|
ISSN 1977-107X doi:10.3000/1977107X.CA2013.162.gla |
||
|
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
56 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
Parlaimint na hEorpa |
|
|
2013/C /01 |
||
ATHBHREITHNIÚ AR IRISÍ OIFIGIÚLA C A COMÓRTAS
Anseo thíos gheobhaidh tú liosta de na heagráin C A a foilsíodh le linn na bliana reatha.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, foilsítear leagan den IO i ngach teanga.
|
5 |
|
|
27 |
(RO) |
|
29 |
|
|
33 |
|
|
34 |
|
|
36 |
(DA) |
|
41 |
(BG) |
|
43 |
(EN) |
|
49 |
(ET) |
|
50 |
(HU) |
|
51 |
(SL) |
|
54 |
(DE/EN/FR) |
|
58 |
(EN/GA) |
|
75 |
|
|
81 |
|
|
82 |
|
|
88 |
(BG) |
|
89 |
(CS) |
|
94 |
|
|
104 |
|
|
109 |
|
|
111 |
|
|
112 |
(DE/EN/FR) |
|
117 |
(ET) |
|
118 |
|
|
120 |
|
|
131 |
|
|
143 |
|
|
160 |
(DE/EN/FR) |
|
162 |
|
|
|
|
|
|
(1) Faoin tagairt C 162 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
Parlaimint na hEorpa
|
7.6.2013 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
FÓGRA FOLÚNTAIS PE/166/S — ARD-STIÚRTHÓIR
(Grúpa feidhme AD, grád 15)
AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM SHEIRBHÍSÍ TAIGHDE PHARLAIMINTIGH
(2013/C 162 A/01)
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Ard-Stiúrthóir (AD, grád 15) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin sin, a bhfuil sé d'aidhm aige an rogha is leithne d'iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Déanfar an earcaíocht sin ar ghrád AD 15 (2). Is EUR 14 953,61 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d'fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar atá leagtha amach sna Rialacháin Foirne.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 29 Márta 2004.
Éilíonn an post seo solúbthacht agus teagmháil rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Ard-Stiúrthóir misin a dhéanamh go minic chun láithreacha oibre Pharlaimint na hEorpa.
2. Áit fostaíochta
An Bhruiséil. D'fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann d'ionaid eile oibre Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas Deiseanna
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó cibé clann a bheith ar an iarrthóir nó í a bheith ag iompar clainne.
4. Cúraimí an phoist
Oifigeach sinsearach atá freagrach as na dualgais seo a leanas (3), i bhfianaise na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Rúnaí:
|
— |
dea-fheidhmiú roinne móire san Ard-Rúnaíocht atá freagrach as cúnamh parlaiminteach a áirithiú, |
|
— |
forbairtí a bheartú, cuspóirí agus modhanna a shocrú, foirne a bhainistiú, modhanna eagraíochta a roghnú, acmhainní airgeadais a thiomnú, |
|
— |
comhairle a thabhairt don Ard-Rúnaí agus d'Fheisirí na Parlaiminte ina réimse inniúlachta; comhoibriú leis an gComhairleoir Dlí agus leis na hArd-Stiúrthóirí eile, |
|
— |
ionadaíocht a dhéanamh don Pharlaimint, más gá, |
|
— |
feidhmeanna an oifigigh údaraithe a fheidhmiú, |
|
— |
seasamh isteach don Ard-Rúnaí, más gá. |
5. Incháilitheacht (an phróifíl riachtanach)
Tá an nós imeachta seo ar oscailt d'iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun na hiarratais a chur isteach:
(a) Coinníollacha ginearálta
Faoi Airteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór duit:
|
— |
a bheith i do náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (4), |
|
— |
do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat, |
|
— |
do dhualgais a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí míleata is infheidhme de réir dlí, |
|
— |
na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh. |
(b) Coinníollacha sainiúla
(i) Cáilíochtaí agus an taithí ghairmiúil a éilítear
|
— |
nuair is ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, nó |
|
— |
