ISSN 1977-107X

doi:10.3000/1977107X.CE2013.170.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

56
15 Meitheamh 2013


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

Seasamh (AE) Uimh. 3/2013 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena leasaítear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún
Arna glacadh ag an gComhairle an 22 Aibreán 2013

1

Ráiteas ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine

27

Ráiteas ón Ríocht Aontaithe

27

Seasamh (AE) Uimh. 4/2013 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 16 Bealtaine 2013

28


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 170 E a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

15.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


SEASAMH (AE) Uimh. 3/2013 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena leasaítear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún

Arna glacadh ag an gComhairle an 22 Aibreán 2013

(2013/C 170 E/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil an Coimisiún chun ardleibhéal cosanta a ghlacadh mar bhunús le haghaidh bearta a bhfuil sé mar chuspóir leo an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú agus a bhaineann, inter alia, le sláinte agus le sábháilteacht agus cosaint tomhaltóirí, agus aon fhorbairt nua atá bunaithe ar fhíorais eolaíocha á cur san áireamh aige go háirithe.

(2)

Is gné shár-riachtanach den mhargadh inmheánach í saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuirtear go mór le sláinte agus le folláine na saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha dá barr.

(3)

Tá sé mar aidhm ag dlí an Aontais is infheidhme maidir le bia a áirithiú, inter alia, nach gcuirtear aon bhia ar an margadh mura bhfuil sé sábháilte. Dá bhrí sin, aon substaintí a mheastar a bheith díobhálach do shláinte na ngrúpaí sin den daonra lena mbaineann nó a mheastar a bheith mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, ba cheart na substaintí sin a eisiamh as comhdhéanamh an bhia sin atá sna catagóirí bianna a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(4)

Leagtar síos i dTreoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le hearraí bia a cheaptar lena n-úsáid chun críocha cothaitheacha sonracha (3) rialacha ginearálta maidir le comhdhéanamh agus ullmhúchán na mbianna sin a cheaptar go speisialta chun ceanglais shonracha chothaitheacha na ndaoine ar a ndírítear a shásamh. Tá formhór na bhforálacha atá leagtha síos sa Treoir sin ann ó 1977 agus, is gá iad a athbhreithniú.

(5)

Bunaítear le Treoir 2009/39/CE sainmhíniú coiteann le haghaidh “earraí bia a cheaptar lena úsáid chun críocha cothaitheacha sonracha”, agus ceanglais ghinearálta lipéadaithe, lena n-áirítear ceanglais gur cheart go mbeadh lipéad ar na hearraí bia sin a léiríonn a oiriúnaí is atá siad i leith na gcríoch cothaitheach atá maíte.

(6)

Le roinnt gníomhartha neamhreachtacha de chuid an Aontais, déantar na ceanglais ghinearálta maidir le comhdhéanaimh agus le lipéadú a leagtar síos i dTreoir 2009/39/CE a chomhlánú, ar gníomhartha iad is infheidhme maidir le catagóirí sonracha bia. I ndáil leis sin, leagtar síos rialacha comhchuibhithe le Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún an 26 Feabhra 1996 maidir le bia a cheaptar lena úsáid in aistí bia fuinneamhshrianta chun críocha meáchan a laghdú (4) agus le Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún an 25 Márta 1999 maidir le bia diaitéiteach chun críocha speisialta míochaine (5). Ar an gcaoi chéanna, déantar, le Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún (6), rialacha comhchuibhithe áirithe a leagan síos maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga. Leagtar síos le Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún (7) rialacha comhchuibhithe maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach agus leagtar síos freisin le Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún (8) rialacha comhchuibhithe maidir le comhdhéanamh agus lipéadú earraí bia do dhaoine atá éadulangach ar ghlútan.

(7)

Ina theannta sin leagtar síos rialacha comhchuibhithe i dTreoir 92/52/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1992 maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach atá ceaptha lena n-allmhairiú go tríú tíortha (9) agus i Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 le haghaidh substaintí ar féidir iad a chur i mbianna atá ceaptha chun críocha sonracha cothaitheacha chun críocha cothaitheacha áirithe (10).

(8)

Ceanglaítear le Treoir 2009/39/CE nós imeachta ginearálta um fhógra a thabhairt ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh bia a chuireann oibreoirí i ngnó an bhia i láthair mar bhia a thagann faoin sainmhíniú ar “earraí bia a cheaptar lena úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe”, agus nach bhfuil forálacha sonracha leagtha síos i ndlí an Aontais ina leith, sula gcuirtear ar mhargadh an Aontais é, chun faireachán éifeachtach na mBallstát ar an mbia sin a éascú.

(9)

Léiríodh i dtuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 27 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme an nós imeachta sin maidir le fógra a thabhairt, gur féidir deacrachtaí a bheith ann de thoradh léirithe a thabhairt ar an sainmhíniú ar earraí bia a cheaptar lena n-úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe, ar léir go bhféadfadh na húdaráis náisiúnta léirithe éagsúla a thabhairt ar an sainmhíniú sin. Baineadh de thátal as, dá bhrí sin, go mbeadh gá le Treoir 2009/39/CE a leasú chun a áirithiú go gcuirfí gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais chun feidhme ar bhonn níos éifeachtaí agus níos comhchuibhithe.

(10)

I dtuarascáil staidéir a rinne Agra CEAS Consulting an 29 Aibreán 2009 maidir leis an athbhreithniú a rinneadh ar Threoir 2009/39/CE, dearbhaíodh torthaí thuarascáil an Choimisiúin an 27 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme an nós imeachta maidir le fógra agus cuirtear in iúl go bhfuil méadú ag teacht, de bharr an tsainmhínithe atá leagtha síos sa Treoir sin, ar líon na n-earraí bia a mhargaítear agus a lipéadaítear faoi láthair mar earraí bia atá oiriúnach lena n-úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe. Luadh sa tuarascáil staidéir freisin go bhfuil difríochtaí móra, ó Bhallstát go Ballstát, idir an bia a rialaítear faoin Treoir sin; d’fhéadfaí bia comhchosúil a mhargú ag an am céanna i mBallstáit éagsúla mar bhia a cheaptar lena úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe agus/nó mar bhia a cheaptar do ghnáthchaitheamh, lena n-áirítear forbhianna, dírithe ar an bpobal go ginearálta nó ar roinnt foghrúpaí amhail mná atá ag iompar clainne, mná a bhfuil a sos míostraithe curtha díobh, daoine níos aosta, leanaí atá ag fás, ógánaigh, daoine atá gníomhach ar leibhéil éagsúla, agus eile. Dá bhrí sin, baintear an bonn d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cruthaítear neamhdheimhneacht dhlíthiúil d’údaráis inniúla, d’oibreoirí i ngnó an bhia, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do thomhaltóirí agus ní féidir an riosca go mbainfí mí-úsáid as margaíocht agus go ndéanfaí an iomaíocht a shaobhadh a chur as an áireamh ach an oiread. Tá gá dá bhrí sin le difríochtaí sa léiriú a dhíchur tríd an timpeallacht rialála a shimpliú.

(11)

Dealraíonn sé go bhfuil gníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, ar gníomhartha iad a glacadh le déanaí, níos oiriúnaí do mhargadh nuálaíoch bia atá ag forbairt ná mar atá Treoir 2009/39/CE. Is iad na gníomhartha atá ábhartha nó tábhachtach go háirithe: Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (11), Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothaitheacha agus sláinte a dhéantar maidir le bianna (12) agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bianna (13). Ina theannta sin, dhéanfadh forálacha na ngníomhartha dlí sin de chuid an Aontais líon áirithe de na catagóirí bia a chumhdaítear le Treoir 2009/39/CE a rialú go leordhóthanach le hualach riaracháin níos lú agus le tuilleadh soiléireachta i dtaobh raoin feidhme agus gcuspóirí.

(12)

Ina theannta sin, is léir ón taithí atá faighte go dtí seo nach bhfuil rialacha áirithe a áiríodh i dTreoir 2009/39/CE, nó a glacadh faoin Treoir sin, éifeachtach a thuilleadh chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart fáil réidh le coincheap “earraí bia a cheaptar lena úsáid chun críocha cothaitheacha sonracha” agus ba cheart an gníomh seo a chur in ionad Threoir 2009/39/CE. Chun cur i bhfeidhm an ghnímh seo a shimpliú agus chun comhsheasmhacht an churtha i bhfeidhm ar fud na mBallstát a áirithiú, ba cheart gur i bhfoirm Rialacháin a bheadh an gníomh seo.

(14)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (14), bunaítear leis prionsabail choiteanna agus sainmhínithe coiteanna do dhlí bia an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag sainmhínithe áirithe a leagtar síos sa Rialachán sin freisin i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(15)

Líon teoranta catagóirí bia an t-aon fhoinse bheathaithe, nó cuid d’fhoinse bheathaithe, atá ag grúpaí áirithe den daonra. Tá na catagóirí bia sin ríthábhachtach chun riochtaí áirithe a bhainistiú agus/nó tá siad riachtanach chun ceanglais chothaitheacha grúpaí áirithe leochaileacha den phobal a shásamh, ar grúpaí iad arna sainaithint go soiléir. Áirítear sna catagóirí bia sin bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus bia chun críocha speisialta míochaine. Is léir ón taithí atá faighte go nuige seo go n-áirithítear leis na forálacha atá leagtha síos i dTreoir 1999/21/CE, i dTreoir 2006/125/CE agus i dTreoir 2006/141/CE saorghluaiseacht na gcatagóirí bia sin ar bhealach sásúil, agus áirithítear ag an am céanna ardleibhéal cosanta i ndáil leis an tsláinte phoiblí. Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndíríonn an Rialachán seo ar na ceanglais ghinearálta chomhdhéanaimh agus faisnéise do na catagóirí bia sin, agus forálacha ábhartha Threoir 1999/21/CE, Threoir 2006/125/CE agus Threoir 2006/141/CE á gcur san áireamh.

(16)

Ina theannta sin, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na ndaoine a bhfuil fadhbanna acu maidir leis an iomarca meáchain nó atá otrach, tá méadú ar an líon bianna atá gcur ar an margadh mar ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú. Faoi láthair, maidir le bianna den sórt sin atá ar an margadh, is féidir idirdhealú a dhéanamh idir táirgí atá ceaptha d’aistí bia ar bheagán calraí, a bhfuil idir 3 360 kJ (800 kcal) agus 5 040 kJ (1 200 kcal) iontu, agus táirgí atá ceaptha d’aistí bia ar fíorbheagán calraí a mbíonn níos lú ná 3 360 kJ (800 kcal) iontu de ghnáth. I bhfianaise chineál na mbianna atá i gceist is iomchuí forálacha áirithe sonracha a leagan síos lena n-aghaidh. Is léir ón taithí atá faighte go nuige seo go n-áirithítear leis na forálacha atá leagtha síos i dTreoir 96/8/CE saorghluaiseacht na mbianna sin a chuirtear ar fáil ar bhealach sásúil mar ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus go n-áirithítear leis ardleibhéal cosanta i ndáil le sláinte phoiblí ag an am céanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndíreofaí leis an Rialachán seo ar na ceanglais ghinearálta maidir le comhdhéanamh agus le faisnéis i ndáil le bianna a cheaptar chun ionad na haiste bia iomláine laethúla a ghabháil lena n-áirítear bia ar fíorbheagán fuinnimh agus na forálacha ábhartha de Threoir 96/8/CE á gcur san áireamh.

(17)

Ba cheart go mbunófaí, leis an Rialachán seo, inter alia, sainmhínithe ar bhainne foirmle do naíonáin agus ar bhainne foirmle leantach, ar bhia gránachbhunaithe próiseáilte agus ar bhia linbh, ar bhia chun críocha speisialta míochaine agus ar ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, agus ba cheart go gcuirfí san áireamh na forálacha ábhartha atá i dTreoir 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE.

(18)

Le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, bunaítear prionsabail na hanailíse riosca i ndáil le bia agus na struchtúir agus na sásraí le haghaidh na meastóireachtaí eolaíocha agus teicneolaíochta a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“An tÚdarás”). Thairis sin, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart dul i gcomhairle leis an Údarás i ndáil le cúrsaí ar bith a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don tsláinte phoiblí.

(19)

Is tábhachtach go mbeidh na comhábhair a úsáidtear i monarú bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo oiriúnach chun ceanglais chothaitheacha na ndaoine a bhfuil bia den sórt sin ceaptha dóibh a shásamh, agus go bhfuil siad oiriúnach do na daoine sin, agus go bhfuil a leordhóthanacht chothaitheach suite le sonraí eolaíocha a nglactar leo go ginearálta. Ba cheart an leordhóthanacht sin a léiriú trí athbhreithniú córasach a dhéanamh ar na sonraí eolaíocha atá ar fáil.

(20)

Gan dochar d’fhorálacha sonracha atá leagtha amach sa Rialachán seo ná do ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag na huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí atá leagtha amach i ndlí ábhartha an Aontais, go háirithe i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin (15).

(21)

Is féidir iarmhair lotnaidicídí a bheith ann i mbia mar thoradh ar úsáid lotnaidicídí, ar bia é a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin ní mór srian a chur ar úsáid den sórt sin a mhéid is féidir agus ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh á gcur san áireamh (16). Ní bheadh aon ráthaíocht ann, áfach, i gcás srian nó toirmeasc a bheith ar úsáid, go mbeadh bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear bia le haghaidh naíonán agus leanaí óga, saor ó lotnaidicídí, toisc go n-éillíonn cuid lotnaidicídí an timpeallacht agus gur féidir a gcuid iarmhair a fháil i mbianna den sórt sin. Ba cheart, dá bhrí sin, go leagfaí síos, ag an leibhéal is ísle is indéanta, na huasleibhéil sin d’iarmhair i mbianna den sórt sin d’fhonn grúpaí leochaileacha sa daonra a chosaint, agus dea-chleachtais feirmeoireachta á gcur san áireamh chomh maith le foinsí eile neamhchosanta, amhail éilliú ón timpeallacht.

(22)

Ba cheart srianta agus toirmisc ar lotnaidicídí áirithe atá coibhéiseach leis na srianta agus na toirmisc atá bunaithe faoi láthair sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2006/141/CE agus le Treoir 2006/125/CE a chur san áireamh sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart srianta agus na toirmisc sin a nuashonrú go tráthrialta, agus aird ar leith a thabhairt do na lotnaidicídí sin a bhfuil substaintí gníomhacha, teorantóirí nó ábhar sineirgíochta iontu a rangaítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (17) mar chatagóir shó-ghineach 1A nó 1B, mar chatagóir 1A nó 1B carcanaigine, ar tocsain iad maidir le catagóir 1A nó 1B atáirgthe, nó a bhfuiltear den tuairim go bhfuil airí réabtha iontálacha acu is féidir éifeacht dhíobhálach a imirt ar dhaoine.

(23)

Maidir le substaintí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (18), níor cheart go gcuirfí iad le bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo ach amháin má chomhlíonann substaintí den sórt sin na coinníollacha le haghaidh chur ar an margadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 de bhreis ar na coinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin seo. Nuair a bheidh athrú suntasach ar mhodh táirgthe substainte, ar substaint í a úsáideadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó nuair a thiocfaidh athrú ar mhéid cáithníní na substainte sin, mar shampla trí nanaitheicneolaíocht, ba cheart a mheas go bhfuil an tsubstaint sin éagsúil leis an tsubstaint a úsáideadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ba cheart meastóireacht a dhéanamh uirthi athuair faoi Rialachán (EC) Uimh. 258/97 agus ina dhiaidh sin faoin Rialachán seo.

(24)

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (19) ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ghinearálta lipéadaithe sin, mar riail ghinearálta, maidir leis na catagóirí bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo freisin do cheanglais bhreise i ndáil le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, nó maoluithe ón Rialachán sin, nuair is gá, chun gur féidir cuspóirí sonracha an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(25)

Níor cheart, leis an lipéadú, le cur i láthair nó le fógraíocht an bhia a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go sannfaí don bhia sin an t-airí chun galar daonna a chosc, a chóireáil nó a leigheas agus níor cheart a thabhairt le tuiscint leis an méid sin go bhfuil airíonna den chineál sin sa bhia sin. Tá bia chun críocha speisialta míochaine ceaptha, áfach, chun bainistiú a dhéanamh ar aiste bia othar a bhfuil, mar shampla, a gcumas chun gnáthbhia a chaitheamh teoranta, lag nó suaite mar gheall ar ghalar, ar aicíd nó ar a riocht sláinte. Níor cheart a mheas, maidir le tagairtí do bhainistiú aiste bia i ndáil le galair, aicíd nó riocht sláinte a bhfuil an bia ceaptha lena n-aghaidh, go sanntar airí dó ar airí é a bhaineann le galar daonna a chosc, a chóireáil nó a leigheas.

(26)

Ar mhaithe le tomhaltóirí leochaileacha a chosaint, ba cheart go n-áiritheofaí do thomhaltóirí, leis na ceanglais lipéadaithe, sainaithint bheacht an táirge. I gcás bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantaigh ba cheart go gcumasófaí idirdhealú soiléir a dhéanamh idir foirmlí éagsúla leis an bhfaisnéis uile scríofa agus pictiúrtha. D’fhéadfadh sé, agus aois bheacht an naíonáin a bhfuil pictiúr de ar lipéad á sainaithint acu, go gcuirfí mearbhall ar thomhaltóirí agus go gcuirfí bac orthu maidir leis an táirge a shainaithint. Ba cheart go ndéanfaí an baol sin a sheachaint trí shrianta iomchuí a chur i bhfeidhm maidir le lipéadú. Ina theannta sin, agus á chur san áireamh go bhfuil i gceist le bainne foirmle bia lena sásaítear ceanglais chothaithe naíonán ó uair a mbreithe go dtí go dtugtar bia comhlántach dóibh, tá géarghá le sainaithint chuí táirgí a dhéanamh ar mhaithe le tomhaltóirí a chosaint. Ba cheart, dá bhrí sin, srianta iomchuí a thabhairt isteach a bhaineann le bainne foirmle do naíonáin a chur i láthair agus fógraíocht a dhéanamh ina leith.

(27)

Ba cheart go soláthrófaí leis an Rialachán seo na critéir chun na ceanglais shonracha maidir le comhshuímh agus le faisnéis a bhunú maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte, bia chun críocha speisialta míochaine, agus ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, agus Treoir 96/8/CE, Treoir 1999/21/CE, Treoir 2006/125/CE agus Treoir 2006/141/CE á gcur san áireamh.

(28)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 (20), bunaítear na rialacha agus na coinníollacha a bhaineann le maímh chothaitheacha agus shláinte a úsáid ar bhia. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin mar riail ghinearálta maidir leis na catagóirí bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ach amháin má shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo nó i ngníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin seo.

(29)

De réir na moltaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), ba cheart go gcothófaí naíonáin ar ísealmheáchan breithe le bainne na máthar. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ceanglais speisialta chothaitheacha ag naíonáin ar ísealmheáchan breithe agus ag naíonáin neamhaibí ar ceanglais iad nach féidir freastal orthu le bainne na máthar ná le gnáth-bhainne foirmle do naíonáin. I ndáiríre, is féidir go mbraithfeadh ceanglais chothaitheacha i ndáil le hísealmheáchan breithe agus naíonáin neamhaibí ar riocht sláinte an naíonáin, go háirithe ar an meáchan atá ag an naíonán sin le hais naíonáin i mbarr a shláinte, agus ar mhéid na seachtainí roimh aibíocht iomlán a rugadh é. Is de réir an cháis a chinnfear an gá bia chun críocha speisialta míochaine a thabhairt don naíonán faoi threorú dochtúra mar gheall ar riocht an naíonáin, ar bia é a forbraíodh chun ceanglais chothaitheacha naíonán a shásamh agus a cuireadh in oiriúint do bhainistiú aiste bia i ndáil le riocht sonrach an naíonáin sin.

(30)

Ceanglaítear le Treoir 1999/21/CE go bhfuil feidhm ag ceanglais áirithe chomhdhéanaimh maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach amhail a leagtar amach i dTreoir 2006/141/CE ar bhia chun críocha speisialta míochaine atá ceaptha do naíonáin, ag brath ar an aois atá acu. Níl feidhm faoi láthair, afach, ag forálacha áirithe a leagtar amach i dTreoir 2006/141/CE maidir le bia den sórt sin, lena n-áirítear iad siúd maidir le lipéadú, cur i láthair, fógraíocht, cleachtais chur chun cinn agus cleachtais tráchtála. Is gá, de bharr athruithe sa mhargadh mar aon le méadú suntasach ar bhia den sórt sin, athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglais le haghaidh bainne foirmle atá ceaptha le haghaidh naíonán, amhail ceanglais maidir le húsáid lotnaidicídí i dtáirgí atá ceaptha chun bainne foirmle den sórt sin a tháirgeadh, lipéadú, cur i láthair, fógraíocht, cleachtais chur chun cinn agus cleachtais tráchtála, ar ceanglais iad ar cheart go mbeadh feidhm acu freisin, de réir mar is iomchuí, ar bhia do naíonáin chun críocha speisialta míochaine atá ceaptha chun ceanglais chothaitheacha naíonán a shásamh.

(31)

Tá méadú tagtha ar líon na dtáirgí deochanna bainnebhunaithe agus na dtáirgí comhchosúla ar mhargadh an Aontais a chuirtear chun cinn mar dheochanna agus mar tháirgí atá oiriúnach do leanaí óga go háirithe. Na táirgí sin, ar féidir iad a fháil ó phróitéin de thionscnamh ainmhithe nó glasraí amhail bainne bó, bainne gabhar, soighe nó rís, margaítear iad go minic mar “Bainne le haghaidh Fáis” nó “Bainne le haghaidh ‘lapadán’” nó baintear leas as téarmaí comhchosúla. Cé go rialaítear na táirgí sin faoi láthair le gníomhartha dlíthiúla éagsúla de chuid dhlí an Aontais amhail Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, agus Treoir 2009/39/CE, ní chumhdaítear iad leis na bearta sonracha atá ann cheana a bhaineann le bia a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga. Tá tuairimí éagsúla ann i dtaobh cé acu a chomhlíonann na táirgí sin ceanglais chothaitheacha shonracha an ghrúpa daonra ar bhfuil siad dírithe. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le hinmhianaitheacht forálacha speisialta i ndáil le comhdhéanamh, lipéadú agus, más iomchuí, cineálacha eile ceanglas na dtáirgí sin. Ba cheart go mbreithneofar sa tuarascáil sin ceanglais chothaitheacha na leanaí óga, inter alia, agus ról na dtáirgí sin in aiste bia na leanaí, agus an patrún tomhaltais, iontógáil chothaitheach agus leibhéal neamhchosanta na leanaí óga sin i leith éilleán agus lotnaidicídí á gcur san áireamh. Ba cheart go mbreithneofaí sa tuarascáil freisin comhdhéanamh na dtáirgí sin agus cibé an mbaineann sochair chothaitheacha leo i gcomparáid le gnáthaiste bia do leanbh atá á scoitheadh den chíoch. D’fhéadfadh an Coimisiún togra reachtach a chur i dteannta na tuarascála sin.

