ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

58
26 Márta 2015


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2015/C /01

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/302/15 — Riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta (AD 5)

1


 


 

(1)   Faoin tagairt C 99 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

26.3.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/302/15 — RIARTHÓIRÍ I RÉIMSE NA HINIÚCHÓIREACHTA (AD 5)

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 28 Aibreán 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal 80 iarrthóir a roghnaíodh a thiomsú as a ndéanfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa go háirithe, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú ina “riarthóirí” (grúpa feidhme AD).

Is iad an fógra comórtais seo agus na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC) creat dlí ceangailteach an phróisis roghnúcháin seo.

DUALGAIS AN PHOIST

Is ag grád AD 5 a théann formhór na gcéimithe agus na ngairmithe óga i gceann ghairm an riarthóra sna hinstitiúidí Eorpacha. Is é cúram ginearálta a bhíonn ar riarthóirí cuidiú le lucht déanta cinntí misean a n-institiúide a chur i gcrích.

Iniúchtaí airgeadais, iniúchtaí feidhmíochta agus iniúchtaí inmheánacha, sin iad na nithe a bhíonn faoi chúram iniúchóirí an Aontais Eorpaigh. Cuireann iniúchóirí seirbhísí faisnéise agus comhairleacha ar fáil sna réimsí uile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leo, agus dá dhroim sin uaireanta bíonn siad ag obair i dtíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla.

De dhroim chineál na ndualgas a bheidh le déanamh, teastaíonn eolas leathan ar réimsí amhail dlí, cuntasaíocht, riarachán poiblí, airgeadas agus eacnamaíocht, bainistiú tionscadal sna réimsí uile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leo, ríomhaireacht, agus teicnící iniúchóireachta agus measúnaithe.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha UILE seo a chomhlíonadh an uair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha: Teangacha

Teanga 1: leibhéal C1 ar a laghad i gceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Teanga 2: leibhéal B2 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis; an teanga a roghnaítear mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéal teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre

Cúrsa iomlán ollscoile,  a mhair trí bliana ar laghad, a bhaineann le dualgais an phoist agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh (ní mór an dioplóma a bheith bronnta faoin 31 Iúil 2015 ar a dhéanaí)

Oiliúint ghairmiúil/cáilíocht ghairmiúil ar leibhéal is comhionann leis an gcúrsa atá luaite thuas, a bhaineann le dualgais an phoist agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh (ní mór an dioplóma a bheith bronnta faoin 31 Iúil 2015 ar a dhéanaí)

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte ( http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

Níl aon taithí oibre ag teastáil

Ní mór Béarla, Fraincis, nó Gearmáinis a roghnú mar dhara teanga. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II ar úsáid teangacha i gcomórtais an Aontais Eorpaigh.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

(1)    Réamhroghnú: trialacha ilroghnacha ar ríomhaire

Má bhailíochtaíonn tú d’iarratas faoin sprioc-am tabharfar cuireadh duit sraith trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

10 gceist

18 nóiméad

5/10

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

5/10

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

20 ceist

20 nóiméad

10/20

Breithiúnas suíomhúil

Teanga 2

20 ceist

30 nóiméad

24/40

Ní chuirfear torthaí na dtrialacha réasúnaíochta briathartha ná uimhriúla san áireamh agus an marc réamhroghnúcháin foriomlán á ríomh. Mar sin féin, ní mór pas a ghnóthú i ngach triail le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas.

Tuairim is deich n-oiread, nó aon oiread déag ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon iarrthóirí a n-iarrfar orthu an triail idirmheánach a dhéanamh.

(2)    An triail idirmheánach: triail an inbhosca ríomhphoist

Má ghnóthaigh tú pas i ngach ceann de na trialacha ar ríomhaire agus ceann de na marcanna foriomlána is airde sa triail réasúnaíochta teibí agus sa triail breithiúnais shuíomhúil, tabharfar cuireadh duit an triail inbhosca ríomhphoist a dhéanamh sa dara teanga agat i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Bíonn idir 15 cheist agus 20 ceist le freagairt sa triail inbhosca ríomhphoist, agus tá an triail ceaptha ceithre inniúlacht ghinearálta a bhfuil cur síos orthu sa tábla thíos a mheasúnú. Marcálfar gach inniúlacht as 10 bpointe. Ní mór marc a ghnóthú sa triail seo atá ar cheann de na marcanna foriomlána is airde chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas.

Tuairim is dhá oiread, nó dhá oiread go leith ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon daoine a n-iarrfar orthu trialacha an Ionaid Measúnaithe a dhéanamh.

(3)    An tIonad Measúnaithe

Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa triail inbhosca ríomhphoist ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , iarrfar ort freastal ar Ionad Measúnaithe ar feadh aon lá amháin agus trialacha a dhéanamh sa dara teanga agat. Is é is dóichí gur Lucsamburg a bheidh an tIonad Measúnaithe.

Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta a mheas san Ionad Measúnaithe le ceithre thriail (cás-staidéar, cur i láthair ó bhéal, agallamh ar bhonn inniúlachtaí agus gníomhaíocht i ngrúpa). Déanfar marcanna thrialacha na n-inniúlachtaí ginearálta a chur le marcanna na trialach inbhosca ríomhphoist, rud a fhágfaidh go mbeidh marc foriomlán 80 pointe ann, faoi mar atá léirithe sa tábla thíos:

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cur i láthair ó bhéal

Inbhosca ríomhphoist

2.

Cumarsáid

Cur i láthair ó bhéal

Cás-staidéar

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

Inbhosca ríomhphoist

4.

Foghlaim agus forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Gníomhaíocht i ngrúpa

Inbhosca ríomhphoist

6.

Buanseasmhacht

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Inbhosca ríomhphoist

8.

Cumas ceannaireachta

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

Pasmharc

3/10 do gach inniúlacht agus 50/80 don mharc foriomlán

Ualú na n-inniúlachtaí ginearálta

75 % den mharc foriomlán


Inniúlacht

Triail

Inniúlachtaí a bhaineann le réimse an chomórtais

Cás-staidéar

Pasmharc

10/20

Ualú na hinniúlachta sonraí

25 % den mharc foriomlán

(4)    An painéal

I ndiaidh na seiceála ar dhoiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna is airde acu i ndiaidh thrialacha an Ionaid Measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu careers.eu, faoin sprioc-am seo:

28 Aibreán 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

Is é cúram ginearálta a bhíonn ar riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta cuidiú le lucht déanta cinntí misean a n-institiúide a chur i gcrích.

Is minic iad ag obair i réimsí ar nós na hiniúchóireachta airgeadais, na hiniúchóireachta feidhmíochta agus na hiniúchóireachta inmheánaí. Cuireann iniúchóirí seirbhís faisnéise agus comhairliúcháin ar fáil sna réimsí uile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leo, chun cúrsaí rialála agus bainistithe a fheabhsú. Dá dhroim sin, is féidir go mbeidh orthu dul ag obair in aon cheann de Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas, nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin. Ciallaíonn sin go gcaithfidh siad bheith toilteanach bheith ag taisteal – go minic i gcásanna áirithe – ar feadh tréimhsí gearra.

Ní mór dóibh bheith toilteanach bheith ag obair i bhfoireann ilnáisiúnta agus ilchultúrtha agus bheith ag síorthabhairt a gcuid eolais ghairmiúil bord ar bhord leis an aimsir trí chúrsaí oiliúna a chuirfear ar fáil dóibh a dhéanamh.

De dhroim chineál na ndualgas a bheidh le déanamh, teastaíonn eolas leathan ar réimsí amhail an dlí, cuntasaíocht, riarachán poiblí, airgeadas agus eacnamaíocht, bainistiú tionscadal sna réimsí uile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leo, ríomhaireacht, agus teicnící iniúchóireachta agus measúnaithe.

An té atá i mbun gairmréime sna hinstitiúidí, bíonn deiseanna aige i rith an ama aistriú go post eile sna hinstitiúidí agus, chomh maith leis sin, cúrsaí oiliúna a dhéanamh.

Ag seo na príomhchúraimí a bhíonn ar riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta:

iniúchadh seachtrach, iniúchadh airgeadais, iniúchadh comhlíontachta, iniúchadh ar dhea-bhainistiú airgeadais (pleanáil, cur i bhfeidhm agus tuairisciú san áireamh);

rialuithe agus seiceálacha ar an láthair agus ar dhoiciméad a dhéanamh, agus córais rialaithe agus bainistithe clár agus tionscadal a anailísiú, a mheasúnú agus a fheabhsú;

iniúchadh inmheánach, agus tacaíocht, comhairle agus oiliúint, ó thaobh modhanna oibre, a thabhairt;

comhordú agus comhairliú idirsheirbhíse maidir le ceisteanna iniúchóireachta;

tuairimí, comhairle agus moltaí a bhaineann le misean na hinstitiúide a ullmhú.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

TEANGACHA

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a fhágann go gcaithfidh earcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus nach mór é a bheith ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí.

Is fada an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ina bpríomhtheangacha cumarsáide inmheánaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus is iad is minice a mbíonn gá leo chun cumarsáid a dhéanamh le páirtithe seachtracha agus chun comhaid a láimhseáil. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann amháin de na teangacha sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá acu. Mar sin, ligean an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais Eorpaigh a mheas a ábalta atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, tá ciall le teangacha cumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid a dhéanfar idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga ina príomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá na bearta seo gan dochar don fhéidearthacht tríú teanga a fhoghlaim níos faide anonn i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.