ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

57
4 Aibreán 2014


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2014/C 100/01

Seasamh (AE) Uimh. 4/2014 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle lena leagtar síos bearta a bhaineann le gabhálacha teagmhasacha orc in iascaigh Arna ghlacadh ag an gComhairle an 3 Márta 2014

1

2014/C 100/02

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (AE) Uimh. 5/2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras Arna ghlacadh ag an gComhairle an 3 Márta 2014

6

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras rialaithe onnmhairí dé-úsáide

11

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

11

Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta

11


 


 

(1)   Faoin tagairt C 100 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

4.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


SEASAMH (AE) Uimh. 4/2014 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle lena leagtar síos bearta a bhaineann le gabhálacha teagmhasacha orc in iascaigh

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 3 Márta 2014

(2014/C 100/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle (3) tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun cuid de na forálacha sa Rialachán sin a chur chun feidhme. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is iomchuí na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 in oiriúint go héifeachtúil do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le sonraíochtaí teicniúla agus le coinníollacha teicniúla i dtaca le tréithe comharthaíochta agus tréithe cur chun feidhme na húsáide gléasanna fuaimiúla bactha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(3)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na bhforálacha de Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 lena leagtar síos rialacha maidir leis an nós imeachta agus leis an bhformáid le haghaidh tuairiscithe ag na Ballstáit, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

I bhfianaise an cheanglais atá ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun córas dianchosanta a bhunú le haghaidh orc i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 812/2004, agus i bhfianaise easnaimh an Rialacháin sin a shainaithin an Coimisiún, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh, faoin 31 Nollaig 2015, ar oiriúnacht agus ar éifeachtacht fhorálacha an Rialacháin sin maidir le hoirc a chosaint. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún,más iomchuí, togra reachtach uileghabhálach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d'fhonn cosaint éifeachtach orc a áirithiú, lena n-áirítear trí phróiseas an réigiúnaithe.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1):

“1.   Déanfaidh gléasanna fuaimiúla bactha a úsáidtear i gcur i bhfeidhm Airteagal 2(1) na sonraíochtaí teicniúla agus na coinníollacha úsáide a chomhlíonadh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chomhlíonadh. D'fhonn a áirithiú go leanfaidh Iarscríbhinn II le staid an dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil a léiriú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 8a, lena dtabharfar na tréithe comharthaíochta agus na tréithe cur chun feidhme comhfhreagracha atá ann cothrom le dáta. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún foráil do dhóthain ama chun oiriúnuithe den sórt sin a chur chun feidhme.”.

(2)

In Airteagal 7, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar éifeachtacht na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus déanfaidh sé, más iomchuí, togra reachtach uileghabhálach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d'fhonn cosaint éifeachtach orc a áirithiú.”.

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir leis an nós imeachta agus leis an bhformáid le haghaidh an tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 6. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8b(2).”.

(4)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana ón … (*). Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 8b

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um iascach agus dhobharshaothrú arna bhunú le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(**)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle."

(***)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí le haghaidh rialú na mBallstát ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 11, 15.1.2013, lch. 85,

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 3 Márta 2014. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an …

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreáin 2004 lena leagtar síos bearta a bhaineann le gabhálacha teagmhasacha orc in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(*)  IO: Cuir isteach, le do thoil, dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 8 Lúnasa 2012, chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 lena leagtar síos bearta maidir le gabhálacha céiticeach de thaisme in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2013.

Rinneadh caibidlíocht ansin idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an togra. Thángthas ar chomhaontú den sórt sin ag plé trípháirteach an 30 Eanáir 2014. D'fhormhuinigh an Mheitheal um an mBeartas Inmheánach agus Seachtrach Iascaigh an comhaontú sin ina dhiaidh sin an 6 Feabhra 2014 agus d'fhormhuinigh an Coiste um Iascach de chuid Pharlaimint na hEorpa é an 11 Feabhra 2014.

