|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( 1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
58 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
|
2015/C /01 |
|
|
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 224 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
|
9.7.2015 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE
Ateangairí comhdhála (AD 5/AD 7)
EPSO/AD/311/15 – Seicis (CS)
EPSO/AD/312/15 – Cróitis (HR)
EPSO/AD/313/15 – Liotuáinis (LT)
EPSO/AD/314/15 – Máltais (MT)
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 11 Lúnasa 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus an Chúirt Bhreithiúnais baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú, baill a bheidh ina riarthóirí agus a oibreoidh mar “ ateangairí comhdhála ” (grúpa feidhme AD).
Is iad an Fógra Comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte, arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.
Na hiarrthóirí incháilithe uile a n-éireoidh trialacha ateangaireachta agus trialacha ginearálta an Ionaid Measúnaithe leo, cuirfear a n-ainm ar an bpainéal.
I ngach ceann de na comórtais seo tá dhá ghrád agus dhá rogha. Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ach ar aon chomórtas amháin, ar aon ghrád amháin agus ar aon rogha amháin. Ní mór duit an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne.
Mar sin féin, más ar ghrád AD 7 de cheann de na comórtais atá iarratas déanta agat, féadfaidh an bord roghnúcháin, má thoilíonn tú chuige san iarratas ar líne, d’iarratas a aistriú chuig grád AD 5 den chomórtas céanna i gceann de na cásanna seo:
1. Léiríonn an scrúdú ar an eolas a thug tú san iarratas ar líne nach gcomhlíonann tú coinníollacha iontrála ghrád AD 7 ach go gcomhlíonann tú coinníollacha iontrála ghrád AD 5.
2. Theip ort i gceann amháin de na trialacha ateangaireachta, nó sa dá cheann acu, sa teanga chéanna ag grád AD 7, ach tá an marc a ghnóthaigh tú ina phas ag grád AD 5.
3. Ghnóthaigh tú pas sna trialacha ateangaireachta uile agus i dtrialacha uile an Ionaid Measúnaithe, ach léiríonn scrúdú na ndoiciméid tacaíochta a chuir tú ar fáil nach gcomhlíonann tú coinníollacha iontrála ghrád AD 7 ach go gcomhlíonann tú coinníollacha iontrála grád AD 5, agus ina theannta sin, tá an marc a ghnóthaigh tú ina phas ag grád AD 5.
DUALGAIS AN PHOIST
Is é príomhchúram a bhíonn ar ateangairí comhdhála ateangaireacht bheacht, go teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh, a dhéanamh ar chaint a dhéantar le linn cruinnithe. Is féidir an ateangaireacht sin a bheith comhuaineach nó leantach. Bíonn réamhstaidéar ar ábhair agus ar théarmaíocht na gcruinnithe ina chuid den obair.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha UILE seo a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:
|
Coinníollacha ginearálta |
|
||||||||||||
|
Coinníollacha sonracha: teangacha |
Caithfidh máistreacht a bheith ag na hiarrthóirí ar theanga an chomórtais, ar a scríobh agus a labhairt araon (leibhéal máthairtheanga nó a chothrom), agus caithfidh siad a bheith in ann an mháistreacht sin a léiriú. Tá dhá rogha teanga i ngach comórtas agus ag gach grád: Rogha 1: ateangaireacht go teanga an chomórtais (teanga A) ó dhá cheann nó trí cinn de theangacha éighníomhacha (teanga C), de réir an ghráid; Rogha 2: ateangaireacht ó theanga an chomórtais (teanga A) go dara teanga ghníomhach (teanga B) agus ateangaireacht go teanga A ó theanga B nó ó theanga B agus C, de réir an ghráid. Tá eolas in IARSCRÍBHINN II i dtaobh leibhéil teanga agus teaglamaí teangacha gach comórtais, gach gráid agus gach rogha. |
||||||||||||
|
Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre |
Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in IARSCRÍBHINN I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC) Grád AD 5
Grád AD 7
An taithí oibre ceithre bliana atá luaite thuas, teastaíonn sí sa bhreis ar an oiliúint a fuair an t-iarrthóir mar ateangaire comhdhála, oiliúint a bhfuil cáilíocht ina cruthúnas uirthi, agus an bhliain de thaithí oibre mar ateangaire comhdhála a iarrtar faoi phointe (c) thuas. Ní mheasfar gur taithí ar an ateangaireacht chomhdhála aon cheann de na nithe seo: ateangaireacht do chúirteanna, ateangaireacht idirchaidrimh, ateangaireacht do ghnólachtaí, ateangaireacht do na seirbhísí sóisialta nó do sheirbhísí poiblí eile. |
Ní mór Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a roghnú mar theanga an Ionaid Measúnaithe. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN III ar úsáid teangacha i gcomórtais earcaíochta an Aontais Eorpaigh.