(32)

Déantar foráil i dTreoir 2009/39/CE gur féidir forálacha sonracha a ghlacadh i ndáil leis an dá chatagóir shonracha seo a leanas de bhia a thagann faoin sainmhíniú ar earraí bia a cheaptar lena úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe: “bia a cheaptar lena úsáid chun na ceanglais a bhaineann le dianiarracht mhatánach a chomhlíonadh, go háirithe i gcás lucht spóirt” agus “bia le haghaidh daoine a bhfuil neamhoird mheitibileachta carbaihiodráití (diaibéiteas) orthu”. Maidir le forálacha speisialta le haghaidh bia do dhaoine a bhfuil neamhoird mheitibileachta carbaihiodráití (diaibéiteas) orthu, is é tátal a bhain tuarascáil an 6 Meitheamh 2008 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le bianna do dhaoine a bhfuil neamhoird mheitibileachta carbaihiodráití (diaibéiteas) orthu go bhfuil easnamh sa bhunús eolaíochta i ndáil le ceanglais shonracha chomhdhéanaimh a shocrú. Maidir le bia a cheaptar lena úsáid chun na ceanglais a bhaineann le dianiarracht mhatánach a chomhlíonadh, go háirithe i gcás lucht spóirt, ní fhéadfaí teacht ar réiteach sásúil maidir le forbairt forálacha sonracha mar gheall ar thuairimí an-éagsúil i measc na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí maidir le raon feidhme de chuid na reachtaíochta sonraí, líon na bhfochatagóirí bia a bheidh le háireamh, na critéir maidir le ceanglais chomhdhéanaimh a bhunú agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar nuálaíocht i bhforbairt táirgí. Níor cheart, dá bhrí sin, forálacha nua a cheapadh ag an gcéim seo. Idir an dá linn, ar bhonn iarrataí arna dtíolacadh ag oibreoirí gnóthaí bia, rinneadh na maímh ábhartha a mheas i gcomhair a n-údaraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

(33)

Tá tuairimí éagsúla ann, áfach, faoi cibé an gá rialacha breise d’fhonn cosaint leordhóthanach a áirithiú do na tomhaltóirí a itheann bia a cheaptar do lucht spóirt, ar a ngairtear freisin bia a cheaptar lena úsáid chun freastal ar na ceanglais a bhaineann le dianiarracht mhatánach a chomhlíonadh. Ba cheart a iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndiaidh dó dul i mbun comhairle leis an Údarás ar tuarascáil í maidir leis an ngá, más ann dó, le forálacha a bhaineann le bia atá ceaptha do lucht spóirt. Ba cheart go n-áireofaí le linn an chomhairliúcháin leis an Údarás an tuarascáil a thíolaic Coiste Eolaíoch ar Bhia an 28 Feabhra 2001 maidir le comhdhéanamh agus sonraíocht an bhia a cheaptar lena úsáid chun na ceanglais a bhaineann le dianiarracht mhatánach a chomhlíonadh, go háirithe i gcás lucht spóirt. Sa tuarascáil a thíolacfaidh sé, ba cheart don Choimisiún a mheas an mbeidh gá le forálacha chun cosaint na dtomhaltóirí a áirithiú go háirithe.

(34)

Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann treoirlínte teicniúla a ghlacadh ina ndíreofar ar chabhrú leis na hoibreoirí gnó bia, go háirithe na FBManna, an Rialachán seo a chomhlíonadh.

(35)

Agus an staid mar atá faoi láthair maidir leis an margadh agus Treoir 2006/125/CE, Treoir 2006/141/CE, agus Rialachán 953/2009 á gcur san áireamh, tá sé iomchuí liosta de chuid an Aontais a bhunú a mbeidh substaintí a bhaineann leis na catagóirí seo a leanas de shubstaintí air agus tá sé iomchuí é a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo: vitimíní, mianraí, aimínaigéid, carnaítín agus táirín, núicléitídí, coilín agus ionóisíotól. I measc na substaintí a bhaineann leis na catagóirí sin, ní cheart go bhféadfaí ach iad siúd a liostaítear ar liosta an Aontais a chur leis na catagóirí bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Nuair a chumhdaítear substaintí i liosta an Aontais, ba cheart go sonrófaí cén catagóir bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar féidir substaintí mar sin a chur leis.

(36)

Leis na substaintí a chur san áireamh i liosta an Aontais, níor cheart a thabhairt le tuiscint go bhfuil gá le hiad a chur le catagóir bia amháin nó níos mó a chumhdaítear leis an Rialachán seo, nó go bhfuil sé sin inmhianaithe. Níl liosta an Aontais ceaptha ach chun na substaintí a léiriú a bhaineann le catagóirí substaintí ar leith atá údaraithe le cur le catagóir bia amháin nó níos mó a chumhdaítear leis an Rialachán seo, cé go bhfuil na ceanglais shonracha chomhdhéanaimh ceaptha chun comhdhéanamh gach catagóir bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhunú.

(37)

D’fhéadfaí roinnt de na substaintí a fhéadfar a chur leis an mbia a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chur isteach chun críocha na teicneolaíochta amhail mar bhreiseáin bia, mar dhathúcháin, mar bhlastáin nó chun críocha eile den sórt a bhforáiltear dóibh le dlíthe ábhartha an Aontais is infheidhme maidir le bia, lena n-áirítear cleachtais agus próisis fhíoneolaíocha, sa chomhthéacs sin déantar na sonraíochtaí maidir leis na substaintí sin ar leibhéal an Aontais. Tá sé iomchuí, ach amháin i gcás go bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, gur cheart go mbeadh na sonraíochtaí sin infheidhme maidir leis na substaintí sin pé cuspóir a ngabhann lena n-úsáid i mbia.

(38)

Maidir leis na substaintí atá san áireamh i liosta an Aontais nach bhfuil critéir íonachta glactha ina leith fós ar leibhéal an Aontais, agus d’fhonn leibhéal ard de chosaint shláinte an phobail a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm ag critéir i ndáil le híonacht a nglactar leo go ginearálta agus a mholann eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear an Comhchoiste Saineolaithe maidir le Breiseáin i mBia (JECFA) agus EUP (Pharmacopoeia Eorpach). Ba cheart a cheadú do na Ballstáit na rialacha náisiúnta lena leagtar síos critéir níos déine íonachta a choimeád, gan dochar do na rialacha a leagtar amach i CFAE.

(39)

D’fhonn na ceanglais a shonrú le haghaidh na catagóirí bhia a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le ceanglais shonracha maidir le comhdhéanaimh agus le faisnéise a leagan síos, lena n-áirítear na ceanglais lipéadaithe de bhreis ar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, nó maidir leis na ceanglais ar maoluithe uathu iad agus i ndáil le maímh chothaitheacha agus shláinte a údarú. Ina theannta sin, d’fhonn tomhaltóirí a chumasú chun tairbhe a bhaint go tapa as dul chun cinn sa teicneolaíocht agus san eolaíocht, go háirithe maidir le táirgí nuálacha, agus mar sin an nuáil a spreagadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin chun nuashonrú tráthrialta a dhéanamh ar na ceanglais sonracha, agus na sonraí ábhartha uile á gcur san áireamh, lena n-áirítear sonraí a chuirfidh páirtithe leasmhara ar fáil. Ina theannta sin, chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha nó sláinte na dtomhaltóirí a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún freisin maidir le catagóirí breise de shubstaintí a bhfuil éifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu a chur le liosta an Aontais nó maidir le catagóir a bhaint de liosta chatagóirí na substaintí a chumhdaítear le liosta an Aontais. Ar mhaithe leis na críocha céanna agus faoi réir ceanglas breise arna leagan síos sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún freisin i dtaca le liosta an Aontais a leasú trí shubstaint nua a chur leis nó substaint a bhaint de, agus trí na heilimintí i liosta an Aontais a chur isteach, a bhaint amach nó a leasú, ar eilimintí iad a bhaineann le substaint. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(40)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún le go ndéanfaidh sé cinneadh faoi cibé an dtagann bia ar leith faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus cén chatagóir bia lena sé. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (21).

(41)

Faoi láthair, déantar na rialacha maidir le húsáid na ráiteas “saor ó ghlútan” agus “méid an-bheag glútain” a shonrú i Rialachán (CE) Uimh. 41/2009. Leis an Rialachán sin, comhchuibhítear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí maidir le neamhláithreacht nó láithreacht laghdaithe glútain i mbia agus leagtar rialacha sonracha amach ann do bhia a dhéantar a phróiseáil, a tháirgeadh, a ullmhú, agus/nó a mhonarú ar bhealach speisialta chun an méid glútain atá i gcomhábhar amháin nó níos mó a bhfuil glútan ann a laghdú nó chun malartú a dhéanamh ar chomhábhair den sórt sin a bhfuil glútan iontu agus ar bhia eile a dhéantar go heisiach as comhábhair atá saor go nádúrtha ó ghlútan. Le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 leagtar amach rialacha maidir le faisnéis atá le cur ar fáil faoi chomhábhair atá i ngach bia, lena n-áirítear bia nach bhfuil réamhphacáistithe, amhail comhábhair ina bhfuil glútan, a bhfuil sé cruthaithe go heolaíoch go bhfuil éifeacht ailléirgeach nó éadulangach acu, chun go bhféadfaidh tomhaltóirí, go háirithe iad siúd a bhfuil ailléirge nó éadulaingt bhia acu amhail daoine atá éadulangach ar ghlútan, roghanna eolasacha a dhéanamh a bheidh slán dóibhsean. Ar mhaithe le soiléire agus le comhsheasmhacht, ba cheart na rialacha maidir leis na ráitis “saor ó ghlútan” agus “méid an-bheag ghlútain” a rialáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Maidir leis na gníomhartha atá le glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, chun na rialacha maidir le húsáid na ráiteas “saor ó ghlútan” agus “méid an-bheag glútain”, mar atá i Rialachán (CE) Uimh. 41/2009, a aistriú, ba cheart go n-áiritheofaí leo an leibhéal céanna cosanta, ar a laghad, agus a fhaigheann daoine atá éadulangach ar ghlútan agus dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 41/2009. Ba cheart go ndéanfaí aistriú sin na rialacha i gcrích sula mbeidh feidhm ag an Rialachán seo. Ina theannta sin ba cheart don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh ar an mbealach chun a áirithiú go gcuirtear daoine atá éadulangach ar ghlútan ar an eolas go leordhóthanach maidir leis an difríocht idir bia a dhéantar a tháirgeadh, a ullmhú, agus/nó a mhonarú ar bhealach speisialta chun laghdú a dhéanamh ar an méid glútain atá i gcomhábhar amháin nó níos mó ina bhfuil glútan agus bia eile a dhéantar go heisiach as comhábhair atá saor go nádúrtha ó ghlútan.

(42)

Rialacha maidir le lipéadú agus comhdhéanamh ina sonraítear neamhláithreacht nó láithreacht laghdaithe de lachtós i mbia, níl na rialacha sin comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais faoi láthair. Tá na tásca sin tábhachtach, áfach, do dhaoine atá éadulangach ar lactós. Leagtar amach, i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, rialacha maidir le faisnéis atá le cur ar fáil faoi shubstaintí a bhfuil sé cruthaithe go heolaíoch go bhfuil éifeacht ailléirgeach nó éadulangach acu, chun go bhféadfaidh tomhaltóirí amhail daoine atá éadulangach ar lachtós, roghanna eolasacha a dhéanamh a bheidh slán dóibhsean. Ar mhaithe le soiléire agus le comhsheasmhacht, ba cheart bunú rialacha maidir le ráitis lena sonraítear neamhláithreacht nó láithreacht laghdaithe lachtóis i mbia a rialáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1169/201, agus Tuairim Eolaíoch an Údaráis an 10 Meán Fómhair 2010 maidir leis na tairsí lachtóis in éadulaingt lachtóis agus i ngalactóiséime á cur san áireamh.

(43)

Meastar gur bia a cheaptar lena úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe é “malartú ar bhéile chun críocha meáchan a rialú” a cheaptar chun ionad cuid den aiste bia laethúil a ghabháil agus rialaítear faoi láthair é le rialacha sonracha faoi Threoir 96/8/CE. Mar sin féin, tá méadú tagtha ar an líon bia a bheartaítear don phobal ginearálta a bhfuil ráitis chosúla air a thíolactar mar mhaímh i leith sláinte chun críocha meáchan a rialú. Ionas nach mbeidh aon mhearbhall ann laistigh den ghrúpa sin de bhianna a mhargaítear chun críocha meáchan a rialú, agus ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus comhchuibheas reachtaíocht an Aontais, ba cheart an ráiteas sin a rialú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 amháin, agus ba cheart do na ráitis sin na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin a chomhlíonadh. Ní mór na hoiriúnuithe teicniúla arna ndéanamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus a bhaineann leis na maímh i leith sláinte a thagraíonn do mheáchan coirp a rialú i gcás bia a thíolactar mar “ionadach ar bhéile chun meáchan a rialú” agus coinníollacha úsáide na maíomh sin, faoi mar a rialaítear iad le Treoir 96/8/CE a chríochnú sula gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm.

(44)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear don oibleagáid cearta bunúsacha agus prionsabail dhlíthiúla bhunúsacha a urramú, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, de réir mar a chumhdaítear iad in Airteagal 11, i dteannta Airteagal 52, de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhforálacha ábhartha eile.

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na ceanglais chomhdhéanaimh agus faisnéise a bhunú do chatagóirí bia áirithe, liosta de chuid an Aontais de na substaintí a fhéadfar a chur le catagóirí bia áirithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhunú agus na rialacha le haghaidh liosta an Aontais a nuashonrú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais mar gheall ar fhairsinge na gníomhaíochta atá beartaithe, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(46)

Foráiltear le Treoir 92/52/CEE nach mór do bhainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a onnmhairítear nó a ath-onnmhairítear ón Aontas, dlí an Aontais a chomhlíonadh mura gceanglaíonn an tír is allmhaireoir a mhalairt. Bunaíodh an prionsabal sin cheana féin maidir le bia i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Ar mhaithe le simpliú agus le deimhneacht dhlithiúil, ba cheart Treoir 92/52/CEE a aisghairm dá bhrí sin.

(47)

Ba cheart Treoir 96/8/EC, 1999/21/CE, 2006/125/EC, 2006/141/EC agus 2009/39/EC agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 a aisghairm freisin.

(48)

Tá gá le bearta idirthréimhseacha leordhóthanacha chun go mbeidh oibreoirí i ngnó an bhia in ann oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais chomhdhéanaimh agus faisnéise i ndáil leis na catagóirí bia seo a leanas:

(a)

bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach;

(b)

bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin,

(c)

bia chun críocha speisialta míochaine;

(d)

ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú.

2.   Bunaítear leis an Rialachán seo liosta an Aontais de shubstaintí a d’fhéadfaí a chur le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí bia dá dtagraítear i mír 1 agus leagtar síos leis na rialacha is infheidhme maidir leis an liosta sin a nuashonrú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

na sainmhínithe ar “bia”, “oibreoir gnó bia”, “miondíol” agus ar “cur ar an margadh” a leagtar amach faoi seach in Airteagal 2 agus i bpointe (3), pointe (7) agus pointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(b)

na sainmhínithe ar “bia réamhphacáilte”, ar “lipéadú” agus ar “nana-ábhar monaraithe” a leagtar amach faoi seach i bpointe (e) (j) agus (t) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(c)

na sainmhínithe ar “maíomh cothaithe” agus ar “maíomh sláinte” a leagtar amach faoi seach i bpointe (4) agus i bpointe (5) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

2.   Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “naíonán” leanbh faoi aois 12 mhí;

(b)

ciallaíonn “leanbh óg” leanbh idir aon bhliain agus trí bliana d’aois;

(c)

ciallaíonn “bainne foirmle do naíonáin” bia atá ceaptha lena úsáid ag naíonáin sna chéad mhíonna i ndiaidh a mbreithe agus a chomhlíonann, leis féin, ceanglais chothaitheacha na naíonán sin go dtí go dtugtar isteach beathú comhlántach iomchuí;

(d)

ciallaíonn “bainne foirmle leantach” bia atá ceaptha lena úsáid ag naíonáin nuair a thugtar isteach beathú comhlántach iomchuí agus arb éard é an phríomhghné leachtach d’aiste bia atá á héagsúlú de réir a chéile do na naíonáin sin;

(e)

ciallaíonn “bia gránachbhunaithe próiseáilte”:

(i)

bia atá ceaptha lena úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe naíonán a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh le linn iad a scoitheadh den chíoch, agus bia atá ceaptha lena úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe leanaí óga a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh ar bia é a chuireann lena réim bia; agus/nó bia a thugtar dóibh chun go rachaidh siad i dtaithí de réir a chéile ar ghnáthbhia; agus

(ii)

bia a bhaineann le ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

gránaigh shimplí a dhéantar a fhliuchadh nó is gá a fhliuchadh le bainne nó le leachtanna scamhardacha iomchuí eile,

gránaigh a bhfuil bia ardphróitéine curtha leo a dhéantar a fhliuchadh nó is gá a fhliuchadh le bainne nó le leacht eile atá saor ó phróitéin,

pasta atá le caitheamh tar éis a chócarála in uisce beirithe nó leachtanna iomchuí eile;

roscaí agus brioscaí atá le caitheamh go díreach, nó tar éis a bpúdraithe, ach uisce, bainne nó leachtanna eile oiriúnacha a chur leo;

(f)

ciallaíonn “bia do naíonáin” bia a cheaptar lena úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe naíonán a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh le linn iad a scoitheadh den chíoch, agus bia a cheaptar lena úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe leanaí óga a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlionadh a chuireann lena n-aiste bia agus/nó chun go rachaidh siad i dtaithí de réir a chéile ar ghnáthbhia, seachas:

(i)

bia gránachbhunaithe próiseáilte agus

(ii)

deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do leanaí óga;

(g)

ciallaíonn “bia chun críocha speisialta míochaine” bia atá próiseáilte nó foirmlithe go sonrach agus a cheaptar lena úsáid mar bhia chun aiste bia othar, lena n-áirítear naíonáin, a bhainistiú agus atá le húsáid faoi chúram leighis agus atá ceaptha lena úsáid do bheathú eisiach nó páirteach othar a bhfuil cumas teoranta, lagaithe nó suaite acu maidir le gnáthbhia nó cothaithigh áirithe sa ghnáthbhia nó meitibilítí a ghlacadh, a dhíleá, a ionsú, a mheitibiliú nó a dhíchur, nó othar a bhfuil ceanglais chothaíochais eile acu arna gcinneadh ag an lucht leighis, ar othair iad nach féidir a n-aiste bia a bhainistiú tríd an ngnáthaiste bia amháin a mhodhnú.

(h)

ciallaíonn “ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú” bia atá foirmlithe go sonrach le go n-úsáidfear é in aistí bia fuinneamhshrianta chun meáchan a laghdú, ar bia é a ghabhann ionad na haiste bia laethúla iomláine nuair a úsáidtear é i gcomhréir le treoracha an oibreora ghnó bhia.

Airteagal 3

Cinntí maidir le léirithe

D’fhonn cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

an dtagann bia ar leith faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(b)

cén chatagóir shonrach bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) lena mbaineann bia ar leith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

Airteagal 4

Bia a chur ar an margadh

1.   Ní fhéadfar bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur ar an margadh ach amháin má chomhlíonann sé an Rialachán seo.

2.   Ní cheadófar bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur ar an margadh miondíola ach i bhfoirm bia réamhphacáilte.

3.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit srian nó cosc a chur le bia a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar an margadh, ar chúiseanna a bhaineann lena chomhdhéanamh, lena mhonarú, lena chur i láthair nó lena lipéadú.

Airteagal 5

Prionsabal an réamhchúraim

D’fhonn ardleibhéal cosanta sláinte a áirithiú maidir leis na daoine a bhfuil an bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo ceaptha dóibh, beidh feidhm ag prionsabal an réamhchúraim de réir mar a leagtar amach é in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

CAIBIDIL II

Ceanglais chomhshuímh agus faisnéise

Roinn 1

Ceanglais ghinearálta

Airteagal 6

Forálacha ginearálta

1.   Comhlíonfaidh bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) aon cheanglas de chuid dhlí an Aontais is infheidhme maidir le bia.

2.   Beidh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo i réim thar aon cheanglas neamhréireach de dhlí an Aontais is infheidhme maidir le bia.

Airteagal 7

Tuairimí an Údaráis

Soláthróidh an tÚdarás tuairimí eolaíocha i gcomhréir le hAirteagal 22 agus le hAirteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 chun críche chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh na tuairimí sin ina mbonn eolaíoch d’aon bheart a ghlacfaidh an tAontas de bhun an Rialacháin seo ar dócha go mbeidh éifeacht aige ar shláinte an phobail.

Airteagal 8

Rochtain ar dhoiciméid

Cuirfidh an Coimisiún Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (22) i bhfeidhm i gcás iarratas ar rochtain ar aon doiciméad a chumhdófar leis an Rialachán seo.

Airteagal 9

Ceanglais ghinearálta maidir le comhdhéanamh agus le faisnéis

1.   Fágfaidh comhdhéanamh an bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) gur iomchuí agus gur oiriúnach é chun ceanglais chothaitheacha na ndaoine a gceaptar dóibh é a chomhlíonadh, i gcomhréir le sonraí eolaíocha a nglactar leo go ginearálta.

2.   Maidir le bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ní bheidh aon substaint ann ar leor í chun sláinte na ndaoine a gceaptar an bia dóibh a chur i mbaol.

Maidir le substaintí ar nana-ábhair monaraithe iad, déanfar comhlíonadh na gceanglas sa chéad fhomhír a léiriú ar bhonn modhanna tástála leordhóthanacha, i gcás inarb iomchuí.

3.   Ar bhonn sonraí eolaíocha a ghlactar leo go ginearálta, beidh na substaintí a chuirtear le bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) chun críocha na gceanglas faoi mhír 1 den Airteagal seo bith-infhaighte le húsáid ag an gcolainn dhaonna, beidh éifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu agus beidh siad oiriúnach do na daoine a gceaptar dóibh é.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo, féadfaidh substaintí, a chumhdaítear le hAirteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97, a bheith i mbia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar leis na substaintí sin na coinníollacha faoin Rialachán sin lena gcur ar an margadh.

5.   Le lipéadú, le tíolacadh agus le fógraíocht an bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), cuirfear faisnéis ar fáil faoin mbia sin a úsáid ar bhealach iomchuí, agus ní bheidh sí míthreorach agus ní chuirfear airí síos do bhia go ndéanann sé galar daonna a chosc, a chóireáil nó a leigheas, ná ní thabharfar le fios go bhfuil na hairíonna sin i gceist.