nuair is trí bliana nó níos lú an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d'aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime, (5) |
|
— |
cúig bliana déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear sé bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta. |
(ii) Eolas a éilítear
|
— |
sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha, |
|
— |
tuiscint den scoth ar shaincheisteanna beartas inmheánach, náisiúnta agus idirnáisiúnta, |
|
— |
sáreolas ar na modhanna bainistíochta d'eagraíocht mhór san earnáil phoiblí nó phríobháideach a chuimsíonn gnéithe polaitiúla agus bainistíochta, |
|
— |
tuiscint den scoth ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí, |
|
— |
sáreolas ar struchtúr na hArd-Rúnaíochta, ar a heagrú, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla, |
|
— |
sáreolas ar an Rialachán Airgeadais, Rialacha Cur Chun Feidhme an Rialacháin Airgeadais, na Rialacha Inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa, |
|
— |
sáreolas ar rialacha agus ar fhorálacha na Rialachán Foirne agus an tslí lena gcur i bhfeidhm, |
|
— |
sáreolas ar riarachán (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséid, airgeadas, TF, saincheisteanna dlíthiúla, etc.), |
|
— |
sáreolas ar theicnící bainistíochta. |
(iii) Eolas ar theangacha
Ní mór eolas sármhaith ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin a éilítear a bheith ag an iarrthóir.
Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.
(iv) Scileanna a éilítear
|
— |
bua na straitéise, |
|
— |
cumas ceannaireachta, |
|
— |
cumas pleanála chun cinn, |
|
— |
cumas freagairt d'athruithe, |
|
— |
críochnúlacht, |
|
— |
cumas cumarsáide. |
6. Nós imeachta roghnúcháin
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um oifigigh shinsearacha a cheapadh liosta a dhréachtú de na hiarrthóirí agus molfaidh sé don Bhiúró na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.
7. Iarratais a thíolacadh
Ba cheart d'iarrthóirí ráiteas maidir leis na cúiseanna ar chuir siad isteach ar an bpost agus curriculum vitæ a sheoladh i bhformáid Europass (7), chuig an seoladh a leanas:
|
M. le Secrétaire général |
|
Parlement européen |
|
Avis de recrutement numéro. PE/166/S (Caithfear an tagairt seo a lua) |
|
Bâtiment Konrad Adenauer |
|
2929 Luxembourg |
|
LUXEMBOURG |
Ní mór an t-iarratas a sheoladh, tríd an bpost cláraithe, tráth nach déanaí ná an 21 Meitheamh 2013, arna fhianú leis an bpostmharc.
Tabhair faoi deara, má fhaigheann tú glaoch chun agallaimh, ní mór duit a thabhairt ar aird faoi dháta an agallaimh, i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin, doiciméid tacaíochta a bhaineann le do staidéir, do thaithí ghairmiúil agus do fhreagrachtaí reatha (8). Ní thabharfar na doiciméid seo ar ais duit.
Déanfar an fhaisnéis phearsanta charachtair a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl, faoin nós imeachta roghnúcháin seo, a phróiseáil de réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (9)
(1) IO L 124, 27.4.2004, lch. 1.
(2) Ar earcú, cuirfear oifigigh sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(3) Maidir le cur síos ar na príomhchúraimí, féach an iarscríbhinn.
(4) Is iad Ballstáit an Aontais Eorpaigh: an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa mhír sin a leanas.
(6) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Bhulgáiris, an Spáinnis, an tSeicis, an Danmhairgis, an Ghearmáinis, an Eastóinis, an Ghréigis, an Béarla, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Ungáiris, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Fhionlainnis agus an tSualainnis.
(7) http://europass.cedefop.europa.eu/
(8) Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar na dátaí deiridh le haghaidh iarratas.
(9) IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.
