ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

59
18 Lúnasa 2016


Clár

Leathanach

 

Ceartúchán

 

Ceartúchán ar an Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ( IO C 203, 7.6.2016 )

1


 


 

(1)   Faoin tagairt C 299 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


Ceartúchán

18.8.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Ceartúchán ar an Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 203 Eagrán Speisialta Gaeilge an 7 Meitheamh 2016 )

Ar leathanach 3, an clár:

in ionad:

“TEIDEAL II   Forálacha chun ascnamh a spreagadh i réim an fhuinnimh núícléach”,

léitear:

“TEIDEAL II   Forálacha chun ascnamh a spreagadh i réim an fhuinnimh núicléach”.

Ar leathanach 3, an Clár, Teideal III:

in ionad:

“CAIBIDIL 1   

FORÁLACHA ÁIRITHE DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH AGUS DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I BHFEIDHM”,

léitear:

“CAIBIDIL 1   

FORÁLACHA ÁIRITHE DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH AGUS DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I bhFEIDHM”.

Ar leathanach 4, an Clár, an dara líne faoi bhun Theideal VI:

in ionad:

“Foralacha criochnaitheacha”,

léitear:

“Forálacha criochnaitheacha”.

Ar leathanach 4, an Clár, Iarscríbhinní atá faoi bhun Theideal VI:

in ionad:

“IARSCRÍBHINN III   

BUNTÁISTÍ IS INDEONAITHE DO GHNÓTHAIS CHOMHPHÁIRTEACHA FAOI AIRT-EAGAL 48 DEN CHONRADH SEO”,

léitear:

“IARSCRÍBHINN III   

BUNTÁISTÍ IS INDEONAITHE DO GHNÓTHAIS CHOMHPHÁIRTEACHA FAOI AIRTEAGAL 48 DEN CHONRADH SEO”.

Ar leathanach 4, an Clár, Iarscríbhinní atá faoi bhun Theideal VI:

in ionad:

“IARSCRÍBHINN IV   

LIOSTA DE NA hEARRAÍ AGUS NA TÁIRGÍ ATÁFAOI RÉIR FHORÁLACHA CHAIBIDIL 9 AR AN gCÓMHARGADH NÚICLÉACH”,

léitear:

“IARSCRÍBHINN IV   

LIOSTA DE NA hEARRAÍ AGUS NA TÁIRGÍ ATÁ FAOI RÉIR FHORÁLACHA CHAIBIDIL 9 AR AN gCÓMHARGADH NÚICLÉACH”.

Ar leathanach 4, an Clár, Iarscríbhinní atá faoi bhun Theideal VI:

in ionad:

“IARSCRÍBHINN V   

RÉAMHCHLÁR TAIGHDE AGUS TEAGAISC DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 215 DEN CHONRADH SEO (Aisghairthe)”,

léitear:

“IARSCRÍBHINN V   

RÉAMHCHLÁR TAIGHDE AGUS TEAGAISC DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 215 DEN CHONRADH SEO (Aisghairthe)”.

Ar leathanach 11, Airteagal 16, mír 2, an chéad fhomhír:

in ionad:

“2.   Laistigh d'ocht mí dhéag tar éis dháta a chomhdaithe, cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún aon iarratas a bheidh ann, agus é fós gan foilsiú, ar phaitinn nó ar chuspa aisiúlachta a dhealraíonn dóibh, prima facie, a bheith ag déileáil le hábhar a bhaineann go díreach, cé nach ábhar núicléach é go sonrach, le forbairt fuinnimh núicléach sa Chomhphobal agus atá fior-riachtanach don fhorbairt sin.”,

léitear:

“2.   Laistigh d'ocht mí dhéag tar éis dháta a chomhdaithe, cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún aon iarratas a bheidh ann, agus é fós gan foilsiú, ar phaitinn nó ar chuspa aisiúlachta a dhealraíonn dóibh, prima facie, a bheith ag déileáil le hábhar a bhaineann go díreach, cé nach ábhar núicléach é go sonrach, le forbairt fuinnimh núicléach sa Chomhphobal agus atá fíor-riachtanach don fhorbairt sin.”.

Ar leathanach 13, Airteagal 17, mír 2:

in ionad:

“2.   Ni fhéadfar ceadúnas neamheisiatach a dheonú mar a fhoráiltear i mír 1 mas féidir leis an sealbhóir a shuíomh go bhfuil fáthanna dlisteanacha ann, go háirithe nach raibh go leor ama aige chuige.”,

léitear:

“2.   Ní fhéadfar ceadúnas neamheisiatach a dheonú mar a fhoráiltear i mír 1 mas féidir leis an sealbhóir a shuíomh go bhfuil fáthanna dlisteanacha ann, go háirithe nach raibh go leor ama aige chuige.”.