6.   Ní chuirfear cosc le mír 5 ar aon fhaisnéis nó ar aon mholtaí a bheidh úsáideach a scaipeadh, ar faisnéis í nó ar moltaí iad, a cheapfar go heisiach do dhaoine a bhfuil cáilíochtaí acu sa leigheas, sa chothú agus sa chógaisíocht nó do ghairmithe cúram sláinte eile atá freagrach as cúram máthartha agus as cúram páistí.

Airteagal 10

Ceanglais bhreise le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach

1.   Dearfar lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bhainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach ar bhealach nach ndéanfaidh cothú cíche a dhímholadh.

2.   Ní bheidh pictiúir de naíonáin, nó pictiúir eile nó téacs a d’fhéadfadh úsáid na mbainne foirmle sin a idéalú ar an lipéadú, ar an gcur i láthair nó ar an bhfógraíocht atá ar bhainne foirmle do naíonáin, ná ar bhainne foirmle leantach.

Gan dochar don chéad fhomhír, ceadófar léirithe grafacha chun an bainne foirmle do naíonáin agus an bainne foirmle leantach a aithint go héasca agus chun modhanna ullmhúcháin a léiriú.

Roinn 2

Ceanglais shonracha

Airteagal 11

Ceanglais shonracha maidir le comhdhéanamh agus le faisnéis

1.   Faoi réir na gceanglas ginearálta a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 9, faoi réir cheanglais bhreise Airteagal 10 agus an dul chun cinn ábhartha teicniúil agus eolaíoch a bheidh déanta á chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18, i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais shonracha chomhdhéanaimh is infheidhme maidir leis an mbia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), cé is moite do na ceanglais mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn;

(b)

na ceanglais shonracha maidir le húsáid lotnaidicídí i dtáirgí a cheaptar le haghaidh tháirgeadh bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus maidir le hiarmhar lotnaidicídí sa bhia sin. Maidir leis na ceanglais shonracha do na catagóirí bia dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 1(1) agus do bhia chun críocha speisialta míochaine a forbraíodh chun ceanglais chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a chomhlíonadh, déanfar iad a nuashonrú go rialta agus áireofar iontu, inter alia, forálacha chun srian a chur ar úsáid lotnaidicídí a mhéid is féidir;

(c)

na ceanglais shonracha maidir le lipéadú, tíolacadh agus fógraíocht an bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), lena n-áirítear údarú maíomh maidir le cothú agus maidir le sláinte i dtaca leis an mbia sin;

(d)

na ceanglais i dtaca le fógra a thabhairt chun bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur ar an margadh chun faireachán oifigiúil éifeachtach an bhia sin a éascú agus ar a bhonn a dtabharfaidh oibreoirí gnó bia fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an bia sin á mhargú;

(e)

na ceanglais a bhaineann le cleachtais tionscnaimh agus tráchtála a bhaineann le bainne foirmle do naíonáin; agus

(f)

na ceanglais a bhaineann le faisnéis a bheidh le soláthar i ndáil le beathú naíonán agus leanaí óga chun a áirithiú go mbeidh faisnéis leordhóthanach ann ar chleachtais bheathaithe iomchuí;

(g)

na ceanglais shonracha, do bhia chun críocha speisialta míochaine a forbraíodh chun ceanglais chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais chomhdhéanaimh agus ceanglais i dtaca le lotnaidicídí agus iarmhairtí lotnaidicídí a úsáid i dtáirgí atá beartaithe chun bia den sórt sin a tháirgeadh, lipéadú, cur i láthair, fógraíocht, agus cleachtais tionscnaimh agus tráchtála, mar is iomchuí.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin tráth faoin … (*1).

2.   Faoi réir na gceanglas ginearálta a leagtar amach in Airteagal 6 agus in Airteagal 9, faoi réir cheanglais bhreise Airteagal 10, agus an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ábhartha á chur san áireamh, lena n-áirítear na sonraí a chuirfidh na páirtithe leasmhara ar fáil i ndáil le táirgí nuálacha, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 d’fhonn na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a nuashonrú.

I gcás rioscaí don tsláinte a bheith ag teacht chun cinn agus mórchúiseanna práinne a bheith á éileamh, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na míre sin.

Airteagal 12

Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do leanaí óga

Faoin… (*1), déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an ngá, más ann dó, atá le forálacha speisialta do dheochanna bainnebhunaithe agus do tháirgí comhchosúla atá ceaptha do leanaí óga, i ndáil le ceanglais chomhdhéanaimh agus lipéadaithe agus, más iomchuí, cineálacha eile ceanglas. Breithneoidh an Coimisiún sa tuarascáil, inter alia, ceanglais chothaitheacha leanaí óga, ról na dtáirgí sin in aiste bia leanaí óga agus an mbaineann sochair chothaíochais leis na táirgí sin i gcomparáid le gnáthaiste bia linbh a bheadh á scoitheadh den chíoch nó nach mbaineann. Féadfaidh togra iomchuí reachtach a bheith i dteannta na tuarascála sin, mas gá.

Airteagal 13

Bianna a cheaptar do lucht spóirt

Faoin… (*1), cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i ndiaidh dó dul i mbun comhairliúcháin leis an Údarás, ar tuarascáil í maidir leis an ngá, más ann dó, atá le forálacha a dhéanamh do bhia atá ceaptha do lucht spóirt. Féadfaidh togra iomchuí reachtach a bheith i dteannta na tuarascála sin, mas gá.

Airteagal 14

Treoirlínte teicniúla

Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte teicniúla a ghlacadh chun cabhrú leis na hoibreoirí gnóthaí bia, go háirithe na FBManna, Caibidil II agus III a chomhlíonadh.

CAIBIDIL III

Liosta an Aontais

Airteagal 15

Liosta an Aontais

1.   Féadfar substaintí a bhaineann leis na catagóirí substaintí a leanas a chur le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ar choinníoll go mbeidh na substaintí sin ar áireamh i liosta an Aontais, a leagtar amach san Iarscríbhinn agus go gcomhlíonann siad na gnéithe atá i liosta an Aontais i gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin:

(a)

vitimíní;

(b)

mianraí;

(c)

aimínaigéid;

(d)

carnaítín agus táirín;

(e)

núicléitídí;

(f)

coilín agus ionóisíotól.

2.   Comhlíonfaidh substaintí a atá ar áireamh i liosta an Aontais na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 agus in Airteagal 9, agus, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais shonracha a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 11.

3.   Beidh na gnéithe seo a leanas i liosta an Aontais:

(a)

an chatagóir bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) lena bhféadfar substaintí a bhaineann leis na catagóirí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a áireamh;

(b)

ainm na substainte agus tuairisc uirthi agus i gcás inarb iomchuí, sonrú ar a fhoirm;

(c)

i gcás inarb iomchuí, coinníollacha úsáide na substainte;

(d)

i gcás inarb iomchuí, critéir íonachta is infheidhme maidir leis an tsubstaint.

4.   Maidir leis na critéir íonachta arna mbunú ag dlí an Aontais is infheidhme do bhia, a mbeidh feidhm acu maidir le substaintí atá ar áireamh i liosta an Aontais nuair a úsáidfear iad chun bia a mhonarú chun críocha seachas iad sin atá cumhdaithe faoin Rialachán sin, beidh feidhm acu maidir leis na substaintí sin nuair a úsáidfear iad chun críocha atá cumhdaithe faoin Rialachán sin mura mbeidh a mhalairt sonraithe sa Rialachán sin.

5.   Maidir le substaintí atá ar áireamh i liosta an Aontais, agus nach bhfuil critéir íonachta bunaithe ag dlí an Aontais is infheidhme do bhia dóibh, beidh feidhm ag na critéir íonachta a nglactar leo go ginearálta arna moladh ag comhlachtaí idirnáisiúnta go dtí go nglacfar critéir den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a choinneáil ina leagfar síos critéir íonachta níos doichte.

6.   Chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha nó sláinte tomhaltóirí a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i ndáil leis na catagóirí substaintí atá liostaithe i mír 1 den Airteagal seo, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

catagóir substaintí a bhaint;

(b)

catagóir substaintí a bhfuil éifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch acu a chur isteach.

7.   Féadfar substaintí a bhaineann le catagóirí nach liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a chur le bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ar chuntar go gcomhlíonfar leo na ceanglais ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 6 agus in Airteagal 9, agus, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais shonracha a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 16

Liosta an Aontais a nuashonrú

1.   Faoi réir na gceanglas ginearálta a leagtar amach in Airteagal 6 agus in Airteagal 9 agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir na gceanglas sonrach a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 11, agus chun an dul chun cinn teicniúil, na forbairtí eolaíocha nó cosaint sláinte na dtomhaltóirí a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18, chun an Iarscríbhinn a leasú, i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

substaint a chur le liosta an Aontais;

(b)

substaint a bhaint de liosta an Aontais;

(c)

na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 15(3) a chur isteach, a bhaint nó a leasú.

2.   I gcás rioscaí don tsláinte a bheith ag teacht chun cinn agus ina n-éilítear sin ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

CAIBIDIL IV

Forálacha nós imeachta

Airteagal 17

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11, in Airteagal 15(6) agus in Airteagal 16(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse chúig bliana ón … (*2). Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 15(6), agus Airteagal 16(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5.   Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 11, Airteagal 15(6) agus Airteagal 16(1) i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 19

Nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna a bheidh ann le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a aisghairm gan mhoill tar éis fógra a fháil ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle go bhfuil cinneadh déanta acu agóid a dhéanamh.

CAIBIDIL V

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 20

Aisghairm

1.   Déantar Treoir 2009/39/CE a aisghairm le héifeacht ón … (*3). Forléireofar tagairtí a dhéantar don ghníomh aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

2.   Déantar Treoir 92/52/CEE agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 a aisghairm le héifeacht ón … (*2).

3.   Gan dochar don chéad fhomhír de mhír 4, ní bheidh feidhm ag Treoir 96/8/CE maidir le bianna a chuirfear i láthair mar mhalartú ar bhéile amháin nó níos mó den aiste bia laethúil ón … (*2).

4.   Déantar Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 agus Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE 2006/125/CE agus 2006/141/CE a aisghairm ón dáta a gcuirfear i bhfeidhm na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

I gcás ina mbeidh coimhlint idir Rialachán (CE) Uimh. 953/2009, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE agus an Rialachán seo, is é an Rialachán seo a sheasfaidh.

Airteagal 21

Bearta idirthréimhseacha

1.   Maidir le bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo nach gcomhlíonann an Rialachán seo ach a chomhlíonann Treoir 2009/39/CE agus, de réir mar is infheidhme, Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 agus Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE, agus a chuirtear ar an margadh nó a gcuirtear lipéad air roimh an … (*2), féadfar leanúint dá mhargú tar éis an dáta sin go dtí go mbeidh stoic an bhia sin ídithe.

I gcás ina mbeidh dáta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 20(4) den Rialachán seo tar éis an … (*2), maidir le bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chomhlíonann an Rialachán seo, Rialachán (CE) Uimh. 953/2009, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE, de réir mar is infheidhme, ach nach gcomhlíonann na gníomhartha tarmligthe sin, agus a chuirtear ar an margadh nó a gcuirtear lipéad air roimh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe sin, féadfar leanúint dá mhargú tar éis an dáta sin go dtí go mbeidh stoic an bhia sin ídithe.

2.   Maidir le bia nach dtagraítear dó le hAirteagal 1(1) den Rialachán seo ach a chuirfear ar an margadh nó a gcuirfear lipéad air i gcomhréir le Treoir 2009/39/CE agus le Rialachán (CE) 953/2009, agus, de réir mar is infheidhme, le Treoir 96/8/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 roimh an… (*2), féadfar leanúint dá mhargú tar éis an dáta sin go dtí go mbeidh stoic an bhia sin ídithe.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … (*2), seachas i gcás na n-eisceachtaí seo a leanas:

Airteagal 11, Airteagal 16, Airteagal 18 agus Airteagal 19 a mbeidh feidhm acu ón … (*4);

Airteagal 15 agus ag an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a mbeidh feidhm acu ón dáta a chuirfear i bhfeidhm na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 24. 28.1.2012, lch. 119.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 22 Aibreán 2013. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an …

(3)  IO L 124, 20.5.2009, lch. 21.

(4)  IO L 55, 6.3.1996, lch. 22.

(5)  IO L 91, 7.4.1999, lch. 29.

(6)  IO L 339, 6.12.2006, lch. 16.

(7)  IO L 401, 30.12.2006, lch. 1.

(8)  IO L 16, 21.1.2009, lch. 3.

(9)  IO L 179, 1.7.1992, lch. 129.

(10)  IO L 269, 14.10.2009, lch. 9.

(11)  IO L 183, 12.7.2002, lch. 51.

(12)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.

(13)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

(14)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(15)  IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(16)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(17)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(18)  IO L 43, 14.2.1997, lch. 1.

(19)  IO L 304, 22.11.2011, lch. 18.

(20)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.

(21)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(22)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(*1)  Dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(*2)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo

(*3)  Trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(*4)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN

LIOSTA AN AONTAIS AMHAIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 15(1)

Substaint

An catagóir bia

Bainnefoirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach

Bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia naíonán

Bia chun críocha speisialta míochaine

Ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú

Vitimíní

 

 

 

 

 

 

Vitimín A

 

 

 

 

 

reiteanól

X

X

X

X

aicéatáit retinile

X

X

X

X

palmatáit retinile

X

X

X

X

béite-charaitéin

 

X

X

X

Vitimín D

 

 

 

 

 

eargacailciféaról

X

X

X

X

colacailciféaról

X

X

X

X

Vitimín E

 

 

 

 

 

tócaifearól D-alfa

X

X

X

X

tócaifearól DL-alfa

X

X

X

X

aicéatáit tócaifeirile D-alfa

X

X

X

X

aicéatáit tócaifeirile DL-alfa

X

X

X

X

sucsainéit aigéid tócaifeirile D-alfa

 

 

X

X

sucsainéit ghliocóil-1000 phoileitiléin tócaifeirile D-alfa (TPGS)

 

 

X

 

Vitimín K

 

 

 

 

 

filleacuineon (fíteameanaidé-ón)

X

X

X

X

meineacuineon (1)

 

 

X

X

Vitimín C

 

 

 

 

 

L-aigéad ascorbach

X

X

X

X

sóidiam-L-ascorbáit

X

X

X

X

cailciam-L-ascorbáit

X

X

X

X

potaisiam-L-ascorbáit

X

X

X

X

L-ascorbail 6-palmatáit

X

X

X

X

Tiaimín

 

 

 

 

 

hidreaclóiríd tiaimín

X

X

X

X

monainíotráit tiaimín

X

X

X

X

Ribeaflaivin

 

 

 

 

 

ribeaflaivin

X

X

X

X

ribeaflaivin 5' - fosfáit, sóidiam

X

X

X

X

Niaicin

 

 

 

 

 

aigéad nicitíneach

X

X

X

X

nicitíonaimíd

X

X

X

X

Vitimín B6

 

 

 

 

 

hidreaclóiríd phireadocsaín

X

X

X

X

ribeaflaivin 5' - fosfáit

X

X

X

X

déphalmatáit phireadocsaín

 

X

X

X

Fóláit

 

 

 

 

 

aigéad fólach (aigéad tearóilmhonaghlútamach)

X

X

X

X

cailciam-L-meitilfhólach

 

 

X

X

Vitimín B12

 

 

 

 

 

cianacóbalaimín

X

X

X

X

cianacóbalaimín

X

X

X

X

Bitin

 

 

 

 

 

D-bitin

X

X

X

X

Aigéad pantaitéineach

 

 

 

 

 

D-pantaitéanáit, cailciam

X

X

X

X

D-pantaitéanáit, sóidiam

X

X

X

X

deaspantanól

X

X

X

X

Mianraí

 

 

 

 

 

 

Potaisiam

 

 

 

 

 

décharbónáit photaisiam

X

 

X

X

carbónáit photaisiam

X

 

X

X

clóiríd photaisiam

X

X

X

X

ciotráit photaisiam

X

X

X

X

glúcónáit photaisiam

X

X

X

X

glicreafosáit photaisiam

 

X

X

X

lachtáit photaisiam

X

X

X

X

hiodrocaíd photaisiam

X

 

X

X

salainn photaisiam d’aigéad fosfarach

X

 

X

X

ciotráit mhaighnéisiam photaisiam

 

 

X

X

Cailciam

 

 

 

 

 

carbónáit chailciam

X

X

X

X

clóiríd chailciam

X

X

X

X

salainn chailciam d’aigéad citreach

X

X

X

X

glúcónáit chailciam

X

X

X

X

glicreafosfáit chailciam

X

X

X

X

lachtáit chailciam

X

X

X

X

salainn chailciam d’aigéad fosfarach

X

X

X

X

hiodrocsaíd chailciam

X

X

X

X

ocsaíd chailciam

 

X

X

X

sulfáit chailciam

 

 

X

X

bios-gliceanáit chailciam

 

 

X

X

ciotráit mhaláite chailciam

 

 

X

X

maláit chailciam

 

 

X

X

L-pidoláit chailciam

 

 

X

X

Maignéisiam

 

 

 

 

 

aicéatáit mhaignéisiam

 

 

X

X

carbónáit mhaignéisiam

X

X

X

X

clóiríd mhaignéisiam

X

X

X

X

salainn mhaignéisiam d’aigéad citreach

X

X

X

X

glúcónáit mhaignéisiam

X

X

X

X

glicreafosáit mhaignéisiam

 

X

X

X

salainn mhaignéisiam d’aigéad fosfarach

X

X

X

X

lachtáit mhaignéisiam

 

X

X

X

hiodrocsaíd mhaignéisiam

X

X

X

X

ocsaíd mhaignéisiam

X

X

X

X

sulfáit mhaignéisiam

X

X

X

X

L-aspartáit mhaighnéísiam

 

 

X

 

bios-gliceanáit mhaignéisiam

 

 

X

X

L-pidoláit mhaighnéisiam

 

 

X

X

ciotráit mhaighnéisiam photaisiam

 

 

X

X

Iarann

 

 

 

 

 

carbónáit fheiriúil

 

X

X

X

ciotráit fheiriúil

X

X

X

X

ciotráit amóiniam feireach

X

X

X

X

glúcónáit fheiriúil

X

X

X

X

fúmaráit fheiriúil

X

X

X

X

défhosfáit sóidiam fheireach

 

X

X

X

lachtáit fheiriúil

X

X

X

X

sulfáit fheiriúil

X

X

X

X

fosfáit amóiniam fheiriúil

 

 

X

X

EDTA shóidiam fheirigh

 

 

X

X

défhosfáit fheireach (pireafosfáit fheireach)

X

X

X

X

siúcráit fheireach

 

X

X

X

iarann eiliminteach (carbóinil + leictrealaíoch + hidrigin-chaolaithe

 

X

X

X

bios-gliceanáit fheiriúil

X

 

X

X

L-pidoláit fheiriúil

 

 

X

X

Sinc

 

 

 

 

 

aicéatáit since

X

X

X

X

clóiríd since

X

X

X

X

ciotráit since

X

X

X

X

glúcónáit since

X

X

X

X

lachtáit since

X

X

X

X

ocsaíd since

X

X

X

X

carbónáit since

 

 

X

X

sulfáit since

X

X

X

X

bios-gliceanáit since

 

 

X

X

Copar

 

 

 

 

 

carbónáit choprach

X

X

X

X

ciotráit choprach

X

X

X

X

glúcónáit choprach

X

X

X

X

sulfáit choprach

X

X

X

X

coimpléacs lísín copair

X

X

X

X

Mangainéis

 

 

 

 

 

carbónáit mhangainéise

X

X

X

X

clóiríd mhangainéise

X

X

X

X

ciotráit mhangainéise

X

X

X

X

glúcónáit mhangainéise

X

X

X

X

glicreafosáit mhangainéise

 

X

X

X

sulfáit mhangainéise

X

X

X

X

Fluairíd

 

 

 

 

 

fluairíd photaisiam

 

 

X

X

fluairíd sóidiam

 

 

X

X

Seiléiniam

 

 

 

 

 

seiléanáit sóidiam

X

 

X

X

seiléinít sóidiam hidrigine

 

 

X

X

seiléinít sóidiam

X

 

X

X

giosta breis seiléiniam (2)

 

 

X

X

Cróimiam

 

 

 

 

 

clóiríd chróimian (III) agus a heicsihiodráit

 

 

X

X

sulfáit chróimian (III) agus a heicsihiodráit

 

 

X

X

piocolanáit chróimiam

 

 

X

X

Molaibdéineam

 

 

 

 

 

molabdáit amóiniam

 

 

X

X

molabdáit sóidiam

 

 

X

X

Iaidín

 

 

 

 

 

iaidíd photaisiam

X

X

X

X

iadáit photaisiam

X

X

X

X

iaidíd sóidiam

X

X

X

X

iadáit sóidiam

 

X

X

X

Sóidiam

 

 

 

 

 

décharbónáit sóidiam

X

 

X

X

carbónáit sóidiam

X

 

X

X

clóiríd sóidiam

X

 

X

X

ciotráit sóidiam

X

 

X

X

glúcónáit sóidiam

X

 

X

X

lachtáit sóidiam

X

 

X

X

hiodrocsaíd sóidiam

X

 

X

X

salainn sóidiam d’aigéad ortafosfarach

X

 

X

X

Bórón

 

 

 

 

 

bóráít sóidiam

 

 

X

X

aigéad bórach

 

 

X

X

Aimínai géid (3)

 

 

 

 

 

 

L-alainín

 

X

X

L-argainín

X

agus a hidreaclóiríd

X

agus a hidreaclóiríd

X

X

L-aigéad aspartach

 

 

X

 

L-citrillín

 

 

X

 

L-cistéin

X

agus a hidreaclóiríd

X

agus a hidreaclóiríd

X

X

Cistín (4)

X

agus a hidreaclóiríd

X

agus a hidreaclóiríd

X

X

L-histidín

X

agus a hidreaclóiríd

X

agus a hidreaclóiríd

X

X

L-aigéad glútamach

 

 

X

X

L-glútaimín

 

 

X

X

glicín

 

 

X

 

L-isileoicín

X

agus a hidreaclóiríd

X

agus a hidreaclóiríd

X

X

L-leoicín

X

agus a hidreaclóiríd

X

agus a hidreaclóiríd

X

X

L-lísín

X

agus a hidreaclóiríd

X

agus a hidreaclóiríd

X

X

L-aicéatáit lísín

 

 

X

X

L-meitiainín

X

X

X

X

L-ornaitín

 

 

X

X

L-feiniolalainín

X

X

X

X

L-próilín

 

 

X

 

L-tréóinín

X

X

X

X

L-tripteafan

X

X

X

X

L-tirisín

X

X

X

X

L-vailín

X

X

X

X

L-séirín

 

 

X

 

L-argainín-L-aspartáit

 

 

X

 

L-lísín-L-aspartáit

 

 

X

 

L-lísín-L-glútamáit

 

 

X

 

N-aicéitil-L-cistéin

 

 

X

 

N-aicéitil-L-meitiainín

 

 

X (i dtáirgi faoi chomhair daoine atá níos sine na 1 bhliain d’aois

 

Carnaítín agus táirín

 

 

 

 

 

 

L-carnaítín

X

X

X

X

L-hidreaclóiríd charnaítín

X

X

X

X

táirín

X

 

X

X

L-carnaítín-L-tartráit

X

 

X

X

Núicléitídí

 

 

 

 

 

 

fosfáit adanóisín (AMP)

X

 

X

X

salainn sóidiam AMP

X

 

X

X

monofosfáit chítidín (CMP)

X

 

X

X

salainn sóidiam CMP

X

 

X

X

fosfáit ghuanóisín (GMP)

X

 

X

X

salainn sóidiam GMP

X

 

X

X

fosfáit ionóisín (IMP)

X

 

X

X

salainn sóidiam IMP

X

 

X

X

fosfáit úiridín (UMP)

X

 

X

X

salainn sóidiam UMP

X

 

X

X

Coilín agus ionóisíotól

 

 

 

 

 

 

coilín

X

X

X

X

clóiríd choilín

X

X

X

X

déthartráit choilín

X

X

X

X

ciotráit choilín

X

X

X

X

ionóisíotól

X

X

X

X


(1)  Meineacuineon, arb ann dó go príomha mar mheineacuineon-7 agus, go beag, mar mheineacuineon-6.