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Réamhthriail ateangaireachta
Má bhailíochtaíonn tú an fhoirm iarratais roimh an sprioc-am agus go léiríonn an t-eolas a thug tú san iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta tabharfar cuireadh duit réamhthriail ateangaireachta a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO. Is éard a bheidh i gceist sa triail sin ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh ar chaint a taifeadadh (d’fhéadfadh sé go mbeadh ábhar closamhairc i gceist freisin).
|
Triail |
Teanga |
Fad ama |
Pasmharc |
|
Ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh ar chaint a taifeadadh |
Rogha 1: ó theanga C1 go teanga A Rogha 2: ó theanga B go teanga A |
Thart ar 10 nóiméad an ceann |
10/20 |
Má ghnóthaíonn tú an pasmharc ar a laghad sa réamhthriail ateangaireachta, tabharfar cuireadh duit dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Féach, áfach, nach gcuirfear marcanna na trialach sin le marc na dtrialacha ateangaireachta (pointe 2).
Iarrthóirí a bhfuil creidiúnú idirinstitiúideach acu mar ateangaire comhdhála cúnta tráth bailíochtaithe a n-iarratais, ní chaithfidh siad an triail sin a dhéanamh. Is é Inter-Institutional Test Office sheirbhísí ateangaireachta an Aontais Eorpaigh a bhronnann an creidiúnú idirinstitiúideach.
2) Trialacha ateangaireachta
Má ghnóthaigh tú pas sa réamhthriail ateangaireachta, nó má tá creidiúnú idirinstitiúideach mar ateangaire comhdhála cúnta (iarrfar ort cruthúnas ar an gcreidiúnú a thabhairt sna doiciméid tacaíochta), tabharfar cuireadh duit na trialacha ateangaireachta a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
|
Triail |
Teanga |
Fad ama |
Pasmharc |
|
Triail ateangaireachta iaruainí |
Ó gach teanga de chineál C agus/nó gach teanga de chineál B go teanga A, agus ó theanga A go teanga B (nuair is infheidhme sin) |
6 nóiméad ar a mhéad |
10/20 |
|
Triail ateangaireachta comhuainí |
Ó gach teanga de chineál C agus/nó gach teanga de chineál B go teanga A, agus ó theanga A go teanga B (nuair is infheidhme sin) |
12 nóiméad ar a mhéad |
10/20 |
|
Ualú na dtrialacha ateangaireachta (inniúlachtaí sonracha) |
75 % den mharc foriomlán |
Is féidir go n-úsáidfear cainteanna a taifeadadh ar ghléas closamhairc sna trialacha ateangaireachta comhuainí.
3) An tIonad Measúnaithe
Má ghnóthaigh tú an pasmharc ar a laghad sna trialacha ateangaireachta, tabharfar cuireadh duit freastal ar Ionad Measúnaithe ar feadh lae (is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh sé). San Ionad Measúnaithe déanfaidh tú na trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire i dteanga ghníomhach A agat agus trialacha eile an Ionaid i mBéarla (EN), i bhFraincis (FR) nó i nGearmáinis (DE) .
Trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire
|
Triail |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Pasmharc |
|
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga ghníomhach A: |
20 ceist |
35 nóiméad |
10/20 |
|
Réasúnaíocht uimhriúil |
Teanga ghníomhach A: |
10 gceist |
20 nóiméad |
An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht bhriathartha le chéile: 10/20 |
|
Réasúnaíocht theibí |
Teanga ghníomhach A: |
10 gceist |
10 nóiméad |
Trialacha díbeartha is ea iad na trialacha ceisteanna ilroghnacha ar ríomhaire, ach ní chuirfear san áireamh torthaí na dtrialacha sin agus an marc foriomlán á ríomh; mar sin féin, ní mór duit an pasmharc ar a laghad a ghnóthú chun fanacht sa chomórtas.
Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta a mheas san Ionad Measúnaithe le trí thriail (cur i láthair ó bhéal, agallamh ar bhonn inniúlachtaí agus gníomhaíocht i ngrúpa), faoi mar atá léirithe sa tábla thíos.
