ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CA2013.172.gla

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

C NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

56
18 Meitheamh 2013


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Coiste na Réigiún

2013/C /01

Fógra folúntais COR/AD14/ 13BIS/13 maidir le post mar stiúrthóir (f/b) i Stiúrthóireacht an Aistriúcháin — Foilseachán faoi Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne. Foilsítear an post go comhuaineach faoi Airteagal 29(1)(a) agus (b) de na Rialacháin Foirne

1

ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS

Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.

5

 

27

(RO)

29

 

33

 

34

 

36

(DA)

41

(BG)

43

(EN)

49

(ET)

50

(HU)

51

(SL)

54

(DE/EN/FR)

58

(EN/GA)

75

 

81

 

82

 

88

(BG)

89

(CS)

94

 

104

 

109

 

111

 

112

(DE/EN/FR)

117

(ET)

118

 

120

 

131

 

143

 

160

(DE/EN/FR)

162

 

166

 

167

 

168

 

172

 

 


 

(1)   Faoin tagairt C 172 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Coiste na Réigiún

18.6.2013   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA FOLÚNTAIS COR/AD14/ 13BIS/13

maidir le post mar

STIÚRTHÓIR (F/B) (1)

i Stiúrthóireacht an Aistriúcháin

Foilseachán faoi Airteagal 29(2) de na Rialacháin Foirne. Foilsítear an post go comhuaineach faoi Airteagal 29(1)(a) agus (b) de na Rialacháin Foirne

(2013/C 172 A/01)

1.   Grád: AD14

2.   Cur síos gairid ar na príomhchúraimí

Comh-sheirbhísí aistriúcháin Choiste na Réigiún (CR) agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) a stiúradh, faoi údarás díreach Ard-Rúnaithe na gCoistí sainráite sin, agus faoi réir theorann na cumhachtaí arna gcineachadh dó ón gcomhaontú maidir le comhar riaracháin idir CR agus CESC. Is comhalta é den Choiste Comhair a dhéanann maoirsiú agus comhordú ar chúraimí na gcomh-sheirbhísí CR/CESE.

3.   Cineál na ndualgas

I measc na gcúraimí a bhíonn ar an Stiúrthóir, áirítear go háirithe:

obair na ranna éagsúla ar cuid de Stiúrthóireacht an Aistriúcháin iad a eagrú, a chomhordú, a bhainistiú agus a mhaoirsiú. Tá 520 duine ar an iomlán fostaithe ag an Stiúrthóireacht faoi láthair agus tá sí comhdhéanta de 23 aonad teanga agus aonad bainistíochta aistriúcháin;

dualgais an oifigigh údaráis a chomhlíonadh, arna bhfotharmligean chuige ó Ard-Rúnaí CR;

an teagmháil agus an caidreamh is riachtanach a choimeád le seirbhísí éagsúla na nArdstiúrthóireachtaí i gCoiste na Réigiún agus i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

an teagmháil agus an caidreamh is riachtanach a choimeád leis na seirbhísí sna hinstitiúidí Eorpacha eile; ionadaíocht a dhéanamh ar na Coistí ag comhlachtaí idirinstitiúideacha nuair is gá;

bainistiú acmhainní daonna agus airgeadais Stiúrthóireacht an Aistriúcháin a chomhordú;

saothrú de shíor chun modhanna oibre a bharrfheabhsú;

a bheith rannpháirteach i gCoiste Bainistíochta gach Coiste agus sa Choiste Comhair.

Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, tabharfaidh Stiúrthóir an Aistriúcháin aird ar leith ar sheirbhís chothrom a chur ar fáil ar bhonn cothromais idirinstitiúidigh idir CR agus CESE, agus tiomantas a léiriú don chomhar, don dlúthpháirtíocht agus don chumarsáid chomhordaithe.

4.   Critéir iontrála

Tá an próiséas roghnúcháin oscailte do gach iarrathóir a chomhlíonann na critéir seo a leanas ar an spriocdháta d'iarratais. Maidir leis na hiarratasóirí:

caithfidh siad náisiúntacht cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bheith acu;

caithfidh siad a gcearta iomlána mar shaoránaigh a bheith á dteachtadh acu agus caithfidh siad na teistiméireachtaí iomchuí faoi charachtar a thabhairt ar aird i dtaca lena n-oiriúnacht chun cúraimí an phoist mar Stiúrthóir an Aistriúcháin a chomhlíonadh;

caithfidh gach oibleagáid a chuirtear orthu go reachtúil a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta acu;