(2)  Giostaí breis seiléiniam a tháirgtear trí shaothrú i láthair seiléiníte sóidiam mar fhoinse seiléiniam agus ina bhfuil, sa bhfoirm triomaithe a chuirtear ar an margadh, nach mó ná 2,5 mg Se/g ann. Is é an speiceas de sheiléiniam orgánach is mó atá le fáil sa ghiosta ná seiléinomeitiainín (idir 60 agus 85 % den seiléiniam iomlán eastóctha sa táirge). Ní mór nach mó ábhar na gcomhábhar seiléiniam orgánach eile lena n-áirítear seiléinocistéin ná 10 % den seiléiniam iomlán eastóctha. Ní mór nach mó leibhéil an tseiléiniaim neamhorgánaigh ná 1 % den seiléiniam iomlán eastóctha.

(3)  I gcás aimínaigéad a úsáidtear i mbainne foirmle do naíonáin, i mbainne foirmle leantach, i mbianna atá bunaithe ar ghránaigh phróiseáilte agus i mbia faoi chomhair leanaí, ní fhéadfar ach an hidreaclóiríd atá luaite go sonrach a úsáid. I gcás aimínaigéad a úsáidtear i mbia chun críocha speisialta míochaine agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, a mhéid is féidir, féadfar na salainn sóidiam, chailciam, photaisiam agus mhaighnéisiam, agus a hidreaclóiríd freisin, a úsáid.

(4)  I gcás a n-úsáide i mbainne foirmle do naíonáin, i mbainne foirmle leantach, i mbianna atá bunaithe ar ghránaigh phróiseáilte agus i mbia faoi chomhair leanaí, ní fhéadfar ach an fhoirm L-cistín amháin a úsáid.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

Rinne Coimisiún na hEorpa togra a thíolacadh an 24 Meitheamh 2011 le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bia a cheaptar lena úsáid do naíonáin agus do leanaí óga agus maidir le bia chun críocha speisialta míochaine (1) ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE” ina dhiaidh seo).

2.

I gcomhréir le hAirteagal 114(1) de CFAE, thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta uaidh a thuairim an 26 Deireadh Fómhair 2011. (2)

3.

Ag gníomhú di i gcomhréir le hAirteagal 294(3) de CFAE, ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2012 (3), agus 83 leasú ar an mbuntogra ón gCoimisiún á bhformheas aici.

4.

I gcomhréir le hAirteagal 294(5) CFAE, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh trí thromlach cáilithe an 22 Aibreán 2013.

II.   CUSPÓIRÍ

5.

Tá an Rialachán atá molta dírithe ar ionadú a dhéanamh ar Threoir 2009/39/CE maidir le bia-ábhair atá beartaithe le haghaidh úsáidí cothaitheacha speisialta (4) agus líon áirithe gníomhartha ón gCoimisiún lena gcuirtear an Treoir sin chun feidhme, agus deireadh á chur aige le coincheap bianna “diaitéiteacha”.

Foráiltear sa Rialachán le haghaidh forálacha nua ginearálta a bhaineann le líon de chatagóirí teoranta bia a mheastar a bheith bunriachtanach do ghrúpaí leochaileacha áirithe den daonra (bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin, bia chun críocha speisialta míochaine agus bia mar mhalartú iomlán ar aiste bia chun críocha meáchan a rialú) agus le haghaidh liosta substaintí de chuid an “Aontais” (amhail vitimíní, mianraí agus substaintí áirithe eile) a d’fhéadfaí a chur leis na catagóirí bia dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán atá molta.

Is é is aidhm dó an creat dlíthiúil a shoiléiriú tríd an bhforluí a sheachaint idir an reachtaíocht shonrach is infheidhme maidir le gnáthbhia, agus trí bhearnaí dlíthiúla faoin gcóras atá anois ann a iamh.

Is é is aidhm dó, fairis sin, a áirithiú go gcuirfear chun feidhme rialacha an AE maidir le bianna dá sórt ar an modh céanna i ngach Ballstát, a chuideoidh as a los sin le deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar ar mhaithe le tomhaltóirí agus táirgeoirí agus saobhadh a chosc ag an am céanna sa mhargadh inmheánach. (5)

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

6.

Tugtar isteach leis an seasamh ón gComhairle roinnt athruithe i leith an togra ón gCoimisiún. Tá na hathruithe ag teacht leis na tuairimí a léirítear sa seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, a bheag nó a mhór, bíodh go bhfuil dréachtú difriúil ann.

7.

Cuirtear san áireamh sa seasamh ón gComhairle na leasuithe substaintiúla go léir nach mór a mhol Parlaimint na hEorpa, go háirithe iad seo a leanas:

(a)

maidir le scóip an Rialacháin atá molta:

cuimsiú na catagóire (malairt iomlán ar aiste bia chun meáchan a rialú) de bhianna faoi chuimsiú an Rialacháin atá molta (teideal, pointe (d) d’Airteagal 1(1), pointe (h) d’Airteagal 2(2) agus aithris 16 faoina chumhdaítear leasuithe 1, 11, 12, 20, 26, 36, 46);

an prionsabal a chuireann in iúl gur cheart go dtabharfaí an leibhéal cosanta céanna ar a laghad do dhaoine atá éadulangach ar ghlútan agus a fhaigheann siad faoin gcreat dlíthiúil atá anois ann (aithris 41); ba cheart na rialacha maidir le húsáid na "ráiteas saor ó ghlútan" a thabhairt anonn go dtí Rialachán (AE) Uimh 1169/2011 maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do chustaiméirí (6) (leasuithe 1,11, 12, 20, 35, 44, 45, 70, 90);

a thábhachtaí atá sé soiléiriú a dhéanamh ar stádas dlíthiúil na ráiteas “saor ó lachtós” (aithris 42 faoina chumhdaítear leasuithe 25, 80 ); ba cheart rialacha maidir le húsáid ráiteas den sórt sin a bheith á rialú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

an gá atá le tuarascálacha ón gCoimisiún chun a mheas an bhfuil forálacha riachtanach maidir le bia d’fhir spóirt (Airteagal 13 agus aithrisí 32, 33, faoina chumhdaítear leasú 6) agus maidir le deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla atá ceaptha do leanaí óga (Airteagal 12 agus aithris 31 a bhaineann le haithrisí 21, 81); ba cheart na tuarascálacha ón gCoimisiún a thíolacadh faoi bhun 2 bhliain tar éis an Rialachán atá molta a theacht i bhfeidhm;

a rá go bhfuil “ísealmheáchan breithe agus bianna do naíonáin réamh-théarma” faoi chuimsiú an Rialacháin atá molta, faoi mar a shoiléirítear é in aithrisí 29, 30 faoina chumhdaítear leasuithe 13, 34, 43, 92;

(b)

a rá go mba cheart go ndéanfaí substaintí atá díobhálach don tsláinte a eisiamh ó chomhdhéanamh na gcatagóirí bia dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán atá molta (aithris 3, faoina chumhdaítear leasú 3);

(c)

an gá atá ann leis an earnáil seo a rialú agus soiléiriú a thabhairt maidir le cé na táirgí a bhfuil an Rialachán atá molta infheidhme ina leith (leasú 4, a cumhdaíodh cheana féin le haithrisí 9 agus 13 den togra ón gCoimisiún agus a chumhdaítear le haithris 10 freisin);

(d)

níos mó béime a bheith ann ar an ngá atá le treoir theicniúil ón gCoimisiún trína bhféadfar comhlíonadh oibreoirí gnó bia a éascú, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), maidir leis an Rialachán atá molta (Airteagal 14 agus aithrisí 10, 34 faoina chumhdaítear leasuithe 8, 29, 30, 31, 72);

(e)

infheidhmeacht phrionsabal an réamhchúraim, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos prionsabail ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (7) maidir le bianna dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán atá molta (Airteagal 5 faoina chumhdaítear leasuithe 9, 10, 53, 64, 69);

(f)

an gá atá ann le hiarmhair lotnaidicíde a shrianadh a mhéid agus is féidir sna bianna a chumhdaítear leis an Rialachán atá molta (pointí (b) agus (g) d’Airteagal 11 (1) agus aithrisí 20, 21, 22 a bhaineann le leasuithe 15, 16, 17, 62, 63);

(g)

liosta substaintí an Aontais a bhunú, de réir mar a leagtar amach é san Innéacs a ghabhann leis an Rialachán atá molta, a fhéadfar a chur le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí bia dá dtagraítear in Airteagal 1 agus an fhéidearthacht atá ann chun é a nuashonrú trí ghníomhartha tarmligthe (Airteagal 1(2), Airteagail 15 agus 16, aithrisí 36, 37, 38, 39, agus Innéacs faoina chumhdaítear leasuithe 22, 24, 37, 87, 88, 89);

(h)

substaintí ina bhfuil nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a chur faoi réir modhanna tástála leordhóthanacha agus, dá bhrí sin, tagairt don sainmhíniú atá ar nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a chuimsiú i Rialachán (AE) 1169/2011 (Airteagal 9(2) agus pointe (b) d’Airteagal 2(1) agus aithris 23 faoina chumhdaítear leasuithe 23, 41, 87)

(i)

maidir le tarmligean na gcumhachtaí, mar atá:

oiriúnaithe ar na sainmhínithe (Airteagal 2(3) den togra ón gCoimisiún arna scriosadh le leasú 48) a eisiamh ó na cumhachtaí a bhronnfar ar an gCoimisiún toisc go measann an dá institiúid gur eilimintí bunriachtanacha iad den Rialachán atá molta, dá bhrí sin ní fhéadfaí na hathruithe a dhéanamh ach amháin tríd an ngnáthnós imeachta reachtach;

an nós imeachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh (Airteagal 18 faoina chumhdaítear leasú 77) agus an liosta de ghníomhartha tarmligthe a ghlacfar (Airteagal 18 faoina chumhdaítear leasuithe 78 agus 79 agus aithrisí 39 faoina chumhdaítear leasú 22).

(j)

a rá nár cheart go sannfaí airíonna do bhia lena maítear galair dhaonna a chosc, a chóireáil nó a leigheas (Airteagal 9(5) agus aithris 25 faoina chumhdaítear leasú 58) de bharr an lipéadú, an cur i láthair agus an fhógraíocht a dhéantar i leith an bhia;

(k)

a thábhachtaí agus atá an “cothú leis an gcíoch” agus d’fhonn gan í a dhímholadh, an cosc ar phictiúir de naíonáin i lipéadú, i gcur i láthair agus i bhfógraíocht bhainne foirmle do naíonáin a thabhairt anonn freisin ar lipéadú a bhaineann le bainne foirmle leantach do naíonáin (Airteagal 10 agus aithris 26 faoina chumhdaítear leasú 59);

(l)

soláthrófar do ghairmithe atá freagrach as cúram sláinte an fhaisnéis a bhaineann leis na bianna dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán atá molta (Airteagal 9(6) faoina chumhdaítear leasú 60);

(m)

an fhaisnéis a sholáthrófar maidir le moltaí i gcomhair úsáid iomchuí an bhia (leasú 67, arna chumhdach cheana ag Airteagal 9(5)).

8.

Ionchorpraítear freisin sa seasamh ón gComhairle leasuithe 19, 39, 40, 49 (an dara cuid), 51, 52, ar leasuithe de chineál teicniúla agus eagarthóireachta iad agus arb aidhm dóibh soiléireacht an téacs a fheabhsú.

9.

Tugtar isteach, fairis sin, leis an seasamh ón gComhairle an deis don gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh cé acu an gcuimsítear bia ar leith faoi raon feidhme an Rialacháin atá molta nó nach gcuimsítear agus cén chatagóir bia faoin raon feidhme sin a mbaineann sé léi (Airteagal 3 agus aithris 40).

10.

Ní chuimsítear roinnt leasuithe a moladh i seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh i seasamh na Comhairle, áfach, mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:

(a)

Leasú 2 arb aidhm dó béim speisialta a leagan ar shábháilteacht an bhia dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán atá molta, toisc nach bhfuil an Rialachán atá molta teoranta do shábháilteacht bia. Ba cheart, dá mb'fhéidir in aon chor é, é a chur i gcomhthéacs shaorghluaiseacht bia atá slán agus folláin, de réir mar a mhol an Coimisiún.

(b)

Leasú 5 maidir le rannchuidiú an Aontais i gcleachtais iomchuí a chur chun feidhme le haghaidh ionadaigh do bhainne cíche a bheith á margú i dtríú tíortha ag monaróirí Comhphobalbhunaithe, toisc nach leor agus nach beacht ar fad an tagairt don Mholadh ón gComhairle den 18 Meitheamh 1992. Is amhlaidh a chuimsítear i Rialachán (AE) Uimh 178/2002 seasamh níos úrnua agus níos sainiúla ó na comhreachtóirí maidir le hoibleagáidí oibreoirí gnó bia i ndáil le bia a allmhairítear isteach san Aontas agus i ndáil le bia a onnmhairítear amach as an Aontas.

(c)

Leasú 7 maidir leis an mbia a thógfaidh daoine a bhfuil neamhoird mheitibileachta carbaihiodráití (‧diaibéiteas‧) orthu, rud nach mbaineann le comhthéacs, toisc nach gcumhdaítear ‧diaibéiteas‧ go speisialta mar ghalar leis an Rialachán atá molta.

(d)

Leasú 18 maidir le hinfheidhmeacht Rialacháin (AE) 178/2002, leasuithe 27, 28, agus 54 maidir le maoirseacht, leasú 49 (cuid 1) ina dtagraítear do na forálacha ginearálta allmhairiú agus onnmhairiú atá infheidhme maidir le bia agus leasú 68 maidir le faireachán iarmhargaidh, toisc go bhfuil an reachtaíocht atá i bhfeidhm athráite iontu.

(e)

Leasuithe 50 agus 91, lena soláthraítear údarú sealadach tríd an nós imeachta (gasta) céanna agus a rá go mbeadh ualach neamhriachtanach breise riaracháin ag gabháil leis an údarú neamhshonrach. Fairis sin, tarmligtear an chumhacht don gCoimisiún chun na ceanglais atá infheidhme maidir leis an mbia dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán atá molta a nuashonrú go rialta d'fhonn gur féidir le custaiméirí tairbhe ghasta a bhaint as dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, go háirithe i ndáil le táirgí núalaíocha (Airteagal 11(2) agus aithris 27).

(f)

Leasuithe 47 maidir le catagóirí bia chun críocha speisialta míochaine, leasú 61 maidir leis na heilimintí a thabharfar ar aird chun críocha faireacháin agus leasuithe 71 agus 82 lena sainítear na sainmhínithe ar bhia beagchalraí agus bia fíor-bheagchalraí, atá ró-mhionsonraíoch le go gcuimseofaí iad i gcomhthéacs ghnímh bhunúsaigh agus ar cheart ina ionad sin dul i ngleic leo trí ghníomhartha tarmligthe.

(g)

Leasú 56 maidir le tagairtí faoi chosc a chur ar lipéadú ar bhia le haghaidh “gnáthchaitheamh”, nach bhfuil infheidhme a thuilleadh, toisc gur cuireadh deireadh san athbhreithniú reatha leis an idirdhealú idir “bia diaitéiteach” agus “bia le haghaidh gnáthchaithimh”.

(h)

Leasú 66, toisc nach féidir na rialacha atá i bhfeidhm a aistriú go huathoibríoch go dtí gníomhartha tarmligthe i gcomhthéacs chreata nua reachtaigh.

(i)

Leasuithe 75 agus 76 maidir le faisnéis a bhaineann le hiarratais, toisc gur cuireadh ó fheidhm iad trí na hathruithe sa téacs dlíthiúil.

Diúltaíodh do leasuithe 14, 33, 38, 55 agus 57 freisin de bharr nach raibh aon athrú substaintiúil sa téacs.


(1)  12099/11 (COM(2011) 353 final).

(2)  NAT/518 – CESE 1604/2011.

(3)  EP-PE_TC1-COD(2011)0156.

(4)  IO L 124, an 20.5.2009, lch. 21.

(5)  I láthair na huaire, féadfar bianna comhchosúla a mhargú i mBallstáit éagsúla mar bhia a cheaptar lena úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe agus/nó mar bhia a cheaptar do ghnáthchaitheamh dírithe ar an bpobal go ginearálta nó ar roinnt foghrúpaí amhail mná atá ag iompar clainne, daoine níos aosta, leanaí atá ag fás, ógánaigh agus eile. Dá bhrí sin, baintear an bonn d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cruthaítear neamhdheimhneacht dhlíthiúil d’údaráis, do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí agus tá an baol ann go mbainfí mí-úsáid as mhargaíocht agus go ndéanfaí an iomaíocht a shaobhadh.

(6)  IO L 304, an 22.11.2011, lch. 18.

(7)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.


RÁITEAS Ó PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE

“Togra le haghaidh Rialacháin maidir le bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga agus maidir le bia chun críocha speisialta míochaine”

“Tá an Ghearmáin i gcoinne an togra reatha le haghaidh Rialacháin maidir le bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga agus maidir le bia chun críocha speisialta míochaine.

Thacaigh an Ghearmáin i gcónaí le leasú ar an reachtaíocht Eorpach maidir le bianna diaitéiteacha i bprionsabal. Ní bhaintear amach go leordhóthanach, leis an Rialachán seo, na cuspóirí atá á lorg, is é sin rialáil níos simplí, níos fearr agus comhchuibhiú níos forleithne i leith an réimse sin dlí.

Go háirithe, is é tuairim na Gearmáine nach ndéantar an leibhéal speisialta cosanta a theastaíonn do spriocghrúpaí fiorleochaileacha a chur san áireamh go leordhóthanach leis an Rialachán nua. Is é tuairim na Gearmáine go bhfuil fadhb á cruthú, ar chúiseanna maidir le cosaint choisctheach sláinte, má cheadaítear go bhféadtar substaintí éagsúla a chur isteach gan srian, ar substaintí iad a dhéantar, mar thoradh ar an éifeacht chothaitheach nó fhiseolaíoch atá leo, a chur le hearraí bia laistigh de raon feidhme an Rialacháin.

Sa chomhthéacs sin, tuigtear don Ghearmáin go bhfuil neamhréiteach doréitithe ann idir na ceanglais dhiana den Rialachán maidir le héilimh shláinte i ndáil lena indéanta atá sé fíorú eolaíoch a dhéanamh ar éilimh a dhéantar, maidir le cothú agus sláinte, san fhógraíocht bhia ar láimh amháin, agus na ceanglais sábháilteachta, ar léir nach bhfuil siad chomh dian sin, maidir le cosaint choisctheach sláinte na dtomhaltóirí i ndáil le bianna chun críocha speisialta míochaine ar an láimh eile.

Ina theannta sin, níl an nós imeachta chun formheas a dhéanamh ar leathnú ar an liosta dearfach ar fáil sa Rialachán a thuilleadh, ar nós imeachta é a bhí ann roimhe seo, agus, dá bharr sin, is faoin gCoimisiún Eorpach amháin atá sé anois cúram a dhéanamh maidir le substaintí a chur leis an liosta dearfach nár cumhdaíodh ann go dtí seo. Dá bharr sin, ní bheidh an deis ag táirgeoirí bia formheas Eorpach a fháil do shubstaint trí nós imeachta a rialaítear go soiléir agus ar an gcaoi sin cinnteacht dlí a áirithiú do nuálaíochtaí. Dá bharr sin, ní chomhlíontar, leis na Rialachán nua, an ceanglas chun an nuáil a chur chun cinn.”


RÁITEAS ÓN RÍOCHT AONTAITHE

Tacaíonn an Ríocht Aontaithe leis an aidhm chun creat rialála do bhianna maidir le grúpaí leochaileacha a shimpliú agus measann sí go bhfuil an cuspóir sin bainte amach leis an téacs atá molta a bheag ná a mhór. Mar sin féin, ní thacaíonn RA le leas a bhaint as gníomhartha tarmligthe chun liosta an Aontais maidir le substaintí a leasú agus dá bhrí sin ní féidir léi tacú leis an togra. Ba cheart cinntí maidir le substaintí aonair a údarú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme lena n-úsáidtear an nós imeachta scrúdúcháin i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Níor cheart úsáid gnímh tharmligthe sa chás ar leith seo a mheas mar fhasach do réimsí eile an bheartais bhia.


15.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

28


SEASAMH (AE) Uimh. 4/2013 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 16 Bealtaine 2013

(2013/C 170 E/02)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ina rún an 25 Meán Fómhair 2008 maidir le plean cuimsitheach Eorpach um fhrith-ghóchumadh agus frith-phíoráideacht, d’iarr an Chomhairle go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le gníomhaíocht chustaim in aghaidh earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad cearta áirithe maoine intleachtúla agus maidir leis na bearta atá le déanamh in aghaidh earraí a bhfaightear amach gur sháraigh siad na cearta sin (2).