An 11 Feabhra 2014, chuir Cathaoirleach Choiste um Iascach de chuid Pharlaimint na hEorpa litir chuig Cathaoirleach na mBuanionadaithe (Cuid 1) inar sonraíodh, i gcás ina dtarchuirfeadh an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh go foirmiúil chuig an bParlaimint san fhoirm ina leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an litir sin, mholfadh sé do sheisiún iomlánach na Parlaiminte agus é faoi réir a fhíoraithe ag dlítheangeolaithe an dá institiúid, gur cheart dó, ar an dara léamh sa Pharlaimint, glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh gan leasú.

Go deimhin tá an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh i gcomhréir le téacs an chomhaontaithe sin thuasluaite, mar a leasaíodh é chun an t-athbhreithniú dlí agus teanga a rinneadh ina dhiaidh sin a léiriú.

Agus í i mbun a cuid oibre, chuir an Chomhairle san áireamh an tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, a glacadh an 14 Samhain 2012 (1).

II.   CUSPÓIR

Féachann an togra le Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle a ailíniú leis na forálacha sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”), ina ndéantar idirdhealú idir na cumhachtaí tarmligthe chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe a fhorlíonadh nó a leasú sa ghníomh reachtach mar a leagtar síos in Airteagal 290(1) den Chonradh (gníomhartha tarmligthe), agus na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún coinníollacha aonfhoirmeacha a ghlacadh chun gníomhartha de chuid an Aontais atá ina gceangal dlí a chur chun feidhme mar a leagtar síos in Airteagal 291(2) den Chonradh (gníomhartha cur chun feidhme).

Tríd an togra sin, tá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi láthair le Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle athaicmithe mar bhearta de chineál tarmligthe agus mar bhearta de chineál cur chun feidhme:

Mhol an Coimisiún gur cheart go mbeadh sé de chumhacht aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun coinníollacha agus sonraíochtaí teicniúla a chur in oiriúint d'úsáid gléasanna fuaimiúla bactha;

Mhol an Coimisiún gur cheart go mbeadh sé de chumhacht aige gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an nós imeachta agus leis an bhformáid le haghaidh oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

A)   Barúlacha ginearálta

Ar bhonn an togra ón gCoimisiún, chuaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta agus mar thoradh air sin tháinig an dá chomhreachtóir ar chomhaontú atá le glacadh i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh. Léirítear go hiomlán leis an téacs ón gComhairle an comhréiteach ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir, a bhí sa litir ón bParlaimint an 11 Feabhra 2014,agus a ceartaíodh ina dhiaidh sin chun athbhreithniú dlíthiúil agus teanga a léiriú.

B)   Na príomh-shaincheisteanna

Tá na príomhghnéithe a leanas sa chomhaontú a léirítear sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh:

a)   Coinníollacha don tarmligean cumhachtaí don Choimisiún

Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa leis an moladh ón gComhairle teorainn a chur leis an tarmligean cumhachtaí don Choimisiún maidir lena raon feidhme agus lena ré araon:

Cuirfear teorainn le raon feidhme an tarmligin chun na tréithe comharthaíochta mar aon le tréithe cur chun feidhme comhfhreagracha na húsáide gléasanna fuaimiúla bactha a thabhairt cothrom le dáta, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch;

cuirfear teorainn 4 bliana le ré an tarmligin, a bhféadfar a shíneadh go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid.

b)   Athbhreithniú

Ghlac an Chomhairle an smaoineamh a chur Parlaimint na hEorpa chun tosaigh go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú, roimh dheireadh 2015, ar oiriúnacht agus éifeachtacht Rialachán (CE) 812/2004 ón gComhairle. Ar an mbonn sin agus más iomchuí, ba cheart don Choimisiún féachaint faoi thogra reachtach uileghabhálach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d'fhonn cosaint éifeachtach céiticeach a áirithiú, lena n-áirítear trí phróiseas an réigiúnaithe.

IV.   CONCLÚID

Léirítear go hiomlán leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach a baineadh amach le linn na caibidlíochta idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, agus a rinne an Coimisiún a éascú.


