ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

58
27 Feabhra 2015


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2015/C /01

Na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte

1


 


 

(1)   Faoin tagairt C 70 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

27.2.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE

 

Is cuid dhílis den fhógra comórtais na rialacha ginearálta seo, agus i dteannta an fhógra, is iad creatlach ceangailteach an nós imeachta comórtais iad.

CLÁR

1.

RÉAMHRÁ 3

1.1.

CAD IS COMÓRTAS OSCAILTE ANN? 3

1.2.

CAD Í AN PHRÓIFÍL GHINEARÁLTA ATÁ AG TEASTÁIL? 3

1.3.

INCHÁILITHEACHT 4

2.

CÉIMEANNA AN CHOMÓRTAIS 6

2.1.

IARRATAS A DHÉANAMH 6

2.1.1.

Seiceáil go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta 7

2.1.2.

Cuntas EPSO a chruthú 7

2.1.3.

Déan na trialacha idirghníomhacha samplacha 7

2.1.4.

Líon isteach an fhoirm iarratais ar líne 7

2.1.5.

Aon socruithe speisialta a lua a theastaíonn chun na trialacha a dhéanamh 8

2.1.6.

Dearbhú agus bailíochtú 8

2.1.7.

An comhad iomlán iarratais a chur isteach 8

2.2.

NA TRIALACHA ILROGHANNA RÉAMHROGHNÚCHÁIN AR RÍOMHAIRE 9

2.3.

INCHÁILITHEACHT A FHÍORÚ (CEAD ISTEACH) 9

2.4.

ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ – AN SCAGTHÓIR BUANNA 10

2.5.

AN TIONAD MEASÚNAITHE 11

2.6.

DEARBHÚ NA HINCHÁILITHEACHTA 11

2.7.

IARRTHÓIRÍ A NÉIREOIDH LEO/AN PAINÉAL 12

3.

FAISNÉIS GHINEARÁLTA 12

3.1.

CUMARSÁID 12

3.1.1.

EPSO: cumarsáid le hiarrthóirí 12

3.1.2.

Iarrthóirí: cumarsáid le EPSO 13

3.1.3.

Iarrthóirí: cumarsáid le boird roghnúcháin 13

3.2.

COSAINT SONRAÍ 13

3.3.

ROCHTAIN AR FHAISNÉIS 13

3.3.1.

Cearta rochtana sonracha iarrthóirí 13

3.3.2.

Rochtain ar dhoiciméid faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Trédhearcacht 15

3.4.

GEARÁIN 16

3.4.1.

Cad is ceart a dhéanamh i gcás faidhbe 16

3.4.2.

Neodrú 16

3.4.3.

An nós imeachta athbhreithnithe inmheánach 17

3.4.4.

Modhanna eile aighnis 18

3.5.

DÍCHÁILIÚ ÓN GCOMÓRTAS 19

IARSCRÍBHINN I—

Samplaí de cháilíochtaí a fhreagraíonn, i bprionsabal, do na cinn a éilítear sna fógraí comórtais 20

IARSCRÍBHINN II—

Treoirlínte Ginearálta Choláiste na gCeann Riaracháin ar úsáid teangacha i gcomórtais EPSO 29

1.   RÉAMHRÁ

1.1.   CAD IS COMÓRTAS OSCAILTE ANN?

Roghnaíonn na hinstitiúidí Eorpacha a gcuid oifigeach (1) trí chomórtais oscailte a mbíonn sraith scrúduithe iomaíocha ag gabháil leo. Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach (2) a chomhlíonann na riachtanais a iarrtar páirt a ghlacadh sna comórtais. Sa phróiseas sin tugtar deis chothrom do na hiarrthóirí uile a gcuid inniúlachtaí a léiriú agus déantar deimhin de go roghnófar daoine ar bhonn a mbuanna agus go n-urramófar prionsabal na córa comhionainne san am céanna.

Cuirtear ainmneacha na n-iarrthóirí ar éirigh leo sa chomórtas ar phainéal as a n-earcaíonn na hinstitiúidí na daoine sin, de réir a riachtanas. Dá bhrí sin, ní hé aidhm an chomórtais post folamh ar leith a líonadh ach painéal earcaíochta a chur le chéile.

Chun na hiarrthóirí is fearr a roghnú, ar bhonn na gcoinníollacha atá leagtha amach san fhógra comórtais, ainmnítear bord roghnúcháin (3). Cuireann an bord roghnúcháin na hiarrthóirí i gcomparáid le chéile maidir lena fheabhas a chruthaigh siad chun a oiriúnaí atá siad do na dualgais atá sonraithe san fhógra a mheas. Dá bhrí sin, ní amháin go gcaithfidh siad leibhéal eolais na n-iarrthóirí a mheas ach caithfidh siad bheith in ann na daoine is fearr inniúlacht a aithint ar bhonn a mbuanna freisin.

Cuirtear comórtais ar siúl de réir timthriallta bliantúla i gcás próifílí post ginearálta, nó i gcás sainphróifílí, nuair a iarrtar iad chun riar ar riachtanais speisialta na n-institiúidí.

1.2.   CAD Í AN PHRÓIFÍL GHINEARÁLTA ATÁ AG TEASTÁIL?

Tá iarrthóirí éirimiúla tionscantacha, a bhfuil ardcháilíochtaí acu sa réimse i gceist ag teastáil ó na hinstitiúidí, iarrthóirí a bhfuil na hinniúlachtaí ginearálta seo thíos go háirithe acu:

Anailísiú agus Réiteach Fadhbanna

An cumas príomhphointí ceisteanna casta a aimsiú agus réitigh atá cruthaitheach, soiléir agus praiticiúil a cheapadh.

Cumarsáid

An cumas cumarsáid chruinn shoiléir a dhéanamh, ó bhéal agus i scríbhinn

Cáilíocht agus Torthaí

An cumas freagrachtaí a ghlacadh agus a bheith tionscantach ar mhaithe le hobair d’ardchaighdeán a dhéanamh, laistigh de nósanna imeachta atá leagtha síos

Foghlaim agus Forbairt

An cumas scileanna pearsanta agus eolas ar an eagraíocht agus ar an láthair oibre a fhorbairt agus a fheabhsú

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

An cumas cúraimí a chur in ord tábhachtachta, oibriú go solúbtha, agus an t-ualach oibre a eagrú go héifeachtúil.

Buanseasmhacht

An cumas a bheith éifeachtach, fiú amháin nuair atá ualach mór oibre ann, deacrachtaí eagraíochtúla a shárú ar bhealach dearfach agus a bheith i gcónaí in oiriúint don láthair oibre.

Obair bhuíne

Comhoibriú le gar-chomhghleacaithe agus le comhghleacaithe i seirbhísí eile, agus na héagsúlachtaí idir dhaoine a chur san áireamh.

Cumas ceannaireachta (riarthóirí amháin)

An cumas daoine a bhainistiú, a n-inniúlachtaí a fhorbairt agus a spreagadh sa chaoi is go mbainfidh siad a gcuid spriocanna amach.

1.3.   INCHÁILITHEACHT

Chun bheith incháilithe páirt a ghlacadh i gcomórtas, ní mór d’iarrthóirí critéir áirithe a chomhlíonadh, critéir atá leagtar síos san fhógra comórtais.

Ní mór d’iarrthóirí a dhearbhú go gcomhlíonann siad na coinníollacha uile incháilitheachta, idir ghinearálta agus sonracha, atá sainithe san fhógra comórtais, agus ní mór dóibh na doiciméid tacaíochta is gá a chur ar fáil i gcomhad iomlán iarratais nuair a iarrtar sin (ag céim an ionaid measúnaithe amháin, de ghnáth, mura bhfuil a mhalairt ráite san fhógra comórtais; féach pointe 2.1.7 thíos).

Coinníollacha ginearálta

Baineann na coinníollacha incháilitheachta ginearálta (4) seo a leanas leis na comórtais uile. Seo iad:

Ní mór duit

(a)

do chearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh (5);

(b)

aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat;

(c)

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais a luaitear sa chomórtas a dhéanamh.

Chun a chruthú go bhfuil an tsaoránacht a theastaíonn agat, ba cheart duit cóip de do phas, de do chárta aitheantais nó d’aon doiciméad oifigiúil eile ina bhfuil do shaoránacht sonraithe a chur ar fáil, agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí ar an dáta deiridh is féidir iarratas ar líne a chur isteach.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun a chruthú go bhfuil do chearta go léir mar shaoránach ar teachtadh agat, nó go bhfuil aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata comhlíonta agat. Is ionann an t-iarratas ar líne a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal agus ar d’fhírinne go gcomhlíonann tú na coinníollacha sin. Mar sin féin, is gnách go n-iarrtar ar an iarrthóir cruthúnas foirmiúil go gcomhlíonann sé na coinníollacha sin a chur ar fáil sula n-earcaítear é.

Coinníollacha sonracha

Is féidir go mbeidh na coinníollacha sonracha agus an taithí oibre a iarrtar éagsúil ó chomórtas go chéile de réir na próifíle i gceist. Fútsa atá sé an fhaisnéis agus na doiciméid uile a thabhairt don bhord roghnúcháin a theastaíonn uaidh chun go bhféadfaidh sé a sheiceáil an gcomhlíonann tú na coinníollacha sin.

(a)

Dioplómaí  (6) agus/nó teastais a dheimhníonn gur chríochnaigh tú do chúrsa staidéir agus gur éirigh sé leat. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir chórais oideachais. Tá samplaí de na híoscháilíochtaí a theastaíonn i gcás gach catagóire ar leith ar fáil san iarscríbhinn a ghabhann leis na rialacha ginearálta seo ar shuíomh gréasáin EPSO, ach is féidir go mbeidh ceanglais níos déine leagtha síos san fhógra comórtais. Tabhair do d’aire: má rinne tú cúrsa staidéir lasmuigh den Aontas Eorpach, ba cheart do dhioplóma a bheith aitheanta ag comhlacht stáit i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (e.g. Roinn Oideachais).

I gcás dioplómaí tríú leibhéal, cuir faisnéis atá chomh mionsonraithe agus is féidir é le d’iarratas ar líne, go háirithe faisnéis ar na hábhair a ndearna tú staidéar orthu agus fad na dtréimhsí staidéir sin, ionas go mbeidh an bord roghnúcháin in ann a ábhartha atá do dhioplóma do dhualgais an phoist a mheas. Má fuair tú oiliúint theicniúil nó ghairme, nó má rinne tú cúrsa oiliúna breise nó cúrsa speisialtóireachta, ní mór duit a thabhairt le fios cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó cúrsa oíche a bhí ann, chomh maith leis na hábhair a rinne tú agus fad an chúrsa.

(b)

Taithí oibre (má iarrtar sin). Ní chuirfear do thaithí oibre san áireamh ach amháin má bhaineann sí leis na cineálacha dualgais a bhfuil cur síos orthu i bhfógra an chomórtais. Mar riail ghinearálta, ba cheart:

fíorobair éifeachtach a bheith i gceist sa taithí oibre,

pá a bheith ag dul léi,

caidreamh íochtaránachta nó soláthar seirbhíse a bheith i gceist léi.

