ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

59
23 Samhain 2016


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2016/C 433/01

Seasamh (AE) Uimh. 21/2016 ón gComhairle ar an gCéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2016

1

2016/C 433/02

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 21/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh d'fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002

19


 


 

(1)   Faoin tagairt C 433 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

23.11.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


SEASAMH (AE) Uimh. 21/2016 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2016

(2016/C 433/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), éilítear go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirfear le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Ba cheart don chomhbheartas iascaigh (CBI) an cur chuige réamhchúraim agus an cur chuige bunaithe ar éiceachórais araon a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh d'fhonn a áirithiú gur lú agus is féidir na tionchair dhiúltacha a bheidh ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara, agus chun féachaint lena áirithiú go seachnófar sna gníomhaíochtaí iascaigh an díghrádú ar an muirthimpeallacht. Sa chomhthéacs sin, tá Airteagal 2(2) agus Airteagal 7, Airteagal 20 agus Airteagal 22 den Rialachán sin thar a bheith ábhartha freisin.

(2)

Tá an tAontas tiomanta na rúin atá glactha ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm, go háirithe Rún 61/105 agus Rún 64/72, ina n-iarrtar ar Stáit agus ar Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh a áirithiú go gcosnófar éiceachórais domhainfharraige leochaileacha ar an éifeacht atá ag gléasanna iascaireachta grinnill agus go ndéanfar stoic d'éisc dhomhainfharraige a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe.

(3)

Rinne an Coimisiún measúnú ar Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (4) agus chinn sé, go háirithe, go raibh méid an chabhlaigh lena mbaineann rómhór, go raibh easpa treorach ann ó thaobh rialú na gcalafort arna n-ainmniú agus na gclár samplála, agus go raibh caighdeán tuairiscithe na mBallstát ar na leibhéil iarrachta róluaineach. Thairis sin, baineadh de thátal as meastóireacht an Choimisiúin nach raibh aon éifeacht shubstaintiúil dhearfach ag an uasteorainn acmhainne, ar uastátal é a bhí infheidhme ó 2002 i leith agus arbh ionann é agus acmhainn chomhiomlán na soithí go léir a ghabh níos mó ná 10 dtona d'aon mheascán speiceas domhainfharraige in aon cheann de na blianta idir 1998 agus 2000. Ba cheart, mar sin, réimeas na huasteorann acmhainne a thabhairt cothrom le dáta mar chuid de na bearta chun na heasnaimh sin a sainíodh sa Rialachán sin a réiteach

(4)

Ar mhaithe le laghduithe riachtanacha ar acmhainn iascaireachta in iascaigh domhainfharraige a choinneáil agus d'fhonn faisnéis níos cuimsithí a fháil maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta domhainfharraige agus an tionchar a bhíonn acu ar an muirthimpeallacht, ba cheart gur faoi réir údarú iascaireachta a bheadh an iascaireacht ar speicis domhainfharraige. Ba cheart a bheith ag gabháil le gach iarratas ar údarú iascaireachta tuairisc mhionsonraithe ar an limistéar iascaireachta a bheartaítear, lena n-áirítear folimistéir, ranna agus foranna na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF), chomh maith leis na cineálacha gléasanna, an raon doimhneachta a bheartaítear, an mhinicíocht agus an fad a bheartaítear don ghníomhaíocht iascaireachta agus ainmneacha na speiceas domhainfharraige lena mbaineann.

Ba cheart do chóras na n-údaruithe iascaireachta cuidiú freisin chun acmhainn na soithí atá incháilithe don iascaireacht ar speicis domhainfharraige a theorannú. D'fhonn bearta bainistíochta a dhíriú ar an gcuid sin den chabhlach a bhfuil an bhaint is mó aici le hiascaigh domhainfharraige, ba cheart na húdaruithe iascaireachta a eisiúint ag brath ar cibé an le sprioc-iascaigh nó iascaigh foghabhála a bhaineann siad. Níor cheart, mar sin féin, go gcuirfí cosc ar shoithí a ghabhann cainníocht bheag speiceas domhainfharraige agus nach bhfuil faoi réir cead iascaireachta domhainfharraige faoi láthair leanúint lena ngníomhaíochtaí iascaireachta traidisiúnta mar thoradh ar chur i bhfeidhm na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír arna mbunú i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(5)

Ba cheart do shealbhóirí údaruithe iascaireachta a cheadaíonn speicis domhainfharraige a ghabháil comhoibriú agus gníomhaíochtaí taighde eolaíochta á ndéanamh d'fhonn feabhas a chur ar mheasúnuithe ar stoic agus ar thaighde ar éiceachórais domhainfharraige.

(6)

D'fhonn cosaint na muirthimpeallachta a fheabhsú tuilleadh, is iomchuí iascaireacht spriocdhírithe a cheadú sna limistéir sin inar tharla gníomhaíocht iascaireachta domhainfharraige le linn na tréimhse tagartha 2009-2011 agus sna limistéir sin amháin. Mar sin féin, ar mhaithe le hiascaireacht thaiscéalaíoch, ba cheart go bhféadfadh soithí a dhíríonn ar speicis domhainfharraige dul i mbun iascaireachta níos faide amach ná an limistéar iascaireachta atá ann cheana ar an gcoinníoll go suítear le measúnacht tionchair arna déanamh i gcomhréir le treoirlínte de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (EBT), nach mbeidh baol suntasach ag gabháil le síneadh an limistéir iascaireachta ó thaobh iarmhairt dhiúltach a bheith aige ar éiceachórais mhuirí leochaileacha (VMEanna).

(7)

De na gléasanna iascaireachta domhainfharraige go léir a úsáidtear, tá baol níos mó ag baint le gléasanna grinnill do VMEanna, agus is leosan a bhaineann an ráta tuairiscithe is airde de ghabhálacha neamhbheartaithe de speicis domhainfharraige. D'fhonn iarmhairtí diúltacha na ngníomhaíochtaí iascaireachta domhainfharraige sin ar an éiceachóras muirí a íoslaghdú, ba cheart go ndéanfaí iascaireacht le tráil ghrinnill a theorannú d'uiscí os cionn doimhneacht ar leith agus go mbeadh iascaireacht le gléasanna grinnill faoi réir ceanglais shonracha chun VMEanna a chosaint. Ina theannta sin, ba cheart d'úsáid na ngléasanna grinnill a bheith faoi réir meastóireachta … [ceithre bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Ina theannta sin, i láthair na huaire déantar le Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle (5) cosc a chur ar eangacha geolbhaigh grinnill dul isteach in iascaigh domhainfharraige.

(8)

D'fhonn drochiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag trálaeireacht grinnill a mhaolú, ní iomchuí iascaireacht le tráil ghrinnill a cheadú ach amháin ar doimhneacht 800 méadar nó os a chionn. Cuireann an teorann sin le bearta deonacha tionscaltreoraithe atá ann cheana, a gcuirtear i bhfeidhm in uiscí an Aontais agus lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí na n-iascach domhainfharraige in uiscí an Aontais.

(9)

D'fhonn iarmhairt na ngníomhaíochtaí iascaigh arna ndéanamh in uiscí domhainfharraige ar VMEanna a íoslaghdú, is iomchuí foráil a dhéanamh do shraith beart lena ndíreofar ar theagmhálacha le VMEanna laghdú. Go háirithe, ba cheart feidhm a bheith ag riail na gluaiseachta ar aghaidh agus ag oibleagáid tuairiscithe i gcás ina mbíonn teagmháil le VME. Thairis sin, ba cheart liosta a bhunú de limistéir ina bhfuil VMEanna nó inar dóigh go mbeidh VMEanna ina bhfuil toirmeasc ar iascaireacht le gléasanna grinnill.

