|
ISSN 1977-107X doi:10.3000/1977107X.CA2013.227.gla |
||
|
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
56 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach |
|
|
2013/C /01 |
||
ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS
Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.
|
5 |
|
|
27 |
(RO) |
|
29 |
|
|
33 |
|
|
34 |
|
|
36 |
(DA) |
|
41 |
(BG) |
|
43 |
(EN) |
|
49 |
(ET) |
|
50 |
(HU) |
|
51 |
(SL) |
|
54 |
(DE/EN/FR) |
|
58 |
(EN/GA) |
|
75 |
|
|
81 |
|
|
82 |
|
|
88 |
(BG) |
|
89 |
(CS) |
|
94 |
|
|
104 |
|
|
109 |
|
|
111 |
|
|
112 |
(DE/EN/FR) |
|
117 |
(ET) |
|
118 |
|
|
120 |
|
|
131 |
|
|
143 |
|
|
160 |
(DE/EN/FR) |
|
162 |
|
|
166 |
|
|
167 |
|
|
168 |
|
|
172 |
|
|
173 |
|
|
174 |
|
|
176 |
(BG/DE/EN/ET/FI/IT/LT/LV/MT/NL/PL/PT/SK/SL/SV) |
|
180 |
(MT) |
|
182 |
(DE/EN/FR) |
|
183 |
(IT) |
|
191 |
|
|
192 |
|
|
193 |
|
|
194 |
|
|
196 |
|
|
197 |
|
|
199 |
|
|
200 |
|
|
204 |
(DE/EN/FR) |
|
210 |
(LV) |
|
211 |
(PL) |
|
219 |
|
|
227 |
|
|
|
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 227 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach
|
6.8.2013 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
Folúntas do Bhainisteoir Riaracháin (Grád AD14) le hOifig Chomhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach — Oifig BEREC, Ríge, an Laitvia
BEREC/2013/02
(2013/C 227 A/01)
Oifig BEREC
Bunaíodh Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) chun tacaíocht riaracháin agus ghairmiúil a sholáthar do BEREC, Comhlacht nua na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach.
Tá BEREC comhdhéanta de Bhord Rialtóirí ina gcuimsítear Ceannairí an 28 n-údarás rialála náisiúnta (ÚRNanna). Tugann BEREC comhairle don Choimisiún Eorpach agus do na ÚRNanna agus cuidíonn sé le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú an chreata rialacháin le haghaidh cumarsáide leictreonaí. Cuidíonn BEREC go háirithe lena áirithiú go mbeidh iomaíocht chothrom agus comhsheasmhacht rialaithe sa mhargadh inmheánach le haghaidh cumarsáide leictreonaí trí chomhairle shaineolach a sholáthar maidir le sainmhínithe margaidh, anailís agus bearta ceartaitheacha, sainiú margaí trasnáisiúnta, díospóidí trasteorann agus saincheisteanna uimhrithe.
Is comhlacht AE í “Oifig BEREC” a thugann tacaíocht ghairmiúil agus riaracháin do BEREC. Le suas le 28 nduine ar an bhfoireann, tá Oifig BEREC á bainistiú ag Bainisteoir Riaracháin faoi mhaoirseacht Coiste Bainistíochta ina bhfuil Ceannairí céanna an 28 ÚRN agus ionadaí ón gCoimisiún Eorpach.
Tá Oifig BEREC freagrach, ach go háirithe, as faisnéis a bhailiú ó ÚRNanna agus faisnéis a mhalartú agus a tharchur maidir le ról agus cúraimí BEREC; dea-chleachtas rialála a scaipeadh i measc ÚRNanna; cuidiú le Cathaoirleach Bhord Rialtóirí BEREC a gcuid oibre a ullmhú; agus tacaíocht a eagrú agus a sholáthar do shainghrúpaí oibre.
Tá Oifig BEREC lonnaithe i Ríge, an Laitvia. Is ionann a líon foirne amhail deireadh Bhealtaine 2013 agus 26 (lena n-áirítear an Bainisteoir Riaracháin) as uasmhéid de 28.
Beidh feidhm maidir le foireann na hOifige, lena n-áirítear an Bainisteoir Riaracháin, ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus ag na rialacha glactha go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh chun críche na Rialacháin Foirne sin agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm.