(2)

Déantar dochar suntasach do shealbhóirí cirt, d'úsáideoirí nó do ghrúpaí de tháirgeoirí agus do mhonaróirí atá géilliúil don dlí agus do thrádálaithe nuair a dhéantar earraí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla a mhargú. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé tomhaltóirí a mhealladh agus d’fhéadfadh sé a sláinte agus a sábháilteacht a chur i mbaol dá dheasca i gcásanna áirithe. Ba cheart na hearraí sin a choinneáil ó mhargadh an Aontais, a mhéad is féidir, agus ba cheart bearta a ghlacadh chun déileáil leis an margaíocht neamhdhleathach sin gan cur isteach ar thrádáil dhlisteanach.

(3)

Léiríodh san athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 go bhfuil, i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha, tráchtála agus dlí, gá le feabhsuithe áirithe ar an gcreat dlíthiúil chun an forghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla a neartú agus chun cinnteacht chuí dhlíthiúil a áirithiú.

(4)

Ba cheart go mbeadh na húdaráis chustaim inniúil chun cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú maidir le hearraí atá faoi dhliteanas maoirseachta custaim nó rialaithe custaim, i gcomhréir le reachtaíocht chustaim an Aontais, agus ba cheart go mbeidís inniúil chun rialuithe leordhóthanacha a dhéanamh maidir leis na hearraí sin d'fhonn oibríochtaí lena sáraítear dlíthe a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a chosc. Bealach éifeachtach chun cosaint dhlíthiúil a sholáthar don sealbhóir cirt agus d'úsáideoirí agus do ghrúpaí tairgeoirí is ea cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú ag an teorainn, áit a bhfuil na hearraí, nó ar cheart iad a bheith, faoi mhaoirseacht chustaim nó faoi rialú custaim. Nuair a chuirtear scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó nuair a choinníonn údaráis chustaim earraí ag an teorainn, níor cheart go mbeadh gá ach le nós imeachta dlíthiúil amháin, ach ba cheart go mbeadh gá le roinnt nósanna imeachta ar leithligh chun an leibhéal céanna forghníomhaithe a chur i bhfeidhm maidir le hearraí ar an margadh, ar earraí iad a dí-chombhailíodh agus a seachadadh ar mhiondíoltóirí. Ba cheart eisceacht a dhéanamh i gcás earraí a scaoiltear i saorchúrsaíocht faoin gcóras úsáide deiridh toisc go bhfanann na hearraí sin faoi mhaoirseacht chustaim cé gur scaoileadh i saorchúrsaíocht iad. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a iompraíonn paisinéirí ina mbagáiste pearsanta ar choinníoll gur chun críche a n-úsáide pearsanta féin atá na hearraí sin agus nach dtugann aon ní le fios go bhfuil aon bhaint ag trácht tráchtála leo.

(5)

Ní chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 cearta áirithe maoine intleachtúla agus déantar roinnt sáruithe ar leithligh a eisiamh óna raon feidhme. D’fhonn forghníomhú ceart maoine intleachtúla a neartú, ba cheart rialú custaim a leathnú d'fhonn sáruithe eile a chumhdach, ar sáruithe iad nach gcumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003. Ba cheart dá bhrí sin, ainmneacha trádála a áireamh freisin i raon feidhme an Rialacháin seo, chomh maith leis na cearta atá cumhdaithe cheana féin le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003, sa mhéid go ndéantar iad a chosaint mar chearta eisiacha maoine faoin dlí náisiúnta, agus topagrafaíocht táirgí leathsheoltóra, cuspaí áisiúlachta agus gléasanna a dheartar, a thairgtear nó a oiriúnaítear go príomha chun teacht timpeall ar bhearta teicneolaíochta a chumasú nó a éascú.

(6)

Déantar sáruithe atá mar thoradh ar an gcineál trádála ar a dtugtar trádáil chomhthreomhar neamhdhleathach ná sáruithe mar thoradh ar “rótháirgeadh” a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003. Maidir le hearraí atá faoi réir na trádála comhthreomhaire neamhdhleathaí, eadhon earraí a monaraíodh le toiliú an tsealbhóra cirt ach gur cuireadh ar an margadh iad don chéad uair sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch gan a thoiliú, agus maidir le cásanna de “rótháirgeadh”, eadhon na hearraí a mhonaraíonn duine, is duine a údaraíonn sealbhóir cirt go hiomchuí é chun méid áirithe earraí a mhonarú, os cionn na méideanna a comhaontaíodh idir an duine sin agus an sealbhóir cirt, go monaraítear iad mar earraí dílse agus dá bhrí sin ní iomchuí é go ndíríonn údaráis chustaim a gcuid iarrachtaí ar earraí den sórt sin. Ba cheart go ndéanfaí trádáil chomhthreomhar neamhdhleathach agus “rótháirgeadh” a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, dá bhrí sin.

(7)

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, oiliúint iomchuí a chur ar fáil le haghaidh oifigeach custaim d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme mar is ceart.

(8)

Nuair a chuirfear an Rialachán seo chun feidhme go hiomlán, cuideofar tuilleadh le margadh inmheánach a bhaint amach lena n-áiritheofar do shealbhóirí cirt cosaint níos éifeachtaí, lena gcuirfear dlús leis an gcruthaitheacht agus leis an nuálaíocht agus lena gcuirfear táirgí iontaofa a bheidh ar ardchaighdeán ar fáil do thomhaltóirí agus ba cheart go neartófaí idirbhearta trasteorann idir tomhaltóirí, gnólachtaí agus trádálaithe sa chaoi sin.

(9)

Tá acmhainní i réimse an chustaim ag éirí níos teoranta i gcónaí do na Ballstáit. Mar sin, ba cheart go dtacófaí le teicneolaíochtaí agus le straitéisí bainistithe riosca a chur chun cinn chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'údaráis custaim.

(10)

Tá ar áireamh sa Rialachán seo rialacha nós imeachta le haghaidh údarás custaim agus sin amháin. Dá réir sin, ní thugtar isteach leis an Rialachán seo aon chritéar chun a fhionnadh gurb ann do shárú ar cheart maoine intleachtúla.

(11)

Faoin “Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí” a ghlac Comhdháil Airí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) in Doha an 14 Samhain 2001, is féidir agus is cóir an Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (Comhaontú TRIPS) a thuiscint agus a chur chun feidhme ar bhealach a thacóidh le ceart Bhaill EDT an tsláinte phoiblí a chosaint, go háirithe chun rochtain ar chógais don uile duine a chur chun cinn. Mar sin, i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais agus a bheartas comhair um fhorbairt, i gcás cógas atá faoi bhealach trí chríoch custaim an Aontais Eorpaigh, nuair nach bhfuil sa turas thar an gcríoch sin, le hathlastáil nó ina éagmais, le trádstóráil nó ina héagmais, le toirtbhriseadh nó ina éagmais, le hathruithe ar an modh iompair nó ina n-éagmais, nuair nach bhfuil ann ach cuid den turas iomlán a thosaíonn agus a chríochnaíonn lasmuigh de chríoch an Aontais, ba cheart do na húdaráis chustaim, agus measúnú á dhéanamh acu ar an riosca i ndáil le sárú an chirt mhaoine intleachtúla, aon dóchúlacht shuntasach go ndéanfaí cógais den sórt sin a atreorú go margadh an Aontais a chur san áireamh.

(12)

Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do na forálacha maidir le hinniúlacht na gcúirteanna, go háirithe forálacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (3).

(13)

Maidir le daoine, úsáideoirí nó grúpaí de tháirgeoirí atá in ann imeachtaí dlí a thionscnamh ina n-ainm féin maidir le sárú féideartha ar an gceart maoine intleachtúla, ba cheart go mbeadh siad i dteideal iarratas a thíolacadh.

(14)

D’fhonn a áirithiú go déanfar cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú ar fud an Aontais, is iomchuí ligean do dhaoine nó d'eintiteas atá ag lorg ceartar fud an Aontais iarratas a chur isteach chuig údaráis chustaim de chuid Ballstáit amháin. Ba cheart go mbeadh iarratasóirí den sórt sin ábalta a iarraidh go gcineann na húdaráis sin gur cheart gníomhú chun forghníomhú an chirt mhaoine intleachtúla ina mBallstát féin nó in aon Bhallstát eile.

(15)

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú go tapa, ba cheart a fhoráil go bhféadfaidh údaráis chustaim, i gcás ina mbeidh amhras orthu, ar bhonn tásc réasúnta, go sáraíonn earraí atá faoina maoirseacht cearta maoine intleachtúla, scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, ar a dtionscnamh féin nó ar iarratas, d’fhonn duine nó eintiteas atá i dteideal iarratas a thíolacadh a chumasú imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh an ndearnadh sárú ar cheart maoine intleachtúla.

(16)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003, ligeadh do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta lena gceadaítear earraí áirithe a scriosadh gan oibleagáid a bheith orthu imeachtaí a thionscnamh d’fhonn a fháil amach ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla. Faoi mar a aithníodh i Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2008 maidir le tionchar an ghóchumtha ar thrádáil idirnáisiúnta (4), d’éirigh go maith leis an nós imeachta sin sna Ballstáit ina raibh teacht air. Dá bhrí sin, ba cheart an nós imeachta sin a bheith éigeantach i gcás sáruithe uile ar chearta maoine intleachtúla, agus ba cheart é a chur i bhfeidhm, i gcás ina n-aontaíonn an dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí leis an scriosadh. Thairis sin, ba cheart a fhoráil leis an nós imeachta sin go bhféadfaidh údaráis chustaim a mheas go n-aontaíonn dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí go n-aontaíonn sé le scriosadh earraí i gcás nár chuir sé go sainráite i gcoinne an scriosta laistigh den tréimhse fhorordaithe.

(17)

D’fhonn an t-ualach riaracháin agus na costais a ísliú a mhéad is féidir, ba cheart nós imeachta sonrach a thabhairt isteach le haghaidh coinsíneachtaí beaga d’earraí góchumtha agus bradacha sa chaoi go bhféadfaí na hearraí sin a scriosadh gan chomhaontú follasach an iarratasóra i ngach cás. Mar sin féin, ba cheart go n-éileofaí iarraidh ghinearálta ón iarratasóir san iarratas ionas go gcuirfí an nós imeachta sin i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an deis ag údaráis chustaim a éileamh go gcumhdóidh an t-iarratasóir na costais a thabhófar tríd an nós imeachta sin a chur i bhfeidhm.

(18)

Ar mhaithe le tuilleadh cinnteachta dlíthiúla, is iomchuí na hamlínte a mhodhnú maidir le scaoileadh earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla a chur ar fionraí nó iad a choinneáil agus na coinníollacha faoina gcuirfidh údaráis chustaim faisnéis faoi choinsíneachtaí ar aghaidh chuig daoine agus eintitis lena mbaineann, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003.

(19)

Agus cineál sealadach agus coisctheach na mbeart a ghlac na húdaráis chustaim agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm chomh maith le coinbhleacht leasanna na bpáirtithe a bhfuil tionchar ag na bearta orthu á gcur san áireamh, ba cheart roinnt gnéithe de na nósanna imeachta a oiriúnú d’fhonn cur i bhfeidhm rianúil an Rialacháin a áirithiú, agus cearta na bpáirtithe lena mbaineann á n-urramú ag an am céanna. Dá bhrí sin, maidir leis na fógraí éagsúla atá beartaithe leis an Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt don duine is ábhartha, ar bhonn na ndoiciméad a bhaineann leis an gcóras custaim nó ar bhonn stádas na n-earraí. Thairis sin, ós rud é go gciallaíonn an nós imeachta chun earraí a scriosadh gur cheart don dearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí agus do shealbhóir an chinnidh araon aon agóid a d'fheadfadh a bheith acu i gcoinne an scriosta a chur in iúl go comhuaineach, ba cheart a áirithiú go dtabharfar an deis do shealbhóir an chinnidh chun freagairt d'agóid in aghaidh scriosta a d'fhéadfadh dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí a dhéanamh. Ba cheart a áirithiú, dá bhrí sin, go dtabharfar fógra don dearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí gur cuireadh na hearraí ar fionraí nó gur coinníodh iad do ar an lá céanna nó an lá tar éis fógra a thabhairt do shealbhóir an chinnidh.

(20)

Spreagtar údaráis chustaim agus an Coimisiún comhoibriú leis an bhFaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach.

(21)

D'fhonn deireadh a chur le trádáil idirnáisiúnta earraí lena sáraítear cearta maoine intleachtúla, foráiltear le Comhaontú TRIPS go ndéanfaidh baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO) malartú faisnéise faoin trádáil sin a chur chun cinn idir údaráis chustaim. Dá réir sin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát faisnéis a roinnt le húdaráis ábhartha tríú tíortha maidir le sáruithe a bhfuil amhras fúthu go ndéantar ar chearta maoine intleachtúla iad, lena n-áirítear i ndáil le hearraí atá faoi bhealach trí chríoch an Aontais agus a thionscnaíonn ar chríoch na n-údarás lena mbaineann nó atá ceaptha le cur go dtí na tríú tíortha sin.

(22)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (5).

(23)

Ba cheart go rialófaí le reachtaíocht na mBallstát dliteanas na n-údarás custaim, cé nár cheart go gciallódh géilleadh d'iarratas ag na húdaráis chustaim go mbeadh sealbhóir an chinnidh a bheith i dteideal cúitimh mura n-aimseodh na húdaráis chustaim earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraítear leo ceart maoine intleachtúla agus má scaoiltear iad nó mura nglacfaí gníomhaíocht chun iad a choinneáil.

(24)

Ós rud é nach ndéanann na húdaráis chustaim gníomhaíocht gan iarratas a fháil, is iomchuí a fhoráil go ndéanfaidh sealbhóir an chinnidh na costais ar fad a aisíoc a thabhaigh na húdaráis chustaim nuair a rinne siad gníomhaíocht chun cearta maoine intleachtúla an tsealbhóra a fhorghníomhú. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh sé sin ina chosc ar shealbhóir an chinnidh cúiteamh a lorg ón té a rinne sárú nó ó dhaoine eile a d’fhéadfaí a mheas a bheith faoi dhliteanas faoi reachtaíocht an Bhallstáit inar thángthas ar na hearraí. D'fhéadfadh idirmheánaithe a bheith san áireamh le daoine den sórt sin, más iomchuí. Na costais agus na damáistí a thabhaíonn daoine, seachas údaráis chustaim, de bharr gníomhaíochta custaim nuair a chuirtear scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó nuair a choinnítear na hearraí ar bhonn éilimh ó thríú páirtí maidir le maoin intleachtúil, ba cheart go rialófaí leis an reachtaíocht shonrach is infheidhme iad i ngach cás ar leith.

(25)

Leis an Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis chustaim cead a thabhairt na hearraí atá le scriosadh a bhogadh faoi mhaoirseacht chustaim idir áiteanna éagsúla laistigh de chríoch chustaim an Aontais. Féadfaidh údaráis chustaim a chinneadh chomh maith leis sin na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht d'fhonn breis athchúrsála a dhéanamh orthu nó iad a dhiúscairt go neamhspleách ó bhealaí tráchtála lena n-áirítear chun feasacht a chruthú agus chun críocha oiliúna agus oideachais.

(26)

Is éard a bheidh i gceist leis an gcaoi a dhéanfaidh údaráis chustaim forghníomhú ar chearta maoine intleachtúla, aistriú sonraí i dtaobh cinntí a bhaineann le hiarratais. Cumhdaítear sonraí pearsanta i bpróiseáil na sonraí sin agus ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais mar a leagtar amach í i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (6) agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail a bheith ag próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7).

(27)

Maidir leis an malartú faisnéise a bhaineann le cinntí ar iarratais agus le gníomhaíochtaí custaim ba cheart iad a dhéanamh trí bhunachar leictreonach sonraí lárnach. Ba cheart an t-eintiteas a rialóidh agus a dhéanfaidh an bunachar sonraí sin a bhainistiú agus na heintitis a bhfuil sé mar chúram orthu slándáil phróiseáil na sonraí atá sa bhunachar sonraí a áirithiú a shainiú. Ba cheart go mbeadh tabhairt isteach aon chineáil d'idir-inoibritheacht nó de mhalartú a d'fhéadfadh a bheith ann ag cloí thar aon ní eile le prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra, eadhon go mba cheart go n-úsáidfí sonraí chun na críche ar bunaíodh an bunachar sonraí ina leith, agus níor cheart go gceadófaí aon mhalartú nó aon idirnasc breise ach amháin chun na críche sin.

(28)

D'fhonn a áirithiú go bhféadfar an sainmhíniú ar choinsíneachtaí beaga a oiriúnú má fheictear go bhfuil sé neamhphraiticiúil, agus an gá atá ann a áirithiú go n-oibreofar an nós imeachta go héifeachtach á chur san áireamh, nó i gcás inar mbeidh gá aon teacht timpeall ar an nós imeachta sin a sheachaint maidir le comhdhéanamh coinsíneachtaí, ba cheart go ndéanfaí an chumhacht gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na gnéithe neamhriachtanacha den sainmhíniú ar choinsíneachtaí beaga a leasú, eadhon na cainníochtaí sonracha a leagtar amach sa sainmhíniú sin. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, comhairliúchán le saineolaí san áireamh. Agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(29)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann leis na gnéithe de na socruithe praiticiúla chun sonraí a mhalartú le tríú tíortha a shainmhíniú agus na bhforálacha a bhaineann leis na foirmeacha i ndáil le hiarratas ar ghníomhaíocht ó na húdaráis chustaim agus maidir le síneadh a iarraidh ar an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim gníomhaíocht lena linn, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, eadhon an chumhacht chun na gnéithe sin de na socruithe praiticiúla a shainmhíniú agus chun foirmeacha caighdeánacha a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (8). Maidir leis na foirmeacha caighdeánacha a bhunú, cé go dtagann ábhar fhorálacha an Rialacháin seo atá le cur chun feidhme faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála, ba cheart, i bhfianaise chineál agus thionchar na ngníomhartha cur chun feidhme sin, an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid lena nglacadh de bhrí go ndéanann na mionsonraí uile maidir leis an bhfaisnéis atá le háireamh sna foirmeacha téacs an Rialacháin seo a leanúint go díreach. Mar sin, ní bhunófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin ach formáid agus struchtúr na foirme agus ní bheidh aon impleachtaí eile acu ar chomhbheartas tráchtála an Aontais.

(30)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 a aisghairm.

(31)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim an 12 Deireadh Fómhair 2011 (9),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar amach leis an Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh na húdaráis chustaim gníomhaíocht i gcás ina mbeidh, nó inar cheart go mbeadh, earraí a mbeidh amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla faoi réir maoirseachta custaim nó rialaithe custaim laistigh de chríoch chustaim an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail (10), go mbeidís faoina réir, go háirithe earraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a dhearbhófar go scaoilfear le haghaidh saorchúrsaíochta, onnmhairiú nó ath-onnmhairiú iad;

(b)

ag teacht isteach ar chríoch chustaim an Aontais dóibh nó ag imeacht ón gcríoch sin dóibh;

(c)

nuair a chuirfear nós imeachta fionraíochta i bhfeidhm orthu nó nuair a chuirfear i limistéar saor nó i dtrádstóras saor iad.

2.   Maidir leis na hearraí atá faoi réir maoirseachta custaim nó rialaithe custaim, agus gan dochar d'Airteagal 17 agus d'Airteagal 18, cuirfidh na húdaráis chustaim rialuithe custaim leordhóthanacha i gcrích agus glacfaidh siad bearta aitheantais comhréireacha dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 72 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 i gcomhréir le critéir anailíse riosca d'fhonn gníomhartha lena sáraítear dlíthe a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a chosc, ar dlíthe iad atá infheidhme ar chríoch an Aontais agus d'fhonn comhoibriú le tríú tíortha i ndáil le cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht faoin gcóras úsáide deiridh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí neamhthráchtála a bheidh i mbagáiste pearsanta taistealaithe.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a monaraíodh le toiliú shealbhóir an chirt nó maidir le hearraí a mhonaróidh duine a n-údaróidh sealbhóir cirt go hiomchuí é chun méid áirithe earraí a mhonarú, os cionn na méideanna a comhaontaíodh idir an duine sin agus an sealbhóir cirt.

6.   Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar an dlí náisiúnta ná ar dhlí an Aontais maidir le maoin intleachtúil ná ní bheidh tionchar aige ar dhlíthe na mBallstát maidir le nósanna imeachta coiriúla.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “ceart maoine intleachtúla”:

(a)

trádmharc;

(b)

dearadh;

(c)

cóipcheart nó aon cheart a bhaineann le cóipcheart dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais;

(d)

sonra geografach;

(e)

paitinn dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais;

(f)

teastas forlíontach cosanta le haghaidh táirgí míochaine dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte (11);

(g)

teastas forlíontach cosanta le haghaidh táirgí cosanta plandaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le deimhniú forlíontach cosanta a chur ar bun le haghaidh táirgí cosanta plandaí (12);

(h)

ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí (13);

(i)

ceart maidir le cineálacha plandaí dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta;

(j)

topagrafaíocht táirge leathsheoltóra dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais;

(k)

cuspa áisiúlachta sa mhéid go gcosnaítear é leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais mar cheart maoine intleachtúla;

(l)

ainm trádála sa mhéid go gcosnaítear é leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais mar cheart maoine intleachtúla eisiach;

(2)

ciallaíonn “trádmharc”:

(a)

trádmharc Comhphobail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (14);

(b)

trádmharc arna chlárú i mBallstát nó, i gcás na Beilge, na hÍsiltíre nó Lucsamburg, arna chlárú in Oifig Maoine Intleachtúla Benelux;

(c)

trádmharc arna chlárú faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht acu i mBallstát nó san Aontas;

(3)

ciallaíonn “dearadh”:

(a)

dearadh Comhphobail amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Chomhphobail (15);

(b)

dearadh arna chlárú i mBallstát nó, i gcás na Beilge, Lucsamburg nó na hÍsiltíre, arna chlárú in Oifig Maoine Intleachtúla Benelux;

(c)

dearadh arna chlárú faoi shocruithe idirnáisiúnta a bhfuil éifeacht aige i mBallstát nó san Aontas;

(4)

ciallaíonn “sonra geografach”:

(a)

sonra geografach nó sonrúchán tionscnaimh a chosnaítear do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhar dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus d'earraí bia (16);

(b)

sonrúchán tionscnaimh nó sonra geografach le haghaidh fíona amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (17);

(c)

sonrúchán geografach le haghaidh deochanna cumhraithe atá bunaithe ar tháirgí fíona dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíona cumhraithe agus manglaim a dhéantar as táirgí fíona cumhraithe (18);

(d)

sonra geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha (19);

(e)

sonra geografach do tháirgí nach dtagann faoi phointe a) go pointe d) sa mhéid go mbunaítear é leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais mar cheart maoine intleachtúla eisiach;

(f)

sonra geografach dá bhforáiltear sna Comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha agus a liostaítear amhlaidh sna Comhaontuithe sin;

(5)

ciallaíonn “earraí góchumtha”:

(a)

earraí is ábhar do ghníomh lena sáraítear trádmharc sa Bhallstát ina n-aimsítear na hearraí agus a bhfuil comhartha ag gabháil leo gan údarú is ionann agus trádmharc atá cláraithe go bailí maidir leis an gcineál céanna earraí, nó nach féidir a bhunghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin;

(b)

earraí is ábhar do ghníomh lena sáraítear sonra geografach sa Bhallstát ina n-aimsítear iad agus a bhfuil ainm nó téarma ag gabháil leo atá cosanta i ndáil leis an sonra geografach sin nó a ndéantar cur síos orthu le hainm nó téarma den chineál sin;

(c)

aon phacáistiú, aon lipéad, aon ghreamán, aon bhróisiúr, aon treoracha oibriúcháin, aon doiciméad baránta nó aon ítim chomhchosúil eile, fiú má chuirtear i láthair ar leithligh é, is ábhar do ghníomhaíocht lena sáraítear trádmharc nó sonra geografach agus lena n-áirítear comhartha, ainm nó téarma is ionann agus trádmharc atá cláraithe go bailí nó sonra geografach faoi chosaint, nó nach féidir a bhunghnéithe a idirdhealú ón trádmharc sin nó ón sonra geografach sin, agus a fhéadtar a úsáid don chineál céanna earraí agus an cineál sin ar cláraíodh an trádmharc nó an sonra geografach ina leith.