Aon chodanna de do thaithí oibre a bhaineann leis na catagóirí thíos, cuirfear san áireamh iad mar seo a leanas:

Obair dheonach: ní chuirfear san áireamh ach obair a raibh pá léi. Ní mór an obair dheonach a bheith inchurtha le gnáthobair ó thaobh uaireanta an chloig oibre sa tseachtain agus faid de.

Intéirneachtaí: measfar intéirneachtaí a bheith ina dtaithí oibre má bhí pá ag dul leo.

Seirbhís mhíleata éigeantach: cuirfear san áireamh tréimhse seirbhíse míleata éigeantaí nach faide ná fad reachtach na seirbhíse míleata éigeantaí sa Bhallstát ar náisiúnach de é an t-iarrthóir. Is féidir go ndearnadh an tseirbhís mhíleata éigeantach sula bhfuarthas an dioplóma a theastaíonn chun bheith i dteideal cur isteach ar an gcomórtas, nó ina diaidh, mura bhfuil a mhalairt ráite san fhógra comórtais.

Saoire mháithreachais/atharthachta/altramais: cuirfear saoire mháithreachais/atharthachta/altramais san áireamh más cuid den chonradh oibre í. Má bhí cúis na saoire (breith nó altramú) ann le linn duit obair a iarraidh, ní mheasfar an tsaoire a bheith ina taithí oibre.

Dochtúireacht: measfar gach dochtúireacht, is cuma cé acu a bhí pá ag dul léi nó nach raibh, a bheith ina taithí oibre go dtí uasfhad trí bliana, ar choinníoll gur baineadh amach an dioplóma dochtúireachta sa deireadh.

Obair pháirtaimseartha: ríomhfar obair pháirtaimseartha ar bhonn pro rata de réir an méid uaireanta an chloig a caitheadh ag obair. Má bhíonn sé mhí d’obair leathama déanta agat, mar shampla, measfar gur mhair an taithí oibre sin trí mhí.

NB: Má deirtear san fhógra comórtais go dteastaíonn taithí oibre i réimse an chomórtais, ní chuirfear san áireamh aon chuid de do thaithí oibre atá sna catagóirí thuasluaite agus nach mbaineann leis an réimse sin.

Déan deimhin de go sonróidh tú na cineálacha dualgas a rinne tú a mhéid is féidir é ionas go bhféadfaidh an bord roghnúcháin ábharthacht na taithí do dhualgais an phoist a bhfuil tú ag cur isteach air. Ní mór na doiciméid tacaíochta seo a leanas a bheith ag gabháil le gach tréimhse oibre:

teistiméireachtaí ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha a dheimhníonn go bhfuil an taithí oibre agat a theastaíonn chun a bheith páirteach sa chomórtas; ní mór cineál agus leibhéal na ndualgas a rinne tú, agus dáta tosaigh agus dáta deiridh na ndualgas a bheith luaite sna teistiméireachtaí sin;

mura féidir leat teistiméireachtaí a chur leis an iarratas, is féidir fótachóipeanna de do chonarthaí fostaíochta agus de do chéad duillín pá agus de do dhuillín pá deiridh a chur ar fáil, ach cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinne tú a bheith leo;

maidir le taithí oibre gan phá (féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha etc.), féadfar glacadh mar fhianaise le sonraisc nó le foirmeacha ordaithe ina bhfuil na dualgais a rinne tú sonraithe, nó le haon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar;

i gcás na gcomórtas le haghaidh ateangairí comhdhála, ina bhfuil taithí oibre riachtanach, ní chuirfear san áireamh ach na doiciméid a chruthaíonn go mbaineann an taithí go sonrach leis an ateangaireacht chomhdhála agus a shonraíonn go soiléir líon na laethanta oibre agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu.

Eolas ar theangacha

De réir an chomórtais, iarrfar ort d’eolas ar theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh a chruthú (7). Is é is gnáthaí go gcaithfidh eolas fíormhaith (leibhéal C1 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (8)) ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil (leibhéal B2 de Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha) ar cheann eile a bheith agat, ach is féidir go n-iarrfar níos mó ná sin san fhógra comórtais (is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, i gcás próifílí teangeolaithe). Mura bhfuil a mhalairt ráite san fhógra comórtais is idir an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis amháin a bheidh rogha i gcás an dara teanga (9).

Agus comórtais oscailte á n-eagrú ag EPSO, bíonn feidhm ag na “Treoirlínte Ginearálta ar úsáid teangacha i gcomórtais EPSO” (10) arna nglacadh ag Coláiste na gCeann Riaracháin an 15 Bealtaine 2013.

Cleachtas seanbhunaithe is ea é an Bhéarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis a úsáid le haghaidh cumarsáide inmheánaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, lena chois sin, is iad sin na teangacha is minice a mbíonn gá leo nuair a bhítear ag déanamh cumarsáide leis an saol lasmuigh nó ag láimhseáil cásanna.

Roghnaíodh dara teangacha na gcomórtas de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.

Chun a chinntiú go gcaithfear go comhionann le gach duine, beidh ar gach iarrthóir – na hiarrthóirí a bhfuil a gcéad teanga oifigiúil ar na trí cinn sin san áireamh – trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga acu arna roghnú as na trí cinn sin. Trí na hinniúlachtaí sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais a meas a thabhairt ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar or thu bheith ag obair. Tá na bearta seo gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45, mír 2 de na Rialacháin Foirne.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas áirithe le haghaidh teangeolaithe. I gcás na gcomórtas sin beidh sé ráite san fhógra comórtais nach mór duit fianaise a thabhairt ar an eolas ar theangacha a iarrtar i bhfoirm dioplóma nó nóta ina bhfuil cur síos ar an dóigh a bhfuair tú eolas ar na teangacha sin.

2.   CÉIMEANNA AN CHOMÓRTAIS

2.1.   IARRATAS A DHÉANAMH

1.

Seiceáil go gcomhlíonann tú coinníollacha incháilitheachta an chomórtais.

2.

Cruthaigh cuntas EPSO, mura bhfuil sin déanta agat cheana.

3.

Déan na trialacha idirghníomhacha samplacha.

4.

Líon isteach an fhoirm iarratais ar líne.

5.

Luaigh aon socruithe speisialta a theastóidh uait chun trialacha a dhéanamh.

6.

Déan an t-iarratas ar líne a dhearbhú agus a bhailíochtú roimh an spriocdháta atá leagtha síos.

7.

Cuir comhad iomlán iarratais isteach.

2.1.1.   Seiceáil go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta

Roimh chlárú duit, seiceáil an méid seo a leanas:

go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta, idir ghinearálta agus sonracha; ciallaíonn sin go gcaithfidh tú an fógra comórtais agus na rialacha ginearálta sin a léamh go grinn agus glacadh leis na coinníollacha atá leagtha amach iontu;

gur roghnaigh tú an réimse ceart agus an phróifíl cheart; i gcás roinnt comórtas a fhoilsítear san am céanna, ní féidir cuir isteach ach ar réimse amháin nó ar phróifíl amháin, rud a bheidh sonraithe go soiléir san fhógra comórtais.

Sula dtiomsófar an painéal (féach pointe 2.1.7 agus Roinn 2.6 thíos), déanfar an fhaisnéis incháilitheachta a thug tú san iarratas ar líne a sheiceáil ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a chuir tú ar fáil i do chomhad iomlán iarratais.

2.1.2.   Cuntas EPSO a chruthú

Is éard atá i gcuntas EPSO comhéadan ar líne idir EPSO agus tusa. Is ansin a gheobhaidh tú teachtaireachtaí ó EPSO agus a bheidh tú in ann d’iarratais a leanúint. Is ansin a stórálfar do shonraí pearsanta freisin, agus is ansin is féidir leat nuashonrú na sonraí sin a iarraidh (11).

Mura bhfuil cuntas agat cheana, is féidir leat ceann a chruthú ach na treoracha ar shuíomh gréasán EPSO a leanúint (12). Ní féidir sin a dhéanamh gan seoladh bailí feidhmiúil ríomhphoist a bheith agat.

Ní féidir ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú, agus féadfar é a úsáid do gach iarratais a dhéanfaidh tú ina dhiaidh sin. Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den nós imeachta má fhionnann EPSO gur chruthaigh tú níos mó ná aon chuntas amháin (féach freisin Roinn 3.5 thíos).

2.1.3.   Déan na trialacha idirghníomhacha samplacha

De réir an chomórtais i gceist, is féidir go n-iarrfar ort roinnt trialacha samplacha idirghníomhacha éigeantacha a dhéanamh. Tabharfaidh na trialacha sin léargas duit ar an leibhéal a theastaíonn do thrialacha réamhroghnúcháin an chomórtais.

2.1.4.   Líon isteach an fhoirm iarratais ar líne.

Ní mór duit iarratas a dhéanamh trí shuíomh gréasáin EPSO, de réir na dtreoracha sa treoirleabhar clárúcháin ar líne (13).

Tabhair do d’aire gur féidir go dtógfaidh an nós imeachta clárúcháin tamall fada ort mar gheall ar an méid eolais is gá a iontráil. Fútsa atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe roimh an spriocam atá leagtha síos san fhógra comórtais.

De réir an chomórtais i gceist, iarrtar ort faisnéis a bhaineann le hábhar a chur isteach (14) maidir le:

do chuid dioplómaí/cailíochtaí;

do chuid taithí oibre (má iarrtar sin);

na fáthanna a bhfuil tú ag cur iarratais isteach;

an t-eolas atá agat ar theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

I gcás sainchomórtas, is féidir go mbeidh ort sraith ceisteanna sonracha a fhreagairt freisin faoi do thaithí agus do cháilíochtaí i réimse an chomórtais (féach Roinn 2.4 “Roghnú ar bhonn cáilíochtaí – an scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent)).

Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais ar líne, an scagthóir buanna san áireamh, a líonadh isteach i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis, mura bhfuil a mhalairt ráite san fhógra comórtais. Mura gcomhlíonfaidh tú an ceanglas sin, d’fhéadfadh sé go ndícháileofar ón gcomórtas thú.

2.1.5.   Aon socruithe speisialta a lua a theastaíonn chun na trialacha a dhéanamh.

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá bail ort a d’fhéadfadh a fhágáil go mbeadh socruithe speisialta de dhíth ort chun na trialacha a dhéanamh, cuir an fhaisnéis a bhaineann le hábhar isteach san fhoirm iarratais ar líne.

Beidh ort deimhniú leighis nó deimhniú a d’eisigh comhalta aitheanta a dheimhníonn an míchumas sin a bheith ort a chur isteach a luaithe is féidir i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú, ar cheann de na bealaí seo a leanas:

trí ríomhphost chuig: EPSO-accessibility@ec.europa.eu

trí fhacs chuig: +32 22998081

ar an bpost chuig: European Personnel Selection Office (EPSO), C-25, 1049 Bruxelles/Brussel, an Bheilg.

Bíodh EPSO accessibility luaite go soiléir ar an gcomhfhreagras sin maille le d’ainm, uimhir an chomórtais agus d’uimhir iarratais.

Scrúdófar na doiciméid tacaíochta de réir an cháis agus i gcás a bhfuil údar maith ann, ar bhonn na fianaise a cuireadh isteach agus ar bhonn an phrionsabail caitheamh go comhionann le gach iarrthóir, is féidir go dtairgfidh EPSO socruithe ar leith a dhéanamh, a mhéid a mheasfar a bheith réasúnta.

