ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

59
27 Aibreán 2016


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

2016/C /01

Tuairim Uimh. 1/2016 (de bhun Airteagal 325, CFAE) maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 i ndáil le rúnaíocht Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF)

1


 


 

(1)   Faoin tagairt C 150 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

27.4.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TUAIRIM UIMH. 1/2016

(de bhun Airteagal 325, CFAE)

maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 i ndáil le rúnaíocht Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF)

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 325(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 4 Márta 2016 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 i ndáil le rúnaíocht Choiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) (1),

Ag féachaint d’iarratas Pharlaimint na hEorpa ar thuairim ar an togra thuasluaite, a fuarthas sa Chúirt an 4 Aibreán 2016,

Ag féachaint d’iarratas na Comhairle ar thuairim ar an togra thuasluaite, a fuarthas sa Chúirt an 15 Márta 2016,

TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:

Réamhrá

1.

Is ard-stiúrthóireacht den Choimisiún í an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ach feidhmíonn sí go neamhspleách i leith a cuid oibre imscrúdaithe. Cruthaíodh an Oifig sa bhliain 1999 agus rinneadh athbhreithniú ar na rialacha is infheidhme maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig (dá ngairtear “Rialachán OLAF” anseo feasta) in 2013 (2).

2.

I measc an chomhdhéanaimh atá ag OLAF tá coiste maoirseachta atá ceaptha le “faireachán rialta a dhéanamh ar an Oifig agus a feidhm imscrúdaitheach á cur chun feidhme aici, chun go ndéanfar neamhspleáchas na hOifige a atreisiú agus na hinniúlachtaí a bronnadh uirthi leis an Rialachán seo á bhfeidhmiú aici” (3). Go háirithe, caithfidh an Coiste faireachán a dhéanamh ar na forbairtí a bhaineann le cur i bhfeidhm na ráthaíochtaí nós imeachta agus le fad imscrúduithe OLAF.

3.

Is é atá sa Choiste Maoirseachta cúigear comhaltaí neamhspleácha a bhfuil taithí acu ar fheidhmeanna breithiúnacha sinsearacha nó imscrúdaitheacha nó ar fheidhmeanna inchomparáide a bhaineann le réimsí gníomhaíochta na hOifige. Déanann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iad a cheapadh de thoil a chéile.

4.

De bhun Airteagal 15(8) de Rialachán OLAF, cuirfidh OLAF rúnaíocht ar fáil don Choiste Maoirseachta, i ndlúthchomhar leis an gCoiste Maoirseachta. In Airteagal 18 de Rialachán OLAF cuirtear na leithreasuithe buiséadacha don Choiste Maoirseachta agus dá rúnaíocht laistigh de líne buiséid na hOifige agus déantar foráil go gcuimsíonn plean bunaíochta na hOifige plean bunaíochta an Choiste Maoirseachta agus a rúnaíochta.

5.

Cé go bhfuil an rúnaíocht nasctha go feidhmiúil leis an gCoiste Maoirseachta, tá foireann na rúnaíochta fo-ordaithe ó thaobh riaracháin chuig Ard-Stiúrthóir OLAF. Is ag an Ard-Stiúrthóir atá cumhachtaí an údaráis ceapacháin agus is é a dhéanann cinntí faoi, mar shampla, arduithe céime agus aistrithe fhoireann na rúnaíochta. De réir an Choiste Maoirseachta chúisigh an staid sin coinbhleachtaí leasa agus d’fhág sé go bhféadfadh foireann na rúnaíochta a bheith faoi thionchar threoracha contrártha, faoi mar a tharla, mar shampla, le nochtadh Thuairim 2/2012 (4) ón gCoiste Maoirseachta.

6.

Faoin Rialachán nua atá beartaithe, is é an Coimisiún a sholáthróidh rúnaíocht an Choiste Maoirseachta, agus ní sholáthróidh OLAF a thuilleadh í. Aistreofar na leithreasuithe buiséadacha le haghaidh rúnaíocht an Choiste Maoirseachta ó líne buiséid agus plean bunaíochta OLAF go dtí cinn chomhfhreagracha an Choimisiúin. Ar deireadh, foráiltear leis an togra go leanfaidh inniúlacht Oifigeach Cosanta Sonraí OLAF de phróiseáil sonraí na rúnaíochta a chumhdach agus leanfaidh foireann na rúnaíochta de bheith faoi réir na rialacha rúndachta céanna.

Barúlacha

7.