(6)

ciallaíonn “earraí bradacha” earraí is ábhar do ghníomh lena sáraítear cóipcheart nó ceart gaolmhar nó dearadh sa Bhallstát ina n-aimsítear na hearraí, ar cóipeanna iad, nó ina bhfuil cóipeanna, a rinneadh gan toiliú shealbhóir an chóipchirt nó an chirt ghaolmhair nó an deartha, nó gan toiliú duine arna údarú ag an sealbhóir sin i dtír an táirgthe;

(7)

ciallaíonn “earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla”, earraí a bhfuil sonraí réasúnta ina leith gurb iad, prima facie na hearraí seo a leanas sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí sin:

(a)

earraí is ábhar do ghníomh lena sáraítear ceart maoine intleachtúla sa Bhallstát sin;

(b)

gléasanna, táirgí nó comhpháirteanna a dheartar, a tháirgtear nó a oiriúnaítear chun sárú ar aon teicneolaíochta, ar aon ghléas nó ar aon chomhpháirt a chumasú, lena ndéantar, agus é á ghnáthfheidhmiú, cosc nó srian a chur ar ghníomhaíochtaí i leith oibreacha nach bhfuil údaraithe ag sealbhóir aon chóipchirt nó aon chirt a bhaineann le cóipcheart agus a bhaineann le gníomh lena ndéantar sárú ar na cearta sin sa Bhallstát sin;

(c)

aon mhúnla nó aon mhaitrís atá deartha nó oiriúnaithe go sonrach chun earraí lena sáraítear ceart maoine intleachtúla a mhonarú, má bhaineann na múnlaí sin nó na maitrísí sin le gníomhaíocht lena sáraítear cearta sa Bhallstát sin;

(8)

ciallaíonn “sealbhóir cirt” sealbhóir an chirt maoine intleachtúla;

(9)

ciallaíonn “iarratas” iarraidh a dhéantar leis an roinn chustaim inniúil go ndéanfaidh na húdaráis chustaim gníomhaíocht i ndáil le hearraí a bhfuil amhras ann go sáraíonn siad earraí ceart maoine intleachtúla;

(10)

ciallaíonn “iarratas náisiúnta” iarratas lena n-iarrtar ar údaráis chustaim de chuid Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh sa Bhallstát sin;

(11)

ciallaíonn “iarratas Aontais” iarratas arna thíolacadh i mBallstát amháin lena n-iarrtar ar údaráis chustaim an Bhallstáit sin agus ar údaráis chustaim Ballstáit amháin eile nó níos mó gníomhaíocht a dhéanamh ina mBallstáit féin;

(12)

ciallaíonn “iarratasóir” an duine nó an t-eintiteas ar ar a shon a dhéantar an t-iarratas a thíolacadh;

(13)

ciallaíonn “sealbhóir an chinnidh” sealbhóir an chinnidh lena ndeonaítear iarratas;

(14)

ciallaíonn “sealbhóir na n-earraí” an duine arb é úinéir na n-earraí é nó an duine a bhfuil ceart comhchosúil diúscartha aige ina leith nó a bhfuil smacht fisiciúil aige orthu;

(15)

ciallaíonn “dearbhóir” an dearbhóir mar a shainmhínítear i bpointe (18) d'Airteagal 4de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(16)

ciallaíonn “scriosadh” scriosadh fisiciúil, athchúrsáil nó diúscairt earraí go neamhspleách ó bhealaí tráchtála, ar shlí nach ndéanfar damáiste do shealbhóir an chinnidh;

(17)

ciallaíonn “críoch chustaim an Aontais” críoch chustaim an Chomhphobail mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(18)

ciallaíonn “scaoileadh na n-earraí” scaoileadh na n-earraí mar a shainmhínítear i bpointe 20 d'Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92;

(19)

ciallaíonn “coinsíneacht bheag” coinsíneacht phoist nó coinsíneacht luaschúiréara ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá trí aonad inti nó níos lú;

(b)

tá ollmheáchan níos lú ná dhá chileagram uirthi.

Chun críche phointe (a), is é a bheidh in “aonaid” earraí mar a aicmítear iad faoin Ainmníocht Chomhcheangailte i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (20) mura bhfuil sé pacáistithe, nó pacáistiú earraí den sórt sin atá beartaithe lena miondíol leis an tomhaltóir deiridh;

Chun críche an tsainmhínithe sin, measfar gur aonaid éagsúla iad earraí ar leith a thagann faoin gcód céanna san Ainmníocht Chomhcheangailte agus measfar gur aonad amháin iad earraí a chuirtear i láthair mar thacair atá aicmithe i gcód amháin san Ainmníochta Comhcheangailte;

(20)

ciallaíonn “earraí meatacha” aon earraí a mheasann údaráis chustaim go meathlaíonn siad má choimeádtar iad suas go 20 lá ón dáta a ndéantar an scaoileadh a chur ar fionraí nó ó dháta a gcoinneála;

(21)

ciallaíonn “ceadúnas eisiach” ceadúnas (bíodh sé ginearálta nó teoranta) lena n-údaraítear don cheadúnaí, agus gach duine eile á eisiamh, lena n-áirítear an duine a dheonaíonn an ceadúnas, ceart maoine intleachtúla a úsáid sa tslí a údaraítear leis an gceadúnas;

CAIBIDIL II

Iarratais

Roinn 1

Iarratais a thíolacadh

Airteagal 3

Teidlíocht chun iarratas a thíolacadh

Beidh na daoine agus na heintitis seo a leanas, a mhéid a bhfuil siad i dteideal imeachtaí a thionscnamh, chun cinneadh a dhéanamh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla, sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina n-iarrfar ar na húdaráis chustaim gníomhú, i dteideal an méid seo a leanas a thíolacadh:

(1)

iarratas náisiúnta nó iarratas Aontais:

(a)

sealbhóirí cirt;

(b)

comhlachtaí bainistithe comhcheart maoine intleachtúla dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú (21);

(c)

comhlachtaí gairmiúla cosanta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2004/48/CE;

(d)

grúpaí de réir bhrí pointe 2 d'Airteagal 3 agus Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, nó grúpaí táirgeoirí de réir bhrí Airteagal 118(e) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 nó grúpaí táirgeoirí dá samhail dá bhforáiltear i ndlí an Aontais lena rialaítear sonraí geografacha agus a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí a tháirgeann táirgí a bhfuil sonra geografach orthu, nó ionadaithe na ngrúpaí sin, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1601/91 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus oibreoirí atá i dteideal sonra geografach a úsáid; agus comhlachtaí iniúchta nó údaráis atá inniúil maidir le sonra geografach den chineál sin;

(2)

iarratas náisiúnta:

(a)

daoine nó eintitis a údaraítear cearta maoine intleachtúla a úsáid, ar cearta iad a thug sealbhóir an chirt údarú foirmiúil dóibh imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh an ceart maoine intleachtúil;

(b)

grúpaí táirgeoirí dá bhforáiltear i reachtaíocht na mBallstát lena rialaítear sonraí geografacha agus a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí a tháirgeann táirgí a bhfuil sonraí geografacha orthu nó ionadaithe na ngrúpaí sin agus oibreoirí atá i dteideal sonra geografach a úsáid, mar aon le comhlachtaí cigireachta nó údaráis is inniúil maidir le sonra geografach den chineál sin;

(3)

iarratas Aontais, sealbhóirí ceadúnas eisiacha lena gcumhdaítear críoch iomlán dhá Bhallstát nó níos mó ar údaraíodh sealbhóirí ceadúnais go foirmiúil imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh a gcearta maoine intleachtúil.

Airteagal 4

Cearta maoine intleachtúla a chumhdófar le hiarratais Aontais

Ní fhéadfar iarratas Aontais a thíolacadh ach amháin maidir le cearta maoine intleachtúla a bheidh bunaithe ar dhlí an Aontais bhfuil éifeachtaí acu ar fud an Aontais.

Airteagal 5

Iarratais a thíolacadh

1.   Ainmneoidh gach Ballstát an roinn chustaim is inniúil maidir le hiarratais a fháil agus a phróiseáil (“an roinn inniúil chustaim”). Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas dá réir sin agus foilseoidh an Coimisiún liosta de ranna inniúla custaim arna n-ainmniú ag na Ballstáit.

2.   Déanfar iarratais a thíolacadh chuig an roinn inniúil chustaim. Déanfar na hiarratais ar an bhfoirm dá dtagraítear in Airteagal 6 agus beidh an fhaisnéis is gá ann.

3.   I gcás ina gcuirfear isteach iarratas tar éis do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó maidir leis na hearraí a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 18(3), comhlíonfaidh an t-iarratas sin an méid seo a leanas:

(a)

déantar é a thíolacadh don roinn inniúil chustaim é laistigh de cheithre lá oibre ón tráth a dtabharfar fógra maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó maidir leis na hearraí a choinneáil;

(b)

is iarratas náisiúnta é;

(c)

tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3) ann. Féadfaidh an t-iarratasóir, mar sin féin, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g), pointe (h) nó pointe (i) den mhír sin a fhágáil ar lár.

4.   Seachas sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 3 d'Airteagal 3, ní fhéadfar ach iarratas náisiúnta amháin agus iarratas amháin Aontais a thíolacadh in aghaidh an Bhallstáit don cheart céanna maoine intleachtúla a chosnaítear sa Bhallstát sin. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (3) d'Airteagal 3, ceadófar níos mó ná iarratas amháin ar leibhéal an Aontais.

5.   I gcás ina ngéillfear d'iarratas Aontais i leith Ballstáit atá cumhdaithe cheana le hiarratas eile Aontais ar glacadh leis ar son an iarratasóra chéanna agus an chirt chéanna maoine intleachtúla, gníomhóidh údaráis chustaim an Bhallstáit sin ar bhonn an iarratais Aontais a deonaíodh i gcéaduair. Déanfaidh siad roinn inniúil chustaim an Bhallstáit inar deonaíodh aon iarratas iardain Aontais a chur ar an eolas faoi agus déanfaidh an Ballstát sin an iarratas Aontais sin, a leasú nó a chúlghairm.

6.   I gcás ina mbeidh córais ríomhairithe ar fáil chun iarratais a fháil agus a phróiseáil, úsáidfear teicnící leictreonacha próiseála sonraí chun iarratais mar aon le ceangaltáin a thíolacadh. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na córais sin a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid i gcomhréir leis an bplean straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Chinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht chustaim gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála (22).

Airteagal 6

Foirm iarratais

1.   Bunóidh an Coimisiún foirm iarratais trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

2.   Ar an bhfoirm iarratais, saineofar an fhaisnéis nach mór a chur ar fáil don duine is ábhar do na sonraí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus de bhun dlíthe náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil gá leis an bhfaisnéis seo a leanas ón iarratasóir san fhoirm iarratais:

(a)

sonraí maidir leis an iarratasóir;

(b)

stádas an iarratasóra de réir bhrí Airteagal 3;

(c)

doiciméid lena gcuirfear fianaise ar fáil chun go mbeidh an roinn inniúil chustaim sásta go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal an t-iarratas a thíolacadh;

(d)

i gcás ina dtíolacfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas trí bhíthin ionadaí, mionsonraí an duine a dhéanfaidh ionadaíocht air agus fianaise maidir le cumhachtaí an duine sin chun gníomhú mar ionadaí, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit ina dtíolacfar an t-iarratas;

(e)

an ceart nó na cearta maoine intleachtúla a bheidh le forghníomhú;

(f)

i gcás iarratais Aontais, na Ballstáit ina n-iarrfar gníomhaíocht chustaim;

(g)

sonraí sonracha agus teicniúla maidir leis na hearraí barántúla, lena n-áirítear marcálacha amhail barrachódú agus íomhánna i gcás inarb iomchuí;

(h)

an fhaisnéis is gá chun go bhféadfaidh na húdaráis chustaim na hearraí a bheidh i gceist a shainaithint go héasca;

(i)

faisnéis a bheidh ábhartha maidir le hanailís agus measúnú na n-údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an chirt maoine intleachtúla nó na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann, amhail na dáileoirí údaraithe;

(j)

cé acu a bheidh nó nach mbeidh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe (g), pointe (h) nó pointe (i) den mhír seo le marcáil i gcomhair láimhseála srianta i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 31(5);

(k)

sonraí aon ionadaí arna ainmniú ag an iarratasóir, ar ionadaí é a bheidh i bhfeighil cúrsaí dlíthiúla agus teicniúla;

(l)

gealltanas an iarratasóra fógra a thabhairt don roinn inniúil chustaim maidir le haon cheann de na cásanna a leagtar síos in Airteagal 15;

(m)

gealltanas an iarratasóra aon fhaisnéis is ábhartha d'anailís agus do mheasúnú na n-údarás custaim ar an riosca i ndáil le sárú an chirt mhaoine intleachtúla nó na gceart maoine intleachtúla lena mbaineann a chur ar aghaidh agus a nuashonrú;

(n)

gealltanas an iarratasóra dliteanas a ghlacadh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 28;

(o)

gealltanas an iarratasóra na costais dá dtagraítear in Airteagal 29 a sheasamh faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin;

(p)

comhaontú ón iarratasóir go bhféadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit próiseáil a dhéanamh ar na sonraí a chuirfidh sé ar fáil;

(q)

an n-iarrann an t-iarratasóir go n-úsáidfí an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26 agus, i gcás ina n-iarrfaidh na húdaráis chustaim é, go gcomhaontóidh sé na costais a bhaineann le hearraí a scriosadh faoin nós imeachta sin a chumhdach.

Roinn 2

Cinntí maidir le hiarratais

Airteagal 7

Iarratais neamhiomlána a phróiseáil

1.   I gcás ina measfaidh an roinn inniúil chustaim, ar iarratas a fháil di, nach bhfuil an fhaisnéis ar fad a éilítear faoi Airteagal 6(3) san iarratas sin, iarrfaidh an roinn inniúil chustaim ar an iarratasóir an fhaisnéis a bheidh in easnamh a sholáthar laistigh de 10 lá oibre ón tráth a dtabharfar fógra faoin iarraidh.

I gcásanna den sórt sin, cuirfear an teorainn ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 9(1) ar fionraí go dtí go bhfaighfear an fhaisnéis ábhartha.

2.   I gcás nach soláthróidh an t-iarratasóir an fhaisnéis a bheidh in easnamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, diúltóidh an roinn inniúil chustaim an t-iarratas.

Airteagal 8

Táillí

Ní ghearrfar táille ar an iarratasóir chun na costais riaracháin a eascróidh as próiseáil an iarratais a chumhdach.

Airteagal 9

Fógra faoi chinntí lena ngéillfear d'iarratais nó lena ndiúltófar iad

1.   Tabharfaidh an roinn inniúil chustaim fógra don iarratasóir maidir lena cinneadh lena ngéillfear don iarratas nó lena ndiúltófar é laistigh de 30 lá oibre ón tráth a bhfaighfear an t-iarratas. I gcás ina ndiúltófar é, soláthróidh an roinn inniúil custaim na cúiseanna a bheidh gcomhaontaíonn lena cinneadh agus áireoidh sí faisnéis maidir leis an nós imeachta achomhairc.

2.   I gcás inar cuireadh an t-iarratasóir ar an eolas gur chuir na húdaráis chustaim scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó gur choinnigh siad na hearraí sular tíolacadh iarratas, tabharfaidh an roinn inniúil chustaim fógra don iarratasóir maidir lena cinneadh lena ngéillfear don iarratas nó lena ndiúltófar é laistigh de dhá lá oibre ón tráth a bhfaighfear an t-iarratas.

Airteagal 10

Cinntí maidir le hiarratais

1.   Cinneadh lena ngéillfear d'iarratas náisiúnta agus aon chinneadh lena gcúlghairfear nó lena leasófar é, beidh éifeacht acu sa Bhallstát sin inar tíolacadh an t-iarratas náisiúnta ón lá tar éis an dáta a nglacfar iad.

Cinneadh lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh na húdaráis chustaim le dul i mbun gníomhaíochta lena linn, beidh éifeacht acu sa Bhallstát sin inar tíolacadh an t-iarratas náisiúnta ón lá tar éis an dáta a rachaidh an tréimhse a mbeifear chun síneadh a chur léi in éag.

2.   Beidh éifeacht mar a leanas ag cinneadh lena ngéillfear d'iarratas Aontais agus aon chinneadh lena gcúlghairfear nó lena leasófar é:

(a)

sa Bhallstát inar tíolacadh an t-iarratas, an lá tar éis an dáta a nglacfar iad;

(b)

sna Ballstáit eile ar fad ina n-iarrfar go ndéanfaidh na húdaráis chustaim gníomhaíocht, an lá tar éis an dáta a thabharfar fógra do na húdaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus (3) ar choinníoll go mbeidh a chuid oibleagáidí comhlíonta ag sealbhóir an chinnidh faoi Airteagal 28(3) maidir le costais aistriúcháin.

Cinneadh lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh na húdaráis chustaim le dul i mbun gníomhaíochta lena linn, beidh éifeacht acu sa Bhallstát sin inar tíolacadh an t-iarratas Aontais agus sna Ballstáit eile uile ina n-iarrfar go ndéanfaidh na húdaráis chustaim gníomhaíocht an lá tar éis an dáta a rachaidh an tréimhse a mbeifear chun síneadh a chur léi in éag.

Airteagal 11

An tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn

1.   Nuair a dheonóidh sí iarratas, sonróidh an roinn inniúil chustaim an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag údaráis chustaim lena linn.

Tosóidh an tréimhse sin an lá a mbeidh éifeacht ag an gcinneadh lena ndeonófar an t-iarratas de bhun Airteagal 10 agus ní mhairfidh sí níos faide ná bliain amháin ón lá tar éis dháta an ghlactha.

2.   I gcás nach mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g), pointe (h) nó pointe (i) d'Airteagal 6(3) san iarratas a chuirfear isteach tar éis do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 18(3), ní dheonófar an t-iarratas ach amháin le haghaidh scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, mura soláthrófar an fhaisnéis sin laistigh de 10 lá oibre tar éis fógra go ndearnadh cur ar fionraí scaoileadh na n-earraí nó coinneáil na n-earraí a chur ar fionraí.

3.   I gcás ina dtiocfaidh deireadh le héifeacht cirt maoine intleachtúla, nó i gcás nach é an t-iarratasóir an duine a bheidh i dteideal iarratas a chur isteach a thuilleadh ar chúiseanna éagsúla, ní dhéanfaidh na húdaráis chustaim aon ghníomhaíocht. Déanfaidh an roinn inniúil chustaim a ghlac an cinneadh lenar deonaíodh an t-iarratas an cinneadh sin a chúlghairm nó a leasú dá réir.

Airteagal 12

Síneadh na tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag údaráis chustaim lena linn:

1.   Nuair a rachaidh an tréimhse in éag a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim lena linn, agus faoi réir aon fhiach atá dlite do na húdaráis chustaim faoin Rialachán seo a bheith glanta roimhe sin ag sealbhóir an chinnidh, féadfaidh an roinn inniúil chustaim a ghlac an cinneadh tosaigh, ar iarraidh ó shealbhóir an chinnidh, síneadh a chur leis an iarratas sin.

2.   I gcás ina bhfaighidh an roinn chustaim inniúil an iarraidh go ndéanfar an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag údaráis chustaim lena linn a shíneadh níos lú ná 30 lá oibre roimh dhul in éag an chinnidh atá le síneadh, féadfaidh sí an iarraidh sin a dhiúltú.

3.   Tabharfaidh an roinn inniúil chustaim fógra maidir lena cinneadh i ndáil leis an síneadh do shealbhóir an chinnidh laistigh de 30 lá oibre ón tráth a bhfaighfear an iarraidh dá dtagraítear i mír 1. Sonróidh an roinn inniúil chustaim an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag údaráis chustaim lena linn.

4.   An tréimhse shínte a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim lena linn, tosóidh sí ar an dáta tar éis an dáta a rachaidh an tréimhse roimhe sin in éag, agus ní bheidh sí níos faide ná bliain amháin.

5.   I gcás ina dtiocfaidh deireadh le héifeacht cirt maoine intleachtúla, nó i gcás nach é an t-iarratasóir an duine a bheidh i dteideal iarratas a chur isteach a thuilleadh ar chúiseanna éagsúla, ní dhéanfaidh na húdaráis chustaim aon ghníomhaíocht. Déanfaidh an roinn inniúil chustaim a dheonaigh an cinneadh lenar deonaíodh an síneadh an cinneadh sin a chúlghairm nó a leasú dá réir.

6.   Ní ghearrfar táille ar shealbhóir an chinnidh chun na costais riaracháin a eascraíonn as próiseáil na hiarrata ar shíneadh a chumhdach.

7.   Bunóidh an Coimisiún foirm iarrata le haghaidh sínidh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 13

An cinneadh maidir le cearta maoine intleachtúla a leasú

Féadfaidh an roinn inniúil chustaim a ghlac an cinneadh lena ndeonaítear an t-iarratas, ar iarraidh ó shealbhóir an chinnidh sin, liosta na gceart maoine intleachtúla sa chinneadh sin a leasú.

Nuair a chuirtear isteach ceart nua maoine intleachtúla, beidh an fhaisnéis a dá dtagraítear i bpointí (c), (e), (g), (h) agus (i) d'Airteagal 6(3) ann.

I gcás cinnidh lena ngéillfear d'iarratas Aontais, beidh aon leasú arb é atá inti foráil maidir le cur leis na cearta maoine intleachtúla teoranta do na cearta maoine intleachtúla sin a chumhdaítear le hAirteagal 4.

