ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

59
9 Meitheamh 2016


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2016/C /01

Fógra comórtas oscailte — EPSO/AD/325/16 – Aistritheoirí dainmhairgise (DA) (AD 5) — EPSO/AD/326/16 – Aistritheoirí gaeilge (GA) (AD 5) — EPSO/AD/327/16 – Aistritheoirí cróitise (HR) (AD 5) — EPSO/AD/328/16 – Aistritheoirí liotuáinise (LT) (AD 5) — EPSO/AD/329/16 – Aistritheoirí máltaise (MT) (AD 5)

1


 


 

(1)   Faoin tagairt C 205 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

9.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

EPSO/AD/325/16 – Aistritheoirí dainmhairgise (DA) (AD 5)

EPSO/AD/326/16 – Aistritheoirí gaeilge (GA) (AD 5)

EPSO/AD/327/16 – Aistritheoirí cróitise (HR) (AD 5)

EPSO/AD/328/16 – Aistritheoirí liotuáinise (LT) (AD 5)

EPSO/AD/329/16 – Aistritheoirí máltaise (MT) (AD 5)

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 12 Iúil 2016 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “aistritheoirí” (grúpa feidhme AD).

Is iad an fógra comórtas seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte, arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach na nósanna imeachta roghnúcháin seo. Féach, áfach, nach bhfuil feidhm ag Iarscríbhinn II de na rialacha ginearálta sin maidir leis na comórtais seo. Ina ionad sin, is amhlaidh atá feidhm ag Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis an bhfógra comórtas seo.

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha:

 

Rogha 1 –

Rogha 2

EPSO/AD/325/16 – DA

13

13

EPSO/AD/326/16 – GA

45

17

EPSO/AD/327/16 – HR

8

6

EPSO/AD/328/16 – LT

11

5

EPSO/AD/329/16 – MT

13

13

Na poist a d’fhéadfaí a thairiscint d’iarrthóirí a n-éireoidh leo, is sa Bhruiséil nó i Lucsamburg a bheidh siad.

Baineann an fógra seo le cúig chomórtas, agus tá dhá rogha ag dul le gach ceann de na comórtais sin. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon chomórtas amháin agus ar aon rogha amháin. Ní mór duit an comórtas agus an rogha a phiocadh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú na nithe sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.

DUALGAIS AN PHOIST

Is ag grád AD 5 a théitear i gceann ghairm an riarthóra in institiúidí an Aontais Eorpaigh – is cuma cé acu riarthóir teanga nó riarthóir de chineál eile atá i gceist.

Is é príomhchúram a bhíonn ar riarthóirí teanga (aistritheoirí) cuidiú a thabhairt misean na hinstitiúide nó na heagraíochta ina bhfuil siad ag obair a chur i gcrích trí aistriúchán ardchaighdeáin a dhéanamh ar dhoiciméid roimh an sprioc-am atá leagtha síos dóibh agus trí chomhairle teanga a thabhairt.

Ar na cúraimí a bhíonn ar an aistritheoir tá aistriúchán, ó dhá theanga fhoinseacha ar a laghad go dtí a phríomhtheanga, athbhreithniú ar aistriúcháin ó na teangacha sin, taighde téarmaíochta, cúnamh a thabhairt cúrsaí oiliúna a eagrú, agus bogearraí ríomhaireachta a fhorbairt. Is minic na téacsanna a mbítear ag plé leo casta, agus bíonn baint acu le cúrsaí polaitíochta, cúrsaí dlí, cúrsaí eacnamaíocha, cúrsaí airgeadais, cúrsaí eolaíochta agus cúrsaí teicniúla, agus le gach réimse eile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leis. Chun na cúraimí sin a dhéanamh caithfear úsáid thráthrialta a bhaint as uirlisí ríomhaireachta agus as uirlisí eile oifige a bhaineann go sonrach leis an obair.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha: teangacha

Rogha 1

Teanga 1: leibhéal C2 ar a laghad i dteanga an chomórtais

Teanga 2: leibhéal C1 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis

Teanga 3: leibhéal C1 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis; agus ní féidir teanga 2 a roghnú mar theanga 3

Rogha 2

Teanga 1: leibhéal C2 ar a laghad i dteanga an chomórtais

Teanga 2: leibhéal C1 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis;

Teanga 3: leibhéal C1 ar a laghad i gceann amháin de na 24 theanga oifigiúla atá ag an Aontas Eorpach; agus ní féidir teanga 1 ná an Béarla, an Fhraincis ná an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 3

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha

(https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis.

Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 2. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua a bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I ar roghanna teanga na gcomórtas seo.

Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair trí bliana ar laghad agus dioplóma bainte amach dá bharr (ní mór an dioplóma a bheith bronnta faoin 31 Nollaig 2016 ar a dhéanaí)

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte ( http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

Níl aon taithí oibre ag teastáil

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)    Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Má bhailíochtaíonn tú d’iarratas faoin sprioc-am, tabharfar cuireadh duit sraith de thrialacha ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

An réasúnaíocht bhriathartha agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 15/30

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

4/10

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

An réasúnaíocht bhriathartha agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 15/30

Triail tuisceana teanga

Teanga 2

12 cheist

25 nóiméad

6/12

Triail tuisceana teanga

Teanga 3

12 cheist

25 nóiméad

6/12

Ní chuirfear marc na trialach réasúnaíochta uimhriúla sa chuntas agus marc foriomlán na dtrialacha ilrogha ar ríomhaire á áireamh. Mar sin féin, ní mór pas a ghnóthú i ngach triail le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas.

Tuairim is trí oiread, nó ceithre oiread ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha aistriúcháin a dhéanamh.

2)    Na trialacha aistriúcháin:

Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit dhá thriail aistriúcháin a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Triail

Teanga

Fad ama

Pasmharc

(a)

Triail aistriúcháin, le foclóir

Ó theanga 2 go teanga 1

60 nóiméad

40/80

(b)

Triail aistriúcháin, le foclóir

Ó theanga 3 go teanga 1

60 nóiméad

40/80

Má theipeann ort i dtriail (a), ní mharcálfar triail (b).

Chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas ní mór an marc a ghnóthóidh tú sna trialacha sin a bheith ar cheann de na marcanna foriomlána is airde .

Tuairim is dhá oiread, nó dhá oiread go leith ar a mhéad, an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha, sin é an líon a dtabharfar cuireadh dóibh trialacha an ionaid measúnaithe a dhéanamh.

3)    An tIonad Measúnaithe

Má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú sna trialacha aistriúcháin ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh aon lá amháin agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an t-ionad measúnaithe.

Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta, a marcálfar gach ceann acu as 10 bpointe, a mheas san ionad measúnaithe. Déanfar sin le 3 thriail (cur i láthair ó bhéal, agallamh ar bhonn inniúlachtaí agus gníomhaíocht i ngrúpa), faoi mar atá léirithe sa tábla thíos.

Déanfar marcanna na dtrialacha sin a chur le marcanna na dtrialacha aistriúcháin chun marc foriomlán gach iarrthóra a fháil.

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cur i láthair ó bhéal

Gníomhaíocht i ngrúpa

2.

Cumarsáid

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

4.

Foghlaim agus forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cur i láthair ó bhéal

Gníomhaíocht i ngrúpa

6.

Buanseasmhacht

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

8.

Cumas ceannaireachta

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

Pasmharc

40/80

4)    An painéal

I ndiaidh dó doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás gach comórtais agus gach rogha, painéal a thiomsú de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu, faoin sprioc-am seo:

12 Iúil 2016 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.


IARSCRÍBHINN I

AN tÚDAR ATÁ LE RIALACHA TEANGA NA NÓSANNA IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN SEO

Is é is aidhm do na comórtais seo aistritheoirí a earcú. Na riachtanais atá leagtha síos sa roinn “NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA” den fhógra chomórtas seo, tá siad ag teacht leis na príomhriachtanais atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thaobh sainscileanna, saintaithí agus saineolais agus leis an ngá atá ann earcaigh nua a bheith ábalta a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach, i gcomhar le baill foirne eile go háirithe.