Ar leathanach 13, Airteagal 17, mír 4:

in ionad:

“4.   Ni dhéanfaidh forálacha an Airteagail seo difear d'fhorálacha Choinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint.”,

léitear:

“4.   Ní dhéanfaidh forálacha an Airteagail seo difear d'fhorálacha Choinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint.”.

Ar leathanach 14, Airteagal 20:

in ionad:

“Más rud é, ar an ábhar a tharchur chuige faoi chomhaontú speisialta, go bhfaighidh an Coiste Eadrána go bhfuil iarratas an Choimisiúin ag comhtheacht le forálacha Airteagal 17, tabharfaidh sé cinneadh réasúnaithe a dheonóidh an ceadúnas don iarratasóir agus a leagfaidh sios téarmaí an cheadúnais agus an íocaíocht ina leith, sa mhéid nach mbeidh na páirtithe tar éis teacht ar chomhaontú ar na pointí sin.”,

léitear:

“Más rud é, ar an ábhar a tharchur chuige faoi chomhaontú speisialta, go bhfaighidh an Coiste Eadrána go bhfuil iarratas an Choimisiúin ag comhtheacht le forálacha Airteagal 17, tabharfaidh sé cinneadh réasúnaithe a dheonóidh an ceadúnas don iarratasóir agus a leagfaidh síos téarmaí an cheadúnais agus an íocaíocht ina leith, sa mhéid nach mbeidh na páirtithe tar éis teacht ar chomhaontú ar na pointí sin.”.

Ar leathanach 16, Airteagal 25, mír 2, an dara fomhír:

in ionad:

“Ni féidir aireagáin is ábhar do na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 a úsáid ach amháin le toiliú an iarratasóra nó de réir Airteagail 17 go 23.”,

léitear:

“Ní féidir aireagáin is ábhar do na hiarratais dá dtagraítear i mír 1 a úsáid ach amháin le toiliú an iarratasóra nó de réir Airteagail 17 go 23.”.

Ar leathanach 17, Airteagal 26, mír 1, an dara fomhír:

in ionad:

“Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun na cearta agus na hiarratais sin a choimeád faoi shlándáil de réir an nós imeachta atá leagtha sios ina dhlíthe agus ina rialacháin féin.”,

léitear:

“Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun na cearta agus na hiarratais sin a choimeád faoi shlándáil de réir an nós imeachta atá leagtha síos ina dhlíthe agus ina rialacháin féin.”.

Ar leathanach 17, Airteagal 26, mír 2:

in ionad:

“2.   Ni fhéadfar aon iarratais a bhaineann le faisnéis atá rúnaicmithe de réir Airteagal 24 a chomhdú lasmuigh de na Ballstáit ach amháin lena n-aontoilíocht.”,

léitear:

“2.   Ní fhéadfar aon iarratais a bhaineann le faisnéis atá rúnaicmithe de réir Airteagal 24 a chomhdú lasmuigh de na Ballstáit ach amháin lena n-aontoilíocht.”.

Ar leathanach 18, Roinn 4, Caibidil 3, Airteagal 30, an dara mír:

in ionad:

“Ciallaíonn an abairt ‘bunchaighdeáin’:

(a)

na dáileoga uasta is incheadaithe i gcomhréir le leorshábháilteacht,

(b)

na huasleibhéil rise agus truaillithe is incheadaithe,”,

léitear:

“Ciallaíonn an abairt ‘bunchaighdeáin’:

(a)

na dáileoga uasta is incheadaithe i gcomhréir le leorshábháilteacht;

(b)

na huasleibhéil rise agus truaillithe is incheadaithe;” .

Ar leathanach 23, Airteagal 47, an ceathrú mír, pointe (a):

in ionad:

“(a)

an Comhphobal a bheith rannpháirteach i maoiniú an Ghnóthais Chomhpháirtigh,”,

léitear:

“(a)

an Comhphobal a bheith rannpháirteach i maoiniú an Ghnóthais Chomhpháirtigh;”.

Ar leathanach 25, Airteagal 54:

in ionad:

“Beidh pearsantacht dhlítheanach agus neamhspleáchas i gcúrsaí airgeadais ag an nGníomhaireacht.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún reachtanna na Gníomhaireachta a leagan sios.

Féadfar na reachtanna a leasú de réir an nós imeachta chéanna.