Airteagal 14

Na hoibleagáidí atá ar an roinn inniúil chustaim i ndáil le fógra a thabhairt

1.   Déanfaidh an roinn inniúil chustaim ar tíolacadh iarratas náisiúnta dó na cinntí seo a leanas a chur ar aghaidh chuig oifigí custaim a Bhallstáit díreach tar éis di iad a ghlacadh:

(a)

cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(b)

cinntí lena gcúlghairfear cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(c)

cinntí lena leasófar cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(d)

cinntí lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim lena linn.

2.   Déanfaidh an roinn inniúil chustaim ar cuireadh iarratas Aontais faoina bráid na cinntí seo a leanas a chur ar aghaidh chuig roinn inniúil chustaim an Bhallstáit nó na mBallstát a luafar san iarratas Aontais díreach tar éis di iad a ghlacadh:

(a)

cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(b)

cinntí lena gcúlghairfear cinntí lena ndeonaítear an t-iarratas;

(c)

cinntí lena leasófar cinntí lena ndeonófar an t-iarratas;

(d)

cinntí lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim lena linn;

Cuirfidh roinn inniúil chustaim an Bhallstáit nó na mBallstát a luafar san iarratas ón Aontas na cinntí sin ar aghaidh láithreach tar éis na cinntí sin a fháil chuig a n-oifigí custaim féin.

3.   Féadfaidh roinn inniúil chustaim an Bhallstáit nó na mBallstát a luafar san iarratas ón Aontas a iarraidh ar an roinn inniúil chustaim a ghlac an cinneadh faisnéis bhreise a sholáthar di a meastar a bhfuil gá léi le haghaidh cur chun feidhme an chinnidh sin.

4.   Cuirfidh an roinn inniúil chustaim a chinneadh lena gcuirfear gníomhaíocht na n-údarás custaim ar fionraí faoi phointe b d'Airteagal 16(1) agus Airteagal 16(2) ar aghaidh chuig oifigí custaim a Bhallstáit díreach tar éis di é a ghlacadh.

Airteagal 15

Na hoibleagáidí atá ar shealbhóir an chinnidh i ndáil le fógra a thabhairt

Tabharfaidh sealbhóir an chinnidh fógra láithreach bonn don roinn inniúil chustaim a dheonaigh an t-iarratas maidir le haon cheann de na cúinsí seo a leanas:

(a)

scoireann ceart maoine intleachtúla a cumhdaíodh lena iarratas d'éifeacht a bheith aige;

(b)

scoireann sealbhóir an chinnidh, ar chúiseanna eile, de bheith i dteideal an t-iarratas a chur isteach;

(c)

rinneadh leasuithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(3).

Airteagal 16

Mainneachtan shealbhóir an chinnidh a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh

1.   I gcás ina n-úsáidfidh sealbhóir an chinnidh an fhaisnéis a sholáthróidh na húdaráis chustaim chun críocha seachas na críocha sin dá bhforáiltear in Airteagal 21, féadfaidh roinn inniúil chustaim an Bhallstáit inar soláthraíodh an fhaisnéis nó inar baineadh mí-úsáid aisti an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aon chinneadh a ghlac sé lenar deonaíodh iarratas náisiúnta a chuir sealbhóir an chinnidh isteach a chúlghairm, agus diúltú tréimhse a shíneadh a mbeidh gníomhaíocht le déanamh lena linn ag na húdaráis chustaim;

(b)

aon chinneadh ina gcríoch lenar deonaíodh iarratas Aontais a thíolaic sealbhóir an chinnidh a chur ar fionraí le linn tréimhse na bailíochta.

2.   Féadfaidh an roinn inniúil chustaim cinneadh a dhéanamh gníomhaíocht na n-údarás custaim a chur ar fionraí go dtí go rachaidh an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis sin lena linn in éag, sna cásanna seo a leanas:

(a)

níor chomhlíon sealbhóir an chinnidh na hoibleagáidí i ndáil le fógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 15;

(b)

níor chomhlíon sealbhóir an chinnidh na ceanglais maidir le samplaí a chur ar ais mar leagtar amach in Airteagal 19(3);

(c)

níor chomhlíon sealbhóir an chinnidh na hoibleagáidí maidir le costais agus le haistriúchán mar leagtar amach in Airteagal 19(3);

(d)

níor thionscain sealbhóir an chinnidh imeachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 22(3), nó in Airteagal 25(9).

I gcás iarratais Aontais, ní bheidh éifeacht ag an gcinneadh maidir le gníomhaíochtaí na núdarás custaim a chur ar fionraí ach sa Bhallstát ina ndéanfar an cinneadh sin.

CAIBIDIL III

Gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis chustaim

Roinn 1

Scaoileadh earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraítear ceart maoine inlteachtúla leo a chur ar fionraí nó na hearraí sin a choinneáil

Airteagal 17

Scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó na hearraí a choinneáil tar éis géilleadh d'iarratas

1.   I gcás ina sainaithneoidh údaráis chustaim, earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraítear leo ceart maoine intleachtúla a chumhdaítear le cinneadh lenar deonaíodh iarratas, cuirfidh siad scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó coinneoidh siad iad.

2.   Sula gcuirfidh na húdaráis chustaim scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó sula gcoinneoidh siad iad, féadfaidh siad a iarraidh ar shealbhóir an chinnidh an fhaisnéis ábhartha a sholáthar dóibh a bhaineann leis na hearraí. Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis a sholáthar do shealbhóir an chinnidh freisin maidir le líon iarbhír na n-ítimí, nó a líon measta, cineál na n-earraí agus íomhánna díobh de réir mar is iomchuí.

3.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó na hearraí a choinneáil, laistigh de lá oibre tar éis dóibh scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó tar éis dóibh iad a choinneáil.

I gcás ina chineann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do shealbhóir na n-earraí agus go meastar go bhfuil níos mó ná duine amháin mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh sé d'oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin.

Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do shealbhóir an chinnidh faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraíí nó faoin gcoinneáil,, ar an lá céanna, nó go pras tar éis do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí fógra a fháil.

Áireofar sna fógraí faisnéis ar an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 23.

4.   Cuirfidh na húdaráis chustaim sealbhóir an chinnidh agus dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí ar an eolas faoi chainníocht iarbhír nó mheasta na n-earraí agus faoi chineál iarbhír nó measta na n-earraí, lena n-áirítear na híomhánna de na h-ítímí sin a bheidh ar fáildo na húdaráis chustaim, de réir mar is iomchuí, ar ítimí iad ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad. Cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl do shealbhóir an chinnidh, arna iarraidh sin agus más eol, ainmneacha agus seoltaí an choinsíní, an choinsíneora, dhearbhóir nó shealbhóir na n-earraí, an nós imeachta custaim agus an áit tionscnaimh, foinse agus ceann scríbe na n-earraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad.

Airteagal 18

Scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó na hearraí a choinneáil sula ngéilfear d'iarratas

1.   I gcás ina n-aithneoidh na húdaráis chustaim, earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, ar earraí iad nach gcumhdaítear le cinneadh lena ndeonaítear iarratas. féadfaidh siad. scaoileadh na n-earraí sin a chur ar fionraí nó iad a.

2.   Sula gcuirfidh na húdaráis chustaim scaoileadh na n-earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla ar fionraí nó sula gcoinneoidh siad iad, gan aon fhaisnéis a nochtadh seachas líon iarbhír nó measta na n-earraí, cineál iarbhír nó measta cineál na n-earraí agus íomhánna díobh, de réir mar is iomchuí, féadfaidh siad a iarraidh ar aon duine nó eintiteas a d'fhéadfadh a bheith i dteideal iarratas a chur isteach maidir le sárú líomhnaithe ceart maoine intleachtúla aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar dóibh.

3.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, laistigh de lá oibre tar éis na fionraí nó an choinneála sin.

I gcás ina gcineann na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do sealbhóir na n-earraí agus go measfar go bhfuil níos mó ná duine amháin mar shealbhóir na n-earraí, ní bheidh oibleagáid ar na húdaráis chustaim fógra a thabhairt do níos mó ná duine amháin de na daoine sin.

Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do dhaoine nó d'eintitis atá i dteideal iarratas a chur isteach maidir le sárú líomhnaithe ceart maoine intleachtúla i leith scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil ar an lá céanna, nó go pras tar éis do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí fógra a fháil.

I gcás nach féidir leis na húdaráis chustaim an duine nó na daoine a bheidh i dteideal iarratas a chur isteach a shainaithint, féadfaidh siad dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla phoiblí chun go sainaithneofaí duine den chineál sin.

Áireofar sna fógraí faisnéis ar an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 23.

4.   Glacfaidh na húdaráis chustaim le scaoileadh na n-earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach mbeidh aon duine nó aon eintiteas sainaitheanta acu a bheidh i dteideal iarratas a chur isteach maidir leis an sárú líomhnaithe ceart maoine intleachtúla laistigh de lá oibre amháin ón tráth a ndéanfar scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí, nó a ndéanfar iad a choinneáil;

(b)

i gcás nach mbeidh iarratas faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 5(3), nó i gcás inar dhiúltaigh siad iarratas den sórt sin.

5.   I gcás ina mbeifear tar éis iarratas a dheonú, cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl do shealbhóir an chinnidh, arna iarraidh sin, agus i gcás ina mbeidh na nithe sin ar fáil dóibh, ainmneacha agus seoltaí an choinsíní, an choinsíneora, an dearbhóra nó shealbhóir na n-earraí, an nós imeachta custaim agus an áit tionscnaimh, foinse agus ceann scríbe na n-earraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad, más eol.

Airteagal 19

Cigireacht agus sampláil a dhéanamh ar earraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad.

1.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim an deis do shealbhóir an chinnidh agus do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí cigireacht a dhéanamh ar na hearraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad.

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim samplaí a ghlacadh de na hearraí. Féadfaidh siad na samplaí sin a sholáthar do shealbhóir an chinnidh, nó iad a chur chuige, arna iarraidh sin don úinéar agus chun críocha anailíse, agus chun na gcríoch sin amháin, agus chun an nós imeachta i ndáil le hearraí góchumtha agus bradacha a dhéanfar ina dhiaidh sin a éascú. Aon anailís a dhéanfar ar na samplaí sin, déanfar í faoi fhreagracht shealbhóir an chinnidh agus fúithi sin amháin.

3.   Tabharfaidh sealbhóir an chinnidh na samplaí dá dtagraítear i mír 2 ar ais do na húdaráis chustaim nuair a bheidh an anailís críochnaithe, ach amháin i gcás nach féidir sin a dhéanamh mar gheall ar chúinsí, agus ar a dhéanaí sula scaoilfear na hearraí nó sula gcuirfear deireadh lena gcoinneáil.

Airteagal 20

Na coinníollacha stórála

Is iad na húdaráis chustaim a chinnfidh na coinníollacha faoina stórálfar earraí le linn na tréimhse a mbeidh an scaoileadh ar fionraí lena linn nó le linn na tréimhse coinneála.

Airteagal 21

Úsáid faisnéise áirithe a bheith ceadmhach do shealbhóir an chinnidh

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(4), Airteagal 18(5), Airteagal 19 nó Airteagal 26(8) faighte ag sealbhóir an chinnidh, ní fhéadfaidh sé an fhaisnéis sin a nochtadh nó a úsáid ach chun na gcríocha seo a leanas amháin:

(a)

chun imeachtaí a thionscnamh maidir le cinneadh a dhéanamh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla agus le linn na n-imeachtaí sin;

(b)

i ndáil le himscrúduithe coiriúla a bhaineann le sárú ar cheart maoine intleachtúla agus ar imeachtaí iad a dhéanfaidh údaráis phoiblí sa Bhallstát ar aimsíodh na hearraí ann;

(c)

chun imeachtaí a thionscnamh agus le linn na n-imeachtaí sin;

(d)

chun cúiteamh a lorg ón duine a rinne an sárú nó ó dhaoine eile;

(e)

chun comhaontú a dhéanamh leis an dearbhóir nó le sealbhóir na n-earraí go ndéanfar iad a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 23(1);

(f)

chun comhaontú le dearbhóir nó le sealbhóir na n-earraí maidir le méid na ráthaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 24(2).

Airteagal 22

Faisnéis agus sonraí a roinnt idir údaráis chustaim

1.   Gan dochar do na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí san Aontas agus chun cur le díchur na trádála idirnáisiúnta in earraí lena sáraítear cearta maoine intleachtúla, féadfaidh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát sonraí agus faisnéis áirithe a bheidh ar fáil dóibh a roinnt leis na húdaráis ábhartha i dtríú tíortha de réir na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 3.

2.   Déanfar na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú le go n-éascófar forfheidhmiú éifeachtach go luath i gcoinne lastas earraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla. D'fhéadfadh sé go mbainfeadh sonraí agus faisnéis den sórt sin le hurghabháil, treochtaí agus faisnéis ghinearálta ar riosca, lena n-áirítear faisnéis ar earraí ar a mbealach trí chríoch an Aontais arb é críoch tríú tíortha lena mbaineann a dtionscnamh nó a gceann scríbe. Féadfar a áireamh i sonraí agus i bhfhaisnéis den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas:

(a)

cineál agus cainníocht na n-earraí,

(b)

an ceart maoine intleachtúla a bhfuil amhras ina leith gur sáraíodh é,

(c)

tionscnamh, foinse agus ceann scríbe na n-earraí,

(d)

faisnéis maidir le gluaiseachtaí na modhanna iompair go háirithe,

(i)

ainm an tsoithigh nó clárúchán an mhodha iompair;

(ii)

uimhreacha tagartha an bhille lasta nó doiciméid eile iompair,

(iii)

líon na gcoimeádán,

(iv)

meáchan an luchta,

(v)

tuairisc na n-earraí agus/nó códú na n-earraí,

(vi)

uimhir áirithinte;

(vii)

uimhir an tséala,

(viii)

áit an chéad luchtaithe,

(ix)

áit an díluchtaithe deiridh,

(x)

áiteanna an trasloingsithe,

(xi)

an dáta a measfar go mbainfear áit an díluchtaithe deiridh amach;

(e)

faisnéis maidir le gluaiseachtaí coimeádán, go háirithe,

(i)

uimhir an choimeádáin,

(ii)

stádas luchtaithe an choimeádáin,

(iii)

dáta na gluaiseachta,

(iv)

cineál na gluaiseachta (luchtaithe, díluchtaithe, trasloingsithe, tagtha isteach, imithe, etc.),

(v)

ainm an tsoithigh nó clárúchán an mhodha iompair,

(vi)

uimhir an aistir/an turais,

(vii)

áit,

(viii)

bille lasta nó doiciméad iompair eile.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena saineofar gnéithe na socruithe praiticiúla is gá maidir le malartú na sonraí agus na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

Roinn 2

Earraí a scriosadh, imeachtaí a thionscnamh agus luath-scaoileadh earraí

Airteagal 23

Earraí a scriosadh agus imeachtaí a thionscnamh

1.   Féadfar earraí a bhfuiltear in amhras ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla leo a scriosadh faoi rialú custaim gan aon ghá a bheith ann a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla faoi dhlí an Bhallstáit ar aimsíodh na hearraí ann, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

laistigh de 10 lá oibre ó tugadh fógra faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, dhearbhaigh sealbhóir an chinnidh i scríbhinn a thabhairt do na húdaráis chustaim go bhfuil sé den tuairim gur sáraíodh ceart maoine intleachtúla, nó tá fógra tugtha laistigh de thrí lá oibre i gcás earraí meatacha.

(b)

laistigh de 10 lá oibre, nó laistigh de thrí lá oibre i gcás earraí meatacha,, ón tráth ar tugadh an fógra maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, dhearbhaigh sealbhóir an chinnidh i scríbhinn do na húdaráis chustaim a chomhaontú go ndéanfar na hearraí a scriosadh;

(c)

laistigh de 10 lá oibre, nó laistigh de thrí lá oibre i gcás earraí meatacha, ón tráth ar tugadh an fógra maidir le scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil dhearbhaigh an dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí i scríbhinn do na húdaráis chustaim a chomhaontú maidir leis na hearraí a scriosadh. I gcás nach mbeidh a chomhaontú dearbhaithe do na húdaráis chustaim maidir le scriosadh na n-earraí ag dearbhóir nó ag sealbhóir na n-earraí nó nach bhfuil fógra tugtha acu dóibh go bhfuil siad i gcoinne scriosadh na n-earraí, laistigh de na spriocanna sin, féadfaidh na húdaráis chustaim a mheas go bhfuil a chomhaontú dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí maidir le scriosadh na n-earraí.

Géillfidh na húdaráis chustaim do scaoileadh na n-earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil, a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích i gcás nach mbeidh an dearbhú i scríbhinn faighte acu ó shealbhóir an chinnidh, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír, go bhfuil sé den tuairim gur sáraíodh ceart ábhartha maoine intleachtúla, ná chomhaontú i ndáil le scriosadh, ach amháin i gcás inar cuireadh na húdaráis sin ar an eolas go cuí maidir le himeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

2.   Déanfar scriosadh na n-earraí faoi rialú custaim agus faoi fhreagracht shealbhóir an chinnidh, ach amháin má shonraítear a mhalairt i reachtaíocht an Bhallstáit ina scriosfar na hearraí. Féadfaidh na húdaráis inniúla samplaí a ghlacadh sula scriosfar na hearraí. Féadfar samplaí a ghlacfar sula scriosfar na hearraí a úsáid chun críocha oideachais.

3.   I gcás nach mbeidh a chomhaontú maidir leis an scriosadh dearbhaithe i scríbhinn ag dearbhóir ná ag sealbhóir na n-earraí agus i gcás ná measfar go bhfuil a chomhaontú maidir leis an scriosadh dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí, i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear ann, cuirfidh na húdaráis chustaim sealbhóir an chinnidh ar an eolas faoi láithreach. Laistigh de 10 lá oibre, nó laistigh de thrí lá oibre i gcás earraí meatacha, tráth a dtabharfar fógra faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, tionscnóidh sealbhóir an chinnidh imeachtaí chun a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

4.   Seachas i gcás earraí meatacha, féadfaidh na húdaráis chustaim síneadh 10 lá oibre ar a mhéad a chur leis na tréimhsí dá dtagraítear i mír 3 ar iarraidh a bhfuil bonn cirt cuí leis ó shealbhóir an chinnidh sna cásanna iomchuí.

5.   Géillfidh na húdaráis chustaim do scaoileadh na n-earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích, laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, i gcás nár cuireadh na húdaráis sin ar an eolas go cuí, i gcomhréir le mír 3, faoi imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

Airteagal 24

Luath-scaoileadh earraí

1.   I gcás ina mbeidh fógra tugtha d’údaráis chustaim maidir le himeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh dearadh, paitinn, cuspa áisiúlachtaí, topagrafaíocht táirge leathsheoltóra nó cineál planda, féadfaidh dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí iarraidh ar na húdaráis chustaim na hearraí a scaoileadh nó deireadh a chur lena gcoinneáil sula gcríochnófar na himeachtaí sin.

2.   Ní scaoilfidh na húdaráis chustaim na hearraí ná ní chuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh ráthaíocht curtha ar fáil ag an dearbhóir nó ag sealbhóir na n-earraí, ar ráthaíocht í is de mhéid is leordhóthanach chun go gcosnófar leasanna shealbhóir an chinnidh;

(b)

nach mbeidh bearta réamhchúraim údaraithe ag an údarás is inniúil maidir lena chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla;

(c)

go mbeidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích.

3.   Má sholáthraítear an ráthaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, ní dhéanfaidh sé difear do na réitigh dhlíthiúla eile a bheidh ar fáil do shealbhóir an chinnidh.

Airteagal 25

Earraí atá le scriosadh

1.   Maidir le hearraí atá le scriosadh faoi Airteagal 23 nó Airteagal 26:

(a)

ní scaoilfear le haghaidh saorchúrsaíochta iad, ach amháin má chineann na húdaráis chustaim, le comhaontú ó shealbhóir an chinnidh, go bhfuil gá leis sa chás ina mbeidh na hearraí le hathchúrsáil nó le cur de láimh lasmuigh de bhealaí tráchtála, lena n-áirítear chun feasacht a chruthú agus chun críche oiliúna agus oideachais. Déanfaidh na húdaráis chustaim na coinníollacha maidir leis na hearraí a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta a chinneadh;

(b)

ní thabharfar amach ó chríoch custaim an Aontais iad;

(c)

ní dhéanfar iad a onnmhairiú;

(d)

ní dhéanfar iad a ath-onnmhairiú;

(e)

ní chuirfear nós imeachta fionraíochta i bhfeidhm orthu;

(f)

ní chuirfear i limistéar saor ná i dtrádstóras saor iad.

2.   Féadfaidh na húdaráis chustaim cead a thabhairt na hearraí dá dtagraítear i mír 1 a bhogadh faoi mhaoirseacht chustaim idir áiteanna éagsúla laistigh de chríoch chustaim an Aontais d'fhonn iad a scriosadh faoi rialú custaim.

Airteagal 26

Nós imeachta maidir le hearraí a scriosadh i gcoinsíneachtaí beaga

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hearraí i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

earraí a mbeidh amhras fúthu gur earraí góchumtha nó earraí bradacha iad;

(b)

earraí nach earraí meatacha iad;

(c)

earraí a chumhdófar le cinneadh lena ngéillfear d'iarratas;

(d)

d'iarr sealbhóir an chinnidh an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a úsáid ina iarratas;

(e)

earraí a iomprófar ina gcoinsíneachtaí beaga.

2.   Nuair a chuirtear an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag Airteagal 17(3) agus (4) ná ag Airteagal 19(2) agus (3).

3.   Tabharfaidh na húdaráis chustaim fógra do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, laistigh de lá oibre tar éis dóibh scaoileadh na n-earraí a bheith curtha ar fionraí nó tar éis dóibh iad a choinneáil. San fhógra faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, beidh an fhaisnéis a leanas:

(a)

an bhfuil ar intinn ag na húdaráis custaim na hearraí a scriosadh;

(b)

cearta an dearbhóra nó shealbhóir na n-earraí faoi mhír 4, faoi mhír 5 agus faoi mhír 6.

4.   Tabharfar an deis do dhearbhóir nó do shealbhóir na n-earraí a thuairimí a chur in iúl laistigh de 10 lá oibre ón tráth a dtabharfar fógra faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil.

5.   Féadfar na hearraí lena mbaineann a scriosadh i gcás ina ndearbhóidh dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí do na húdaráis chustaim go gcomhaontaíonn sé le scriosadh na n-earraí, laistigh de 10 lá oibre ón tráth a dtabharfar fógra faoi scaoileadh a chur ar fionraí nó iad a choinneáil.

