RIALACHAIS CEIS

AN BORD STIÚRTHA

Airteagal 7(3) de Rialachán CEIS agus Airteagal 4 de Chomhaontú CEIS

ceathrar chomhaltaí ann, triúr ceaptha ag an gCoimisiún agus comhalta amháin ceaptha ag BEI. Toghtar Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha as measc ionadaithe an Choimisiúin.

Déanann an Bord Stiúrtha cinntí trí chomhthoil agus is é an córam a bheidh riachtanach beirt chomhaltaí ón gCoimisiún agus comhalta de BEI.

Stiúradh straitéiseach Bhord Stiúrtha CEIS maidir le húsáid ráthaíocht an AE, lena n-áirítear maidir le leithdháileadh ráthaíocht an AE, beartais agus nósanna imeachta oibriúcháin, agus próifíl riosca CEIS.

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Chomhaontú CEIS, bunaíonn Bord Stiúrtha CEIS teorainneacha táscacha comhchruinnithe earnálacha agus geografacha, tugann sé treoir maidir le leithdháileadh oibríochtaí, coigeartaíonn sé an meascán tionscadal ag féachaint d'earnálacha agus tíortha, déanann sé athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme CEIS mar aon le tuairisciú bliantúil oibriúcháin agus airgeadais ar Oibríochtaí CEIS, ceapann sé comhaltaí an Choiste Infheistíochta, roghnaíonn sé na hiarrthóirí do phost an Stiúrthóra Bainistíochta agus an Leas-Stiúrthóra Bainistíochta, déanann sé cinntí maidir le méid na Punainne Céadchaillteanais, sonraíonn sé beartais agus cinneann sé na rialacha is infheidhme maidir le hoibríochtaí le hArdáin Infheistíochta, Bainc Náisiúnta le haghaidh Spreagtha agus cistí, cinneann sé maidir le rannpháirtíocht tríú páirtithe in CEIS, formheasann sé i gcomhpháirt leis an Stiúrthóir Bainistíochta, i ndiaidh comhairliúcháin leis an gCoiste Infheistíochta, na Táirgí SMEW agus cuireann sé na tascanna eile atá sonraithe i gComhaontú CEIS i gcrích.

AN COISTE INFHEISTÍOCHTA

Airteagal 7(7) go 7(12) agus 9(5) de Rialachán CEIS agus Airteagal 5 de Chomhaontú CEIS

Beidh ochtar saineolaithe neamhspleácha agus an Stiúrthóir Bainistíochta ar an gCoiste Infheistíochta. Beidh ardleibhéal taithí margaidh ábhartha ag na saineolaithe neamhspleácha i struchtúrú tionscadail agus i maoiniú tionscadail, mar aon le saineolas micreacnamaíoch agus maicreacnamaíoch.

Beidh taithí infheistíochta ag na saineolaithe i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: taighde, forbairt agus nuálaíocht; bonneagar iompair agus teicneolaíochtaí nuálacha d'iompar; bonneagair fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite; bonneagair teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide; cosaint agus bainistiú an chomhshaoil (tá gníomhaíocht ar mhaithe leis an aeráid curtha leis an togra nua); oideachas agus oiliúint; sláinte agus míochaine; FBManna; tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha; soghluaisteacht uirbeach; bonneagair shóisialta agus an geilleagar dlúthpháirtíochta sóisialta; (cuireadh talmhaíocht, iascach agus dobharshaothrú le togra nua CEIS).

Thairis sin, beidh cothromaíocht inscne luaite leis an gCoiste Infheistíochta.

Tá na saineolaithe ceaptha ag Bord Stiúrtha CEIS ar feadh téarma seasta bliana, téarma atá in-athnuaite ar feadh uastéarma sé bliana

Is faoi chathaoirleacht an Stiúrthóra Bainistíochta atá an Coiste Infheistíochta.

Déanann an Coiste cinntí maidir le húsáid ráthaíocht an AE trí thromlach simplí agus tá vóta amháin ag gach comhalta den Choiste, an Stiúrthóir Bainistíochta san áireamh.

Téitear i gcomhairle freisin leis an gCoiste Infheistíochta maidir le táirgí nua do SMEW.

Teastaíonn formheas ón gCoiste Infheistíochta sular féidir le BEI úsáid a bhaint as ráthaíocht an AE le tacú le hardáin infheistíochta nó cistí agus Bainc Náisiúnta le haghaidh Spreagtha nó institiúidí (meáin incháilithe) a infheistíonn in oibríochtaí a bhfuil ceanglais Rialachán CEIS á gcomhlíonadh acu. Déanfaidh an Coiste Infheistíochta meastóireacht ar chomhréireacht a leithéid de mheáin agus a n-ionstraimí sonracha leis na beartais sonraithe ag an mBord Stiúrtha agus d'fhéadfadh sé cinneadh a dhéanamh an ceart a choinneáil tionscadail nua curtha chun cinn a fhormheas.