Socróidh na reachtanna caipiteal na Gníomhaireachta agus téarmaí a shuibscríofa. Is leis an gComhphobal agus leis na Ballstáit i gcónaí an mhórchuid den chaipiteal. Cinnfidh na Ballstáit, de thoil a chéile, cionroinnt an chaipitil.

Is mar a leagfar sios leis na reachtanna a bheidh na rialacha don bhainistíocht tráchtála ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Féadfaidh siad a fhoráil go leagfar muirear ar idirbhearta d'fhonn costais oibrithe na Gníomhaireachta a ghlanadh.”,

léitear:

“Beidh pearsantacht dhlítheanach agus neamhspleáchas i gcúrsaí airgeadais ag an nGníomhaireacht.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún reachtanna na Gníomhaireachta a leagan síos.

Féadfar na reachtanna a leasú de réir an nós imeachta chéanna.

Socróidh na reachtanna caipiteal na Gníomhaireachta agus téarmaí a shuibscríofa. Is leis an gComhphobal agus leis na Ballstáit i gcónaí an mhórchuid den chaipiteal. Cinnfidh na Ballstáit, de thoil a chéile, cionroinnt an chaipitil.

Is mar a leagfar síos leis na reachtanna a bheidh na rialacha don bhainistíocht tráchtála ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Féadfaidh siad a fhoráil go leagfar muirear ar idirbhearta d'fhonn costais oibrithe na Gníomhaireachta a ghlanadh.”.

Ar leathanach 29, Airteagal 68, an chéad mhír:

in ionad:

“Toirmiscfear cleachtais phraghsála a bhfuil d'aidhm acu pribhléid a ghnóthú d'úsáidirí áirithe de shárú ar an bprionsabal comhrochtana atá leagtha sios i bhforálacha na Caibidle seo.”,

léitear:

“Toirmiscfear cleachtais phraghsála a bhfuil d'aidhm acu pribhléid a ghnóthú d'úsáidirí áirithe de shárú ar an bprionsabal comhrochtana atá leagtha síos i bhforálacha na Caibidle seo.”.

Ar leathanach 29, Roinn 5, Airteagal 70, an chéad mhír:

in ionad:

“Laistigh de na teorainneacha a bheidh leagtha sios le buiséad an Chomhphobail, féadfaidh an Coimisiún, ar cibé coinníollacha a shaineoidh sé, tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir chuardaigh i gcríocha na mBallstát.”,

léitear:

“Laistigh de na teorainneacha a bheidh leagtha síos le buiséad an Chomhphobail, féadfaidh an Coimisiún, ar cibé coinníollacha a shaineoidh sé, tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir chuardaigh i gcríocha na mBallstát.”.

Ar leathanach 30, Roinn 6, Airteagal 73:

in ionad:

“I gcás ina ndéanfaidh comhaontú nó conradh idir Ballstát, duine nó gnóthas ar thaobh amháin, agus tríú Stát, eagraíocht idirnáisiúnta nó náisiúnach de thriú stát ar an taobh eile, foráil inter alia chun táirgí a sheachadadh a thig faoi inniúlacht na Gníomhaireachta, is gá comhthoiliú roimh ré ón gCoimisiún chun an comhaontú nó an conradh a dhéanamh nó a athnuachan chomh fada is a bhaineann le seachadadh na dtáirgí sin.”,

léitear:

“I gcás ina ndéanfaidh comhaontú nó conradh idir Ballstát, duine nó gnóthas ar thaobh amháin, agus tríú Stát, eagraíocht idirnáisiúnta nó náisiúnach de thriú stát ar an taobh eile, foráil inter alia chun táirgí a sheachadadh a thig faoi inniúlacht na Gníomhaireachta, is gá comhthoiliú roimh ré ón gCoimisiún chun an comhaontú nó an conradh a dhéanamh nó a athnuachan chomh fada is a bhaineann le seachadadh na dtáirgí sin.”.

Ar leathanach 32, Airteagal 78, an dara mír:

in ionad:

“Ni foláir na teicníochtaí a bheidh le húsáid don phróiseáil cheimiceach ar ábhair ionradaithe a bheith formheasta ag an gCoimisiún a mhéad is gá sin, chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 77 a ghnóthú.”,

léitear:

“Ní foláir na teicníochtaí a bheidh le húsáid don phróiseáil cheimiceach ar ábhair ionradaithe a bheith formheasta ag an gCoimisiún a mhéad is gá sin, chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 77 a ghnóthú.”.

