ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

58
30 Iúil 2015


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2015/C /01

Fógra comórtas oscailte — EPSO/AD/315/15 – Aistritheoirí Fionlainnise (FI) (AD 5) — EPSO/AD/316/15 – Aistritheoirí Ungáirise (HU) (AD 5) — EPSO/AD/317/15 – Aistritheoirí Laitvise (LV) (AD 5) — EPSO/AD/318/15 – Aistritheoirí Polainnise (PL) (AD 5) — EPSO/AD/319/15 – Aistritheoirí Portaingéilise (PT) (AD 5) — EPSO/AD/320/15 – Aistritheoirí Slóvaicise (SK) (AD 5)

1


 


 

(1)   Faoin tagairt C 249 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

30.7.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

EPSO/AD/315/15 – Aistritheoirí Fionlainnise (FI) (AD 5)

EPSO/AD/316/15 – Aistritheoirí Ungáirise (HU) (AD 5)

EPSO/AD/317/15 – Aistritheoirí Laitvise (LV) (AD 5)

EPSO/AD/318/15 – Aistritheoirí Polainnise (PL) (AD 5)

EPSO/AD/319/15 – Aistritheoirí Portaingéilise (PT) (AD 5)

EPSO/AD/320/15 – Aistritheoirí Slóvaicise (SK) (AD 5)

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 1 Meán Fómhair 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh na hinstitiúidí Eorpacha baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “aistritheoirí” (grúpa feidhme AD).

Is iad an Fógra Comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte, arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 ( http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha:

 

Rogha 1

Rogha 2

EPSO/AD/315/15 – FI

20

9

EPSO/AD/316/15 – HU

15

10

EPSO/AD/317/15 – LV

20

5

EPSO/AD/318/15 – PL

23

2

EPSO/AD/319/15 – PT

32

4

EPSO/AD/320/15 – SK

17

3

NB: Na poist a d’fhéadfaí a thairiscint d’iarrthóirí a n-éireoidh leo, is é is dóichí gur i Lucsamburg a bheidh siad. I gcás chomórtas na Fionlainnise agus chomórtas na Portaingéilise, áfach, d’fhéadfadh sé gur i Lucsamburg nó sa Bhruiséil a bheidh siad.

Baineann an Fógra seo le sé cinn de chomórtais, agus tá dhá rogha ag dul le gach ceann de na comórtais sin. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon chomórtas amháin agus ar aon rogha amháin. Ní mór duit an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d’iarratas a dhearbhú ar líne.

DUALGAIS AN PHOIST

Is ag grád AD 5 a théann formhór na gcéimithe agus na ngairmithe óga i gceann ghairm an riarthóra – is cuma cé acu riarthóir teanga (aistritheoir) nó riarthóir de chineál eile atá i gceist – sna hinstitiúidí Eorpacha.

Is é príomhchúram a bhíonn ar riarthóirí teanga, cuidiú a thabhairt misean na hinstitiúide nó na heagraíochta ina bhfuil siad ag obair a chur i gcrích trí fhéachaint chuige go ndéantar aistriúchán ardchaighdeáin ar dhoiciméid roimh an sprioc-am a socraíodh agus trí chomhairle teanga a thabhairt. Ar na cúraimí a bhíonn ar aistritheoirí tá aistriúcháin a dhéanamh, ó dhá theanga fhoinseacha ar a laghad go dtí a bpríomhtheanga, athbhreithniú a dhéanamh ar aistriúcháin ó na teangacha sin, agus taighde téarmaíochta a dhéanamh.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha UILE seo a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha:

teangacha

Rogha 1

Teanga 1: leibhéal C2 ar a laghad i dteanga an chomórtais

Teanga 2: leibhéal C1 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis

Teanga 3: leibhéal C1 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis (teanga nach í teanga 2 í)

Rogha 2

Teanga 1: leibhéal C2 ar a laghad i dteanga an chomórtais

Teanga 2: leibhéal C1 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis

Teanga 3: leibhéal C1 ar a laghad i dteanga de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga nach í teanga 1, an Béarla, an Fhraincis, ná an Ghearmáinis í)

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Coinníollacha sonracha:

Cáilíochtaí agus taithí oibre

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma amach ag a dheireadh

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

Níl aon taithí oibre ag teastáil

Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 2. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II ar úsáid teangacha i gcomórtais an Aontais Eorpaigh.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)    Na trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire

Má bhailíochtaíonn tú d’iarratas faoin sprioc-am tabharfar cuireadh duit sraith de thrialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

An réasúnaíocht bhriathartha agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 15/30

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

4/10

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

An réasúnaíocht bhriathartha agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 15/30

Triail tuisceana teanga

Teanga 2

12 cheist

25 nóiméad

6/12

Triail tuisceana teanga

Teanga 3

12 cheist

25 nóiméad

6/12

Ní chuirfear torthaí na trialach réasúnaíochta uimhriúla san áireamh agus an marc réamhroghnúcháin foriomlán á ríomh. Mar sin féin, ní mór an pasmharc ar a laghad a ghnóthú i ngach triail chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas.

