| 
                   ISSN 1977-107X  | 
            ||
| 
                   Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  | 
               
                   Eagrán Speisialta ( 1 )  | 
            |
                   
                | 
               ||
| 
                   An t-eagrán Gaeilge  | 
               
                   Faisnéis agus Fógraí  | 
               
                   59  | 
            
| 
                   
  | 
               
                   | 
            
| 
                   
  | 
               
                   (1) Faoin tagairt C 430 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.  | 
            
| 
                   
  | 
               
                   (3) Téacs atá ábhartha maidir le LEE  | 
            
| 
                   GA  | 
               
                   
  | 
            
III Gníomhartha ullmhúcháin
AN CHOMHAIRLE
| 
                      22.11.2016  | 
                  
                      GA  | 
                  
                      Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  | 
                  
                      1  | 
               
SEASAMH (AE) Uimh. 18/2016 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH
chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a chaighdeánú
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2016
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2016/C 430/01)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 109 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
| 
                      (1)  | 
                  
                      Le Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle (4), ceadaítear do na Ballstáit cúiteamh a thabhairt do 40 gnóthas iarnróid arna sonrú, chun oibleagáidí a íoc nach bhfuil ar ghnóthais atá i mbun modhanna iompair eile a sheasamh. Fágann cur i bhfeidhm ceart na rialacha maidir le caighdeánú go bhfuil Ballstáit díolmhaithe ó oibleagáidí i leith fógraí a thabhairt maidir le státchabhair.  | 
               
| 
                      (2)  | 
                  
                      Glacadh sraith gníomhartha dlí lena ligtear iomaíocht isteach i margadh an lasta iarnróid agus sa mhargadh paisinéirí iarnróid idirnáisiúnta agus lena mbunaítear, i gcás Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), prionsabail bhunúsacha áirithe lena n-áirítear: an prionsabal go bhfuil gnóthais iarnróid le bainistiú de réir prionsabail a bhfuil feidhm leo maidir le cuideachtaí tráchtála, gur eintitis ar leithligh atá le bheith sna heintitis atá freagrach as acmhainn a leithdháileadh agus muirear a ghearradh as bonneagar iarnróid a úsáid agus sna heintitis a oibríonn seirbhísí iarnróid, agus go bhfuil cuntais le scaradh; go bhfuil rochtain le bheith ag aon ghnóthas iarnróid arna cheadúnú i gcomhréir le critéir Aontais ar bhonneagar iarnróid ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, agus go bhféadfaidh bainisteoirí bonneagair tairbhiú de mhaoiniú stáit.  | 
               
| 
                      (3)  | 
                  
                      Tá Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ar neamhréir leis na bearta reachtacha atá i bhfeidhm faoi láthair agus neamh-chomhoiriúnach leo freisin. Go háirithe, i gcomhthéacs margadh léirscaoilte ina bhfuil gnóthais iarnróid in iomaíocht dhíreach leis na gnóthais iarnróid arna sonrú, ní iomchuí a thuilleadh cóir éagsúil a chur ar an dá ghrúpa sin.  | 
               
| 
                      (4)  | 
                  
                      Chun deireadh a chur le neamhréireachtaí i gcóras dlí an Aontais, agus d'fhonn rannchuidiú le simpliú trí dheireadh a chur le gníomh dlí atá imithe i léig, is iomchuí dá bhrí sin Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 a aisghairm.  | 
               
| 
                      (5)  | 
                  
                      Féadfaidh na Ballstáit cúiteamh a íoc do chostais na saoráidí crosairí ar bhonn Airteagal 8 de Threoir 2012/34/AE. Mar sin féin, tá gach seans ann go mbeidh am ag teastáil uathu chun an dlí náisiúnta agus na forálacha riaracháin atá acu a leasú d'fhonn aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, níor cheart feidhm láithreach a bheith ag an aisghairm sin i gcásanna a chumhdaítear le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69,  | 
               
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69, cé is moite d'fhorálacha an Rialacháin sin a bhfuil feidhm acu maidir le cuntais a chaighdeánú do chásanna Aicme IV a chumhdaítear le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Leanfaidh na forálacha sin d'fheidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2017.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
…
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
…
(1) IO C 327, 12.11.2013, lch. 122.
(2) IO C 356, 5.12.2013, lch. 92.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2016. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1969 maidir le comhrialacha chun cuntas na gnóthas iarnróid a chaighdeánú (IO L 156, 28.6.1969, lch. 8)
(5) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
| 
                      22.11.2016  | 
                  