Ar leathanach 36, Airteagal 93:

in ionad:

“Toirmiscfidh Ballstáit eatarthu féin na dleachtanna custaim uile ar allmhairí agus onnmhairí nó muirir chomhéifeachta, agus na srianta cainníochtúla uile ar allmhairí agus onnmhairí, i gcás:

(a)

na táirgí i Liostaí A1 agus; A2”,

léitear:

“Toirmiscfidh Ballstáit eatarthu féin na dleachtanna custaim uile ar allmhairí agus onnmhairí nó muirir chomhéifeachta, agus na srianta cainníochtúla uile ar allmhairí agus onnmhairí, i gcás:

(a)

na táirgí i Liostaí A1 agus A2;”.

Ar leathanach 40, Teideal III:

in ionad:

“TEIDEAL III

FORÁLACHA AG RIALÚ NA N-INSTITIÚIDÍ AGUS FORÁLACHA AIRGEADAIS”,

léitear:

“TEIDEAL III

FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ AGUS FORÁLACHA AIRGEADAIS”.

Ar leathanach 42, Airteagal 145, an dara mír:

in ionad:

“Mura ngéillfidh an Stát a bheidh i gceist don iarratas laistigh den tréimhse a bheidh leagtha sios ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh d'fhonn an sárú inar cúisíodh an duine nó an gnóthas a shuíomh.”,

léitear:

“Mura ngéillfidh an Stát a bheidh i gceist don iarratas laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh d'fhonn an sárú inar cúisíodh an duine nó an gnóthas a shuíomh.”.

Ar leathanach 43, Caibidil 4, Teideal IV, Airteagal 171, mír 1, an dara habairt:

in ionad:

“Ni foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeánfar i ngach buiséad a bheith ar comhardú.”,

léitear:

“Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas a thaispeánfar i ngach buiséad a bheith ar comhardú.”.

Ar leathanach 43, Caibidil 4, Teideal IV, Airteagal 171, mír 2, an dara fomhír:

in ionad:

“Déanfar an modh chun an t-ioncam agus an caiteachas sin a mheas, a chur i ngníomh agus a iniúchadh a leagan sios, agus aird chuí á tabhairt ar reachtanna na Gníomhaireachta, i rialacháin airgeadais a dhéanfar de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.”,

léitear:

“Déanfar an modh chun an t-ioncam agus an caiteachas sin a mheas, a chur i ngníomh agus a iniúchadh a leagan síos, agus aird chuí á tabhairt ar reachtanna na Gníomhaireachta, i rialacháin airgeadais a dhéanfar de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.”.

Ar leathanach 51, Airteagal 206, an tríú abairt:

in ionad:

“I gcás inar gá leasuithe ar an gConradh seo de dhroim na gcomhaontuithe sin, déanfar na leasuithe sin a ghlacadh an chéad uair i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 48 (2) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”,

léitear:

“I gcás inar gá leasuithe ar an gConradh seo de dhroim na gcomhaontuithe sin, déanfar na leasuithe sin a ghlacadh an chéad uair i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 48 (2) go (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”.

Ar leathanach 51, Teideal VI:

in ionad:

“Airteagail 209 go 223

(aisghairthe)”,

léitear:

“Airteagail 209 go 223

(Aisghairthe)”.

Ar leathanach 55, Iarscríbhinn I, Pointe II, Pointe 2(a):

in ionad:

“(a)

na hábhair a shonraítear in 1 thuas,”,

léitear:

“(a)

na hábhair a shonraítear in 1 thuas;”.

Ar leathanach 82, Airteagal 39, an tríú mír:

in ionad:

“Mura féidir don Uachtarán agus don Leasuachtarán a bheith i láthair, gabhfaidh Breitheamh eile a n- ionad faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.”,

léitear:

“Mura féidir don Uachtarán agus don Leasuachtarán a bheith i láthair, gabhfaidh Breitheamh eile a n-ionad faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta.”.

Ar leathanach 89, Airteagal 61, an chéad mhír:

in ionad:

“Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n- imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.”,

léitear:

“Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.”.

Ar leathanach 111, Airteagal 10, mír 2:

in ionad:

“2.   Béarfaidh an leasú ar ghníomh dá dtagraítear i mír 1 infheidhmeacht chumhachtaí na n- institiúidí dá dtagraítear sa mhír sin mar a leagtar amach sna Conarthaí iad i dtaca leis an ngníomh leasaithe maidir leis na Ballstáit sin a mbeidh feidhm ag an ngníomh leasaithe maidir leo.”,

léitear:

“2.   Béarfaidh an leasú ar ghníomh dá dtagraítear i mír 1 infheidhmeacht chumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear sa mhír sin mar a leagtar amach sna Conarthaí iad i dtaca leis an ngníomh leasaithe maidir leis na Ballstáit sin a mbeidh feidhm ag an ngníomh leasaithe maidir leo.”.