Déanfar marcanna na dtrialacha seo a chur le marcanna na dtrialacha ateangaireachta (féach pointe 2) chun marc iomlán gach iarrthóra a fháil.
|
Inniúlacht |
Triail |
Teanga |
|||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Gníomhaíocht i ngrúpa |
EN, FR nó DE |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
EN, FR nó DE |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
EN, FR nó DE |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
EN, FR nó DE |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Gníomhaíocht i ngrúpa |
EN, FR nó DE |
||
|
Cur i láthair ó bhéal |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
EN, FR nó DE |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
EN, FR nó DE |
||
|
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
EN, FR nó DE |
||
|
Pasmharc |
40/80 |
|
Ualú na n-inniúlachtaí ginearálta |
25 % den mharc foriomlán |
4) An painéal
I ndiaidh doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal , do gach comórtas, do gach grád agus do gach rogha, de na hiarrthóirí incháilithe uile a ghnóthaigh pas i dtrialacha an Ionaid Measúnaithe. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu. Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo:
11 Lúnasa 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.
IARSCRÍBHINN I
DUALGAIS
Is é príomhchúram a bhíonn ar ateangairí comhdhála ateangaireacht bheacht, go teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh, a dhéanamh ar chaint a dhéantar le linn cruinnithe. Is féidir an ateangaireacht sin a bheith comhuaineach nó leantach. Bíonn réamhstaidéar ar ábhair agus ar théarmaíocht na gcruinnithe ina chuid den obair.
Chun ateangaireacht a dhéanamh mar is ceart, ní mór bheith in ann athrú de réir na gcúinsí (bíonn cruinnithe ann go minic, ar ábhair an-éagsúil agus bíonn an clár ama ag síorathrú), agus bheith in ann fadhbanna atá éagsúil agus ar minic casta iad a thuiscint mar is ceart, athruithe móra sna cúinsí a láimhseáil agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach. Ní mór duit bheith in ann chuig dianobair rialta, leat féin agus i bhfoireann, agus tú féin a oiriúnú do thimpeallacht oibre ilchultúrtha. Fad is a bheidh tú i mbun oibre caithfidh tú féachaint chuige go dtiocfaidh feabhas ar do chuid scileanna oibre, scileanna teicneolaíocha san áireamh. Lena chois sin, is féidir go n-iarrfar ort cur le do theaglamaí teangacha de réir riachtanais na seirbhíse. Go deimhin, i gcás daoine a earcóidh an Pharlaimint, beidh sin ina riachtanas oibre.
Sna hinstitiúidí uile, bheadh sáreolas ar theangacha seachas na teangacha a iarrtar san fhógra comórtais seo ina bhuntáiste (fiú féin mura bhfuil siad ar theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh).
Lena chois sin, is féidir go n-iarrfar ar ateangairí atá ina n-oifigigh cáilíocht obair na ngníomhairí atá ina n-ateangairí comhdhála (AIC) a mheas agus cúraimí riaracháin a bhaineann leis an ateangaireacht a dhéanamh.
Is féidir go mbeidh ar an ateangaire comhdhála taisteal go minic chun a chuid oibre a dhéanamh (seachas ateangairí na Cúirte Breithiúnais, a mbeidh a gcuid oibre i Lucsamburg den chuid is mó).
Chun post a fháil sa Chúirt Bhreithiúnais, teastaíonn eolas maith ar an bhFraincis scríofa. Tá sin amhlaidh toisc gur teanga mhórthábhachta oibre í an Fhraincis sa Chúirt Bhreithiúnais, agus dá bhrí sin ní mór eolas maith uirthi a bheith ag éinne ar mian leis a bheith ag obair ann.
Tá tuilleadh eolais ar sheirbhísí ateangaireachta an Aontais Eorpaigh ar fáil ar shuíomh gréasáin na n-institiúidí a mbaineann na seirbhísí sin leo: http://europa.eu/interpretation/index_ga.htm
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN II
TEAGLAMAÍ TEANGACHA DO GACH COMÓRTAS, GRÁD AGUS ROGHA:
Is éard is brí leis an téarma “teaglaim teangacha” na teangacha a úsáideann an t-ateangaire agus é i mbun oibre. Tá gach teanga ina “teanga ghníomhach” nó ina “teanga éighníomhach”, agus tugtar teanga de chineál “A”, “B” nó “C” orthu thíos.
Teanga “A”: Do phríomhtheanga (máthairtheanga nó a cothrom), teanga a bhfuil máistreacht agat uirthi agus a ndéanann tú ateangaireacht isteach inti ó na teangacha oibre uile atá agat, go comhuaineach agus go leantach.
Teanga “B”: Teanga a bhfuil eolas fíormhaith agat uirthi, ar a shon nach í do mháthairtheanga í, agus a ndéanann tú ateangaireacht isteach inti ó na teangacha oibre uile atá agat, go comhuaineach agus go leantach.
Teanga “C”: Teanga a ndéanann tú ateangaireacht aisti agus a bhfuil lántuiscint agat uirthi.