IARSCRÍBHINN
AN ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM SHEIRBHÍSÍ TAIGHDE PHARLAIMINTIGH
PRÍOMH-MHISIN
(Líon foirne iomlán 177 (83 AD agus 94 AST))
|
— |
Dualgais an Ard-Stiúrthóra a chomhlíonadh, |
|
— |
Feidhmeanna an oifigigh údaraithe a ghlacadh faoi tharmligean, |
|
— |
Comhairle a thabhairt don Ard-Rúnaí agus d'Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa ina réimsí inniúlachta, |
|
— |
Ionadaíocht a dhéanamh don Ard-Stiúrthóireacht i gcomhlachtaí Pharlaimint na hEorpa, |
|
— |
Ionadaíocht a dhéanamh don Ard-Stiúrthóireacht i gcoistí éagsúla agus/nó i bhfóraim idirinstitiúideacha, |
|
— |
Comhairle eolaíoch neamhspleách agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil d'Fheisirí, |
|
— |
Seasamh isteach don Ard-Rúnaí, más gá, ag déanamh ionadaíochta don Pharlaimint. |
AN tAONAD UM STRAITÉIS AGUS COMHORDÚ
Áirítear ar na cúraimí is mó den Aonad seo cúnamh a thabhairt don Ard-Stiúrthóir i gcomhordú straitéis na hArd-Stiúrthóireachta.
|
— |
Cur le gníomhaíochtaí na Leabharlainne, |
|
— |
Cur le gníomhaíochtaí na hArd-Stiúrthóireachta i dtaca le nuálaíocht agus tacaíocht teicneolaíochta (Bainistíocht Eolais), |
|
— |
Cur le CITES, |
|
— |
Cur le hathdhearadh an chórais bainistíochta doiciméad, |
|
— |
Comhoibriú le hAonaid eile. |
Faoi údarás díreach an Ard-Stiúrthóra, cabhraíonn an tAonad um Chomhordú leis-sean i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as a ról mar oifigeach údaraithe tarmligthe. Chun na críche sin comhordaíonn an tSeirbhís ullmhú agus cur i ngníomh bhuiséad na Stiúrthóireachta agus tús oibríochta soláthair phoiblí thar ceann na Leabharlainne agus ón 16 Meitheamh 2010 do CARDOC.
|
— |
Comhordú na seirbhísí bainistíochta agus páirt a ghlacadh in ullmhú agus i gcur i bhfeidhm pleananna, tionscadal agus caighdeán, |
|
— |
Buiséad na stiúrthóireachta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm, |
|
— |
Nósanna imeachta soláthair a eagrú, |
|
— |
Conarthaí, orduithe ceannaigh agus gealltanais dhlíthiúla a fhorbairt, a fheidhmiú agus monatóireacht airgeadais a áirithiú; na taifid chuntasaíochta a ullmhú, |
|
— |
Gnéithe feidhmiúla de ghnáthchúrsaí na Stiúrthóireachta (acmhainní daonna, etc.) a leanúint. |
AN tAONAD UM ACMHAINNÍ
|
— |
Bainistiú a dhéanamh ar na hacmhainní daonna laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, earcaíocht, comhchuibhiú, simpliú nósanna imeachta agus plean na gairmoiliúna, |
|
— |
Bainistiú a dhéanamh ar acmhainní buiséadacha na hArd-Stiúrthóireachta, comhchuibhiú agus simpliú a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ciorcad airgeadais, maoirseacht a dhéanamh ar na Soláthairtí Poiblí agus Conarthaí na hArd-Stiúrthóireachta, an réamh-dhréachtbhuiséad a ullmhú, monatóireacht a dhéanamh ar Thuarascálacha Iniúchóireachta Inmheánaí agus Seachtraí díreach mar a dhéantar monatóireacht ar an gCoiste um Buiséid agus ar an gCoiste um Rialú Buiséadach, |