Le tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i gcomhairle le láithreán gréasáin BEREC: http://berec.europa.eu/
An post
Beidh an Bainisteoir Riaracháin freagrach as ceannaireacht na hOifige agus glacfaidh sé/sí freagracht iomlán as an obair riachtanach ó lá go lá chun tacaíocht ghairmiúil agus riaracháin a thabhairt do BEREC. Rachaidh sé/sí i mbun idirchaidrimh agus cinnteofar comhordú le hobair BEREC. Comhlíonfaidh sé/sí a chuid/cuid cúraimí go neamhspleách agus beidh sé/sí freagrach don Choiste Bainistíochta. I measc freagrachtaí an Bhainisteora Riaracháin áireofar:
|
— |
na bearta is gá a ghlacadh chun feidhmiú na hOifige a áirithiú, faoi threoir an Choiste Bainistíochta, |
|
— |
cuidiú leis an gCoiste Bainistíochta chun buiséad na hOifige a ullmhú agus le clár oibre bliantúil na hOifige a ullmhú, |
|
— |
gníomhú mar oifigeach údaraithe agus buiséad na hOifige a chur chun feidhme faoi mhaoirseacht an Choiste Bainistíochta, agus ag cleachtadh cuntasachta agus freagrachta i leith an údaráis bhuiséid, |
|
— |
maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme chlár oibre bliantúil na hOifige faoi threoir an Bhoird Rialtóirí, |
|
— |
cuidiú le cláir oibre an Bhoird Rialtóirí, an Choiste Bainistíochta agus na sainghrúpaí oibre a ullmhú, |
|
— |
cuidiú le dréacht-thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí BEREC a ullmhú, |
|
— |
páirt a ghlacadh, gan cheart vótála, in obair Bhord Rialtóirí BEREC agus an Choiste Bainistíochta, |
|
— |
gníomhú mar phointe teagmhála d'institiúidí, comhlachais, geallsealbhóirí agus aon tríú páirtithe leasmhara eile de chuid an AE, |
|
— |
cuidiú leis an gCathaoirleach maidir le caidreamh BEREC le hinstitiúidí an AE agus a bheith rannpháirteach in imeachtaí ag leibhéal iomchuí faoi shainordú an Chathaoirligh. |
Beifear ag súil go n-oibreoidh an Bainisteoir Riaracháin go lánaimseartha ag láthair Oifig BEREC i Ríge, an Laitvia. Is minic go mbeidh air/uirthi dul ar mhisean lasmuigh de láthair na fostaíochta.
Láithreán gréasáin le haghaidh tuilleadh faisnéise: http://berec.europa.eu/
Na critéir incháilitheachta
Breithneofar ar iarratasóirí le haghaidh na céime roghnúcháin ar bhonn na gcritéar foirmiúil seo a leanas le comhlíonadh faoi spriocdháta na n-iarratas:
|
— |
náisiúntacht: a bheith mar náisiúnach de Bhallstát an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
do chearta iomlána mar shaoránach a theachtadh, |
|
— |
aon oibleagáidí forchurtha ag na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat, |
|
— |
a bheith folláin go fisiciúil chun do chuid dualgas a chomhlíonadh (1), |
|
— |
céim nó dioplóma ollscoile (2):
|
|
— |
taithí ghairmiúil: ar a laghad 15 bliana taithí ghairmiúil a bheith faighte tar éis an oideachais thuasluaite a chur i gcrích agus ag leibhéal na cáilíochta a éilítear, |
|
— |
taithí ghairmiúil ábhartha: as an 15 bliana taithí ghairmiúil, 5 bliana taithí ábhartha díreach a bheith faighte san earnáil chumarsáide leictreonaí ag leibhéal na cáilíochta a éilítear, |
|
— |
taithí bainistíochta: ar a laghad 5 bliana taithí ghairmiúil a bheith faighte i bhfeidhm bhainistíochta ag leibhéal na cáilíochta a éilítear. Glacfar taithí ghairmiúil san áireamh ón dáta ar a gcomhlíonann an duine na híoscháilíochtaí nó an fhostaíocht. Ní féidir aon tréimhse tugtha a chomhaireamh ach uair amháin (d'fhonn a bheith ríofa mar incháilithe, ní thiocfaidh blianta staidéir nó taithí ghairmiúil a ghlacfar san áireamh salach ar thréimhsí eile staidéir nó taithí ghairmiúil). Ríomhfar gníomhaíochtaí gairmiúla a dtugtar fúthu go páirtaimseartha ar bhonn pro-rata bunaithe ar chéatadán deimhnithe na n-uaireanta lánaimseartha a oibrítear. |
|
— |
teangacha: beidh eolas cuimsitheach aige/aici ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus eolas sásúil ar an dara teanga. |
|
— |
teorainn aoise: Beidh sé/sí in ann an sainordú iomlán trí bliana a chur i gcrích sula sroichfidh sé/sí an aois scoir. I gcás fhoireann shealadach an Aontais Eorpaigh, sainítear an aois scoir mar dheireadh na míosa ina sroicheann an duine aois 65. |
