ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

57
6 Samhain 2014


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2014/C /01

Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/294/14 — Riarthóirí (AD 6) i réimse na cosanta sonraí

1

 

2014/C /02

Athbhreithniú ar Irisí Oifigiúla C A Comórtas

9

 


 

(1)   Faoin tagairt C 391 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

6.11.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/294/14

Riarthóirí (AD 6) i réimse na cosanta sonraí

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal a thiomsú chun poist fholmha d’oifigigh den ghrád “riarthóir” (1) a líonadh in oifig an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais na rialacha sin agus cuideoidh siad leat rialacha na nósanna imeachta agus na dóigheanna a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

CLÁR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

V.

IONAD MEASÚNAITHE

VII.

DEARBHUITHE NA nIARRTHÓIRÍ A SHEICEÁIL

VIII.

PAINÉAL

I.   CÚLRA

1.

Líon na n-iarrthóirí is féidir a chur ar an bpainéal

20

2.

Conas iarratas a chur isteach

Ní mór duit clárú ar líne ar an dóigh a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe.

Spriocam (an bailíochtú san áireamh): 9 Nollaig 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

II.   DUALGAIS

Is éard atá in oifig an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, údarás maoirseachta neamhspleách a bhfuil sé de chúram air féachaint chuige nach sáraíonn institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh cearta maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta agus iad ag próiseáil sonraí pearsanta nó ag ceapadh beartais nua.

Oibreoidh an t-oifigeach faoi údarás an Mhaoirseora Eorpaigh, an Mhaoirseora Cúnta agus an Stiúrthóra agus déanfaidh sé roinnt tascanna de réir threoracha an Chinn Aonaid.

Ag seo na príomhdhualgais:

Tuarascálacha, fógraí agus cinntí a ullmhú d’fhonn féachaint chuige go gcuirfear i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus gníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais, agus d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar na cora sa pholaitíocht agus sa reachtaíocht a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí pearsanta.

Maidir leis an gcuid sin den obair a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm, is féidir go mbeidh na dualgais seo le déanamh:

eolas agus comhairle a thabhairt d’institiúidí agus comhlachtaí maidir le dea-chleachtas sa réimse seo agus eolas agus comhairle a thabhairt do lucht próiseála sonraí agus dóibh siúd a mbaineann na sonraí leo maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí;

gearáin agus iarrataí eile ó dhaoine a mbaineann na sonraí leo a éisteacht agus a scrúdú, agus imscrúduithe a dhéanamh, bíodh sin ar bhonn gearáin nó as a stuaim féin;

oibriú i gcomhar le hoifigigh cosanta sonraí ó na hinstitiúidí Eorpacha eile;

fógraí don oifigeach cosanta sonraí faoi phróiseáil sonraí a ullmhú, nó páirt a ghlacadh san ullmhú sin, agus réamhsheiceálacha oifig an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí ar na hoibríochtaí próiseála ar féidir rioscaí ar leith a bheith leo a dhéanamh, nó páirt a ghlacadh iontu, agus dul i mbun comhairliúchán maidir leis an ngá atá leis na réamhsheiceálacha sin;

cigireacht agus iniúchadh a dhéanamh;

slándáil na gcóras ríomhaireachta agus uathoibríoch a shaothrú agus a mheas.

Maidir leis an gcuid sin den obair a bhaineann le coinneáil bord ar bhord le cora polaitiúla agus reachtaíochta, is féidir go mbeidh na dualgais seo le déanamh:

tuairimí agus gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais agus reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí a cheapadh, a ullmhú, a anailísiú, a léirmhíniú, trácht agus iarobair a dhéanamh orthu, agus gníomhú de réir moltaí sa réimse sin nó moltaí a dhéanamh;

taighde a dhéanamh ar cheisteanna dlí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

comhairle a thabhairt do na hinstitiúidí inniúla maidir le tograí reachtacha agus bearta riaracháin ginearálta a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil;

comhoibriú leis na comhlachtaí a bhfuil cosaint sonraí de chúram orthu, sa chomhar breithiúnach i réimse na coireachta agus sa chomhar póilíneachta, go háirithe chun rialacháin agus beartais an Aontais maidir le sonraí a chosaint a dhéanamh níos comhleanúnaí;

dualgais éagsúla a dhéanamh i réimse na dlíthíochta, seasaimh a ullmhú agus ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na n-institiúidí i ndíospóidí, más gá, os comhair na Cúirte Breithiúnais, Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh nó na Cúirte Céadchéime;

bheith bord ar bhord le dul chun cinn i dteicneolaíochtaí na ríomhaireachta agus na cumarsáide ar féidir go mbeidh tionchar aige ar chosaint sonraí pearsanta;

an prionsabal “privacy by design” a chur chun cinn agus a dhaingniú.