|
— |
Bainistiú a dhéanamh ar acmhainní faisnéise, monatóireacht a dhéanamh ar Choiste Gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta, |
|
— |
Rialú inmheánach agus bainistíocht riosca a áirithiú. |
STIÚRTHÓIREACHT A — SEIRBHÍSÍ TAIGHDE D'FHEISIRÍ
|
— |
Comhairle eolaíoch neamhspleách a chur ar fáil do gach Feisire, |
|
— |
Comhairle eolaíoch neamhspleách a chur ar fáil do na Feisirí, a shealbhaíonn feidhmeanna sonracha, leithéidí Rapóirtéirí. |
AN tAONAD UM GHNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS EOLAÍOCHTA
Is é cuspóir an Aonaid um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Eolaíochta:
|
— |
Seirbhís don anailís a fhorbairt do na Feisirí aonair. |
Na Príomhchúraimí
|
— |
Bailiúcháin faisnéise is ábhar do na coistí a chothabháil ar líne agus ar pháipéar mar aon lena bhfoinsí (na réimsí beartas ar shuíomh idirlín na leabharlainne, bunachair sonraí, idir iníoctha agus eile, leabhair, staidéir, etc.), |
|
— |
Iarrataí faisnéise a fhreagairt, |
|
— |
Oiliúint maidir le litearthacht ríomhaireachta a chur ar fáil ar ábhair éagsúla de na coistí, |
|
— |
“Mionteagaisc” agus tacaíochtaí anailíseacha eile a chur ar fáil d'Fheisirí aonair. |
AN tAONAD UM BEARTAIS STRUCHTÚRACHA AGUS CHOMHTHÁTHAITHE
Is é cuspóir an Aonaid um Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe:
|
— |
Seirbhís don anailís a fhorbairt do na Feisirí aonair. |
Na Príomhchúraimí
|
— |
Bailiúcháin faisnéise is ábhar do na coistí a chothabháil ar líne agus ar pháipéar mar aon lena bhfoinsí (na réimsí beartas ar shuíomh idirlín na leabharlainne, bunachair sonraí idir iníoctha agus eile, leabhair, staidéir, etc.); |
|
— |
Iarrataí faisnéise a fhreagairt, |
|
— |
Oiliúint maidir le litearthacht ríomhaireachta a chur ar fáil ar ábhair éagsúla de na coistí, |
|
— |
“Mionteagaisc” agus tacaíochtaí anailíseacha eile a chur ar fáil d'Fheisirí aonair. |
AN tAONAD UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA, INSTITIÚIDEACHA AGUS BUISÉADACHA
Is é cuspóir an Aonaid um Ghnóthaí Dlíthiúla, Institiúideacha agus Buiséadacha:
|
— |
Seirbhís don anailís a fhorbairt do na Feisirí aonair. |
Na Príomhchúraimí
|
— |
Bailiúcháin faisnéise is ábhar do na coistí a chothabháil ar líne agus ar pháipéar mar aon lena bhfoinsí (na réimsí beartas ar shuíomh idirlín na leabharlainne, bunachair sonraí, idir iníoctha agus eile, leabhair, staidéir, etc.); |
|
— |
Iarrataí faisnéise a fhreagairt, |
|
— |
Oiliúint maidir le litearthacht ríomhaireachta a chur ar fáil ar ábhair éagsúla de na coistí, |
|
— |
“Mionteagaisc” agus tacaíochtaí anailíseacha eile a chur ar fáil d'Fheisirí aonair. |
AN tAONAD UM BEARTAIS SHEACHTRACHA
Is é cuspóir an Aonaid um Beartais Sheachtracha:
|
— |
Seirbhís don anailís a fhorbairt do na Feisirí aonair. |
Na Príomhchúraimí
|
— |