                      GA  | 
                  
                      Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  | 
                  
                      3  | 
               
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 18/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú
(2016/C 430/02)
I. RÉAMHRÁ
| 
                      1.  | 
                  
                      Ar an 30 Eanáir 2013, chuir an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú (1).  | 
               
| 
                      2.  | 
                  
                      Cuireadh an togra seo i láthair mar chuid den Cheathrú Pacáiste Iarnróid, mar a thugtar air, in éineacht le cúig thogra eile. Cuireadh na tograí in dhá ghrúpa le haghaidh na n-idirbheartaíochtaí, colún teicniúil agus colún margaidh. Tá an togra seo mar chuid den cholún margaidh.  | 
               
| 
                      3.  | 
                  
                      Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim maidir leis an togra ar an 10 Iúil 2013. Ghlac Coiste na Réigiún a thuairim ar an 8 Deireadh Fómhair 2013.  | 
               
| 
                      4.  | 
                  
                      Ar an 26 Feabhra 2014, ghlac Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh.  | 
               
| 
                      5.  | 
                  
                      Ar an 3 Nollaig 2014, tháinig an Chomhairle (Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh) ar chomhaontú (an “cur chuige ginearálta”) (2) maidir leis an togra lena n-aisghairtear Rialachán 1192/69.  | 
               
| 
                      6.  | 
                  
                      Ar an 19 Aibreán 2016, thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le téacs comhréitigh.  | 
               
| 
                      7.  | 
                  
                      Ar an 20 Meán Fómhair 2016, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil (3) maidir leis an téacs comhréitigh.  | 
               
| 
                      8.  | 
                  
                      Agus na comhaontuithe thuas á gcur san áireamh aici agus tar éis an athbhreithnithe ó thaobh dlí agus teanga, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh ar an 17 Deireadh Fómhair 2016, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.  | 
               
II. CUSPÓIR
| 
                      9.  | 
                  
                      Is é is cuspóir aonair don togra rialachán atá as dáta a aisghairm, ar rialachán é a glacadh nuair a chomhlíon eagraíochtaí a chuireann seirbhísí iarnróid ar fáil cúraimí áirithe atá ar an earnáil phoiblí. Cuireadh creat ar fáil leis an rialachán do chúiteamh ar na costais agus ar na tairbhí a eascraíonn as freagrachtaí den chineál sin.  | 
               
III. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
| 
                      10.  | 
                  
                      Measann an Chomhairle nach bhfuil Rialachán (CEE) 1192/69 comhoiriúnach le heagraíocht nua-aimseartha na hearnála iarnróid níos mó. Mar sin féin, is eol don Chomhairle go bhfuil an Rialachán fós á úsáid, go háirithe i gcás cúiteamh ar chostais a bhaineann le saoráidí crosairí comhréidh. Is ceart mar sin idirthréimhse a bheith ann chun go dtabharfar cúiteamh ar na costais a bhaineann le crosaire comhréidh le go bhféadfaí aistriú go réidh chuig an gcóras nua.  | 
               
IV. CONCLÚID
| 
                      11.  | 
                  
                      Léirítear leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, agus tacaíocht á fáil acu ón gCoimisiún.  | 
               
| 
                      12.  | 
                  
                      Deimhnítear an comhréiteach sin le litir ó Chathaoirleach an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht de chuid Pharlaimint na hEorpa, ar litir í a seoladh chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) ar an 13 Iúil 2016.  | 
               
| 
                      13.  | 
                  
                      Cuirtear an togra ón gCoimisiún agus na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh san áireamh ina n-iomláine leis an seasamh ón gComhairle. Creideann an Chomhairle gur pacáiste cothrom é an seasamh seo aici ar an gcéad léamh.  | 
               
(1) IO L 156, 28.6.1969, lch. 283.
(2) Féach 15790/14 TRANS 545 CODEC 2307.
(3) Féach 11202/16 TRANS 299 CODEC 1059.
| 
                      22.11.2016  | 
                  
                      GA  | 
                  
                      Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  | 
                  
                      4  | 
               
SEASAMH (AE) Uimh. 19/2016 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH
chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d'iarnród a oscailt
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2016
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2016/C 430/03)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
| 
                      (1)  | 
                  