EPSO/AD/311/15 – SEICIS (CS) – Grád AD 5
Rogha 1 (A+CC)
Teanga ghníomhach A: Seicis
Teangacha éighníomhacha C:
|
— |
C1: Béarla, Fraincis nó Gearmáinis |
|
— |
C2: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A, teanga C1 ná Slóvaicis í) |
Rogha 2 (A+B)
Teanga ghníomhach A: Seicis
Teanga ghníomhach B: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, nó Spáinnis
EPSO/AD/311/15 – SEICIS (CS) – Grád AD 7
Rogha 1 (A+CCC)
Teanga ghníomhach A: Seicis
Teangacha éighníomhacha C:
|
— |
C1: Béarla, Fraincis nó Gearmáinis |
|
— |
C2: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A, teanga C1 ná Slóvaicis í) |
|
— |
C3: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A, teanga C1, C2 ná Slóvaicis í) |
Rogha 2 (A+B+C)
Teanga ghníomhach A: Seicis
Teanga ghníomhach B: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis nó Spáinnis
Teanga éighníomhach C: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A, teanga B ná Slóvaicis í)
EPSO/AD/312/15 – CRÓITIS (HR) – Grád AD 5
Rogha 1 (A+CC)
Teanga ghníomhach A: Cróitis
Teangacha éighníomhacha C:
|
— |
C1: Béarla, Fraincis nó Gearmáinis |
|
— |
C2: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A ná teanga C1 í) |
Rogha 2 (A+B)
Teanga ghníomhach A: Cróitis
Teanga ghníomhach B: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis nó Spáinnis
EPSO/AD/312/15 – CRÓITIS (HR) – Grád AD 7
Rogha 1 (A+CCC)
Teanga ghníomhach A: Cróitis
Teangacha éighníomhacha C:
|
— |
C1: Béarla, Fraincis nó Gearmáinis |
|
— |
C2: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A ná teanga C1 í) |
|
— |
C3: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A, teanga C1 ná teanga C2 í) |
Rogha 2 (A+B+C)
Teanga ghníomhach A: Cróitis
Teanga ghníomhach B: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis nó Spáinnis
Teanga éighníomhach C: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A ná teanga B í)
EPSO/AD/313/15 – LIOTUÁINIS (LT) – Grád AD 5
Rogha 1 (A+CC)
Teanga ghníomhach A: Liotuáinis
Teangacha éighníomhacha C:
|
— |
C1: Béarla, Fraincis nó Gearmáinis |
|
— |
C2: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A ná teanga C1 í) |
Rogha 2 (A+B)
Teanga ghníomhach A: Liotuáinis
Teanga ghníomhach B: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis nó Spáinnis
EPSO/AD/313/15 – LIOTUÁINIS (LT) – Grád AD 7
Rogha 1 (A+CCC)
Teanga ghníomhach A: Liotuáinis
Teangacha éighníomhacha C:
|
— |
C1: Béarla, Fraincis nó Gearmáinis |
|
— |
C2: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A ná teanga C1 í) |
|
— |
C3: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A, teanga C1 ná teanga C2 í) |
Rogha 2 (A+B+C)
Teanga ghníomhach A: Liotuáinis
Teanga ghníomhach B: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis nó Spáinnis
Teanga éighníomhach C: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A ná teanga B í)
EPSO/AD/314/15 – MÁLTAIS (MT) – Grád AD 5
Rogha 1 (A+CC)
Teanga ghníomhach A: Máltais
Teangacha éighníomhacha C:
|
— |
C1: Béarla, Fraincis nó Gearmáinis |
|
— |
C2: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A ná teanga C1 í) |
Rogha 2 (A+B)
Teanga ghníomhach A: Máltais
Teanga ghníomhach B: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis nó Spáinnis
EPSO/AD/314/15 – MÁLTAIS (MT) – Grád AD 7
Rogha 1 (A+CCC)
Teanga ghníomhach A: Máltais
Teangacha éighníomhacha C:
|
— |
C1: Béarla, Fraincis nó Gearmáinis |
|
— |
C2: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A ná teanga C1 í) |
|
— |
C3: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A, teanga C1 ná teanga C2 í) |
Rogha 2 (A+B+C)
Teanga ghníomhach A: Máltais
Teanga ghníomhach B: Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis nó Spáinnis
Teanga éighníomhach C: teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh (nach í teanga A ná teanga B í)
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN III
TEANGACHA
I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir riachtanais na seirbhíse, leas a fhágann go gcaithfidh earcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus nach mór é a bheith ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.
Cleachtas seanbhunaithe is ea é an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis a úsáid le haghaidh cumarsáid inmheánach in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus lena chois sin, is iad sin na teangacha is minice a mbíonn gá leo nuair a bhítear ag déanamh cumarsáide leis an saol lasmuigh nó ag láimhseáil cásanna. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann amháin de na teangacha sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá acu. Trí na hinniúlachtaí sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais a meas a thabhairt ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.
Ar na cúiseanna céanna, tá ciall le teangacha cumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid a dhéanfar idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.
Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga ina príomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.
Tá na bearta sin gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.
Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.