Na critéir roghnúcháin
Roghnófar an Bainisteoir Riaracháin ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
|
— |
eolas an-mhaith ar bheartas agus ar chleachtas rialála ábhartha do réimse na cumarsáide leictreonaí agus taithí ceannaireachta sa réimse sin, |
|
— |
tuiscint chuimsitheach ar institiúidí an AE agus conas a oibríonn siad agus a dhéanann siad idirghníomhú, agus ar bheartais an AE agus ar ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta atá ábhartha do ghníomhaíochtaí BEREC, |
|
— |
cumas cruthaithe i mbainistiú forbairt beartais/straitéise agus saincheisteanna riaracháin araon, |
|
— |
taithí oibre i bpost sinsearach, |
|
— |
an cumas ceannaireacht a ghlacadh agus spreagadh a thabhairt d'fhoireann i dtimpeallacht Eorpach, ilchultúrtha agus ilteangach, |
|
— |
cumas cumarsáide leis na hinstitiúidí Eorpacha chomh maith leis an bpobal agus comhoibriú le páirtithe leasmhara (údaráis Eorpacha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla, eagraíochtaí idirnáisiúnta, etc.), |
|
— |
eolas beacht ar an mBéarla mar theanga oibre. |
Bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh na nithe seo a leanas aige/aici:
|
— |
taithí ar bhainistiú buiséid, airgeadais agus acmhainní daonna i gcomhthéacs náisiúnta, Eorpach agus/nó idirnáisiúnta, |
|
— |
scileanna cumarsáide agus caibidlíochta den scoth, idir scríofa agus ó bhéal, |
|
— |
taithí phraiticiúil úrnua i gcúrsaí rialála san earnáil chumarsáide leictreonaí, go háirithe más rud é gur fuarthas an taithí sin in NRA, |
|
— |
taithí roimhe sin le hinstitiúidí AE nó le Gníomhaireachtaí AE. |
Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna
Iarrfar ar an mBainisteoir Riaracháin dearbhú gealltanas a thabhairt go ngníomhóidh sé/sí go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leasanna a bhféadfaí iad a mheas mar chinn a bheadh dochrach dá neamhspleáchas. Ní mór d'iarratasóirí a dtoilteanas amhail a dhéanamh a dheimhniú ina n-iarratas.
Roghnú agus ceapachán
Is é an Coiste Bainistíochta a roghnóidh an Bainisteoir Riaracháin tar éis measúnú a dhéanamh ar a fhiúntas/fiúntas agus a oiriúnacht/hoiriúnacht don phost, bunaithe ar na critéir atá leagtha amach thuas.
Sula gceapfar é/í, beifear ag súil go dtabharfar cuireadh don iarrthóir roghnaithe ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh de Pharlaimint na hEorpa agus go bhfreagróidh sé/sí ceisteanna ar leith.
Comhionannas deiseanna
Cuireann Oifig BEREC beartas comhdheiseanna agus neamhidirdhealaithe i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne (3).
Coinníollacha fostaíochta
Ceapfar an Bainisteoir Riaracháin chuig foireann na hOifige mar ghníomhaire sealadach ag grád AD14 de bhun Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (3) ar feadh tréimhse trí bliana, a fhéadfar a shíneadh uair amháin ar feadh tréimhse nach mó ná trí bliana, mar atá luaite i Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) lena mbunaítear BEREC agus an Oifig.
Nós imeachta iarratais
Ionas go mbeadh iarratais bailí, ní mór d'iarrthóirí na nithe seo a leanas a sheoladh isteach:
|
(1) |
litir chumhdaigh ina bhfuil achoimre ar na cúiseanna go bhfuil sé/sí ag déanamh iarratais ar an bpost, agus |
|
(2) |
Curriculum Vitae (CV) dréachtaithe de rogha ag baint úsáide as formáid Europass le haghaidh CVanna (5): Iarrtar go sainráite ar iarratasóirí an taithí agus an saineolas atá acu atá ábhartha don phost a aibhsiú agus cuntas gairid a thabhairt ina leith chomh maith le sonraí maidir le méid — líon foirne — buiséad agus na cineálacha ranna á mbainistiú acu roimhe seo. |
Ionas go mbeadh iarratais bailí, ní mór d'iarrthóirí an fhoirm iarratais faoi iamh a sheoladh isteach freisin (ar fáil freisin ar láithreán gréasáin EUROPA)
http://ec.europa.eu/dgs/personnel_administration/working_senior_mgt_en.htm
Diúltófar iarratais atá neamhiomlán.