caithfidh siad a bheith faoi bhun an aois scoir, a leagtar síos i gcás oifigeach agus bhaill eile foirne den Aontas Eorpach, ag deireadh na míosa ina mbainfidh an seirbhíseach aois 65 amach;

caithfidh siad na coinníollacha aclaíochta coirp atá riachtanach le haghaidh comhlíonadh na ndualgas a chomhlíonadh — chun sin a dheimhniú scrúdóidh Oifigeach Leighis CR an iarrthóir rathúil le linn an phróisis earcaíochta;

caithfidh leibhéal oideachais a bheith acu arb ionann é agus staidéir ollscoile agus dioplóma mar chruthú air nuair is é ceithre bliana nó níos mó gnáthfhad na staidéar sin, nó leibhéal oideachais arb ionann é agus staidéir ollscoile agus dioplóma mar chruthú air agus taithí iomchuí bliana amháin ar a laghad nuair is é trí bliana ar a laghad gnáthfhad na staidéar sin;

caithfidh ar a laghad 15 bliana de taithí phroifisiúnta a bheith acu, ábhartha do chineál na ndualgas i ndiaidh an dioplóma dá tagraítear sa fhleasc roimhe seo a fháil; i gcás gur trí bliana gnáthfhad an oideachas ollscoile, sainítear gur dlúthchuid den dioplóma í an taithí ghairmiúil bliana chun an tréimshe sin a chomhlánú agus áireofar sin sa bhreis ar na blianta de thaithí ghairmiúil a cheanglaítear faoin bhfleasc seo;

caithfidh ceann amháin de theangacha oifigiúla an AE a bheith ar a dtoil acu mar phríomhtheanga chomh maith le heolas sásúil ar theanga eile oifigiúil den AE;

ar leas na seirbhíse, caithfidh siad eolas sásúil ar a laghad a bheith acu ar an mBéarla nó ar an bhFraincis. I bhfianaise cineál na ndualgas a bheidh le comhlíonadh, tá sé ina cheangal go mbeadh eolas sásúil ar a laghad ar an mBéarla nó ar an bhFraincis ag iarrthóirí; maidir leis an ngá atá ann oifigeach a earcú ag a bhfuil na caighdeáin is airde ó thaobh inniúlachta, feidhmíochta agus ionracais de caithfidh cothromaíocht a aimsiú idir sin agus leas na seirbhíse, a éilíonn go mbeidh iarrthóir in ann a bheith ag feidhmiú láithreach agus go mbeidh sé ar a chumas cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach laistigh den institiúid ina chuid oibre laethúla i gceann amháin de na teanga is mó a úsáideann oifigigh agus baill eile foirne an Aontais mar dhlúththeanga oibre. Is modh comhréireach atá sa tástáil ar fheasacht teanga na n-iarrthóirí le linn an phróisis earcaíochta chun a dheimhniú go bhfuil na cáilíochtaí is airde acu chun post Stiúrthóir an Aistriúcháin a chomhlíonadh i dtimpeallacht oibre Choiste na Réigiún agus na gcomh-sheirbhísí a roinneann sé leis an CESE. Aon iarrthóir a bhfuil ceann amháin den dá theanga thuasluaite aige mar phríomhtheanga, iarrfar air le linn na tástála béil é féin a chur in iúl go sásúil i dteanga oifigiúil eile freisin seachas a phríomhtheanga. Beidh sé ina bhuntáiste ag an iarrthóir má tá sé in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i dteangacha oifigiúla AE eile;

caithfidh siad a shainiú sa dearbhú sínithe (féach pointe 7.1 thíos) go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le scileanna teanga, a ndéanfar measúnú orthu le linn an agallaimh.

5.   Critéir thosaigh scagthástála

Beidh dhá chéim ag baint leis an scagthástáil thosaigh, céimeanna comharbasacha díbreacha a bheidh iontu, a dhéanfaidh painéal riaracháin, tríd an iarratas a scrúdú ar dtús agus trí agallamh ina dhiaidh sin.

5.1   Scagthástáil thosaigh (an t-iarratas a scrúdú)

Is éard a bheidh sa chéad chéim den scagthástáil ar iarrthóirí measúnú comparáideach a dhéanamh ar thaithí phroifisiúnta bunaithe ar an bhfaisnéis a thug siad ina gcuid iarratas.