(10)

Ós rud é gurb é is fusa faisnéis bhitheolaíoch a bhailiú trí bhíthin caighdeáin chomhchuibhithe maidir le bailiú sonraí a úsáid, is iomchuí an modh bailithe sonraí maidir le métiers domhainfharraige a ionchorprú i gcreat ginearálta an mhodha eolaíochta bailithe sonraí, á áirithiú san am céanna go soláthrófar faisnéis bhreise atá riachtanach chun dinimic na hearnála iascaigh a thuiscint. Tá maoiniú ar mhaithe le sonraí a bhailiú faoin Rialachán seo ar fáil faoi na téarmaí agus na prionsabail maidir leis an gcreat um bailiú sonraí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (6).

(11)

I Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (7), leagtar síos ceanglais rialaithe agus forfheidhmithe níos déine a mbíonn feidhm acu in imthosca sonracha. Ba cheart iascaireacht do speicis domhainfharraige, atá soloite ó dhúchas ag an iascaireacht, bheith faoi réir leibhéil níos airde rialaithe. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh do chásanna sonracha de shárú rialacha an chomhbheartais iascaigh (CFP), ar cheart go mbainfí siar údarú iascaireachta mar thoradh orthu.

(12)

Le Cinneadh 81/608/CEE ón gComhairle (8) formheasadh an Coinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí maidir le hIascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh, agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 17 Márta 1982. Foráiltear sa Choinbhinsiún sin maidir le creatchlár iomchuí le haghaidh comhar iltaobhach i dtaca le caomhnú agus bainistiú réasúnach acmhainní iascaigh in uiscí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh. Sna bearta bainistíochta arna nglacadh faoi Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) tá córas ar leith beart chun VMEanna a chosaint i Limistéar Rialála NEAFC. Mar sin féin, d'fhonn leanúnachas a áirithiú i modus operandi reatha soithí an Aontais in uiscí NEAFC, maidir leis na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 atá i bhfeidhm faoi láthair agus a bhaineann le ceadúnas iascaireachta domhainfharraige, le calafoirt ainmnithe, agus le faisnéis arna gcur in iúl ag na Ballstáit maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta domhainfharraige i Limistéar Rialála NEAFC, ba cheart feidhm a bheith acu i gcónaí. Thairis sin, d'fhonn leanúint d'fheabhas a chur ar an eolas eolaíoch faoi na stoic sin, agus ós rud é nach n-áirítear clúdach breathnóirí leis na bearta is infheidhme de chuid NEAFC, is iomchuí an clúdach breathnóirí céanna a chur i bhfeidhm i ngach limistéar den Mhuir Thuaidh agus i ngach limistéar CECAF ina ndéantar iascaireacht ar speicis domhainfharraige.

(13)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtáscairí VME arna leagan amach in Iarscríbhinn III a leasú ar mhaithe leis an liosta sin a oiriúnú don chomhairle eolaíoch is déanaí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(14)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo dá mhéid a bhaineann sé le limistéir iascaireachta atá ann cheana a dhearbhú agus liosta de limistéir inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith a bhunú agus a oiriúnú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(15)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le hiascaireacht thaiscéalaíoch dhomhainfharraige a fhormheas, agus maidir le cinneadh an limistéir iascaireachta atá ann cheana a choigeartú chun go n-áireofar ann suíomhanna na ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar faoi údarú iascaireachta arna eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm.

(16)

Tá sé riachtanach mar sin rialacha nua a bhunú chun iascaireacht ar stoic dhomhainfharraige a rialú in uiscí an Aontais san Atlantach Thoir Thuaidh agus sna huiscí idirnáisiúnta laistigh de réimse inniúlachta CECAF.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH

Airteagal 1

Cuspóirí

Cabhróidh an Rialachán seo chun na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach a mhéid a bhaineann le speicis domhainfharraige agus gnáthóga domhainfharraige. Ina theannta sin, díreofar leis ar an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

eolas eolaíoch maidir le speicis domhainfharraige agus a gcuid gnáthóga a fheabhsú;

(b)

tionchair shuntasacha dhochracha ar VMEanna a chosc laistigh de chreat na hiascaireachta domhainfharraige agus caomhnú fadtéarmach stoc éisc domhainfharraige a áirithiú;

(c)

a áirithiú go bhfuil bearta Aontais chun críche bainistiú inbhuanaithe stoc éisc domhainfharraige comhsheasmhach leis na Rúin arna nglacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, go háirithe, Rún 61/105 agus Rún 64/72.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta, nó gníomhaíochtaí iascaireachta a bheartaítear sna huiscí seo a leanas:

(a)

arna ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus ag soithí iascaireachta tríú tír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh, in uiscí an Iarthuaiscirt agus in uiscí an Iardheiscirt chomh maith le huiscí an Aontais i gcrios IIa ICES;

(b)

arna ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí idirnáisiúnta i limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2 de chuid CECAF.

2.   Tá mír 1 den Airteagal seo gan dochar d'Airteagal 16(5).

Airteagal 3

Ábhar

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le speicis a fhaightear in uiscí domhainfharraige agus lena mbaineann meascán de na tosca bitheolaíocha seo a leanas: aibiú ag aoiseanna sách sean, fás mall, ionchas saoil fada, rátaí mortlaíochta nádúrtha ísle, cuirtear go huaineach le líon na n-iasc óg inghafa in aicmí rathúla aoise agus d'fhéadfadh nach dtarlódh sceitheadh gach bliain (“speicis domhainfharraige”).

2.   Chun críche an Rialacháin seo, sainaithnítear speicis domhainfharraige agus, ina measc, na speicis shár-sholoite atá liostaithe in Iarscríbhinn I.

Airteagal 4

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 (11) ón gComhairle.

2.   Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “criosanna ICES” na criosanna sin a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(b)

ciallaíonn “limistéir CECAF” na limistéir sin a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(c)

ciallaíonn “Limistéar Rialála NEAFC” na huiscí atá faoi réir an Choinbhinsiúin maidir le Comhar Iltaobhach sa Todhchaí maidir le hIascaigh san Atlantach Thoir Thuaidh atá lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse iascaireachta pháirtithe conarthacha an choinbhinsiúin sin;

(d)

ciallaíonn “speicis shár-sholoite” na speicis domhainfharraige a luaitear sa tríú colún “speicis shár-sholoite (x)” den tábla in Iarscríbhinn I;

(e)

ciallaíonn “métier” gníomhaíochtaí iascaireachta a dhírítear ar speicis áirithe, le gléas áirithe, i limistéar áirithe;

(f)

ciallaíonn “métier domhainfharraige” métier a dhírítear ar speicis domhainfharraige i gcomhréir leis na táscairí a leagtar síos in Airteagal 5(2);

(g)

ciallaíonn “lárionad faireacháin iascaigh” lárionad oibríochta a bhunaigh Ballstát brataí agus ina bhfuil crua-earraí agus bogearraí ríomhaire lenar féidir sonraí a ghlacadh agus a phróiseáil go huathoibríoch agus sonraí leictreonacha a tharchur;

(h)

Ciallaíonn “teagmhálacha” gabhálacha de chainníochtaí táscspeiceas de VME atá os cionn na leibhéal tairsí sin a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(i)

ciallaíonn “gabhálacha neamhbheartaithe” gabhálacha de thaisme d'orgánaigh mhuirí nach mór, faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí toisc iad a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó toisc gur mó iad ná na cainníochtaí a cheadaítear faoi na rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha agus seachghabhálacha;

(j)

ciallaíonn “táscaigh VME” iad siúd atá ar áireamh in Iarscríbhinn III;

(k)

ciallaíonn “limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana” an chuid sin den limistéar dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 2(1) inar rinneadh gníomhaíochtaí iascaireachta domhainfharraige go stairiúil agus a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 7.