Má thagann míchumas nó bail ort i ndiaidh an spriocama d’iarratais ar líne, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi na socruithe a mheasann tú a bheith riachtanach a luaithe is féidir é agus na doiciméid tacaíochta a bhaineann le hábhar a chur isteach trí ríomhphost, trí fhacs nó tríd an bpost chuig EPSO (féach na sonraí thuasluaite).

2.1.6.   Dearbhú agus a bailíochtú

I ndiaidh duit d’iarratas ar líne a líonadh isteach, ní mór duit é a sheoladh trí chliceáil ar an gcnaipe “bailíochtaigh an t-iarratas” le go bhféadfaidh EPSO é a chur san áireamh agus a phróiseáil.

Is ionann d’iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal agus ar d’fhírinne go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

Tabhair do d’aire nach bhféadann EPSO iarratais a ghlacadh ó iarrthóirí nach mbailíochtaíonn a n-iarratas roimh an spriocam.

Nuair a bheidh d’iarratas bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athruithe eile a dhéanamh air. Déanfaidh EPSO na sonraí a cuireadh isteach a phróiseáil láithreach chun an comórtas a eagrú.

Ní mór na coinníollacha incháilitheachta, idir ghinearálta agus sonracha, a chomhlíonadh ar an dáta/na dátaí atá sonraithe san fhógra comórtais.

2.1.7.   An comhad iomlán iarratais a chur isteach

Is éard is comhad iarratais iomlán ann, comhad ina bhfuil cóip den fhoirm iarratais mar aon leis na doiciméid tacaíochta ar fad a theastaíonn.

Mura bhfuil sé ráite san fhógra comórtais go gcaithfear an comhad a chur isteach tráth an chlárúcháin ar líne, ní iarrfar ach ar na hiarrthóirí a gheobhaidh cuireadh chun an ionaid measúnaithe a gcomhad iarratais iomlán a thabhairt leo lá an ionaid measúnaithe.

Nuair a iarrfaimid ort do chomhad iarratais iomlán a chur ar fáil, beidh sé ráite sa litir uainn cé na cineálacha doiciméad tacaíochta a chaithfidh tú a chur isteach i gceangal leis (e.g. fótachóipeanna neamhdheimhnithe nó bunchóipeanna de na doiciméid a theastaíonn).

Ní thabharfaidh EPSO ar ais aon doiciméid agus, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, scriosfar na comhaid i ndiaidh dhul in éag na tréimhse choinneála is infheidhme.

Má chuirtear d’ainm ar an bpainéal agus má thairgtear post duit, beidh ort bunchóipeanna na ndoiciméad uile a iarrtar a chur ar fáil lena ndeimhniú sula bhféadfar tú a earcú.

Ní mheasfar gur doiciméid tacaíochta bhailí iad tagairtí do shuíomhanna gréasáin, asphriontaí leathanach gréasáin ná tagairtí d’iarratais nó do dhoiciméid a cuireadh isteach roimhe.

Nuair a iarrtar ort do chomhad iarratais iomlán a chur isteach, ba cheart duit:

(1)

D’iarratas ar líne agus é bailíochtaithe a phriontáil amach ó do chuntas EPSO.

(2)

Na doiciméid tacaíochta uile a iarrtar a uimhriú agus iad a chur leis an gcomhad mar aon le hinnéacs uimhrithe díobh (15).

2.2.   NA TRIALACHA ILROGHANNA RÉAMHROGHNÚCHÁIN AR RÍOMHAIRE

I gcás fhormhór na gcomórtas oscailte, eagraíonn EPSO trialacha ilroghanna ar ríomhaire. Is é an bord roghnúcháin a chineann deacracht na dtrialacha sin agus a fhormheasann a bhfuil iontu ar bhonn moltaí ó EPSO. Le ríomhaire a mharcáiltear na trialacha.

I gcás comórtais áirithe (go háirithe comórtais próifílí speisialaithe, ar cuid díobh roghnú ar bhonn cáilíochtaí), ní eagraítear trialacha réamhroghnúcháin mura sáraíonn an líon iarrthóirí a chuir isteach ar an gcomórtas tairseach áirithe. Is é stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige, a shocróidh an tairseach sin i ndiaidh deireadh a theacht leis an tréimhse chlárúcháin. Foilseofar an tairseach sin ar shuíomh gréasáin EPSO. I gcás comórtas ina bhfuil roinnt réimsí, is féidir an tairseach a bheith éagsúil ó réimse go chéile.

De réir an chomórtais ar chuir tú isteach air, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas bheith sna trialacha réamhroghnúcháin:

triail réasúnaíochta briathartha: chun a mheas a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus faisnéis bhriathartha a thuiscint;

triail réasúnaíochta uimhriúla: chun a mheas a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus faisnéis uimhriúil a thuiscint;

triail réasúnaíochta teibí: chun a mheas a ábalta atá tú réasúnú go loighciúil agus na gaoil idir choincheapa nach bhfuil eilimintí teanga, spásúla nó uimhriúla iontu a thuiscint;

triail bhreithniúnais shuíomhúil: chun an dóigh a n-iompraíonn tú tú féin de ghnáth i gcomhthéacs oibre a mheas;

triail/trialacha scileanna teanga;

triail/trialacha scileanna gairmiúla.

Chun na trialacha réamhroghnúcháin ar ríomhaire a dhéanamh, ní mór duit coinne a dhéanamh. Gheobhaidh tú treoracha trí do chuntas EPSO maidir leis an dóigh le coinne a dhéanamh do na trialacha; sna treoracha sin luafar an tréimhse a bhféadfaidh tú an coinne a dhéanamh lena linn agus míneofar an próiseas déanta coinní.

Bunús mór an ama beidh rogha agat idir roinnt dátaí agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh. Tabhair do d’aire go mbeidh teorainn leis an tréimhse ina bhféadfaidh tú na trialacha a chur in áirithe agus a dhéanamh. Mura ndéanfaidh tú, faoi cheann na tréimhse a leagadh síos, coinne chun na trialacha a dhéanamh, dícháileofar ón gcomórtas thú ar an ábhar sin amháin.

2.3.   INCHÁILITHEACHT A FHÍORÚ (CEAD ISTEACH)

Seiceálfaidh EPSO d’iarratas féachaint an bhfuil sé inghlactha, i.e. ar cuireadh isteach faoin spriocdháta é agus an bhfuil sé i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san fhógra comórtais.

Má tá d’iarratas inghlactha, seiceálfar ina dhiaidh sin an fhaisnéis atá san iarratas ar líne maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta ginearálta (16) agus sonracha, mar atá sonraithe san fhógra comórtais. Seiceálfar an fhaisnéis sin ag céim níos déanaí den phróiseas ar bhonn na ndoiciméad tacaíochta a cuireadh isteach (mura bhfuil sé ráite san fhógra comórtas go ndéanfar an tseiceáil sin ag céim níos luaithe, féach pointe 2.1.7). Féach, áfach, go bhfuil sé de cheart ag an mbord roghnúcháin faisnéis nó doiciméid bhreise a iarraidh ort ag aon chéim den chomórtas (17), fiú amháin roimh an gcéim ina bhfuil sé beartaithe, de réir an fhógra comórtais, na doiciméid tacaíochta a sheiceáil.

Ní chuirfear san áireamh ach na hiarratais a chomhlíonann na coinníollacha go léir atá leagtha síos san fhógra comórtais.

Más cuid den chomórtas iad trialacha réamhroghnúcháin ilroghnacha ar ríomhaire (féach Roinn 2.2 thuas), déanfar an tseiceáil incháilitheachta i ndiaidh na dtrialacha sin. Maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha, seiceálfar é in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaíodh sna trialacha réamhroghnúcháin, go dtí go sroichfidh an líon iarrthóirí

a ghnóthaigh pas agus na marcanna is airde sna trialacha agus

agus

a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais

go dtí go sroichfidh an líon sin an líon ar féidir cuireadh a thabhairt dóibh dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. (Bíonn an líon sin leagtha síos san fhógra comórtais féin, nó – i gcásanna nach n-eagraítear trialacha réamhroghnúcháin mura bhfuil an líon iarratas os cionn tairsí áirithe – is ionann é agus an t-íoslíon a theastaíonn leis na trialacha réamhroghnúcháin sin a bheith ann, líon a leagann Stiúrthóir EPSO síos i gcomhréir le Roinn 2.2.)

Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Ní scrúdófar iarratais ar líne na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.

Foilseofar an líon deiridh iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, foilseofar é ar shuíomh gréasáin EPSO.

2.4.   ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ – AN SCAGTHÓIR BUANNA

I gcás fhormhór na sainphróifílí, bíonn céim ann ar a dtugtar “roghnú ar bhonn cáilíochtaí”. Le linn na céime sin, is é an bord roghnúcháin a dhéanann measúnú ar iarratais na n-iarrthóirí agus a roghnaíonn na hiarrthóirí is fearr a bhfuil a gcáilíochtaí (go háirithe dioplómaí agus taithí oibre) in oiriúint do na dualgais agus do na critéir roghnúcháin atá sonraithe san fhógra comórtais.

Más iarrthóir thú i gcomórtas den chineál seo, ní mór duit sraith ceisteanna a fhreagairt sa chuid sin den fhoirm iarratais ar líne a bhaineann leis an scagthóir buanna. Bíonn na ceisteanna bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá luaite san fhógra comórtais agus is é an bord roghnúcháin a dhéanann measúnú ar do chuid freagraí. An t-aon sraith amháin ceisteanna a bhíonn le freagairt ag na hiarrthóirí uile i gcomórtas. Ar an dóigh sin, is san aon chreat struchtúrtha amháin a fhaigheann an bord roghnúcháin freagraí gach iarrthóra, rud a chuidíonn leis an mbord measúnú grinn oibiachtúil a dhéanamh ar bhuanna na n-iarrthóirí agus iad a chur i gcomparáid le chéile.

Maidir leis an roghnú ar bhonn cáilaíochtaí, déantar é i ndiaidh na seiceála incháilitheachta a dhéantar trí na hiarratais ar líne a scrúdú. Is iad cáilíochtaí na n-iarrthóirí ar cinneadh go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta go léir, agus a gcáilíochtaí siúd amháin, a mheasann an bord roghnúcháin.

Is ar bhonn na bhfreagraí ar na ceisteanna sonracha sa chluaisín scagthóir buanna den fhoirm iarratais ar líne, agus ar an mbonn sin amháin, a dhéantar an roghnú sin.

I dtús báire, tugann an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach ceist sa scagthóir buanna, de réir na tábhachta atá leis an gcritéar. Ansin, scrúdaíonn an bord freagraí na n-iarrthóirí ar na ceisteanna agus tugann siad marc ó 0 go dtí 4 phointe do gach freagra. Ansin, iolraítear na pointí sin faoi ualú gach ceiste agus suimítear iad.

Na hiarrthóirí a ghnóthaigh an marc iomlán is airde, téann siad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas (bíonn an líon iarrthóirí is féidir dul ar aghaidh go dtí an chéim sin sonraithe san fhógra comórtais; maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad).