Tabharfar fabhar d'iarrthóirí a bhfuil na nithe seo a leanas acu:

5.1.1

Scileanna ceannaireachta

an cumas dea-fheidhmiú eagraíocht idirnáisiúnta, ilteangach agus ilchultúrtha a áirithiú, lena gceanglaítear cumas i modhanna bainistíochta agus an ábaltacht foirne a threorú.

5.1.2

Scileanna caibidlíochta agus cumarsáide

scileanna caibidlíochta;

scileanna cumarsáide agus caidrimh phoiblí.

5.1.3

An fheasacht is ábhartha maidir le cineál na ndualgas

eolas ar bheartais an Aontais Eorpaigh;

eolas ar phróisis cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh agus ar chomhar idirinstitiúideach;

eolas ar nósanna imeachta riaracháin agus buiséadacha, chomh maith leis an gcreat dlí, lena rialaítear gníomhaíochtaí na n-institiúidí Eorpacha.

5.2   Déanfar scagthástáil thosaigh bunaithe ar na cúiseanna air ar mhaith le hiarrthóirí na dualgais mar Stiúrthóir an Aistriúchán a ghlacadh agus ar an bhfís atá acu i dtaobh na ndúshlán nár mhór don Stiúrthóireacht aghaidh a thabhairt amach anseo, mar a bheidh leagtha amach ina litir chumhdaigh.

5.3   An chéad agallamh

Is agallamh a bheidh sa dara céim den scagthástáil, agus lena linn cuirfidh an painéal riarachán agus ionadaí ón CESE roinnt ceisteanna comhchosúla ar gach iarrthóir d'fhonn measúnú comparáideach a dhéanamh ar na hiarrthóirí éagsúla a mbeifear á meas ag an bpointe sin.

Bainfidh na ceisteanna leis na nithe a leanas go háirithe:

scileanna cumarsáide béil;

eolas ar shainghnéithe chomhaontú comhair an CR/CESE;

eolas ar na dúshláin agus ar thionchar an ilteangachais i réimse an aistriúcháin.

Ag an agallamh, déanfar measúnú freisin ar na scileanna teanga atá riachtanach chun na dualgais a chomhlíonadh, go háirithe eolas sásúil ar an mBéarla nó ar an bhFraincis.

Beidh sé ina bhuntáiste ag an iarrthóir má tá sé in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i dteangacha oifigiúla AE eile.

6.   Critéir roghnúcháin

Déanfar an roghnú nuair a bheidh an dara agallamh ann, agus lena linn sin cuirfidh painéal polaitiúil (féach pointe 7.3.5 thíos) roinnt ceisteanna comhchosúla ar gach iarrthóir d'fhonn measúnú comparáideach a dhéanamh ar na hiarrthóirí éagsúla a mbeifear á meas ag an bpointe sin.

Bainfidh na ceisteanna leis na nithe a leanas go háirithe:

cumas na n-iarrthóirí straitéisí nuálacha a dhréachtadh agus a chur chun feidhme, a gcumas cuspóirí Stiúrthóireacht an Aistriúcháin don todhchaí a shainaithint, agus torthaí a bheidh le baint amach a leagan amach agus tuairisciú ina leith;

cumas na n-iarrthóirí ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna Choiste na Réigiún agus ar na comh-sheirbhísí CR/CESE ar an leibhéal idirinstitiúideach.

I rith an agallaimh, déanfaidh an painéal measúnú go háirithe ar scileanna bainistíochta na n-iarrthóirí, ar a gcumas cumarsáide, ar a n-inrochtaineacht agus a neamhchlaontacht, ar a gcuid scileanna caibidlíochta agus ar an réimse suimeanna atá acu.

7.   Nós imeachta um iarratas

7.1   Iarratais a chomhdú

Ní mór iarratais a sheoladh, trí ríomhphost amháin, i bhformáid PDF chuig an seoladh seo a leanas: Directeur.DT@cor.europa.eu

Maidir le hiarrthóirí a bhfuil míchumas acu a fhágann nach bhfuil siad in ann a n-iarratas a sheoladh ar líne, féadfaidh siad é a sheoladh trí an bpost cláraithe le deimhniú seachadta chuig an seoladh seo a leanas: Coiste na Réigiún, chuig Stiúrthóir an Aistriúcháin, 101 rue Belliard, 1040 An Bhruiséil, An Bheilg, agus é marcáilte Faoi Rúnfógra folúntaisná hosclaíodh an rannóg poist é seo, faoin spriocdháta d'iarratais arna sainiú i bpointe 7.2 thíos ar a dhéanaí, mar a thabharfar le fios leis an lorg poist. Déanfar gach teagmháil idir Coiste na Réigiún agus na hiarrthóirí sin tríd an bpost ina dhiaidh sin. Caithfidh iarrthóirí a seolfaidh a n-iarratas tríd an bpost, teistiméireacht, arna eisiúint ag comhlacht inniúil, lena ndearbhaítear a stádas míchumais. Iarrtar orthu a léiriú freisin, ina gcuid focal féin, na socruithe a mheasann siad a bheith riachtanach chun a rannpháirtíocht sa phróiseas earcaíochta a éascú.