Níor chóir doiciméid thacaíochta (e.g. cóipeanna deimhnithe de chéimeanna/dioplómaí, tagairtí, cruthúnas maidir le taithí, etc.) a sheoladh ag an tráth seo ach ní mór iad a sheoladh isteach ag céim níos déanaí den nós imeachta má lorgaítear a leithéid.
D'fhonn an próiseas roghnúcháin a éascú, beidh gach cumarsáid le hiarratasóirí maidir leis an bhfolúntas seo i mBéarla.
Ba chóir iarratais, a mbeidh i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis de rogha, a sheoladh i r-phost chuig:
RECRUITMENT-BERECOFFICE-AM@ec.europa.eu
Féadfaidh iarratasóirí nach bhfuil in ann a gcuid iarratas a sheoladh trí mheán r-phoist iad a sheoladh trí an bpost cláraithe nó le mearsheirbhís chúiréireachta chuig:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh & na Teicneolaíochta |
|
BEREC/2013/02 — Post an Bhainisteora Riaracháin in Oifig BEREC |
|
Aonad CONNECT R.1 “Daoine” |
|
Oifig BU25 — 04/187 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
Iarrtar ar iarratasóirí aon athrú seolta a thuairisciú i scríbhinn gan mhoill chuig an seoladh thuas.
Pointí teagmhála le haghaidh tuilleadh faisnéise:
|
An tUas. Gerard de Graaf, |
|
Stiúrthóir CONNECT B: “Cumarsáidí Leictreonacha, Líonraí & Seirbhísí” |
|
Teil. +32 22968466 |
|
R-phost: gerrit.de-graaf@ec.europa.eu |
|
An tUas. Vesa Terävä |
|
Ceann Aonaid, Aonad B2 “Comhordú Rialála agus Úsáideoirí” |
|
Teil. +32 22992381 |
|
R-phost: vesa.terava@ec.europa.eu |
|
Ms Gertrud Ingestad |
|
Stiúrthóir CONNECT R: “Tacaíocht” |
|
Teil. +32 22990515 |
|
R-phost: gertrud.ingestad@ec.europa.eu |
Dáta deiridh
Is é 19 Meán Fómhair 2013, 17.00 uair (am na Bruiséile) an spriocdháta.
Ní mór iarratais a sheoladh trí mheán r-phoist nó sa phost cláraithe tráth nach déanaí ná 19 Meán Fómhair 2013, 17.00 uair (am na Bruiséile), (dáta an r-phoist nó an dáta mar phostmharc leis an bpost cláraithe).
Ní mór iarratais a sheoltar le mearsheirbhís chúiréireachta a sheachadadh ar an dáta céanna roimh 17.00 uair (am na Bruiséile) chuig an seoladh thuas.
Coimeádann an Coimisiún de cheart dáta deiridh an fholúntais seo a shíneadh trí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ansin amháin.
Faisnéis thábhachtach d'iarratasóirí
Meabhraítear d'iarratasóirí go bhfuil obair na gcoistí roghnúcháin rúnda. Toirmisctear d'iarratasóirí dul i dteagmháil go díreach nó go hindíreach le baill na gcoistí sin nó d'aon duine amhail a dhéanamh ar a son.
Cosaint sonraí pearsanta
Áiritheoidh an Coimisiún agus Oifig BEREC go ndéanfar sonraí pearsanta iarrthóirí a phróiseáil de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).
(1) Roimh cheapacháin, éileofar ar iarratasóirí rathúla dul faoi scrúdú dochtúra chun a chinntiú go gcomhlíonann siad na riachtanais de chuid Airteagal 28(e) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.
(2) Ní ghlacfar ach le cáilíochtaí arna n-eisiúint ag údaráis i mBallstáit an AE agus cáilíochtaí arna n-aithint mar choibhéis ag na húdaráis ábhartha i mBallstáit an AE.
(3) IO L 124, 27.4.2004, lch. 1.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lch. 1).
(5) Féadfar CV Europass a íoslódáil ón láithreán gréasáin: http://europass.cedefop.europa.eu/htm/index.htm
(6) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí dá leithéid sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).