                      D'fhéadfadh iompar d'iarnród fás agus a chion módach a mhéadú agus ról tábhachtach a bheith aige i gcóras inbhuanaithe iompair agus soghluaisteachta, rud a chruthódh deiseanna nua infheistíochta agus poist. Mar sin féin, níor fhan fás na seirbhísí iompair do phaisinéirí d'iarnród cos ar chos le héabhlóid na modhanna eile iompair.  | 
               
| 
                      (2)  | 
                  
                      Tá margadh an Aontais do sheirbhísí idirnáisiúnta iompair do phaisinéirí d'iarnród oscailte don iomaíocht ó 2010 i leith. Chomh maith leis sin, d'oscail roinnt Ballstát a gcuid seirbhísí intíre do phaisinéirí don iomaíocht, trí chearta rochtana oscailte a thabhairt isteach, nó conarthaí seirbhíse poiblí a chur ar tairiscint, nó an dá rud. Ba cheart tionchar dearfach a bheith ag oscailt an mhargaidh do sheirbhísí intíre do phaisinéirí d'iarnród ar fheidhmiú an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid agus ba cheart seirbhísí ní b'fhearr d'úsáideoirí a bheith mar thoradh air sin.  | 
               
| 
                      (3)  | 
                  
                      Ina Pháipéar Bán maidir le hiompar an 28 Márta 2011, d'fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige an margadh inmheánach do sheirbhísí iarnróid a chomhlánú agus fáil réidh leis na bacainní teicniúla, riaracháin agus dlíthiúla a chuireann bac ar iontráil sa mhargadh iarnróid.  | 
               
| 
                      (4)  | 
                  
                      Le comhlánú an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid, ba cheart forbairt iompair d'iarnród a chur chun cinn mar rogha inchreidte eile ar mhodhanna eile iompair, inter alia ó thaobh an phraghais agus na cáilíochta de.  | 
               
| 
                      (5)  | 
                  
                      Tá sé mar chuspóir sonrach ag an Rialachán seo feabhas a chur ar cháilíocht, ar thrédhearcacht, ar éifeachtúlacht agus ar fheidhmiú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród.  | 
               
| 
                      (6)  | 
                  
                      Maidir le seirbhísí ar an leibhéal trasteorann a sholáthraítear faoi chonarthaí seirbhíse poiblí, lena n-áirítear seirbhísí poiblí iompair lena gcumhdaítear riachtanais iompair áitiúla agus réigiúnacha, ba cheart dóibh a bheith faoi réir chomhaontú ó údaráis inniúla na mBallstát sin ar ina gcríocha a dhéantar na seirbhísí a sholáthar.  | 
               
| 
                      (7)  | 
                  
                      Ba cheart do na húdaráis inniúla sonraíochtaí na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí san iompar poiblí do phaisinéirí a shainiú. Ba cheart do shonraíochtaí den sórt sin a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí beartais mar a luaitear iad i ndoiciméid bheartais don iompar poiblí sna Ballstáit.  | 
               
| 
                      (8)  | 
                  
                      Nuair is féidir, ba cheart do shonraíochtaí na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí don iompar poiblí do phaisinéirí iarmhairtí dearfacha a ghiniúint sna gréasáin, inter alia ó thaobh caighdeáin fheabhsaithe seirbhísí, comhtháthú sóisialta agus críochach nó éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais iompair phoiblí de.  | 
               
| 
                      (9)  | 
                  
                      Ba cheart oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheith i gcomhréir le beartas iompair phoiblí. Mar sin féin, ní fhágann sin go bhfuil na húdaráis inniúla i dteideal méid ar leith cistiúcháin a fháil.  | 
               
| 
                      (10)  | 
                  
                      Agus doiciméid bheartais iompair phoiblí á n-ullmhú, ba cheart dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I measc na ngeallsealbhóirí sin, d'fhéadfaí oibreoirí iompair, bainisteoirí bonneagair, eagraíochtaí fostaithe agus ionadaithe úsáideoirí na seirbhísí poiblí iompair a áireamh.  | 
               
| 
                      (11)  | 
                  
                      Do chonarthaí seirbhíse poiblí nach ndámhtar ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí ag oibreoirí seirbhíse poiblí a chúiteamh go hiomchuí d'fhonn inbhuanaitheacht fhadtéarmach airgeadais na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa bheartas iompair phoiblí. Go háirithe, ba cheart don chúiteamh sin caomhnú nó forbairt an bhainistithe éifeachtaigh ag an oibreoir seirbhíse poiblí a chur chun cinn chomh maith le seirbhísí iompair ar chaighdeán sách ard a sholáthar do phaisinéirí.  | 
               