6.   I gcás nach mbeidh a chomhaontú dearbhaithe do na húdaráis chustaim maidir le scriosadh na n-earraí ag an dearbhóir nó ag sealbhóir na n-earraí nó nach mbeidh fógra tugtha aige dóibh go bhfuil siad i gcoinne scriosadh na n-earraí, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh na húdaráis chustaim a mheas go bhfuil a chomhaontú dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí maidir le scriosadh na n-earraí.

7.   Déanfar an scriosadh faoi rialú custaim. Déanfaidh na húdaráis chustaim, arna iarraidh sin, aguas de réir mar is iomchuí faisnéis a sholáthar do shealbhóir an chinnidh maidir le cainníocht iarbhír na n-ítimí, nó a gcainníocht mheasta, agus cineál na n-earraí a scriosadh.

8.   I gcás nach mbeidh a chomhaontú maidir le scriosadh na n-earraí dearbhaithe ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí nó nach measfar go bhfuil chomhaontú den sórt sin dearbhaithe, i gcomhréir le mír 6, cuirfidh na húdaráis chustaim an méid sin in iúl do shealbhóir an chinnidh láithreach bonn, mar aon le cainníocht na n-earraí agus a gcineál, lena n-áirítear íomhánna díobh i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl do shealbhóir an chinnidh, arna iarraidh sin agus i gcás ina mbeidh an méid sin ar fáil dóibh, ainmneacha agus seoltaí an choinsíní agus an choinsíneora, dhearbhóir nó shealbhóir na n-earraí, an nós imeachta custaim agus an áit tionscnaimh, foinse agus ceann scríbe na n-earraí ar cuireadh a scaoileadh ar fionraí nó ar coinníodh iad.

9.   Géillfidh na húdaráis chustaim do scaoileadh na n-earraí nó cuirfidh siad deireadh lena gcoinneáil, i gcás inarb iomchuí, a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí custaim ar fad curtha i gcrích, i gcás nach mbeidh faisnéis faighte acu, laistigh de 10 lá oibre ón tráth ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 8, ó shealbhóir an chinnidh faoi imeachtaí a thionscnamh chun a chinneadh ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

10.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 a bhaineann le leasú na gcainníochtaí sa sainmhíniú ar choinsíneachtaí beaga i gcás ina measfar go bhfuil an sainmhíniú míphraiticiúil i bhfianaise an ghá atá le hoibríocht éifeachtach an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo a áirithiú, nó más gá chun aon teacht timpeall ar an nós imeachta sin a sheachaint maidir le comhdhéanamh coinsíneachtaí.

CAIBIDIL IV

Dliteanas, costais agus pionóis

Airteagal 27

Dliteanas na n-údarás custaim

Gan dochar don dlí náisiúnta, ní thabharfaidh cinneadh lena ngéillfear d'iarratas teideal do shealbhóir an chinnidh cúiteamh a fháil i gcás nach mbraithfidh oifig chustaim earraí a mbeidh amhras fúthu gur sáraíodh ceart maoine intleachtúla leo, agus i gcás ina scaoilfear na hearraí sin, nó i gcás nach ndéanfar aon ghníomhaíocht chun iad a choinneáil.

Airteagal 28

Dliteanas shealbhóir an chinnidh

I gcás ina gcuirfear deireadh le nós imeachta a tionscnaíodh go cuí de bhun an Rialacháin seo de bharr gnímh nó neamhghnímh shealbhóir an chinnidh, i gcás, maidir le samplaí a thógfar de bhun Airteagal 19(2), nach dtabharfar ar ais iad nó ina ndéanfar damáiste dóibh agus nach bhféadfar iad a úsáid a thuilleadh de bharr gnímh nó neamhghnímh shealbhóir an chinnidh, i gcás ina ndearbhófar ina dhiaidh sin nár sáraíodh ceart maoine intleachtúla leis na hearraí sin, beidh sealbhóir an chinnidh faoi dhliteanas i leith aon sealbhóra ar na hearraí nó aon dearbhóra a d'fhulaing damáiste ina leith sin i gcomhréir le reachtaíocht shonrach is infheidhme.

Airteagal 29

Costais

1.   I gcás ina n– iarrfaidh na húdaráis chustaim amhlaidh, aisíocfaidh sealbhóir an chinnidh na costais ar fad a thabhóidh na húdaráis chustaim nó páirtithe eile a bheidh ag gníomhú thar ceann na n-údarás custaim, ón tráth a rinneadh na hearraí a choinneáil nó scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí, lena n-áirítear stóráil agus láimhseáil na n-earraí, i gcomhréir le hAirteagal 17(1), le hAirteagal 18(1) agus le hAirteagal 19(2) agus (3) agus nuair a bheidh bearta ceartúcháin á n-úsáid amhail scriosadh earraí i gcomhréir le hAirteagal 23 agus le hAirteagal 26.

Sealbhóir an chinnidh a dtabharfar fógra dó faoi scaoileadh na n-earraí a chur ar fionraí nó iad a choinneáil, tabharfaidh na húdaráis chustaim, arna iarraidh sin dó, faisnéis dó faoin áit agus faoin mbealach a mbeidh na hearraí sin á stóráil agus maidir leis na costais mheasta don stóráil dá dtagraítear sa mhír seo. Féadfar an fhaisnéis maidir leis na costais mheasta a chur in iúl, i dtéarmaí ama, táirgí, méide, meáchain nó seirbhíse ag brath ar chúinsí na stórála agus ar chineál na n-earraí.

2.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart shealbhóir an chinnidh cúiteamh a lorg ón té a rinne sárú nó ó dhaoine eile i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

3.   Soláthróidh sealbhóir an chinnidh lena ngéillfear d'iarratas ón Aontas aon aistriúchán a éileoidh an roinn inniúil chustaim nó na húdaráis chustaim a bheidh le gníomhaíocht a dhéanamh maidir leis na hearraí a bhfuil amhras fúthu go sáraíonn siad ceart maoine intleachtúla, agus íocfaidh sé as an aistriúchán sin.

Airteagal 30

Pionóis

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh sealbhóirí na gcinntí na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí fhorálacha a leagan síos lena mbunófar pionóis. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na forálacha sin agus faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

CAIBIDIL V

Malartú faisnéise

Airteagal 31

Aistriú sonraí maidir le cinntí a bhaineann le hiarratas agus coinneáil idir na Ballstáit agus an Coimisiún

1.   Tabharfaidh na ranna inniúla custaim fógra don Choimisiún gan mhoill maidir leis an méid a leanas:

(a)

cinntí lena ngéillfear d'iarratais, lena n-áirítear an t-iarratas agus na ceangaltáin a ghabhann leis;

(b)

cinntí lena gcuirfear síneadh leis an tréimhse a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag na húdaráis chustaim lena linn, nó cinntí lena ndéanfar an cinneadh lena ngéillfear don iarratas a chúlghairm nó a leasú;

(c)

an cinneadh lena ngéillfear don iarratas a chur ar fionraí.

2.   Gan dochar do phointe (g) d'Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 515/97, i gcás ina gcuirfear scaoileadh na n-earraí ar fionraí nó ina gcoinneofar na hearraí, déanfaidh na húdaráis chustaim aon fhaisnéis ábhartha, seachas sonraí pearsanta, lena n-áirítear faisnéis maidir le cainníocht agus cineál na n-earraí, luach, ceart maoine intleachtúla, nósanna imeachta custaim, tíortha tionscnaimh, bunús agus ceann scríbe agus bealaí agus modhanna iompair, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

3.   Is trí bhunachar sonraí lárnach de chuid an Choimisiúin a dhéanfar tarchur na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus gach malartú faisnéise maidir le cinntí faoi iarratais idir údaráis chustaim na mBallstát dá réir dtagraítear in Airteagal 13. Déanfar an fhaisnéis agus na sonraí a stóráil sa bhunachar sonraí sin.

4.   Chun próiseáil na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a áirithiú, is i bhfoirm leictreonach a bhunófar an bunachar sonraí lárnach dá dtagraítear i mír 3. Is í an fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis phearsanta, dá dtagraítear in Airteagal 6(3), in Airteagal 14 agus san Airteagal seo a bheidh sa bhunachar sonraí lárnach.

5.   Beidh rochtain ag údaráis chustaim na mBallstát agus ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a bheidh sa bhunachar sonraí lárnach de réir mar is iomchuí sin i ndáil lena a gcuid freagrachtaí faoin dlí a chomhlíonadh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu. Beidh an rochtain ar fhaisnéis a dhéantar a láimhseáil ar bhonn srianta i gcomhréir le hAirteagal 6(3) srianta d'údaráis chustaim na mBallstát inar iarradh gníomhaíocht. Nuair a bheidh iarraidh a ngabhfaidh bonn cirt léi déanta ag an gCoimisiún, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát rochtain ar fhaisnéis den sórt sin a thabhairt don Choimisiún i gcás go bhfuil sí fíor-riachtanach maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

6.   Cuirfidh na húdaráis chustaim faisnéis isteach sa bhunachar sonraí lárnach, ar faisnéis í a bhaineann leis na hiarratais arna gcur faoi bhráid na roinne inniúla custaim. I gcás inar gá, déanfaidh na húdaráis chustaim a chuir faisnéis isteach sa bhunachar sonraí lárnach faisnéis den sórt sin a leasú, cur léi, í a cheartú nó í a scriosadh. Beidh an fhreagracht as beachtas, as leordhóthanacht agus as ábharthacht na faisnéise sin ar an údarás custaim a chuirfidh an fhaisnéis sin isteach sa bhunachar sonraí lárnach.

7.   Déanfaidh an Coimisiún socruithe leordhóthanacha teicniúla agus eagraíochtúla maidir le feidhmiú iontaofa agus sábháilteacht an bhunachair sonraí lárnaigha bhunú agus a choimeád i bhfeidhm. Bunóidh údaráis chustaim gach Ballstáit socruithe leordhóthanacha teicniúla agus eagraíochtúla chun go n-áiritheofaí rúndacht agus slándáil na próiseála maidir leis na hoibríochtaí próiseála a gcuirfidh a gcuid údarás custaim i gcrích agus maidir le teirminéil na mbunachar sonraí a bheidh lonnaithe ar chríoch an Bhallstáit sin, agus coinneoidh siad na socruithe sin i bhfeidhm.

Airteagal 32

Bunachar sonraí lárnach a bhunú

Déanfaidh an Coimisiún an bunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 31 a bhunú.Beidh an bunachar sonraí ag feidhmiú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2015.

Airteagal 33

Forálacha cosanta sonraí

1.   Déanfar próiseáil sonraí pearsanta i mbunachar sonraí lárnach an Choimisiúin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus faoi mhaoirseacht údarás neamhspleách poiblí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 den Treoir sin.

3.   Déanfar sonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid chun críocha an Rialacháin seo, agus chun na críche sin amháin. Beidh sonraí pearsanta a bhaileofar amhlaidh beacht agus coinneofar cothrom le dáta iad.

4.   Gach údarás custaim a mbeidh sonraí pearsanta tugtha isteach aige sa bhunachar sonraí lárnach, beidh sé ina rialaitheoir i leith na sonraí sin a phróiseáil.

5.   Beidh ceart rochtana ar na sonraí pearsanta a bhainfidh leis féin agus a phróiseálfar tríd an mbunachar sonraí lárnach ag ábhar sonraí agus, i gcás inarb iomchuí, beidh ceart aige go ndéanfar a shonraí pearsanta a cheartú, a scriosadh nó a bhlocáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 nó le na dlíthe náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme.

6.   Déanfar gach iarraidh ar fheidhmiú an chirt chun rochtana, ceartaithe, scriosta nó blocála a chur faoi bhráid na n-údarás custaim agus is iad na húdaráis sin a dhéanfaidh an phróiseáil. I gcás ina ndéanfaidh an duine is ábhar do na sonraí iarraidh maidir le feidhmiú an chirt sin a thíolacadh don Choimisiún, cuirfidh an Coimisiún an iarraidh sin ar aghaidh chuig na húdaráis chustaim lena mbaineann.

7.   Ní dhéanfar sonraí pearsanta a choimeád níos faide ná sé mhí ón dáta a ndéanfar an cinneadh ábhartha lena ngéillfear don iarratas a chúlghairm nó ón dáta a mbeidh an tréimhse ábhartha ar lena linn a bheidh gníomhaíocht le déanamh ag na húdaráis chustaim dulta in éag.

8.   I gcás ina mbeidh sealbhóir an chinnidh tar éis imeachtaí a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 23(3) nó 26(9) agus a mbeidh fógra tugtha aige do na húdaráis chustaim faoi na himeachtaí sin a thionscnamh, coimeádfar sonraí pearsanta suas go dtí sé mhí tar éis cinneadh deiridh a dhéanamh le linn na n-imeachtaí ar sáraíodh ceart maoine intleachtúla.

CAIBIDIL VI

Coiste, tarmligean agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 34

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 247a agus le hAirteagal 248a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 26(10) don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón … (*1).

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 26(10) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi ag an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 26(10) i bhfeidhm ach amháin i gcás nach gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a dtabharfar fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Cúnamh frithpháirteach riaracháin

Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 515/97 mutatis mutandis maidir leis an Rialachán seo.

Airteagal 37

Tuairisciú

Faoin 31 Nollaig 2016, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Más gá, beidh moltaí iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil sin., i gcás inar g.

Déanfar tagairt sa tuarascáil sin d'aon teagmhais iomchuí a bhaineann le cógas atá faoi bhealach trasna críche custaim an Aontais a d'fhéadfadh tarlú faoin Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar ghealltanais an Aontais maidir le rochtain ar chógas faoin “Dearbhú maidir le Comhaontú TRIPS agus Sláinte Phoiblí” a ghlac Comhdháil Airí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) in Doha an 14 Samhain 2001, agus na bearta a thógfar chun aghaidh a thabhairt ar aon chás ina gcruthófar éifeachtaí diúltacha i dtaca leis sin.

Airteagal 38

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 39

Forálacha eatramhacha

Leanfaidh na hiarratais a ngéillfear dóibh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 de behith bailí go ceann na tréimhse a shonrófar sa chinneadh lena ngéillfear don iarratas, ar tréimhse í a mbeidh gníomhaíocht le glacadh ag na húdaráis chustaim lena linn, agus ní chuirfear síneadh leis an tréimhse sin.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014, cé is móite:

a)

d'Airteagal 6, d'Airteagal 12(7) agus d'Airteagal 22(3) a mbeidh feidhm acu ón … (*2)

b)

d'Airteagal 31(1) agus (3) go (7), agus d'Airteagal 33, a mbeidh feidhm acu ón dáta a mbeidh an bunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal 32 ann. Déanfaidh an Coimisiún an dáta sin a phoibliú.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Bealtaine 2013. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an ….

(2)  IO L 196, 2.8.2003, lch. 7.

(3)  IO L 351, 20.12.2012, lch. 1.

(4)  IO C 45 E, 23.2.2010, lch. 47

(5)  IO L 82, 22.3.1997, lch. 1.

(6)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(7)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(8)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(9)  IO C 363, 13.12.2011, lch. 3.

(10)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

(11)  IO L 152, 16.6.2006, lch. 1.

(12)  IO L 152, 8.8.1996, lch. 30.

(13)  IO L 227, 1.9.1994, lch. 1.

(14)  IO L 78, 24.3.2009, lch. 1.

(15)  IO L 3, 5.1.2002, lch. 1.

(16)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(17)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(18)  IO L 149, 14.6.1991, lch. 1.

(19)  IO L 39, 13.2.2008, lch. 16.

(20)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(21)  IO L 157, 30.4.2004, lch. 45.

(22)  IO L 23, 26.1.2008, lch. 21.

(*1)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(*2)  Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 1

Airteagal 4

Airteagal 18

Airteagal 5

Airteagal 3 go hAirteagal 9

Airteagal 6

Airteagal 6 agus Airteagal 29

Airteagal 7

Airteagal 12

Airteagal 8

Airteagail 10, 11, 12, 14 agus 15

Airteagal 9

Airteagal 17 agus Airteagal 19

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 23

Airteagal 12

Airteagail 16 agus 21

Airteagal 13

Airteagal 23

Airteagal 14

Airteagal 24

Airteagal 15

Airteagal 20

Airteagal 16

Airteagal 25

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 30

Airteagal 19

Airteagal 27 agus Airteagal 28

Airteagal 20

Airteagail 6, 12, 22 agus 26

Airteagal 21

Airteagal 34

Airteagal 22

Airteagal 31 agus Airteagal 36

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 38

Airteagal 25

Airteagal 40


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

Chuir an Coimisiún an togra thuasluaite faoi bhráid na Comhairle an 26 Bealtaine 2011.

Tharchuir an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a thuairim an 12 Deireadh Fómhair 2011.

Thíolaic Parlaimint na hEorpa a Tuairim ar an gcéad léamh an 3 Iúil 2012, lena leasaítear an togra.

Faoin ngnáthnós imeachta reachtach (Airteagal 294 CFAE), ghlac an Chomhairle, an 16 Bealtaine 2013, a seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an dréacht-Rialachán, ag féachaint don chéad léamh a rinne an Pharlaimint.

II.   CUSPÓIR

Is é an cuspóir atá leis an dréacht-Rialachán go neartófar agus go soiléireofar na forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú. Baintear an méid sin amach tríd an raon feidhme a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 a leathnú, trí thrádainmneacha, topagrafaíocht táirgí leathsheoltóra agus cuspaí áisiúlachta a chur san áireamh i dteannta roinnt sáruithe éagsúla.

Leis an dréacht-Rialachán, tugtar isteach nósanna imeachta simplithe maidir le hearraí a scriosadh, lena gcuirtear ar chumas na n-údarás custaim earraí a thugtar suas lena scriosadh a bheith acu gan tabhairt faoi imeachtaí dlí. Maidir le coinsíneachtaí beaga, féadfar earraí a scrios a meastar gur earraí góchumtha agus bradacha iad agus a chumhdaítear le hiarratas gan an sealbhóir cirt a bheith páirteach.

Leis an Togra, foráiltear do roinnt beart freisin lena n-áirítear go gcosnaítear leasanna trádálaithe dlisteanacha ar aon mhí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as na nósanna imeachta maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann na húdaráis chustaim, go háirithe maidir le faisnéis atá le cur ar aghaidh chuig sealbhóirí cirt agus maidir leis an gceart cosanta.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

1.   Faisnéis Ghinearálta

Tacaíonn an Chomhairle, ina seasamh ar an gcéad léamh, do chuspóir foriomlán an togra maidir leis an ngá atá leis an bhforghníomhú a dhéanann na húdaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla a neartú. Is é tuairim na Comhairle, áfach, nár cheart raon feidhme an Rialacháin a leathnú go dtí trádáil chomhthreomhar agus rótháirgeadh agus gur cheart an ceart éisteacht a fháil a dheonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus anuas air sin tugann sí isteach roinnt athruithe teicniúla éagsúla ar an togra.

2.   Leasuithe PE

Ghlac Parlaimint na hEorpa 108 leasú ar an togra (1). Baineann na leasuithe sin go príomha leis an méid seo a leanas:

infheidhmeacht an Rialacháin maidir le hearraí atá faoi bhealach;

inrianaitheacht allmhairí comhthreomhara;

iarratais a thíolacadh trí chórais leictreonacha phróiseála sonraí, agus na córais sin a bheith ar fáil tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2014;

maidir le hearraí a meastar gur earraí góchumtha iad agus a gcuirtear nós imeachta fionraíocht i bhfeidhm orthu, an fhianaise leordhóthanach atá le cur ar fáil ag dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí gur taobh amuigh de chríoch an Aontais atá ceann scríbe deiridh na n-earraí;

an ceart éisteacht a fháil;

an comhar le húdaráis chustaim de chuid tríú tíortha agus faisnéis agus sonraí a roinnt idir údaráis chustaim;

an nós imeachta simplithe le haghaidh earraí a scriosadh a leathnú chuig na sáruithe uile ar chearta maoine intleachtúla;

an nós imeachta sonrach d'earraí i gcoinsíneachtaí beaga a scriosadh, a shaineofar ar bhonn líon na n-ítimí (níos lú na trí hítim) atá i bpacáiste aonair agus an meáchan iomlán atá orthu (níos lú ná 2kg);

an tuairisciú ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí bliana tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm.

3.   Eilimintí nua a chuir an Chomhairle isteach

Baineann na príomhphointí sin den chomhsheasamh atá éagsúil ón togra ón gCoimisiún leis an méid a leanas:

trádáil chomhthreomhar agus rótháirgeadh a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin;

na rialuithe custaim agus na bearta aitheantais a fhéadfaidh údaráis chustaim a chur i gcrích chun cosc a chur ar oibríochtaí lena sáraítear dlíthe maoine intleachtúla is infheidhme i gcríoch an Aontais, agus chun dul i gcomhar le tríú tíortha maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú;

an nós imeachta comhchoiteann a bheidh infheidhme maidir leis na sáruithe uile ar chearta maoine intleachtúla a thagann faoi réim an Rialacháin, gan dochar don nós imeachta sonrach do choinsíneachtaí beaga;

an nós imeachta do choinsíneachtaí beaga, nach mbeidh feidhm aige ach amháin arna iarraidh sin don iarratasóir;

an sainmhíniú ar choinsíneachtaí beaga sa Rialachán, a bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún ina leith gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun go leasófar, i gcúinsí áirithe, na heilimintí neamh-bhunriachtanacha sin atá ann;

an bunús dlí atá riachtanach, i gcomhréir le hAirteagal 69 de Chomhaontú TRIPS agus chun deireadh a chur le trádáil idirnáisiúnta in earraí lena sáraítear cearta maoine intleachtúla, do mhalartú sciobtha faisnéise idir údaráis chustaim in AE agus i dtríú tíortha. Tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun sainiú a dhéanamh ar na heilimintí sin de na socruithe praiticiúla a bheidh ann chun sonraí a mhalartú le tríú tíortha;

an ceart éisteacht a fháil;

na cásanna ina bhféadfaidh an sealbhóir cirt úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a nocht na húdarais chustaim dó tar éis earraí a choinneáil;

na forálacha sa bhunghníomh maidir le sonraí a bhailiú, próiseáil, tréimhsí coinneála, cearta agus freagrachtaí a fheidhmiú i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana maidir le cosaint sonraí.

IV.   CONCLÚID

An seasamh ar an gcéad léamh, a ghlac an Chomhairle d'aon toil agus a dtacaíonn an Coimisiún leis, tá sé ceaptha chun cuspóirí an Rialacháin atá beartaithe a chomhlíonadh, arb éard atá iontu go neartófar agus go soiléireofar an creat dlí ina bhfeidhmíonn údaráis chustaim d'fhonn cearta maoine intleachtúla a fhorghníomhú.


(1)  Féadfar teacht ar théacs iomlán na leasuithe sin a ghlac an Pharlaimint ag an seisiún iomlánach a bhí aici an 3 Iúil 2012 ag an seoladh thíos: http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?type=TA&language=EN&reference=P7-TA-2012-272