Foilsítear an líon deiridh iarrthóirí a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, foilseofar é ar shuíomh gréasáin EPSO.

2.5.   AN TIONAD MEASÚNAITHE

Iarrthóirí a n-éiríonn na trialacha réamhroghnúcháin ilroghnacha ar ríomhaire agus/nó an roghnú ar bhonn cáilíochtaí leo, agus a léiríonn a n-iarratas ar líne go gcomhlíonann siad coinníollacha ginearálta agus sonracha uile an chomórtais, tugtar cuireadh chun an ionaid measúnaithe dóibh.

Is gnách go mbíonn trialacha an ionaid measúnaithe ar siúl sa Bhruiséal nó i Lucsamburg, ar feadh lá nó dhó. Is féidir go mbeidh roinnt trialacha ar siúl ar ríomhaire i gcathracha eile ach is cuid de phróisis an ionaid measúnaithe iad fós. Sa chás sin, beidh na socruithe praiticiúla (is é sin dáta agus ionad a chur in áirithe) ar aon dul, tríd is tríd, leis an nós imeachta a bhfuil cur síos air i Roinn 2.2 thuas.

San ionad measúnaithe, tástálfar inniúlachtaí ginearálta na n-iarrthóirí (féach Roinn 1.2) agus a n-inniúlachtaí sonracha (maidir leis na dualgais i gceist).

Déanann bord roghnúcháin an chomórtais inneachar thrialacha an ionaid measúnaithe a fhaomhadh. De réir an chomórtais i gceist, is féidir go mbeidh na nithe seo a leanas ina gcuid de na trialacha sin:

cás-staidéar: triail scríofa bunaithe ar chás-staidéar a bhaineann leis an Aontas Eorpach, ina mbeidh fadhbanna éagsúla le réiteach agat nó freagairt le tabhairt orthu, agus gan agat chuige sin ach an t-eolas atá ar fáil sa scrúdú;

cur i láthair ó bhéal: triail aonair anailíse agus cur i láthair ina mbeidh ort réiteach a mholadh ar fhadhb shamhailteach a bhaineann leis an obair. I ndiaidh duit anailís a dhéanamh ar na doiciméid a thabharfar duit, beidh ort do chuid smaointe a mhíniú do ghrúpa beag daoine;

agallamh/agallaimh ar bhonn inniúlachtaí: gníomhaíocht aonair arb é is aidhm leis faisnéis a bhaineann le hábhar a fháil, ar dhóigh struchtúrtha, ar d’inniúlachtaí ginearálta (agus/nó ar d’inniúlachtaí sonracha, i gcás sainchomórtas), ar bhonn na taithí atá agat;

gníomhaíocht i ngrúpa: i ndiaidh duit roinnt faisnéise a staidéar i d’aonar, cuirfear i ngrúpa thú le roinnt rannpháirtithe eile chun bhur gconclúidí a phlé agus teacht ar chomhchinneadh;

inbhosca ríomhphoist: triail ar ríomhaire ina n-iarrfar ort freagra a thabhairt ar roinnt ceisteanna agus na doiciméid a bheidh ar fáil san inbhosca ríomhphoist á húsáid agat;

trialacha praiticiúla teanga;

gníomhaíochtaí eile a bhaineann le hinniúlachtaí sainiúla;

trialacha réasúnaíochta briathartha, trialacha réasúnaíochta uimhriúla, trialacha réasúnaíochta teibí agus trialacha breithiúnais shuíomhúil (mura raibh na trialacha sin ar siúl níos luaithe sa chomórtas, le linn chéim an réamhroghnúcháin);

Luaitear san fhógra comórtais cé na trialacha a eagrófar don chomórtas sin. Beidh míniú mionsonraithe ar na trialacha sin sa lámhleabhar maidir leis an Ionad Measúnaithe a thabharfar do na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sa chéim seo.

2.6.   DEARBHÚ NA HINCHÁILITHEACHTA

I gcás na n-iarrthóirí sin a ghnóthaíonn an pasmharc i dtrialacha an ionaid measúnaithe, déanann an bord roghnúcháin seiceáil ar n ndoiciméid tacaíochta (ach amháin sna cásanna sin ina bhfuil sé ráite san fhógra comórtais go ndéanfar an tseiceáil ag céim is luaithe den chomórtas).

Déantar an tseiceáil in ord íslitheach tuillteanais ar bhonn mharc iomlán na n_iarrthóirí agus leantar di go dtí go sroichtear an líon iarrthóirí is féidir a chur ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad.

Ní scrúdaítear doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe a rinne iarrthóir ina iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.

Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín scagthóir buanna a dhearbhú.

2.7.   IARRTHÓIRÍ A NÉIREOIDH LEO/AN PAINÉAL

Tiomsaíonn an bord roghnúcháin painéal ina bhfuil ainmneacha na n-iarrthóirí is fearr a chruthaigh agus a ghnóthaigh na marcanna is airde, agus a léiríonn a gcuid doiciméad tacaíochta go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta uile, mar atá sonraithe san fhógra comórtais. Leagtar síos san fhógra comórtais an líon áiteanna atá sa phainéal. Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.

Ansin, cuirtear an liosta chuig na hinstitiúidí sin de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh ag earcú daoine ón bpainéal. Ní hionann bheith ar an bpainéal agus ceart ná ráthaíocht a bheith agat post a fháil.

Foilsítear ainmneacha na n-iarrthóirí atá ar an bpainéal agus dáta éaga an phainéil (18) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin EPSO. I gcásanna áirithe féadfar síneadh a chur le tréimhse bailíochta an phainéil. Is ar shuíomh gréasáin EPSO amháin a fhoilseofar an cinneadh maidir le síneadh le bailíocht painéil.

Na hiarrthóirí uile a rinne trialacha an ionaid measúnaithe (19), cuirfear doiciméad chucu ar a dtugtar “an pas inniúlachtaí” ina mbeidh aiseolas, idir chainníochtúil agus cháilíochtúil, faoina a fheabhas a chruthaigh siad san ionad measúnaithe.

Cuirfear na pasanna inniúlachtaí ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh freisin, agus féadfaidh siad iad a úsáid le linn an phróisis earcaíochta agus chun gairmréimeanna a fhorbairt. Má bhíonn tú ar na hiarrthóirí ar éirigh leo, tabharfaidh EPSO faisnéis úsáideach bhreise duit freisin.

3.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

3.1.   CUMARSÁID

3.1.1.   EPSO: Cumarsáid le hiarrthóirí

Is trí do chuntas EPSO, agus tríd an gcuntas sin amháin, a chuirfear chugat do thorthaí agus na cuirí uile agus beidh siad i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis.

Moltar duit breathnú ar do chuntas EPSO go tráthrialta – dhá uair sa tseachtain ar a laghad – chun dul chun cinn an chomórtais a leanúint agus an fhaisnéis a bhaineann leat a sheiceáil.

Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi láithreach.

tríd an bhfoirm theagmhála ar líne (20),

ar an bhfón: + 32 22993131 (21).

Is féidir faisnéis ghinearálta faoi chéimeanna na gcomórtas a fháil ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu.info).

3.1.2.   Iarrthóirí: cumarsáid le EPSO

Sula rachaidh tú i dteagmháil le EPSO, déan deimhin de gur léigh tú go grinn an fhaisnéis uile san fhógra comórtais, sna rialacha ginearálta seo agus ar shuíomh gréasáin EPSO, na “Ceisteanna Coitianta” san áireamh (22).

Tá sonraí teagmhála ar fáil ar an suíomh gréasáin (23). Sa chomhfhreagras ar fad a bhaineann le hiarratas, ní mór d’iarrthóirí a n-ainm (an t-ainm a úsáideadh san iarratas), uimhir an chomórtais agus a n-uimhir iarratais a lua.

Déanann EPSO gach iarracht prionsabail an chóid dea-chleachtais riaracháin a chur i bhfeidhm (24). Mar sin féin, tá sé de cheart ag EPSO, de réir na bprionsabal céanna, deireadh a chur le haon chomhfhreagras le hiarrthóir má bhíonn an comhfhreagras sin míchuí, i.e. liodánach, tarcaisneach agus/nó gan baint a bheith aige le hábhar.

3.1.3.   Iarrthóirí: cumarsáid le boird roghnúcháin

Chun a chinntiú go mbeidh an bord roghnúcháin neamhspleách, tá diantoirmeasc ar aon duine nach bhfuil ar an mbord roghnúcháin iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon bhall den bhord sin. Níl ach eisceacht amháin ann, mar atá, gur féidir le hiarrthóirí scríobh chuig cathaoirleach an bhoird roghnúcháin tríd an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) chun a n-aighneas a dhéanamh nó chun a gcearta a éileamh. Is chuig ESPO, agus chuige amháin, a chaithfear gach comhfhreagras don bhord roghnúcháin a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras sin ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar iarrthóirí teagmháil dhíreach nó indíreach a dhéanamh ar dhóigh nach bhfuil ag teacht leis na nósanna imeachta thuasluaite, agus féadfar aon duine a sháraíonn an riail sin a dhícháiliú ón gcomórtas.

3.2.   COSAINT SONRAÍ

Cinntíonn EPSO, an comhlacht a bhfuil sé de chúraim air comórtais a eagrú, go bpróiseáiltear sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí pearsanta a chosaint (25). Tá feidhm aige sin go háirithe maidir lena chinntiú go mbeidh na sonraí sin rúnda agus slán.

Tá tuilleamh eolais ina leith seo le fáil sa roinn de shuíomh gréasáin EPSO a bhaineann le cosaint sonraí (ráiteas príobháideachais) (26).

Sonraí a bhailítear i gcomhthéacs na dtrialacha, is féidir go n-úsáidfear iad, gan aon ainmneacha luaite leo, chun taighde eolaíochta a dhéanamh.

3.3.   ROCHTAIN AR FHAISNÉIS

3.3.1.   Cearta rochtana sonracha iarrthóirí

Ós iarrthóir atá rannpháirteach i gcomórtas oscailte thú, tá cearta rochtana sonracha agat, de bharr do stádais mar iarrthóir, ar dhoiciméid áirithe agus ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an gcomórtas agus leatsa go díreach mar dhuine aonair, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá leagtha amach sa Roinn seo.

Tugtar na cearta rochtana sonracha sin i bhfianaise na hoibleagáide fáthanna a shonrú, ag féachaint go cuí d’fhorálacha Airteagal 6 d’Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne ina bhfuil sé leagtha síos go mbeidh imeachtaí na mbord roghnúcháin rúnda.

Faoi Airteagal 25(2) de na Rialacháin Foirne, ní mór an foras a shonrú ar ar bunaíodh cinneadh maidir le duine aonair ar leith agus a imríonn drochthionchar air. Is é is cuspóir don oibleagáid fáthanna a shonrú, an fhaisnéis is gá a thabhairt don duine lena mbaineann chun a fhionnadh an bhfuil foras maith leis an gcinneadh i gceist nó nach bhfuil, agus chun gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh.