| 
                      (12)  | 
                  
                      Faoi chuimsiú bhunú an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid, ba cheart do na Ballstáit leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta a áirithiú d'fhoireann na n-oibreoirí seirbhíse poiblí.  | 
               
| 
                      (13)  | 
                  
                      D'fhonn ceanglais shóisialta agus shaothair a chomhtháthú go hiomchuí i nósanna imeachta le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a dhámhachtain, ba cheart d'oibreoirí seirbhíse poiblí, agus conarthaí seirbhíse poiblí á bhfeidhmiú acu, na hoibleagáidí sin i réimse an dlí shóisialta agus shaothair atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina ndámhtar an conradh seirbhíse poiblí agus a eascraíonn as dlíthe, rialacháin agus cinntí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus as na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme, a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na rialacha náisiúnta sin, agus a gcur i bhfeidhm, dlí an Aontais.  | 
               
| 
                      (14)  | 
                  
                      I gcás ina gceanglaíonn na Ballstáit go n-aistreofaí an fhoireann a bhí earcaithe ag an oibreoir roimhe sin chuig an oibreoir seirbhíse poiblí nua a roghnaíodh, ba cheart na cearta a dheonú don fhoireann sin a mbeidís ina dteideal dá mba rud é go raibh aistriú ann de réir bhrí Threoir 2001/23/CE ón gComhairle (4). Ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit forálacha den sórt sin a ghlacadh.  | 
               
| 
                      (15)  | 
                  
                      Ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis ábhartha a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir maidir le tairiscintí a ullmhú faoi nósanna imeachta iomaíocha tairisceana, agus cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó á háirithiú ag an am céanna.  | 
               
| 
                      (16)  | 
                  
                      An oibleagáid ar údarás inniúil faisnéis a sholáthar do na páirtithe leasmhara go léir, ar faisnéis í atá fíor-riachtanach chun tairiscint a ullmhú faoi nós imeachta iomaíoch tairisceana, níor cheart go sínfeadh sí chuig faisnéis bhreise a chruthú i gcás nach ann don fhaisnéis sin.  | 
               
| 
                      (17)  | 
                  
                      D'fhonn an éagsúlacht in eagrú críochach agus polaitiúil na mBallstát a chur san áireamh, féadfaidh údarás inniúil arb éard atá ann grúpa údarás poiblí conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain. Sna himthosca sin, ba cheart rialacha soiléire a bheith ann lena socraítear na róil faoi seach a bheidh ag gach ceann de na húdaráis phoiblí i bpróiseas dámhachtana an chonartha seirbhíse poiblí.  | 
               
| 
                      (18)  | 
                  
                      Ag féachaint d'éagsúlacht na struchtúr riaracháin sna Ballstáit, i gcás conarthaí le haghaidh soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród arna ndámhachtain go díreach ag grúpa údarás inniúil áitiúil, is faoi na Ballstáit fós atá sé a chinneadh cé na húdaráis áitiúla atá inniúil maidir le “ceirtleáin uirbeacha” agus “limistéir thuaithe”.  | 
               
| 
                      (19)  | 
                  
                      Ba cheart conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, seachas sna cásanna sin a leagtar amach sa Rialachán seo.  | 
               
| 
                      (20)  | 
                  
                      Ba cheart na nósanna imeachta tairisceana iomaíocha le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí a bheith oscailte do gach oibreoir, ba cheart dóibh a bheith cóir agus ba cheart dóibh prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe a urramú.  | 
               
| 
                      (21)  | 
                  
                      In imthosca eisceachtúla, i gcás ina ndéantar conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, féadfar, go sealadach, conarthaí nua a dhámhachtain go díreach d'fhonn a áirithiú go ndéanfar seirbhísí a sholáthar ar an mbealach is éifeachtaí atá ann ó thaobh costais de. Níor cheart conarthaí den sórt sin a athnuachan chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí céanna nó oibleagáidí seirbhíse poiblí comhchosúla a chumhdach.  | 
               