Airteagal 5

Údaruithe iascaireachta

1.   Na gníomhaíochtaí iascaireachta sin a dhírítear ar speicis domhainfharraige, beidh siad faoi réir údarú iascaireachta (“údarú iascaireachta dírithe”). Léireofar ar an údarú iascaireachta dírithe na speicis domhainfharraige sin a bhfuil an soitheach údaraithe chun díriú orthu.

2.   Chun críocha mhír 1, measfar gur speicis domhainfharraige na spriocspeicis ag soitheach iascaireachta a bheidh i mbun gníomhaíochta iascaireachta má tá ar a laghad 8 % de speicis domhainfharraige i ngach turas iascaireachta ina chuid cumarsáide maidir le gabhálacha (sa logleabhar, i ndearbhaithe maidir le gabháil, i nótaí díolacháin nó i ndoiciméad den chineál sin) sa bhliain féilire lena mbaineann.

Ní bheidh feidhm ag seo, áfach,i gcás soithí iascaireachta a bhfuil an taifead iomlán de speicis domhainfharraige sa bhliain féilire lena mbaineann níos lú ná 10 dtona. Tá an fhomhír sin gan dochar do mhír 6,

3.   Gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag soithí iascaireachta a ghabhann speicis domhainfharraige mar fhoghabháil, cé nach ndíríonn siad ar speicis domhainfharraige, beidh siad faoi réir údarú iascaireachta (“údarú iascaireachta foghabhála”). Léireofar ar an údarú iascaireachta foghabhála na speicis domhainfharraige sin a d'fhéadfadh an soitheach teagmháil a dhéanamh leo mar fhoghabháil agus é dírithe ar speicis eile.

4.   An dá chineál údaraithe iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 den Airteagal seo, faoi seach, beidh siad sodhealaithe óna chéile sa bhunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 116 de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009.

5.   Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta nach bhfuil aon údarú iascaireachta acu faoin Airteagal seo dul i mbun iascaireachta ar speicis domhainfharraige de bhreis ar 100 kg in aon turas iascaireachta amháin. Aon speicis domhainfharraige sa bhreis ar 100 kg arna ngabháil ag soithigh den sórt sin, ní choinneofar ar bord iad ná ní dhéanfar iad a thrasloingsiú ná a thabhairt i dtír, cé is moite de na gabhálacha neamhbheartaithe de speicis domhainfharraige atá faoi réir na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a thabharfar i dtír agus a chomhairfear i gcoinne cuótaí.

6.   Ní mheasfar gur ag díriú ar speicis domhainfharraige atá soitheach iascaireachta a bhfuil údarú iascaireachta foghabhála aige agus a bhfuil rochtain aige ar chuóta le haghaidh foghabhálacha de speicis domhainfharraige nach bhfuil níos mó ná 15 % de bhreis ar an tairseach 10 dtona a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Tabharfaidh sé na gabhálacha sin i dtír agus déanfaidh sé iad a chomhaireamh i gcoinne an chuóta. Na gabhálacha neamhbheartaithe de speicis domhainfharraige atá faoi réir na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfar iad a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí.

7.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo mutatis mutandis maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint chuig soithí iascaireachta triú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (14).

Airteagal 6

Bainistiú acmhainne

1.   An acmhainn chomhiomlán iascaireachta arna tomhas in olltonnáiste agus i gcileavatanna atá i ngach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta dírithe eisithe ag Ballstát chuige, ní sháróidh sí am ar bith acmhainn chomhiomlán iascaireachta shoithigh an Bhallstáit sin le linn 2009-2011, cibé acu bliain a thugann an figiúr is airde ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá 10 dtona nó níos mó de speicis domhainfharraige gafa acu le linn aon cheann de na blianta féilire idir 2009-2011, cibé acu bliain a thugann an figiúr is airde; agus

(b)

tá siad cláraithe in aon cheann de na réigiúin is forimeallaí, de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, den Ballstát sin agus i gcás ina raibh 10 % ar a laghad de ghabhálacha iomlána na bliana acu ina ngabhálacha de speicis domhainfharraige in aon cheann de na trí bliana féilire idir 2009-2011, cibé acu bliain a thugann an figiúr is airde.

2.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, i gcás gur leithdháileadh deiseanna iascaireachta ar Bhallstát de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I roimh… [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ach nár ghabh a chuid soithí 10 dtona nó níos mó de speicis domhainfharraige in aon cheann de na blianta tagartha, ní sháróidh acmhainn chomhiomlán iascaireachta an Bhallstáit sin am ar bith acmhainn chomhiomlán iascaireachta a chuid soithí in aon cheann de na trí bliana is déanaí inar ghabh ceann amháin ar a laghad dá shoithí 10 dtona nó níos mó de speicis domhainfharraige, cibé acu bliain a thugann an figiúr is airde.

Airteagal 7

Limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana

1.   Faoin … [sé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit ar deonaíodh cead iascaireachta domhainfharraige dá gcuid soithí i gcomhréir le Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002, agus a mhéid a bhaineann sé le gníomhaíochtaí iascaireachta ó shoithí a ghabhann níos mó ná 10 dtona gach bliain féilire, an Coimisiún a chur ar an eolas, trí bhíthin taifid ó VMS) nó, mura bhfuil fáil ar thaifid ó VMS, trí bhíthin aon fhaisnéise eile a bheadh ábhartha agus infhíoraithe, ar shuíomhanna na ngníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh speicis domhainfharraige i gcás soithí den chineál sin le linn na mblianta féilire tagartha 2009-2011.

2.   Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear faoi mhír 1, agus ar bhonn na faisnéise eolaíche agus teicniúla is fearr atá ar fáil, déanfaidh an Coimisiún, faoin … [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana a chinneadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.

Airteagal 8

Ceanglais ghinearálta maidir le hiarratais ar údaruithe iascaireachta

1.   Ag gabháil le gach iarratas ar údarú iascaireachta beidh tuairisc mhionsonraithe ar an limistéar ina mbeartaíonn an soitheach iascaireachta gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh, ar na cineálacha gléasanna, ar an raon doimhneachta ag a ndéanfar na gníomhaíochtaí, ar an minicíocht agus ar an bhfad a bheartaítear don ghníomhaíocht iascaireachta, chomh maith le hainmneacha na speiceas domhainfharraige atá i gceist.

2.   Ní dhéanfar údaruithe iascaireachta dírithe a eisiúint ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh de na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, agus go dtí go gcinnfear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana i gcomhréir le Airteagal 7, féadfar údaruithe iascaireachta dírithe a eisiúint ar choinníoll go soláthraíonn an soitheach iascaireachta fianaise go raibh sé i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sa métier domhainfharraige le haghaidh ar a laghad na dtrí bliana sula gcuirtear an t-iarratas ar údarú iascaireachta isteach. Ní fhéadfar údarú iascaireachta den chineál sin a eisiúint ach amháin i leith suíomhanna ina ndearnadh gníomhaíochtaí iascaireachta den chineál sin cheana.

4.   Ní dhéanfar aon údarú iascaireachta a eisiúint chun iascaireacht le tráil ghrinnill a dhéanamh ar doimhneacht faoi bhun 800 méadar.