Ar na hiarratais, ní mór uimhir thagartha an fhógra fholúntais a lua i líne an ábhair agus ní mór na nithe seo a leanas a chur isteach leo:

litir chumhdaigh lena leagtar amach na cúiseanna ar mian leis an iarrthóir cur isteach ar an bpost (5 leathanach ar a mhéid), ainm agus dáta leis;

curriculum vitae atá cothrom le dáta (i bhformáid Europass);

ní mór don curriculum vitae agus don litir chumhdaigh bheith as Béarla nó as Fraincis (2);

dearbhú go bhfuil na critéir iontrála a leagtar amach i bpointe 4 thuas á gcomhlíonadh, ainm agus dáta leis (foirm in Aguisín 1);

an seicliosta in Aguisín 2, ainm agus dáta leis;

cóip de cheann de dhoiciméid oifigiúla céannachta an iarrthóra;

cóip den dioplóma a thugann rochtain dóibh ar an ngrád (féach pointe 4 thuas);

cóip de na doiciméid ghairmiúla lena ndeimhnítear an taithí atá ag an iarrthóir, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe 4 thuas. Ní mór an tréimhse fostaíochta agus, más féidir, leibhéal na freagrachta a lua go soiléir sna doiciméid sin.

Ní gá na cóipeanna a áirítear san iarratas a fhíordheimhniú.

Ní bhreithneofar aon iarratas a bheidh easnamhach, a chuirfear isteach i ndiaidh an dáta deiridh nó nach mbeidh na forálacha seo maidir le hiarratais a chur isteach á gcomhlíonadh aige. Cuirfear an t-iarratas ó bhail go huathoibríoch má dhéantar dearbhú atá bréagach.

7.2   An dáta deiridh le hiarratais a chur isteach: 17/07/2013 meán lae (am na Bruiséile)

Gheobhaidh na hiarrthóirí deimhniú tríd an ríomhphost go bhfuarthas an t-iarratas. Admhófar go cuí go bhfuarthas aon iarratas a gheofar leis an bpost cláraithe le cruthúnas ar sheachadadh, dá dtagraítear i bpointe 7.1 thuas.

7.3   Iarratais a scrúdú agus an scagthástáil thosaigh agus comhaid a roghnú

Breathnóidh an t-údarás ceapacháin ar dtús ar na hiarratais a chuirfear isteach faoi Airteagal 29(1)(a) de na Rialacháin Foirne (aistriú, ceapachán nó ardú céime), ansin ar na hiarratais sin a chuirfear isteach faoi Airteagal 29(1)(b) (aistriú idirinstitiúideach) agus ar deireadh orthu siúd a chuirfear isteach faoi Airteagal 29(2). Leanfar an t-ord sin ag gach céim a shonraítear thíos:

7.3.1

Breathnóidh painéal riaracháin ar a mbeidh Ard-Stiúrthóir CR agus stiúrthóir amháin nó níos mó de chuid CR ar inghlacthacht na n-iarratas bunaithe ar na dearbhuithe, ar CVanna agus ar chóipeanna de na doiciméid a shonraítear i bpointe 7.1 den fhógra folúntais seo. Sonraítear i bpointe 4 na critéir iontrála a chuirfear i bhfeidhm ag an gcéim seo den phróiseas.

7.3.2

Déanfaidh an painéal riaracháin scagthástáil ar na hiarratais a scaoileadh tríd tar éis na céime a ndearnadh cur síos uirthi sa phointe roimhe seo. Beidh sin bunaithe ar a mbeidh san iarratas. Na hiarrthóirí sin is fearr a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach i bpointe 5.1 agus i bpointe 5.2 den fhógra folúntais seo, cuirfear ar an gcéad ghearrliosta iad, nach mbeidh níos mó ná seisear air.