| 
                      (22)  | 
                  
                      I gcás nach léiríonn ach an t-aon oibreoir amháin spéis tar éis go ndéantar fógra a fhoilsiú maidir leis an intinn nós imeachta iomaíoch tiarisceana a eagrú, féadfaidh na húdaráis inniúla dul i mbun caibidlíocht leis an oibreoir sin chun an conradh a dhámhachtain gan nós imeachta oscailte tairisceana a fhoilsiú de bhreis.  | 
               
| 
                      (23)  | 
                  
                      Ba cheart na tairseacha de minimis le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain go díreach a oiriúnú chun go léireoidh siad méideanna agus costais aonaid níos airde i seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród i gcomparáid le modhanna eile iompair arna gcumhdach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart feidhm a bheith ag tairseacha níos airde freisin maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród i gcás inarb ionann an t-iarnród agus níos mó ná 50 % de luach na seirbhísí atá faoi chaibidil.  | 
               
| 
                      (24)  | 
                  
                      Chun Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a bhunú, tá rialacha comhchoiteanna de dhíth maidir le dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí san earnáil seo, agus imthosca sonracha gach Ballstáit á gcur san áireamh ag an am céanna.  | 
               
| 
                      (25)  | 
                  
                      I gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe a bhaineann le cineál agus struchtúr an mhargaidh iarnróid nó an ghréasáin iarnróid, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith i dteideal conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain go díreach i gcás ina gcuirfeadh an conradh sin feabhas ar chaighdeán nó ar chost-éifeachtúlacht na seirbhísí, nó orthu araon.  | 
               
| 
                      (26)  | 
                  
                      Féadfaidh na húdaráis inniúla bearta a ghlacadh chun an iomaíocht idir gnóthais iarnróid a mhéadú trí líon na gconarthaí a dhámhfaidh siad ar aon ghnóthas iarnróid amháin a theorannú.  | 
               
| 
                      (27)  | 
                  
                      Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhforálann a gcórais dlí go bhféadfaidh comhlacht neamhspleách measúnú a dhéanamh ar chinntí an údaráis inniúil conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain go díreach ar chur chuige feidhmíochtbhunaithe. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh mar chuid d'athbhreithniú breithiúnach.  | 
               
| 
                      (28)  | 
                  
                      Agus nósanna imeachta iomaíocha tairsceana á n-ullmhú acu, ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas cibé acu an bhfuil gá le bearta chun rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaitheach ar rothra iarnróid oiriúnach a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis inniúla an tuarascáil mheasúnaithe a chur ar fáil go poiblí.  | 
               
| 
                      (29)  | 
                  
                      Roinnt de phríomhghnéithe na nósanna imeachta iomaíocha tairisceana a bheidh ann amach anseo le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí, is gá iad a bheith iomlán trédhearcach le go bhféadfar freagairt mhargaidh a bheith ann a bheidh eagraithe ar bhealach níos fearr.  | 
               
| 
                      (30)  | 
                  
                      Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a leasú dá réir sin,  | 
               
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 mar a leanas:
| 
                      (1)  | 
                  
                      In Airteagal 1(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Faoi réir chomhaontú údaráis inniúla na mBallstát sin ar ina gcríocha a dhéantar na seirbhísí a sholáthar, féadfaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí baint a bheith acu le seirbhísí poiblí iompair ar an leibhéal trasteorann, lena n-áirítear na seirbhísí poiblí iompair sin lena gcumhdaítear riachtanais iompair áitiúla agus réigiúnacha.”.  | 
               
| 
                      (2)  | 
                  
                      In Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach: 
  | 
               
| 
                      (3)  | 
                  
                      Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 2a Oibleagáidí seirbhíse poiblí a shonrú 1. Déanfaidh an t-údarás inniúil sonraíochtaí d'oibleagáidí seirbhíse poiblí i soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí agus i raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí sin a leagan síos. Áirítear leis sin go bhféadfaí seirbhísí a chumhdaíonn a gcostais a ghrúpáil le seirbhísí nach gcumhdaíonn a gcostais. Agus na sonraíochtaí sin agus a raon feidhme á leagan síos aige, tabharfaidh an t-údarás inniúil an urraim chuí do phrionsabal na comhréireachta, i gcomhréir le dlí an Aontais. Beidh na sonraíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí beartais mar a luaitear iad i ndoiciméid bheartais don iompar poiblí sna Ballstáit. Déanfar inneachar agus formáid na ndoiciméad beartais don iompar poiblí agus na nósanna imeachta le haghaidh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. 2. Le sonraíochtaí na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí agus an cúiteamh gaolmhar ar iarmhairt ghlan airgeadais na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí: 
 
  | 
               
| 
                      (4)  | 
                  
                      Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas: 
 