I gcás cinntí a dhéanann bord roghnúcháin le linn comórtais, ní mór an oibleagáid fáthanna a shonrú a thabhairt i gcomhréir le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin faoi Airteagal 6 d’Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne. Tugadh isteach an rúndacht sin chun neamhspleáchas bord roghnúcháin agus oibiachtúlacht a n-imeachtaí a chaomhnú, trína gcosaint ar gach cur isteach agus brú seachtrach. Dá bhrí sin, de bharr rúndacht imeachtaí an bhoird, ní féidir dearcthaí ball aonar den bhord roghnúcháin a nochtadh ná aon tosca a nochtadh a bhaineann le measúnú aonair nó measúnú comparáideach ar iarrthóirí.

An ceart faisnéis a fháil, atá sainithe sa Roinn seo, baineann sé go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte agus féach nach ionann é agus an ceart rochtana, atá sainithe i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (27) (An Rialachán Trédhearcachta: féach Roinn 3.3.2 thíos). Maidir le faisnéis a bhaineann le do rannpháirteachas féin i gcomórtas oscailte, tabhair do d’aire nach bhféadfaidh tú níos mó ceart a bhaint as Rialachán (CE) 1049/2001 ná an méid atá aitheanta, sa chásdlí, a bheith ag iarrthóirí faoin gceart sonrach rochtana atá luaite thuas.

3.3.1.1.   Cumarsáid uathoibríoch le daoine aonair

I bhfianaise a bhfuil thuas, gheobhaidh gach iarrthóir an fhaisnéis seo a leanas go huathoibríoch:

Céim an chomórtais

Nithe a chuirfear in iúl

Na trialacha ilroghanna ar ríomhaire

Do thorthaí.

Tábla ina dtaispeánfar, i gcás gach ceist den triail, an freagra/na freagraí a roghnaigh tú agus an freagra/na freagraí ceart(a). Ní thaispeánfar foclaíocht na gceisteanna ná na bhfreagraí, ach a n-uimhreacha/litreacha tagartha amháin.

Tabhair do d’aire go gcosctar go sainráite leis seo foclaíocht cheisteanna agus fhreagraí na dtrialacha ilroghnacha ar ríomhaire a chur in iúl. Tá sé deimhnithe sa chásdlí, i gcás trialacha ceisteanna ilroghnacha, gur comhlíonadh na hoibleagáide fáthanna a thabhairt é an fhaisnéis thuasluaite a chur in iúl.

Cead Isteach

Do thorthaí (cead isteach tugtha/cead isteach gan a bheith tugtha).

Mura dtugtar cead isteach duit, léireofar freisin na critéir incháilitheachta nár comhlíonadh.

Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

(scagthóir buanna)

Do thorthaí.

Gheobhaidh iarrthóirí nár éirigh leo an tábla lena léireofar ualú gach ceiste sa scagthóir buanna agus na pointí a thug an bord roghnúcháin do gach freagra.

Réamhthrialacha

Do thorthaí.

Ionad Measúnaithe

Do thorthaí.

Do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú do gach inniúlacht a ndearnadh measúnú air, agus nótaí tráchta an bhoird roghnúcháin.

NB: iarrthóirí nár chríochnaigh triail amháin nó níos mó, nó a dícháilíodh ón gcomórtas toisc nár chomhlíon siad na rialacha nós imeachta, ní bhfaighidh siad an pas inniúlachtaí.

3.3.1.2.   Nochtadh poiblí uathoibríoch

I gcás trialacha áirithe, a luaithe atá siad thart, foilsíonn EPSO ar a shuíomh gréasáin na téacsanna foinse/na tascanna a bhí le déanamh. Nochtar na nithe sin d’fhonn na comórtais a dhéanamh níos trédhearcaí, a oiread is féidir gan cothroime agus oibiachtúlacht na gcomórtas céanna a chur i mbaol.

Ní dhéantar an nochtadh go dtí go bhfuil na trialacha thart, torthaí na dtrialacha deimhnithe agus na torthaí curtha in iúl do na hiarrthóirí.

Ní dhéantar an nochtadh ach i gcás trialacha nach bhfuil sé beartaithe na téacsanna foinse/na tascanna a úsáideadh iontu a úsáid arís. Seo iad na trialacha sin:

na trialacha aistriúcháin i gcomórtais d’aistritheoirí;

na trialacha aistriúcháin i gcomórtais do dhlí-theangeolaithe;

an achoimre i dteanga an chomórtais, i gcomórtais do dhlí-theangeolaithe.

3.3.1.3.   Faisnéis a iarraidh

Féadfaidh iarrthóirí cóip neamhcheartaithe dá gcuid freagraí a iarraidh i gcás trialacha scríofa nach bhfuil sé beartaithe a n-ábhar a úsáid arís (i.e. na cineálacha trialacha atá luaite faoi 3.3.1.2 thuas).

Is ceart sin a iarraidh tríd an bhfoirm theagmhála atá ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO, agus tríd an bhfoirm sin amháin.

Féach, áfach, nach féidir cóipeanna neamhcheartaithe de fhreagraí a chur ar fáil i gcás trialacha a bhfuil sé beartaithe a n-ábhar a úsáid arís, ná sa chás go ndéanfaí ullmhú trialacha nua agus cothroime agus oibiachtúlacht trialacha nua a chur i mbaol de dhroim cóipeanna neamhcheartaithe de fhreagraí a chur i mbaol. Baineann sin go háirithe leis an gcás-staidéar, agus leis seo cuirtear cosc go sainráite ar chóipeanna neamhcheartaithe de fhreagraí na trialach sin a chur ar fáil.

Tabhair do d’aire go ndéanfar, i bhformhór na gcásanna, na hiarrataí uile ar fhaisnéis a mheas i bhfianaise na hoibleagáide thuasluaite maidir le fáthanna a shonrú agus ag féachaint do rúndacht imeachtaí bord roghnúcháin faoi na Rialacháin Foirne (Iarscríbhinn III, Airteagal 6), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Tabhair do d’aire go bhfuil na scripteanna freagraí agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus nach nochtfar iad  (28).

Tá cuid mhór faisnéise faoi na próisis roghnúcháin a eagraíonn EPSO ar fáil ar a shuíomh gréasáin. Murar éirigh leat teacht ar an bhfaisnéis atá uait ar an ngréasán, cuir isteach d’iarraidh ar fhaisnéis tríd an bhfoirm theagmhála ar shuíomh gréasáin EPSO agus sonraigh an fhaisnéis is mian leat a fháil comh mion agus is féidir é agus abair an mar iarrthóir sa chomórtas oscailte atá tú ag iarraidh na faisnéise sin.

3.3.2.   Rochtain ar dhoiciméid faoi rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Trédhearcacht

Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 go bhfuil ceart ag aon saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlíthiúil atá ina chónaí nó a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát rochtain a fháil ar dhoiciméid ó na hinstitiúidí, faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha atá sainithe sa Rialachán. Mar sin féin, de réir an chásdlí, féadfar an ceart rochtain a fháil ar dhoiciméid mar atá sé leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a theorannú nó a dhiúltú i gcás ina bhfuil sainrialacha ann a bhfuil saincheisteanna faoina réir, faoin bprionsabal go ngabhann sainriail treis ar an riail ghinearálta (lex specialis derogat legi generali).

I gcás comórtas oscailte, tá cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (an riail ghinearálta) coiscthe de bhua Airteagal 6 d’Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne, ar riail speisialta é (29).

I bhfianaise a bhfuil thuas, is fíor-éadóigh go bhfaighfeá rochtain de bhua an rialacháin sin ar dhoiciméad ar diúltaíodh duit rochtain air agus tú i d’iarrthóir i nós imeachta roghnúcháin.

Lena chois sin, níl feidhm ag an Rialachán ach ar iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid atá ann cheana, i.e “ábhar, cibé is meán dó (i scríbhinn ar páipéar nó stóráilte i bhfoirm leictreonach nó mar thaifeadadh fuaime, amhairc, nó closamhairc) a bhaineann le ceist maidir le beartais, gníomhaíochtaí agus cinntí a thagann faoi raon freagrachta na hinstitiúide” (30). Ní féidir iallach a chur ar na hinstitiúidí doiciméid nua a thiomsú ar iarratas.

3.4.   GEARÁIN

Is é EPSO, oifig idirinstitiúideach a bhfuil taithí sheanbhunaithe aici ar chomórtais a eagrú, agus atá tiomnaithe don ghnó sin, a eagraíonn na nósanna imeachta comórtais. Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh na comórtais cothrom oibiachtúil agus go mbeidh dálaí cuí tástála ann do na hiarrthóirí uile. Mar sin féin, in ainneoin ár ndíchill, féadfaidh fadhbanna teicniúla a bheith ann nó féadfaidh daoine botúin a dhéanamh in amanna.

3.4.1.   Cad is ceart a dhéanamh i gcás faidhbe?

Má bhíonn mórfhadhb theicniúil nó eagrúcháin ann ag aon chéim de chomórtas ar dócha go gcuirfidh sí isteach ar do rannpháirteachas sa chomórtas, cuir EPSO ar an eolas faoi láithreach, chun gur féidir linn an cheist a imscrúdú agus aon bhearta ceartaitheacha is cuí a dhéanamh.

Ní mór sin a dhéanamh ar cheann de na dóigheanna seo:

i gcás fadhb a tharlaíonn lasmuigh de na hionaid tástála (amhail fadhbanna a bhaineann leis an bpróiseas iarratais nó coinne a chur in áirithe), cuir teachtaireacht chuig EPSO tríd an bhfoirm theagmhála (31) ar ár suíomh gréasáin maille le cur síos gairid ar an bhfadhb;

más san ionad trialacha a tharlaíonn an fhadhb, cuir na feitheoirí ar an eolas agus iarr orthu do ghearán a thaifeadadh i scríbhinn, agus chomh maith leis sin cuir teachtaireacht chuig EPSO tríd an bhfoirm theagmhála (31) maille le cur síos gairid ar an bhfadhb.

Iarrtar ort uimhir an chomórtais agus d’uimhir iarratais isteach a lua i ngach comhfhreagras.

NB:

más mian leat gearán a dhéanamh faoi earráid in inneachar na dtrialacha ilroghnacha ar ríomhaire, féach thíos an nós imeachta neodrúcháin a bhfuil cur síos air i Roinn 3.4.2 thíos;

más mian leat cur in aghaidh cinnidh a rinne EPSO nó an bord roghnúcháin, féach thíos an nós imeachta athbhreithnithe inmheánach a bhfuil cur síos air i Roinn 3.4.3.

3.4.2.   Neodrú

Cad is neodrú ann?

An bunachar ceisteanna a úsáidtear do na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire, déantar rialú cáilíochta cuimsitheach air i rith an ama, agus déanann na boird roghnúcháin seiceálacha mar chuid de sin freisin. Ina ainneoin sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh mórearráidí i gceisteanna áirithe.

Is éard is neodrú ann, beart ceartaitheach, ar aontaigh an Chúirt Bhreithiúnais leis (32), arb é is cuspóir leis deimhin a dhéanamh de go mbeidh na measúnuithe oibiachtúil agus go gcaithfear go comhionann leis na hiarrthóirí uile má bhíonn míréireachtaí i dtrialacha comórtais ar ceisteanna earráideacha iad.