AN STIÚRTHÓIR BAINISTÍOCHTA

Airteagal 7(5) de Rialachán CEIS agus Airteagal 6 de Chomhaontú CEIS

Tá an Stiúrthóir Bainistíochta, le tacaíocht ó Leas-Stiúrthóir Bainistíochta agus cuntasach do Bhord Stiúrtha CEIS, freagrach as bainistíocht laethúil CEIS agus as ullmhú agus cathaoirleacht chruinnithe an Choiste Infheistíochta.

Chomh maith leis sin, tá an Stiúrthóir Bainistíochta freagrach as táirgí nua a fhormheas atá ar iontaoibh CEI, i dteannta le Bord Stiúrtha CEIS i gcomhairle leis an gCoiste Infheistíochta.

Ina theannta sin, tá sé freagrach as cumarsáid sheachtrach agus is urlabhraí é thar ceann CEIS d'eagraíochtaí polaitíochta agus don phobal.


IARSCRÍBHINN II

GIORRÚCHÁIN AGUS TAGAIRTÍ

Giorrúchán

Téacs iomlán

Doiciméad tagartha/láithreán gréasáin

ABER

Rialachán Blocdhíolúine Talmhaíochta

Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún

AE

An tAontas Eorpach

 

AE-13

Bhí na 13 tír seo a leanas páirteach in AE-13: an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Chróit, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.

 

AE-15

Bhí na 15 tír seo a leanas páirteach in AE-15: an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an Fhionlainn, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe.

 

An Togra

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) 2015/1017 maidir le fad CEIS a leathnú agus feabhsúcháin theicniúla don Chiste sin agus do EIAH a bhunú

COM(2016) 597 final an 14 Meán Fómhair 2016

BEI

An Banc Eorpach Infheistíochta

www.eib.org

CCEFA

An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

 

CEI

An Ciste Eorpach Infheistíochta

www.eif.org

CEIS

Cistí Eorpacha le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha

Rialachán (AE) 2015/1017

CETFT

An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

http://ec.europa.eu/agriculture/cap-funding/financial-reports/eafrd/index_en.htm

CFRE

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

http://ec.europa.eu/regional_policy/EN/funding/erdf/

Conradh nó CFAE

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

 

COP

Pleananna Oibriúcháin Corparáideacha BEI

http://www.eib.org/infocentre/publications/all/operational-plan-2016-2018.htm

COSME LGF

Clár Saoráid Ráthaíochta Iasachta le haghaidh Iomaíochais Fiontar Beag agus Meánmhéide

http://www.eif.europa.eu/what_we_do/guarantees/single_eu_debt_instrument/cosme-loan-facility-growth/index.htm

CRPG

(BEI) Treoirlínte Beartas Riosca Creidmheasa

http://www.eib.org/about/governance-and-structure/control_and_evaluation/control_credit-risk.htm

CSE

Ciste Sóisialta na hEorpa

http://ec.europa.eu/esf/home.jsp

CSIE

Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa

http://ec.europa.eu/contracts_grants/funds_en.htm

ECFE

An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta

www.oecd.org

EIAH

Lárionad Comhairliúcháin maidir le hInfheistíocht

Rialachán (AE) 2015/1017, Airteagal 14

FBM

Fiontair bheaga agus mheánmhéide

 

FIBER

Rialachán Blocdhíolúine um Iascach agus Dhobharshaothrú

Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ón gCoimisiún

GBER

Rialachán blocdhíolúine ginearálta

Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún

H2020

Fís 2020

www.ec.europa.eu/programmes/horizon2020/en/what-horizon-2020

IC

Coiste Infheistíochta (BEI)

 

IIW

(CEIS) Fuinneog Bonneagair agus Nuálaíochta

 

ITER

Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta

www.iter.org

Meastóireacht Ráthaíochta

Meastóireacht an Choimisiúin ar úsáid ráthaíocht an AE agus ar fheidhmiú an Chiste Ráthaíochta

SWD(2016) 298 leagan deireanach an 14 Meán Fómhair 2016

MFF

Creat airgeadais ilbhliantúil

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle

PIC

(BEI) Costas Infheistíochta Tionscadail

 

RCR

Acmhainní Caipitil Riosca BEI

http://www.eif.org/what_we_do/resources/rcr/index.htm

RFC

Rialachán na bhForálacha Coiteanna

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Rialachán CEIS

Rialachán (AE) 2015/1017

 

SARR

Saoráid Airgeadais Roinnte Riosca

 

SCE

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

www.ec.europa.eu/inea/en/connecting-europe-facility

SMEG

Ráthaíochtaí AE fiontar beag agus meánmhéide

http://www.eif.org/what_we_do/guarantees/cip_portfolio_guarantees/

SMEW

(CEIS) Fuinneog fiontar beag agus meánmhéide (SMEW)