 
 
  | 
               
| 
                      (5)  | 
                  
                      Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas: 
 
 
 
 
 
 
 
  | 
               
| 
                      (6)  | 
                  
                      Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 5a Rothra iarnróid 1. D'fhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana a sheoladh, déanfaidh na húdaráis inniúla a mheas cibé acu an bhfuil gá le bearta chun rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaitheach ar rothra oiriúnach a áirithiú. Cuirfear san áireamh leis an measúnú sin láithreacht chuideachtaí léasaithe rothra, nó gníomhaithe eile margaidh a dhéanann rothra a léasú, sa mhargadh ábhartha. Cuirfear an tuarascáil mheasúnaithe sin ar fáil go poiblí. 2. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le státchabhair, bearta iomchuí a dhéanamh d'fhonn rochtain éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach ar rothra oiriúnach a áirithiú. D'fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin: 
 
 
 
 3. Má dhéantar an rothra a chur ar fáil d'oibreoir iompair phoiblí nua, cuirfidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis atá ar fáil san áireamh sna doiciméid tairisceana faoi chostas cothabhála an rothra agus faoin riocht fisiciúil atá air.”.  | 
               
| 
                      (7)  | 
                  
                      In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh gach cúiteamh a bhainfidh le riail ghinearálta nó le conradh seirbhíse poiblí Airteagal 4 a chomhlíonadh, is cuma conas a dámhadh an conradh. Déanfaidh gach cúiteamh, cibé cineál é, a bhainfidh le conradh seirbhíse poiblí nach ndámhtar i gcomhréir le hAirteagal 5(1), (3) nó (3b) nó a bhaineann le riail ghinearálta, na forálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a chomhlíonadh freisin.”.  | 
               
| 
                      (8)  | 
                  
                      Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas: 
 
  | 
               
| 
                      (9)  | 
                  
                      Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas: 
 
 
  | 
               
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an … [12 mhí tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
…
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
…
(1) IO C 327, 12.11.2013, lch. 122.
(2) IO C 356, 5.12.2013, lch. 92.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2016. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas nó gnóthaí nó cuid de ghnóthais nó de ghnóthaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).
| 
                      22.11.2016  | 
                  
                      GA  | 
                  
                      Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  | 
                  
                      13  | 
               
Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 19/2016 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a bhaineann le margadh na seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d'iarnród a oscailt
(2016/C 430/04)
I. RÉAMHRÁ
| 
                      1.  | 
                  
                      Ar an 30 Eanáir 2013, chuir an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a bhaineann le margadh na seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d'iarnród a oscailt (1).  | 
               
| 
                      2.  | 
                  
                      Cuireadh an togra seo i láthair mar chuid den Cheathrú Pacáiste Iarnróid, mar a thugtar air, in éineacht le cúig thogra eile. Cuireadh na tograí in dhá ghrúpa le haghaidh na n-idirbheartaíochtaí, colún teicniúil agus colún margaidh. Tá an togra seo mar chuid den cholún margaidh.  | 
               
| 
                      3.  | 
                  
                      Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim maidir leis an togra ar an 10 Iúil 2013. Ghlac Coiste na Réigiún an tuairim uaidh ar an 8 Deireadh Fómhair 2013.  | 
               
| 
                      4.  | 
                  
                      Ar an 26 Feabhra 2014, ghlac Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh.  | 
               
| 
                      5.  | 
                  
                      Ar an 8 Deireadh Fómhair 2015, tháinig an Chomhairle (Iompar, Teileachumarsáid agus Fuinneamh) ar chomhaontú (an “cur chuige ginearálta”) (2) maidir leis an togra a bhaineann le seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí.  | 
               
| 
                      6.  | 
                  
                      Ar an 19 Aibreán 2016, thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le téacs comhréitigh.  | 
               
| 
                      7.  | 
                  
                      Ar an 20 Meán Fómhair 2016, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil (3) maidir leis an téacs comhréitigh.  | 
               
| 
                      8.  | 
                  
                      Agus na comhaontuithe thuas á gcur san áireamh aici agus tar éis an athbhreithnithe ó thaobh dlí agus teanga, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh ar an 17 Deireadh Fómhair 2016, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.  | 
               