(1)  IO C 11, 15.01.2013, lch.85.


4.4.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

6


RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE (AE) Uimh. 5/2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 3 Márta 2014

(2014/C 100/02)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (2) go mbeidh ítimí dé-úsáide faoi réir rialaithe éifeachtaigh i gcás ina ndéantar iad a onnmhairiú ón Aontas nó i gcás iad a bheith ar idirthuras tríd an Aontas, nó i gcás ina seachadtar go tríú tír iad mar thoradh ar sheirbhísí bróicéireachta arna soláthar ag bróicéir a bhfuil cónaí aige san Aontas nó atá bunaithe san Aontas.

(2)

Ionas go mbeidh na Ballstáit agus an tAontas in ann a ngealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, bunaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 liosta coiteann na n-ítimí dé-úsáide atá faoi réir rialaithe san Aontas. Glactar cinntí maidir leis na hítimí atá faoi réir rialaithe faoi chuimsiú Ghrúpa na hAstráile, an Chórais Rialaithe um Theicneolaíocht Diúracán, Ghrúpa na Soláthraithe Núicléacha, Chomhshocraíocht Wassenaar agus Choinbhinsiún na nArm Ceimiceach.

(3)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 do liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar liosta é a bheidh le nuashonrú i gcomhréir leis na hoibleagáidí ábhartha agus leis na gealltanais ábhartha, agus aon mhodhnuithe orthu sin, lenar ghlac na Ballstáit mar chomhaltaí de na córais idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh agus na socruithe idirnáisiúnta maidir le rialú onnmhairiúcháin, nó trí chonarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú.

(4)

Ní mór liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a nuashonrú go rialta lena áirithiú go bhfuil na hoibleagáidí slándála idirnáisiúnta á gcomhlíonadh ina n-iomláine, chun trédhearcacht a ráthú, agus chun cumas iomaíochta onnmhaireoirí a choimeád ar bun. D'fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí diúltacha ag moilleanna maidir le liosta na n-ítimí dé-úsáide sin a nuashonrú ar shlándáil agus ar iarrachtaí idirnáisiúnta i leith neamhleata, agus ar fheidhmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha ag onnmhaireoirí san Aontas. Ag an am céanna, ciallaíonn cineál teicniúil na leasuithe agus an fíoras go mbeidh na hathruithe sin le bheith i gcomhréir le cinntí arna nglacadh sna córais idirnáisiúnta um rialú onnmhairiúcháin gur cheart nós imeachta brostaithe a úsáid chun na nuashonruithe riachtanacha a thabhairt i bhfeidhm san Aontas.

(5)

Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, tugtar isteach Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas mar cheann de na ceithre chineál údaruithe onnmhairiúcháin atá ar fáil faoin Rialachán sin. Le hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, ceadaítear d'onnmhaireoirí atá bunaithe san Aontas ítimí sonraithe áirithe a onnmhairiú chuig cinn scríbe sonraithe áirithe faoi réir choinníollacha na n-údaruithe sin.

(6)

Déantar na hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas atá i bhfeidhm san Aontas faoi láthair a leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009. I bhfianaise chineál na nÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le cinn scríbe nó ítimí áirithe a bhaint de raon feidhme na n-údaruithe sin, go háirithe má léiríonn dálaí atá ag athrú nár cheart idirbhearta onnmhairiúcháin éascaithe a údarú a thuilleadh faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas le haghaidh cinn scríbe áirithe. Níor cheart, toisc go mbaintear ceann scríbe de raon feidhme Údaraithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, cosc a chur ar onnmhaireoir iarratas a dhéanamh ar chineál eile údaraithe onnmhairiúcháin faoi fhorálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.

(7)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar liosta coiteann na n-ítimí dé-úsáide a nuashonrú go rialta agus go tráthúil i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus na gealltanais arna dtógáil ar láimh do Bhallstáit faoi chuimsiú na gcóras idirnáisiúnta um rialú onnmhairiúcháin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú faoi raon feidhme Airteagal 15 den Rialachán sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe.