Is féidir go mbeidh ar an oifigeach aistriú ó áit go háit chun na dualgais sin a dhéanamh.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1

Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad sa dlí agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh.

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad i réimse eile ach ní mór cúrsa oiliúna dearbhaithe i gcosaint sonraí (IAPP, EIPA, GDD nó a gcothrom agus teastas bainte amach ag an deireadh trí scrúdú a dhéanamh) a bheith ina cuid den chúrsa sin.

2.2

Taithí oibre

Taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas i ndiaidh bhaint amach an dioplóma ollscoile, i réimse an dlí ar caitheamh a leath, ar a laghad, ag obair go príomha ar chosaint sonraí sa riarachán poiblí (mar oifigeach cosanta sonraí nó in údarás maoirseachta neamhspleách um chosaint sonraí). Ní mór doiciméid tacaíochta mar fhianaise ar an taithí sin.

Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime atá riachtanach ag an iarrthóir chun cur isteach ar an gcomórtas.

2.3

Eolas ar theangacha  (3)

Teanga 1

An phríomhtheanga (an t-íosleibhéal a theastaíonn: C1)

Sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Teanga 2

An dara teanga (nach ionann í agus teanga 1) (an t-íosleibhéal a theastaíonn: B2)

Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis.

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhísí, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí.

Is fada an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ina bpríomhtheangacha cumarsáide inmheánaí in institiúidí an Aontais, agus is iad is minice a mbíonn gá leo chun cumarsáid a dhéanamh le páirtithe seachtracha agus chun comhaid a láimhseáil. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligean an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais a mheas a ábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, tá ciall leis an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá na bearta seo gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga níos faide anonn i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Is é EPSO a eagróidh na trialacha iontrála ar ríomhaire, ach ní bheidh na trialacha sin ar siúl mura mbeidh líon na n-iarrthóirí cláraithe os cionn tairsí áirithe. Is é stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige, a shocróidh an tairseach sin, i ndiaidh deireadh a theacht le clárú na n-iarrthóirí. Cuirfear an tairseach sin in iúl duit trí do chuntas EPSO.

Mura mbíonn trialacha iontrála ann, beidh na trialacha inniúlachtaí ar siúl san ionad measúnaithe.

Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha iontrála agus is é a fhaomhfaidh a mbeidh iontu ar bhonn moltaí ó EPSO.

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d’iarratas in am (féach Roinn I.2).

Tabhair do d’aire:

1.

Is ionann d’iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III;

2.

Chun an scrúdú agus an triail aistriúcháin a dhéanamh ní mór dáta a chur in áirithe: tá sé sár-riachtanach sin a dhéanamh roimh an spriocam a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun measúnú a dhéanamh ar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta:

Triail (a)

Réasúnaíocht bhriathartha

Marcálfar an triail seo as 20 pointe

An pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

Réasúnaíocht uimhriúil

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

Triail (c)

Réasúnaíocht theibí

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

 

10 bpointe an pasmharc d’iomlán thrialacha (b) agus (c).

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1

V.   CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

1.   Nós imeachta

An scrúdú ar na coinníollacha ginearálta agus sonracha agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí, déanfar iad ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú i d’iarratas.

(a)

Scrúdófar do chuid freagraí i leith na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha féachaint an bhfuil tú ar na daoine a chomhlíonann coinníollacha iontrálacha uile an chomórtais (féach Roinn III).

(b)

Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí a aithint a bhfuil an taithí oibre is oiriúnaí acu i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, de réir na scéime marcála seo thíos:

tabharfar ualú ó 1 go dtí 3 do gach critéar roghnúcháin (féach pointe 2 thíos), de réir an tábhacht a mheasann an bord roghnúcháin a bheith leis;

scrúdóidh an bord roghnúcháin freagraí na n-iarrthóirí agus tabharfaidh sé marc ó 0 go dtí 4 do gach freagra, de réir cháilíochtaí an iarrthóra. Déanfar na marcanna sin, arna n-iolrú faoi ualú gach ceiste, a shuimiú chun marc foriomlán a fháil.