Ag féachaint don scagthástáil sin, iarrfar ar na hiarrthóirí cur síos a dhéanamh ina litir chumhdaigh ar na gnéithe sin dá CV is fearr a oireann don phost, ar na cúiseanna ar chuir siad isteach ar an bpost agus ar na dúshláin, dar leo, atá ós comhair Stiúrthóireacht an Aistriúcháin.

7.3.3

Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí sin a bheidh ar an gcéad ghearrliosta dul faoi agallamh a bheidh á stiúradh ag an bpainéal riaracháin agus ag ionadaí ó CESE. Na hiarrthóirí sin is fearr a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach i bpointe 5.3 den fhógra folúntais seo, cuirfear ar an dara gearrliosta iad, nach mbeidh níos mó ná triúr air.

7.3.4

Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí sin a bheidh ar an dara gearrliosta freastal ar ionad measúnachta. Tabharfar fógra dóibh, in am cuí, faoin gclár agus faoin modheolaíocht. Is é is aidhm don mheasúnú meastóireacht a dhéanamh ar a scileanna bainistíochta (faisnéis, cúraimí, daoine agus caidrimh idirphearsanta a láimhseáil, agus a gcumas spriocanna a bhaint amach). Ní bheidh toradh an mheasúnaithe ceangailteach agus níl i gceist leis ach breis eolais a thabhairt don phainéal polaitiúil (féach pointe 7.3.5 thíos) agus don Ard-Rúnaí i dtaca leis an agallamh roghnúcháin.

7.3.5

Iarrfaidh Ard-Rúnaí CR ansin ar an bpainéal polaitiúil cuidiú leis na hiarrthóirí ar an dara gearrliosta a mheas trí bhíthin an dara hagallamh, a chuirfear i gcrích i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach i bpointe 6 thuas. Beidh an tUachtarán, an príomh-Leas-Uachtarán agus cathaoirligh ghrúpa polaitiúil CR (nó ionadaithe dá gcuid) ar an bpainéal sin.

7.3.6

I ndiaidh na n-agallamh, molfaidh Ard-Rúnaí CR don Bhiúró cé acu iarrthóir is fearr a oirfeadh don phost mar Stiúrthóir an Aistriúcháin. Coimeádann an Biúró an ceart an t-iarrthóir a bheidh molta ag an Ard-Rúnaí a chur faoi agallamh.

I gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta CR, ní mór don Bhiúró bheith i bhfabhar aon oifigigh a cheapfar ar ghrád atá os cionn AD12.

Má vótálann an Biúró ina fhabhar, iarrfaidh sé ar Uachtarán CR a ainm a chur le ceapachán an iarrthóra sin ar éirigh leis.

8.   Coinníollacha earcaíochta

Má rinneadh an t-iarratas faoin bhfógra folúntais reatha, ceapfar an t-iarrthóir a n-éireoidh leis mar Stiúrthóir an Aistriúcháin ar ghrád AD 14.

Iarrfar ar an iarrthóir a n-éireoidh leis rialacha áirithe eitice a chomhlíonadh. Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar na srianta a fhorchuirtear le Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach maidir le gníomhaíochtaí seachtracha, sanntaí agus coinbhleachtaí leasa (Airteagail 11, 11a, 12b, 13 agus 15 de na Rialacháin Foirne).

Ar mhaith le neamhspleáchas an iarrthóra, ní mór dó bheith saor ó aon oibleagáid ghairmiúil a bhí air roimhe sin faoin am a dtosóidh sé ag obair ar a dhéanaí. Ní mór dó na bearta riaracháin is gá a dhéanamh chuige sin.

Faoi Airteagal 34 de na Rialacháin Foirne, murar oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh é an duine sin cheana féin, ní mór dó tréimhse phromhaidh naoi mí a chur isteach.

9.   Nótaí

Líonfar an post nuair a bheidh acmhainní buiséadacha ar fáil ina chomhair.

Áiritheoidh CR go láimhseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí agus go gcomhlíonfar go hiomlán forálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Is fostóir comhdheiseanna é CR, a chuireann bac ar idirdhealú ar bith.


(1)  Aon tagairt a dhéantar san fhógra seo do dhuine ar de ghnéas fireann é glacfar leis gur ag tagairt do dhuine den ghnéas baineann atáthar freisin.

(2)  Áiritheoidh an painéal nach mbeidh aon bhuntáiste míchuí ag na hiarrthóirí sin arb í an Béarla nó an Fhraincis a bpríomhtheanga.


AGUISÍN 1

Image


AGUISÍN 2

Image