Bailiúcháin faisnéise is ábhar do na coistí a chothabháil ar líne agus ar pháipéar mar aon lena bhfoinsí (na réimsí beartas ar shuíomh idirlín na leabharlainne, bunachair sonraí, idir iníoctha agus eile, leabhair, staidéir, etc.); |
|
— |
Iarrataí faisnéise a fhreagairt, |
|
— |
Oiliúint maidir le litearthacht ríomhaireachta a chur ar fáil ar ábhair éagsúla de na coistí, |
|
— |
“Mionteagaisc” agus tacaíochtaí anailíseacha eile a chur ar fáil d'Fheisirí aonair. |
STIÚRTHÓIREACHT B — AN LEABHARLANN
Is iad cuspóirí na n-aonad um an leabharlann agus um bainistiú doiciméad go háirithe:
|
— |
Seirbhísí a chur ar fáil do na Feisirí: Shorter, Faster, To the Point (Táirgí faisnéise agus seirbhísí a ndéanfar forbairt leanúnach orthu chun riachtanais na bhFeisirí a chomhlíonadh; Seirbhís a bheidh féinoiriúnaithe tuilleadh: freagraí beachta ar iarrataí faisnéise; freagraí níos tapúla), |
|
— |
Seirbhísí a chur ar fáil do na saoránaigh: catalóg ar líne (An trédhearcacht, rochtain ar dhoiciméid PE, ar chartlanna agus ar fhaisnéis a fheabhsú do na saoránaigh; An comhar leis na seirbhísí eile faisnéise laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint (Europe Direct mar shampla) a fheabhsú; Ionad barrfheabhais a bhunú sa Pharlaimint do thaighdeoirí agus do stair an chomhtháthaithe Eorpaigh, |
|
— |
Cur chuige nua maidir le bainistiú doiciméad a chur chun cinn (súil chun cinn); síorfhorbairt scileanna a áirithiú; seirbhísí nuálacha bunaithe ar theicneolaíochtaí nua a chur ar fáil), |
|
— |
Aonaid uile na Stiúrthóireachta a stiúradh agus a chomhordú, |
|
— |
Feidhmeanna an oifigigh údaraithe a fheidhmiú, |
|
— |
Na nósanna imeachta uile maidir leis an earcaíocht a bhainistiú, |
|
— |
Tionscadail shonracha a bhainistiú (mar shampla: páipéir phróiseála na bhFeisirí, coincheap nua na Leabharlainne). |
AN tAONAD UM SHEIRBHÍSÍ LEABHARLAINNE
Is é príomh-mhisean an Aonaid um Sheirbhísí Leabharlainne ná an fhaisnéis atá ag teastáil ó na cliaint a chur ar fáil dóibh sa dóigh is fusa, is tapúla, is éifeachtaí agus is eacnamúla dóibh.
|
— |
An oifig thosaigh a bhainistiú — seomraí léitheoireachta, feidhmiú laethúil na seirbhísí agus caidreamh leis na cliaint sa Bhruiséil agus in Strasbourg, |
|
— |
Ceannach agus bainistiú na leabhar agus na n-irisí a chomhordú, |
|
— |
Beartas maidir le forbairt na mbailiúchán a shainmhíniú agus a chur chun feidhme, |
|
— |
Caighdeán na nósanna imeachta um chatalógú agus innéacsú a chomhordú agus a áirithiú, |
|
— |
Cuidiú leis na hiarrataí faisnéise a bhainistiú agus nósmhaireachtaí agus caighdeáin ghairmiúla a ráthú maidir le tabhairt faoi na hiarrataí seo, |
|
— |
Comhoibriú a dhéanamh le haonaid eile Stiúrthóireacht na Leabharlainne maidir le seirbhísí a sholáthar do chliaint agus maidir le haon cheist is ábhartha do sheirbhís Leabharlainne comhtháthaithe. |
AN tAONAD UM LEABHARLANN STAIRIÚIL
|
— |
Bainistiú a dhéanamh ar an leabharlann stairiúil, |
|
— |
An oifig thosaigh a bhainistiú — seomraí léitheoireachta, feidhmiú laethúil na seirbhísí agus caidreamh leis na cliaint, |