I gcás ina mbeidh trialacha iontrála ann roimh ré (féach Roinn IV), déanfar na coinníollacha ginearálta agus sonracha a scrúdú, in ord íslitheach na bpointí a gnóthaíodh sna trialacha iontrála, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí a shocraigh an t-údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige  (4) , ar iarrthóirí iad:

a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna is fearr sna trialacha iontrála agus

a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais

Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear na hiarrthóirí sin ar fad san áireamh nuair a bheidh an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh (féach (a) agus (b) thuas). Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.

Ansin, tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in ord na marcanna foriomlána. An líon iarrthóirí (5) a dtabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe dóibh (6), beidh sé comhionann le trí oiread ar a mhéad an líon iarrthóirí a n-éireoidh leo (féach Roinn I). Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu careers.info/)

2.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Dioplóma ollscoile sa dlí Eorpach.

2.

Dioplóma ollscoile do chúrsa a raibh speisialtacht i gcosaint sonraí ina cuid de.

3.

Oiliúint dhearbhaithe (IAPP, EIPA, GDD nó a gcothrom agus teastas bainte amach ar bhonn scrúdú ag an deireadh) le cois na gcáilíochtaí a theastaíonn le cur isteach ar an gcomórtas.

4.

Bliain go leith ar a laghad de thaithí oibre ar chosaint sonraí a fuarthas sna hinstitiúidí Eorpacha nó in údarás náisiúnta cosanta sonraí nó i riarachán poiblí náisiúnta, sa bhreis ar an taithí a theastaíonn le cur isteach ar an gcomórtas.

5.

Taithí oibre ar fhógraí, cinntí nó conclúidí a dhréachtú a bhí le cur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais agus a bhain leis an reachtaíocht Eorpach maidir le cosaint sonraí.

6.

Taithí oibre ar thuarascálacha a dhréachtú a bhain le réamhsheiceálacha, comhairliúcháin agus gearáin maidir le cosaint sonraí.

7.

Taithí oibre ar fhógraí a dhréachtú a bhain leis an reachtaíocht Eorpach maidir le cosaint sonraí (nach ionann í agus an taithí a iarrtar faoi chritéar 5 thuas).

8.

Taithí oibre ar imscrúduithe nó iniúchtaí a dhéanamh i leith chomhlíonadh na rialacha maidir le próiseáil sonraí.

9.

Taithí oibre ar theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide nua-aimseartha (le gur féidir an tionchar atá ag a n-úsáid ar chosaint sonraí a mheas).

VI.   IONAD MEASÚNAITHE

1.

Cuireadh

Má bhíonn tú ar na hiarrthóirí:

a chomhlíonann, de réir na ndearbhuithe a rinneadh sa chlárú ar líne, coinníollacha iontrála ginearálta agus sonracha Roinn III

agus

a ghnóthaigh ceann de na marcanna is fearr sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí,

tabharfar cuireadh duit chuig an ionad measúnaithe, rud is gnách a bheith ar siúl sa Bhruiséil (7) ar feadh lá nó dhó.

Má bhíonn tú ar na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe dóibh, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d’iarratas a thabhairt leat (8) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chun an ionaid mheasúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 2.1.7 de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte.

2.

An tIonad Measúnaithe

Déanfar trí chineál measúnaithe ort agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh a mbeidh iontu a fhaomhadh:

measúnú ar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta (mura mbeidh measúnú déanta orthu cheana sna trialacha iontrála a eagraíodh roimh ré), leis na trialacha seo a leanas:

(a)

scrúdú réasúnaíochta briathartha

(b)

scrúdú réasúnaíochta uimhriúla

(c)

scrúdú réasúnaíochta teibí.

measúnú ar do chuid inniúlachtaí sonracha , leis an triail seo a leanas:

(d)

agallamh struchtúrtha ar inniúlachtaí an réimse i gceist, ar bhonn an eolais a tugadh san iarratas sa chluaisín “scagthóir buanna”

measúnú ar d’ inniúlachtaí ginearálta  (9) leis na trialacha seo:

(e)

cás-staidéar

(f)

gníomhaíocht i ngrúpa

(g)

agallamh struchtúrtha

Measúnófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta mar atá léirithe sa tábla seo thíos:

 

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh struchtúrtha

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

x

 

Cumarsáid

x

 

x

Cáilíocht agus torthaí

x

 

x

Foghlaim agus forbairt

 

x

x

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

x

x

 

Buanseasmhacht

 

x

x

Obair bhuíne

 

x

x

Cumas ceannaireachta

 

x

x


3.