Ar an ábhar sin ní mór d’iarrthóirí dara teanga an chomórtais a roghnú as measc líon teoranta de na teangacha oifigiúla atá ag an Aontas Eorpach. Tá cúiseanna eile leis an teorainn sin, mar atá srianta buiséid agus oibriúcháin, agus modhanna roghnúcháin EPSO (féach pointí 1, 2, 3 thíos). Is é Bord Bainistíochta EPSO a cheap riachtanais teanga na gcomórtas seo agus aird á tabhairt aige ar na cúinsí sin agus ar riachtanais shonracha eile a bhaineann le dualgais an phoist i gceist nó leis na riachtanais ar leith atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Is é is príomhchuspóir do na comórtais seo painéil aistritheoirí a thiomsú d’institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tá sé ríthábhachtach aistritheoirí a bheith in ann dul i mbun oibre go héifeachtach a luaithe a earcaítear iad agus iad a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh lena gcomhghleacaithe agus lena mbainisteoirí. I bhfianaise na gcritéar maidir le húsáid teangacha i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn an tAontas Eorpach (féach pointe 2 thíos), is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na roghanna dara teanga is oiriúnaí do na comórtais seo.

I ngeall ar an méid mór jabanna aistriúcháin agus doiciméad a fhaightear i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis agus ó tharla gurb iad na teangacha sin na teangacha is mó a labhraítear, a n-aistrítear téacsanna astu agus go dtí iad, agus a úsáidtear mar theangacha cumarsáide chun críocha riaracháin idir baill foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh, ní mór ceann amháin ar a laghad de na teangacha sin a bheith ar an dá theanga is éigean a bheith ag iarrthóirí. Maidir leis na teangacha eile is féidir leis an iarrthóir a roghnú don chomórtas, is ar riachtanais shonracha an aonaid teanga i gceist atá sin ag brath.

An teanga a roghnóidh siad mar theanga 2 don chomórtas (an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis), sin í an teanga nach mór d’iarrthóirí a úsáid san fhoirm iarratais ar líne, sin í an teanga nach mór do EPSO a úsáid agus é ag déanamh cumarsáid le grúpa mór iarrthóirí a bhfuil iarratas bailí curtha isteach acu, agus sin í an teanga nach mór a úsáid i roinnt de na trialacha a bhfuil cur síos orthu i bpointe 3 freisin.

1.   An t-údar atá leis an rogha teangacha i ngach nós imeachta roghnúcháin

Is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gur ar bhonn na gcritéar seo a leanas is ceart an rogha teangacha i ngach nós imeachta roghnúcháin a chinneadh, go háirithe aon teorannú ar an rogha sin:

(i)   An gá atá ann earcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach

Caithfidh earcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus a bheith ábalta na dualgais ar earcaíodh iad lena n-aghaidh a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní mór do EPSO deimhin a dhéanamh de go mbeidh eolas leordhóthanach ag iarrthóirí ar theaglaim teangacha a chuirfidh ar a gcumas a gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach agus ní mór dó, freisin, deimhin a dhéanamh de, go háirithe, go mbeidh siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh lena gcomhghleacaithe agus lena mbainisteoirí agus a gcuid oibre laethúla á déanamh acu.

Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh údar le trialacha áirithe gan a bheith ar fáil ach i líon teoranta de theangacha cumarsáide d’fhonn féachaint chuige go mbeidh sé ar chumas gach iarrthóra a chuid oibre a dhéanamh i gceann de na teangacha sin, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá aige. Mura ndéanfaí sin, bheadh baol mór ann go mbeadh líon mór iarrthóirí ar éirigh leo ann nach mbeadh ábalta, faoi cheann tréimhse réasúnta, na dualgais ar earcaíodh iad lena n-aghaidh a dhéanamh. Lena chois sin, ba ionann gan sin a dhéanamh agus neamhaird a dhéanamh de go mbíonn na daoine a chuireann isteach ar phost i seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh toilteanach a bheith ag obair in eagraíocht idirnáisiúnta nach foláir di úsáid a bhaint as teangacha cumarsáide chun a cuid oibre a dhéanamh i gceart agus na cúraimí atá uirthi de dhroim Chonarthaí an Aontais Eorpaigh a dhéanamh.

(ii)   Cineál an nóis imeachta roghnúcháin

I gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé go mbeadh cineál an nóis imeachta roghnúcháin ina údar le teorainn a chur leis an rogha teangacha.

I gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacháin Foirne, eagraíonn EPSO comórtais oscailte arb é is aidhm leo measúnú a dhéanamh ar scileanna iarrthóirí agus ar a gcumas a gcuid dualgas a dhéanamh.

Is éard atá san ionad measúnaithe modh roghnúcháin arb é atá ann measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí ar dhóigh chaighdeánach, bunaithe ar ghníomhaíochtaí éagsúla a ndéanann baill an bhoird roghnúcháin breathnadóireacht orthu. Is de réir creat inniúlachtaí a dhéantar an measúnú, creat a cheapann na húdaráis cheapacháin roimh ré, agus úsáidtear modh marcála comónta agus modh comhchinnteoireachta chun an measúnú a dhéanamh.

Trí scileanna sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh meastóireacht a dhéanamh ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu a bheith ag obair. Tá cuid mhór taighde eolaíoch déanta a léiríonn gurb iad na hionaid measúnaithe, ar ionsamhlú d'fhíordhálaí oibre iad, is fearr a thugann caoi ar mheastóireacht a dhéanamh ar conas a chruthódh iarrthóirí sa phost i gceist i ndáiríre. Sin é an chúis a bhfuil ionaid measúnaithe in úsáid ar fud an domhain. I bhfianaise a fhad a mhaireann gairmréimeanna in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a fhusa atá sé dul ó phost go post sna hinstitiúidí céanna, tá measúnú den chineál seo fíorthábhachtach, go háirithe agus oifigigh bhuana á roghnú.

Chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh na hiarrthóirí ar aon bhonn le chéile agus measúnú á dhéanamh orthu agus gur bhféadfaidh siad cumarsáid dhíreach a dhéanamh leis na measúnóirí agus leis na hiarrthóirí eile atá páirteach sna gníomhaíochtaí, measúnaítear iarrthóirí le chéile agus gan ach aon teanga amháin á húsáid. Cé is moite den chás ina bhfuil aon phríomhtheanga amháin ag comórtas, níl an dara rogha ann ach céim an ionaid measúnaithe a dhéanamh i líon teoranta teangacha.

(iii)   Srianta buiséid agus oibriúcháin

Ar roinnt cúiseanna, is é tuairim Bhord Bainistíochta EPSO go mbeadh sé míphraiticiúil céim an ionaid measúnaithe de chomórtas ar leith a dhéanamh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh.

Ar an gcéad dul síos, thiocfadh impleachtaí tromchúiseacha buiséadacha as sin, a d’fhágfadh nach bhféadfadh institiúidí an Aontais Eorpaigh riar ar a riachtanais earcaíochta leis an mbuiséad atá ann faoi láthair. D’fhágfadh sé freisin nach mbeadh luach réasúnta a chuid airgid á fháil ag an gcáiníocóir Eorpach.

Ar an dara dul síos, dá gceadófaí céim an ionaid measúnaithe a dhéanamh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, theastódh mórchuid ateangairí le haghaidh gach comórtais agus chaithfí na comórtais a reáchtáil in ionaid ina mbeadh botháin ateangaireachta.

Ar an tríú dul síos, ba ghá líon i bhfad níos mó daoine a cheapadh mar bhaill den bhord roghnúcháin chun na teangacha uile a d’fhéadfadh na hiarrthóirí a úsáid a chlúdach.

2.   Na critéir a roghnaítear na teangacha dá réir i ngach nós imeachta roghnúcháin

I gcás ina mbíonn ar na hiarrthóirí rogha a dhéanamh as líon teoranta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, caithfidh Bord Bainistíochta EPSO cinneadh a dhéanamh, cás ar chás, cén rogha teangacha a bheidh ann, ag tabhairt airde dó ar na nithe seo a leanas:

(i)

aon rialacha sonracha inmheánacha maidir le húsáid teangacha atá ag an institiúid nó ag na hinstitiúidí i gceist;

(ii)

na riachtanais shonracha a bhaineann le dualgais an phoist agus na riachtanais ar leith atá ag an institiúid nó ag na hinstitiúidí i gceist;