Meabhraíonn an Chúirt gur mhol sí cheana féin in 2011, le linn an athbhreithnithe is déanaí ar Rialachán OLAF, foráil a áireamh gurb é i gcomhréir le treoracha an Choiste amháin agus go neamhspleách ó OLAF a chaithfeadh rúnaíocht an Choiste Maoirseachta gníomhú agus nach ceadmhach go mbeadh sé ceaptha ag Ard-Stiúrthóir OLAF nó faoi réir a údaráis (5).

8.

Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh don Chúirt an moladh nár cheart d’OLAF rúnaíocht an Choiste Maoirseachta a chur ar fáil a thuilleadh. Mar sin féin, d’fhéadfaí na forálacha nua chun dul in áit na habairte deiridh d’Airteagal 15(8) (6) a chur i gcrích d’fhonn a shoiléiriú gur gá don rúnaíocht gníomhú go neamhspleách, ní hamháin ó OLAF ach freisin ón gCoimisiún agus go bhfuil sé faoi údarás an Choiste Maoirseachta. Molann an Chúirt, mar sin, an fhoclaíocht leasaithe seo a leanas:

 

“Is é an Coimisiún a sholáthróidh a rúnaíocht, go neamhspleách ar an Oifig agus i ndlúthchomhar leis an gCoiste Maoirseachta. Staonfaidh an Coimisiún ó bheith ag cur isteach ar fheidhmeanna an Choiste Maoirseachta. Déanfaidh an Coimisiún rúnaíocht an Choiste Maoirseachta a cheapadh tar éis don Choiste Maoirseachta tuairim fhabhrach a thabhairt. Gníomhóidh an rúnaíocht de réir threoracha an Choiste Maoirseachta agus go neamhspleách ón gCoimisiún.” (tá líne faoin téacs breise)

9.

Tugann an Chúirt dá haire gur deis a bheidh sa mheastóireacht fhoriomlán atá le teacht ar Rialachán OLAF sa bhliain 2017 chun rialachas OLAF, lena n-áirítear a chuid socruithe maoirseachta a scrúdú agus, más gá, a ollchóiriú (7). Mar sin féin, i bhfianaise na n-imeachtaí le déanaí (8), b’fhearr gan fanacht ar an meastóireacht fhoriomlán sin le soiléiriú a dhéanamh ar an nós imeachta chun díolúine (9) Ard-Stiúrthóir OLAF nó d’aon chomhalta eile d’fhoireann OLAF a chur i leataobh arna iarraidh sin ag údarás náisiúnta breithiúnach. I gcás go gcuireann údarás náisiúnta breithiúnach iarratas den sórt sin isteach, féadfaidh go mbeidh gá le cosaint bhreise do neamhspleáchas OLAF. Molann an Chúirt mar sin gur cheart foráil a chur le hAirteagal 17 de Rialachán OLAF go gcaithfidh an Coimisiún an Coiste Maoirseachta a chur ar an eolas faoi aon iarraidh in am trátha agus go gcaithfidh sé dul i gcomhairle leis an gcoiste sula nglacfaidh sé cinneadh (10).

Ghlac Seomra IV an Tuairim seo agus an tUas. Milan Martin CVIKL, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, mar cheannaire air i Lucsamburg ag a chruinniú an 5 Aibreán 2016.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA

An tUachtarán


(1)  COM(2016) 113 final an 4 Márta 2016.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(3)  Féach Airteagal 15(1) de Rialachán OLAF.

(4)  Féach mír 56 de thuarascáil 2014 ar ghníomhaíochtaí ó Choiste Maoirseachta OLAF.

(5)  Féach mír 44 de Thuairim Uimh. 6/2011 (IO C 254, 30.8.2011, lch. 1).

(6)  Féach Airteagal 1(2) den togra.

(7)  Foráiltear le hAirteagal 19 de Rialachán OLAF go ndéanfaidh an Coimisiún, faoin 2 Deireadh Fómhair 2017, tuarascáil mheastóireachta ar chur i bhfeidhm an Rialacháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tuairim an Choiste Maoirseachta ag gabháil leis an tuarascáil sin agus luafar inti an gá an Rialachán sin a leasú.

(8)  I mí an Mhárta 2016, chuir an Coimisiún deireadh leis an díolúine ó imeachtaí dlíthiúla a bhí ag Ard-Stiúrthóir OLAF arna iarraidh sin ag údaráis bhreithiúnacha Ballstát.

(9)  Sonraítear in Airteagal 11(a) den Phrótacal maidir le Pribhléidí agus Díolúintí (PPI) an Aontais Eorpaigh go mbeidh baill foirne “díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig;”.

(10)  Ar an gcaoi chéanna, foráiltear cheana féin in Airteagal 17(9) de Rialachán OLAF go gcaithfidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste sula gcuirfear aon phionós araíonachta ar an Ard-Stiúrthóir.