I gcás ina mbraitear ceann de na hearráidí sin i ndiaidh na dtrialacha, féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh go gcealófar an cheist earráideach agus go ndéanfar na pointí a bhí ag dul leis an gceist sin ar dtús a dháileadh ar cheisteanna eile na trialach. Ciallaíonn sin nach mbainfidh an t-athríomh ar na marcanna a dhéantar de bharr an neodrúcháin ach leis na hiarrthóirí ar cuireadh an cheist áirithe sin orthu. Ní thiocfaidh aon athrú ar mharcáil na dtrialacha mar atá sé leagtha amach san fhógra comórtais.

Ní miste a lua gur ceapadh an córas neodrúcháin chun a chinntiú nach ngearrfar pionós míchothrom ar aon iarrthóir. Chun deimhin a dhéanamh de sin, déantar triail bhréige chun na torthaí a gnóthaíodh roimh an neodrú agus ina dhiaidh a chur i gcomparáid le chéile. Cur chuige cuimsitheach agus ní cur chuige eisiach a chuireann EPSO agus na boird i bhfeidhm arae socraíonn siad tairseach na dtrialacha i ndiaidh an neodraithe sa chaoi is go gcuirtear san áireamh cás na n-iarrthóirí sin, más ann dóibh, a bhí thíos leis an neodrú.

Tabhair do d’aire nach measfar, de réir an chásdlí a bhaineann le hábhar, an t-am breise a chaith iarrthóirí ar na ceisteanna a neodraíodh a fhreagairt, nach measfar é a bheith ina chóir neamh-comhionann idir iarrthóirí (33).

Iarrataí

Má mheasann tú go bhfuil earráid i gceann amháin nó níos mó de na ceisteanna sna trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a d’fhag í/iad dofhuascailte nó a d’imir drochthionchar ar do chumas an freagra ceart/na freagraí cearta a dhéanamh amach, tá sé de cheart agat faoin nós imeachta neodrúcháin iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist/na ceisteanna a athbhreithniú.

Ní mór iarrataí ar cheisteanna sonracha sna trialacha ar ríomhaire a neodrú a chur isteach faoi cheann deich lá ó dháta do thrialacha ar ríomhaire,

trína rá leis an bhfeitheoir san ionad scrúdúcháin i ndiaidh na dtrialacha,

nó trí bhíthin na foirme teagmhála (34) atá ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO.

Iarrtar ort uimhir an chomórtais agus d’uimhir iarratais a lua i ngach comhfhreagras maille leis an bhfrása “nósanna imeachta gearáin”.

San iarraidh uait, ní mór an fhaisnéis a thabhairt is gá chun an cheist/na ceisteanna a shíleann tú a bheith earráideach (e.g. cur síos ar ábhar na ceiste) a aithint, chomh maith le míniú a thabhairt, a mhéid is féidir é, ar chineál na hearráide a deirtear a bheith ann.

Ní thabharfar aird ar iarrataí ar neodrú a gheofar i ndiaidh an spriocama, iarrataí nach leor an t-eolas iontu chun an cheist/na ceisteanna a bhfuil díospóid fúithi/fúthu a aithint, ná iarrataí nach bhfuil cineál na hearráide a deirtear a bheith ann mínithe iontu.

3.4.3.   An nós imeachta athbhreithnithe inmheánach

Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a dhéanann an bord roghnúcháin nó ó EPSO a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlíthiúil sa chomórtas (is é sin le rá, cinneadh lena socraítear do thorthaí agus/nó lena gcinntear cé acu is féidir leat dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó atá tú dícháilithe uaidh).

Féadfar iarrataí ar athbhreithniú a bhunú ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

mór-mhíréireacht i bpróiseas an chomórtais (35);

an bord roghnúchán nó EPSO gan na rialacha maidir leis an nós imeachta comórtais a chomhlíonadh atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne, san fhógra comórtais, sna rialacha ginearálta seo agus sa chásdlí.

Tabhair do d’aire nach bhféadfaidh tú agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht mheasúnú an bhoird roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail. Is léiriú é an measúnú sin ar bhreith phearsanta ar fhiúntas agus is cuid den discréid leathan atá ag an mbord roghnúcháin. Dá bhrí sin, níl sé faoi réir athbhreithniú riaracháin ná athbhreithniú breithiúnach  (36).

Is iomaí iarrthóir ar phoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus is beag iarrthóir a n-éiríonn leis. Mar gheall ar bhuntréithe an chomórtais, ar an measúnú comparáideach a bhaineann leis agus ar an teorainn atá ar líon na n-áiteanna ar an bpainéal, is cinnte nach n-éireoidh le formhór na n-iarrthóirí in aon chomórtas, fiú amháin más daoine inniúla iad tríd is tríd. Gnáthghné den chomórtas is ea é sin agus ní comhartha é go bhfuil rud éigin cearr.

An nós imeachta

Cuir d’iarraidh isteach faoi cheann 10 lá féilire ón dáta a uaslódáladh i do chuntas EPSO an cinneadh ar mian leat cur ina aghaidh, agus é sin a dhéanamh ar cheann de na dóigheanna seo:

tríd an bhfoirm theagmhála (37) atá ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO;

nó tríd an bpost chuig: Euopean Personnel Selection Office (EPSO), C-25, 1049 Bruxelles/Brussel.

Iarrtar ort uimhir chomórtais agus d’uimhir iarratais agus an frása Request for review a lua i ngach comhfhreagras.

Ní mór duit an cinneadh ar mian leat cur ina aghaidh a shonrú go soiléir, agus an foras ar a bhfuil d’iarraidh bunaithe a shonrú.

Is í foireann dlí EPSO a bhainistíonn an nós imeachta athbhreithnithe inmheánach.

I ndiaidh dúinn d’iarraidh a fháil, cuirfimid chugat admháil go bhfuarthas í faoi cheann 15 lá oibre.

Ansin, scrúdófar d’iarraidh agus cuirfear í faoi bhráid an chomhlachta a ghlac an cinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh (is é sin an bord roghnúcháin nó EPSO) (38). Ansin, déanfaidh an bord roghnúchán nó EPSO cinneadh maidir le d’iarraidh. Nuair a bheidh an cinneadh déanta, ullmhóidh an fhoireann dhlí freagra réasúnaithe ar d’argóintí.

Scrúdóimid d'iarraidh go mion cothrom oibiachtúil. Is féidir go mairfidh an próiseas sin roinnt seachtainí. Cuirfimid cinneadh réasúnaithe chugat a luaithe is féidir é, trí do chuntas EPSO.

Má bhíonn freagra dearfach ar d’iarraidh ar athbhreithniú, cuirfear isteach sa chomórtas arís thú ag an gcéim ag ar dícháilíodh thú, is cuma cé chomh fada atá an comórtas dulta ar aghaidh idir an dá linn, chun go gcosnófar do chearta.

3.4.4.   Modhanna eile aighnis

3.4.4.1.   Gearáin riaracháin

Ós iarrthóir i gcomórtas thú, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid an údaráis cheapacháin (i.e. Stiúrthóir EPSO) faoi Airteagal 90, mír 2 de na Rialacháin Foirne.

Ní mór an gearán a bheith dírithe ar ghníomh a bhfuil drochthionchar aige ort (is é sin le rá, cinneadh a rinneadh – nó cinneadh nach ndearnadh i gcás ina bhfuil oibleagáid ann cinneadh a dhéanamh de réir na Rialachán Foirne – a dhéanann dochar duit. Ní féidir a mheas gur gníomh a bhfuil drochthionchar aige ort atá ann ach amháin má tá tionchar díreach láithreach á imirt aige ar do stádas dlíthiúil mar iarrthóir.

Tabhair do d’aire nach bhféadfaidh Stiúrthóir EPSO cinntí an bhoird roghnúcháin a chur ar neamhní ná a athrú ar bhonn gearáin riaracháin. Dá bhrí sin, ní fiú gearán a chur isteach faoi chinneadh ón mbord roghnúcháin  (39).

Ní mór gearáin riaracháin a chur isteach faoi cheann trí mhí ó fhógairt an chinnidh ar mian leat cur ina aghaidh (nó, i gcás cinneadh nach ndearnadh, ón lá ba cheart cinneadh a dhéanamh),

tríd an bhfoirm theagmhála (40) atá ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO;

nó tríd an bpost chuig: European Personnel Selection Office (EPSO), C-25, 1049 Bruxelles/Brussel, an Bheilg.

Iarrtar ort uimhir chomórtais agus d’uimhir iarratais agus an frása Complaints procedure a lua i ngach comhfhreagras.

3.4.4.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

Ós iarrthóir i gcomórtas thú, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc in aghaidh cinntí a rinne EPSO, seachas cinntí a rinne an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha ag Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh mura ndearnadh gearán faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne ar dtús de réir an nós imeachta a bhfuil cur síos air thuas i Roinn 3.4.4.1. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás cinntí maidir le critéir ghinearálta incháilitheachta, arae is cinntí iad sin a dhéanann EPSO seachas an bord roghnúcháin.

Tá mionsonraí maidir leis an gcaoi le hachomharc a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (41).

3.4.4.3.   Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach

Dála shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach (42).

Tabhair do d’aire freisin nach mór, faoi Airteagal 2(4) de na coinníollacha ginearálta a bhfuil comhlíonadh dhualgais an Ombudsman faoina réir, nach mór dul i dteagmháil ar na dóigheanna iomchuí leis na hinstitiúidí agus leis na comhaltaí lena mbaineann sula ndéantar gearán leis an Ombudsman.

Níl aon éifeacht fionraí ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman ar an tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne maidir le gearáin nó achomhairc a chur faoi bhráid Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh.

3.5.   DÍCHÁILIÚ ÓN GCOMÓRTAS

Is féidir go ndícháileofar thú ón gcomórtas i gceist má fhionnann EPSO ag aon chéim den nós imeachta:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin;

gur chuir tú isteach ar phróifílí atá neamh-chomhoiriúnach;

go ndearna tú aon dearbhuithe bréagacha, nó nár cuireadh ar fáil na doiciméid chuí mar thaca leis na dearbhuithe a rinne tú;

nár chuir tú na trialacha ar ríomhaire in áirithe (trialacha ilroghnacha, etc.);

go ndearna tú séitéireacht le linn trialacha;

gur thug tú iarraidh dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

gur i dteanga nach í Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a bhí an t-iarratas a chuir tú isteach;

go ndearna tú, d’ainneoin na dtreoracha a tugadh duit á chosc sula ndearna tú an triail scríofa nó praiticiúil, go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc ar do chuid páipéar.

Ní mór d’aon duine atá ag cur iarratais isteach ar phost sna hinstitiúidí a léiriú go bhfuil sé sár-ionraic iontaofa. Má dhéanann tú calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós ort agus is féidir go ndéanfar dochar do d’incháilitheacht i gcomórtais eile.


(1)  Gach áit a ndéantar tagairt don fhirinscne i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Faoi réir aon mhaoluithe arna dtabhairt de bhun Airteagal 28(a) de na Rialacha Foirne agus aon bheart sonrach arna ghlacadh d’fhonn náisiúnaigh de thíortha an Aontais a earcú.