|
— |
Ceannach agus bainistiú na leabhar agus na n-irisí a chomhordú, |
|
— |
Beartas maidir le forbairt na mbailiúchán a shainmhíniú agus a chur chun feidhme, |
|
— |
Caighdeán na nósanna imeachta um chatalógú agus innéacsú a chomhordú agus a áirithiú, |
|
— |
Cuidiú leis na hiarrataí faisnéise a bhainistiú agus nósmhaireachtaí agus caighdeáin ghairmiúla a ráthú maidir le tabhairt faoi na hiarrataí seo, |
|
— |
Comhoibriú a dhéanamh le haonaid eile Stiúrthóireacht na Leabharlainne maidir le seirbhísí a sholáthar do chliaint agus maidir le haon cheist is ábhartha do sheirbhís Leabharlainne comhtháthaithe. |
AN tAONAD UM FHIOSRÚCHÁIN NA SAORÁNACH
|
— |
Iarrataí a fháil tríd an idirlíon, ar ríomhphoist, sa phost, le facs, |
|
— |
Anailís a dhéanamh ar chóras próiseála na foirne a ghlacann isteach na hiarrataí agus an córas sin a fheabhsú, |
|
— |
Comhordú do chomhchuibhiú na bhfreagraí a áirithiú, |
|
— |
Na freagraí a thugtar do na saoránaigh a théann i dteagmháil leis an tSeirbhís um Fhiosrúcháin ó Shaoránaigh ar shuíomh idirlín Europarl a ullmhú, a chomhordú agus a áirithiú, |
|
— |
Cuidiú le huirlis nua faisnéise a fhorbairt. |
AN LÁRIONAD CARTLAINNE AGUS DOICIMÉADACHTA (CARDOC)
|
— |
Stiúradh agus riarachán a dhéanamh ar an aonad ó thaobh cúrsaí pearsanra, buiséadacha agus riaracháin de, |
|
— |
Caidreamh le cartlanna na nInstitiúidí Eorpacha agus leis na cartlanna náisiúnta a áirithiú, |
|
— |
Na cartlanna stairiúla a bhainistiú: suiteáil, eagrú, digitiú, inneacsú agus comhtháthú bunachair nua sonraí, |
|
— |
Doiciméid a stóráil sa chartlann go dtí go gcuirtear i dtaisce i bhFlórans iad, |
|
— |
Na bunachair sonraí a bhainistiú, |
|
— |
Bunachair sonraí agus feidhmchláir eile a fhorbairt, |
|
— |
Caighdeán na sonraí a rialú, |
|
— |
Athchóiriú an bhainistithe doiciméad a áirithiú, |
|
— |
Oibriú sineirgisteach a fhorbairt leis na haonaid eile um dhoiciméadacht a bhainistiú (“An Chlárlann Poiblí um Thagairtí” agus “An Post Oifigiúil”) agus leis na haonaid eile i Stiúrthóireacht na Leabharlainne, |
|
— |
Na cartlanna a fheabhsú tuilleadh agus inrochtaineacht don phobal á áirithiú. |
AN tAONAD UM THRÉDHEARCACHT — ROCHTAIN PHOIBLÍ AR DHOICIMÉID AGUS AN CAIDREAMH LE hIONADAITHE LEASMHARA
|
— |
Fóirdheonú an Chláir Leictreonaigh um Thagairtí arb é is aidhm dó doiciméid uile na Parlaiminte a chomhall, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin agus i gcomhréir le forálacha Riail 103 agus Riail 104 de na Rialacha Nós Imeachta agus go háirithe:
|
STIÚRTHÓIREACHT C — MEASÚNÚ TIONCHAIR AGUS BREISLUACH EORPACH
Cuidíonn Stiúrthóireacht C le neamhspleáchas institiúideach agus le hinniúlachtaí na Parlaiminte a neartú trí thosaíochtaí ginearálta beartas a aithint, a mheas agus a shainmhíniú agus ag tabhairt tacaíochta freisin don chuspóir iomlánaíoch rialáil níos fearr a dhéanamh san Aontas Eorpach.