5.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát iarraidh a thíolacadh chun iascach taiscéalaíoch a dhéanamh ag suíomhanna atá lasmuigh de na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana. I gcás iarraidh den chineál sin, beidh measúnú tionchair ag gabháil léi, a rinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i dTreoirlínte Idirnáisiúnta 2008 FAO maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir. Nuair a thíolactar iarraidh den chineál sin, léireoidh an Ballstát fad measta na n-iascach taisceolaíoch agus an líon soithí a mheastar a bheidh rannpháirteach agus an cháil a bheidh acu. Molfaidh sé bearta maolaitheacha chun teagmháil le VMEanna a sheachaint nó chun VMEanna a chosaint go héifeachtach.

6.   Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn comhairle ó chomhlacht comhairleach eolaíoch, féadfaidh an Coimisiún formheas a dheonú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun go ndéanfar an t-iascach taiscéalaíoch a iarradh. Féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas go háirithe a shainiú san fhormheas:

(a)

an limistéar le haghaidh iascaigh;

(b)

líon uasta na soithí agus an acmhainn uasta;

(c)

tréimhse iascaigh den chineál sin nach faide ná aon bhliain amháin í, inathnuaite uair amháin;

(d)

an céatadán uasta den ghabháil iomlán incheadaithe de speicis domhainfharraige a fhéadfar a ghabháil san iascach taisceolaíoch; agus

(e)

bearta maolaitheacha nach mór a chomhlíonadh chun VMEanna a chosaint.

7.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar bailiúchán ionadaíoch sonraí a bheidh leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar stoic d'éisc dhomhainfharraige agus ar theagmhálacha le VMEanna agus chun iad sin a bhainistiú, ceanglófar le haon údarú iascaireachta a eisítear i gcomhréir le mír 5 go mbeidh breathnóirí eolaíochta nó cianfhaireachán leictreonach i láthair ar an soitheach lena mbaineann le linn an chéad 12 mhí de thréimshe an údaraithe iascaireachta.

8.   Ar bhonn iarraidh agus faisnéis a sholáthraíonn an Ballstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún coigeartú a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar an gcinneadh maidir leis an limistéar iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana chun go n-áireofar ann suíomhanna na ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar faoi údarú iascaireachta a eisíodh i gcomhréir le mír 5 agus le mír 6 den Airteagal seo.

Airteagal 9

Ceanglais shonracha maidir le VMEanna a chosaint

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta le gléasanna grinnill ag doimhneacht faoi bhun 400 méadar.

2.   Má tharlaíonn sé le linn oibríochtaí iascaireachta go sáraíonn cainníocht tháscairí VME, mar a shainítear in Iarscríbhinn III iad, a gabhadh san oibríocht iascaireachta sin, na tairseacha a shainítear in Iarscríbhinn IV, measfar gurb ionann sin agus teagmháil le VMEanna. Déanfaidh an soitheach iascaireachta an iascaireacht sa limistéar sin lena mbaineann a scor láithreach. Ní chuirfidh sé tús le hoibríochtaí athuair go dtí go mbainfidh sé limistéar eile amach a bheidh ar a laghad cúig mhuirmhíle ón limistéar inar tharla an teagmháil.

3.   Déanfaidh an soitheach iascaireachta gach teagmháil le VMEanna a thuairisciú láithreach do na húdaráis inniúla náisiúnta a chuirfidh an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

4.   Úsáidfidh na Ballstáit an fhaisnéis eolaíoch agus theicniúil is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear faisnéis bhithgheografach agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, chun na suíomhanna a shainaithint inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith. Ina theannta sin, iarrfaidh an Coimisiún ar chomhlacht inniúil comhairleach eolaíoch measúnú bliantúil ar limistéir inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith.

Déanfar an measúnú i gcomhréir le Treoirlínte Idirnáisiúnta 2008 FAO maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, agus cuirfear an cur chuige réamhchúraim i bhfeidhm maidir le bainsistiú iascaigh amhail dá dtagraítear i bpointe 8 d'Airteagal 4(10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus cuirfear ar fáil go poiblí é.

5.   I gcás ina sainaithnítear limistéir inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith, ar bhonn an nóis imeachta dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh na Ballstáit agus an comhlacht comhairleach eolaíoch an méid sin a chur in iúl don Choimisiún go tráthúil.

6.   Faoin … [bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ar bhonn na faisnéise eolaíche agus teicniúla is fearr atá ar fáil agus ar bhonn na measúnuithe agus na sainaitheanta a dhéanann na Ballstáit agus an comhlacht comhairleach eolaíoch, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun críche liosta a bhunú de na limistéir inar eol nó inar dócha VMEanna a bheith. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an liosta gach bliain ar bhonn comhairle a gheofar ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach agus, i gcás inarb iomchuí, leasóidh sé an liosta, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún limistéar a bhaint ón liosta ar choinníoll go gcinnfidh sé, ar bhonn measúnú tionchair agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcomhlacht comhairleach eolaíoch, go bhfuil dóthain fianaise ann chun a léiriú nach bhfuil VMEanna ann, nó gur glacadh bearta iomchuí caomhantais agus bainistíochta lena n-áirithítear go ndéanfar tionchair shuntasacha dhochracha ar VMAanna sa limistéar sin a chosc. Déanfar na gníomhartha cur chur feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18.

7.   Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh, ar bhonn na faisnéise eolaíche is fearr atá ar fáil, na táscairí VMEanna agus tá sé de chumhacht aige leasú a dhéanamh ar an liosta a áirítear in Iarscríbhinn III trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17.

8.   Beidh gá le measúnuithe tionchair nua más rud é go bhfuil athruithe suntasacha ar na teicnící a úsáidtear le haghaidh iascach a dhéanamh le gléas grinnill, nó i gcás ina bhfuil faisnéis nua eolaíoch a léiríonn go bhfuil VMEanna i limistéar áirithe.

9.   Beidh cosc ar iascaireacht le gléasanna grinnill sna limistéir uile a liostaítear i gcomhréir le mír 6.

Airteagal 10

Forálacha sonracha rialaithe a chur i bhfeidhm

Beidh iascach agus gníomhaíochtaí iascaireachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi réir na bhforálacha atá in Airteagail 7, 17, 42, 43 agus 45, Airteagal 84(1)(a), Airteagal 95(3), Airteagal 104(1), Airteagal 105(3)(c), Airteagal 107(1), Airteagal 108(1) agus Airteagal 115(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 freisin, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 11

Calafoirt ainmnithe

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na calafoirt ina bhfuil aon tabhairt i dtír nó trasloingsiú de speicis domhainfharraige nó aon mheascán díobh siúd os cionn 100 kg le déanamh. Faoin … [60 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit liosta na gcalafort ainmnithe sin a tharchur chuig an gCoimisiún.

2.   Ní fhéadfar aon chainníocht d'aon mheascán de speicis domhainfharraige os cionn 100 kg a thabhairt i dtír in aon áit seachas na calafoirt atá ainmnithe ag na Ballstáit de bhun mhír 1.

Airteagal 12

Réamhfhógra

De mhaolú ar Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, ceanglófar ar mháistrí na soithí iascaireachta ar fad de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe acu 100 kg nó níos mó de speicis domhainfharraige a thabhairt i dtír, beag beann ar fhad an tsoithigh iascaireachta fógra a thabhairt d'údarás inniúil a mBallstáit bhrataí maidir lena bhfuil beartaithe acu, ar a laghad ceithre huaire an chloig roimh an am a mheastar go mbainfear an calafort amach. Cuirfidh an máistir nó aon duine eile atá freagrach as oibriú soithí 12 mhéadar ar fhad nó níos lú na húdaráis inniúla ar an eolas ar a laghad uair an chloig roimh an am a mheastar go dtiocfaidh an soitheach isteach sa chalafort.