(8)

Chun go mbeidh an tAontas in ann freagairt go mear do dhálaí atá ag athrú maidir le measúnú a dhéanamh ar íogaireacht onnmhairí faoi Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú maidir le cinn scríbe a bhaint de raon feidhme Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas. Ó tharla nár cheart leasuithe den sórt sin a dhéanamh ach amháin mar fhreagairt do mhéadú sa mheasúnú ar an riosca a bhaineann leis na honnmhairí ábhartha, agus go bhféadfadh sé go dtarlódh éifeacht dhochrach láithreach ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát dá leanfaí d'Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid le haghaidh na n-onnmhairí sin, féadfaidh an Coimisiún nós imeachta práinne a úsáid.

(9)

Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 9(1), cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

“D'fhonn a áirithiú nach gcumhdaítear ach idirbhearta a mbaineann riosca íseal leo le hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a áirítear in Iarscríbhinn IIa go hIarscríbhinn IIf, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a chun cinn scríbe a bhaint de raon feidhme Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin sin ón Aontas, más rud é go dtagann cinn scríbe den sórt sin chun bheith ina n-ábhar do lánchosc arm amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

Más rud é, i gcásanna lánchosc den sórt sin, Aontas ar mhórchúiseanna práinne, go gcaithfear cinn scríbe áirithe a bhaint de raon feidhme Údaraithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 23b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.”;

(2)

In Airteagal 15, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a maidir le liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I a nuashonrú. Déanfar Iarscríbhinn I a nuashonrú laistigh den raon feidhme a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. I gcás ina mbaineann nuashonrú Iarscríbhinn I le hítimí dé-úsáide a liostaítear freisin in Iarscríbhínn IIa go hIarscríbhinn IIg nó go hIarscríbhinn IV, déanfar na hIarscríbhinní sin a leasú dá réir sin.”.

(3)

Cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 23a

1.   Déantar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 15(3) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón …. (*). Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó in Airteagal 15(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 9(1) nó Airteagal 15(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 23b

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2012 (IO C 68 E, 7.3.2014, lch. 112) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 3 Márta 2014. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … agus cinneadh ón gComhairle an …

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 an 5 Bealtaine 2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).

(*)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 7 Samhain 2011, thíolaic an Coimisiún a togra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena mbunaítear Córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras earraí dé-úsáide a rialú. (1)

Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 23 Deireadh Fómhair 2012 (2).

Sa phacáiste “Omnibus um Thrádáil”, a bhí á chaibidliú ag an bpointe ama sin, bhí tograí maidir le gníomhartha tarmligthe is ábhartha don togra reatha freisin. D'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú idir na rialacháin sin agus an togra reatha, comhaontaíodh go bhfanfaí le toradh an phacáiste Omnibus um Thrádáil.

I mí an Mheithimh 2013, thángthas ar chomhréiteach maidir leis an bpacáiste Omnibus um Thrádáil (3). Ina dhiaidh sin, cuireadh caibidlíocht ar bun chun teacht ar “comhaontú luath ar an dara léamh” maidir leis an togra reatha. (4)

Ag an gcruinniú trípháirteach neamhfhoirmiúil deiridh a bhí ann an 17 Nollaig 2013, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú sealadach faoi phacáiste comhréitigh.

An 21 Eanáir 2014, rinne an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA), ar coiste de chuid Pharlaimint na hEorpa é, toradh na caibidlíochta trípháirtí a fhormheas.

An 21 Eanáir 2014, chuir Cathaoirleach INTA litir chuig an Uachtaránacht ina léiríodh go molfadh sé don Chruinniú Iomlánach glacadh leis an seasamh ón gComhairle gan leasú a dhéanamh air, dá dtarchuirfeadh an Chomhairle a seasamh chuig Parlaimint na hEorpa go foirmiúil san fhoirm chéanna sin inar cuireadh i láthair é san Iarscríbhinn a ghabh leis an litir sin.