Teanga na dtrialacha measúnaithe

Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c)

Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (e), (f) agus (g)

4.

Marcáil agus ualú

Inniúlachtaí réasúnaíochta

(a)

réasúnaíocht bhriathartha: marcálfar an triail seo as 20 pointe

an pasmharc: 10 bpointe

(b)

réasúnaíocht uimhriúil: marcálfar an triail seo as 10 bpointe

(c)

réasúnaíocht theibí: marcálfar an triail seo as 10 bpointe

an pasmharc foriomlán do thrialacha (b) agus (c): 10 bpointe

Trialacha díbeartha is ea trialacha (a), (b) agus (c) ach ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna na dtrialacha measúnaithe.

Inniúlachtaí sonracha (triail (d))

Marcálfar an triail seo as 100 pointe

An pasmharc: 50 pointe

Ualú: 55 % den mharc foriomlán

Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (e), (f) agus (g))

Marcálfar iomlán na n-inniúlachtaí ginearálta as 80 pointe (10 bpointe an inniúlacht).

An pasmharc:

3 phointe do gach inniúlacht agus

40 pointe as 80 d’iomlán na 8 n-inniúlacht ghinearálta

Ualú: 45 % den mharc foriomlán

VII.   DEARBHUITHE NA nIARRTHÓIRÍ A SHEICEÁIL

I bhfianaise thorthaí an ionaid mheasúnaithe, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha.

Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh na pasmharcanna agus na marcanna foriomlána is fearr do thrialacha inniúlachta (d), (e), (f) agus (g). Más infheidhme, beidh ar na hiarrthóirí sin an pasmharc a ghnóthú i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c) freisin. Déanfar an tseiceáil sin go dtí go sroichfear an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.

Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe sin ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar na hiarrthóirí a mbaineann siad leo den chomórtas.

VIII.   PAINÉAL

1.

Ainmneacha a chur ar an bpainéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin d’ainm ar an bpainéal

má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí a ghnóthaigh na pasmharcanna d’iomlán thrialacha (a) go (g) agus ceann de na marcanna foriomlána is fearr d’iomlán thrialacha measúnaithe (d), (e), (f) agus (g) (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, Roinn I) (10)

agus más léir, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ar fad (féach Roinn III).

2.

Aicmiú

Tiomsófar an painéal in ord aibítre.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Níl an Rialachán seo ar fáil i nGaeilge. Féach ar an leagan Béarla. Regulation (EC) No 45/2001 of the European Parliament and of the Council of 18 December 2000 on the protection of individuals with regard to the processing of personal data by the Community institutions and bodies and on the free movement of such data (OJ L 8, 12.1.2001, p. 1).

(3)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR) – (http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).

(4)  Beidh an líon sin cothrom leis an tairseach dá dtagraítear sa chéad mhír de Roinn IV.

(5)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh go léir chun an ionaid mheasúnaithe.

(6)  Na hiarrthóirí nach bhfaighidh cuireadh chun an ionaid mheasúnaithe, gheobhaidh siad torthaí a measúnaithe, chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.

(7)  Ar chúiseanna praiticiúla, d’fhéadfadh na trialacha inniúlachta bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit, is cuma cá mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.

(8)  Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.

(9)  Tá cur síos ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte.

(10)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear a n-ainmneacha go léir go léir ar an bpainéal.


6.11.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

9


ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

5

 

6

 

11

 

19

 

21

 

26

 

27

 

30

(PL)

35

 

41

(DE/EN/FR)

42

 

43

 

46

 

47

 

48

 

55

 

56

 

60

 

62

 

65

 

73

(DE/EN/FR)

74

 

81

 

88

 

92

(DE/EN/FR)

97

 

98

 

99

 

108

 

109

 

116

 

119

 

133

 

134

 

136

 

137

(DE/EN/FR)

140

 

145

 

152

 

160

 

163

 

164

 

176

 

178

 

180

 

182

 

185

 

186

 

188

 

195

 

207

 

209

(DE/EN/FR)

211

 

217

 

219

 

242

 

254

 

255

 

256

(LV)

258

(RO)

262

(EN)

267

(SL)

270

(FR)

272

(DA)

274

(IT)

277

 

283

 

289

(DE/EN/FR)

293

(NL)

295

(MT)

297

 

299

 

304

 

321

(DE/EN/FR)

325

(SL)

332

 

334

 

340

 

342

(EN)

352

 

354

 

358

 

366

 

376

 

378

(SV)

381

 

384

 

385

(PT)

390

(HR)

391