Airteagal 13

Iontrálacha logleabhair maidir le huiscí doimhne

1.   I gcás ina mbeidh an oibleagáid maidir le logleabhar a choinneáil i bhfeidhm, déanfaidh máistrí ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu i gcomhréir le hAirteagal 5(1) nó (3) an méid seo a leanas agus iad i mbun métier domhainfharraige nó nuair atá siad ag iascaireacht faoi bhun 400 méadar:

(a)

líne nua a tharraingt sa logleabhar páipéir tar éis gach tarlú; nó

(b)

i gcás ina bhfuil siad faoi réir an chórais taifeadta leictreonaigh agus tuairiscithe, iontráil ar leith a dhéanamh tar éis gach tarlú.

2.   Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais taifead freisin i logleabhar an tsoithigh ar aon chainníochtaí de speicis domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhtar, a choinnítear ar bord, a dhéantar a athlastáil nó a thabhairt i dtír i gcomhréir le Airteagal 5(5) agus aon chainníochtaí de tháscairí VME a liostaítear in Iarscríbhinn III atá os cionn na dtairseach a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear comhdhéanamh agus meáchan speiceas, agus cuirfidh siad tuarascáil ar na cainníochtaí sin faoi bhráid na n-údarás inniúil.

Airteagal 14

Údaruithe iascaireachta a tharraingt siar

Gan dochar d'Airteagal 7(4) ná d'Airteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus i gcomhréir le hAirteagal 90(1) de, déanfar na húdaruithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (3) den Rialachán seo a tharraingt siar ar feadh thréimhse dhá mhí ar a laghad, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

ní chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san údarú iascaireachta maidir leis na teorainneacha ar úsáid gléasanna, na limistéir ina bhfuil oibríochtaí ceadaithe nó na teorainneacha gabhála ar na speicis a bhfuil sé ceadmhach díriú orthu; nó

(b)

ní thógtar ar bord breathnóir eolaíochta nó ní cheadaítear gabhálacha a shampláil chun críocha eolaíochta mar a shonraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo.

Airteagal 15

Rialacha maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú

1.   Gan dochar d'fhorálacha níos sainiúla sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle.

2.   Nuair a bheidh sonraí maidir le métiers domhainfharraige á mbailiú i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le bailiú sonraí agus leis na leibhéil bheachtais a leagtar síos sa chlár ilbhliantúil ábhartha de chuid an Aontais maidir le bailiú agus bainistiú sonraí bitheolaíocha, teicniúla, comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, urramóidh na Ballstáit na ceanglais shonracha maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn II don métier domhainfharraige.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na coinníollacha is gá ar áireamh sna húdaruithe iascaireachta ar fad a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 5 d'fhonn a áirithiú go mbeidh an soitheach i gceist páirteach, i gcomhar leis an insitiúid ábhartha eolaíochta, in aon scéim bailithe sonraí a chuimseodh a raon feidhme na gníomhaíochtaí iascaireachta a bhfuil údaruithe á n-eisiúint ina leith.

4.   Beidh sé de cheangal ar mháistir an tsoithigh, nó ar aon duine eile atá freagrach as oibriú an tsoithigh, an breathnóir eolaíochta a thógáil ar bord a shann an Ballstát don soitheach sin, ach amháin sa chás nach féidir sin a dhéanamh ar chúiseanna slándála. Déanfaidh an máistir éascaíocht don bhreathnóir eolaíochta agus é i mbun a chuid cúram.

5.   Ar iarraidh a fháil dóibh ón gCoimisiún, déanfaidh Ballstát tuarascálacha bliantúla a thíolacadh ina bhfuil sonraí comhiomlána maidir le líon na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain orthu, a bhfuil baint acu leis an iascaireacht dhomhainfharraige, maidir lena limistéar iascaireachta, an cineál trealaimh, an méid, an líon de gach cineál de na húdaruithe iascaireachta a eisíodh, a gcuid calafort tionscnaimh, iomlán na ndeiseanna iascaireachta domhainfharraige ar fáil dá shoithí agus céatadán comhiomlán na ndeiseanna iascaireachta sin a úsáideadh. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 16

Clúdach breathnóirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit clár a bhunú maidir le clúdach breathnóirí chun a áirithiú go ndéanfar sonraí ábhartha, tráthúla agus cruinne a bhailiú faoi ghabháil agus faoi fhoghabháil na speiceas domhainfharraige agus faoi theagmhálacha le VMEanna agus aon fhaisnéis ábhartha eile chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach. Maidir le soithí a úsáideann tráil ghrinnill nó eangacha geolbhaigh grinnill a bhfuil údarú iascaireachta acu chun díriú ar speicis domhainfharraige, beidh siad faoi réir clúdach breathnóirí 20 % ar a laghad, seachas i gcás soithí nach bhfuil oiriúnach chun breathnóir a fháil ar chúiseanna slándála. Maidir le gach soitheach eile a bhfuil údarú aige chun díriú ar speicis domhainfharraige, beidh siad faoi réir clúdach breathnóirí 10 % ar a laghad, seachas i gcás soithí nach bhfuil oiriúnach chun breathnóir a fháil ar chúiseanna slándála.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh a Bhallstát ar oibreoir breathnóir a fháil ar bord a shoithigh, ní chuirfear cosc ar an soitheach sin an calafort a fhágáil mura bhfuil breathnóir ann ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an oibreoir orthu.

3.   Faoin 1 Eanáir 2018, iarrfaidh an Coimisiún comhairle eolaíoch, bunaithe ar shonraí a bhailítear faoin Rialachán seo, chun a mheas cibé an leor an cumhdach breathnóirí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo chun cuspóirí Airteagal 1 a bhaint amach, go háirithe chun an tionchar suntasach dochrach ar VMEanna a chosc laistigh de chreat na hiascaireachta domhainfharraige, agus cibé ar cheart é a leasú ar bhonn modheolaíocht samplála nuashonraithe. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill maidir le torthaí na comhairle eolaíche arna lorg.

4.   Más rud é, ar bhonn na comhairle eolaíche dá dtagraítear i mír 3, go measann an Coimisiún gur cheart na céatadáin de chlúdach breathnóirí a leagtar amach i mír 1 a choigeartú, féadfaidh an Coimisiún, mar ábhar práinne, togra a thíolacadh chun na céatadáin sin a athbhreithniú.

5.   De mhaolú ar Airteagal 2, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 16 maidir leis an iascaireacht ar speicis domhainfharraige ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill nó eangacha geolbhaigh grinnill i Limistéar Rialála NEAFC.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an tsínte sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(6) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta ina dhaidh sin a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.   Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(6) i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, sula dtiocfaidh an tréimhse sin in éag, go bhfuil curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 18

An nós imeachta coiste

1.   Beidh Coiste um iascach agus um dhobharshaothrú de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 19

Meastóireacht

1.   Faoi cheann … [ceithre bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn tuarascálacha na mBallstát agus na comhairle eolaíche a iarrfaidh sé chuige sin, tionchar na mbeart a leagadh síos sa Rialachán seo a mheasúnú agus cinnfidh sé an méid a baineadh amach na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 1.