Ar an mbonn sin, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil faoin togra an 11 Feabhra 2014 (trí COREPER an 29 Eanáir 2014). (5)

Agus an comhaontú thuas á chur san áireamh aici agus tar éis athbhreithniú dlí agus teanga a bheith déanta, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh an 3 Márta 2014, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

II.   CUSPÓIR

Sa rialachán atá á bheartú, féachtar le nuashonruithe rialta, tráthúil a áirithiú, trí ghníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún, ar liosta AE maidir le rialú ítimí dé-úsáide i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus leis na gealltanais ar ghlac na Ballstáit leo laistigh de na córais idirnáisiúnta rialaithe onnmhairí.

Anuas air sin, d'fhonn go bhféadfaidh AE déileáil go tapaidh le cúinsí athraitheacha maidir le measúnú ar a íogaire atá onnmhairí faoi Údaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin de chuid AE, foráiltear ann go mbainfí cinn scríbe as raon feidhme na nÚdaruithe sin dá mba ghá sin i gcásanna áirithe chun a áirithiú nach gcumhdaítear ach idirbhearta a mbaineann riosca íseal leo.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

Chomhaontaigh an Chomhairle le príomhéirim an togra maidir leis an nós imeachta chun nuashonrú a dhéanamh ar liosta AE maidir le rialú (Iarscríbhinn I) trí ghníomhartha tarmligthe. Tugadh isteach modhnuithe maidir leis na saincheisteanna a leanas:

Foráladh raon feidhme níos soiléire le go bhféadfaí, trí na gníomhartha tarmligthe, cinn scríbe a bhaint as na hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin de chuid AE, i.e. má bhíonn na cinn scríbe sin faoi réir lánchosc arm amach anseo;

Sonraíodh gur cúig bliana a bheidh sa tréimhse ina dtabharfar an chumhacht tarmligthe don Choimisiún, ar tréimhse í a bheidh in-athnuaite go hintuigthe;

I gcás ina mbeidh ítimí dé-úsáide i gceist sna nuashonruithe ar liostaí AE maidir le rialú (Iarscríbhinn I), ar ítimí iad atá liostaithe freisin in Iarscríbhinní áirithe eile den Rialachán, leasófar na hIarscríbhinní sin dá réir sin.

De bhreis air sin, d'aithin Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, i ráiteas comhpháirteach a thábhachtaí atá sé éifeachtacht agus comhchuibheas chóras straitéiseach rialaithe onnmhairí AE a fheabhsú go leanúnach, lena n-áirithítear ardleibhéal slándála agus trédhearcacht leormhaith gan bac a chur ar an iomaíochas agus ar thrádáil dhlisteanach na n-ítimí dé-úsáide. Leanfar d'aghaidh a thabhairt air sin freisin i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar an mbeartas maidir le rialú ar onnmhairiú ítimí dé-úsáide.

IV.   CONCLÚID

Léirítear le Seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach a baineadh amach sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, agus é á éascú ag an gCoimisiún freisin. Tacaíodh leis an gcomhréiteach sin trí chomhaontú polaitiúil a ghlac an Chomhairle an 11 Feabhra 2014 agus a glacadh via COREPER an 29 Eanáir 2014.

Léirigh Cathaoirleach Choiste INTA Pharlaimint na hEorpa, i litir chuig an Uachtaránacht an 21 Eanáir 2014, go molfadh sé don Seisiún Iomlánach gur cheart glacadh leis an Seasamh ón gComhairle gan é a leasú, faoi réir an fhíoraithe dhlítheangeolaíoch ar an dara léamh sa Pharlaimint, dá mba rud é go ndéanfadh an Chomhairle a Seasamh, mar atá faoi láthair san Iarscríbhinn a ghabhann leis an litir sin, a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint ar bhonn foirmiúil.


(1)  16726/11.

(2)  15611/12.

(3)  13284/13.