II. CUSPÓIR
| 
                      9.  | 
                  
                      Is iad príomhchuspóirí an togra feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí i gcásanna ina bhfuil seirbhísí mar sin á dtairiscint mar sheirbhís phoiblí agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibríochtúil na seirbhísí sin.  | 
               
III. ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH
A) Faisnéis Ghinearálta
| 
                      10.  | 
                  
                      Measann an Chomhairle gur cheart tairiscint iomaíoch a bheith mar an rogha is fearr nuair a dhéanfar seirbhísí poiblí do phaisinéirí d'iarnród a sholáthar. Mar sin féin, tá cuid mhór éagsúlachta idir méid, eagrú agus tréithe eile na margaí seirbhísí iarnróid do phaisinéirí sna Ballstáit. Mar sin de, d'fhonn príomhchuspóirí an togra seo a bhaint amach ar bhealach éifeachtach, ba cheart maoluithe ar phrionsabal na dtairiscintí iomaíche, i.e. dámhachtainí díreacha, a cheadú i gcásanna áirithe, faoi réir coinníollacha sonracha.  | 
               
B) Saincheisteanna beartais lárnacha eile
| 
                      11.  | 
                  
                      Measann an Chomhairle go bhfuil dámhachtain dhíreach conartha bunaithe ar an dóigh a ndéantar seirbhísí a sholáthar cuí-réasúnaithe i gcásanna áirithe mar go gcomhlíonfaí cuspóirí an togra seo ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil leis sin. Ba cheart cead a thabhairt do na húdaráis inniúla dámhachtainí mar sin a bhronnadh ar an gcoinníoll go n-áiritheoidh siad go mbeidh an próiseas trédhearcach. Ba cheart na cuspóirí a shainiú sna conarthaí sin i gcomhréir leis an Rialachán agus leis na táscairí riachtanacha le faireachán a dhéanamh ar na cuspóirí sin.  | 
               
| 
                      12.  | 
                  
                      Is ann do chásanna eile, amhail cásanna éigeandála, luachanna ísle conarthaí nó cásanna idirthréimhseacha idir dámhachtainí iomaíocha, ina bhfuil dámhachtainí díreacha iomchuí agus inar cheart iad a cheadú, faoi réir coinníollacha sonracha.  | 
               
| 
                      13.  | 
                  
                      Thairis sin, shínigh na húdaráis inniúla conarthaí leanúnacha le gnóthais iarnróid maidir le seirbhísí iarnróid a sholáthar do phaisinéirí. Beidh gá le hidirthréimhse réasúnta le cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, chun nach sárófar conarthaí mar sin agus chun nach mbeidh gá le cúiteamh má chuirtear deireadh leo róluath.  | 
               
| 
                      14.  | 
                  
                      Caithfear rochtain iomchuí a thabhairt ar rothstoc iarnróid le seirbhísí iompair a sholáthar do phaisinéirí, ionas go n-áiritheofar iomaíocht chothrom. Ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas an bhfuil rothstoc iarnróid ar fáil ar a margadh siúd. Agus na dlíthe maidir le cúnamh stát á gcomhlíonadh acu, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis sin bearta a ghlacadh le soláthar an rothstoic a éascú, más gá.  | 
               
IV. CONCLÚID
| 
                      15.  | 
                  
                      Léirítear leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar thángthas air idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, agus tacaíocht á fáil acu ón gCoimisiún.  | 
               
| 
                      16.  | 
                  
                      Deimhnítear an comhréiteach sin le litir ó Chathaoirleach an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht de chuid Pharlaimint na hEorpa, ar litir í a seoladh chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) ar an 13 Iúil 2016.  | 
               
| 
                      17.  | 
                  
                      Cuirtear an togra ón gCoimisiún agus na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh san áireamh ina n-iomláine leis an seasamh ón gComhairle. Dá bhrí sin, creideann an Chomhairle gur céim mhór chun tosaigh ó thaobh feabhas a chur ar cháilíocht agus ar éifeachtúlacht soláthar seirbhísí iompair do phaisinéirí iarnróid é a seasamh ar an gcéad léamh.  | 
               
(1) IO L 315, 3.12.2007, lch. 1.
(2) Féach 12777/15 TRANS 317 CODEC 1308.
(3) Féach 11202/16 TRANS 299 CODEC 1059.