2.   Beidh béim sa mheastóireacht ar threochtaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

gach cineál gléasanna grinnill a úsáidtear nuair a dhírítear ar speiceas domhainfharraige, agus béim ar leith á cur ar na speicis shár-sholoite agus ar VMEanna;

(b)

na soithí a d'iompaigh ar ghléasanna a úsáid a bhfuil tionchar níos lú acu ar ghrinneall na farraige, agus dul chun cinn maidir le gabhálacha de thaisme a chosc, a íoslaghdú, agus, i gcás inar féidir, iad a dhíothú;

(c)

raon oibríochtaí soithí atá ag gabháil do gach métier domhainfharraige;

(d)

sláine agus iontaofacht na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit do chomhlachtaí eolaíochta chun críche stoc a mheasúnú, nó don Choimisiún i gcás glaonna ar shonraí ar leith;

(e)

na stoic dhomhainfharraige ar tháinig feabhas ar an gcomhairle eolaíoch ina leith;

(f)

éifeachtacht na mbeart tionlacain chun ábhar muirí aischurtha a sheachaint agus gabhálacha na speiceas sár-sholoite a laghdú;

(g)

cáilíocht na measúnuithe tionchair a dhéantar de bhun Airteagal 8;

(h)

líon na soithí agus na gcalafort san Aontas a bhfuil éifeacht dhíreach ag cur chun feidhme an Rialacháin seo orthu;

(i)

éifeachtacht na mbeart a bhunaítear chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach stoc éisc domhainfharraige a áirithiú agus chun foghabháil speiceas nach spriocspeicis iad a chosc, go háirithe foghabháil na speiceas shár-sholoite;

(j)

a mhéid a tugadh cosaint éifeachtach do VMEanna trí ghníomhaíochtaí údaraithe iascaireachta a shrianadh do limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana, riail na gluaiseachta ar aghaidh agus/nó trí bhearta eile;

(k)

an teorannú doimhneachta 800 méadar a chur i bhfeidhm.

3.   Ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún tograí a dhéanamh maidir le leasuithe ar an Rialachán seo, de réir mar is iomchuí. Go háirithe, má léirítear leis an meastóireacht sin nach gcomhlíonann iascaireacht le gléasanna grinnill na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú, agus é mar aidhm aige a áirithiú go rachadh údaruithe iascaireachta dírithe in éag nó go ndéanfaí iad a tharraingt siar i gcás soithí a úsáideann tráil ghrinnill nó eangacha geolbhaigh grinnill agus go ndéanfaí aon bhearta is gá maidir le gléasanna grinnill, lena n-áirítear soithí spiléir, a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcosnófar na speicis shár-sholoite agus VMEanna.

Airteagal 20

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002.

2.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, leanfaidh Airteagal 3, Airteagal 7 agus Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002, d'fheidhm a bheith acu maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar Rialála NEAFC.

4.   Aon cheadúnais iascaireachta speisialta arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002, leanfaidh siad de bheith bailí ar feadh uastréimhse aon bhliain amháin tar éis … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 133, 9.5.2013, lch. 41.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh an 18 Deireadh Fómhair 2016. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena mbunaítear ceanglais shonracha rochtana agus coinníollacha gaolmhara is infheidhme maidir le stoic domhainfharraige a iascach (IO L 351, 28.12.2002, lch. 6).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle an 27 Samhain 2009 lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011 (IO L 347, 24.12.2009, lch. 6).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 60, 5.3.2008, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.).

(8)  Cinneadh 81/608/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1981 maidir leis an gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh a thabhairt i gcrích (IO L 227, 12.8.1981, lch. 21).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le héiceachórais leochaileacha mhuirí ar an mórmhuir a chosaint ar éifeacht dhochrach gléasanna iascaireachta grinnill (IO L 201, 30.7.2008, lch. 8).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70):

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le húdaruithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Chomhphobail lasmuigh d'uiscí an Chomhphobail agus rochtain soithí tríú tíortha ar uiscí an Chomhphobail, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3317/94 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 33).


IARSCRÍBHINN I

Speicis domhainfharraige

Ainm eolaíoch

Ainm coitianta

Speicis shár-sholoite (x)

Centrophorus spp.

Siorcanna slogacha

 

Centroscyllium fabricii

Fíogach dubh

x

Centroscymnus coelolepis

Fíogach Portaingéalach

x

Centroscymnus crepidater

Fíogach slim socfhada

x

Dalatias licha

Siorc eite eitleoige

x

Etmopterus princeps

Lóchrannsiorc mór

x

Apristuris spp.

Catsúileach na hÍoslainne

 

Chlamydoselachus anguineus

Siorc rufach

 

Deania calcea

Fíogach éansocach

 

Galeus melastomus

Fíogach an bhéil dhuibh

 

Galeus murinus

Catsúileach luiche

 

Hexanchus griseus

Siorc liath na sróine finne

x

Etmopterus spinax

Siorc slimbhoilg

 

Oxynotus paradoxus

Garbhshiorc seol-eiteach

 

Scymnodon ringens

Fíogach scianfhiacaile

 

Somniosus microcephalus

Siorc beagcheannach

 

Alepocephalidae

Slimchinn

 

Alepocephalus Bairdii

Slimcheann Baird

 

Alepocephalus rostratus

Slimcheann Risso

 

Aphanopus carbo

Scabaird dhubh

 

Argentina silus

Airgintín mór

 

Beryx spp.

Alfainsíní

 

Chaceon (Geryon) affinis

Portán dearg domhainuisce

 

Chimaera monstrosa

Coinín mara

 

Hydrolagus mirabilis

Coinín mara mórshúileach

 

Rhinochimaera atlantica

Ciméara sciansocach

 

Coryphaenoides rupestris

Gránadóir cruinnsocach

 

Epigonus telescopus

Iasc cairdinéalach dubh

x

Helicolenus dactilopterus

An gormbhéal

 

Hoplostethus atlanticus

Gainneachán flannbhuí

x

Macrourus berglax

Gránadóir ceanngharbh

 

Molva dypterigia

Langa gorm

 

Mora moro

Móra coiteann

 

Antimora rostrata

Trosc domhainmhara gorm

 

Pagellus bogaraveo

Deargán

 

Polyprion americanus

Breac raice

 

Reinhardtius hippoglossoides

Haileabó Graonlannach

 

Cataetyx laticeps

 

 

Hoplosthetus mediterraneus

Gainneachán airgid

 

Macrouridae seachas Coryphaenoides rupestris agus Macrourus berglax

Gránadóirí seachas an gránadóir cruinnsocach agus an gránádóir ceanngharbh

 

Nesiarchus nasutus

Ronnach nathartha corcairghorm

 

Notocanthus chemnitzii

Eascann spíonach gheancach

 

Raja fyllae

Sciata cruinn

 

Raja hyperborea

Sciata artach

 

Raja nidarosiensus

Sciata Ioruach

 

Trachyscorpia cristulata

Deilgcheann Atlantach

 

Lepidopus caudatus

Scabaird airgid

 

Lycodes esmarkii

Puteascann Esmark

 

Sebastes viviparus

Péirse mhara bheag

 


IARSCRÍBHINN II

Ceanglais shonracha maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 15(2)

1.

Aon sonraí a bhailítear maidir le limistéar a chuimsíonn uiscí de chuid an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta araon, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a dhí-chomhbhailiú ar shlí a dtagraítear ar leithligh d'uiscí de chuid an Aontais nó d'uiscí idirnáisiúnta.

2.

I gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht sa métier domhainfharraige ag forluí le gníomhaíocht i métier eile sa limistéar céanna, déanfar an bailiú sonraí maidir leis an ngníomhaíocht sa métier domhainfharraige ar leithligh ón mbailiú sonraí maidir le gníomhaíocht sa métier eile.

3.

Déanfar ábhar muirí aischurtha a shampláil i ngach métier domhainfharraige. An straitéis samplála maidir le tabhairt i dtír agus ábhar muirí aischurtha, cuimseoidh sí gach speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I, mar aon le speicis a bhaineann leis an éiceachóras grinnill amhail coréil domhainuiscí, spúinsí nó orgánaigh eile a bhaineann leis an éiceachóras céanna.

4.

Iarrfar ar bhreathnóir a bheidh imlonnaithe ar bord meáchan aon choiréalaigh chlochaigh, aon choiréalaigh bhoig, aon spúinsí nó aon orgánach eile a bhaineann leis an éiceachóras céanna a thógtar ar bord le gléasanna an tsoithigh a shainaithint agus a dhoiciméadú.

5.

I gcás ina gceanglaítear leis an bplean ilbhliantúil is infheidhme maidir le bailiú sonraí nach mór sonraí a bhailiú maidir le hiarrachtaí iascaireachta ó thaobh uaireanta an chloig iascaireachta le tráil agus ama tumtha gléasanna éighníomhacha, baileoidh na Ballstáit na sonraí breise seo a leanas chomh maith leis na sonraí sin maidir le hiarrachtaí iascaireachta agus beidh siad in ann iad a chur ar fáil:

(a)

suíomh geografach na ngníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann le gach gabháil, ar bhonn sonraí an chórais um fhaireachán soithí arna dtarchur ag an soitheach chuig an lárionad faireacháin ar iascaigh;

(b)

na doimhneachtaí iascaireachta ag a n-úsáidtear na gléasanna, i gcás ina bhfuil an soitheach faoi réir tuarisciú le logleabhar leictreonach. Tabharfaidh máistir an tsoithigh fógra maidir leis an doimhneacht iascaireachta de réir na formáide caighdeánaí tuairiscithe.


IARSCRÍBHINN III

Speicis tháscacha VME

Measfar gur táscairí VME iad na cineálacha gnáthóg a liostaítear thíos, agus na tacsóin is dóchúla a bheidh i láthair.

Cineál ghnáthóg VME

Tacsóin ionadaíocha

1.   

Sceir choiréalaigh fuaruisce

a.

Sceir lophelia pertusa

Lophelia pertusa

b.

Sceir solenosmilia variabilis

Solenosmilia variabilis

2.   

Gairdín coiréalaigh

a.   

Gairdín cruaghrinneallach

i.

Gairdíní gorgaineacha cruaghrinneallacha agus gairdíní coiréalaigh dhuibh

Anthothelidae

Chrysogorgiidae

Isididae, Keratoisidinae

Plexauridae

Acanthogorgiidae

Coralliidae

Paragorgiidae

Primnoidae

Schizopathidae

ii.

Scleractinia coilíneacha ar lomáin carraige

Lophelia pertusa

Solenosmilia variabilis

iii.

Cumaisc scleractinineacha neamhsceireacha

Enallopsammia rostrata

Madrepora oculata

b.   

Gairdíní bog-ghrinneallacha coiréalaigh

i.

Gairdíní corgaineacha bog-ghrinneallacha agus gairdíní coiréalaigh dhuibh

Chrysogorgiidae

ii.

Bláir choiréalaigh cupaigh

Caryophylliidae

iii.

Bláir stíolastaraidigh

Flabellidae

Nephtheidae

3.   

Cumaisc spúinse domhainfharraige

a.

Cumaisc eile spúinse

Geodiidae

Ancorinidae

Pachastrellidae

b.

Gairdíní cruaghrinneallacha coiréalaigh

Axinellidae

Mycalidae

Polymastiidae

Tetillidae

c.

Pobail spúinse gloine

Rossellidae

Pheronematidae

4.

Bláir pheann mara

Anthoptilidae

Pennatulidae

Funiculinidae

Halipteridae

Kophobelemnidae

Protoptilidae

Umbellulidae

Vigulariidae

5.

Paistí d'anamóine tiúibe

Rossellidae

Pheronematidae

6.

Fána éiritheach láibe agus gainnimh

Bourgetcrinidae

Antedontidae

Hyocrinidae

Xenophyophora

Syringamminidae

7.

Paistí bríosónacha

 


IARSCRÍBHINN IV

Sainítear teagmháil le VME mar a leanas:

(a)

i gcás tuáil tráil, agus treallamh eile iascaireachta seachas spiléir: níos mó ná 30 kg coiréalaigh bheo agus/nó 400 kg spúinse bheo de tháscairí VME a bheith ann; agus

(b)

i gcás tacar spiléar: táscairí VME a bheith i láthair ar 10 nduán in aghaidh gach mírlíne de 1 000 duán nó in aghaidh gach mírlíne 1 200 m de spiléar, cibé ceann acu is giorra.


23.11.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

19


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 21/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh d'fhonn go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002

(2016/C 433/02)

I.   RÉAMHRÁ

1.

Ar an 19 Iúil 2012 chuir an Coimisiún Eorpach an togra a luaitear thuas faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa (1). Is é is aidhm don togra an Rialachán atá ann cheana, lena mbunaítear na coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach, a thabhairt cothrom le dáta (2).

2.

Idir mí Eanáir 2014 agus mí na Samhna 2015, rinne an Mheitheal um Beartas maidir leis an Iascach Inmheánach agus Seachtrach léamh críochnúil ar an togra.

3.

Chaith Parlaimint na hEorpa vóta maidir lena seasamh ar an gcéad léamh ar an 10 Nollaig 2013 (3).

4.

Tar éis don Mheitheal na leasuithe ón bParlaimint a scrúdú, agus prionsabail an chomhbheartais nua iascaigh (4) á gcur san áireamh freisin, d'ullmhaigh Uachtaránacht Lucsamburg téacs comhréitigh mar a leagtar amach sa tríú colún de 5803/5/14, agus áirítear na nuashonruithe teicniúla a leagtar amach in 15306/15 ar an téacs sin. D'fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe an téacs sin ar an 11 Samhain 2015, agus tugadh sainordú don Uachtaránacht ar an mbonn sin dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa.

5.

Thángthas ar chomhaontú sealadach leis an bParlaimint tar éis an chruinnithe thrípháirtigh a bhí ar siúl ar an 17 Samhain 2015 agus a tionóladh faoi Uachtaránacht Lucsamburg, agus tar éis cruinnithe trípháirteacha eile ar an 26 Aibreán, 25 Bealtaine, 14 agus 30 Meitheamh 2016, a tionóladh faoi Uachtaránacht na hÍsiltíre.

6.

I litir dar dáta an 13 Iúil 2016, chuir Cathaoirleach Choiste um Iascach Pharlaimint na hEorpa in iúl d'Uachtarán Coreper I, gur i gcás go dtíolacfaidh an Chomhairle a seasamh go foirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa mar a comhaontaíodh, faoi réir fíorúcháin ag na dlítheangeolaithe, go molfaidh sé don Seisiún Iomlánach go nglacfar seasamh na Comhairle, gan aon leasú, ar an dara léamh sa Pharlaimint.

7.

Ar an 20 Iúil 2016, dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe an dréacht-téacs comhréitigh deiridh d'fhonn teacht ar chomhaontú (5).

II.   CUSPÓIR

8.