(3)  Foilsítear ainmneacha bhaill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

(4)  Cé nach mbíonn aon teorainn aoise leagtha síos sna fógraí comórtais, tabhair do d’aire an aois scoir atá leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, (“na Rialacháin Foirne” anseo feasta). Tá na Rialacháin sin ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO.

(5)  Faoi réir aon mhaolú arna dhéanamh de bhun Airteagal 28(a) de na Rialacha Foirne agus aon bheart sonrach arna ghlacadh d’fhonn náisiúnaigh de chuid thíortha an Aontais a earcú. Má tá feidhm ag eisceachtaí nó ag bearta sonracha i gcomórtas áirithe, sonrófar sin san fhógra comórtais.

(6)  Féach Iarscríbhinn I (samplaí de cháilíochtaí).

(7)  http://ec.europa.eu/languages/policy/linguistic-diversity/official-languages-eu_ga.htm

(8)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha – (http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).

(9)  I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, tá sé de cheanglas ar institiúidí an Aontais Eorpaigh a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu do líon srianta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh agus an roghnú seo á dhéanamh.

(10)  Tá téacs na dTreoirlínte Ginearálta in Iarscríbhinn II.

(11)  I gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí;

https://europa.eu/epso/application/passport/index.cfm?action=pdplegal&sb=1&comp_id=

(12)  www.eu-careers.eu

(13)  http://europa.eu/epso/doc/epso_brochure_en.pdf

(14)  Tá tuilleadh eolais san iarscríbhinn faoi incháilitheacht agus faoi dhoiciméid tacaíochta.

(15)  Tá faisnéis ghinearálta bhreise san iarscríbhinn faoi na doiciméid tacaíochta.

(16)  Is é EPSO a sheiceálann comhlíonadh na gcoinníollacha ginearálta incháilitheachta, agus is é bord roghnúcháin an chomórtais a sheiceálann comhlíonadh na gcoinníollacha sonracha incháilitheachta.

(17)  Ar bhonn Airteagal 2 d’Iarscríbhinn III de na Rialacháin Foirne.

(18)  Féadfaidh iarrthóirí a n-éireoidh leo a iarraidh go sainráiteach nach bhfoilseofar a n-ainm. Ní mór aon iarraidh chuige sin a bheith faighte ag EPSO tráth nach déanaí ná dhá sheachtain i ndiaidh uaslódáil thorthaí an iarrthóra ina chuntas EPSO.

(19)  Seachas iad siúd nár chríochnaigh triail amháin nó níos mó, nó a dícháilíodh ón gcomórtas mar nár chomhlíon siad na rialacha nós imeachta (féach Roinn 3.5 thíos).

(20)  https://europa.eu/epso/application/passport/webform.cfm?usertype=2&lang=en&langsub=ok

(21)  Is é ár gcomhairle duit an fhoirm ar líne a úsáid chun teagmháil a dhéanamh linn arae is tríd is fearr is féidir linn freastal ort. Is féidir glao a chur orainn ag uimhir thuasluaite, ar ndóigh, ach tabhair do d’aire nach mbíonn duine ann le glaonna a fhreagairt ach ar laethanta oibre agus ar feadh achar teoranta.

(22)  Faoi “Déan teagmháil linn” ar shuíomh gréasán EPSO (www.eu-careers.eu).

(23)  https://europa.eu/epso/application/passport/webform.cfm?usertype=2&lang=en&langsub=ok

(24)  Arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 267, lch. 63, an 20 Deireadh Fómhair 2000.

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(26)  https://europa.eu/epso/application/passport/index.cfm?action=pdplegal&sb=1&comp_id=

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(28)  Cás C-254/95, An Pharlaimint v Innamorati, breith a tugadh an 4 Iúil 1996, arna fhoilsiú i dTuaraiscí na Cúirte Eorpaí – Cásanna Foirne 1996 I-03423 (mír 29 den bhreith). Cás F-127/11, De Mendoza v an Coimisiún, breith a tugadh an 12 Feabhra 2014 (mír 99 den bhreith). (Gan foilsiú go fóill.)

(29)  Cás T-371/03, Le Voci v an Chomhairle, breith a tugadh an 14 Iúil 2005, arna fhoilsiú i dTuairiscí na Cúirte Eorpaí – Cásanna Foirne 2005 FP-I-A-00209 FP-II-00957, míreanna 121–124 mar aon le tagairtí.

(30)  Féach Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

(31)  https://europa.eu/epso/application/passport/webform.cfm?usertype=2&lang=en&langsub=ok

(32)  Cás T-49/03 Schumann v an Coimisiún, breith a tugadh an 21 Deireadh Fómhair 2004, arna fhoilsiú i dTuairiscí na Cúirte Eorpaí – Cásanna Foirne 2004 II lch. 1371 (míreanna 53–55 den bhreith); Cás F-2/07 Matos Martins v an Coimisiún, breith a tugadh an 15 Aibreán 2010 (mír 191 den bhreith).

(33)  Cásanna uamtha T-167/99 agus T-174/99 Giulietti agus Daoine Eile v an Coimisiún, breith a tugadh an 2 Bealtaine 2001, arna fhoilsiú i dTuairiscí na Cúirte Eorpaí – Cásanna Foirne 2001 II, lch. 441 (féach pointe 59); Cás F-2/07 Matos Martins v an Coimisiún, breith a tugadh an 15 Aibreán 2010, (mír 183 den bhreith).

(34)  https://europa.eu/epso/application/passport/webform.cfm?usertype=2&lang=en&langsub=ok

(35)  Ní bhaineann sin le hearráidí i gceisteanna sna trialacha réamhroghnúcháin, ceisteanna a scrúdaítear mar chuid den nós imeachta neodrúcháin atá luaite i bpointe 3.4.2.

(36)  Cás F-127/07, Coto Moreno v an Coimisiún, breith a tugadh an 11 Meán Fómhair 2008, arna fhoilsiú i dTuaraiscí na Cúirte Eorpaí – Cásanna Foirne 2008 FP-I-A-1-00295; FP-II-A-1-01563 (mír 33 den bhreith).

(37)  https://europa.eu/epso/application/passport/webform.cfm?usertype=2&lang=en&langsub=ok

(38)  Mar gheall ar roinnt na n-inniúlachtaí atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne.

(39)  Cás 34/80 Authié v an Coimisiún, breith a tugadh an 26 Feabhra 1981, arna fhoilsiú i dTuairiscí na Cúirte Eorpaí 1981 lch. 665 (mír 7 den bhreith); Cásanna uamtha 4/78, 19/78 agus 28/78 Salerno agus Daoine Eile v an Coimisiún, breith a tugadh an 30 Samhain 1978, arna fhoilsiú i dTuairiscí na Cúirte Eorpaí 1978 lch. 2403.

(40)  https://europa.eu/epso/application/passport/webform.cfm?usertype=2&lang=en&langsub=ok

(41)  http://curia.europa.eu/jcms/jcms/T5_5230/

(42)  http://www.ombudsman.europa.eu/start.faces


IARSCRÍBHINN I

Samplaí de cháilíochtaí a fhreagraíonn, i bprionsabal, do na cinn a éilítear sna fógraí comórtais

TÍR

AST-SC1 go AST-SC6

AST1 go AST7

AST3 go AST11

AD5 go AD16

Meánscolaíocht (1) (a thugann rochtain ar ardoideachas)

Ardoideachas (cúrsa staidéir ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad)

Leibhéal oideachais ollscoile (3 bliana ar a laghad (2))

Leibhéal oideachais ollscoile (4 bliana nó níos mó)

Belgique — België — Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/

Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d’enseignement professionnel

Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature — Kandidaat/

Graduat — Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d’études approfondies (DEA)

Diplôme d’études spécialisées (DES)

Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česká republika

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení

bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (B.A eller B.Sc)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (Mag.Art)

Licenciatgrad

Ph.D.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/ Fachhochschulabschluss/ Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht Grád D3 i 5 ábhar

Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)

Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta

National Certificate

Céim bhaitsiléara

Ordinary bachelor degree

Dioplóma Náisiúnta (ND, Dip.)

National Diploma (ND, Dip.)

Dámhachtain Ardteastas Ardoideachais (120 ECTS)

Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onórach bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onórach bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)

Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile

University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)

Master’s degree (60-120 ECTS)

Céim dochtúra

Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού –

Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού

Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα Επαγγελματικής Κατάρτισης (I.Ε.Κ.)

 

Πτυχίο (ΑΕI πανεπιστημίου,

πολυτεχνείου, ΤΕI)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης

(2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/ Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d’études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS), diplôme

d’études approfondies (DEA)

Master 1, master 2 professionnel

Master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d’ingénieur

Doctorat

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore/

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea — L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Εducation (for the latter accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredīti)

Bakalaura diploms (160 kredīti)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d’ingénieur technicien

Master

Diplôme d’ingénieur industriel

Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS) en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi — Képesítő

bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Program)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree)

(Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma’s)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs

(Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of «Ingenieur»

HBO/WO Master’s degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom/Fachhochschuldiplom/

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis

Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário/

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

Republika Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing.)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire

(colegiu universitar)

învățământ preuniversitar

Diplomă de licență

Diplomă de licență

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice

postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo

(spričevalo o poklicni maturi)

(spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma/magisterij/specializacija/doktorat

Slovensko

vysvedčenie o maturitnej skúške

absolventský diplom

diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (bakalár)

diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

bakalár (Bc.)

magister

magister/inžinier

ArtD

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

(Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet)

Todistus yhdistelmäopinnoista

(Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto –

Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor)

Maisterin tutkinto – Magisterexamen/

Ammattikorkeakoulututkinto –

Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan

(3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå:

Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Éducation, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate


(1)  Tá coinníoll breise i gceist do ghrúpa feidhme AST, is é sin taithí ghairmiúil iomchuí 3 bliana ar a laghad a bheith faighte.

(2)  Tá coinníoll breise i gceist do ghráid 7 go 16, is é sin taithí ghairmiúil iomchuí bliana amháin ar a laghad a bheith faighte.


IARSCRÍBHINN II

Treoirlínte Ginearálta Choláiste na gCeann Riaracháin ar úsáid teangacha i gcomórtais EPSO

Tá sé dearbhaithe mar riail ghinearálta go n-úsáidfear teangacha mar seo a leanas i gcomórtais EPSO:

Beidh buanmhíreanna shuíomh gréasáin EPSO ar fáil i ngach teanga oifigiúil.

Foilseofar fógraí comórtais i ngach teanga oifigiúil, lena n-áirítear comórtais do theangeolaithe agus comórtais a bhaineann le méadú an Aontais, chomh maith leis na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte.

Déanfar na trialacha seo a leanas i ngach ceann de na teangacha oifigiúla:

Trialacha réamhroghnúcháin (réasúnaíocht bhriathartha agus uimhriúil).

Trialacha teanga do chomórtais d’aistritheoirí.

Réamhscrúduithe aistriúcháin do chomórtais do dhlítheangeolaithe.

Trialacha idirmheánacha ateangaireachta (ar ríomhaire) do chomórtais d’ateangairí.

Trialacha inniúlachta (trialacha aistriúcháin nó ateangaireachta) do chomórtais do theangeolaithe.