(4)  11454/13 agus 12203/13.

(5)  5480/14.


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras rialaithe onnmhairí dé-úsáide

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a thábhachtaí atá sé éifeachtacht agus comhchuibheas chóras straitéiseach rialaithe onnmhairí AE a fheabhsú go leanúnach, lena n-áirithítear ardleibhéal slándála agus trédhearcacht leormhaith gan bac a chur ar an iomaíochas agus ar thrádáil dhlisteanach na n-ítimí dé-úsáide.

Measann na trí institiúid go dteastaíonn nuachóiriú agus tuilleadh cóineasaithe ón gcóras ar mhaithe le coinneáil cothrom le dáta maidir le bagairtí nua agus mearathruithe teicneolaíochta, leis an saobhadh a laghdú, le fíor-chómhargadh d'ítimí dé-úsáide a chruthú (cothroime rialta aonfhoirmeach iomaíochta d'onnmhaireoirí), agus le go leanfar de bheith mar shamhail maidir le rialú onnmhairiúcháin do thríú tíortha.

Chun na críche sin, ní mór príomhshruthú a dhéanamh ar an bpróiseas atá ann chun na liostaí rialaithe a nuashonrú (sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán); measúnú riosca agus malartú faisnéise a neartú, caighdeáin tionsclaíochta níos fearr a fhorbairt, agus éagothromaíocht maidir leis an gcur chun feidhme a laghdú.

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na fadhbanna maidir le honnmhairiú faisnéis áirithe agus teicneolaíocht na faisnéise (TFC) a fhéadfar a úsáid i gcás sáraithe ar chearta an duine agus chun dochar a dhéanamh do shlándáil an Aontais Eorpaigh, go háirithe do theicneolaíochtaí a úsáidtear i ndáil le hollfhaireachas, faireachán, rianú agus cinsireacht, agus i ndáil le leochaileacht na mbogearraí.

Cuireadh tús le comhairliúcháin theicniúla i ndáil leis sin, lena n-áirítear faoi chuimsiú Chuairt Piaraí AE maidir le Dé-Úsáid, an Ghrúpa Chomhordaithe Dé-Úsáide, agus na gcóras rialuithe onnmhairiúcháin, agus tá gníomhaíochtaí á ndéanamh i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna práinneacha trí smachtbhannaí (de bhun Airteagal 215 CFAE), nó trí bhearta náisiúnta. Neartófar na hiarrachtaí a dhéantar le comhaontuithe iltaobhacha a chur chun cinn i gcomhthéacs na gcóras rialuithe onnmhairiúcháin, agus scrúdófar roghanna maidir le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le rialú onnmhairí dé-úsáide, agus maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún a ullmhú. Sa chomhthéacs sin, thug na trí institiúid dá n-aire an comhaontú ar tháinig na Stáit atá Rannpháirteach i gComhshocrú Wassenaar air an 4 Nollaig 2013 chun rialuithe a ghlacadh maidir le huirlisí ilchasta faireachais lena bhféadfar rochtain neamhúdaraithe a fháil ar chórais ríomhaireachta, agus ar chórais faireachais ar líonraí Prótacail Idirlín.

Geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go ndéanfaidh siad breis forbartha ar an sásra “uileghabhálach” atá ann cheana maidir le hítimí dé-úsáide nach gcumhdaítear faoi Iarscríbhinn I den Rialachán, d'fhonn an córas rialaithe onnmhairí a fheabhsú agus é á chur i bhfeidhm laistigh den mhargadh Eorpach aonair.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas a thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus doiciméid a chur ar fáil don Pharlaimint i ndáil leis na cruinnithe a bhí aige le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.


Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta

D'fhonn cur chuige Eorpach níos iomláine, níos éifeachtaí agus níos comhtháite maidir le gluaiseacht (onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras) na n-ítimí straitéiseacha, cuirfidh an Coimisiún togra nua ar aghaidh chun an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta a luaithe agus is féidir.