Ba é ab aidhm leis an togra príomhghnéithe an Rialacháin atá ann faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta agus díriú ar na gnéithe sin ar bhealach níos fearr (córas maidir le húdarú iascaireachta, bailiú sonraí, faireachán ar an iarracht iascaireachta agus rialú), na ceanglais maidir le tuairisciú a shimpliú agus an córas a fhorlíonadh le bearta leis an tionchar atá ag iascaireacht domhainfharraige ar an éiceachóras a laghdú (coincheap an “lorg iascaireachta” agus trál grinnill a chéimniú amach).

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

A.    Faisnéis Ghinearálta

9.

Le seasamh na Comhairle, tacaítear a bheag nó a mhór leis an togra ón gCoimisiún i ndáil leis an gcóras maidir le húdarú iascaireachta a nuachóiriú, i ndáil le forálacha sonracha maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú a ailíniú ar bhealach níos fearr leis an gcreat ginearálta bailithe sonraí, i ndáil le tuairisciú a shimpliú agus forálacha rialaithe a athbhreithniú. Mar sin féin, thug an Chomhairle roinnt solúbthachta isteach d'fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú agus le bearta díréireacha a sheachaint (féach, cuir i gcás Airteagal 5(6), 6(2), 10, 12 agus 13(2) de sheasamh na Comhairle). Chomh maith leis sin, scrios an Chomhairle na forálacha roghnacha, a bhí sa togra, maidir le bainistiú na hiarrachta iascaireachta, i bhfianaise na bprionsabal nua bainistithe a bunaíodh leis an athchóiriú ar an gcomhbheartas iascaigh, tabhairt isteach an oibleagáid maidir le teacht i dtír san áireamh.

10.

Siocair nár tháinig an t-athbhreithniú ar an gcomhbheartas iascaigh i bhfeidhm go dtí an 1 Eanáir 2014 nuair a vótáil an Pharlaimint a seasamh ar an gcéad léamh, ní raibh an Chomhairle in ann comhaontú maidir le leasuithe áirithe a mhol Parlaimint na hEorpa lena ndírítear ar ghabháil níos faide ná prionsabail nua an chomhbheartais iascaigh maidir le hiascaireacht domhainfharraige (e.g. leasú 36 agus leasú 37 maidir le bainistiú acmhainne, leasú 65 agus leasú 66 maidir le teorainneacha gabhála i gcásanna nach bhfuil dóthain sonraí fúthu, leasú 71 maidir leis an oibleagáid teacht i dtír i gcás speicis domhainfharraige) nó lena n-athdhearbhaítear gnéithe den chomhbheartas iascaigh (e.g. leasú 119 maidir le tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh).

11.

Ag féachaint do na hathruithe ar an togra ón gCoimisiún, déanann an Chomhairle forbairt ar leasuithe a mhol an Pharlaimint maidir leis an “lorg iascaireachta” (leasú 43 go leasú 55) agus maidir le limistéir a ainmniú ina bhfuil éiceachórais leochaileacha mhuirí nó maidir le limistéir inar dóigh go mbeidh na héiceachórais leochaileacha mhuirí sin (leasú 42 agus leasú 56). Sa seasamh ón gComhairle, bunaithe ar na trí bharúil éagsúla a chóineasú, cuireadh pacáiste forálacha (gan trál grinnill ar bith a bheith ann faoi 800 méadar in uiscí AE agus i limistéir uiscí AE a shainaithnítear le cosaint a thabhairt d'éiceachórais leochaileacha mhuirí dhomhainfharraige) in ionad an togra ón gCoimisiún maidir le trál grinnill in iascaireacht domhainfharraige a chéimniú amach, ar togra é nár ghlac an Pharlaimint leis ann féin (féach leasú 62); coinníollacha dochta le haghaidh iascaireacht thaiscéalaíoch lasmuigh de limistéir bhunaithe iascaireachta (“lorg”), lena mbaineann smachtbhannaí gaolmhara i gcás neamh-chomhlíonadh; cumhdach breathnóra atreisithe, agus ceanglais tuairiscithe maidir le speicis lena léirítear an dóchúlacht gur éiceachórais leochaileacha mhuirí atá i gceist; agus measúnú mionsonraithe ar thionchar an Rialacháin tar éis ceithre bliana).

B.    Gnéithe sonracha

12.

Ba chúis imní faoi leith do na trí hinstitiúid é an cumhdach breathnóra ar bhord soitheach atá ag iascaireacht do speicis domhainfharraige. D'fhonn leas na Parlaiminte maidir leis an eolas eolaíoch faoi speicis domhainfharraige agus faoi tionchar an trealaimh a mhéadú go gasta a chothromú le leas na Comhairle maidir leis na paraiméadair chaighdeánacha cumhdaigh a fheidhmiú agus chun nach dtabharfar tosaíocht d'iascach amháin thar cuid mhór iascaigh eile i gcás nach mbeadh go leor acmhainní daonna ann, thángthas ar chomhréiteach go mbeidh cumhdach breathnóra 20 % éigeantach ar shoithigh a dhíríonn ar speicis domhainfharraige le tráil ghrinnill nó le heangacha geolbhaigh ghrinneallsocraithe (Airteagal 16 de sheasamh na Comhairle). D'fhéadfaí an céatadán sin a athbhreithniú trí chomhchinnteoireacht tar éis measúnú eolaíoch a dhéanfar ar iarraidh ón gCoimisiún.

13.

Le linn na dteagmhálacha idir an Pharlaimint agus an Coimisiún, conspóideadh raon feidhme spásúil an Rialacháin. Go háirithe, thacaigh an Pharlaimint le leathnú an chórais nua i dtreo oibríochtaí shoithigh AE in uiscí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh, a rialaítear le bearta ó Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC). Chuir an Chomhairle i gcoinne an chur chuige sin, mar go raibh imní uirthi faoi éagsúlacht sna rialacha a mbeadh feidhm leo sa limistéar céanna, faoin gcur chuige sonrach bainistithe a fhorbrófar in NEAFC, agus leag sí béim ar an éagsúlacht sna patrúin iascaireachta. D'fhéadfaí teacht ar chomhréiteach trí na rialacha maidir le cumhdach breathnóra a leathnú go roghnach chun go gcumhdófaí soithigh AE a fheidhmíonn in uiscí NEAFC (Airteagal 16(5) de sheasamh na Comhairle), agus caighdeán a thabhairt isteach i ndáil leis an méid sin a bheadh níos airde ná an ceann atá i bhfeidhm cheana ar an leibhéal idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, comhaontaíonn an Chomhairle leanúint d'fhorálacha an Rialacháin maidir le rochtain tosaigh i gcás calafoirt ainmnithe, an oibleagáid faisnéise agus an cead iascaireachta a fheidhmiú i gcás oibríochtaí in uiscí NEAFC (Airteagal 20(3) de sheasamh na Comhairle).

14.

Ar deireadh, comhaontaíonn an Chomhairle, sa seasamh uaithi, maidir le pacáiste de ghnéithe measúnaithe (Airteagal 19), ar cheart go mbeadh athbhreithniú mionsonraithe ar na bearta atá ann cheana agus ar bhearta nua mar thoradh air, ag féachaint dá n-oiriúnacht maidir le caomhnú fadtéarmach stoc, tionchar beag ar éiceachórais leochaileacha mhuirí agus eolas eolaíoch níos fearr.

IV.   CONCLÚID

15.

Agus a seasamh á bhunú aici, thug an Chomhairle aird iomlán ar an togra ón gCoimisiún agus ar an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh.


(1)  Cf. 12801/12.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002.

(3)  Cf. 17452/2013.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(5)  Cf. 11141/16.