(iii)

na teangacha is minice a úsáidtear san institiúid nó sna hinstitiúidí i gceist, rud a chinntear ar bhonn na nithe seo:

na scileanna teanga (scileanna atá dearbhaithe agus a bhfuil cruthúnas orthu) ag leibhéal B2, nó os a chionn sin, de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha atá ag oifigigh bhuana de chuid an Aontais Eorpaigh atá fostaithe agus gníomhach ina bhfostaíocht;

na teangacha ar go dtí iad is minice a aistrítear doiciméid a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid go hinmheánach in institiúidí an Aontais Eorpaigh;

na teangacha arb astu is minice a aistrítear doiciméid a ullmhaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh go hinmheánach agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid lasmuigh de na hinstitiúidí;

(iv)

na teangacha cumarsáide a úsáidtear chun críocha riaracháin laistigh den institiúid nó de na hinstitiúidí i gceist.

3.   Teangacha cumarsáide

Sa roinn seo tá cur síos ar na rialacha ginearálta maidir le húsáid teangacha chun críocha cumarsáide idir EPSO agus iarrthóirí. Is féidir riachtanais shonracha eile a leagan amach san fhógra comórtais.

Tugann EPSO aird chuí ar an gceart atá ag iarrthóirí, de bhrí gur saoránaigh den Aontas Eorpach iad, cumarsáid a dhéanamh ina máthairtheanga. Aithníonn sé freisin go b’fhéadfadh iarrthóirí a bhfuil a n-iarratas bailíochtaithe acu teacht chun a bheith ina mbaill de sheirbhís shibhialta na hEorpa agus tairbhiú de na cearta a eascraíonn as na Rialacháin Foirne agus a bheith faoi réir na n-oibleagáidí a ghabhann leis na Rialacháin sin. Ar an ábhar sin, is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gur cheart do EPSO, gach uair is féidir, cumarsáid a dhéanamh le hiarrthóirí agus eolas a chur ar fáil dóibh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, cuirfear ar fáil sna teangacha oifigiúla go léir an t-ábhar buan ar fad atá ar shuíomh gréasáin EPSO, fógraí comórtais agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte.

Sonraítear i ngach fógra comórtais cé na teangacha is ceart a úsáid agus na foirmeacha iarratais ar líne á líonadh isteach. Ní mór na treoracha maidir le líonadh isteach an iarratais a bheith ar fáil sna teangacha oifigiúla uile. Beidh na rialacha sin i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse a theastaíonn chun próiseas tosaigh le haghaidh déanamh iarratais ar líne a chur ar bun sna teangacha oifigiúla uile.

Ar mhaithe le cumarsáid a dhéanamh go gasta agus go héifeachtúil, a luaithe a bheidh iarratas tosaigh iarrthóra bailíochtaithe, is i líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais a dhéanfar gach cumarsáid atá dírithe ar ghrúpa mór daoine. Is sa teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar theanga 1 nó sa teanga a roghnaigh sé mar theanga 2, i gcomhréir leis an bhfógra comórtais, a dhéanfar an chumarsáid sin.

Is féidir le hiarrthóirí cumarsáid a dhéanamh le EPSO ina rogha teanga oifigiúil de chuid an Aontais, ach d’fhonn cuidiú le EPSO déileáil go héifeachtúil le cumarsáid, moltar d’iarrthóirí úsáid a bhaint as an líon teoranta teangacha a bhfuil EPSO in ann plé leo gan dul i muinín an aistriúcháin.

Chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh na scileanna teanga is gá ag na hiarrthóirí chun páirt a ghlacadh i gcéim an mheasúnaithe de chomórtas oscailte, is féidir gur i líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh a chuirfear trialacha áirithe ar fáil. Is san fhógra comórtais a leagtar síos roghanna teanga gach trialach.

Is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh go gcinntíonn na socruithe thuasluaite go mbíonn cothromaíocht chóir chuí ann idir leas na seirbhíse, ar thaobh, agus ar an taobh eile, prionsabal an ilteangachais agus an neamh-idirdhealaithe ar bhonn teangacha. Ós rud é go mbíonn ar iarrthóirí an dara teanga a roghnú, teanga nach ionann í agus an teanga a roghnaigh siad mar theanga 1 (an mháthairtheanga nó a cothrom de ghnáth), cinntítear gur féidir iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile ar aon bhonn le chéile.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.