ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.C_2013.267.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

56
17 Meán Fómhair 2013


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

2013/C /01

Tuairim Uimh. 2/2013 (de bhun Airteagal 287(4), CFAE) ar an togra leasaithe do Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá folaithe sa Chomhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

1

 


 

(1)   Faoin tagairt C 267 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ

17.9.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


TUAIRIM Uimh. 2/2013

(de bhun Airteagal 287(4), CFAE)

ar an togra leasaithe do Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá folaithe sa Chomhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle

2013/C 267/01

CLÁR ÁBHAIR

 

Mír

Lch.

Barúlacha ginearálta …

1-2

2

Ráitis mionsonraithe …

3-6

2

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe d’Airteagail 4, 5, agus 17 agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe d’Airteagail 174 go 178, 287(4), an dara fomhír, 317, 318 agus 322 de,

Ag féachaint do thogra leasaithe an 22 Aibreán 2013 de chuid an Choimisiúin (1),

Ag féachaint d’iarratas Pharlaimint na hEorpa ar thuairim, faighte ag an gCúirt an 3 Meitheamh 2013,

Ag féachaint do Thuairim Uimh. 7/2011 den Chúirt ar an togra do Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá folaithe sa Chomhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (2),

Ag féachaint do Thuairim Uimh. 9/2012 den Chúirt ar thogra leasaithe roimhe seo do Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá folaithe sa Chomhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Togra leasaithe an 22 Aibreán 2013 de chuid an Choimisiúin do rialachán arna leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), leis an gCiste Comhtháthaithe (CC), leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), tá sé mar aidhm aige na córais bainistíochta agus rialúcháin a bunaíodh faoi bheartas comhtháthaithe a chur i bhfeidhm i leith an CEMI, in ionad cur i bhfeidhm na gcóras i leith an CETFT, mar atá leagtha amach i dtogra bunaidh an Choimisiúin (4).

(2)

Ní thugann togra leasaithe an 22 Aibreán 2013 de chuid an Choimisiúin isteach athruithe suntasacha do na córais bainistíochta agus rialúcháin mar a ndéantar cur síos orthu sa togra bunaidh, is amhlaidh a bheartaíonn sé struchtúr rialachais an CEMI a ailíniú le ceann sin an bheartais chomhtháthaithe, in ionad leis an CETFT.

(3)

Thug Tuairim na Cúirte Uimh. 7/2011 tuairim mionsonraithe cheana ar na tograí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le córais bainistíochta agus rialúcháin, agus thug Tuairim Uimh. 9/2012 tuairim ar an togra leasaithe roimhe.

TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:

Barúlacha ginearálta

1.

Is mian leis an gCúirt na barúlacha ginearálta a rinneadh i gCuid 1 dá Tuairim Uimh. 7/2011 a choimeád ar bun, rud nach bhfuil léirithe i dtogra leasaithe an 22 Aibreán 2013 de chuid an Choimisiúin, agus tarraingítear aird go háirithe ar mhíreanna 22 go 37 den tuairim sin. Baineann siad sin le socruithe coiteanna bainistíochta agus rialúcháin don rialachán, rud a thiocfadh i bhfeidhm maidir leis an CEMI chomh maith tar éis an togra leasaithe.

2.

Tugann an Chúirt dá haire chomh maith nach bhfuil na moltaí mionsonraithe a rinne sí i gCuid II de Thuairim Uimh. 7/2011 ná na barúlacha ginearálta a rinneadh i dTuairim Uimh. 9/2012 léirithe faoi láthair i dtogra leasaithe an 22 Aibreán 2013 de chuid an Choimisiúin ach ba chóir go gcuirfí san áireamh iad.

Ráitis mionsonraithe

3.

Thug mír 7 de Thuairim na Cúirte Uimh. 7/2011 dá haire go bhfuil idirdhealú déanta ag an togra idir forálacha “coiteanna” (atá infheidhme i leith na gcúig Chiste go léir de chuid an Chomhchreata Straitéisigh (CS)) agus forálacha “ginearálta” (nach bhfuil infheidhme ach i leith roinnt díobh: CFRE, CSE agus CC). Bhí creat reachtach neamhleanúnach mar thoradh air sin agus tharraing sé anuas an cheist arbh fhearr an Rialachán ginearálta a theorannú do na forálacha atá infheidhme i leith na gcúig Chiste go léir (na “forálacha coiteanna”) agus na forálacha eile (na “forálacha ginearálta”) a chur i rialacháin do Chistí sonracha.

4.

Cruthaíonn an togra leasaithe catagóir eile d’fhorálacha ginearálta, áfach, atá infheidhme i leith na gcístí go léir ach amháin an CETFT: Tá Cuid II den togra infheidhme i leith na gcistí CS go léir; Cuid III tá sé infheidhme i leith an CFRE, an CSE agus an CC; tá formhór de Chuid IV infheidhme i leith an CFRE, an CSE, an CC agus CEMI, ach ní i leith an CETFT, agus tá roinnt de Chuid IV infheidhme i leith an CFRE, an CSE agus an CC amháin.

5.

Tugann Airteagal 117(4) den togra leasaithe foráil isteach sna cásanna ina sáraíonn méid na tacaíochta iomláine ón CEMI do chlár oibriúcháin 100 000 000 euro, lena d’fhéadfadh an Coimisiún an tuarascáil agus an tuairim a iarraidh ar an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta chomh maith le cur síos ar an gcóras bainistíochta agus rialúcháin. Mar a tugadh dá aire cheana féin i gCuid II de Thuairim na Cúirte Uimh. 7/2011, ba chóir go mbeadh sé ar chumas an Choimisiúin an fhaisnéis seo a iarraidh mar gheall ar na cláir oibriúcháin go léir, neamhspleách ar an méid thacaíochta ón AE.

6.

Tugann Airteagal 140(1) den togra leasaithe foráil isteach d’oibríochtaí de chuid an CEMI nach sáraíonn a gcaiteachas incháilithe iomlán 50 000 euro, nach mbeadh siad faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin ón údarás iniúchóireachta ná ón gCoimisiún roimh chlabhsúr an chaiteachais go léir bainteach leis faoi Airteagal 131. Mar a tugadh dá aire cheana i gCuid II de Thuairim na Cúirte Uimh. 7/2011, níl aon fhianaise ann nach mbíonn oibríochtaí le caiteachas incháilithe faoi bhun 50 000 euro chomh tugtha d’earráidí agus a bhíonn oibríochtaí eile, agus ba chóir don Rialachán a shoiléiriú conas a rachadh rialuithe comhréireacha i bhfeidhm ar an tsampláil atá le déanamh ag na húdaráis iniúchóireachta.

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí i Lucsamburg an Tuairim seo ina cruinniú an 18 Iúil 2013.

Don Chúirt Iniúchóirí

Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA

An tUachtarán


(1)  COM(2013) 246 final an 22 Aibreán 2013.

(2)  IO C 47, 17.2.2012, lch. 1.

(3)  IO C 13, 16.1.2013, lch. 1.

(4)  COM(2011) 615 críochnaitheach an 6 Deireadh Fómhair 2011.