Forbraíonn an Stiúrthóireacht agus cuireann sí chun feidhme i ndlúthchomhar le coistí na Parlaiminte, le ranna beartais agus le páirtithe leasmhara eile, cur chuige aonfhoirmeach agus comhtháthaithe maidir leis an measúnú tionchair, bunaithe ar mhodheolaíocht choiteann d'fhonn caighdeán agus comhleanúnachas beartas a cheapadh agus chun go mbeidh an Pharlaimint in ann bonn cirt níos fearr a thabhairt dá seasaimh os comhair na n-institiúidí eile agus an phobail araon.
Príomhghníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta:
|
— |
Measúnú a dhéanamh ar chaighdeán mheasúnuithe tionchair an Choimisiúin Eorpaigh agus mheasúnuithe tionchair na Parlaiminte féin maidir le leasuithe substainteacha a eagrú, |
|
— |
Measúnuithe ar an mBreisluach Eorpach a sholáthar do na coistí a ullmhaíonn tuarascálacha féintionscnaimh ar bhonn Airteagal 225 CFAE agus taighde sonrach a dhéanamh i gcás iarrataí do thograí reachtacha arna dtíolacadh ag an bParlaimint cheana, |
|
— |
Tuarascálacha a tharraingt suas faoi réimsí nó earnálacha a bhfuil straitéis thábhachtach ag roinnt leo agus a d'fhéadfadh “costas na neamh-Eorpa” a bheith i gceist leo (Tuarascálacha maidir le Costas na neamh-Eorpa). |
AN tAONAD UM MEASÚNÚ TIONCHAIR
Le comhaontú an “Rialáil Níos Fearr”, is cuid dhílis anois iad na measúnuithe tionchair den phróiseas reachtaíochta. Féachtar orthu mar uirlis chun cuidiú leis na hinstitiúidí teacht ar chinneadh eolasach agus na roghanna ar fad atá ar fáil don reachtóir Eorpach á gcur san áireamh.
Cad é measúnú tionchair?
Faoi théarmaí an chur chuige choitinn idirinstitiúidigh maidir le measúnú tionchair déanann measúnuithe tionchair ar thionsncaimh an Choimisiúin agus ar leasuithe substainteacha na Parlaiminte agus na Comhairle “cur síos ar na tionchair ionchasacha i slí chomhtháthaithe agus chothrom chomh fada agus a bhaineann lena ngné shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil agus i gcás inar féidir, a gcostais ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha, lena n-áirítear na himpleachtaí rialála agus buiséadacha”. Is é an cuspóir é faisnéis a thiomsú de réir modh córasach chun na tionchair ionchasacha a bheadh ag sraith de bhearta roghnacha a mheas sa chaoi gur féidir comparáid a dhéanamh idir a buntáistí agus a míbhuntáistí ar leith.
AN tAONAD UM BREISLUACH EORPACH
Bunaíodh an tAonad um Breisluach Eorpach in 2011 mar chuid den Stiúrthóireacht nua do Mheasúnú Tionchair agus don Bhreisluach Eorpach. Ag obair i ndlúthchomhar le coistí na Parlaiminte, leis na ranna beartais agus le páirtithe leasmhara eile, is iad seo a leanas cuspóirí an Aonaid:
|
— |
Measúnuithe mionsonraithe ar an mBreisluach Eorpach a chur ar fáil do na rapóirtéirí a tharraingíonn suas na tuarascálacha féintionscnaimh faoi Airteagal 225 CFAE, |
|
— |
“Tuarascálacha maidir le costas na neamh-Eorpa” a dhréachtú faoi na réimsí beartais nó earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag roinnt leo i gcás gur tábhachtach go mbeadh éifeachtacht fheabhsaithe leo agus/nó go ndéanfaí gníomh comhpháirteach san AE ar mhaithe le leas an phobail, |
|
— |
Taighde leantach sonrach a dhéanamh ar iarrataí reachtacha ábhartha arna gceapadh ag an bParlaimint maidir le tograí ón gCoimisiún agus ar iarrataí iad atá ar chlár oibre beartais (seachas ábhair na dtuarascálacha féintionscnaimh), |
|
— |
Tuarascálacha a ullmhú a sholáthraíonn léargas ar an mbreisluach Eorpach a d'fhéadfadh a bheith ag réimsí is ábhar do choiste, sa chás nach bhfuil an t-am ann chun anailís ar bhreisluach Eorpach a dhéanamh, nó sa chás nach n-iarrtar a leithéid a dhéanamh, |
|
— |
Obair leantach a dhéanamh faoin mbreisluach Eorpach atá gnóthaithe ag gníomhaíocht an Aontais sna príomhréimsí beartais. |
Déanann an tAonad taighde inmheánach mar aon le staidéir choimisiúnaithe agus déantar comhbhainistiú ar ghnéithe an tsoláthair phoiblí de sa Stiúrthóireacht.