Tabhair do d’aire, áfach, cé gur féidir le EPSO trialacha den chineál sin a eagrú i ngach teanga oifigiúil, nach ionann sin is a rá gur gá gach comórtas a reáchtáil sa 24 teanga ar fad. Déantar na trialacha réamhroghnúcháin a eagrú i bhfianaise na dteangacha a roghnaíonn iarratasóirí mar phríomhtheanga, agus braitheann na trialacha teanga ar phéirí teanga na gcomórtas i gceist.

Is i ndara teanga na n-iarrthóirí a dhéanfar an t-ionad measúnaithe, teanga a roghnófar as measc an Bhéarla, na Fraincise agus na Gearmáinise.

Ar an dóigh chéanna, déanfar glaonna ar léiriú spéise i nósanna imeachta roghnúcháin d’fhoireann ar conradh arna n-eagrú ag an Oifig a fhoilsiú sna teangacha oifigiúla go léir.

Tá údar leis an gcinneadh teorainn a chur le rogha an dara teanga ar roinnt cúiseanna.

Ar an gcéad dul síos, ar mhaithe leis an tseirbhís, ba cheart earcaigh nua a bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus na dualgais ar earcaíodh iad lena ndéanamh a dhéanamh go héifeachtach, sa réimse nó sa ról a mbaineann an comórtas leis.

Is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear sna hinstitiúidí. Go traidisiúnta, is iad na teangacha sin a úsáidtear i gcruinnithe idir bhaill de na hinstitiúidí. Is iad is mó a úsáidtear freisin sa chumarsáid inmheánach agus sa chumarsáid leis an domhan mór. Léiríonn staitisticí i ndáil le teangacha foinseacha na dtéacsanna a aistrítear i seirbhísí aistriúcháin na n-institiúidí gurb amhlaidh atá.

I bhfianaise riachtanais na n-institiúidí i láthair na huaire maidir le húsáid teanga sa chumarsáid inmheánach agus sheachtrach, ní mór eolas sásúil ar cheann de na trí theanga sin a thástálfar trí chás oibre réalaíoch a ionsamhlú a bheith ar cheann de na critéir roghnúcháin dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne. Ní leor an t-eolas ar thríú teanga dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne in ionad eolais ar cheann de na trí theanga sin tráth na hearcaíochta.

Ar an dara dul síos, tá údar maith le teorainn a chur le líon na dteangacha i gcéadchéimeanna eile na gcomórtas i ngeall ar chineálacha na dtrialacha i gceist. I gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacháin Foirne, chinn údaráis cheapacháin na n-institiúidí na nósanna imeachta roghnúcháin a mhodhnú trí mhodhanna measúnaithe bunaithe ar inniúlachtaí a thabhairt isteach ó 2010 amach, ionas go bhféadfar a thuar ar bhealach níos cruinne an mbeidh iarrthóirí ábalta a ndualgais a dhéanamh.

Tá chuid mhór taighde eolaíoch déanta a léiríonn gurb iad ionaid measúnaithe, ina n-ionsamhlaítear cásanna oibre fíorshaoil, is fearr a mheasann conas a fheidhmeodh iarrthóirí sa phost. Ós rud é gurb é an modh measúnaithe is éifeachtaí é, úsáidtear é ar fud an domhain. I bhfianaise a fhad a mhaireann gairmréimeanna sna hinstitiúidí agus a fhusa atá sé dul ó phost go post sna hinstitiúidí, tá measúnú den chineál sin fíorthábhachtach. Trí úsáid a bhaint as creat inniúlachtaí arna shainiú ag na húdaráis cheapacháin, roghnaítear roinnt gníomhaíochtaí oiriúnacha chun na hinniúlachtaí atá á lorg a mheas. Agus feidhm á baint as an modh sin, lena chinntiú gur féidir iarrthóirí a mheasúnú go cothrom agus gur féidir leo cumarsáid dhíreach a dhéanamh le measúnóirí agus le hiarrthóirí eile atá ag glacadh páirte sna gníomhaíochtaí, ní mór lingua franca a úsáid san ionad measúnaithe nó, i gcásanna áirithe, príomhtheanga an chomórtais a úsáid. Sa chéad chás sin, ní mór an lingua franca a roghnú as measc na dteangacha is dóichí a bheidh ag iarrthóirí. Dá dhroim sin, ní mór gach beart is féidir a dhéanamh chun idirdhealú idir iarrthóirí a sheachaint; ciallaíonn sin go gcaithfidh gach duine na trialacha a dhéanamh sa dara teanga aige. Ós rud é, áfach, nach mór an dara teanga sin a bheith ina lingua franca freisin, ní mór teorainn a chur le rogha an dara teanga. Ós rud é gurb é an úsáid thraidisiúnta sin dá dtagraítear thuas an cleachtas inmheánach reatha fós, ní mór an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis a roghnú mar dhara teanga. Ní chuid den ionad measúnaithe é cumas na n-iarrthóirí sa teanga a mheasúnú; is leor eolas sásúil ar cheann de na trí theanga mar dhara teanga chun na trialacha a dhéanamh (tá sé seo ag teacht leis na híoscheanglais atá leagtha síos in Airteagal 28 de na Rialacháin Foirne). Níl an leibhéal eolais sin ar an teanga díréireach ar chor ar bith i bhfianaise riachtanas iarbhír na seirbhíse mar a bhfuil cur síos orthu thuas.

Ní ionann an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis a úsáid mar dhara teanga i gcéimeanna deireanacha na gcomórtas agus idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar mháthairtheanga. Ní ionann é agus srian a chur le húsáid na máthairtheanga. Ós rud é go bhfuil ar iarrthóirí dara teanga (Béarla, Fraincis nó Gearmáinis) a roghnú nach ionann é agus a bpríomhtheanga (an mháthairtheanga nó a cothrom de ghnáth), cinntítear gur féidir iad a chur i gcomparáid le chéile go cothrom. Tabhair do d’aire freisin go mbraitheann eolas sásúil ar dhara teanga go bunúsach ar iarrachtaí pearsanta an iarrthóra.

Ar scor ar bith, tá an ceanglas sin comhréireach i bhfianaise riachtanais iarbhír na seirbhíse. Léiriú ar na teangacha atá ar eolas ag muintir na hEorpa atá sa líon teoranta roghanna a cheadaítear mar dhara teanga. Ní amháin gur teangacha de chuid roinnt Ballstát den Aontas Eorpach iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis, ach is iad na teangacha iasachta iad is mó a bhfuil eolas orthu. Is iad is mó a fhoghlaimítear mar theangacha iasachta agus tá siad ar na teangacha is úsáidí i dtuairim an phobail. Is cosúil, mar sin, go bhfuil na riachtanais atá ag an seirbhís i láthair na huaire, go bhfuil siad i gcomhréir leis na scileanna teanga a bheifí ag súil a bheadh ag iarrthóirí, go háirithe ós rud é nach ndéantar eolas ar theangacha a mheasúnú per se san ionad measúnaithe (i.e. ní dhéantar botúin ghramadaí, litrithe ná foclóra a mheas). Dá bhrí sin, ní bacainn dhíréireach é ar dhaoine ar mian leo cur isteach ar an gcomórtas rogha an dara teanga a theorannú don Bhéarla, don Fhraincis nó don Ghearmáinis. Go deimhin, de réir an eolais atá ar fáil, tá sé ag teacht leis an taithí atá ag daoine agus leis an rud a bhfuil súil acu leis.

Tugann na staitisticí a bhaineann le hábhar le tuiscint go bhfuil sé comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach rogha an dara teanga a theorannú i gcéimeanna áirithe de chomórtais. Mar shampla, ba iad an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ba mhó a roghnaigh iarrthóirí nuair a bhí rogha acu an dara teanga a roghnú as measc an 11 theanga oifigiúla sna príomhchomórtais ghinearálta EU-25 do riarthóirí agus cuntóirí in 2005. Ní léiríonn na staitisticí do chomórtais a reáchtáladh tar éis 2010 aon chlaonadh i leith náisiúnach as tíortha ina bhfuil an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ina dteangacha oifigiúla. Agus léiríonn na staitisticí ó na comórtais AD in 2010 gur roghnaigh líon mór iarrthóirí ceann de na trí theanga sin mar dhara theanga ar aon dóigh.

Ar na cúiseanna céanna, is réasúnta a éileamh ar iarrthóirí ceann de na trí theanga sin a roghnú le haghaidh cumarsáid a dhéanamh le EPSO agus le haghaidh an scagthóir buanna a líonadh isteach.

Dá bhrí sin, chun cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na seirbhíse agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí, ba cheart trialacha áirithe a dhéanamh i líon teoranta teangacha de chuid an Aontais Eorpaigh, lena chinntiú go mbeidh eolas leormhaith ag iarrthóirí a n-éireoidh leo ar na teangacha a chuirfidh ar a gcumas a ndualgais a déanamh go héifeachtach agus ionas go bhféadfar feidhm a bhaint as modhanna roghnúcháin atá bunaithe ar fheidhmíocht a mheasúnú. Ós rud é go bhfoilsítear na fógraí comórtais agus na treoracha d'iarrthóirí i 24 teanga an Aontais agus gur féidir le hiarrthóirí teanga ar bith den 24 teanga sin a roghnú mar mháthairtheanga le haghaidh chéad mhórchéim an chomórtais, meastar go bhfuil cothromaíocht chóir ann idir riachtanais na seirbhíse agus prionsabal an ilteangachais agus an neamh-idirdhealaithe ar bhonn teanga.

Ar an ábhar sin, ba cheart cinneadh a dhéanamh de réir an cháis i gcomhréir leis na socruithe teanga arna nglacadh ag Bord Bainistíochta EPSO agus i gcomhréir le riachtanas sonrach na n-institiúidí iarrthóirí a earcú a bheidh in ann dul i mbun oibre láithreach. Mar sin, tá dhá chás ghinearálta is féidir a bheith ann:

Ar an gcéad dul síos, tá próifílí ginearálta nó sonracha ann nuair is é saineolas nó taithí sa réimse nó sa phost i gceist is mó a chuirtear san áireamh agus iarrthóirí á roghnú. Sa chás sin, is é is tábhachtaí go mbeidh an t-iarrthóir ábalta oibriú agus cumarsáid a dhéanamh i gcomhthéacs ilteangach agus ós rud é gur gá eolas ar na teangacha is mó a úsáidtear sna hinstitiúidí chuige sin, tá údar le teorainn a chur leis na teangacha de chuid an Aontais Eorpaigh is féidir a úsáid sa nós imeachta roghnúcháin.

Sa dara cás, tá próifílí ann ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le heolas ar theanga áirithe amháin nó ar roinnt teangacha áirithe, mar shampla i gcás teangeolaithe nó próifílí eile ina n-eagraítear na nósanna imeachta de réir teanga. Más amhlaidh atá, le cois na hinniúlachtaí ginearálta a mheasúnú mar a sonraíodh thuas sa chéad chás, ní mór trialacha breise a eagrú chun inniúlachtaí sonracha a mheas sa teanga/sna teangacha i gceist.

Má tá an cur chuige sin i bhfeidhm féin, ba cheart a fhágáil go bhféadfaí an cheist a mheas de réir gach comórtais ar leith ionas go gcuirfí riachtanais shonracha na n-institiúidí i dtaca leis an bpróifíl/na próifílí i gceist san áireamh.