Tuairim is 3 oiread, nó 4 oiread ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha aistriúcháin a dhéanamh.

2)    Na trialacha aistriúcháin:

Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sna trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit dhá thriail aistriúcháin a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Triail

Teanga

Fad ama

Pasmharc

(a)

Triail aistriúcháin, le foclóir

Ó theanga 2 go teanga 1

60 nóiméad

40/80

(b)

Triail aistriúcháin, le foclóir

Ó theanga 3 go teanga 1

60 nóiméad

40/80


Ualú na dtrialacha aistriúcháin (inniúlachtaí sonracha)

65 % den mharc foriomlán

Má theipeann ort i dtriail (a), ní mharcálfar triail (b) agat.

Ní mór marc a ghnóthú sna trialacha seo atá ar cheann de na marcanna foriomlána is airde chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas.

Tuairim is 2 oiread, nó 2,5 ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha, sin é an líon a dtabharfar cuireadh dóibh trialacha an Ionaid Measúnaithe a dhéanamh.

3)    An tIonad Measúnaithe

Má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sna trialacha aistriúcháin ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar Ionad Measúnaithe ar feadh aon lá amháin agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an tIonad Measúnaithe.

Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta a mheas san Ionad Measúnaithe le trí thriail (cur i láthair ó bhéal, agallamh ar bhonn inniúlachtaí agus gníomhaíocht i ngrúpa), faoi mar atá léirithe sa tábla thíos. As 10 a mharcálfar gach ceann de na hocht n-inniúlacht ginearálta sin.

Déanfar marcanna na dtrialacha sin a chur le marcanna na dtrialacha aistriúcháin chun teacht ar mharc foriomlán gach iarrthóra.

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cur i láthair ó bhéal

Gníomhaíocht i ngrúpa

2.

Cumarsáid

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

4.

Foghlaim agus forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cur i láthair ó bhéal

Gníomhaíocht i ngrúpa

6.

Buanseasmhacht

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

8.

Cumas ceannaireachta

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí


Pasmharc

40/80

Ualú na n-inniúlachtaí ginearálta

35 % den mharc foriomlán

4)    An painéal

I ndiaidh doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéil de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna is airde acu i ndiaidh an Ionaid Measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus i ngach rogha. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH?

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu. Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo:

1 Meán Fómhair 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

Is ag grád AD 5 a théitear i gceann ghairm an riarthóra – is cuma cé acu riarthóir teanga nó riarthóir de chineál eile atá i gceist – sna hinstitiúidí Eorpacha.

Is é príomhchúram a bhíonn ar riarthóirí teanga, cuidiú a thabhairt misean na hinstitiúide nó na heagraíochta ina bhfuil siad ag obair a chur i gcrích trí fhéachaint chuige go ndéantar aistriúchán ardchaighdeáin ar dhoiciméid roimh an sprioc-am a socraíodh agus trí chomhairle teanga a thabhairt.

Ar na cúraimí a bhíonn ar an aistritheoir tá aistriúchán, ó dhá theanga fhoinseacha ar a laghad go dtí a phríomhtheanga, athbhreithniú ar aistriúcháin ó na teangacha sin, taighde téarmaíochta, cúnamh a thabhairt cúrsaí oiliúna a eagrú, agus bogearraí ríomhaireachta a fhorbairt. Is minic a bhíonn na hábhair a mbítear ag plé leo casta, agus is gnách go mbaineann siad le cúrsaí polaitíochta, cúrsaí dlí, cúrsaí eacnamaíocha, cúrsaí airgeadais, cúrsaí eolaíochta agus cúrsaí teicniúla, agus le gach réimse eile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leis. Chun na cúraimí sin a dhéanamh caithfear úsáid thráthrialta a bhaint as uirlisí ríomhaireachta agus as uirlisí eile oifige a bhaineann go sonrach leis an obair.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

TEANGACHA

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a fhágann go gcaithfidh earcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus nach mór é a bheith ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.

Cleachtas seanbhunaithe is ea é an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis a úsáid le haghaidh cumarsáide inmheánaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, lena chois sin, is iad sin na teangacha is minice a mbíonn gá leo nuair a bhítear ag déanamh cumarsáide leis an saol lasmuigh nó ag láimhseáil cásanna. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann amháin de na teangacha sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá acu. Trí na hinniúlachtaí sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais a meas a thabhairt ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, tá ciall le teangacha cumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid a dhéanfar idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga ina príomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá sin ar fad gan dochar don fhéidearthacht tríú teanga a fhoghlaim níos faide anonn i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.