AN tAONAD UM MEASÚNÚ EX-POST AR THIONCHAR
|
— |
Cuidiú le coistí agus le comhlachtaí bainistíochta tabhairt faoi obair leantach níos córasaí agus measúnú a dhéanamh ar thrasuíomh agus cur chun feidhme an dlí Eorpaigh, |
|
— |
An obair seo a scrúdú agus a chomhordú ar an leibhéal riaracháin d'fhonn cuidiú le DG IPOL agus DG EXPO, |
|
— |
Inniúlacht Pharlaimint na hEorpa a athneartú maidir lena maoirseacht ar an mbrainse feidhmiúcháin, |
|
— |
Athbhreithniú agus anailís a dhéanamh go rialta ar obair an Choimisiúin Eorpaigh (agus ar gach uile chomhlacht inniúil) maidir le trasuíomh agus cur chun feidhme, tionchar, cur i bhfeidhm agus éifeachtacht reachtaíocht na hEorpa, |
|
— |
Léargas a ullmhú go rialta ar an ábhar seo don lucht polaitíochta, |
|
— |
Athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar chláir an Choimisiúin Eorpaigh, |
|
— |
Léirbhreithniú agus anailís a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla staidéar agus tuarascálacha gníomhaíochta a dhéanann an Coimisiún mar aon le meastóireachtaí inmheánacha an Choimisiúin faoin reachtaíocht, faoi na bearta agus faoi na cláir, nuair is féidir, |
|
— |
Tabharfaidh an tAonad tacaíocht agus cúnamh do choistí na Parlaiminte go háirithe maidir le “Tuarascálacha Maidir le Cur Chun Feidhme” a tharraingt suas faoin reachtaíocht, faoi bheartais agus faoi chláir reatha an AE, |
|
— |
Soláthróidh an tseirbhís seo “Measúnú ar an gCur Chun Feidhme Eorpach” don choiste inniúil agus tuarascálacha maidir le cur chun feidhme á ndréachtú ag na coistí, i gcomhréir le múnla an Mheasúnaithe ar an mBreisluach Eorpach a sholáthraíonn an tAonad um Breisluach Eorpach agus tuarascálacha féintionscnaimh á ndréachtú ag na coistí, |
|
— |
D'fhéadfaí a iarraidh ar an Aonad staidéar nó taighde sonrach a sholáthar mura féidir leis an Roinn Beartais é a dhéanamh. |
AN tAONAD UM MEASÚNÚ AR NA ROGHANNA EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA (STOA)
|
— |
Áirithiú a thabhairt maidir leis an taighde ar ábhar eolaíochta na staidéar a dhéanann an t-aonad, |
|
— |
Gnéithe airgeadais staidéir an aonaid a bhainistiú, |
|
— |
Obair an Bhiúró agus an phainéil a eagrú, |
|
— |
Cruinnithe eile an aonaid a eagrú (comhdháil bhliantúil, ceardlanna agus comhdhálacha ad hoc, cruinnithe leis an gCoimisiún Eorpach, etc.), |
|
— |
Toscaireachtaí an aonaid a eagrú, |
|
— |
Forbairt a dhéanamh ar an gcaidreamh leis na saineolaithe eachtracha, leis na hinstitiúidí taighde agus leis na hollscoileanna, |
|
— |
An oiliúint sa réimse saineolais a eagrú. |